3.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 156/45


Foilsiú iarratas ar cheadú leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí

(2023/C 156/08)

Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MION MAIDIR LE SONRAÍOCHT TÁIRGE LE hAGHAIDH SONRÚCHÁN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁSC GEOGRAFACH FAOI CHOSAINT

Iarratas ar leasú a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 53(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

“VORARLBERGER BERGKÄSE”

Uimh. AE: PDO-AT-1419-AM01 - 5.4.2022

STFC (X) TGFC ()

1.   Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach

ARGE Milch Vorarlberg, Montfortstr. 9, 6900 Bregenz, An Ostair

Teil. +43 5574400350

Facs +43 5574400600

R-phost: fritz.metzler@lk-vbg.at

Is é an t-iarratasóir atá ann faoi láthair an comharba dlíthiúil ar an ngrúpa iarratasóra bunaidh maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí uile a eascraíonn as an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Vorarlberger Bergkäse”. Déanann sé ionadaíocht do leasanna táirgeoirí STFC “Vorarlberger Bergkäse” agus dá bhrí sin tá leas dlisteanach aige maidir le leasuithe ar an tsonraíocht a iarraidh.

2.   Ballstát nó tríú tír

An Ostair

3.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú (na leasuithe) difear dó

Ainm an táirge

Tuairisc ar an táirge

Limistéar geografach

Cruthúnas ar thionscnamh

An modh táirgthe

Nasc leis an limistéar geografach

Lipéadú

Eile (athrú ar mhionsonraí seirbhíse inniúla, ainm an ghrúpa iarratasóra bhunaidh, chomhlacht cigireachta, ceanglais náisiúnta, leasuithe dréachtaithe)

4.   Cineál an leasaithe nó na leasuithe

Leasuithe ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cáilithe nach féidir a cháiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Leasuithe ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cláraithe, nár foilsíodh doiciméad aonair (nó a chomhionann) ina leith, nach féidir a mheas gur mionleasú é de réir an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

5.   Leasú nó leasuithe

I bhfianaise na taithí a fuarthas agus gnéithe praiticiúla an tsonrúcháin chosanta ó bunaíodh é á bplé, tá gá leis na leasuithe ar an tsonraíocht táirge atá á n-iarraidh d’fhonn tuairisc níos mionsonraithe ar na dálaí tábhachtacha táirgthe agus margaíochta uile a sholáthar, lena n-áirítear céimeanna éagsúla an táirgthe, agus cáilíocht STFC “Vorarlberger Bergkäse” a áirithiú.

Cumascadh leagan na sonraíochta táirge roimhe seo, a chuimsíonn roinnt doiciméid agus iarscríbhinní ar leithligh, i ndoiciméad aonair, leasaithe agus nuashonraithe chun tuairisc níos soiléire ar na ceanglais a sholáthar, go háirithe maidir leis an modh táirge agus an cruthúnas ar thionscnamh, agus dá réir sin cuidiú le cáilíocht STFC “Vorarlberger Bergkäse” a chaomhnú.

Go sonrach, baineann na leasuithe leis an méid seo a leanas:

1.   Tuairisc ar an táirge

Cuireadh an téacs faoi phointe 5(b) (Tuairisc) agus na míreanna breise a cuireadh leis an bpointe sin den tsonraíocht táirge bhunaidh leis faoi phointe 4.2 (Tuairisc). Roinneadh an pointe sin, ina sheal, ina phointí 4.2.1 (Ginearálta) agus 4.2.2 (Saintréithe). Rinneadh an téacs bunaidh níos sonraí agus níos struchtúrtha. Scriosadh an t-ábhar maidir le cion saille in ábhar tirim (FiDM). Méadaíodh meáchan na gcruinneán cáise aonair chuig 7-40 kg (in ionad 8-35 kg) agus cuireadh síneadh le raon airde an mhúscáin chuig 8-12 cm (10-12 cm roimh sin). Sonraíodh an tréimhse aibithe íosta mar thréimhse 3 mhí.

Pointe 5b den tsonraíocht táirge:

“Déantar ‘Vorarlberger Bergkäse’ as bainne (bó) amh nádúrtha ag a bhfuil thart ar 50 % FiDM agus tá craiceann gráinneach idir screamh-aibithe agus triomaithe, idir donnbhuí agus donn aige. Tá meáchan idir 8 kg agus 35 kg sna cruinneáin agus tá airde 10-12 cm iontu. Tá na poill chruinne, atá beagnach ar aon mhéid le piseanna, idir neamhlonrach agus lonrach agus dáiltear go cothrom iad. Tá an cháis idir teann agus somhúnlaithe agus tá dath idir dath an eabhair agus buí éadrom uirthi. Tá an blas idir spíosrach agus géar. Is ionann an t-amhábhar agus bainne ó bha a bhíonn ar innilt ar fhéarthailte Alpacha agus sna gleannta atá oiriúnach chun cáis chrua a tháirgeadh, trína nach n-úsáidtear aon shadhlann le haghaidh beathaithe. Ní úsáidtear ach binid nádúrtha.”

agus na breiseanna ar phointe 5b

“Is iad na gnéithe is sainiúla suntasacha gan amhras comhlíontacht dhocht leis na rialacha beathaithe (féach an iarscríbhinn), na huachtarlanna alpacha ar scála beag, an aibiú láimhe cúramach agus an aird a thugtar ar ‘Vorarlberger Bergkäse’, próiseáil thraidisiúnta na bainne aimhe nádúrtha atá saor ó shadhlann agus scileanna an cháiseora.

Ní údaraítear bainne a sholáthar ach do ghabháltais ag a bhfuil bainistíocht fhairsing iomlán féarthalaimh – gan táirgeadh sadhlais ná beathú a dhéanamh leis. Ní cheadaítear d’fheirmeacha measctha (gabháltais a bheathaíonn eallaí óga le sadhlas) bainne a sholáthar. Soláthraítear an bainne uair sa lá ar a laghad agus próiseáiltear go díreach ag an uachtarlann é.

