2.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 194/34


Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta, ar leasú atá ann ar shonraíocht táirge le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus bia-earraí, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún

(2023/C 194/09)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 6b(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).

Formheas leasaithe chaighdeánaigh ar shonraíocht táirge le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint de thionscnamh Ballstáit a chur in iúl

‘Miel de Granada’

Uimh. AE: PDO-ES-0243-AM01 – 3.3.2023

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm an táirge

‘Miel de Granada’

2.   An Ballstát ina bhfuil an limistéar geografach

An Spáinn

3.   Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl

Ard-Stiúrthóireacht um Thionsclaíocht, Nuálaíocht agus Slabhra Agraibhia na Ranna um Thalmhaíocht, Iascach, Uiscí agus Forbairt Tuaithe de Rialtas na hAndalúise (Dirección General de Industrias, Innovación y Cadena Agroalimentaria Consejería de Agricultura, Pesca, Agua y Desarrollo Rural de la Junta de Andalucía)

4.   Tuairisc ar an leasú (na leasuithe) formheasta

1.   Modhnú na saintréithe fisiceimiceacha

Roinn B.1 den tsonraíocht táirge

Déantar na saintréithe fisiciceimiceacha ginearálta a mhodhnú a mhéid a bhaineann le hiodrocsaimeitiolfúrfúral tráth an phacáistithe agus an lipéadaithe. Níor áiríodh sin sa leagan roimhe seo. Go sonrach:

Hiodrocsaimeitiolfúrfúral < 10 mg/kg

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:

Hiodrocsaimeitiolfúrfúral: < 18 mg/kg.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

2.   Díothú teorainneacha leis an gcion pailine den speiceas Erica

I Roinn B.2 den tsonraíocht táirge, scriostar an teorainn 1 % leis an gcion pailine den speiceas Erica, toisc go bhfuil méadú tagtha ar an leibhéal pailine de bharr an athraithe aeráide.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

3.   Athruithe ar na saintréithe orgánaileipteacha

Soiléirítear i dtábla i Roinn B.3 den tsonraíocht táirge na saintréithe orgánaileipteacha ionas gur féidir anailís a dhéanamh orthu agus iad a chainníochtú i saotharlann. Leagtar síos teorainneacha le haghaidh na n-athróg amhail seoltacht, céatadán de phailin, agus dath.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

4.   Foclaíocht nua maidir le hinrianaitheacht na meala

Roinn D den tsonraíocht táirge

Déantar an fhoclaíocht a athrú chun an modh, chun inrianaitheacht na meala a áirithiú, a léiriú.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

5.   Nuashonrú ar an ‘Modh táirgthe’

Déantar Roinn E den tsonraíocht táirge, a bhaineann leis an modh táirgthe, a leasú mar a leanas.

Déantar an tuairisc ar a bhfuil sna coimeádáin a nuashonrú agus leagtar amach na próisis i gceist i bhfoclaíocht atá níos soiléire cothrom le dáta. Cuirtear na ceannteidil ‘Cur i láthair agus pacáistíocht’, ‘Inneachar coimeádán’ agus ‘Seachadadh na meala’ isteach, agus leanann tuairisc níos follasaí maidir lena bhfuil i gceist gach ceann acu.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

6.   Athrú na an chomhlachta atá freagrach as comhlíonadh na sonraíochta táirge a sheiceáil

Baineann sé seo le Roinn G den tsonraíocht táirge maidir le comhlíonadh na sonraíochta táirge a sheiceáil roimh an díol in eintiteas a chreidiúnaítear i gcomhréir le ISO 17065.

