17.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 16/3


Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta, ar leasú atá ann ar shonraíocht táirge le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus earraí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún

(2023/C 16/03)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 6b(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).

Formheas leasaithe chaighdeánaigh ar shonraíocht táirge le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint de thionscnamh Ballstáit a chur in iúl (Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012)

“Aceite de Jaén”

Uimh. AE: PGI-ES-2322-AM01 – 21.10.2022

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm an táirge

“Aceite de Jaén”

2.   An Ballstát ina bhfuil an limistéar geografach

An Spáinn

3.   Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl

An Ard-Stiúrthóireacht um Thionscal Agraibhia, Nuálaíocht agus Slabhra an tSoláthair (Dirección General de Industrias, Innovación y Cadena Agroalimentaria)

Aireacht Réigiúnach um Thalmhaíocht, Iascach, Uiscí agus Fhorbairt Tuaithe Rialtais na hAndalúise (Consejería de Agricultura, Pesca, Agua y Desarrollo Rural de la Junta de Andalucía)

Calle Tabladilla, s/n, 41071 Seville. Fón. +34 955032278, Facs +34 955032112

R-phost: dgiica.cagpds@juntadeandalucia.es

4.   Tuairisc ar an leasú (na leasuithe) formheasta

Na teorainneacha le haghaidh aigéid shailleacha a leagtar amach i bpointe 2.2.1, Saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha na sonraíochta táirge, leasaíodh iad chun iad a chur in oiriúint do chúrsaí mar atá siad faoi láthair maidir leis an athrú aeráide, i dtéarmaí buaint luath, éifeachtaí ar lipighineas / aibiú torthaí agus comhdhéanamh cineálacha dúchasacha a chumhdaítear leis an TGFC. Tá na teorainneacha nua i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 ón gCoimisiún an 11 Iúil 1991 maidir le saintréithe ola olóige agus saintréithe ola prabhaite olóige agus na modhanna ábhartha anailíse (2). Thairis sin, sloinneadh na teorainneacha nua le haghaidh aigéid shailleacha atá sa tsonraíocht go dtí dhá ionad dheachúlacha, dá ndéantar foráil leis an Rialachán sin.

Is mar a leanas atá na teorainneacha leasaithe:

Aigéad pailmíteach: 7,50-17,00 %; aigéad oiléach: > 70,00 % agus aigéad líonoiléach: ≤ 8,00 %.

Ba cheart é sin a mheas mar leasú caighdeánach mar ní dhéanann na hathruithe formheasta ar na teorainneacha le haghaidh aigéid shailleacha aon difear don ainm cosanta ná don nasc leis an timpeallacht, agus ní thagann srianta breise ar thrádáil an táirge dá bharr sin.

Pointe 3.2 den doiciméad aonair, Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1), leasaíodh é dá réir.

DOICIMÉAD AONAIR

“Aceite de Jaén”

UIMH. AE: PGI-ES-2322-AM01 – 21.10.2022

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm

“Aceite de Jaén”

2.   Ballstát nó tríú tír

An Spáinn

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.    An cineál táirge

Aicme 1.5 – Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.)

3.2.    Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is ola olóige úríon é “Aceite de Jaén” a dhéantar go heisiach trí bhealaí meicniúla amháin agus go díreach ó thorthaí crann ológ (Olea europaea L) de chuid plandálaithe atá lonnaithe sa limistéar geografach a shainmhínítear i bpointe 4, a léiríonn na saintréithe fisiciceimiceacha agus orgánaileipteacha a leanas tráth an phacáistithe:

