8.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 86/28


Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta, ar leasú atá ann ar shonraíocht táirge le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus earraí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún

(2023/C 86/14)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 6b(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).

Formheas leasaithe chaighdeánaigh ar shonraíocht táirge le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint de thionscnamh Ballstáit a chur in iúl (Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012)

“Agneau du Quercy”

Uimh. AE: PGI-FR-0185-AM01 – 8-12-2022

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm an táirge

“Agneau du Quercy”

2.   An Ballstát ina bhfuil an limistéar geografach

An Fhrainc

3.   Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl

An Aireacht Talmhaíochta agus Biafhlaithis

4.   Tuairisc ar an leasú (na leasuithe) formheasta

4.1.   Roinn freagrach sa Bhallstát

Cuireadh leis sonraí teagmhála na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO), agus í ar an údarás inniúil sa Bhallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

4.2.   Grúpa iarratasóra

Tugadh sonraí teagmhála an ghrúpa iarrthaigh cothrom le dáta. Scriosadh an chuid thuairisciúil maidir leis an ngrúpa iarrthach. Cuireadh catagóirí éagsúla na n-oibreoirí a bhfuil an grúpa comhdhéanta díobh leis.

4.3.   An cineál táirge

Rinneadh athbhreithniú ar an roinn seo i gcomhréir leis an ainmníocht atá i bhfeidhm faoi láthair.

4.4.   Tuairisc ar an táirge

Athraíodh aois na n-uan tráth a maraithe ó idir 90 agus 180 lá, mar ab amhlaidh sa tsonraíocht táirge thosaigh í, go dtí idir 60 agus 150 lá.

Leis an tuairisc ar an táirge, cuirtear i dtábhacht dá bhrí sin na príomh-shaintréithe a bhaineann leis, mar atá, an fíoras go mbíonn na huain óg (iad maraithe agus iad idir 60 agus 150 lá d’aois) agus éadrom (meáchan conablaigh idir 13 go 22 kg) agus go mbíonn siad ag diúl ar feadh tréimhse fhada (70 lá ar a laghad, nó go dtí tráth a maraithe más rud é go maraítear iad agus iad idir 60 agus 69 lá d’aois).

Cuireadh na critéir leis maidir le conablaigh a roghnú (“aicmí cumraíochta: U, R nó O” agus “méid cumhdaigh saille: 2 nó 3”). Sainíodh saintréithe na huaineola agus cuireadh leis an roinn seo iad freisin (“saill atá teann go dtí an-teann; saill ar a bhfuil dath bán go beagán bándearg; feoil amh ar a bhfuil dath bándearg éadrom.”).

Leagtar na pointí sin amach arís faoi fhoroinn 5.6 “Marú”.

An fhaisnéis atá ann cheana agus a bhaineann le pór na n-ainmhithe, na céimeanna sa táirgeadh a tharlaíonn sa limistéar geografach agus an tseidfheirmeoireacht, aistríodh agus leathnaíodh an fhaisnéis sin sa roinn maidir leis an modh táirgthe.

Cuireadh abairt leis maidir leis an bhféidearthacht na táirgí a sheoladh ar bhonn mórdhíola nó pacáistithe.

I gcás táirgí a chumhdaítear le TGFC, cuireadh liosta táirgí scairtí agus a gcuid saintréithe leis. Is iad na táirgí scairtí lena mbaineann an t-ae, an croí, an liathán, na scamhóga, an teanga, an inchinn, briseáin mhilse, na duáin agus na huiríocha. Ní cheadaítear ach an scairteach sin a thógtar ó chonablaigh uan atá roghnaithe le haghaidh TGFC.

A mhéid a bhaineann leis an íosreo, cuireadh an fhéidearthacht leis maidir le feoil agus le scairteach íosreoite “Agneau du Quercy” a mhargú.

Leis an tsonraíocht táirge, leagtar amach na coinníollacha maidir leis an íosreo (próiseas lena gcumasaítear lár-theocht -18 °C a shroicheadh laistigh de 10 n-uair an chloig ar a mhéad), agus leagtar síos dáta marthanachta íosta agus tréimhse uasta idir an marú agus an t-íosreo faoi fhoroinn 5.8.

4.5.   Limistéar geografach

Cuireadh abairt leis lena meabhraítear na céimeanna sa táirgeadh a tharlaíonn sa limistéar geografach, mar atá, saolré iomlán na n-uan ó bhreith go marú na n-uan, agus lena dtugtar dáta an Chóid Gheografaigh Oifigiúil le fios.

Cuireadh liosta bardas in aghaidh na roinne in ionad na tuairisce ar an limistéar geografach de réir cantúin nó ceantair. Ní dhéantar difear leis na leasuithe sin d’imlíne an limistéir gheografaigh, nach bhfuil aon athrú déanta air.

Scriosadh na léarscáileanna sa tsonraíocht táirge.