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

7.   Leasú ar an bhfoclaíocht a bhaineann leis an gcineál táirge.

Scriosadh an tagairt d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún ó Roinn 3.1 den doiciméad aonair, toisc nach bhfuil gá léi a thuilleadh.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

8.   Leasú ar fhoclaíocht rialacha sonracha a bhaineann le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge

I Roinn 3.5, scriosadh an téacs ar fad a bhaineann le hinrianaitheacht an táirge agus cuireadh isteach foclaíocht nua a measadh a bheith níos iomchuí. Bhí an téacs nua sin mar chuid de Roinn 3.6, ‘Cur i láthair agus pacáistíocht’ agus ‘Inneachar coimeádán’ roimhe sin.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

9.   Foclaíocht nua a bhaineann le rialacha sonracha maidir le lipéadú sa tsonraíocht táirge

Leasaíodh foclaíocht Roinn H den tsonraíocht táirge; cuireadh tagairt do ‘siombail an Aontais Eorpaigh’ in ionad na tagartha do ‘siombail an Chomhphobail Eorpaigh’.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

10.   Foclaíocht nua rialacha sonracha maidir le lipéadú sa doiciméad aonair

I Roinn 3.6 den doiciméad aonair, cuireadh foclaíocht nua Roinn H den tsonraíocht táirge, a measadh a bheith níos iomchuí, in ionad an téacs a bhí ann roimhe sin.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

11.   Simpliú na foclaíochta i réasúnú an naisc leis an limistéar geografach lena mbaineann

Leasaíodh an fhoclaíocht i Roinn 5 den doiciméad aonair, ‘Nasc leis an limistéar geografach’, chun í a thabhairt i gcomhréir leis an teorainn ar an líon carachtar ar shuíomh gréasáin eAmbrosia. Níor leasaíodh an tsubstaint; úsáidtear foclaíocht na hachoimre ar an táirge.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Doiciméad aonair

‘Miel de Granada’

Uimh. AE: PDO-ES-0243-AM01 – 3.3.2023

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm

‘Miel de Granada’

2.   Ballstát nó tríú tír

An Spáinn

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   An cineál táirge

Aicme 1.4. Táirgí eile de thionscnamh ainmhíoch (uibheacha, mil, táirgí éagsúla déiríochta seachas im, etc.)

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Mil: táirge bia a dhéanann beacha meala agus úsáid á baint as neachtar as bláthanna nó táil ó na codanna beo de phlandaí nó táil a fhaightear orthu, a dhéanann na beacha a bhailiú, a chlaochlú, a chumasc lena substaintí sonracha féin, a stóráil agus a fhágáil le haibiú i gcíora meala na coirceoige. Is féidir léi a bheith leachtach, slaodach nó criostalta.

Déanfar an mhil faoi chosaint a aicmiú mar a leanas:

mil aonbhláthach ó bhláthanna castáin (Castanea sativa)

mil aonbhláthach ó bhláthanna maróis (Rosmarinus officinalis)

mil aonbhláthach ó bhláthanna tíme (an speiceas Thymus)

mil aonbhláthach ó bhláthanna abhacáid (Persea americana)

mil aonbhláthach ó bláthanna oráiste (an speiceas Citrus)

mil aonbhláthach ó bhláthanna labhandair Fhrancaigh (Lavandula stoechas)

mil shléibhte

mil ilbhláthach

1.-   Saintréithe fisiceimiceacha ginearálta atá i gcoiteann ag na cineálacha uile meala tráth an phacáistithe agus an lipéadaithe

Taise: < 17.5 %

Hiodrocsaimeitiolfúrfúral: < 18 mg/kg.

2.-   Saintréithe méiliseopailineolaíocha i gcás na meala uile:

a)

saintréith speictream pailine an ghlasra in Granada, lena gcuimsítear na finte a leanas: Cistaceae, Lamiaceae, Fagaceae, Rosaceae, Asteraceae, Brassicaceae, Fabaceae, Borraginaceae, Salicaceae, Campanulaceae, Resedaceae, Plantaginaceae, Apiaceae, Caesalpinaceae agus Lauraceae.

