|
3.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 156/31 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair
(2023/C 156/06)
Bronnann an foilseachán seo an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
DOICIMÉAD AONAIR
“Sidra da Madeira”
Uimh. AE: PGI-PT-02641 — 14.10.2020
STFC ( ) TGFC (X)
1. Ainmneacha
“Sidra da Madeira”
2. Ballstát nó Tríú Tír
An Phortaingéil
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. Cineál táirge
Aicme 1.8. Táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí etc.)
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Is é “Sidra da Madeira” an deoch a fhaightear trí choipeadh an tsú nádúrtha a bhrúitear ó thorthaí úra cineálacha traidisiúnta agus cineálacha eile úll (Malus domestica Borkh.) agus, uaireanta, meascáin d’úlla agus de phiorraí (Pyrus communis L.), a fhástar go heisiach ar oileán Mhaidéara. Déantar é de réir na modhanna táirgthe a bhaineann go traidisiúnta nó go sonrach leis an oileán.
Is leann úll nádúrtha é a tháirgtear go heisiach tríd an sú a fhaightear trí úlla agus, uaireanta piorraí, a fhástar go háitiúil a ghearradh, a mheilt, a bhrúisc agus a bhrú, rud a chiallaíonn go mbeidh an cion siúcra agus dé-ocsaíde carbóin de thionscnamh inginiúil amháin. Tá sé ann freisin mar leann úll nádúrtha carbónáitithe, agus déantar leann súilíneach go hiomlán nó go páirteach de trí dhé-ocsaíd charbóin a chur leis.
I dtéarmaí ginearálta, baineann na saintréithe seo a leanas leis: neart alcóil íosta 5 % (de réir toirte ag 20 oC); cion siúcra choipthigh níos lú ná 15 g/l; aigéadacht íosta iomlán (in aigéad malach) de 3 g/l agus suas le 10 g/l; aigéadacht sho-ghalaithe uasta (arna sloinneadh mar aigéad aicéiteach) de 1,8 g/l agus cion uasta iomlán dé-ocsaíde sulfair (arna shloinneadh mar SO2) de 200 mg/l.
Ag brath ar an meascán speiceas agus ar na cineálacha torthaí a úsáidtear, bíonn dath gealbhuí líomóide go dath na tuí ar “Sidra da Madeira”, maille le himireacha flannbhuí, agus bíonn cuma gheal air má scagtar é nó beidh beagán dríodair ann mura scagtar é.
Tá boladh úr, barántúil air, lena nochtar airí torthaíoch de mheándéine go déine láidir, agus blasanna úill ghlais, úill aibí, cainche agus/nó torthaí citris air, rud a chruthaíonn iomlán cothrom, pléisiúrtha.
Bíonn sé socair de ghnáth, agus bíonn blas éadrom air, nach bhfuil rómhilis, lena gcruthaítear cothromaíocht chomhchuí idir géar agus searbh, agus tirim ar deireadh. Déantar é a idirdhealú le cumhra agus blas láidir úll agus leis an úire a thagann as a aigéadacht shuntasach.
Díoltar é mar leann úll buidéalaithe nó mar leann úll buidéalaithe pacáistithe i gcoimeádáin oiriúnacha (bairillí nó carbáigh) lena ndíol i ngnólachtaí bia agus deochanna agus lena mhiondíol leis an tomhaltóir deiridh.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
Na cineálacha traidisiúnta úlla a úsáidtear chun “Sidra de Madeira” a tháirgeadh ná “Barral”“Cara-de-dama”, “Branco”, “Bico de melro”, “Da Festa”, “Domingos”, “Da Ponta do Pargo”, “Calhau”, “Focinho de rato” agus “Vime” agus, i gcásanna áirithe, na piorraí “Do Santo” agus “Tenra de São Jorge”.