Ós rud é go dtáirgtear an cháis ar ghabháltais ar scála beag, áirithítear cothabháil táirgthe ceardaíochta agus láimhsiú cúramach na cáise. Tá cáilíocht speisialta agus seilfré fhada ag ‘Vorarlberger Bergkäse’ dá thoradh freisin.”

rinneadh iad a athscríobh mar a leanas:

4.2.   Tuairisc

4.2.1.   Ginearálta

Is cáis chrua í “Vorarlberger Bergkäse” a dhéantar as bainne bó amh nádúrtha alpaigh nó gleanna, saor ó shadhlann. Ní cheadaítear d’fheirmeacha a bheathaíonn eallaí óga le sadhlas bainne a sholáthar.

Tá meáchan idir 7 kg agus 40 kg sna cruinneáin cháise agus tá airde 8-12 cm iontu agus tugtar in aibíocht iad ar feadh 3 mhí ar a laghad.

4.2.2.   Saintréithe

Tá craiceann gráinneach idir screamh-aibithe agus triomaithe, de dhath idir donnbhuí agus donn ar an gcáis agus uigeacht atá daingean agus somhúnlaithe. Tá dath idir dath an eabhair agus buí éadrom uirthi. I gcás ina slistear í, feictear sa cháis poill chruinne idir neamhlonrach agus lonrach, a dháiltear go cothrom ach go tearc, atá beagnach ar aon mhéid le piseanna. D’fhéadfaí scoilteanna beaga (0.5-1 cm ar fad) teacht ar an gcáis. Tá an blas spíosrach, ag éirí géar agus é ag dul in aois. Ag brath ar mhéid aibiúcháin, d’fhéadfadh na saintréithe ar a dtugtar tuairisc a bheith suntasach a bheag nó a mhór, gan difear a dhéanamh d’íomhá uile STFC “Vorarlberger Bergkäse” ná í a athrú.

Is féidir “Vorarlberger Bergkäse” a chur ar an margadh i sciartha de mhéideanna éagsúla.

Cúiseanna

Leagadh barúlacha nach mbaineann leis an tuairisc ar an táirge amach ar bhealach níos mionsonraithe sna pointí “Nasc leis an limistéar geografach” agus “An modh táirgthe”, a chuirtear ar fáil anois chun na críche sin.

Méadaíodh na raonta lamháltais le haghaidh airde agus mheáchan na gcruinneán cáise de thoradh caillteanas aibithe mar gheall ar stóráil níos faide na cáise agus ar chúiseanna a bhaineann le hinmharthanacht eacnamaíoch gabháltas beag. Ar chúiseanna lóistíochtúla, is gá na cáiseanna a bheith níos troime ag gabháltais bheaga. Scriosadh na focail “thart ar 50 % FiDM” gan focail eile a chur ina n-ionad toisc go bhfuil siad iomarcach i bhfianaise ceanglais dhlíthiúla atá ann cheana. Rinneadh an fhoclaíocht, a thagann cuid di ón tsonraíocht agus a cuireadh cuid eile léi, níos beaichte (e.g. maidir leis an tréimhse aibithe íosta) chun iomláine na tuairisce táirge a shoiléiriú agus feabhas a chur uirthi, agus ar an mbealach sin paraiméadair táirge níos beaichte agus níos iontaofa a sholáthar don chomhlacht cigireachta chun cáilíocht an táirge a áirithiú.

2.   Cruthúnas ar thionscnamh

Bogadh na barúlacha roimhe seo sa tsonraíocht a bhaineann le stair an táirge faoi phointe 5(d) (Cruthúnas ar thionscnamh), a bhí le cur i láthair sa phointe seo tráth aitheantas an tsonrúcháin a bhí i gceist, agus na breiseanna a cuireadh leis an bpointe sin chuig pointe 4.6. (Nasc leis an limistéar geografach) (féach téacs an phointe sin). Ina ionad sin, cuireadh forálacha a bhaineann go sonrach leis an earnáil maidir le hinrianaitheacht a áirithiú san áireamh faoi phointe 4.4 (Cruthúnas ar thionscnamh) den tsonraíocht nua:

“Coimeádann an comhlachas is iarratasóir clár táirgeoirí ina liostaítear gach próiseálaí bainne a tháirgeann ‘Vorarlberger Bergkäse’ sa limistéar geografach, in éineacht le hainm an ghabháltais agus an seoladh teagmhála, gan beann ar cibé acu an comhaltaí den chomhlachas iad nó nach ea. Ní mór don phróiseálaí bainne iarratas sonrach a chur faoi bhráid an chomhlachais is iarratasóir chun bheith san áireamh sa chlár sin.

Tugtar conradh soláthair bainne agus ordú soláthair bainne i gcrích idir an táirgeoir bainne agus an próiseálaí bainne. Rialaítear leis na conarthaí sin cáilíocht an amhábhair (bainne saor ó shadhlann), an dobharcheantar agus an doiciméadacht a bhaineann le soláthairtí bainne chuig an bpróiseálaí bainne.

Ní mór do tháirgeoirí bainne agus do phróiseálaithe bainne a áirithiú go mbailítear, go stóráiltear agus go bpróiseáiltear bainne amh le haghaidh próiseála go ‘Vorarlberger Bergkäse’ agus an táirge deiridh féin ar leithligh ó stoic bhainne eile nó ó chineálacha coinbhinsiúnacha cáise.

Ceanglaítear ar tháirgeoirí bainne na cainníochtaí bainne a tháirgeann siad a thaifeadadh, agus miondealú a dhéanamh ar an gcainníocht bhainne a úsáidtear chun ‘Vorarlberger Bergkäse’ a tháirgeadh. Ní mór do phróiseálaithe bainne taifid shoiléire a choimeád maidir le cainníochtaí bainne a ceannaíodh agus a dtionscnamh. Ceadaítear tuilleadh iompair ó phróiseálaí bainne amháin go próiseálaí eile laistigh den limistéar geografach sainithe, agus taifeadtar an chainníocht lena mbaineann.