3.   Saintréithe sonracha fisiciceimiceacha agus méiliseopailineolaíocha:

An cineál meala

Seoltacht

Dath

Áireamh pailine

(× m S/cm)

(mm Pfund)

mil chastáin aonbhláthach

(Castanea sativa)

> 0,8

> 80

> 75 % Castanea

sativa

mil mharóis aonbhláthach

(Rosmarinus officinalis)

< 0,25

< 35

> 15 % de Rosmarinus officinalis nó > 10 % de Rosmarinus officinalis agus > 5 % de liopaigh eile

mil tíme aonbhláthach

(an speiceas Thymus)

> 0,3 agus < 0,8

> 55

> 15 % den speiceas Thymus

mil abhacáid aonbhláthach

(Persea americana)

> 0,7

> 100

> 25 % den speiceas Persea

Láithreacht > 0,2 % de pheirseiteol má bhíonn an t-áireamh pailine < 25 %

mil (bláth) oráiste aonbhláthach

(an speiceas Citrus)

< 0,3

< 30

> 15 % den speiceas Citrus

Má bhíonn an t-áireamh pailine idir > 5,0 % agus < 15 %, ní mór don chion meitiolantrainioláite a bheith cothrom le 1,2 mg/kg nó níos mó ná sin

mil labhandair Fhrancaigh aonbhláthach

(Lavandula stoechas)

< 0,5

< 50

> 15 % Lavandula stoechas

Mil shléibhte

 

 

> 20 % den speiceas Castanea

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Ní bhaineann sé sin le mil.

Níl feidhm ag an roinn seo.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ní mór gach céim sa táirgeadh a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Cur i láthair agus pacáistíocht

Mil i staid leachtach (sreabhán), staid sholadach (criostalta) nó mil ag a bhfuil uigeacht uachtarúil.

Inneachar coimeádán

Coimeádáin de thoilleadh nach mó ná 5 chileagram, nach mó an reachtaíocht i bhfeidhm a chomhlíonadh.

Ábhar: gloine thrédhearcach gan dath.

Ní mór nach gceilfeadh an lipéad ná an lipéad tánaisteach an méid atá laistigh de.

Séala heirméiteach.

Féadfar crúscaí traidisiúnta de chré-earraí a úsáid ar choinníoll gur b é 500 g nó 1 000 g an glanmheáchan atá acu agus go bhfuil séala heirméiteach acu.

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Formheasann an Chomhairle Rialála na lipéid a mhéid a bhaineann le húsáid na hainmníochta nó an bhranda. Ní mór an tásc a leanas a thaispeáint go soiléir ar na lipéid ar na crúscaí: ‘Denominación de Origen Protegida’ (‘Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint’), siombail an Aontais Eorpaigh agus an sonrúchán ‘Miel de Granada’.

Cibé cineál coimeádán ina seachadtar na cineálacha éagsúla meala atá le hithe, ní mór lipéad uimhrithe nó lipéad tánaisteach, arna sholáthar an gComhairle Rialála, a bheith ar gach ceann agus ní mór iad a cheangal díobh sula seolfar iad, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos chun na críche sin agus ar bhealach nach féidir na lipéid a athúsáid.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

An limistéar ina bhfuil na coirceoga suite agus ina mbaintear an mhil, i.e., an limistéar táirgthe, cuimsítear ann críocha bardasacha uile chúige Granada i bPobal Féinrialaitheach na hAndalúise.

Is é 12 531 heicteár an limistéar iomlán.

Pacáistítear an mhil sa limistéar táirgthe.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

a.   Nasc staire

Tá an-chlú ar cháilíocht na meala ó Granada agus go leor fianaise ann maidir léi ó thús an 14ú céad. Tá mil á táirgeadh sa réigiún seo ó thús ama. Téann an chéad phíosa fianaise faisnéisí siar chuig ré Ibn al-Khathib (1313-1375), a dhéanann tagairt ina shaothar al-Ihata fi akhbar Gharnata (‘An foinse cuimsitheach ar stair Granada’) do tháirgeadh flúirseach na meala i limistéir Granada, áit a bhfuil an acmhainn thraidisiúnta sin ina mórfhoinse ioncaim acu fós. Déantar go leor tagairtí don mhil i saothair chroiniceoirí éagsúla na tréimhse sin a d’inis faoi choncas Éimíríocht Granada ag airm Chríostaí.

