24.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 68/23 |
Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal
Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealta i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 68/04)
Ballstát |
An Iodáil |
|||||
Na haerbhealaí lena mbaineann |
Reggio Calabria - Bologna agus a mhalairt |
|||||
Tréimhse bhailíochta an chonartha |
Ón 27 Bealtaine 2023 go dtí an 26 Bealtaine 2025 |
|||||
An spriocdháta faoinar gá tairiscintí a chur isteach |
2 mhí tar éis dháta foilsithe an fhógra seo |
|||||
An seoladh ónar féidir téacs an chuiridh chun tairisceana agus aon fhaisnéis agus/nó doiciméid iomchuí a bhaineann leis an tairiscint phoiblí agus leis an oibleagáid seirbhíse poiblí a fháil |
Teil. +39 0644596247 R-phost: osp@enac.gov.it. Suíomh gréasáin: http://www.mit.gov.it http://www.enac.gov.it |