4.6.   Cruthúnas ar thionscnamh an táirge sa limistéar

I gcomhréir leis na treoirlínte atá i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta chun dréachtú na sonraíochtaí táirge a chomhchuibhiú, cuireadh abairt leis, ag tús na roinne, maidir leis an ngá d’oibreoirí iarratas a dhéanamh ar an ngrúpa iarrthach.

Athscríobhadh an roinn sin ar fad agus athfhormáidíodh mar thábla í. Na doiciméid, na taifid agus an fhaisnéis a cheanglaítear ag gach céim de shaolré an táirge (tógáil, marú, gearradh/pacáistiú, íosreo), cuireadh iad leis an roinn sin.

Cuireadh tuairisc mhionsonraithe leis freisin ar an inrianaitheacht ó bharr anuas agus ó bhun aníos chun tionscnamh “Agneau du Quercy” a ráthú.

Ar mhaithe le soiléireacht, sainmhíníodh coincheap bhaisc an mharaithe mar chainníocht inathraitheach d’uain ar leis an bhfeirmeoir céanna iad agus a bhfuil sé beartaithe go maróidh an marfóir ainmhithe céanna an lá céanna iad.

Cuireadh an oibleagáid leis maidir le doiciméid a bhaineann leis an inrianaitheacht a choimeád ar feadh 3 bliana.

Scriosadh na pointí a chumhdaítear leis an nós imeachta um rialú a leagtar síos sa phlean um rialú. Scriosadh an tagairt do bhogearraí AGATE a úsáidtear i seamlais freisin toisc nach n-úsáidtear a thuilleadh iad.

4.7.   An modh táirgthe

Cuireadh isteach léaráid de shaolré an táirge, lena dtaispeántar céimeanna difriúla an mhodha táirge, i gcomhréir leis na leasuithe eile a rinneadh ar an tsonraíocht táirge.

Athscríobhadh an roinn sin ar fad chun tuairisc níos beaichte a thabhairt ar thréithe sonracha fheirmeoireacht “Agneau du Quercy”. Cruthaíodh foranna nua dá bhrí sin le haghaidh gach céim den táirgeadh. Roinneadh ina bhforanna comhfhreagracha agus leathnaíodh ceithre phointe na sonraíochta táirge tosaigh lena leagtar amach na céimeanna táirgthe atá le déanamh sa limistéar TGFC (breith, tógáil agus marú), ceanglais maidir le diúl (iad a bheith ag diúl bhainne na máthar ar feadh 70 lá ar a laghad), an tseidfheirmeoireacht agus aois tráth a maraithe (iad maraithe agus iad idir 90 agus 180 lá d’aois).

Foroinn 5.2 “Sainiúlachtaí a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht”

Níl aon athrú déanta ar na céimeanna atá le déanamh sa limistéar geografach. Leasaíodh an abairt chun oibleagáid a chur léi go dtógfar uain ar an ngabháltas céanna ó thráth a mbeirthe go tráth a maraithe.

Foroinn 5.3.1 “Aiste bia an tréada”

Cuireadh an fhoroinn leis chun tuairisc a thabhairt ar aiste bia an tstoic shíolraíochta (aithreacha agus máithreacha), lena bhféadfar tréimhsí lasmuigh nó i seideanna a mhalartú ar feadh na bliana. Cuireadh liosta leis d’amhábhair agus de bhreiseáin thoirmiscthe chun cleachtais a rialáil, agus ceanglas go mbeidh gach gabháltas 55 % neamhthuilleamaíoch ar a laghad ó thaobh beatha in ábhar tirim de (rud nach infheidhme maidir le córais buailteachais).

Foroinn 5.3.2 “Na huain a bheathú”

Coinnítear an oibleagáid ar bun go mbeidh uain ag diúl ar feadh 70 lá. I gcomhréir leis an athrú ar aois an mharaithe, cuireadh an fhéidearthacht leis chun uain nach bhfuil bainte den dúil, agus atá idir 60 agus 69 lá d’aois, a mharú. Leasaíodh an abairt freisin chun “tar is a bheith ag diúl” a chur in ionad “arna mbeathú le bainne a máthar”, chun aon mhalartú uan idir máithreacha, mar gheall ar an uchtú nó ar fhadhbanna diúil, a chur san áireamh.

Cuireadh cosc ar an mbeathú buidéil leis.

Comhlánaíodh an roinn seo leis an liosta amhábhar a úsáidtear chun na huain a bheathú agus leis an liosta breiseán agus amhábhar coiscthe, chun tuairisc níos beaichte a thabhairt ar chleachtais iarbhír fheirmeoirí TGFC “Agneau du Quercy”. Cuirtear é ar a gcumas do na feirmeoirí leis sin an chéim sin den táirgeadh a rialáil go beacht, an táirgeadh ar gach gabháltas a chaighdeánú agus úsáid amhábhar, lena bhféadfaí dochar a dhéanamh do shláinte na n-uan (an córas díleá a lagú) nó do cháilíocht an táirge, a sheachaint.

