5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 160/11


TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

Teachtaireacht de bhun Airteagal 3(2), Airteagal 13(3), Airteagal 20 agus Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2023/914 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 802/2004 ón gCoimisiún

(2023/C 160/02)

Le hAirteagal 3(2), Airteagal 13(3), Airteagal 20, agus Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) [ 2023/914] an 20 Aibreán 2023 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (an “Rialachán Cur Chun Feidhme”) (1), ceanglaítear fógraí, aighneachtaí réasúnaithe, barúlacha ar agóidí ón gCoimisiún, gealltanais arna dtairiscint ag na gnóthais lena mbaineann agus an Fhoirm RM atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin san fhormáid arna leagan amach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Sa doiciméad seo, sonraíonn an Coimisiún, de bhun Airteagal 3(2), Airteagal 13(3), Airteagal 20, agus Airteagal 22 den Rialachán Cur Chun Feidhme, an fhormáid inar cheart fógraí, aighneachtaí réasúnaithe, barúlacha ar agóidí ón gCoimisiún, gealltanais arna dtairiscint ag na gnóthais lena mbaineann agus an Fhoirm RM (na “doiciméid”) a chur isteach.

1.   Modh chun doiciméid a tharchur chuig an gCoimisiún

1.

I dtaca le doiciméid faoi bhun mhéid 10 ngigibheart a tharchur, ba cheart iad a sheoladh go leictreonach agus úsáid á baint as EU Send Web (“EU Send”), ardán malartaithe idirlín an Choimisiúin chun doiciméid a tharchur go sábháilte (2). Tá clárú roimh ré ag teastáil i leith EU Send agus forordaíonn sé teorainneacha ama maidir le doiciméid a tharchuirtear tríd an gcóras, teorainneacha a bhféadfadh athrú teacht orthu. Más rud é gur faoi bhun 10 ngigibheart é méid ábhair a tharchuirtear ach gur mó ná teorainneacha méid EU Send é, ba cheart é a sheoladh i roinnt codanna.

2.

Ní mór foirm tharchuir a bheith ag gabháil le hábhair a tharchuirtear trí úsáid a bhaint as EU Send, foirm a sholáthraíonn EU Send. Ní mór an fhoirm tharchuir a chomhlánú i gceart.

3.

I dtaca le hábhair tharchurtha os cionn 10 ngigibheart, féadfar iad a sheachadadh de láimh nó a sheoladh trí phost cláraithe chuig AS na hIomaíochta de chuid an Choimisiúin agus úsáid á baint as tiomántáin diosca chrua, arna bhformáidiú i sonraí neamh-chomhbhrúite atá comhoiriúnach le Microsoft Windows i bhfeireadh seachtrach USB 2.0 nó 3.0.

4.

I dtaca le doiciméid a sheoltar trí phost cláraithe nó a sheachadtar de láimh, ba cheart iad a sheoladh chuig AS na hIomaíochta ag an seoladh a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin AS na hIomaíochta (3). Féadfaidh moill eascairt as doiciméid a sheoladh chuig rannóga eile de chuid an Choimisiúin.

2.   Na doiciméid a shíniú go leictreonach

5.

Sa roinn seo leagtar amach sonraíochtaí teicniúla maidir le síniú na ndoiciméad a sheoltar go leictreonach (i gcás ina bhfuil síniú ag teastáil). Baineann sé sin le doiciméid a tharchuirtear trí úsáid a bhaint as EU Send mar aon leo siúd a sheachadtar chuig an gCoimisiún i ngléasanna stórála seachtraí.

6.

Chun go mbreithneofar doiciméid a chuirtear isteach go leictreonach ina ndoiciméid bhailí, ní mór iad a shíniú agus úsáid á baint as Ríomhshíniú Cáilithe (QES) amháin ar a laghad ar ríomhshíniú é a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 (an “Rialachán eIDAS”) (4). Ní aithnítear go sainráite éifeacht dhlíthiúil a bheith ag aon ríomhshíniú seachas Ríomhshínithe Cáilithe amháin, ar éifeacht é atá coibhéiseach le sínithe lámhscríofa i mBallstáit uile an Aontais. Dá bhrí sin, ní ghlactar le cineálacha ríomhshínithe eile, amhail sínithe scanta nó Ríomhshínithe Ardleibhéil mar a leagtar amach i Rialachán eIDAS, nach gcomhlíonann na riachtanais maidir le ríomhshíniú cáilithe.