Tar éis an choncais, thosaigh na bardais ag eagrú gníomhaíochtaí eacnamaíocha éagsúla. In Baza, mar shampla, mar a thuairiscítear in Libro de Propios (1564), ghearr na húdaráis bhardasacha cánacha ar na coirceoga in Sierra de Baza agus tarraingíodh cáil ar mhil mharóis, mar ba cheart.

Rinne leabhar trádála Chathair Granada (1752) tagairt fhollasach don criador de colmena (beachaire). In 1777, in Diccionario Geográfico o descripción de todos los reinos (‘Foclóir geografach nó tuairisc ar na ríochtaí uile’), dúirt Juan de la Serna go raibh flúirse céarach agus meala in Granada. Anuas air sin, rinne Sebastián de Miñano (1826) tagairt do fhlúirse agus do cháilíocht shármhaith na meala ó Granada in Diccionario Geográfico Estadístico de España y Portugal (‘Foclóir geografach agus staidrimh na Spáinne agus na Portaingéile’). Luaigh sé Baza, Alhama de Granada, Güejar-Sierra agus Guadix, limistéir mhóra táirgthe meala i réigiún Granada. In Diccionario Geográfico, Estadístico e Histórico de España (‘Foclóir geografach, staidrimh agus staire na Spáinne’), cuireann Pascual Madoz i dtábhacht cineál, flúirse agus saintréithe den scoth na meala ó Granada. Tugann sé suntas do fhlúirse na meala báine i mbardas Loja, mar shampla. Luann sé chomh maith go dtáirgtear méideanna suntasacha meala ar an gcósta (in La Garnatilla agus Motril). In Diccionario Geográfico de Andalucía: Granada (‘Foclóir Geografach na hAndalúise – Granada’), a tháinig amach sa cheathrú deiridh den 18ú céad, díríonn Tomás López aird freisin ar dhúichí éagsúla in Granada agus na sierras thart timpeall air a bhfuil ról tábhachtach ag coirceoga agus an mhil, amhail Quéntar nó Ribera de Oveja (pobal beag tuaithe a bhaineann le bardas Granada).

Rinne Luis Morell y Terry daonáireamh in 1888. Measadh go raibh thart ar 15 000 coirceog ann agus bhí líon mór coirceog sna limistéir bheachaireachta thraidisiúnta – sna sléibhte thoir, in Alpujarras agus i bpríomhchathair an chúige, Granada. Sa bhliain chéanna – 1888 – thug Bertha Wilhelmi coirceoga cíor inaistrithe isteach agus chuir sí chun cinn sa chúige iad, agus de réir a chéile d’éirigh siad níos coitianta ná na coirceoga do-aistrithe traidisiúnta (Arabacha). Ar an tslí sin, rinne sí cúige ceannródaíoch de Granada a bhí chun tosaigh i bhforbairt modhanna nua beachaireachta. I mí na Bealtaine 1909 tuairiscíodh san irisleabhar Granada Agrícola an spéis a léirigh margadh na Gearmáine in allmhairiú na meala ó Granada mar gheall ar an gcáilíocht a bhí aici de bharr an réimse shaibhir plandaí aramatacha agus míochaine sna limistéir shléibhtiúla, go háirithe Sierra Nevada.

b.   - Nasc nádúrtha

Áirítear ar na tosca nádúrtha a imríonn tionchar díreach ar an táirge an tír-raon sléibhtiúil, aeráid agus glasra agus áirítear ar na tosca daonna bealaí inmheánach buailteachais is saintréith don réigiún a bhunaigh beachairí Granada.

