20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 137/12


Foilsiú an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na tagartha d’fhoilsiú na sonraíochta táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona

(2023/C 137/09)

Bronnann an foilseachán seo an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

’TERRAS DE CISTER'

PGI-PT-02351

Dáta cur i bhfeidhm: 2 Márta 2017

1.   An tAinm atá le clárú

Terras de Cister

2.   Cineál an táisc gheografaigh

TGFC — Tásc Geografach faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar na fíonta

Fíonta geala, fíonta rosé agus fíonta dearga

Fíonta geala

Dath citrín orthu atá ar mheándéine. Dea-bholadh mianrach caolchúiseach orthu a mbíonn dea-bholadh an chitris agus torthaí geala i dtreise ann. Nótaí ceimiceacha agus plandúla iontu, a bhfuil nótaí de thorthaí éadroma trópaiceacha agus de chlochthorthaí ag déanamh cothromaíochta leo. Fad orthu sa bhéal, meántathag iontu, agus nótaí aigéadacha iontu a léiríonn an t-alcól agus an blas milis.

Fíonta iad atá ardaigéadach de réir nádúir, a mbíonn dea-bholadh tréan orthu agus carachtar citreasach acu atá spéiriúil, úr.

Fíonta rosé

Idir glé agus gléigeal atá siad i gcuma, agus dath bándearg orthu. Dea-bholaithe orthu de thorthaí úra, de shú craobh agus de thorthaí dearga. Iad úr leanúnach, go ginearálta, agus neart aigéadachta agus beocht aigéadachta iontu.

Fíonta dearga

Dath éadrom de dhath dearg an rúibín orthu, le himireacha dearga fíonmhara. Meán-dea-bholadh orthu, ina bhfuil cothromaíocht idir nótaí plandúla, nótaí de chlochthorthaí aibí agus nótaí de thorthaí dearga, maille le nótaí adhmaid, agus spíosra. Meántathag iontu agus fad orthu sa bhéal, maille le cnapthacht agus tirime tadhaill le sainiúlacht éadrom. Fíonta éadroma, míne is ea iad, a bhfuil úire mhaith iontu.

Comhlíonann na saintréithe anailíseacha eile teorainneacha na rialachán atá i bhfeidhm.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (% de réir toirte)

10,0

Aigéadacht iomlán íosta

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

a.   Cleachtais riachtanacha fhíoneolaíocha

1.   Fíonta geala, fíonta rosé agus fíonta dearga

Modhanna saothraithe

Na modhanna saothraithe a úsáidtear i bhfíonghoirt chun fíonta a tháirgeadh a bheadh i dteideal TGFC “Terras de Cister”, ní mór iad a bheith ina modhanna atá traidisiúnta sa réigiún nó ina modhanna a mholann an t-údarás deimhniúcháin.

Na fíniúnacha a bhfuiltear lena n-úsáid chun fíonta a tháirgeadh a bheadh i dteideal TGFC “Terras de Cister”, fástar ina n-aonar iad, i bhfoirm íseal, déantar an phrúnáil orthu i bhfoirm cuach nó tródaim, agus is in ithreacha de na cineálacha seo a leanas a chuirtear iad:

liteasail húmasacha de shiosta agus d’eibhear;

ithreacha donna agus dearga de shiosta Meánmhuirí;

liteasail neamh-húmasacha eibhir agus miogmaitíte;

idirithreacha agus ithreacha donna nó dearga Meánmhuirí de shiosta nó naghas claochlaithe, a mbíonn leibhéal ard aigéadachta iontu go ginearálta.