Chun críocha inrianaitheacht ‘Vorarlberger Bergkäse’ trasna na slabhraí soláthair, eisíonn an comhlachas is iarratasóir marc cáiséine ina bhfuil sraithuimhir arna iarraidh sin do phróiseálaithe bainne. Leis an marc cáiséine atá le húsáid, cuimsítear an téacs seo a leanas:

G.U.-VBG

BERGKAESE

XXXXXX

agus sraithuimhir. Tá an comhlachas is iarratasóir freagrach as an tsraithuimhir a riar agus a shannadh.

Roimh fháscadh, sainaithnítear an cháis trí mharc cáiséine ina bhfuil sraithuimhir uathúil, nár cheart é a bheith inbhainte ón gcruinneán cáise. Chun críocha inrianaitheacht inmheánach, sonraítear an dáta táirgthe nó uimhir bhaisc freisin.

Taifeadtar leis an tuarascáil táirgeachta laethúil an dáta táirgthe, an chainníocht bhainne a phróiseáltar, sraithuimhir an mhairc cáiséine, an teocht téimh agus an líon cruinneán cáise. Is féidir comhlíontacht leis an tréimhse aibithe a rianú agus úsáid á baint as an taifead sa mhonarcha phróiseála bainne. D’fhéadfaí an cháis a aibiú agus a stóráil lasmuigh den mhonarcha phróiseála bainne i lárionaid aibiúcháin atá suite sa limistéar sainithe.

Agus ‘Vorarlberger Bergkäse’ á dhíol, ní mór don phróiseálaí bainne taifid a choimeád lena gcumasaítear inrianaitheacht (e.g. nótaí seachadta).”

Cúiseanna

Ós rud é nach raibh aon riail maidir le cruthúnas ar thionscnamh sa tsonraíocht go dtí seo, meastar go bhfuil sé iomchuí faisnéis a chur san áireamh ar inrianaitheacht an táirge i bpointe 4.4 (Cruthúnas ar thionscnamh) den tsonraíocht táirge. Tá forálacha inti anois chun inrianaitheacht a áirithiú. Anuas air sin, bogadh roinnt téacs ó phointe 5(h) bunaidh (Lipéadú) go pointe 4.4 (Cruthúnas ar thionscnamh).

3.   Limistéar geografach

Pointe 5(c) (Limistéar geografach) den tsonraíocht táirge bhunaidh

Cuireadh réigiún Walgau leis. Laghdaíodh an téacs atá fágtha go dtí an fhaisnéis is gá don limistéar geografach. Athraíodh an litriú “Laiblachtal” go “Leiblachtal”.

Ina theannta sin, cuireadh léarscáil nua in ionad léarscáileanna Vorarlberg agus na hOstaire a cuireadh isteach chomh maith i bpointe 5(c) (Limistéar geografach) den tsonraíocht bhunaidh.

Pointe 5c den tsonraíocht táirge:

“Táirgeann táirgeoirí nó próiseálaithe agus feirmeoirí ‘Vorarlberger Bergkäse’ go heisiach i réigiúin Bregenzerwald, Kleinwalsertal, Großwalsertal, Laiblachtal (Pfanderstock) agus Rheintal as bainne amh a tháirgtear in Vorarlberg.”

agus cuireadh foclaíocht úr ar léarscáileanna Vorarlberg agus na hOstaire a cuireadh isteach chomh maith go pointe 5c

Image 1

ionas go léifear mar a leanas iad:

4.3.   Limistéar geografach

“Táirgtear ‘Vorarlberger Bergkäse’ as bainne amh a tháirgtear in Vorarlberg sna réigiúin seo a leanas i gcúige Vorarlberg: Bregenzerwald, Kleinwalsertal, Großwalsertal, Leiblachtal (Pfänderstock), Walgau agus Rheintal.

Léarscáil den limistéar geografach críochaithe (áit scáthlínithe):

Image 2

Cúiseanna

Cuireadh réigiún Walgau leis toisc go bhfuil sé cóngarach don limistéar críochaithe ar a tugadh tuairisc go dtí seo agus tá sé faoi réir na coinníollacha geolaíocha, bitheolaíocha agus cultúrtha céanna lena gcomhlíontar critéir na sonraíochta. Laghdaíodh an téacs atá fágtha go dtí an fhaisnéis is gá don limistéar geografach. Ceartaíodh an earráid chló ‘Laiblachtal’. Is é ainm ceart an réigiúin é ‘Leiblachtal’. Ina theannta sin, cuireadh léarscáil nua den limistéar geografach críochaithe in ionad léarscáil ‘na Tioróile/Vorarlberg’ sa tsonraíocht táirge. Tá an léarscáil nua níos soiléire agus cuireann sí an limistéar i láthair níos mionsonraithe ar bhonn scáthú a cuireadh léi.”

4.   An modh táirgthe

Cuireadh friotal níos beaichte ar théacs bunaidh phointe 5(e) (An modh táirgthe) den tsonraíocht táirge agus roinneadh ina phointí 4.5.1 (Amhábhar – bainne), 4.5.2 (Táirgeadh) agus 4.5.3 (Saineolas – eolas ar tháirgeadh) é.

Sainmhíníodh an modh próiseála níos beaichte chomh maith. Ina theannta sin, tugadh tuairisc níos mionsonraithe ar an modh táirgthe traidisiúnta i bpointe 4.5.3 (Saineolas – eolas ar tháirgeadh).

Léitear pointe 5e den tsonraíocht táirge mar a leanas:

Is táirge tipiciúil traidisiúnta é “Vorarlberger Bergkäse”.

Is comhpháirt fhíor-riachtanach den phróiseas táirgthe í comhlíontacht leis na critéir tháirgthe bainne dhochta (treoirlínte cáilíochta le haghaidh táirgeoirí bainne).

Go háirithe:

ní údaraítear ach gabháltais a bhfuil bainistíocht fhairsing iomlán féarthalaimh acu – nach dtáirgeann sadhlas ná nach mbeathaíonn leis – chun bainne a sholáthar, nó ní féidir ach bainne ó fheirmeacha mar sin a úsáid chun “Vorarlberger Bergkäse” a tháirgeadh.

Seachadtar an bainne go dtí an uachtarlann cháise uair sa lá ar a laghad agus próiseáiltear go díreach ansin (gan iompar breise ó uachtarlann amháin go huachtarlann eile).

Táirgeadh iarbhír:

Scimeáiltear an bainne amh (gan a bheith teirmithe, paistéartha ná steirilithe trí lártheifneoiriú) a soláthraíodh go páirteach (go cion saille thart ar 3.3 %).

Gruthaítear le binid lao agus meadhg agus saothrán lachtaigéid na feirme féin é (dá bhfuil taithí an cháiseora ríthábhachtach maidir le measúnú agus saothrú an tsaothráin seo). De thoradh úsáid saothrán meidhg, tá “Vorarlberger Bergkäse” an-difriúil le táirgí eile atá cosúil leis.

Téitear an gruth ansin chuig thart ar 51-52.5 °C agus fáisctear é.

Cuirtear na cruinneáin cháise i ndabhach sáile ar feadh 2-3 lá (cion salainn thart ar 20 %) agus ansin aibítear i siléir iad ag teocht idir 12 °C agus 15 °C agus bogthaise choibhneasta idir 90 % agus 95 %. Agus é sin á dhéanamh, cóireáiltear na cáiseanna go tráthrialta le sáile chun foirmíocht craicinn thipiciúil a áirithiú agus chun an blas a fhorbairt (i.e. scuabtar nó cuimlítear le huisce salainn iad (cion salainn thart ar 20 %, pH 5.25) dhá uair in aghaidh na seachtaine).

Tá “Vorarlberger Bergkäse” réidh le caitheamh ar dtús ag aois idir 3 agus 6 mhí (ag brath ar chéim aibíochta, d’fhéadfadh a shaintréithe a athrú beagáinín: scoilteanna beaga sa cháis (0.5-1 cm ar fad), níos lú poill, blas suntasach).

Áirithítear le féinfhaireacháin leanúnach agus dearbhú cáilíochta na bhfeirmeacha ardchaighdeán an bhainne amh agus táirgeacht “Vorarlberger Bergkäse”. Seiceálann an “Qualitätsmanagementverein für Lebensmittel aus Vorarlberg” [Comhlachas Bainistíochta Cáilíochta um Bia as Vorarlberg] comhlíontacht le dearbhú cáilíochta. Tá ceangal dlí ar rialuithe maidir le sláinteachas feirme agus foirne agus sláinte ainmhithe.’;

rinneadh an méid sin a athscríobh ionas go léifear mar a leanas é:

4.5.1.   Amhábhar (bainne)

Úsáidtear bainne bó amh i dtáirgeadh “Vorarlberger Bergkäse”. Ní cheadaítear ach bainne ó Vorarlberg. Níor cheart bainne teirmithe ná paistéartha ná bainne a steirilítear trí lártheifneoiriú a úsáid chun “Vorarlberger Bergkäse” a tháirgeadh.

Is saintréith den bhainne a úsáidtear le haghaidh “Vorarlberger Bergkäse” féarthailte chúige Vorarlberg, lena bhféara míne agus a luibheanna. Itheann ba na féara agus na luibheanna agus iad úr mar fhoráiste glas nó triomaithe mar fhéar tirim. Toirmeasctar beathú le beatha choipthe nó le sadhlas go sainráite.

Ceadaítear úsáid gráin mheilte mar bheatha chúiteach nó chomhlántach ó limistéir eile suas le cion 30 % d’ábhar tirim go bliantúil.

D’fhéadfaí grán meilte a cheannach ó limistéir eile toisc nach bhfuil an limistéar geografach, mar réigiún sléibhe tipiciúil ina bhfuil féarach agus sraith éadomhain húmais, oiriúnach do bharra a fhás. Ciallaíonn sé sin nach bhfástar agus nach dtáirgtear aon ghránach ná aon bharr comhchosúil sa limistéar, agus dá bhrí sin ní mór iad a cheannach ó limistéir eile. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh céatadán an fharae ón limistéar geografach níos lú ná 70 % den ábhar tirim iomlán a thugtar mar bhia go bliantúil do bha atá ag lachtadh. Ceadaítear grán meilte de thionscnamh áit éigin eile a chur leis suas le cion 30 % d’ábhar tirim na coda faoi seach.