Ciallaíonn seanchleachtas fheirmeoirí Mhaidéara maidir le hábhar géiniteach a shíolrú agus a roinnt ó na crainn agus ó na torthaí ag a bhfuil na saintréithe is fearr le haghaidh tomhaltas úr agus/nó táirgeadh leann úll, go bhfástar cineálacha saothraithe eile úll agus piorraí fós, go háirithe na húlla “Baunesa”, “Camacha”, “Espelho”, “Parda”, “Rajada”, “Reineta Tenra da Camacha”, “Santa Isabel”, “Ázimo”, “Amarelo”, “Amargo”, “Camoesa”, “De vinho”, “Ouro”, “Pevide”, “Rajado”, “Rijo”, “Riscado” agus “Serra” agus na piorraí “Santa Isabel ou de Santana”, “São João”, “Curé” agus “Pardas”, a úsáidtear freisin, ach ní chomh minic, i mbaisceanna atá ceaptha do tháirgeadh “Sidra de Madeira”.
Toisc go ndearna roinnt táirgeoirí, ó i bhfad siar, iarracht a n-úlloird a éagsúlú le cineálacha coimhthíocha le haghaidh tomhaltas úr, amhail úlla “Golden”, “Fuji”, “Starking”, “Royal Gala” agus “Reineta” agus an piorra “Rocha”, ar aimsigh Vieira Natividade go leor acu cheana féin ar an oileán in 1947, féadfar na torthaí sin a úsáid freisin i dtáirgeadh “Sidra de Madeira” má bhíonn siad ar fáil ar an ngabháltas nó má fásadh iad go heisiach ar an oileán.
Is le meascadh nó “cumasc” an réimse leathan sin de chineálacha traidisiúnta úll agus piorraí, agus uaireanta cineálacha eile úll agus piorraí freisin, a d’fhéadfadh a bheith níos géire, níos seirbhe nó níos milse nó gan a bheith chomh géar, chomh searbh nó chomh milse, agus a fhástar ar an oileán, a sholáthraítear flúirse na ndathanna, na mbolaithe agus na nblasanna agus an aigéadacht úr lena n-idirdhealaítear “Sidra de Madeira” a tháirgeann na táirgeoirí éagsúla i gceantair éagsúla ar an oileán.
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a ghlacadh sa limistéar geografach sainithe
Is ar oileán Mhaidéara a dhéantar na céimeanna déanta leann úll, idir tháirgeadh an amhábhair, eastóscadh an tsú nádúrtha agus choipeadh agus aosú agus chaomhnú.
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Déantar pacáistiú “Sidra de Madeira” i mbuidéil nó i gcoimeádáin oiriúnacha (bairillí nó carbáigh) lena miondíol leis an tomhaltóir deiridh ar oileán Mhaidéara lena áirithiú go ndéanfar dathanna sonracha, bolaithe sonracha agus blasanna sonracha an leanna úll nádúrtha (a bhíonn carbónáitithe uaireanta) sin a chaomhnú, chun aon ocsaídiú nó éilliú a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá shaintréithe orgánaileipteacha a sheachaint, agus chun inrianaitheacht iomlán an táirge a ráthú.
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
—
4. Sainiú gonta ar an limistéar geografach
Oileán Mhaidéara.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Tá an t-iarratas ar chlárú “Sidra de Madeira” bunaithe ar an nasc idir a shaintréithe datha, cumhra agus blais agus a aigéadacht shuntasach agus, ar an gcéad dul síos, an réimse leathan de mheascáin torthaí ó chineálacha traidisiúnta agus ó chineálacha eile úll agus piorraí a fhástar go heisiach ar oileán Maidéara agus a úsáidtear chun é a dhéanamh agus, ar an dara dul síos, na dálaí ithreach agus aeráide sna ceantair áitiúla ina bhfástar na torthaí úra. Cuireann cáil láidir “Sidra de Madeira” agus a thábhacht sna ceantair éagsúla ar an oileán ina ndéantar é leis an nasc freisin.