2.   Fíonta geala, fíonta rosé agus fíonta dearga

Srianadh ábhartha maidir le déanamh na bhfíonta

Na húrfhíonta sin a bhfuiltear lena n-úsáid chun fíonta a tháirgeadh a bheadh i dteideal an TGFC “Terras de Cister”, ní mór iad a bheith ina n-úrfhíonta ag a bhfuil neart alcóil nádúrtha de réir toirte 9.0 (% de réir toirte) nó níos mó ná sin.

b.   Táirgeacht uasta

Fíonta geala, fíonta rosé agus fíonta dearga

120 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Cuimsíonn an limistéar geografach táirgeachta le haghaidh an TGFC “Terras de Cister” na bardais (nó na codanna de bhardais) seo a leanas i gceantar Viseu:

Armamar: União das Freguesias de Aricera e Goujoim, Coura e Tões pharóiste Armamar, União das Freguesias de São Romão e Santiago, Cimbres, Queimada, Queimadela, Santa Cruz, São Cosmado, São Martinho das Chãs, agus an chuid de pharóiste Aldeias nach bhfuil ina cuid de Réigiún Críochaithe an Duoro;

Lamego: paróistí Avões, União das freguesias de Bigorne, Magueija e Pretarouca, Britiande, União das freguesias de Cepões, Meijinhos e Melcões, Ferreirim, Lalim, Lazarim, Penude, Vila Nova de Souto d’El-Rei, agus an chuid de pharóiste Várzea de Abrunhais nach bhfuil ina cuid de Réigiún Críochaithe an Douro;

Moimenta da Beira;

Penedono;

São João da Pesqueira: paróiste Pereiros, in União das Freguesias de Vilarouco e Pereiros e Riodades;

Sernancelhe;

Tabuaço: paróistí Arcos, Chavães, Granja do Tedo, Longa, paróiste Paradela san União das Freguesias de Paradela e Granjinha, an União das Freguesias de Pinheiros e Vale de Figueira agus an chuid de pharóiste Sendim nach bhfuil ina cuid de Réigiún Críochaithe an Duoro;

Tarouca.

7.   Na príomhchineálacha fíonchaor

 

Alfrocheiro — Tinta-Bastardinha

 

Alicante-Bouschet

 

Alicante-Branco

 

Alvar

 

Alvar -Roxo

 

Alvarelhão — Brancelho

 

Alvarinho

 

Amaral

 

Aragonez — Tinta-Roriz; Tempranillo

 

Arinto — Pedernã

 

Arinto-do-Interior

 

Assaraky

 

Azal

 

Baga

 

Barcelo

 

Bastardo — Graciosa

 

Bical — Borrado-das-Moscas

 

Cabernet-Franc

 

Cabernet-Sauvignon

 

Camarate

 

Campanário

 

Castelão — João-de-Santarém(1); Periquita

 

Cerceal-Branco

 

Chardonnay

 

Cidreiro

 

Coração-de-Galo

 

Cornifesto

 

Códega-do-Larinho

 

Encruzado

 

Fernão-Pires — Maria-Gomes

 

Folgasão — Terrantez

 

Folgasão -Roxo

 

Folha -de -Figueira — Dona-Branca

 

Fonte -Cal

 

Gewürztraminer

 

Gouveio

 

Grand-Noir

 

Jaen — Mencia

 

Jampal

 

Loureiro

 

Luzidio

 

Malvasia-Fina — Boal; Bual

 

Malvasia-Fina-Roxa

 

Malvasia-Preta

 

Malvasia-Rei

 

Marufo — Mourisco-Roxo

 

Merlot

 

Monvedro

 

Moreto

 

Pilongo

 

Pinot-Blanc

 

Pinot-Gris — Pinot-Grigio

 

Pinot-Noir

 

Português-Azul — Blauer-Portugieser

 

Rabo-de-Ovelha

 

Riesling

 

Rufete — Tinta-Pinheira

 

Sauvignon — Sauvignon-Blanc

 

Semillon

 

Sercial — Esgana-Cão

 

Sercialinho

 

Syrah — Shiraz

 

Síria — Roupeiro, Códega

 

Tamarez — Molinha

 

Terrantez

 

Tinta -Barroca

 

Tinta -Carvalha

 

Tinta-Francisca

 

Tinta Negra Mole, Saborinho

 