4.5.2.   Táirgeadh

Scimeáiltear an bainne amh go páirteach ar dtús agus gruthaítear le binid lao agus saothrán meidhg agus/nó baictéir lachtaigéid. Is bonn don shaothrán stoic le haghaidh saothráin fheirme anois iad baictéir lachtaigéid thraidisiúnta ó shaothráin fhiáine, a shaothraítear ar an bhfeirm fós. Ní cheadáitear leasaithigh, cobhsaitheoirí agus breiseáin ar táirgeadh go ceimiceach iad a chur leis. Gearrtar an bainne ramhraithe (téachta) ansin chuig an méid inmhianaithe agus úsáid á baint as gearrthóir grutha. Tarlaíonn an chéad chéim eile den fhoirmíocht cáise ansin: forbraíonn na gruthanna a thuilleadh agus tarlaíonn siniréis (trína scarann an meadhg ó na gruthanna). Téitear na gruthanna chuig idir 51 °C agus 54 °C agus ansin aistrítear chuig múnlaí agus fáisctear iad. Ag brath ar an méid cáise inmhianaithe, tá meáchan idir 7 kg agus 40 kg sna cruinneáin sula mbáitear i sáile iad agus tá airde idir 8 cm agus 12 cm iontu. Cuirtear na cáiseanna i ndabhach sáile ansin ina bhfuil cion salainn 20 °Bé ar a laghad ar feadh 2 nó 3 lá ionas go n-ionsúnn an cháis salann, go bhfoirmíonn an craiceann agus go bhforbraíonn struchtúr na cáise, rud a fhágann go bhfuil an cháis séalaithe ón taobh amuigh agus í ag aibiú go críochnúil agus go cothrom taobh istigh di. Tá comhsheasmhacht aonfhoirmeach agus dhlúth “Vorarlberger Bergkäse” mar thoradh air sin. Aibítear na cáiseanna ar feadh 3 mhí ar a laghad ansin, ag brath ar chineál an chraicinn agus ar thaithí an phróiseálaithe bainne, ag teocht idir 10 °C agus 15 °C agus bogthaise atá níos mó ná 80 %. Le linn an aibithe, cóireáiltear na cáiseanna go tráthrialta (scuabtha nó cuimilte) le huisce salainn (cion salainn suas le 20 °Bé) dhá uair in aghaidh na seachtaine ar a laghad chun foirmíocht chraicinn thipiciúil a áirithiú agus chun an blas a fhorbairt. I ndiaidh na tréimhse aibithe íosta, tá cáis “Vorarlberger Bergkäse” réidh le caitheamh.

4.5.3.   Saineolas – eolas ar tháirgeadh

Is de bharr thaithí na bpróiseálaithe cáise áitiúla go háirithe maidir le táirgeadh agus le haibiú cáise a bhainistiú atá cáilíocht “Vorarlberger Bergkäse”.

Tá ealaín na cáiseoireachta bunaithe ar shaineolas na bpróiseálaithe cáise atá páirteach sa táirgeadh ar bhealaí éagsúla ag brath ar a ról aonair sa phróiseas, trína mbaintear cáilíocht thipiciúil “Vorarlberger Bergkäse” amach.

Tosaíonn sé sin le húsáid agus saothrú na saothrán baictéir lachtaigéid. Mar shampla, eascraíonn cinntí amhail comhdhéanamh na saothrán baictéir lachtaigéid, teocht, tréimhsí sosa, cainníochtaí agus cion a chuirtear leis agus dálaí stórála as taithí an phróiseálaithe cáise.

Is é tionchar ionchasach ar leith amháin dá dtaithí stóráil agus aibiú sonrach an bhainne amh ar bhealach atá fabhrach d’fhoirmíocht na mbaictéar lachtaigéid a chuireann feabhas suntasach ar shaintréithe na cáise i dtéarmaí seilfré, bolaidh agus blais. Cainníocht na binide bó, uainiú agus bealach gearrtha an bhainne ramhraithe (téachta) agus méid na ngruthanna, forbairt na cáise agus téamh an mheascáin gruthanna/meidhg ina dhiaidh sin, eascraíonn siad as taithí shonrach an cháiseora agus tá siad ina gcúis le cáilíocht “Vorarlberger Bergkäse”.

Ní mór don cháiseoir faireachán géar a dhéanamh ar gach céim den táirgeadh cáise agus an t-am ceart do gach céim phróiseála a shainaithint. Mar shampla, is réamhriachtanas tábhachtach é téamh cúramach “Vorarlberger Bergkäse” chuig idir 51-54 °C tar éis an bainne téachta a ghearradh le haghaidh sheilfré fhada na cáise. An tráth céanna, ní mór an bainne a láimhseáil go cúramach lena áirithiú go gcoinnítear na saintréithe agus comhpháirteanna aramatacha agus micribhitheolaíocha agus, dá bharr sin, cáilíochtaí sonracha an bhainne. Ina theannta sin, fágann na coinníollacha beathaithe a athraíonn go nádúrtha ar na féarthailte sléibhe nach bhfuil aon saintréith chaighdeánach ag an mbainne ach go luainíonn a cháilíocht (i dtéarmaí cion próitéine nó comhdhéanaimh bainne eile, mar shampla). Cuireann taithí leathan dhéantóirí “Vorarlberger Bergkäse” ar a gcumas cúiteamh maith a dhéanamh i leith na luaineachtaí nádúrtha sin.

Tá láimhseáil chúramach an cháiseora maidir le gach céim sa phróiseas ríthábhachtach don chuid eile den phróiseas aibithe agus dá réir sin do cháilíocht an táirge dheiridh. Le linn an aibithe, ní mór aird ar leith a thabhairt ar láimhsiú cúramach na cáise. De thoradh ar a dtaithí, tá a fhios ag an gcáiseoir go hinstinneach maidir leis an t-am is ceart an cháis a chasadh, a scuabadh agus a chuimilt, agus tá tionchar suntasach aige dá bhrí sin ar cháilíocht na cáise.

Eascraíonn próiseas leanúnach oiliúna as cruinnithe tráthrialta bainisteoirí próiseálaithe bainne agus/nó cáiseoirí, ag a roinneann siad an t-eolas atá bainte amach acu, rud a chuidíonn le cáilíocht agus le traidisiún “Vorarlberger Bergkäse” a choinneáil ar bun.

Cúiseanna

Rinneadh athruithe ar an bpróiseas táirgthe agus é d’aidhm acu cáilíocht sho-aitheanta “Vorarlberger Bergkäse” a áirithiú, atá bunaithe go háirithe ar eolas na dtáirgeoirí faoin modh táirgthe traidisiúnta. In éineacht leis an bhfoclaíocht – atá leasaithe anois – a bhí sa tsonraíocht bhunaidh cheana féin, tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar an modh táirgthe traidisiúnta sin, go háirithe tríd an modh próiseála a shainmhíniú ar bhealach níos beaichte. Scriosadh na focail “ag cion saille 3.3 %” gan aon rud a chur ina n-ionad toisc nach raibh gá leo i bhfianaise na gceanglas dlíthiúil atá ann cheana.