Sainiúlacht an táirge
An rud atá sainiúil faoi “Sidra de Madeira” ná gur leann úll nádúrtha (a bhíonn carbónáitithe uaireanta) é ag a bhfuil réimse leathan dathanna, bolaithe agus blasanna agus aigéadacht bheoga, agus mar gheall air sin tá an-tóir ag tomhaltóirí air, agus ar toradh é ar choipeadh an tsú nádúrtha brúite ó “chumaisc” nó ó mheascáin éagsúla de thorthaí úra cineálacha traidisiúnta agus cineálacha eile úll agus, uaireanta, piorraí a fhástar agus a phioctar in úlloird atá curtha i gceantair éagsúla ar oileán Mhaidéara ina bhfuil miocraeráidí measartha agus ithir níos aigéadaí, óna bhfaigheann na torthaí a saintréithe orgánaileipteacha sonracha.
Tá eolas maith ag táirgeoirí agus tomhaltóirí faoi freisin toisc go raibh sé an-tábhachtach i gcónaí d’áitritheoirí na gceantar ar an oileán ina bhfuil dálaí atá fabhrach chun na torthaí úra óna ndéantar é a fhás, inar forbraíodh an modh déanta leanna úll is traidisiúnta agus inar tugadh isteach cleachtais nua atá údaraithe chun an chineál sin dí chun a tháirgeadh a fheabhsú agus a dhifreáil. Bíonn “féilte” agus “imeachtaí béaloidis” ar siúl sna ceantair sin gach bliain chun a “Sidra de Madeira” agus na húlla agus na piorraí as a ndéantar é a chur chun cinn.
Sainiúlacht an limistéir gheografaigh
Tosca nádúrtha. Is oileán bolcánach é Maidéara i réigiún fothrópaiceach an Atlantaigh Thuaidh. Tá rilíf an-mhíchothrom ann, agus tá na sléibhte géara scartha ag gleannta doimhne, rud a chruthaíonn sliabhraon lárnach ón oirthear go dtí an t-iarthar, atá ingearach leis na gaotha atá i réim, agus tá na hairdí os cionn 1 200 m. Mar gheall ar a shuíomh geografach, tá aeráid shéimh i Maidéara agus ní athraíonn an teocht ach beagán, cé is moite de thalamh níos airde, áit a mbíonn na teochtaí níos ísle. Mar gheall ar thír-raon sléibhtiúil an oileáin agus ar an easpa cosanta ar na trádghaotha bíonn miocraeráidí éagsúla ann – tá an taobh ó dheas grianmhar agus foscúil, agus tá an taobh ó thuaidh scáthach, níos fuaire agus fliuch.
Athraíonn saintréithe na n-ithreacha basaltacha ceannasacha le hairde a mhéadaíonn agus leis an athrú ar an aeráid mar thoradh air sin, a éiríonn níos fliche agus níos fuaire. Sin é an fáth a bhfástar na torthaí a úsáidtear chun “Sidra de Madeira” a tháirgeadh i gceantair ar an oileán ina bhfuil miocaeráidí níos measartha agus níos taise de chuid is mó – ag airdí os cionn 400 m ar an taobh theas agus 300 m ar an taobh thuaidh go príomha – áit a bhfuil caimbeasal agus andasail, idir chinn leath-aigéadacha agus chinn aigéadacha níos coitianta, agus ina bhfuil aerú agus draenáil mhaith.
Tosca daonna. I measc na gcrann torthaí a thug na chéad lonnaitheoirí as an bPortaingéil isteach sna 1420í bhí go leor cineálacha úll agus piorraí a tugadh anall ón bPortaingéil. Bhí na dálaí fáis foirfe díobh sin sna ceantair ina raibh miocraeráidí níos measartha agus ina raibh cré-ithreacha gainmheacha den chuid ba mhó agus aigéadacht idir meánach agus ard iontu.