I gcomhréir le hainmníocht an Rialacháin Eorpaigh maidir le catalóg na n-ábhar beatha (Rialachán (AE) Uimh. 68/2013), cuireadh liosta leis d’amhábhair atá údaraithe chun na huain a bheathú.

Cuireadh liosta d’amhábhair agus de bhreiseáin choiscthe leis freisin agus comhlánaíodh é le cosc ar úsáid an fharae arna chaomhnú leis an sadhlasú agus leis an gcornadh i mbeatha na n-uan.

Céatadán íosta de 30 % de ghránaigh agus de dhíorthaigh ghránaigh i mbeatha chumaisc na n-uan, cuireadh é sin leis chun aiste chothrom bia a áirithiú.

Leasaíodh an pointe a bhaineann leis an sainmhíniú ar “Agneau du Quercy” mar “uan seidsaothraithe” chun an fhéidearthacht a áireamh go rachaidh uain lasmuigh in éineacht lena máithreacha.

Cuireadh oibleagáid leis chun cróite na n-uan a dheighilt ó bheatha na gcaorach.

Foranna 5.4. “Dálaí compoird agus sláintíochta ar an bhfeirm” agus 5.5 “Uain a bhailiú agus a iompar”

Maidir leis an bhforoinn i dtaca le “Tionscnamh géiniteach”: Is é a bhí luaite leis an tsonraíocht táirge thosaigh gur tháinig “Agneau du Quercy” ó phór Caussenarde du Lot “go príomha”. Cuireadh ainm oifigiúil an phóir, Causses du Lot, in ionad an ainm sin.

Cuireadh dhá phór le liosta na bpór údaraithe i gcás na máithreacha: an Blanche du Massif Central agus an Lacaune viande. Féadfar na trí phór sin a úsáid mar ainmhithe folaíochta nó mar ainmhithe crosphóraithe den chéad ghlúin.

Cuireadh liosta pór leis i gcás na n-aithreacha, arna dtógáil ó na póir feola agus chrua agus arna n-úsáid mar ainmhithe folaíochta. Ag brath ar an úsáid a bhfuil sé beartaithe a bhaint as na huain, roghnaíonn an feirmeoir athair den phór is iomchuí: póir feola le haghaidh chumraíocht na n-uan agus póir chrua chun uain baineanna a athsholáthar.

A mhéid a bhaineann leis na foirgnimh a fheistiú (seideanna, ionaid idirthurais), cuireadh oibleagáidí nua leis chun gnáthchleachtais na dtáirgeoirí TGFC a chumhdach (rochtain ar bheatha agus ar uisce, dlús na n-ainmhithe san fhoirgneamh, cáilíocht na heasrach ainmhithe agus glanadh na bhfoirgneamh).

A mhéid a bhaineann le cúram ainmhithe, cuireadh ceanglais maidir le láimhseáil ainmhithe leis (go cúramach, cosc ar bhreith ar ainmhithe trí ghreim a fháil ar an olann), mar aon le cosc ar choilleadh ainmhithe fireanna.

A mhéid a bhaineann le cúram tréidliachta, cuireadh oibleagáidí nua leis chun úsáid agus inrianaitheacht na beatha íocleasaithe a rialáil.

Chun céim iompair na n-ainmhithe a rialáil agus strus a íoslaghdú, cuireadh tréimhse turais uasta 8 n-uair an chloig leis.

Foroinn 5.6 “Marú”

I gcomhréir leis an leasú a leagtar amach faoin “Tuairisc ar an táirge”, modhnaíodh aois na n-uan tráth a maraithe, laghdaíodh í go dtí idir 60 agus 150 lá (seachas 90 go 180 lá d’aois mar ab amhlaidh roimhe).

Comhlánaíodh an ceanglas le tagairt don fhíoras, maidir le huain a mharaítear agus iad idir 60 agus 69 lá d’aois, gurb amhlaidh nach mbíonn siad bainte den dúil.

Leagadh síos tréimhse uasta de 24 huair an chloig mar an tréimhse idir teacht agus marú na n-uan.

Sainíodh coinníollacha maidir le conablaigh a fhuarú agus cuireadh leis an roinn sin iad (lár-theocht, easpa comhdhlúthaithe).

Cuireadh na critéir maidir le conablaigh a roghnú leis freisin, mar aon leis na coinníollacha a bhaineann le conablaigh a stóráil agus a roghnú (conablaigh iomlána, seomra stórála, tar éis a bhfuaraithe, cigireacht fhuar).

Foroinn 5.7 “Scairteach a roghnú”

Cuireadh ceanglais leis a bhaineann le scairteach a roghnú, ar dá réir ba cheart scairteach uain TGFC “Agneau du Quercy” a thógáil agus í á deighilt ó na conablaigh.