Baineann na leasuithe aonair leis na pointí seo a leanas:

Amhábhar – bainne

Chun soláthar cothrom cothaitheach atá riachtanach le haghaidh leas ainmhithe a áirithiú, go neamhspleách ar dhálaí aeráide eisceachtúla, amhail triomaigh, cuireadh ar a chumas grán meilte a cheannach agus a úsáid mar bheatha chúiteach agus chomhlántach suas le cion 30 % d’ábhar tirim go bliantúil. Is gá beatha forlíontach i bhfoirm grán meilte suas le cion 30 % freisin le haghaidh leas na n-ainmhithe chun beathú leordhóthanach a áirithiú le linn tréimhsí táil bhainne aird. Ní dhéanann an maolú thuas d’fhorbhia difear d’ardcháilíocht leanúnach an bhainne toisc nach mór don chuid is mó den ghairbhseach a theacht ón limistéar críochaithe.

Tá tuilleadh iompair ó uachtarlann amháin go ceann eile laistigh den limistéar sainithe le bheith ceadaithe amach anseo toisc, i bhfianaise staid na teicneolaíochta atá ann faoi láthair, nach ndéanann sé sin difear do cháilíocht a thuilleadh. Thairis sin, ní paraiméadar cáilíochta cinntitheach é an seachadadh bainne laethúil i bhfianaise staid na teicneolaíochta atá ann faoi láthair, agus scriosadh an téacs sin ón tsonraíocht bhunaidh ar an gcúis sin. Ní mór iompar bainne go páirtí conarthach eile a dhoiciméadú chomh maith. Scriosadh na Treoirlínte cáilíochta le haghaidh táirgeoirí bainne atá sa tsonraíocht mar iarscríbhinn a ghabhann léi, toisc go gcuirtear an modh táirgthe i láthair ar bhealach níos mionsonraithe agus níos cuimsithí agus tugtar tuairisc ar an measúnú cáilíochta anois faoi phointe 4.7 (Rialú). Thairis sin, foirceannadh an Comhlachas Bainistíochta Cáilíochta um Bia as Vorarlberg.

Táirgeadh

Tugtar tuairisc ar tháirgeadh “Vorarlberger Bergkäse” i gcéimeanna mionsonraithe, ó phróiseáil an bhainne amh go dtí an chéim aibithe le linn aerthriomaithe. Déantar tagairt do na paraiméadair theicniúla ar gá cloí leo chun cáilíocht a áirithiú.

Is féidir an gruth a théamh anois chuig idir 51 °C agus 54 °C (seachas idir 51.5 °C agus 52.5 °C mar a rinneadh roimhe). Ceadaíodh raon níos leithne de theochtaí téimh toisc nach féidir, i gcás an téimh láimhe, teocht bheacht a shocrú, rud a fhágann go bhfuil gá le lamháltas níos leithne. Níl tionchar diúltach ag an raon lamháltais nua don teocht téimh ar cháilíocht an táirge. Ní cheadaítear leasaithigh, cobhsaitheoirí agus breiseáin ar táirgeadh go ceimiceach iad a chur leis go fóill. Rinneadh é sin níos soiléire trí fhoclaíocht atá níos beaichte.

A mhéid a bhaineann le meadhg nó le saothráin lachtaigéid na feirme féin, rinneadh soiléir é go dtáirgtear an bonnshaothrán stairiúil go lárnach sa lá atá inniu ann agus go saothraítear é go hinmheánach ansin le tuilleadh úsáide i dtáirgeadh “Vorarlberger Bergkäse”. Tá ról ríthábhachtach ag taithí na bpróiseálaithe bainne ina leith sin.

Soiléiríodh an cion salainn agus oiriúnaíodh é do chritéir atá infhíoraithe go praiticiúil agus úsáid á baint as céimeanna Baumé (°Bé) mar aonad tomhais. Níl pH na daibhche salainn a bhí sa tsonraíocht ar dtús ábhartha sa chleachtas mar gheall ar an deacracht theicniúil a bhaineann le faireachán agus dá bhrí sin cuireadh céimeanna Baumé (°Bé) ina ionad mar an t-aonad tomhais.

De thoradh dhul chun cinn na teicneolaíochta, ní gá a thuilleadh go dtarlaíonn aibiú i siléir aibiúcháin an cháiseora féin, ach is féidir é a dhéanamh i siléir sheachtracha lonnaithe sa limistéar geografach sainithe, ina bhfuil coinníollacha chun na paraiméadair ábhartha do rialú a rialú optamach freisin.

I bhfianaise saintréithe éagsúla na siléar aibiúcháin agus an claonadh i gceanglais cháilíochta an mhargadh i dtreo tréimhsí aibithe cáise níos faide, bhí gá leis an raon teochta a athrú ó 12-15 °C chuig 10-15 °C agus an bhogthaise chuig os cionn 80 %. Áirithítear le saineolas speisialta bhainisteoir an tsiléir cháise go gcaomhnaítear cáilíocht bhunaidh “Vorarlberger Bergkäse”.

Soiléiríodh a thuilleadh foirmíocht an chraicinn atá tipiciúil do “Vorarlberger Bergkäse” agus cáilíocht comhlachaithe na cáise agus rinneadh tagairt do bhainistíocht ag an gcáiseoir agus don aeráid aibithe.