7.

I dtaca leis an bhformáid ríomhshínithe cháilithe, ní mór ceann de na formáidí dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506 (5) ón gCoimisiún a chomhlíonadh léi, nó na sonraíochtaí is déanaí uathu arna bhfoilsiú ag Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide.

8.

Féadfar Seirbhísí Iontaoibhe Cáilithe a fháil ó Sholáthraithe Seirbhísí Iontaoibhe Cáilithe (“QTSPanna”) mar a leagtar amach i Rialachán eIDAS. Is éard is QTSPanna ann soláthraithe seirbhísí tráchtála agus comhaltaí cáilithe de Scéim Iontaoibhe an Aontais. Liostaítear QTSPanna i mBrabhsálaí an Liosta Iontaoibhe (6).

9.

I dtaca le haon trealamh digiteach nó le haon trealamh crua-earraí a úsáidtear chun ríomhshíniú cáilithe a chur chun feidhme, amhail ríomhdheimhnithe cáilithe agus gléasanna ríomhshínithe cáilithe, ní mór don seoltóir é nó iad a cheannach agus is ar an seoltóir a bheidh an fhreagracht astu i gcónaí.

10.

Déanfaidh an Coimisiún bailíochtú ar dhoiciméid a shínítear le ríomhshíniú cáilithe. Chun cur le muinín go n-éireoidh le ríomhshíniú cáilithe a bheidh le bailíochtú ag AS na hIomaíochta, is féidir bailíocht an ríomhshínithe a thástáil trí QTSP a thabhairt isteach a sholáthraíonn seirbhís um bhailíochtú cáilithe ar íocaíocht a fháil (7). Féadfar feidhmchlár gréasáin an Choimisiúin um Sheirbhísí Ríomhshínithe a úsáid chun an bealach a oibrítear sin a léiriú freisin (8). Chun amhras a sheachaint, ní mór gan úsáid a bhaint as an ardán sin chun aon doiciméad a chur isteach a bhaineann le cás, nó aon fhaisnéis rúnda nó a bhaineann le cás sonrach.

11.

Ní mór gan doiciméid shínithe a chriptiú ná aon deimhniú a bheith iontu, seachas deimhnithe a bhaineann le ríomhshínithe cáilithe.

12.

Ní mór meiteashonraí an ríomhshínithe cháilithe a bheith ag teacht le sonraí teagmhála an tsínitheora. Agus úsáid á baint as ríomhshíniú cáilithe amháin nó as roinnt díobh chun doiciméad a shíniú, ar mhaithe le faisnéis, soláthair sonraí teagmhála an tsínitheora, mar aon leis an gcomhartha “[ríomhshínithe]” ag deireadh an doiciméid. Tá léiriú ó amharc ar an ríomhshíniú roghnach agus ní bhaineann aon luach dlíthiúil breise leis.

13.

Le modhnuithe ar dhoiciméad sínithe, brisfear sláine aon ríomhshínithe atá ann. Níor cheart an doiciméad a mhodhnú dá bhrí sin tar éis ríomhshíniú amháin nó níos mó a thabhairt isteach.

14.

I dtaca le doiciméid a shínítear le ríomhshíniú, ní mór gan na doiciméid a bheith faoi ghlas ná faoi chosaint pasfhocail. Leis sin, cuirfear é ar a chumas do bhogearraí tiomanta an Choimisiúin an doiciméad a rochtain agus bailíocht an ríomhshínithe a fhíorú.

3.   Sonraíochtaí teicniúla na ndoiciméad a chuirtear isteach go leictreonach

15.

Sa roinn seo leagtar amach sonraíochtaí teicniúla maidir le doiciméid a chuirtear isteach go leictreonach, lena n-áirítear ábhair a tharchuirtear trí úsáid a bhaint as EU Send mar aon leo siúd a sheachadtar chuig an gCoimisiún i ngléasanna stórála seachtraí.