Foroinn 5.9 “Gearradh agus pacáistiú”

Cuireadh ceanglais leis nach mór don phacáistiú tarlú sa mhonarcha ghearrtha láithreach tar éis an ghearrtha, agus go bhféadfar an fheoil a phacáistiú in aonaid mhórdhíola nó in aonaid díolachán do thomhaltóirí.

4.8.   Nasc

Athscríobhadh an roinn “Nasc leis an limistéar geografach” go hiomlán, ach níl athrú déanta ar an tsubstaint. Atheagraíodh ina trí phíosa í chun idirdhealú a dhéanamh idir saintréithe sonracha an limistéir gheografaigh, saintréithe sonracha an táirge agus an nasc cúisíoch.

4.9.   Comhlacht cigireachta

I gcomhréir leis na treoirlínte atá i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta chun dréachtú na sonraíochtaí táirge a chomhchuibhiú, scriosadh ainm agus sonraí teagmhála an chomhlachta deimhnithe agus an plean um rialú i bhfoirm thábla.

Faoin gceannteideal seo, soláthraítear anois sonraí teagmhála na n-údarás atá freagrach as cigireachtaí náisiúnta, i.e. an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) agus Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta, Gnóthaí Tomhaltóra agus Caolais a Chosc (DGCCRF). Is féidir teacht ar ainm agus sonraí teagmhála an chomhlachta deimhnithe ar shuíomh gréasáin INAO agus ar bhunachar sonraí an Choimisiúin Eorpaigh.

4.10.    Lipéadú

Scriosadh an ceanglas go ndíolfar an t-uan in éineacht le lógó TGFC.

I gcomhréir leis na treoirlínte atá i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta chun dréachtú na sonraíochtaí táirge a chomhchuibhiú, scriosadh na pointí a bhaineann leis an lipéadú sa tsonraíocht táirge thosaigh agus cuireadh abairt ina n-ionad lena dtugtar tuairisc ar na heilimintí rialála sainordaitheacha.

4.11.    Ceanglais náisiúnta

I bhfianaise forbairtí ó thaobh na reachtaíochta agus na rialála náisiúnta de, scriosadh na pointí sa roinn seo agus cuireadh tábla na bpríomhphointí, atá le seiceáil i gcomhréir le rialacha náisiúnta, ina n-ionad.

DOICIMÉAD AONAIR

“Agneau du Quercy”

Uimh. AE: PGI-FR-0185-AM01

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm(neacha)

“Agneau du Quercy”

2.   Ballstát nó Tríú Tír

An Fhrainc

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

3.1.   An cineál táirge

Aicme 1.1. Feoil úr (agus scairteach)

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Tagann feoil agus scairteach “Agneau du Quercy” d’uain ag a bhfuil meáchan conablaigh idir 13 go 22 kg acu, bíonn siad ag diúl ar feadh 70 lá ar a laghad (nó go dtí tráth a maraithe más rud é go maraítear iad agus iad idir 60 agus 69 lá d’aois), agus bíonn siad idir 60 agus 150 lá d’aois.

Saintréithe na gconablach:

aicmí cumraíochta: U, R nó O;

méid cumhdaigh saille: 2 nó 3.

Saintréithe na huaineola:

saill atá teann go dtí an-teann;

saill ar a bhfuil dath bán go beagán bándearg;

feoil amh ar a bhfuil dath bándearg éadrom.

Saintréithe na scairtí:

An sracadh iomlán (an t-ae, an croí, an liathán, na scamhóga)

An t-ae: dath dearg aonfhoirmeach go donn éadrom.

An croí: uigeacht theann.

An liathán: cuma bhog spúinseach air.

Na scamhóga: maotháin atá soithíochaithe go maith agus uigeacht spúinseach.

An teanga: uigeacht theann, dath liath aonfhoirmeach (gan lochtanna).

An inchinn: cuma uiscithe go maith, cruth maith ar an liopa, dath éadrom uirthi.

Briseáin mhilse: dath scothbhán agus uigeacht a leánn sa bhéal.

Na duáin: gan aon bholadh fuail astu, dath dearg go donn éadrom, uigeacht theann.

Na huiríocha: cruth ubhchruthach, uigeacht inmheánach dea-fhorbartha.

Féadfar an uaineoil agus an scairteach uaineola a dhíol agus iad úr nó íosreoite.

Seoltar na táirgí ar bhonn mórdhíola nó pacáistithe.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Aiste bia an tréada:

Malartaíonn ainmhithe fásta tréimhsí a chaitear go hiomlán lasmuigh le tréimhsí a chaitear laistigh de sheideanna mar aon le tréimhsí measctha lena n-áirítear am lasmuigh agus am i seideanna.

Seachas córais buailteachais, is iad acmhainní a tháirgtear ar an bhfeirm (lena n-áirítear féarthailte) formhór mór d’aiste bia an tréada: is é 55 % in ábhar tirim céatadán íosta an fhéinsoláthair bheatha.