Tintem

 

Tinto-Cão

 

Touriga-Franca

 

Touriga-Fêmea

 

Touriga-Nacional

 

Trincadeira — Tinta-Amarela, Trincadeira-Preta

 

Tália — Ugni-Blanc; Trebbiano-Toscano

 

Uva-Cão

 

Verdelho

 

Verdial-Branco

 

Vinhão — Sousão

 

Viosinho

 

Vital

 

Água -Santa

8.   Tuairisc ar na naisc

Fíonta geala, fíonta rosé agus fíonta dearga

Mionsonraí faoin limistéar geografach is ábhartha maidir leis an nasc

Tosca nádúrtha

Limistéar in oirthuaisceart na Portaingéile, a bhfuil sraith sliabhraonta timpeall air agus cosaint aige dá mbarr ar thionchair sheachtracha, sliabhraonta ar a n-áirítear Serra de Santa Helena (1 102 m), Monte Raso (851 m), agus Serra da Nave – Leomil (1 015 m).

De bharr na sléibhte a bheith ina suí i bhfoirm triantáin tá saintréithe méiseolaíocha agus aeráide ar leith ag an réigiún agus bacainn nádúrtha aige in aghaidh na n-aermhaiseanna taise ón gcósta agus ó ghaotha garga na mórthíre.

Ar na príomhghnéithe a shainíonn an tírdhreach agus a chríochaíonn an réigiún i dtéarmaí geografacha agus aiceanta, tá an dá phríomhabhainn: an Távora agus an Varosa.

Aeráid ilchríochach mheasartha atá sa limistéar, rud a ndéanann topagrafaíocht an réigiúin an-difear dó. Bíonn an samhradh measartha te agus tirim, agus athraitheacht mhór teochta ann. Bíonn an geimhreadh fuar, agus tréimhsí fada seaca ann, mall sa séasúr corruair.

Faigheann sé méid measartha báistí, agus faigheann sé níos mó di sa gheimhreadh ná sa samhradh tráth a mbíonn ganntanas uisce ann sna míonna is teo. An bhogthaise choibhneasta bíonn sí sin beagán ard de bharr ceo a thagann isteach ó ghleann an Távora.

Is eárd atá sna hithreacha, den chuid is mó, créanna gainmheacha, eibhreacha, éadroma, atá ar bheagán acmhainneachta ó thaobh coinneáil uisce de agus a bhfuil cion íseal ábhair orgánaigh iontu, maille le cion ard potaisiam agus fosfair. Is ithreacha aigéadacha iad, go ginearálta.

Tosca daonna

Tá stair an táirgthe fíona sa réigiún seo nasctha go dlúth, ní hamháin le saintréithe geografacha an réigiúin, ach freisin le teacht manach de chuid na gCistéirseach chun an réigiúin sa 12ú haois. Thóg na manaigh mainistreacha agus eaglaisí agus chuir siad na chéad fhíonghoirt, sa réigiún ar a dtugtar “Terras de Cister” sa lá atá inniu ann.

Cuireann na cineálacha fíonchaor a fhástar le saintréith shonrach na dtáirgí fíona atá i dteideal an tsonrúcháin tionscnaimh gheografaigh seo, i dteannta tosca nádúrtha agus daonna eile. Chomh maith leis an iliomad cineálacha dúchasacha fíonchaor, rud a thugann saintréith réigiúnach láidir, tá cineálacha eile sa réigiún a tugadh isteach tráth nach rófhada ó shin agus atá in oiriúint go seoigh do na dálaí geografacha agus tírdhreacha agus a neartaíonn tábhacht an réigiúin mar réigiún fíonóireachta.

Saintréithe sonracha na bhfíonta a bhaineann leis an limistéar geografach

Fíonta úra is ea iad, ina ngabhann na nótaí aigéadacha treise ar an alcól agus ar an mblas milis.

