2.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 78/31


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2023/C 78/12)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

“Lesachtaler Brot”

PGI-AT-02849 - 3.6.2022

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm

“Lesachtaler Brot”

2.   Ballstát nó tríú tír

An Ostair

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   Cineál táirge

Aicme 2.3. Arán, taosrán, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is é atá i gceist le TGFC “Lesachtaler Brot” arán ag a bhfuil cóimheas meascaidh de dhá thrian de sheagal agus aon trian de phlúr cruithneachta, lena gcuirtear uisce óil, salann boird (40 g in aghaidh an chileagraim plúir ar a mhéad), agus spíosraí aráin (spíosraí aonair nó meascán spíosraí) – amhail síolta cearbhais (10 g in aghaidh an chileagraim plúir ar a mhéad), lus an choire (10 g in aghaidh an chileagraim plúir ar a mhéad), finéal (10 g in aghaidh an chileagraim plúir ar a mhéad), ainís (10 g in aghaidh an chileagraim plúir ar a mhéad), ros lín (20 g in aghaidh an chileagraim plúir ar a mhéad) agus/nó síolta puimcín (30 g in aghaidh an chileagraim plúir ar a mhéad). Chun gur féidir le coipeadh tarlú, cuirtear isteach taos tosaigh ar a dtugtar “Dampfl” mar an oibreán ardaithe don phlúr seagail, agus cuirtear giosta isteach mar an oibreán ardaithe don phlúr cruithneachta.

Tá na hairíonna speisialta seo a leanas ag an arán:

Cruth an bhuilín

Bácáiltear “Lesachtaler Brot” i gcruth builín cruinn amháin. Tá meáchan idir 500 g agus 1 200 g sa bhuilín, tá meáchan idir 500 g agus 799 g sa bhuilín beag agus tá meáchan idir 800 g agus 1 200 g sa bhuilín mór. I lár thaobh uachtair an bhuilín, scríobtar an tsiombail “Súil na hOirchille”, arb é atá inti triantán atá timpeall ar ubhchruth a bhfuil cruth súile air agus a úsáidtear go traidisiúnta sa limistéar sainithe. An tsiombail sin, an chuaire mhíchothrom agus na scoilteanna a thagann ar thaobh uachtair an bhuilín agus é ag bácáil, is iad sin na rudaí a thugann a chuma shaintréitheach do “Lesachtaler Brot”.

Crústa

Tá tiús an chrústa éagsúil ó bhuilín go builín ach is é 0.3 cm an tiús íosta. Is féidir leis an gcrústa a bheith idir 0.3 cm agus 0.8 cm sa bhuilín céanna. Tá sé briosc agus crústúil, agus tá raimhre righin neamhleaisteach ann. Cuirtear crothán plúir air agus bíonn an dath atá air idir donn éadrom neamhlonrach agus donnrua dorcha.

Grabhróg

Tá an ghrabhróg ar dhath an eabhair, tá uigeacht scaoilte, thais, leaisteach ach chrua aici agus tá blas idir spíosrach agus an-aramatach uirthi. Tá struchtúr na bpóireanna míchothrom agus tá póireanna aonair uirthi atá níos mó ná milliméadar ar leithead.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

Ní mór an grán a mhuilleáil, an taos a mheascadh agus an t-arán a bhácáil sa limistéar geografach sainithe.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór an t-arán a phacáistiú i málaí páipéir ag an láithreán táirgthe sa limistéar geografach sainithe tar éis dó fuarú. Tá gá leis sin ionas nach dtriomóidh na builíní amach go tapa agus iad i dteagmháil leis an aer, agus tá gá leis freisin chun uigeacht scaoilte na grabhróige a chaomhnú agus ar mhaithe le sláinteachas bia.