Na huain a bheathú:

Bíonn na huain ag diúl ar feadh 70 lá ar a laghad (nó go dtí tráth a maraithe más rud é go maraítear iad agus iad idir 60 agus 69 lá d’aois).

Toirmisctear an beathú buidéil.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

Beirtear agus tógtar uain “Agneau du Quercy” sa limistéar geografach sainithe.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Tarlaíonn an marú sa limistéar geografach.

Is é 8 n-uair an chloig an tréimhse turais uasta.

Bhí sé sainordaitheach cheana féin go ndéanfaí na huain a mharú sa limistéar geografach.

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Cuimsítear leis an lipéadú ainm cláraithe an táirge agus siombail TGFC an Aontais Eorpaigh sa raon radhairc chéanna ar an lipéadú.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Is iad na ranna, na cantúin agus na bardais a leanas atá sa limistéar geografach le haghaidh TGFC “Agneau du Quercy”:

Roinn Aveyron: cantúin Villefranche de Rouergue agus bardais Ambeyrac; Asprieres; Balaguier-d’Olt; Bouillac; Capdenac-Gare; Causse-et-Diege; Foissac; La Capelle-Balaguier; Les Albres; Martiel; Montsales; Morlhon-le-Haut; Naussac; Ols-et-Rinhodes; Sainte-Croix; Saint-Igest; Saint-Remy; Salles-Courbaties; Salvagnac-Cajarc; Saujac; Savignac; Sonnac; Toulonjac; Villeneuve.

Roinn Corrèze: cantúin Brive la Gaillarde 1, 2 and 4 agus Saint-Pantaléon de Larches agus bardais Astaillac; Beaulieu-sur-Dordogne; Bilhac; Branceilles; Brivezac; Chauffour-sur-Vell; Chenailler-Mascheix; Collonges-la-Rouge; Cosnac; Curemonte; Jugeals-Nazareth; La Chapelle-aux-Saints; Lagleygeolle; Ligneyrac; Liourdres; Lostanges; Marcillac-la-Croze; Meyssac; Noailhac; Nonards; Puy-d’Arnac; Queyssac-les-Vignes; Saillac; Saint-Bazile-de-Meyssac; Saint-Julien-Maumont; Sioniac; Tudeils; Végennes.

Roinn Dordogne: ceantar Sarlat la Caneda agus bardais Ajat; Auriac-du-Périgord; Azerat; Bars; Blis-et-Born; Brouchaud; Chourgnac; Cubjac; Fanlac; Fossemagne; Gabillou; Hautefort; La Bachellerie; La Boissière-d’Ans; Limeyrat; Mayac; Montagnac-d’Auberoche; Plazac; Saint-Antoine-d’Auberoche; Sainte-Eulalie-d’Ans; Sainte-Orse; Saint-Pantaly-d’Ans; Savignac-les-Eglises; Temple-Laguyon.

Roinn iomlán Lot

Roinn Lot-et-Garonne: bardais Anthé; Blanquefort-sur-Briolance; Bourlens; Cazideroque; Condezaygues; Courbiac; Cuzorn; Fumel; Masquières; Monsempron-Libos; Montayral; Saint-Front-sur-Lémance; Saint-Georges; Saint-Vite; Sauveterre-la-Lémance; Thézac; Tournon-d'Agenais.

Roinn Tarn-et-Garonne: bardais Bouloc; Caussade; Caylus; Cayrac; Cayriech; Cazes-Mondenard; Durfort-Lacapelette; Espinas; Labastide-de-Penne; Lacapelle-Livron; Lafrançaise; Lapenche; Lauzerte; Lavaurette; Loze; Mirabel; Montagudet; Montalzat; Montbarla; Monteils; Montfermier; Montpezat-de-Quercy; Montricoux; Mouillac; Puylagarde; Puylaroque; Réalville; Roquecor; Saint-Amans-de-Pellagal; Saint-Cirq; Sainte-Juliette; Saint-Georges; Saint-Projet; Saint-Vincent; Sauveterre; Septfonds; Tréjouls.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc leis an limistéar geografach bunaithe ar cháilíocht an táirge, arb ann do cháilíocht sin an táirge faoi seach, a bhuí do thoisc an duine agus de na tosca nádúrtha arb iad sin saintréithe an limistéir, agus tá an nasc bunaithe ar cháil an táirge freisin.

Tá limistéar geografach TGFC “Agneau du Quercy” lonnaithe in iardheisceart an Massif Central. Tá Causses du Quercy lonnaithe i Roinn Lot agus téann sé a fhad le Corrèze ó thuaidh, Dordorgne siar ó thuaidh, agus Tarn et Garonne agus Aveyron ó dheas. Is limistéar as cuimse é mar gheall ar na causses nó na hardchláir, arb iad is ainm dóibh agus a chumhdaíonn cuid shubstaintiúil dá n-achar, agus idir chnoic agus ghleannta sa chuid eile. Is sléibhtiúla é cuid Quercy lastoir den Massif Central.

Is iad sraith d’ardchláir aolchloiche saintréithe Causses du Quercy, agus feiniméin charstacha éagsúla iomadúla iontu. Is leis an uisce a gearradh amach agus a múnlaíodh na carraigeacha aolchloiche intuaslagtha, lena ndearnadh aibhneacha faoi thalamh, mar aon le gnéithe eile faoi thalamh, mar atá, gáibéil cosúil le gáibéal cáiliúil Padirac, doilíní agus cuasa eile, ar líonadh cuid díobh le himeacht ama.

Réigiún cuíosach garbh agus tur is ea é, d’ainneoin meánbháisteach ard. Ithreacha éadoimhne atá ann, ina bhfuil an t-uafás dlúthruainní (clocha), lena n-éascaítear an draenáil. Déanann an ghné sin difear fíormhór dá gcúltaisce inúsáidte, d’ainneoin gur cré (75 %) is mó atá in uigeacht na n-ithreacha, nó dúrabhán ar uairibh (15 %, a bhíonn le fáil in oirthear na Cuasses go príomha). “Is minic nach bhfuil sna foraoisí ach roschoill bheaga, agus iad tearc go minic, ag teacht chun bheith ina garide (féarthalamh ina bhfuil toir scaipthe) ar na fánaí tirime. Ní chumhdaíonn barra agus féarthailte ach na limistéir chré sin arb ann dóibh de thoradh an díchailcithe, sna loig san ardchlár (doilíní agus gleannta tirime) nó, go háirithe, ag bun na ngleannta doimhne mar a mbíonn barrithreacha marla Lias le feiceáil.” (Tuarascáil ón Institiúid Gheografach Náisiúnta (IGN), 2013).

Is iad an t-aigéan agus Réigiún na Meánmhara na tionchair is mó ar aeráid Quercy. Bíonn aeráid Quercy iontach athraitheach, an samhradh te agus an geimhreadh fuar; is iomaí athrú a bhíonn i gceist. Is mó an bháisteach a thiteann san oirthear ná mar a thiteann san iarthar (~ 100 mm níos mó).

Grúpa de thrí phobal plandaí is mó a bhíonn i gceist le lusanna an tírdhreacha, an garrisade, na glèbes agus na grèzes. Is éard atá sa garrisade an choill ina bhfuil stoc tearc de chrainn chaithreacha dharach agus casarnach dheilgneach (aiteal, draighean). Ní bhíonn na crainn forbartha go maith, go háirithe toisc go mbaintear na craobhacha den chuid is mó díobh le haghaidh beatha bheostoic. Leis an téarma “glèbes” tagraítear don fhéarach ina mbíonn an féar gearr ar na hardchláir, arb é atá ann féarthalamh scrobarnaí a bhfuil crainn nó toir fite fuaite ann. Is éard atá sna grèzes pobail na bplandaí steipe agus loma ina mbíonn cnapáin féir neadaithe i measc na haolchloiche gairbhe, tirime. Bíonn stoc plandaí le fáil go nádúrtha i bhféarthailte na n-ardchlár, a théann chun tairbhe don fheirmeoireacht bheostoic. Tugtar féarthailte “tirime” nó “xéireach” orthu, mar gheall ar ard-dhraenáil na hithreach. Is le hacmhainneacht íseal na hithreach chun báisteach a choimeád a dhéantar na féarthailte a chothabháil gan aon ionchur ón duine, agus déanann ainmhithe féaraigh fhiáine nó clóis iad a chothabháil freisin.

Bíonn sé deacair úsáid a bhaint as an talamh sin atá ar cháilíocht íseal, agus gan ach táirgiúlacht phríomhúil íseal i gceist leis. Blianta fada ó shin, chuaigh áitritheoirí Quercy i muinín cineáil feirmeoireachta dá bhrí sin lenar féidir déileáil le drochthalamh - an fheirmeoireacht caorach. Is féidir teacht ar rianta na feirmeoireachta caorach dar dáta ón ré Neoiliteach in Quercy: “Taispeántar leis na tochailtí gur cruthaíodh tírdhreach traidisiúnta na n-ardchlár chomh fada siar leis an tréimhse Neoiliteach, ina bhfuil na coillte darach, tréada caorach agus na páirceanna cruithneachta sna doilíní” (Les Richesses de France, Uimh. 122, 1985). Is féidir rianta dá cháil a aimsiú dar dáta ón ré Gallóise-Rómhánach freisin: “Is é an fheirmeoireacht caorach an fhoinse ioncaim thraidisiúnta sa Causse: chomh fada siar leis an tréimhse Ghallóise-Rómhánach, bhí ardéileamh ar chóir leapa agus ar bhlaincéid ó Cahors ar an margadh sa Róimh (Strabo, Pliny).” (Bulletin de l’Association de géographes français, Uimh 64, Mí na Nollag 1932).

