30.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/18


Fógra maidir le Cuótaí Rátaí Taraife áirithe a chruthú faoin mbeart coimirce cruach i ndáil leis an leasú ar Rialachán (AE) 2020/2170

(2023/C 115/06)

An 31 Eanáir 2019, d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) bearta coimirce cinntitheacha ar tháirgí áirithe cruach (“an Rialachán maidir le Bearta Coimirce Cinntitheach”) (1).

An 27 Feabhra 2023, chuir an Coimisiún togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle le haghaidh leasú ar Rialachán (AE) 2020/2170 a mhéid a bhaineann le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm maidir le táirgí áirithe a aistrítear chuig Tuaisceart Éireann (2). De réir an togra, ba cheart táirgí áirithe cruach de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus a chuirtear chun bealaigh go díreach ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe isteach go Tuaisceart Éireann a bheith ceadaithe tairbhe a bhaint as chuótaí rátaí taraife ábhartha an Aontais nuair a aistrítear go Tuaisceart Éireann iad. I gcás ina nglacfaí an togra seo, ní mór an beart coimirce cruach a leasú trí Chuótaí Rátaí Taraife tiomnaithe a chruthú le haghaidh aistrithe catagóirí áirithe táirgí cruach, mar a chumhdaítear leis an togra, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus a chuirtear chun bealaigh go díreach ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe isteach go Tuaisceart Éireann.

1   Raon feidhme an táirge

Ní bhaineann an leasú ar an mbeart coimirce cruach ach le dhá chatagóir táirgí: Plátaí Cuartó Neamh-Chóimhiotail agus Cóimhiotail Eile (3) (catagóir 7) agus Uillinneacha, Cruthanna agus Cónaisc déanta as Iarann nó as Cruach Neamh-Chóimhiotail (4) (catagóir 17).

2   Raon feidhme an imeachta

Tá raon feidhme an imeachta seo teoranta do dhá tharaif-chuóta thiomnaithe a chruthú le haghaidh aistrithe chatagóirí 7 agus 17 de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus a chuirtear chun bealaigh go díreach ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe isteach go Tuaisceart Éireann.

3   Modheolaíocht

Measann an Coimisiún gur cheart gurb í seo a leanas an mhodheolaíocht is iomchuí chun méid na dtaraif-chuótaí nua sin a ríomh:

a)

sonraí staidrimh a úsáid atá ar fáil (5) don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022;

b)

Sonraí a bhliantúlú chun an méid a fháil a bheadh ina chuóta rátaí taraife do bhliain;

c)

Méideanna a leithdháileadh go ráithiúil i gcomhréir le líon na laethanta i ngach ráithe.

I bhfianaise na modheolaíochta thuas, tá méideanna na gcuótaí rátaí taraife a thagann as sin in aghaidh na catagóire táirge agus an tionscnaimh ar bhonn bliantúil in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bhFógra seo.

Ní dhéanann an cuóta rátaí taraife atá beartaithe difear ar bhealach ar bith do mhéideanna ná do riar na gcuótaí rátaí taraife domhanda atá ann cheana sa dá chatagóir sin.

3.1    Aighneachtaí i scríbhinn

Iarrann an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara barúil a thabhairt go heisiach ar na cuótaí rátaí taraife nua atá beartaithe mar thoradh ar an oiriúnú. Beidh raon feidhme na mbarúlacha teoranta don mhodheolaíocht a chuirfear i bhfeidhm chun na cuótaí rátaí taraife a oiriúnú.

Ní mór aon aighneacht, agus an fhianaise thacaíochta sin, a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 10 lá ó lá foilsithe an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.2    Faisnéis a chur isteach agus síneadh a chur leis na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo

Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creata ama a shonraítear san Fhógra seo. Ní féidir aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san Fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis. I gcás síntí eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo i dtaca leis an sprioc-am le haghaidh aighneachtaí, is gnách nach mbeidh níos mó ná síneadh 3 lá breise i gceist leo.

3.3    Treoracha le haghaidh aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh

Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir aighneachtaí agus láimhseáil agus measúnú tapa na n-aighneachtaí sin, tá teimpléad deartha ag an gCoimisiún nach mór do pháirtithe a úsáid agus iad ag cur isteach a mbarúlacha. Tá an teimpléad ar fáil mar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bhFógra seo.

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche nós imeachta cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú seo i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.

Gach aighneacht i scríbhinn arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad “Teoranta” orthu (6). Páirtithe a thíolacann faisnéis le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu cúis a thabhairt lena n-iarraidh go gcóireálfaí faoi rún í.

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis “Teoranta” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/478 (7) agus Airteagal 5 de Rialachán AE 2015/755 (8). Cuirfear an lipéad “Lena n-iniúchadh ag páirtithe leasmhara” ar na hachoimrí sin. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta agus ní mór dóibh a bheith faighte ag an gCoimisiún an tráth céanna leis an leagan Teoranta”.