16.

Ní mór gach doiciméad a chuirtear isteach i bhformáid leictreonach a scanadh le haghaidh víreas agus a bheith saor ó víris roimh iad a chur isteach. Scriosfaidh an Coimisiún aon chomhad ionfhabhtaithe agus caithfidh sé amach aon mheáin stórála seachtraí ionfhabhtaithe. Féadfaidh an aighneacht a bheith neamhbhailí nó neamh-chomhlánaithe i ngeall ar chomhaid a dhéantar a scriosadh nó a chaitheamh amach.

17.

I dtaca le doiciméid a chuirtear isteach agus úsáid á baint as EU Sign, ní mór gan na doiciméid sin a chriptiú. I dtaca le doiciméid a sheachadtar i ngléasanna stórála seachtraí, moltar criptiú go mór. Níor cheart criptiú a chur chun feidhme ach ar leibhéal an ghléis stórála. Níor cheart doiciméid aonair atá stóráilte ar an ngléas a bheith faoi chosaint pasfhocail. Ba cheart pasfhocail díchriptiúcháin a sheoladh ar leithligh.

18.

Ní mór gach doiciméad a bheith i bhFormáid Doiciméad Iniompartha (PDF) nó i bhformáid scarbhileoige (XLSX) (faoi réir phointe 21 thíos). Ní mór doiciméid i bhformáid PDF a bheith inchuardaithe, mar PDFanna a chruthaítear go digiteach nó trí na doiciméid a bheith scanta chun teacht ar aithint optúil carachtar (OCR). I dtaca le doiciméid i bhformáid XLSX ní mór iad a chur isteach agus na sonraí foluiteacha uile neamhfholaithe agus gach foirmle agus algartam foluiteach ag feidhmiú.

19.

Ba cheart ainm comhaid na ndoiciméad a ainmniú ar bhealach a fhágfaidh go mbeifear in ann an roinn ábhartha san Fhoirm CO, Foirm Ghearr CO, Foirm AR nó Foirm RM a aithint go héasca. Ba cheart uimhir an imeachta, dá ndéantar an aighneacht, a bheith in ainm comhaid gach doiciméid freisin. Ní mór gan carachtair speisialta nó carachtair nach carachtair Laidine iad a chur isteach in ainmneacha comhaid doiciméad agus ní mór an chonair iomlán a bheith teoranta do 250 carachtar.

20.

Ní mór gach leathanach in PDF a mharcáil le haitheantas corparáideach agus le huimhreacha rialaithe doiciméad leantacha (e.g., ABC-00000001).

4.   Sonraíochtaí breise le haghaidh doiciméid inmheánacha a chuirtear isteach mar chuid de Roinn 5.4 den Fhoirm CO

21.

Ní mór doiciméid a chur isteach san fhormáid bhunaidh (i.e. gan iad a bheith tiontaithe in PDF lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid den Fhoirm CO).

22.

Ní mór ríomhphoist agus comhaid eile a chur isteach mar chomhaid ar leithligh (níor cheart iad a bheith i bhformáidí “.pst”, “.zip” ná “.nsf”). Ba cheart comhaid .nsf a thiontú go mbeidh siad in aon fhormáid ríomhphoist “aonair” ar bith (amhail “.msg” nó “.eml”).

23.

Ní mór doiciméid a tharchur agus iad iomlán agus gan folú déanta ar aon chuid díobh. Ní mór na meiteashonraí foluiteacha uile a choimeád slán. Ní fhéadfar aon bhogearra a úsáid lena ndéantar dídhúbláil nó srathú ríomhphoist.

5.   Modhanna malartacha chun doiciméid a shíniú agus a chur faoi bhráid AS na hIomaíochta

24.

Más rud é nach bhfuil EU Send ar fáil ar chúiseanna cothabhála nó teicniúla nach bhfuil faoi smacht an Choimisiúin, téigh i dteagmháil láithreach le Foireann Tacaíochta TF EU Send (COMP-EU-SEND@ec.europa.eu). Ná húsáid an seoladh ríomhphoist sin chun aon doiciméad a chur isteach ná chun aon fhaisnéis rúnda nó a bhaineann le cás sonrach a phlé.