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Déantar “Lesachtaler Brot” i limistéar geografach Ghleann Lesach, ar gleann ard Alpach in iardheisceart Carinthia é. Tá Alpa Carnic ar an taobh ó dheas agus tá Dolaimítí Lienz ar an taobh ó thuaidh. Cuimsítear na limistéir seo a leanas ann: bardas Lesachtal, bardas Untertilliach, bardas Obertilliach, sráidbhaile Äußerst i mbardas Kartitsch-Ost, na sráidbhailte Podlanig, St. Jakob, Strajach, Gentschach, Kosta, Passau, Aigen, Nischlwitz agus Sittmos i mbardas Kötschach-Mauthen-West.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá stair fhada ag an mbácáil i nGleann Lesach agus tá cáil uirthi leis na blianta fada. Tá an fhianaise is luaithe ina leith sin nasctha le bunú Maria Luggau mar láthair oilithreachta sa 16ú haois. Ní hamháin go raibh arán ina fhoinse thábhachtach fuinnimh do phobal na tuaithe; ach bhí sé an-tábhachtach freisin i gcomhthéacs na Críostaíochta. Tá sé sin fós le feiceáil sa lá atá inniu ann ós rud é go scríobtar “Súil na hOirchille” ar bharr gach builín “Lesachtaler Brot” sula mbácáiltear é. Thángthas ar fhráma seanoighinn aráin ón 16ú haois in Liesing agus tochailtí á ndéanamh ag seanteach ósta. Chun dul ar ais chuig an tús, tógadh bácús nua ar an láthair sin, agus bácálann an pobal “Lesachtaler Brot” traidisiúnta ann go tráthrialta.

Tá tionchar mór ag an gceantar Alpach mórthimpeall ar Ghleann Lesach mar gheall ar a shuíomh idir Alpa Gailtal, Dolaimítí Lienz agus Alpa Carnic. Ghearr Abhainn Gail, a shreabhann tríd an ngleann, cainneon amach atá suas le 200 m ar doimhneacht, rud nach amhlaidh i gcás Gleann Gail in aice láimhe. Tugtar “gleann na gcéadta muileann” (Tal der 100 Mühlen) ar Ghleann Lesach toisc go bhfuil flúirse acmhainní uisce ann. An traidisiún a bhaineann le clocha muilinn a úsáid chun grán a mhuilleáil, tá sé ann ón 16ú haois agus na muilte feadh shruthchúrsa Trattenback in Maria Luggau. Sna céadta roimhe seo, bhíodh an gleann beag breac le muilte uisce. As beagnach 200 muileann uisce adhmaid a bhí ann nuair a bhí na muilte sin i mbarr a réime, tá cúig mhuileann fós ann agus tá siad fós oibríochtúil. Ní hamháin gur úsáideadh na muilte sin chun go leor cúraimí talmhaíochta láimhe a dhéanamh; ach thar aon ní eile, úsáideadh iad chun grán a mhuilleáil le harán a dhéanamh.

Trí ghrán a mhuilleáil i muilte cloiche traidisiúnta (ina meiltear clocha muilinn le chéile), faightear plúr nach bhfuil chomh mínphróiseáilte céanna chun arán a dhéanamh. Is é sin a thugann an uigeacht scaoilte leaisteach don ghrabhróg. Áirithíonn na muilte cloiche próiseas meilte bog, rud atá tábhachtach, gan amhras, chun cáilíocht speisialta an aráin seo a bhaint amach. Tá luas na meilte sna muilte sin níos moille ná muilte rolláin, rud a chiallaíonn gur lú an méid teasa dá nochtar an t-ábhar atá le muilleáil. Tá sé tábhachtach teocht na muilleála a choinneáil íseal, ionas nach mbaineann an plúr an teocht is gá amach ach amháin nuair atá an taos géar coipthe.

Mar gheall ar shuíomh sceirdiúil Ghleann Lesach, ina bhfuil sruthchúrsaí doimhne agus sléibhte arda, bhí sé scoite amach ón saol mór, nach mór, go dtí lár an 20ú haois. Ní raibh rochtain ar leictreachas i nGleann Lesach go dtí 1962. Ní hamháin gur fhág na himthosca sin a rian ar stair na lonnaíochta sa limistéar, ach d’fhág siad a rian ar chomhchruinniú agus ar aistriú an tsaineolais áitiúil freisin, go háirithe a mhéid a bhaineann le ceird an déanta aráin. Mar gheall ar an suíomh uathúil sin, bhí sé fíor-riachtanach a bheith a neamhthuilleamaíche is féidir sa ghleann. Níorbh fhéidir babhtáil nó idirbhearta ócáideacha a dhéanamh ach amháin le cúpla bardas comharsanach. Fiú sa lá atá inniu ann, tá ról tábhachtach ag “Lesachtaler Brot” fós maidir le neamhthuilleamaíocht áitritheoirí an ghleanna. Is amhlaidh a bhíonn go háirithe nuair a bhíonn an gleann scoite amach mar gheall ar ráthanna sneachta.