Aigéadacht

0,5 % ar a mhéad

Luach sárocsaíde

15 mEq O2/kg ar a mhéad

K270

0,18 ar a mhéad

K232

2,0 ar a mhéad

Céaracha

120 mg/kg ar a mhéad

Polaifeanóil iomlána

300 mg/kg ar a laghad

Tócaifearóil iomlána

150 mg/kg ar a laghad

Comhdhéanamh aigéad sailleach

Aigéad pailmíteach

7,50 – 17,00  %

Aigéad oiléach

> 70,00  %

Aigéad líonoiléach

≤ 8,00  %

Saintréithe orgánaileipteacha

Blas torthaí airmheánach

Níos mó ná 3 phointe

Searbhas airmheánach

3,0 – 6,5

Géire airmheánach

3,0 – 6,5

Scór airmheánach le haghaidh lochtanna

Cothrom le 0

dea-bholadh: dea-bholadh inbhraite d’ológa úra, sláintiúla agus blasanna torthaí nó táirgí plandabhunaithe eile amhail duilleoga glasa nó féir, a chomhcheanglaítear le bolaithe torthaíocha sonracha atá measartha suntasach nó iontach suntasach (airmheán le haghaidh torthaíochta ar scála líneach leanúnach atá níos mó ná 3,0);

blas: blas glan, cumhra d’ológa úra, sláintiúla agus blaisíní searbha, géara leis an láidreacht a leanas:

searbhas: inbhraite go measartha nó go soiléir (airmheán ar scála líneach leanúnach idir 3,0 agus 6,5);

géire: inbhraite go measartha nó go soiléir (airmheán ar scála líneach leanúnach idir 3,0 agus 6,5).

Go hachomair, sainítear saintréithe orgánaileipteacha na n-olaí a chumhdaíonn sonrúchán “Aceite de Jaén” le dea-bholaithe ológ úr, glan agus sláintiúil a bhaintear roimh an 31 Nollaig, nuair a bhíonn na gnéithe searbhais agus géire go mór chun cinn.

3.3.    Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Ní mór “Aceite de Jaén” a dhéanamh ó na cineálacha ológ a leanas a fhástar ar bhunús aonair nó in éineacht i bplandálaithe crann ológ lonnaithe laistigh den limistéar geografach a shainmhínítear i bpointe 4.

An príomhchineál: Picual, cineál dúchasach arb ionann é agus breis agus 90 % de na crainn ológ a fhástar sa limistéar geografach.

Cineálacha tánaisteacha. Cineálacha dúchasacha: Manzanilla de Jaén, Royal de Cazorla agus Carrasqueño de Alcaudete. Cineálacha neamhdhúchasacha: Hojiblanca, Arbequina agus Picudo.

Is é “Aceite de Jaén” an ola olóige úríon a fhaightear ó ológa na gcineálacha thuasluaite a bhaintear roimh an 31 Nollaig, fad is go bhfuil 85 % ar a laghad den ola ó chineálacha dúchasacha.

In aon chás, ní mór na saintréithe fisiciceimiceacha agus orgánaileipteacha atá luaite i bpointe 3.2 a bheith ag na holaí sin.

3.4.    Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

Ní mór na hológa a fhás agus an ola a tháirgeadh laistigh den limistéar geografach ar a dtugtar tuairisc i bpointe 4.

3.5.    Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.    Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór na focail “Indicación Geográfica Protegida ‘Aceite de Jaén’ (‘Tásc Geografach Faoi Chosaint “Aceite de Jaén”) a phriontáil i litreacha soiléire, doscriosta, chomh maith le lógó sonrach TGFC agus lógó an Aontais Eorpaigh, in éineacht leis na mionsonraí agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoin reachtaíocht is infheidhme.

Ní mór lipéad tánaisteach uimhrithe neamh-in-athúsáidte a bheith ar choimeádáin ina margaítear “Aceite de Jaén” mar ráthaíocht chomhlíontachta agus tionscnaimh. Ní mór don Bhord Rialála, an chomhlacht bainistíochta le haghaidh an táisc gheografaigh faoi chosaint, na lipéid thánaisteacha a dheimhniú agus a eisiúint. Níor cheart dó aon bheart a dhéanamh a bhaineann le húsáid na lipéad tánaisteach sin lenar féidir ar aon bhealach leatrom a dhéanamh ar aon oibreoir a chomhlíonann an tsonraíocht.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Cumhdaíonn an limistéar geografach sainithe cúige Jaén ina iomláine, lonnaithe in oirdheisceart Leithinis na hIbéire.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc idir an táirge agus an limistéar geografach bunaithe ar cháil an ainm “Aceite de Jaén”, atá, ar thaobh amháin, ina iarmhairt ar luach ábhartha an táirge (na saintréithe fisiciceimiceacha agus orgánaileipteacha a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 3.2), a thugtar ceann ar cheann ó mheascán cineálacha ológ, ón suíomh geografach agus ó dhálaí ithreach agus aeráide. Is de bharr braistint a luacha dholáimhsithe í an cháil freisin, atá bunaithe ar stair na bplandálacha ológ agus na hola in Jaén leis na céadta bliain anuas.

A bhuí leis na saintréithe fisiciceimiceacha agus orgánaileipteacha ar a dtugtar tuairisc i bpointe 3.2, tá an-cháil ar “Aceite de Jaén” i margaí náisiúnta agus idirnáisiúnta araon agus d’éirigh leis mar eilimint riachtanach i ngastranamaíocht iliomad áiteanna. De réir suirbhé a rinne an chuideachta Global Investigación & Marketing in 2002 le haghaidh Chomhdháil na hAndalúise um Shonrúcháin Tionscnaimh, a rinneadh ar shampla de 539 nduine i gcúig cinn de phríomhchathair chúige na Spáinne (Maidrid, Barcelona, Valencia, Sevilla agus Zaragoza) agus leibhéal muiníne 95 % ann, nuair a iarradh ar na hagallaithe sonrúcháin tionscnaimh a raibh taithí acu orthu a ainmniú, ba chosúil gurb é “Aceite de Jaén” an cúigiú sonrúchán tionscnaimh de chuid na Spáinne ba mhó aitheantais air i measc tomhaltóirí agus an chéad cheann maidir le sonrúcháin tionscnaimh na hAndalúise, d’ainneoin nach marc cáilíochta a shainaithnítear go hoifigiúil é. Rinne an Fhaireachlann Bhuan um Ola Olóige á rith ag Cumann Bardais Olóige na Spáinne suirbhé teileafóin a cuimsíodh gach ceann de chúigí na Spáinne in 2009. Nuair a cuireadh an cheist “Cé acu cúige na Spáinne ina dtáirgtear an ola olóige is mó cáilíochta air?”, d’fhreagair breis agus 63 % de na hagallaithe “Jaén”.

Cumhdaíonn plandálaithe ológ achar dromchla 582 427 heicteár i gcúige Jaén (89,75 % den talamh curaíochta). Tá 76 % de na gabháltais níos lú ná cúig heicteár, rud a fhágann gur foinse ioncaim é saothrú ológ agus gur cuid den oidhreacht shoch-chultúrtha maidir le formhór na dteaghlach in Jaén é. Tá saothrú ológ agus táirgeadh ola olóige ann i 97 mbardas sa chúige. Fástar crainn ológ i ngach ceann de na bardais sin agus tá muillean ológ i ngach ceann acu ach amháin i dtrí cinn acu. Cruthaítear leis sin go bhfuil cúige Jaén ina iomláine nasctha go díreach agus páirteach i dtáirgeadh an táirge.

Tírdhreach Jaén, a bhfuil crainn ológ ar gach taobh de, tá sé de thoradh an tsean-idirghníomhaithe idir geomoirfeolaíocht an chúige agus na hiarrachtaí a dhéanann muintir na háite an chríocha a chur chun tairbhe, a gcuidíonn an timpeallacht fhisiciúil leo. Fágann an rilíf ar leith sa chúige go bhfuil an limistéar curaíochta lonnaithe idir Marmolejo (airde 250 m) agus Noalejo (1 000 m).

Is léir go bhfuil na hithreacha ina bhfásann ológa i gcúige Jaén cosúil leis na cineálacha ithreach incheapasal (Roinn Talmhaíochta na Stát Aontaithe – USDA) nó caimbeasal agus reigeasal (an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta – FAO), agus tá ardchion carbónáite cailciam go sainiúil ag gach ceann acu sin agus, dá bhrí sin, tá pH ard idir 6 agus 8 acu. Thairis sin, ós rud é go bhfuil an cúige lonnaithe i gcroílár réigiún na Meánmhara, bíonn na dálaí aeráide agus teochta agus na patrúin bháistí is fearr ann arb iad na dálaí is fearr iad don chuid is mó chun ológa a shaothrú (Csa de réir aicmiú aeráide Köppen). Bíonn meánraon na dteochtaí bliantúla idir 14,5 oC agus 17,0 oC. Bíonn na meánteochtaí uasta sa samhradh níos mó ná 30 oC (thart ar 35 oC i mí Iúil agus mí Lúnasa) agus bíonn na meánteochtaí íosta i míonna an gheimhridh thart ar 2 oC nó 3 oC. Is ionann 13 oC agus an meánraon teirmeach taifeadta. Bíonn an mheánbháisteach bhliantúil thart ar 410 mm – 620 mm, cé go mbíonn athruithe suntasacha ann ó bhliain go bliain atá tipiciúil d’aeráid na Meánmhara. Le 20 bliain anuas, bíonn an bháisteach íseal (thart ar 475 mm in aghaidh na bliana), níos flúirsí san fhómhar ná sa gheimhreadh agus san earrach, agus an-ghann i míonna an tsamhraidh (níos lú ná 10 % den fhrasaíocht bhliantúil iomlán). Go hachomair, bíonn na samhraí an-tirim agus báisteach íseal, teochtaí uasta an-ard, ardleibhéal sholas na gréine agus bogthaise choibhneasta íosta faoi 20 % ann.

Is féidir na saintréithe ar a dtugtar tuairisc i bpointe 3.2 a chomhcheangal leis an timpeallacht gheografach mar gheall ar an timpeallacht thipiciúil sa limistéar táirgthe le haghaidh “Aceite de Jaén” agus, go sonrach, an airde, na hithreacha aolchloiche a bhfuil ardleibhéil chomhdhúile charbónáite acu agus an aeráid (teochtaí arda agus patrún na báistí bliantúil inar beag an bháisteach a bhaineann leis sa samhradh). Fágann na dálaí sin go ndéantar dochar d’ológa a fhástar gan uisciú mar gheall ar strus acmhainní uisce, as a n-eascraíonn olaí a mbíonn tiúchan níos airde poilifeanól, tócaifearól agus aigéad oiléach iontu agus scóir an-suntasach maidir leis na saintréithe céadfacha searbhais, géire agus torthaíochta. Fiú sna plandálaithe ológ uiscithe, ina gcoimeádtar leibhéil struis mar gheall ar uisciú easnamhach, bíonn idir meánleibhéil agus ardleibhéil poilifeanól sna holaí, chomh maith le cobhsaíocht agus déine níos mó sna tréithe torthaíochta, searbhais agus géire ná mar a fhaightear ón Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta nó ó uisciú ard-dháileog (Salas et al, Influencia del riego sobre la composición y características organolépticas del aceite de oliva (“An tionchar ag uisciú ar chomhdhéanamh agus ar shaintréithe orgánaileipteacha ola olóige”)), Grasas y Aceites, iml. 48, Fascúl. 2, 1997, leathanaigh 74 agus 82.

Braitheann aibiú na dtorthaí ar dhálaí aeráide agus rilíf don chuid is mó agus an chaoi a ndéanann siad difear do na cineálacha ar a dtugtar tuairisc i bpointe 3.3. Tosaíonn an tréimhse fómhair– le haghaidh an phríomhchineáil agus na gcineálacha eile – i mí Dheireadh Fómhair i gcás olaí a bhuaintear mar “glas” nó mar “olaí luatha” agus críochnaíonn sé ag deireadh mhí na Nollag nuair a bhuaintear na holaí is aibí. Ráthaíonn an tréimhse fómhair sin go mbíonn olaí sláintiúla ar ardchaighdeán ann, chomh maith le comhdhéanamh agus saintréithe céadfacha “Aceite de Jaén” mar a shainmhínítear i bpointe 3.2.

Le himeacht na mblianta, measann an margadh agus tomhaltóirí gurb ionann an focal “Aceite de Jaén” agus ola olóige mhaith. Tá líon mór tagairtí sa litríocht stairiúil agus seandálaíochta do láithreacht agus do thábhacht chrainn ológ agus a n-ola i gcúige Jaén i ré na Rómhánach, agus don éileamh sa Róimh ar ola ó Jaén chomh maith. Mar shampla, féach alt ag P, Berni Millet (2015): In Viaje en el tiempo por la producción y el comercio del aceite bético con la iconografía romana (“Turas ama ina rianaítear táirgeadh agus trádáil ola na hAndalúise le híocónagrafaíocht Rómhánach”) san irisleabhar de chuid Sociedad de Estudios de la Cerámica Antigua en Hispania (SECAH) lch. 49-62, ina luaitear an ola ó réigiún Cástulo (Linares, Jaén) go sainráite agus coimpléasc tionsclaíoch ollmhór Marroquíes Bajos i gcathair Jaén ina dtáirgeadh ola, a cuireadh tús leis i ré Agustus agus ba é a bhí sa choimpléasc “millteanach” sin chun ola olóige a tháirgeadh ná sraith sé mhuileann ollmhór i líon taobh le chéile. Luaitear sa pháipéar freisin gur aimsíodh amfaraí ag Monte Testaccio lena n-áirítear inscríbhinní reatha ó cheantar fioscach Cástulo (CIL XV 4137). Thángthas ar eipeagraf ar leith chomh maith sa chathair arsa sin a greanadh i gcloch, agus na focail “RESCRIPTUM SACRUM DE RE OLEARIA” air, a bhí ina cheannteideal ar athscript impiriúil ar an ola lena luaitear Hadrian.

In 1849 d’ordaigh Banríon Isabella II foilsiú ciorcláin ón Aireacht um Thrádáil, Oideachas agus Oibreacha Poiblí lena liostaítear na meáchain agus na tomhais ba choitianta a úsáideadh sa trádáil sa Spáinn, lena n-áirítear dhá choimeádán déanta de stán, an “MEDIA ARROBA DE ACEITE DE JAÉN” agus an “MEDIA LIBRA DE ACEITE DE JAÉN” (Músaem Lárionad na Spáinne um Méadreolaíocht in Tres Cantos-Madrid).

Tugtar na haitheantais líonmhara a bronnadh ar an ola olóige úríon a tháirgtear sa chúige mar thaca le cáil Jaén san earnáil ola.

Is é an fhianaise bhreise atá ann maidir lena cháil nach gcuireadh na srianta ar mharcanna geografacha i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh ar mhargú olaí olóige bac ar tháirgeoirí áirithe seans a thógáil logainm “Jaén” a úsáid agus a chlárú ina dtrádmharcanna. Le hathbhreithniú na gcartlann ag Oifig na Spáinne um Paitinní agus Thrádmharcanna (OEPM), Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI), nochtar gur cuireadh an logainm sin san áireamh in 68 marc shainiúla. Féach freisin na nósanna imeachta um smachtbhanna a sheol Rialtas Réigiúnach na hAndalúise in aghaidh gnóthais phacáistithe ola olóige de bharr neamhchomhlíonadh le reachtaíocht Eorpach mar gheall ar chuimsiú neamhdhleathach logainm “Jaén” ar a lipéid.

Leis na tagairtí a leanas, cuirtear fianaise ar fáil go n-úsáidtear an t-ainm sa ghnáthchaint agus chun críoch tráchtála, agus go mbíonn sé nasctha i gcónaí le táirge measúil ar ardchaighdeán:

1.

Alt ó La Vanguardia nuachtán ó Barcelona an 9 Lúnasa 1938 ina dtugtar tuairisc ar dhíoladh shaibhreas na Spáinneach chun costais Chogadh Cathartha na Spáinne a chumhdach: “...Is é ábhar chogadh na Gearmáine an t-airgeadra is líonmhaire. Gealladh aon rachmas de chuid na Spáinne nár dáileadh agus nár tugadh amach cheana: ola olóige ó Jaén, oráistí ó Valencia...”.

2.

Tuarascáil ó leathanach 6 de nuachtán Barcelona La Vanguardia an 14 Meitheamh 1970 faoi chuairt Uachtarán na Fraince, de Gaulle, ar an Spáinn, stad in Jaén san áireamh: ’...Nóiméid roimh a imeacht, chuir Uachtarán na Fraince suim in ‘Aceite de Jaén’ agus rinne a lucht coimhdeachta teagmháil le hAontas Críche Chomharchumainn na Tuaithe chun iad dhá bhoscaí stáin ola olóige a sholáthar dóibh...”.

3.

Agallamh i nuachtán El País an 5 Samhain 2014 inar nocht Lucio Blázquez, bunaitheoir agus úinéir “Casa Lucio”, cloch choirnéal domhan na mbialanna ardleibhéil Maidrid, an rún laistiar de mhias chomharthach an ghnólachta “huevos rotos” (“uibheacha briste” go litriúil): “Tine ghual, friochtáin mhaithe agus an t-amhábhar: prátaí ón nGailís, uibheacha ó fheirm in Ávila agus ola ó Jaén”..

4.

Alt a foilsíodh sa nuachtán digiteach Prnoticias an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le hardán díolacháin idirnáisiúnta ina míníonn a Leas-Uachtarán na hEorpa go bhfuil “breis agus 500 tagairt táirge, ó liamhás Ibéarach go hola ó Jaén”.

5.

Léirmheas ó eagrán Sevilla nuachtán ABC an 30 Samhain 2007, ina luaitear an méid a leanas: “D’éirigh ‘Casa de Jaén’ i Sevilla ina thús cadhnaíochta aréir le haghaidh na hola olóige íon ó Jaén a bhfuil cáil dhomhanda uirthi, a raibh iad siúd a bhí i láthair in ann é a bhlaiseadh agus taitneamh a bhaint as (...) Ní bhíonn suirbhéanna de dhíth chun é a dheimhniú. Is cás de ‘ór leachtach’ atá ann. Níl aon amhras ann go bhfuil ola ó Jaén ar mhullach rangú na n-olaí is fearr ar domhan...”

6.

Luaigh Camilo José Cela, Duais Nobel na Litríochta, ola ó Jaén ina leabhar La cruz de San Andrés (“Cros Naomh Aindrias”). “...thug siad ola ó Jaén agus cruithneacht ó Palencia agus Valladolid agus shaothraigh sí a beatha trína dháileadh i measc na gceannaitheoirí...”

7.

Luann Almudena Grandes, Duais Litríochta Náisiúnta na Spáinne, ola ó Jaén ina leabhar Inés y la alegría (“Inés agus an tÁthas”): “...thóg an phantrach ag Casa Inés 90 lítear den ola olóige iontach a tháirgtear sna sléibhte ó dheas de Jaén.”

8.

Alt dar teideal “Tá ola olóige Jaen ar cheann de na táirgí is mó cáil uirthi de chuid na hAndalúise agus na Spáinne.”[sic] ar bhlagiontráil a postáladh an 12 Nollaig 2016 ar thairseach d’acmhainní saoire a fháil ar cíos Ruralidays.com.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://juntadeandalucia.es/sites/default/files/inline-files/2022/09/Pliego_Aceite_Jaen_consolidado_BOJA_1_0.pdf


(1)  IO L 179, 19.6.2014, lch. 17.

(2)  IO L 248, 5.9.1991, lch. 1.