25.

I gcás nach mbeidh sé indéanta ar chúiseanna teicniúil doiciméid a tharchur trí EU Send agus ina gceadaíonn an Coimisiún go heisceachtúil gur féidir modhanna tarchuir eile a úsáid, i dtaca le doiciméid faoi bhun 10 ngigibheart, féadfar iad a sheachadadh de láimh nó a sheoladh trí phost cláraithe chuig AS na hIomaíochta. Bain úsáid as gléasanna stórála seachtraí amhail USB, CD, nó DVD nó as tiomántáin diosca chrua, arna bhformáidiú i sonraí neamh-chomhbhrúite atá comhoiriúnach le Microsoft Windows i bhfeireadh seachtrach USB 2.0 nó 3.0. Ní mór na doiciméid sin a shíniú go digiteach le ríomhshíniú cáilithe.

26.

Mura bhfuil sé indéanta doiciméid a shíniú le ríomhshíniú cáilithe agus má cheadaíonn an Coimisiún go heisceachtúil gur féidir modhanna sínithe eile a úsáid, féadfar cóip pháipéir den aighneacht chomhlánaithe atá sínithe de láimh a sheachadadh de láimh nó a sheoladh tríd an bpost cláraithe chuig AS na hIomaíochta. Sa chás sin, ní mór dhá chóip dhigiteacha den aighneacht iomlán a bheith ag gabháil leis an aighneacht, agus iad i ngléasanna stórála seachtraí (amhail USB, CD, nó DVD nó tiomántáin diosca chrua, arna bhformáidiú i sonraí neamh-chomhbhrúite atá comhoiriúnach le Microsoft Windows i bhfeireadh seachtrach USB 2.0 nó 3.0) le haghaidh faisnéise. Ní mór dearbhú arna shíniú de láimh a bheith ag gabháil leis an aighneacht freisin, lena luaitear go bhfuil an chóip pháipéir shínithe agus na cóipeanna digiteacha go díreach mar an gcéanna.

6.   Dáta infheidhmeachta

27.

Beidh feidhm ag na treoracha sa teachtaireacht seo ó lá theacht i bhfeidhm an Rialacháin Cur Chun Feidhme.

(1)  IO L, 119, lch. 22.

(2)  Chun treoracha a fháil faoin mbealach le húsáid a bhaint as EU Send (ar a dtugtar “eTrustEx” freisin), féach ar https://ec.europa.eu/competition-policy/mergers/practical-information_en

(3)  https://ec.europa.eu/competition-policy/mergers/practical-information_en

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE, atá ar fáil ag https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=uriserv%3AOJ.L_.2014.257.01.0073.01.ENG

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1506 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos sonraíochtaí i ndáil le formáidí ríomhshínithe ardleibhéil agus ríomhshéalaí ardleibhéil atá le haithint ag comhlachtaí san earnáil phoiblí de bhun Airteagal 27(5) agus Airteagal 37(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach, (IO L 235, 9.9.2015, lch. 37).

(6)  Liostaítear QTSPanna de réir an Bhallstáit den Aontas anseo: https://esignature.ec.europa.eu/efda/tl-browser/#/screen/home. I dtaca le deimhniú cáilithe a sholáthar lena ríomhshíniú, rud a cheanglaítear le haghaidh ríomhshíniú cáilithe, ní féidir déanamh amhlaidh ach le QTSPanna ar a bhfuil an chlib “QCert for ESig” agus leo sin amháin.

(7)  Liostaítear QTSPanna de réir an Bhallstáit den Aontas anseo: https://esignature.ec.europa.eu/efda/tl-browser/#/screen/home. Is féidir le QTSPanna a léirítear mar “QVal for QESig” seirbhís um bhailíochtú cáilithe a sholáthar le haghaidh ríomhshínithe cáilithe.

(8)  Feidhmchlár gréasáin an Choimisiúin um Ríomhsheirbhísí Sínithe: https://ec.europa.eu/cefdigital/DSS/webapp-demo/validation