24.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 68/29


Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh le sonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2023/C 68/09)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Carnuntum”

PDO-AT-A0217-AM01

Dáta teachtaireachta: 29.11.2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Uastáirgeacht in aghaidh an heicteáir

Ba é an uastáirgeacht in aghaidh an heicteáir roimh bhuaint 2020 9 000 kg/ha; ó bhuaint 2020 anuas rinneadh í a shocrú ag 10 000 kg/ha.

2.   Cineálacha fíniúna

Roimh bhuaint 2019 ceadaíodh gach cineál fíniúnacha a bhí údaraithe le haghaidh fíonta ar ardchaighdeán san Ostair i gcomhair STFC Carnuntum, gan srianta. Ó bhí buaint 2019 ann, cuirtear srian ar liosta na gcineálacha fíniúnacha féideartha.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm (ainmneacha)

Carnuntum

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   STFC Carnuntum “weiß”

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Is féidir fíonta geala STFC Carnuntum a dhéanamh as na cineálacha Chardonnay, Weißburgunder agus Grüner Veltliner.

Dath: buí scothghlas go buí órga éadrom.

Dea-bholadh: Mura stóráiltear i mbairillí adhmaid í, bíonn bolaithe úra d’úlla agus citris mar shaintréith an dea-bholaidh. Má stóráiltear i mbairillí adhmaid í, tagann bolaithe ime-tóstáilte agus eastóscacha, in éineacht le dea-bholaithe d’arán bán, de thorthaí triomaithe agus de rísíní.

Blas: Bíonn fíonta ina bhfuil Grüner Veltliner níos láidre spíosrach, le blas piobair bháin, agus dea-bholaithe d’úlla, piorraí, torthaí citris agus cloiche. Maidir le fíonta Carnuntum ina bhfuil Chardonnay nó Weißburgunder níos láidre, bíonn dea-bholaithe tipiciúla torthaíocha orthu (úll, ruainnín cainche, torthaí andúchasacha fiú) chomh maith le boladh spíosrach (bláthanna móinéir ach cnónna freisin).

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

15,0

Neart alcóil iarbhíríosta (mar % den toirt)

9,0

Aigéadacht iomlán íosta

4,0 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

200

2.   “rot” STFC Carnuntum

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Déantar fíonta dearga STFC Carnuntum as na príomhchineálacha Zweigelt agus Blaufränkisch.

Dath: Dearg-chorcairghorm dorcha.

Dea-bholadh: Tá dea-bholaithe suntasacha fanaile agus silíní searbha ann, ach le himireacha piobair, cuirín dhuibh nó cainéil chomh maith. Cumhracht thorthaíoch veilbhitiúil a bhíonn mar thoradh foriomlán.

Blas: Bíonn blas súmhar ar na fíonta ina mbíonn Zweigelt níos láidre le boladh torthaíoch de shilíní searbha aibí, plumaí in amanna freisin. Go ginearálta, bíonn fíonta STFC Carnuntum measartha tainneach agus beagán luibheach. Bíonn blasanna láidre torthaí na foraoise nó silíní agus aigéadacht ghéar shainiúil ar fhíonta le cuid mhór Blaufränkisch. Murab ionann agus na fíonta Zweigelt, bíonn na fíonta Carnuntum déanta as Blaufränkisch dlúth ina struchtúr agus tainneach go suntasach.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

15,0

Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

12,0

Aigéadacht iomlán íosta

4,0 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

20

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

150

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

5.2.   Uastáirgeacht

1.

STFC Carnuntum

10 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Cumhdaítear le sonrúchán tionscnaimh “Carnuntum” ceantar polaitiúil Bruck an der Leitha agus ceantar breithiúnach Schwechat san Ostair Íochtarach.

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

 

Blaufränkisch - Frankovka

 

Chardonnay – Morillon

 

Grüner Veltliner - Weißgipfler

 

Weißer Burgunder - Klevner

 

Weißer Burgunder – Pinot Blanc

 

Weißer Burgunder - Weißburgunder

 

Zweigelt - Blauer Zweigelt

 

Zweigelt – rotburger

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

STFC Carnuntum

An aeráid: Tá aeráid thipiciúil Phanónach ann le samhraí teo agus geimhrí fuara, tirime. Bíonn difríochtaí suntasacha idir teochtaí lae agus oíche le linn na samhraí agus na bhfómhar, le teochtaí arda le linn an lae agus teochtaí ísle istoíche. Bíonn tionchar cobhsaithe, áfach, ag an Danóib in aice láimhe agus an Neusiedlersee a bhíonn ag rialú na teochta ar an teocht agus ar bhogthaise.