Tá cumhracht éadrom orthu agus struchtúr éadrom iontu, arb é is saintréith dóibh an aigéadacht ard ó nádúr, an mhianracht agus an neart alcóil íseal, maille le léiriú maith aramatach ar na cineálacha fíonchaor.

Fíonta úra is ea na fíonta geala agus na fíonta rosé, agus is sonraíoch an chothromaíocht atá san aigéadacht iontu.

Fíonta éadroma, míne is ea na fíonta dearga, agus úire mhaith iontu.

Nasc cúisíoch

An chosaint a thugann an rilíf thopagrafach phríomha, tá sí ar cheann de phríomhshaintréithe an limistéir gheografaigh agus, chomh maith leis sin, tá tionchar aici ar an aeráid. Oibríonn an aeráid ar fhás agus aibiú na bhfíniúnacha agus ar an gcaoi sin imríonn sí tionchar díreach ar cháilíocht na bhfíonta. Is rífhurasta an tionchar seo a aithint ar mhíne na bhfíonta agus ar an léiriú aramatach atá iontu.

Mar go mbíonn an samhradh te, cruthaíonn sé sin dálaí maithe le haghaidh lánaibiú na bhfíonchaor, agus bíonn a chonách sin ar chuidí aramatach na bhfíonta. A bhuí leis an athraitheacht teochta laethúil le linn an tsamhraidh, féadann na fíonchaora an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an cion siúcra agus an leibhéal aigéadachta, agus bíonn a chonách sin, ó thaobh na cothromaíochta de, ar na fíonta a tháirgtear as na fíonchaora.

Tugann na hithreacha – ithreacha atá eibhreach aigéadach ó nádúr, den chuid is mó – agus an cion íseal ábhair orgánaigh atá iontu, tugann siad gné mhianrach do na fíonta agus cuidíonn siad go cinnte saintréith sin na hardaigéadachta ó nádúr a thabhairt dóibh.

Rud eile a tháinig de thopagrafaíocht an réigiúin go bhfuil saothrú fíniúnacha á dhéanamh sna sléibhte i dteannta cleachtais saothraithe traidisiúnta. Tháinig de sin na dálaí chun fíonta a tháirgeadh ag a bhfuil saintréithe sonracha, a aithnítear as an aigéadacht ard ó nádúr, as an úire bhreá, agus an gcarachtar agus an struchtúr maith.

Dá réir sin, na cineálacha atá oiriúnach chun fíonta a tháirgeadh sa réigiún mar go bhfuil siad in oiriúint go seoigh don aeráid, tá siad ar na fachtóirí is criticiúla a chinneann saintréithe cáilíochta na bhfíonta, go háirithe a saintréithe aramatacha.

9.   Coinníollacha breise riachtanacha

Fíonta geala, fíonta rosé agus fíonta dearga

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Maolú ar tháirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Is féidir fíonta le TGFC “Terras de Cister” a tháirgeadh ó fhíonchaora a d’fhás laistigh den réigiún agus a fíonaíodh lasmuigh de, faoi réir údarú a fháil ar bhonn cás ar chás ón gcomhlacht deimhniúcháin, ar choinníoll nach mó ná 15 km atá áit na fíonóireachta ó theorainn an TGFC “Terras de Cister” agus go bhfuil tuairim fhabhrach tugtha ina leith sin ag comhlacht deimhniúcháin an réigiúin comharsanachta ina bhfuil na fíonchaora le fíonú.

Fíonta geala, fíonta rosé agus fíonta dearga

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Formheas roimh ré i ndáil leis an lipéadú: Ní mór na lipéid atá le húsáid ar tháirgí TGFC “Terras do Cister” a chur faoi bhráid an údaráis deimhniúcháin le haghaidh a bhformheasta.

Ní mór an trádmharc a chlárú leis an INMT [Institiúid Náisiúnta um Maoin Thionsclaíoch], ach ní trádmharc é ar leis an TGFC go heisiach é.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.ivv.gov.pt/np4/8616.html


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.