4.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 122/6


Fógra d’oibreoirí eacnamaíocha

Babhta nua d’iarrataí ar na dleachtanna Comhtharaife Custaim uathrialaitheacha ar tháirgí áirithe tionsclaíocha agus talmhaíochta a chur ar fionraí

(2023/C 122/06)

Cuirtear in iúl d’oibreoirí eacnamaíocha go bhfuil iarrataí faighte ag an gCoimisiún i gcomhréir leis na socruithe riaracháin dá bhforáiltear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le fionraíochtaí agus taraif-chuótaí uathrialaitheacha (2011/C 363/02) (1) le haghaidh babhta Eanáir 2024.

Tá liosta na dtáirgí a n-iarrtar fionraí dleachta ina leith ar fáil anois ar shuíomh gréasáin téamach (Europa) an Choimisiúin maidir leis an aontas custaim (2).

Cuirtear in iúl d’oibreoirí eacnamaíocha freisin gurb é an 16 Meitheamh 2023 an spriocdháta le haghaidh agóidí i gcoinne iarrataí nua a chur chuig an gCoimisiúin, trí na riaracháin náisiúnta, agus is é sin dáta an dara cruinniú atá beartaithe de chuid Ghrúpa na gCeisteanna Taraife Eacnamaíocha.

Moltar d’oibreoirí leasmhara féachaint ar an liosta go rialta chun a bheith ar an eolas faoi stádas na n-iarrataí.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoin nós imeachta maidir leis an taraif-fhionraíocht uathrialaitheach a fháil ar shuíomh gréasáin Europa:

Suspensions (Autonomous Tariff Suspensions) (europa.eu)


(1)  IO C 363, 13.12.2011, lch. 6.

(2)  Suspensions - Home Page (europa.eu)