|
6.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 198/18 |
Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe
(2023/C 198/08)
1.
Mar a fhoráiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), tá an Coimisiún ag tabhairt fógra go rachaidh na bearta frithdhumpála a luaitear thíos in éag ar an dáta a luaitear sa tábla thíos mura dtionscnófar athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.
2. Nós imeachta
Féadfaidh táirgeoirí de chuid an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú. Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith san iarraidh sin gur dócha go leanfar le dumpáil agus le díobháil nó go gcuirfear tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. Má chinneann an Coimisiún na bearta lena mbaineann a athbhreithniú, tabharfar deis ansin d’allmhaireoirí, d’onnmhaireoirí, d’ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí de chuid an Aontais a mbarúil a thabhairt ar na hábhair atá leagtha amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú.
3. Teorainn ama
Ar bhonn an mhéid thuas féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú, iarraidh nach mór a bheith faighte ag an gCoimisiún Eorpach ag an seoladh seo: Commission européenne, Direction générale du commerce (Unité G-1), CHAR 4/39, 1049 Bruxelles/Brussel, an Bheilg (2) tráth ar bith tar éis fhoilsiú an fhógra seo ach tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh an dáta a luaitear sa tábla thíos.
4. Is i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 a fhoilsítear an fógra seo.
|
Táirge |
Tír thionscnaimh nó tír is onnmhaireoir |
Bearta |
Tagairt |
Dáta éaga (3) |
|
Leathar seamaí |
Daon-Phoblacht na Síne |
Dleacht frithdhumpála |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2019/297 ÓN gCOIMISIÚN an 20 Feabhra 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí leathair seamaí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
22.2.2024 |
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) TRADE-Defence-Complaints@ec.europa.eu
(3) Téann an beart in éag ag meán oíche (00:00) an lá a luaitear sa cholún seo.