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus ar an gcaighdeán a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI), lena n-áirítear cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2011/june/tradoc_148003.pdf

Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus a seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil, seoladh a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Direction G, unité G5

Bureau: CHAR 03/66

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

TRON.tdi: https://webgate.ec.europa.eu/tron/tdi

Seoladh ríomhphoist: TRADE-SAFE009-REVIEW@ec.europa.eu

4   Sceideal

Má ghlacann na comhreachtóirí an togra chun an Rialachán maidir le cuótaí rátaí taraife a leasú, tiocfaidh an leasú ar rialachán coimirce cruach an Aontais i bhfeidhm a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

5   An tOifigeach Éisteachta

Gníomhaíonn an tOifigeach Éisteachta mar phointe teagmhála idir na páirtithe leasmhara agus seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, iarrataí ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe faoi mar a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an imeachta.

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh. I bprionsabal, beidh na hidirghabhálacha sin teoranta do na saincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn i rith an imeachta seo.

Ba cheart iarraidh ar idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://ec.europa.eu/trade/trade-policy-and-you/contacts/hearing-officer/

6   Sonraí pearsanta a phróiseáil

I ndáil le haon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: http://trade.ec.europa.eu/doclib/html/157639.htm


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha ar allmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27).

(2)  COM(2023) 125 final 2023/0063 (COD), 27.2.2023

(3)  Cóid CN: 7208 51 20, 7208 51 91, 7208 51 98, 7208 52 91, 7208 90 20, 7208 90 80, 7210 90 30, 7225 40 12, 7225 40 40, 7225 40 60, 7225 99 00.

(4)  Cóid CN: 7216 31 10, 7216 31 90, 7216 32 11, 7216 32 19, 7216 32 91, 7216 32 99, 7216 33 10, 7216 33 90.

(5)  Sonraí atá ar fáil ón gcóras leictreonach a bunaíodh ar bhonn Airteagail 55 agus 56 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015

(6)  Is éard is doiciméad “Teoranta” ann doiciméad a mheastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/478, Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/755 agus Airteagal 3.2 de Chomhaontú EDT maidir le Bearta Coimirce. Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(7)  IO L 83, 27.3.2015, lch. 16.

(8)  IO L 123, 19.5.2015, lch. 33.

(9)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN I

Méideanna na gcuótaí rátaí taraife

Uimhir táirge

Catagóir táirge

Cóid AC

Leithdháileadh de réir tíre (I gCás inarb Infheidhme)

Bliain 6

Ráta dleachta breise

Ón 1.7.2023 go dtí an 30.9.2023

Ón 1.10.2023 go dtí an 31.12.2023

Ón 1.1.2024 go dtí an 31.3.2024

Ón 1.4.2024 go dtí an 30.6.2024

Méid na gcuótaí rátaí taraife (glantonaí)

7

Plátaí Cuartó Neamh-Chóimhiotail agus Cóimhiotail Eile

7208 51 20 , 7208 51 91 , 7208 51 98 , 7208 52 91 , 7208 90 20 , 7208 90 80 , 7210 90 30 , 7225 40 12 , 7225 40 40 , 7225 40 60 , 7225 99 00

An Úcráin (1)

280 051,01

280 051,01

277 006,97

277 006,97

25  %

Tíortha eile

575 178,29

575 178,29

568 926,35

568 926,35

25  %

An Ríocht Aontaithe (chuig Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe)

5 231,58

5 231,58

5 174,72

5 174,72

25  %

17

Uillinneacha, Cruthanna agus Cónaisc déanta as Iarann nó as Cruach Neamh-Chóimhiotail

7216 31 10 , 7216 31 90 , 7216 32 11 , 7216 32 19 , 7216 32 91 , 7216 32 99 , 7216 33 10 , 7216 33 90

An Úcráin

31 232,21

31 232,21

30 892,73

30 892,73

25  %

Tíortha eile

67 361,21

67 361,21

66 629,03

66 629,03

25  %

An Ríocht Aontaithe (chuig Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe)

14 061,23

14 061,23

13 908,39

13 908,39

25  %


(1)  Fiú má tá an Úcráin liostaithe san Iarscríbhinn, níl na cuótaí tírshonracha sin a bhfuil sraithuimhir nasctha leo infheidhme mar thoradh ar Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 152, 3.6.2022, lch. 103).


IARSCRÍBHINN II

TEIMPLÉAD D’AIGHNEACHTAÍ

1.   

Má bhíonn aon bharúil agat maidir leis an modheolaíocht a mhínítear i Roinn 3 den Fhógra, mínigh na cúiseanna atá leis sin agus cuir modheolaíocht mhalartach ar fáil, sa Bhosca thíos agus in dhá leathanach ar a mhéad. Más mian leat modheolaíocht mhalartach a chur ar fáil don Choimisiún chun méideanna na gcuótaí rátaí taraife a ríomh, cuir na ríomhanna athbhreithnithe a eascraíonn as sin i gcomhad Excel ar leith.

2.   

☐ Cuirim comhad ríomhanna Excel ar leith i gceangal (cuir tic sa bhosca i gcás inarb iomchuí)

A)

Cúiseanna le modheolaíocht mhalartach:

B)

Modheolaíocht mhalartach: