9.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 49/28


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú é ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2023/C 49/12)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Cabernet d’Anjou”

PDO-FR-A1005-AM02

Dáta teachtaireachta: 11.11.2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Cód Geografach Oifigiúil

Rinneadh na bardais a chuimsítear sa limistéar geografach agus sa limistéar atá díreach in aice láimhe a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an Code officiel géographique [Cód Geografach Oifigiúil].

Níl aon tionchar aige sin ar imlíne an limistéir gheografaigh chríochaithe.

Leasaíodh pointe 6 agus pointe 9 den doiciméad aonair.

2.   Limistéar dáileachta críochaithe

Curtha leis tá na dátaí a d’fhormheas an t-údarás náisiúnta ábhartha na hathruithe ar an limistéar dáileachta críochaithe laistigh den limistéar geografach táirgthe. Déantar dáileachtaí a chríochú trí na dáileachtaí laistigh den limistéar geografach táirgthe a shainaithint, ar dáileachtaí iad atá oiriúnach chun an táirge a tháirgeadh ar táirge é a chumhdaítear leis an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint.

Ní dhéanann an leasú seo difear don doiciméad aonair.

3.   Spásáil idir fíniúnacha

Laghdaíodh an spásáil íosta idir fíniúnacha sa ró céanna ó 1 m go dtí 0,90 m.

Is é is cuspóir don leasú seo méadú ar dhlús plandaithe na bhfíniúnacha a cheadú gan an spásáil idir sraitheanna a athrú.

Tá foráil speisialta curtha isteach freisin maidir le fíniúnacha ar fhánaí i gcás ina bhfuil an grádán níos mó ná 10 %, arb é 0,80 m an spásáil údaraithe íosta ina leith idir fíniúnacha.

Is é is cuspóir don mhéid sin an cás ar leith d’fhíniúnacha a chuirtear ar fhánaí géara a chur san áireamh, ar fíniúnacha iad a éilíonn socruithe sonracha i gcéim an phlandaithe (á gcur go comhthreomhar leis an bhfána seachas ingearach leis).

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

4.   Prúnáil

Rinneadh comhchuibhiú ar na rialacha maidir le prúnáil ar leibhéal na sonrúchán i limistéar Anjou Saumur i ngleann Loire.

Rinneadh é sin chun a áirithiú go mbeadh saothróirí fíniúna níos eolaí agus chun na seiceálacha is gá a shimpliú. Leis an leasú seo, is fusa do shaothróirí fíniúna iad féin a oiriúnú nuair a bhíonn siad ag tabhairt aghaidh ar shiocáin, a tharlaíonn níos déanaí agus níos déanaí sa bhliain.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

5.   Nasc

Leasaíodh an nasc chun tagairt do 2021 a chur san áireamh in ionad 2018 agus chun líon na mbardas a thabhairt cothrom le dáta, tar éis roinnt cumaisc.

Leasaíodh pointe 8 den doiciméad aonair.

6.   Bearta idirthréimhseacha

Scriosadh bearta idirthréimhseacha nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh.

Tá beart idirthréimhseach curtha leis tar éis críochú nua dáileachtaí i mbardais áirithe.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

7.   Lipéadú

Rinneadh na rialacha maidir le lipéadú a nuashonrú agus a chomhchuibhiú ar leibhéal na n-ainmniúchán i limistéar Anjou Saumur sa ghleann Loire. Is leasú eagarthóireachta amháin é sin.

Leasaíodh pointe 9 doiciméad aonair.

8.   Tagairt don chomhlacht cigireachta

Cuireadh foclaíocht úr ar an tagairt don chomhlacht cigireachta lena ailíniú leis an bhfoclaíocht a úsáidtear i sonraíochtaí táirge eile. Is leasú eagarthóireachta amháin é sin.

Ní thagann aon athrú ar an doiciméad aonair as an leasú seo.

9.   Leasuithe eagarthóireachta

Rinneadh roinnt nuashonruithe dréachtaithe ar an tsonraíocht.

Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Cabernet d’Anjou

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fionnta

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Is fíonta rosé iad seo fós a bhfuil na tréithe anailíseacha seo a leanas acu: Ní mór do na fíonta neart alcóil nádúrtha íosta de 10.5 % de réir toirte a bheith acu. Ní mór an cion siúcra ar féidir a choipeadh (glúcós + fruchtós) na bhfíonta tar éis an choipeadh a bheith 10 gram ar a laghad in aghaidh an lítir. Ní bhíonn neart alcóil iomlán de réir toirte na bhfíonta tar éis saibhrithe níos mó ná 13 %. Ní mór an aigéadacht so-ghalaithe, an aigéadacht iomlán agus an cion dé-ocsaíde sulfair iomlán a bheith mar a bhunaítear i reachtaíocht an Aontais, ach ní mór go mbeadh cion aigéadachta so-ghalaithe ag aon bhaisc d’fhíon gan bhuidéal atá incháilithe chun leas a bhaint as na téarmaí “primeur” (luath) nó “nouveau” (nua) nach mó ná 10,2 milleachoibhéis in aghaidh an lítir. Tá siúcraí ar féidir a choipeadh agus leibhéil éagsúla bhinnis sna fíonta. Nochtann a léiriú aramatach dian sainiúlacht na gcineálacha fíniúna. Mar sin féin tá torthaí i gcónaí i bhfoirm éigin (péitseog, sútha talún, citris, etc.). Sa bhéal, táirgeann na fíonta cothrom sofaisticiúil idir úire agus maothlachas. Tá na dea-bholaidh dian agus maireann siad i bhfad.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

10

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha

5.1.    Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   Dlús plandaithe – Spásáil

An modh saothraithe

Is é 4 000 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha. Níor cheart an spásáil idir sraitheanna na bhfíniúnacha sin a bheith níos mó ná 2,5 méadar, agus ní mór 0,90 méadar ar a laghad a bheith sa spásáil idir plandaí sa tsraith chéanna.

I gcás dáileachtaí fíonghoirt ina bhfuil an spásáil idir fíniúnacha sa tsraith chéanna níos lú ná 0,90 m ach níos mó ná 0,80 m nó cothrom leis, agus i gcás inar mó ná 10 % an grádán, beidh siad i dteideal an sonrúchán tionscnaimh cláraithe a úsáid le haghaidh a mbuainte.

Féadfar an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint a úsáid chun dáileachtaí fíonghoirt ag a bhfuil dlús níos lú ná 4 000 –– ach 3 300 ar a laghad –– plandaí in aghaidh an heicteáir a bhuain, faoi réir comhlíontacht le rialacha áirithe maidir le treoraíocht fíniúnacha agus airde duilliúir a leagtar síos sa tsonraíocht táirge seo. Ní mór don spásáil idir na rónna fíniúna gan a bheith níos mó ná 3 mhéadar, agus ní mór don spásáil idir plandaí sa ró céanna a bheith 1 mhéadar amháin ar a laghad.

2.   Rialacha prúnála

An modh saothraithe

Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ag baint úsáide as an modh cána nó spor, nó meascán den dá cheann. Déantar na fíniúnacha a phrúnáil agus 12 bhachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda i gceist: Féadtar na fíniúnacha a phrúnáil le dhá bhachlóg sa bhreis in aghaidh an phlanda, ar choinníoll nach bhfuil líon na ngéag ar a bhfuil torthaí in aghaidh an phlanda don bhliain níos mó ná 12 ag an gcéim fheineolaíoch a chomhfhreagraíonn do 11 nó 12 dhuilleog (bachlóga blátha aonair).

3.   Uisciú

An modh saothraithe

Toirmisctear uisciú.

4.   Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Tá sé toirmiscthe gualach fíoneolaíoch a úsáid, bíodh sé ina aonar nó measctha in ullmhóidí.

Toirmisctear úsáid sliseanna adhmaid.

Ní bhíonn neart alcóil iomlán de réir toirte na bhfíonta tar éis saibhrithe níos mó ná 13 %.

Anuas ar na forálacha thuasluaite, is gá go gcomhlíonann na cleachtais fíoneolaíochta a bhaineann leis na fíonta sin na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód Tuaithe agus Iascaireachta Muirí.