Idir an 17ú agus an 18ú haois, bhí rathúnas na feirmeoireachta beostoic de thoradh dhá chleachtas féaraigh: innilt chomónta, a bhuí de devèses, nó talamh comónta a bheith ann, agus buailteachas sa samhradh nó sa gheimhreadh de ghnáth, agus an buailteachas geimhridh níos neamhghnáiche. Thógtaí na caoirigh ar mhaithe leis an olann thar aon rud eile, a úsáideadh chun “cadis” a dhéanamh, ar fabraic gharbh ach an-láidir a bhí ann.

Idir 1760 agus 1830, bhí an fheirmeoireacht le haghaidh na holla in Quercy ag dul i léig, scoireadh den bhuailteachas, agus an tráth céanna, tosaíodh níos mó aitheantais a thabhairt do chaoireoil Quercy. In 1830, bhí thart faoi 230 000 ainmhí ann i dtréada beaga lena n-úsáid sa bhaile.

Le linn an 20ú haois, toisc gur glacadh cleachtais nua feirmeoireachta beostoic, cuireadh é ar a gcumas d’fheirmeoirí an timthriall féaraigh iomlán a chur i gcrích ar na hardchláir agus tugadh barra foráiste isteach. Is léir gur i dtreo táirgeadh feola a díríodh an fheirmeoireacht bheostoic ansin.

Bhí pór Causses du Lot, pór crua agus sinseartha, in Quercy i gcónaí. Is maith mar a oireann sé do shrianta an chomhshaoil, baineann sé an úsáid is fearr is féidir as na hacmhainní nádúrtha atá sa limistéar geografach. Is é an pór sin is mó a bhí i gceist i bhfeirmeacha “Agneau du Quercy”, agus is amhlaidh fós é. Ón 20ú haois ar aghaidh, chuaigh an táirgeadh olla i léig agus tháinig an táirgeadh feola i dtreis agus thosaigh feirmeoirí ar spéis a chur i ndul chun cinn ó thaobh cúrsaí géiniteacha de. Tosaíodh ar dhá phór eile a thógáil in Quercy: an Lacaune agus an Blanche du Massif Central. Is maith mar a chuaigh na póir chrua sin in oiriúint do dhálaí an chomhshaoil agus d’fhorbair siad cumais atá comhchosúil leis an bpór sinseartha. Is éasca iad a shíolrú lasmuigh den séasúr freisin, rud a fhágann gur féidir uaineoil a tháirgeadh ar feadh cuid mhaith den bhliain.

Bhí feirmeoirí in ann córas bia a chur i bhfeidhm atá oiriúnaithe do shrianta an limistéir, agus úsáid agus lántairbhe á mbaint as acmhainní nádúrtha ar feadh na bliana ar fad chun uain ardcháilíochta a tháirgeadh. Beathaítear an tréad ar bhealach chun an t-ionchur a choigeartú de réir riachtanais na gcaorach agus na n-uan. Ní mór gach gabháltas a bheith 55 % neamhthuilleamaíoch ar a laghad ó thaobh beatha in ábhar tirim de.

Tógtar “Agneau du Quercy” ar ghabháltas aonair ó thráth na breithe go tráth an mharaithe. Ar dtús, beathaítear na huain trí iad chur ag diúl, agus é sin amháin, agus fanann siad leis na máithreacha. Tar éis na céime tosaigh sin, tugtar forbhia do na huain de réir a chéile lena ramhrú. Faigheann siad rochtain ar fharae freisin agus is féidir leo dul amach in éineacht leis na máithreacha.

Bíonn uain “Agneau du Quercy” óg (150 lá d’aois ar a mhéad) agus éadrom (meáchan conablaigh idir 13 go 22 kg). Bíonn siad ag diúl agus á dtógáil ar bhainne na máthar go príomha ar feadh 70 lá ar a laghad. Bíonn cumraíocht mhaith agus cumhdach saille maith orthu.

Is iad seo a leanas saintréithe fheoil “Agneau du Quercy”:

saill atá teann go dtí an-teann;

saill ar a bhfuil dath bán go beagán bándearg;

feoil amh ar a bhfuil dath bándearg éadrom.

Táirge is ea “Agneau du Quercy” arb ann dá cháil le fada an lá.

De thoradh Quercy, agus go háirithe drochthalamh na Causses, agus é sin in éineacht leis na dálaí aeráide iontach athraitheach, fágadh gur oiriúnaíodh na córais feirmeoireachta lena dtáirgtear “Agneau du Quercy” anois. Bíonn conairí agus fásra le fáil sna Causses atá iontach oiriúnach do chaoirigh, ar minic gur iad an t-aon chineál ainmhí lenar féidir úsáid a bhaint astu. Baineann leas suntasach ó thaobh an chomhshaoil de ar feadh an limistéir gheografaigh ar fad le limistéir thréigthe agus leochaileacha a chothabháil.