Ithir: Tá dálaí ithreach i STFC Carnuntum éagsúil go maith ó dúrabhán agus lós trom go sraitheanna gainmheacha-gairbhéil. Tagann na hithreacha ó shil-leagain na nAigéan Paratethys agus na Danóibe níos luaithe. Tá na sil-leagain sin cumhdaithe go maith ag ábhair chailcreacha, mar is dual d’iarfharraigí.

Nasc: Go háirithe, tugann na difríochtaí idir teochtaí lae agus oíche a ndea-bholaithe suntasacha torthaíocha d’úlla, piorraí agus citris d’fhíonta STFC Carnuntum, mar de thoradh teochtaí ísle na hoíche déanann na plandaí níos lú siúcra agus forbraíonn siad tuilleadh dea-bholaithe. Tugann ithreacha cailcreacha (in éineacht leis na fréamhstoic iomchuí) aigéadacht inaitheanta, rud a chuidíonn leis na dea-bholaithe torthaíocha atá orthu a fhorbairt agus a thabhairt chun suntais.

Baineann fíonta dearga STFC Carnuntum a dhéantar as cineálacha Zweigelt agus Blaufränkisch tairbhe as na difríochtaí idir teochtaí lae agus oíche, rud a fheabhsaíonn a ndea-bholaithe torthaíocha de shilíní searbha aibí agus plumaí. Cuireann tionchar cobhsaithe Neusiedlersee ar chumas na bhfíonchaor a aibiú go fada san fhómhar, arb é is cúis leis an gcion measartha tainniní a bhíonn i bhfíonta dearga STFC Carnuntum de ghnáth. Táirgeann na hithreacha a bhíonn cailceach den chuid is mó an cháilíocht luibheach mhín a bhíonn ar a lán fíonta STFC Carnuntum.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Táirgeadh

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Foráiltear leis an nGníomh Ostarach um Fhíon nach mór táirgeadh fíona STFC a dhéanamh sa réigiún fíonsaothrúcháin (réigiún tionscnaimh TGFC) ina bhfuil limistéar an STFC lonnaithe nó i réigiún cóngarach fíonsaothrúcháin. Dá bhrí sin, baineann an Ostair úsáid ghinearálta as an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/33.

Maidir le táirgeadh fhíonta STFC Carnuntum, leagadh síos coinníollacha breise: Toisc go bhfuil STFC Carnuntum suite go díreach in aice le limistéir fíonsaothrúcháin eile san Ostair Íochtarach agus in Burgenland, tá táirgeoirí fíona eile lasmuigh de STFC Carnuntum a cheannaíonn fíonchaora freisin ón limistéar sin chun fíonta a tháirgeadh. Chun fíonta den sórt sin a tháirgtear lasmuigh de STFC Carnuntum a rialú ar shlí chomh héifeachtach agus is féidir ní mór fíonta STFC Carnuntum a tháirgtear lasmuigh den limistéar fíonshaothraithe a dhearbhú don Choiste um Fhíon Réigiúnach Carnuntum agus ní mór iad a bheith formheasta aige roimh ré. Ní mór tionscnamh STFC Carnuntum a bheith soiléir ar na sonraisc, na nótaí seachadta agus na doiciméid iompair ábhartha uile.

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní leagtar síos rialacha ginearálta maidir le buidéalú fíonta STFC leis an nGníomh Ostarach um Fhíon.

Chun cáilíocht agus saintréithe tipiciúla fíonta STFC Carnuntum a áirithiú, leagtar síos na coinníollacha seo a leanas maidir le buidéalú fíonta STFC Carnuntum: Ní féidir buidéalú a tharlú lasmuigh de réigiún fíonsaothrúcháin Carnuntum ach amháin i gcás ina bhfuil sé dearbhaithe do Choiste um Fhíon Réigiúnach Carnuntum agus formheasta aige. Ní mór do thionscnamh STFC Carnuntum a bheith soiléir ar na sonraisc, na nótaí seachadta agus na doiciméid iompair ábhartha.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.bml.gv.at/themen/landwirtschaft/landwirtschaft-in-oesterreich/pflanzliche-produktion/wein/Weinherkunft.html


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.