5.   Airde duilliúir agus treilísiú

An modh saothraithe

Ní mór an duilliúr ar an treilís airde a bhaint amach atá 0,6 oiread an fhaid, ar a laghad, idir na sraitheanna. Déantar an airde sin a thomhas mar an fad idir teorainn íosta an duilliúir (nach mór a bheith 0,40 méadar ar a laghad os cionn leibhéal na talún) agus an uasteorainn gearrtha (nach mór a bheith 0,20 m ar a laghad os cionn na sreinge treilíse uachtair).

I gcás dáileachtaí fíonghoirt a bhfuil an dlús plandála 3 300 ar a laghad ach níos lú ná 4 000 planda in aghaidh an heicteáir, beidh feidhm ag na rialacha treilíse breise seo a leanas: is é 1,9 méadar íosairde na gcuaillí treilísithe os cionn na talún; tá ceithre leibhéal sreanga treilíse ann; is ionann íosairde na sreinge is airde agus 1,85 méadar os cionn na talún.

5.2.    Uastáirgeacht

1.

69 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Ní mór gach céim de tháirgeadh fíonta atá incháilithe chun leas a bhaint as an sonrúchán tionscnaimh rialaithe “Cabernet d’Anjou” a bheith ar siúl sa limistéar geografach a chuimsíonn na bardais seo a leanas, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2021:

roinn Deux-Sèvres: Brion-près-Thouet, Loretz-d’Argenton, Louzy, Plaine-et-Vallées (bardas tarmligthe Oiron amháin), Saint-Cyr-la-Lande, Sainte-Verge, Saint-Martin-de-Mâcon, Saint-Martin-de-Sanzay, Thouars (bardais tarmligthe Mauzé-Thouarsais, Sainte-Radegonde agus iarbhardas Thouars amháin), Tourtenay, Val en Vignes (bardais tarmligthe Bouillé-Saint-Paul, Cersay agus Saint-Pierre-à-Champ amháin);

roinn Maine-et-Loire: Allonnes, Angers, Antoigné, Artannes-sur-Thouet, Aubigné-sur-Layon, Beaulieu-sur-Layon, Bellevigne-en-Layon, Bellevigne-les-Châteaux, Blaison-Saint-Sulpice, Bouchemaine, Brain-sur-Allonnes, Brissac Loire Aubance (bardais tarmligthe Alleuds, Brissac-Quincé, Charcé-Saint-Ellier-sur-Aubance, Chemellier, Coutures, Luigné, Saint-Rémy-la-Varenne, Saint-Saturnin-sur-Loire agus Vauchrétien amháin), Brossay, Cernusson, Chacé, Chalonnes-sur-Loire, Champtocé-sur-Loire, Chaudefonds-sur-Layon, Chemillé-en-Anjou (bardais tarmligthe Chanzeaux, La Jumellière agus Valanjou amháin), Cizay-la-Madeleine, Cléré-sur-Layon, Le Coudray-Macouard, Courchamps, Denée, Dénezé-sous-Doué, Distré, Doué-en-Anjou, Épieds, Fontevraud-l'Abbaye, Les Garennes sur Loire, Gennes-Val-de-Loire (bardais tarmligthe Chênehutte-Trêves-Cunault, Gennes, Grézillé, Saint-Georges-des-Sept-Voies agus Le Thoureil amháin), Huillé-Lézigné (bardas tarmligthe Huillé amháin), Ingrandes-Le Fresne sur Loire (iarbhardas tarmligthe Ingrandes amháin), Jarzé Villages (bardas tarmligthe Lué-en-Baugeois amháin), Louresse-Rochemenier, Lys-Haut-Layon, Mauges-sur-Loire (bardais tarmligthe La Chapelle-Saint-Florent, Le Mesnil-en-Vallée, Montjean-sur-Loire, La Pommeraye, Saint-Florent-le-Vieil, Saint-Laurent-de-la-Plaine agus Saint-Laurent-du-Mottay amháin), Mazé-Milon (bardas tarmligthe Fontaine-Milon amháin), Montilliers, Montreuil-Bellay, Montsoreau, Mozé-sur-Louet, Mûrs-Erigné, Orée d'Anjou (bardais tarmligthe Bouzillé, Champtoceaux, Drain, Landemont, Liré agus La Varenne amháin), Parnay, Passavant-sur-Layon, La Possonnière, Le Puy-Notre-Dame, Rives-de-Loir-en-Anjou (críoch bhardas tarmligthe Villevêque amháin), Rochefort-sur-Loire, Rou-Marson, Sainte-Gemmes-sur-Loire, Saint-Georges-sur-Loire, Saint-Germain-des-Prés, Saint-Just-sur-Dive, Saint-Macaire-du-Bois, Saint-Melaine-sur-Aubance, Saumur, Savennières, Soulaines-sur-Aubance, Souzay-Champigny, Terranjou, Tuffalun, Turquant, Les Ulmes, Val-du-Layon, Varennes-sur-Loire, Varrains, Vaudelnay;

roinn Vienne: Berrie, Curçay-sur-Dive, Glénouze, Pouançay, Ranton, Saint-Léger-de-Montbrillais, Saix, Ternay, Les Trois-Moutiers.

Is féidir breathnú ar léarscáileanna a thaispeánann an limistéar geografach ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Cabernet Franc N

Cabernet-Sauvignon N

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

8.1.   

 

1   Faisnéis maidir leis an limistéar geografach

a)   Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc

Cuimsíonn an limistéar geografach dhá mhórfhoirmíocht gheolaíocha, áit a bhfuil fíonghoirt den chuid is mó i ndobharcheantair na n-abhann agus feadh roinnt ardchláir: san iarthar, lomáin Réamhchaimbriacha agus Phailéasócha den Mhasaíf Armarcach; san oirthear, substráit Mhéiseasóch agus Caenasóch imchuach Pháras a chumhdaigh an bhuncharraig ársa. Déanann an saintréith gheolaíoch sin idirdhealú idir cuid thiar an limistéir gheografaigh agus an chuid thoir. Tá an chuid thiar suntasach mar gheall ar a fosuithe scealla, scláta den chuid is mó, agus ar a dtugtar “Anjou noir” nó “Anjou dubh” go háitiúil. Tá an chuid thoir suntasach mar gheall ar a marla cailceach (Saumur), ar a dtugtar “Anjou blanc” nó “Anjou bán” go háitiúil.

Agus naisc stairiúla le cúige ársa Anjou aige, ó bhí 2021 ann cumhdaíonn an limistéar geografach leath theas roinn Maine-et-Loire (68 mbardas) agus imill thuaidh ranna Deux-Sèvres (11 bhardas) agus Vienne (9 mbardas) go bunúsach.

Is ó fhoirmíochtaí geolaíocha éagsúla a díorthaíodh an ithir a fhaightear sna dáileachtaí atá críochaithe le haghaidh bhuaint na bhfíonchaor. Cé go bhfuil éagsúlacht mhór san ithir, bíonn sí go dona go ginearálta agus cúltaiscí teoranta uisce inti. Thairis sin, tá dea-airíonna teirmeacha aici.

Baineann an limistéar geografach leas as aeráid mheasartha aigéanach nach bhfuil mórán éagsúlachta sna raonta teochta ann, de bharr chóngaracht choibhneasta an Aigéin Atlantaigh ar thaobh amháin agus, ar an taobh eile, de bharr an róil atá ag an Loire agus a chraobh-aibhneacha maidir le rialáil teochta. Is fachtóir freisin é an fíoras go gcuirtear fíniúnacha ar na cnoic. Úsáidtear an nath “douceur angevine” (aimsir chaoin Anjou), a chiallaíonn go bhfuil geimhreadh, earrach fada agus fómhar fada ann mar aon le tréimhsí teo sa samhradh a tharlaíonn go minic. Na fánaí a bhfuil a n-aghaidh siar ó thuaidh nó soir ó dheas, cosnaíonn siad na fíniúnacha ó na gaotha aniar, a mbíonn cion ard taise iontu go minic. Dá bhrí sin, is teoranta an t-uisciú a bhíonn sa limistéar geografach agus baintear leas ann as éifeacht föhn, agus é i bhfothain ó cheo mara ag fánaí airde Choletais agus Mauges. Bíonn an bháisteach bhliantúil thart ar 585 mhilliméadar, i gcomparáid le 800 milliméadar in Choletais.

b)   - Tuairisc ar na tosca daonna is ábhartha maidir leis an nasc geografach

Is eol fíniúnacha a bheith á saothrú ar bhonn leanúnach in Anjou ón gcéad aois A.D. Is talamh den scoth í chun fíniúnacha a shaothrú, mar is léir ó na línte seo a leanas ó dhán le Apollonius (6ú céad): “Tá baile ann nach bhfuil rófhada ón mBriotáin lonnaithe ar charraig ar a bhfuil plandálacha fairsinge atá tiomnaithe do Ceres agus Bacchus agus ainm, Andecavi (Angers), a thagann ón logainm Gréigise.” D’fhorbair saothrú fíniúnacha sa limistéar Anjou le linn na Meánaoiseanna, faoi choimirce na mainistreacha lonnaithe ar bhruacha an Loire agus timpeall Angers. Bhain sé cáil ar leith amach ón 7ú agus 8ú céad ar aghaidh. A bhuí le tionchar Henri II agus Eleanor de Aquitaine, cuireadh fíon ó Anjou ar na boird ab uaisle.

D’fhorbair táirgeacht go suntasach ón 16ú céad amach le teacht ceannaithe na hÍsiltíre ag lorg fíona dá dtír agus dá gcoilíneachtaí. Cheannaigh na hÍsiltírigh soláthar fíona agus bhí an trádáil chomh bríomhar sa 18ú céad go ndearnadh abhainn Layon, a théann trasna an limistéir gheografaigh, inseolta chun iompar a éascú. D’fhág an ardmheas a bhí ar fhíonta Anjou go raibh an-tóir orthu agus chruthaigh cánacha éagsúla (ar fhíon i mbulc, ar chliathbhoscaí, cáin mhórdhíola, cáin mhiondíola, dleacht mháil, etc.). Bhí iarmhairtí diúltacha ag na cánacha sin ar thrádáil. Scrios an slad a rinne na cogaí in Vendée na fíonghoirt, a bheag nó a mhór. D’fhill rathúnas sa 19ú céad. In 1881, chumhdaigh na fíonghoirt achar dromchla de 45 000 heicteár, lena n-áirítear 10 000 heicteár a d’fhan in 1893 tar éis dúchán phylloxera.

8.2.   

 

Tá an cháil ar an réigiún ar a dtugtar Anjou de bharr, go bunúsach, táirgeadh fíonta geala a dhéantar ó chineál Chenin B. Cuireadh cineál Cabernet Franc N agus Cabernet Sauvignon N rud beag ní ba dhéanaí áfach agus leath siad go suntasach tar éis ghéarchéim phylloxera. Ag tús an 20ú haois, bhí iarrachtaí saothraithe fíona á ndíriú go príomha ar “rouget” a dhéanamh, an t-ainm áitiúil ar fhíon éadrom a chuirtear ar fáil i gcaiféanna. Ba é an chéad chéim maidir le hathruithe ar fhíonghoirt Anjou. In éineacht leis na cineálacha Grolleau N agus Grolleau Gris G, lena dtáirgtear fíonta éadroma “clairet”, arna gcomhlánú le cineálacha Gamay N agus Pineau d’Aunis N, chuir siad le forbairt táirgthe shuntasaigh fíonta rosé suaitheanta, cáiliúla agus aitheanta faoi na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosa “Cabernet d’Anjou” agus “Rosé d’Anjou”. Bhí an dara céim de na hathruithe seo bunaithe ar an taithí a fuair táirgeoirí agus iad ag bainistiú na mbarr sin. D’fhorbair táirgeadh fíonta dearga ó na 1960idí ar aghaidh, bunaithe ar fhaireachán agus ar anailís ar na meascáin chineálacha agus na suíomhanna plandála ab fhearr, in éineacht le measúnú ar an bpoitéinseal buainte agus an saineolas a fuarthas maidir le teicnící saothraithe fíona.