Tá éagsúlacht leathan i gcúige Granada i dtéarmaí na rilífe agus na haeráide a dhéanann difear díreach don earnáil agus a imríonn tionchar, mar shampla, ar na cosáin intíre buailteachais arna ndéanamh ag na beachairí mar a chuardaíonn siad cineálacha éagsúla bláthanna. Ó thaobh na beachaireachta de, ciallaíonn an éagsúlacht sin gur féidir le beachairí Granada cosáin buailteachais a dhéanamh suas síos na malaí sléibhte sa chúige, toisc go mbláthaíonn na speicis éagsúla lena mbaineann ag tráthanna éagsúla, rud a fhágann go mbíonn toradh ann ó cheann ceann na bliana. Bíonn cineál agus séasúr an bhláthaithe éagsúil ag brath ar an airde, agus téann na beachairí suas agus síos ar na fánaí gan achar níos mó ná 50 km a chumhdach rómhinic. Dá réir sin, is gnách go dtéann na beachairí ar an gcósta, in Valle de Lecrín agus Alpujarra – Sierra Nevada suas, i.e. ón gcósta chuig na cnoic agus vice versa agus iad ag lorg glasra, a bhláthaíonn de réir na hairde.

Go deimhin is é flóra an chúige an phríomhthoisc a fhágann go bhfuil a saintréithe sonracha ag Miel de Granada a idirdhealaíonn í ó mhil eile. Tá breis agus 296 000 ha de learga glanta ann atá cumhdaithe plandaí aramatacha a áirithíonn leibhéil rafara beachaireachta, chomh maith le limistéir mhóra castán, crann oráistí agus, ar an gcósta, abhacáid, ar mórtháirgeoirí an toraidh iad cósta chúigí Granada agus Málaga.

Tá naisc ag nach mór 70 % d’úinéirí bunaíochtaí beachaireachta i gcúige Granada le limistéir faoi chosaint (páirc náisiúnta Sierra Nevada agus páirceanna náisiúnta Sierra Nevada, Sierra de Baza, Sierra de Huétor, Sierra de Castril agus Sierras de Tejeda, Alhama y Almijara), arb iad a ngnáthcheantair chónaithe iad. Fanann a gcoirceoga sna limistéir sin ar feadh cuid den bhliain, le haghaidh an táirgthe nó fuireach geimhridh. Mar gheall ar ghluaiseacht na mbeach a dhéanann na beachairí ar fud chúige Granada, chun na soláthairtí bláthanna is saibhre a lorg i rith na bliana, nó suíomhanna don fhuireach geimhridh a aimsiú, bíonn speictream pailine iomlán ag Miel de Granada.

Tá na limistéir sin scoite amach le fada agus soláthraíonn an bheachaireacht foinse eile ioncaim talmhaíochta leis an ról eacnamaíoch tábhachtach atá aige. Ciallaíonn an éagsúlacht bláthanna atá sna páirceanna sin go dtairgeann an mil a tháirgeann siad meascáin uathúla neamhghnácha bláthanna. Tá breis agus 160 eindéimeacht in Sierra Nevada agus tá 60 díobh sin eisiach.

Tá 92 fhoirm, a bhaineann le thart ar 50 fine luibheolaíocha, aitheanta ag staidéir ar an bpailin sa chúige. Is gnách go mbíonn an speictream faoina gcuimsítear na finte a leanas in Miel de Granada: Cistaceae, Lamiaceae, Fagaceae, Rosaceae, Asteraceae, Brassicaceae, Fabaceae, Borraginaceae, Salience, Campanulaceae, Resedaceae, Plantaginaceae, Apiaceae, Caesalpinaceae agus Lauraceae. Mar gheall ar an eolas seo ar speictream pailine Miel de Granada, chomh maith leis an líon suntasach eindéimeachtaí luibheolaíocha, cuirtear ar ár gcumas dúinn táscairí geografacha a aimsiú a ligeann dúin dealú a dhéanamh idir an mhil a tháirgimid agus an mhil a tháirgtear áiteanna eile ar Leithinis na hIbéire.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://www.juntadeandalucia.es/sites/default/files/inline-files/2023/02/Pliego_miel_Gran_consolidado.pdf


(1)  IO L 179, 19.6.2014, lch. 17.