Saineolas – eolas ar tháirgeadh

Toisc nach raibh aon phríomhbharúil sa tsonraíocht a bhí ann cheana ar eolas traidisiúnta na dtairgeoirí, rinneadh an tsonraíocht níos sonraí ina leith sin, agus soláthraíodh tuairiscí ar dhintiúir na speisialtóirí. Tá tuairisc ann chomh maith ar ghníomhaíochtaí leanúnacha a dhíríonn ar an traidisiún a chur ar aghaidh chun cáilíocht a áirithiú, de thoradh air sin is féidir stop a chur le caillteanas nó le caolú an tsaineolais go héifeachtach agus eolas traidisiúnta ar an táirge a choinneáil ar bun. Foirceannadh an Comhlachas Bainistíochta Cáilíochta um Bia as Vorarlberg. Tá an grúpa iarratasóra freagrach anois as oiliúint leanúnach agus an malartú faisnéise go léir. Rialaítear cáilíocht an amhábhair agus bainistíocht cháilíochta ag an mhonarcha phróiseála trí reachtaíocht ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus déantar faireachán orthu dá réir.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

An fhaisnéis a áiríodh roimhe seo faoi phointí 5(d) (Cruthúnas ar thionscnamh) agus 5(f) (Nasc) den tsonraíocht táirge bhunaidh agus na breiseanna a cuireadh leis an dá phointe, rinneadh achoimre orthu i bpointe 4.6 (Nasc leis an limistéar geografach).

Scriosadh an méid táirgeachta agus an leabharliosta maidir le forbairt stairiúil cháise araon.

Cúiseanna

Oiriúnaíodh an tsonraíocht do cheanglais an Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 sa mhéid is gur bogadh na barúlacha stairiúla, amhail fianaise dhoiciméadach agus seantraidisiúin maidir le “Vorarlberger Bergkäse”, ar tugadh tuairisc orthu i dtosach báire sa roinn ar chruthúnas ar thionscnamh, go pointe 4.6 (Nasc leis an limistéar geografach).

Tugadh tuairisc chuimsitheach ar éifeachtaí na dtosca aeráide agus daonna sa limistéar geografach, lenar soláthraíodh miontuairisc ar shaineolas sonrach na dtáirgeoirí réigiúnacha, nár luadh é ach sa tsonraíocht amháin roimhe seo, amhail eolas traidisiúnta ar theicnící stórála speisialta agus ardleibhéal an tsaineolais maidir le teicnící táirgthe agus le bainistíocht aibithe, rud atá ríthábhachtach chun airíonna orgánaileipteacha na cáise a chothú.

Is mar gheall ar an athrú leanúnach ar na cainníochtaí a tháirgeadh é caillteanas an mhéid táirgeachta.

Tugtar tuairisc mhionsonraithe anois ar fhorbairt stairiúil na cáise i bpointe 4.6 (Nasc leis an limistéar geografach). Tá an leabharliosta maidir le forbairt stairiúil na cáise iomarcach mar sin agus scriosadh é dá bhrí sin, ar chúiseanna soléiteachta níos fearr go háirithe.

6.   Lipéadú

Bogadh téacs bunaidh phointe 5(h) (Lipéadú) den tsonraíocht táirge agus na breiseanna a cuireadh leis go pointe 4.4 (Cruthúnas ar thionscnamh) agus oiriúnaíodh do na ceanglais doiciméadachta atá ann faoi láthair é.

Mar shampla, tá ceanglais sa tsonraíocht bhunaidh (maidir le dáta an táirgthe agus uimhir an ghabháltais a ghreamú ar an táirge) neamhriachtanach mar thoradh ar dhoiciméadacht nach mór a sholáthar anois chun críoch cruthúnais ar thionscnamh. Soiléiríodh an marc cáiséine atá le húsáid. Tá greamú an mhairc ar phacáistíocht na sciartha cáise neamhriachtanach toisc go ráthaítear inrianaitheacht baisce i gcás na sciartha.

Bogadh na rialacha maidir le lipéid phríobháideacha a leagtar amach i bpointe 5(h) (Lipéadú) den tsonraíocht táirge bhunaidh go pointe 4.8 (Lipéadú).

“Ceadaítear úsáid lipéad príobháideach. Níor cheart an lipéad príobháideach a bheith ina chúis leis an tomhaltóir a chur amú nó le damáiste a dhéanamh do cháil an STFC.”

Cúiseanna

Soiléiríodh agus leathnaíodh ceanglais maidir le bainistíocht na lipéad príobháideach. Leantar leis sin a cheadú.

7.   Leasuithe eagarthóireachta

7.1.   Tugadh ainm agus mionsonraí údarás inniúil an Bhallstáit cothrom le dáta.

7.2.   Tugadh ainm agus seoladh an ghrúpa iarratasóra cothrom le dáta.

Cúiseanna

Is é ARGE Milch Vorarlberg an comharba dlíthiúil ar an ngrúpa iarratasóra bunaidh maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí uile a eascraíonn as an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Vorarlberger Bergkäse”. Nuashonraíodh an fhaisnéis faoin údarás inniúil.

7.3.   Comhlacht cigireachta

Leasaíodh an roinn ina bhfuil sonraí teagmhála an chomhlachta cigireachta toisc gur cuideachta phríobháideach é an comhlacht anois, is é sin Lacon GmbH.

7.4.   Athruithe ar leagan amach/chur i láthair na sonraíochta táirge

Roinnt de na ceannteidil a athuimhriú agus a leasú chun an fhaisnéis a dhéanamh níos soiléire agus níos beaichte.

7.5.   Ceanglais náisiúnta

Scriosadh an ceannteideal “Ceanglais náisiúnta” gan aon rud a chur ina ionad toisc go bhfuil siad sin neamhriachtanach i bhfianaise na gceanglas rialacháin.

DOICIMÉAD AONAIR

“Vorarlberger Bergkäse”

Uimh. AE: PDO-AT-1419-AM01 – 5.4.2022

STFC (X) TGFC ()

1.   Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]

“Vorarlberger Bergkäse”

2.   Ballstát nó tríú tír

An Ostair

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1   Cineál táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]

Aicme 1.3. Cáiseanna

3.2   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is cáis chrua í “Vorarlberger Bergkäse” a dhéantar as bainne bó amh nádúrtha alpaigh nó gleanna, saor ó shadhlann. Ní cheadaítear feirmeacha a bheathaíonn eallaí óga le sadhlas (feirmeacha measctha) chun an bainne a úsáidtear a sholáthar. Tá meáchan idir 7 kg agus 40 kg sna cruinneáin cháise agus tá airde 8-12 cm iontu agus tugtar in aibíocht iad ar feadh 3 mhí ar a laghad.

Tá craiceann gráinneach idir screamh-aibithe agus triomaithe, de dhath idir donnbhuí agus donn ar an gcáis agus uigeacht atá daingean agus somhúnlaithe. Tá dath idir dath an eabhair agus buí éadrom uirthi. I gcás ina slistear í, feictear sa cháis poill chruinne idir neamhlonrach agus lonrach, a dháiltear go cothrom ach go tearc, atá beagnach ar aon mhéid le piseanna. D’fhéadfaí scoilteanna beaga (0.5-1 cm ar fad) a chruthú sa cháis. Tá an blas spíosrach, ag éirí géar agus é ag dul in aois.

3.3   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Ní féidir ach bainne as feirmeacha ag a bhfuil bainistíocht féarthalaimh – nach dtáirgeann sadhlas agus nach mbeathaíonn siad leis – a úsáid chun “Vorarlberger Bergkäse” a tháirgeadh.

Ceadaítear úsáid gráin mheilte mar bheatha chúiteach nó chomhlántach ó limistéir eile suas le cion 30 % d’ábhar tirim go bliantúil.

D’fhéadfaí grán meilte a cheannach ó limistéir eile toisc nach bhfuil an limistéar geografach, mar réigiún sléibhe tipiciúil ina bhfuil féarach agus sraith éadomhain húmais, oiriúnach do bharra a fhás. Ciallaíonn sé sin nach bhfástar agus nach dtáirgtear aon ghránach ná aon bharr comhchosúil sa limistéar, agus dá bhrí sin ní mór iad a cheannach ó limistéir eile.

Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh céatadán an fharae ón limistéar geografach níos lú ná 70 % den ábhar tirim iomlán a thugtar mar bhia go bliantúil do bha atá ag lachtadh. Ceadaítear grán meilte de thionscnamh áit éigin eile a chur leis suas le cion 30 % d’ábhar tirim na coda faoi seach.

3.4   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ní mór an t-amhábhar a tháirgeadh, a phróiseáil agus a aibiú sa limistéar sainithe.

3.5   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór na cáiseanna a shainaithint le marc cáiséine ina bhfuil sraithuimhir. Tá an comhlachas is iarratasóir freagrach as an tsraithuimhir a riar agus a shannadh.

4   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Déantar “Vorarlberger Bergkäse” as bainne amh a tháirgtear in Vorarlberg sna réigiúin seo a leanas den chúige: Bregenzerwald, Kleinwalsertal, Großwalsertal, Leiblachtal (Pfänderstock), Walgau agus Rheintal.

5   Nasc leis an limistéar geografach

‘Is táirge é “Vorarlberger Bergkäse” a tháirgtear agus a itear sa chúige arb é Vorarlberg anois leis na céadta blianta. Ar dtús, agus ar feadh na gcéadta blianta, tháirgeadh cáis le haghaidh tomhaltas dílis agus margaíocht réigiúnach go príomha.

D’eascair forbairt ar tháirgeadh cáise saille ina raibh baint ag teicnící cáiseoireachta sonracha, i lár an 18ú céad, as dálaí réigiúnacha, amhail airde, aeráid, flóra agus fána agus struchtúr mionscála na bhfeirmeacha. D’eascair seilfré níos faide agus breisluach níos fearr as sin.

Cuireadh eolas teicniúil agus scileanna an táirgthe cáise ar carnadh iad sa limistéar geografach críochaithe (teicneolaíocht táirgthe, aibiú, beathú na n-ainmhithe agus próiseáil bainne) ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Thart ar 1890 d’eascair comhroinnt agus scaipeadh feabhsaithe eolais as bunaíocht chomhlachas. Ina dhiaidh sin, cuireadh comharchumainn arb ann go dtí an lá inniu féin in ionad na gcomhlachas sin.

Bhí stóráil agus aibiú spriocdhírithe an bhainne fabhrach do bhaictéir lachtaigéid, a cuireadh feabhas suntasach ar shaintréithe na cáise i dtéarmaí seilfré, bolaidh agus blais. Is bonn don shaothrán stoic le haghaidh saothráin fheirme anois iad baictéir lachtaigéid thraidisiúnta ó shaothráin fhiáine, a shaothraítear ar an bhfeirm fós. Cainníocht na binide bó, uainiú agus bealach gearrtha an bhainne téachta agus méid na ngruthanna, forbairt na cáise agus téamh an mheascáin gruthanna/meidhg, eascraíonn siad as taithí shonrach an cháiseora agus tá siad ina gcúis le cáilíocht “Vorarlberger Bergkäse”. Rinneadh tuilleadh forbartha ar an eolas agus ar na scileanna sin agus feidhmíonn siad go dtí an lá inniu mar bhunús faoi tháirgeadh “Vorarlberger Bergkäse”.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://www.patentamt.at/herkunftsangaben/vorarlbergerbergkaese/

Is féidir rochtain dhíreach a fháil uirthi freisin trí shuíomh gréasáin Oifig Paitinní na hOstaire (www.patentamt.at) trí nascleanúint a dhéanamh mar a leanas: “Trádmharcanna / Tásca Geografacha / Liosta thásca geografacha na hOstaire”. Tá an téacs le feiceáil faoi ainm an tsonrúcháin cháilíochta.


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.