2   Faisnéis maidir le cáilíocht agus saintréithe an táirge

Tá siúcraí ar féidir a choipeadh agus leibhéil éagsúla bhinnis sna fíonta rosé. Tá a gcarachtar aramatach dian, agus saintréithe a gcineálacha fíonchaoire á léiriú ag gach ceann acu. Mar sin féin tá torthaí i gcónaí i bhfoirm éigin (péitseog, sútha talún, citris, etc.). Sa bhéal, táirgeann na fíonta cothrom sofaisticiúil idir úire agus maothlachas. Tá na dea-bholaidh dian agus maireann siad i bhfad.

3   Idirghníomhaíochtaí cúisíocha

Tugann saintréithe measctha an limistéir saothraithe fíniúnacha, lena n-áirítear a shuíomh thuaidh, a thírdhreach saintréitheach, a aeráid mheasartha shuntasach agus a gheolaíocht shonrach agus a phróifíl ithreach blas úr ar leith do na fíonta.

Mar gheall ar éagsúlacht na suíomhanna fíonghoirt agus a bpróifílí ilchineálacha geolaíocha agus ithreach, cuirtear ar a gcumas do tháirgeoirí na dálaí is fearr a aimsiú le haghaidh gach ceann de na cineálacha fíniúnacha atá ag fás ann. Déanann na saothróirí fíona scrúdú agus anailís ar iompraíocht a gcuid fíniúnacha chun an suíomh ceart le haghaidh na bhfíonghort a shocrú. Cé go n-aimsítear cineálacha Grolleau N, Grolleau Gris G agus Pineau d’Aunis N ar na cnoic agus ar an míntír ghainmheach/ghairbhéalach, áit a n-úsáidtear iad chun fíonta rosé torthaíocha a tháirgeadh, is fearr le cineálacha Cabernet Franc N agus Cabernet Sauvignon N ithreacha éadoimhne nó ithreacha donna a bhfuil soláthar uisce rialaithe acu de ghnáth, áit a n-úsáidtear iad chun fíonta rosé tathagacha, a bhfuil dea-bholadh marthanach orthu, a tháirgeadh.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

API

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht an Aontais

An cineál coinníll bhreise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainiú ag maolú maidir le táirgeadh agus le próiseáil fíonta atá incháilithe don shonrúchán tionscnaimh rialaithe “Rosé d’Anjou”, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2021:

roinn Indre-et-Loire: Saint-Nicolas-de-Bourgueil;

roinn Loire-Atlantique: Ancenis-Saint-Géréon (gan ach iarbhardas Ancenis), Le Loroux-Bottereau, Le Pallet, La Remaudière, Vair-sur-Loire (gan ach bardas tarmligthe Anetz), Vallet;

roinn Maine-et-Loire: Orée d’Anjou (críoch bhardas tarmligthe Saint-Laurent-des-Autels amháin), Saint-Martin-du-Fouilloux.

Lipéadú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Féadfar an téarma “primeur” (luath) nó “nouveau” (nua) a leanúint ón sonrúchán tionscnaimh rialaithe, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa tsonraíocht.

I gcás ina sonraítear i reachtaíocht an Aontais go bhféadfaidh na Ballstáit na tásca roghnacha a rialú, priontálfar tásca den sórt sin ar lipéid i bhfoclaíocht nach bhfuil níos mó, ar airde agus ar leithead, ná dhá oiread mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an tsonrúcháin thionscnaimh chláraithe.

Is féidir an t-ainm geografach “Val de Loire” a chur i ndiaidh ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa tsonraíocht. Méid na litreacha d’ainm geografach “Val de Loire”, ní fhéadfaidh siad a bheith níos mó, ar airde ná ar leithead, ná dhá thrian de mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

Ní mór d’fhíonta atá i dteideal an téarma “primeur” (luath) nó “nouveau” (nua) an bhliain a lua freisin.

Féadfaidh fíonta ainm aonaid gheografaigh níos lú a shonrú ar a lipéid, ar choinníoll: - ainm áite is ea é atá liostaithe i gclárlann na talún; - bíonn an t-ainm le feiceáil ar an dearbhú buainte. Na litreacha a úsáidfear chun ainm na háite a phriontáil, ní bheidh siad níos mó ná leath de mhéid na litreacha ina scríobhtar ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, ó thaobh airde ná leithid de.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-cea1d3f7-577f-445e-9e58-b708a8d13eb8


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.