Tá an saineolas áitiúil agus taithí fhairsing na mbáicéirí ríthábhachtach chun cáilíocht agus saintréith uathúil “Lesachtaler Brot” a bhaint amach. Cé go gceadaítear grán a cheannach mar gheall ar an acmhainn theoranta fáis agus na dálaí luaineacha táirgthe (de bharr na haimsire), tá méadú tagtha arís ar shaothrú gráin i nGleann Lesach, rud a sholáthraíonn an t-amhábhar le haghaidh “Lesachtaler Brot” traidisiúnta. Go traidisiúnta, cuireadh an saineolas maidir le harán a dhéanamh ar aghaidh ó ghlúin go glúin i nGleann Lesach. Mar shampla, tá oibreáin ardaithe nádúrtha fós á n-úsáid agus ní mhuilleáiltear an plúr a úsáidtear sa phróiseas go rómhín. Chomh maith le muilte cloiche traidisiúnta a úsáid chun próiseas muilleála bog a áirithiú, ionas nach nochtar an plúr do theochtaí an-ard sula gcuirtear tús le coipeadh an taois ghéir, baineann an-tábhacht le saineolas na muilleoirí maidir leis an ngrád muilleála ceart a chinneadh. Go deimhin, ní féidir leis an ngrád muilleála a bheith faoi rialú meaisín/uathoibrithe i muilte cloiche. Dá bhrí sin, is faoin muilleoir amháin atá sé an grád muilleála ceart a mheas.

Plúr seagail atá in dhá thrian den chóimheas meascaidh agus plúr cruithneachta atá in aon trian de agus is é is cúis leis sin go bhfuil go bhfuil seagal á fhás ar bhealach níos rathúla sa limistéar geografach sainithe (mar gheall ar an airde agus na dálaí ithreach) agus nach raibh barra cruithneachta an-fhorleathan sa limistéar riamh. Léiríodh le taithí go bhfuil seilfré níos faide ag “Lesachtaler Brot” mar gheall ar an gcion níos airde plúr seagail atá ann. An saineolas sin a cuireadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin, maidir leis na cineálacha plúir a mheascadh agus an dá oibreán ardaithe éagsúla a úsáidtear, an t-am bácála is gá, an méid adhmaid agus an t-am a theastaíonn chun na hoighinn thraidisiúnta a lasadh, ar oighinn iad den chuid is mó nach bhfuil teochtmhéadair iontu chun an teocht cheart a chinneadh, tá an saineolas sin fós fíor-riachtanach sa phróiseas déanta aráin. Bácáiltear thart ar leath den “Lesachtaler Brot” a tháirgtear sna hoighinn adhmadbhreoslaithe atá ann.

Tá táirgeadh “Lesachtaler Brot” liostaithe mar oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe ag UNESCO ó bhí 2010 ann. In 2018, bhronn Gluaiseacht “Slow Food” stádas Presidium ar an táirge, mar tháirge a bhfuil luach ar leith ag baint leis maidir le héiceachórais áitiúla agus traidisiúin réigiúnacha a chaomhnú. Gach bliain ó bhí 1983 ann, tá féile sráidbhaile agus aráin á reáchtáil ar an gcéad deireadh seachtaine i mí Mheán Fómhair in Liesing i nGleann Lesach. Ní hamháin go mbíonn deis ag daoine “Lesachtaler Brot” a bhlaiseadh agus a cheannach ag an bhféile sin. Bíonn réimse leathan gníomhaíochtaí ar siúl lena ndírítear ar an speisialtacht réigiúnach seo.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://www.patentamt.at/herkunftsangaben/lesachtalerbrot/

Is féidir rochtain dhíreach a fháil uirthi freisin trí shuíomh gréasáin Oifig Paitinní na hOstaire (www.patentamt.at) trí nascleanúint a dhéanamh mar a leanas: “Marken / Marken anmelden / Herkunftsangaben” [Trádmharcanna / Iarratas a dhéanamh ar Thrádmharcanna / Tásca geografacha]. Tá an téacs le feiceáil faoi ainm an tsonrúcháin cháilíochta.


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.