Mar gheall ar shrianta nádúrtha, is de phóir shinseartha iad na caoirigh a thógtar nó de phóir atá roghnaithe mar gheall ar a gcruas agus ar a gcumas drochthalamh na Causses a shaothrú. Tréada an lae inniu, is le póir áirithe a múnlaíodh iad (ainmhithe folaíochta agus ainmhithe crosphóraithe): an Causses du Lot, an Lacaune agus an Blanche du Massif Central. Bíonn cáilíochtaí máthartha an-mhaith ag na póir sin, i dtéarmaí bhreith agus dhiúl na n-uan de araon. Crosphóraítear na póir chrua sin le reithí chun feabhas a chur ar an gcumraíocht. Máistrí an chrosphórúcháin is ea na feirmeoirí caorach, agus póir reithí á roghnú acu chun go gcuirfear feabhas leis an gcúpláil ar chonablaigh na n-uan nó chun cáilíochtaí máthartha na gcaorach a bheidh ina máithreacha amach anseo a chaomhnú.

Leis an bhféinsoláthar suntasach a bhaineann leis na gabháltais ó thaobh beatha de, cuirtear é ar a gcumas d’fheirmeoirí lántairbhe a bhaint as na hacmhainní nádúrtha sa chomhshaol deacair sin, chun gur é an fheirmeoireacht mheasctha is mó a bhíonn i dtreis sa limistéar geografach. Leis an táirgeadh gránaigh ar an ngabháltas, cuidítear lena áirithiú go ndéanfar faireachán agus optamú ar bheatha an tréada freisin.

Saintréithe sonracha “Agneau du Quercy”, bíonn siad inchurtha go príomha i leith an bhealaigh thraidisiúnta a thógtar na huain: ag diúl ar feadh 70 lá ar a laghad, agus forbhia á thabhairt isteach de réir a chéile dá éis sin chun an chumraíocht agus an cumhdach saille is fearr is féidir a bhaint amach.

Tá dath bándearg éadrom fheoil amh “Agneau du Quercy” inchurtha i leith aois na n-uan tráth a maraithe chomh maith leis na huain a bheith ag diúl bhainne a máithreacha ar feadh an chéad 2 mhí. Caomhnaítear na saintréithe sin le toilteanas agus le heolas na bhfeirmeoirí ar an mbealach chun na hainmhithe a urramú. Tógtar agus iompraítear na hainmhithe go cúramach, agus aon fhoinse struis á híoslaghdú ó thráth a mbeirthe go tráth a maraithe, agus an riosca go meathfaidh an fheoil á laghdú.

An tsaill theann, ar a bhfuil dath bán go beagán bándearg, is de thoradh aiste na n-uan le linn chéim an ramhraithe agus chineál na bhforbhianna í. Tugtar cainníochtaí teoranta comhdhúl do na huain chun go n-íosfaidh siad tuilleadh farae agus chun go gcuirfear feabhas ar a gcothromaíocht idir seiliú agus goile. Leis na heilimintí sin, méadaítear ábhar an aigéid shailligh sháithithe sa tsaill chumhdaigh agus áirithítear ábhar saille intrí cothromaithe. An tréimhse fhada a mbíonn na huain ag diúl lena linn agus a n-aois tráth a maraithe, baineann éifeacht thairbheach leis sin ar cháilíocht na saille freisin, toisc go mbíonn an-chuid aigéid shailligh i mbainne na máthar agus go mbíonn saill níos teinne ag uain níos óige i gcoitinne.

D’éirigh le “Agneau du Quercy” has gradam a bhuachan ag roinnt mhaith imeachtaí, agus baineann na búistéirí a chuireann an uaineoil sin ar taispeáint an t-uafás duaiseanna amach: san iomlán, trí dhuais sa chéad áit le haghaidh siopaí búistéirí ag na Trophées des Viandes d’Excellence, an chéad duais ag an gcomórtas gastranamaíochta idirnáisiúnta in 1993, ceithre dhuais sa bhúistéireacht thraidisiúnta ag na Trophées des Viandes d’Excellence, lena n-áirítear duais sa chéad áit agus duais barr feabhais, agus an chéad duais le haghaidh comhpháirtíocht idir feirmeoir/teicneoir in 2011. Ar deireadh, bronnadh bonn óir ar “Agneau du Quercy” ag Concours Général Agricole in 2019.

Stéphane Andrieux, chef ag a bhfuil réalta Michelin, thug sé urraim do “Agneau du Quercy” trí oideas a chruthú a bhí bunaithe air – “Raca uaineoil ‘Agneau du Quercy’ in éineacht le búiste líomóide agus confit trátaí, agus glóthach bhláth ildaite chairéid”.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4217040f-0f67-4f40-927a-81b4b22cf804


(1)  IO L 179, 19.6.2014, lch. 17.