Ceaptar gur cuireadh tús le táirgeadh “Sidra de Madeira” a luaithe a tháirg na húlloird dóthain torthaí lena dtomhailt agus lena bpróiseáil. Neartaítear é sin le cuntais an chroiniceora Gomes Eanes de Zurara (1410-1474) agus le taifid eile ina dtugtar le fios go bhféadfaí “fíon úll” a fháil i measc na soláthairtí a bhaileodh cabhlaigh na Portaingéile ó oileán Mhaidéara ó lár an 15ú haois ar aghaidh.
Táthar ar an eolas freisin go raibh “fíon úll” á tháirgeadh ó thús an 17ú haois in éineacht le fíon Maidéara, ag baint úsáid as na fáisceáin chéanna agus, i gcásanna áirithe, d’úsáidtí é chun é a thruillmheascadh fiú, go dtí gur tugadh isteach, ag tús an 20ú haois, toirmeasc ar fhíon a dhéanamh ó úlla chun fíon bréige de chuid Mhaidéara a tháirgeadh. Mar gheall ar an toirmeasc sin, thosaigh táirgeoirí áitiúla ag coipeadh a sú úll chun “deoch nua” a dhéanamh, deoch ar thug siad “cidra” nó “sidra” air ar dtús agus “Sidra de Madeira” ina dhiaidh sin, chun é a idirdhealú ó leann úll a bhí á tháirgeadh in áiteanna eile.
Leis an alt a d’fhoilsigh an t-agranamaí João da Mota Prego in 1906 (1859-1931), ina dtugtar tuairisc ar na modhanna a bhí le húsáid chun “leann úll a dhéanamh ar oileán Mhaidéara” agus inar iarradh ar tháirgeoirí áitiúla dul i mbun táirgeadh leann úll, cuireadh go mór lena fhorbairt, agus tá a mholtaí fós a leanúint ag leor táirgeoirí inniu. Ina theannta sin, agus tuairisc á tabhairt aige ar fhorbairt torthaí a bhí ag fás ar oileán Mhaidéara in 1947, mhapáil an t-agranamaí Vieira Natividade (1899-1968) an réimse leathan de chineálacha úll agus piorraí ar an oileán agus léirigh sé na paróistí inar leanadh le traidisiún an déanta leann úll.
Mar gheall ar an éascaíocht a bhaineann le crainn torthaí póma a scaipeadh agus leis an gcleachtas traidisiúnta i Maidéara ábhar géiniteach a shíolrú agus a roinnt ó na torthaí a bhfuil na saintréithe is fearr acu, tháinig go leor de na cineálacha traidisiúnta úll agus piorraí chun cinn a d’eascair as na cinn a thug na Portaingéalaigh isteach i dtosach, agus a d’fhorbair na Briotanaigh a bhí ina gcónaí ar an oileán idir an 16ú agus an 18ú haois. Rinneadh iad a roghnú agus a chaomhnú i gcodanna éagsúla den oileán, i gcás inar coinníodh na cineálacha sin ab b’fhearr a d’oir do dhálaí áitiúla ithreach agus aeráide agus ónar táirgeadh na torthaí is fearr le haghaidh tomhaltas úr agus le haghaidh déanamh leann úll agus rinneadh iad a atáirgeadh ina dhiaidh sin trí bheangú agus cuireadh iad i gcodanna eile den oileán ina bhfuil tréithe comhchosúla.
Le himheacht na gcéadta bliain, mar gheall ar an gcleachtas sin éascaíodh ní hamháin forbairt na bpríomhchineálacha traidisiúnta torthaí póma ach freisin tabhairt isteach le déanaí na gcineálacha coimhthíocha úll agus piorraí, a fhástar agus a phioctar in úlloird Mhaidéara. Tá aigéadacht shuntasach ag na cineálacha sin freisin agus úsáideann roinnt táirgeoirí iad freisin lena leann úll a dhéanamh, a fhaightear trí mhodhanna táirgthe traidisiúnta nó sonracha arna bhforbairt i gceantair éagsúla ar an oileán.
Ar feadh i bhfad, bhí tomhaltas “Sidra de Madeira” teoranta do na háiteanna inar táirgeadh é, agus ba iad na daoine a dhéanadh an leann úll agus a dteaghlaigh go mór mór a bhíodh á ól. Le blianta beaga anuas, tá athrú tagtha ar an scéal, agus méadú suntasach tagtha ar dhíolacháin i mbialanna agus i mbeáir ar an margadh réigiúnach, chomh maith le méadú ar dhíolacháin dhíreacha le tomhaltóirí deiridh ag margaí agus aontaí áitiúla agus ag “féilte” nó ag imeachtaí béaloidis a reáchtáiltear chun an leann úll agus na húlla as a ndéantar é a chur chun cinn.
Mar thoradh ar an spéis i dtraidisiún agus i gcáilíocht an táirge seo, cruthaíodh Cumann Déanta Leann Úll Mhaidéara (APSRAM) i lár 2016, ina dtugtar thart ar 30 táirgeoir leann úll le chéile, agus é mar aidhm acu cáilíocht agus barántúlacht “Sidra de Madeira” a chur chun cinn agus a chosaint, taighde a chur chun cinn agus an táirge a phoiblí.
Nasc idir an limistéar geografach agus saintréithe agus cáil an táirge
Is as saintréithe sonracha ithreach agus aeráide cheantair an oileáin, a chuidigh le hoiriúnú agus cur úllord agus crann aonair réimse leathan de chineálacha úll agus piorraí, a fhaigheann a dtorthaí a n-aigéadacht uathúil agus a saintréithe céadfacha sainiúla, rud a chuirtear ar aghaidh chuig “Sidra de Madeira” freisin, a bheagán nó a mhórán, ag brath ar an meascán torthaí a úsáidtear chun é a tháirgeadh.
A bhuí le saintréithe datha, bolaidh agus blais “Sidra de Madeira”, a shocraítear de réir tréithe sonracha na “gcumasc” nó na meascán torthaí de chineálacha traidisiúnta agus de chineálacha eile úll agus, uaireanta, piorraí a úsáidtear chun é a dhéanamh, agus a aigéadacht shuntasach, atá mar thoradh go príomha ar dhálaí ithreach agus aeráide na gceantar ina bhfástar na torthaí, bhuaigh “Sidra de Madeira” roinnt gradaim náisiúnta, amhail “Concurso Nacional de Cervejas e Sidras Tradicionais” [Comórtas Náisiúnta Beorach agus Leann Úll Traidisiúnta na Portaingéile] agus “Great Taste – Portugal”. Is de bharr tomhaltóirí áitiúla agus, níos mó agus níos mó anois, turasóirí a thugann cuairt ar an oileán a bhfuil cáil ar fheabhas air.
De bharr na dtaifead stairiúil lena bhfianaítear an tábhacht a bhaineann le táirgeadh “fíon úll”, “cidra”, “sidra” agus “Sidra de Madeira” le 600 bliain anuas, bhí na táirgeoirí áitiúla ábalta a dhearbhú go bhfuil leann úll á dhéanamh ar an oileán ó lonnaíodh é i dtosach, sna limistéir is oiriúnaí chun na húlloird ina soláthraítear na torthaí a chur. Is é sin an fáth a bhfuil traidisiún láidir déanta leann úll agus ag óil leann úll ar fud an oileáin, ach go príomha in São Roque do Faial – Santana, Santo António da Serra – Machico, Camacha – Santa Cruz, Jardim da Serra – Câmara de Lobos, Ponta do Pargo – Calheta agus Prazeres – Calheta, áit a reáchtáiltear imeachtaí béaloideas agus imeachtaí sochaíocha gach bliain, mar gheall ar an iomaíocht an-sainiúil idir pobail na n-oileán, chun táirgeadh agus tomhaltas “Sidra de Madeira” a chur chun cinn.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
https://tradicional.dgadr.gov.pt/pt/cat/bebidas-espirituosas/outras-bebidas/1084-sidra-da-madeira-igp