AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.7.2023
SWD(2023) 807 final
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN
Tuarascáil 2023 maidir leis an Smacht Reachta
Caibidil Tíre maidir le staid an smachta reachta in Éirinn
a ghabhann leis an doiciméad
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Tuarascáil 2023 maidir leis an Smacht Reachta
{COM(2023) 800 final} - {SWD(2023) 801 final} - {SWD(2023) 802 final} - {SWD(2023) 803 final} - {SWD(2023) 804 final} - {SWD(2023) 805 final} - {SWD(2023) 806 final} - {SWD(2023) 808 final} - {SWD(2023) 809 final} - {SWD(2023) 810 final} - {SWD(2023) 811 final} - {SWD(2023) 812 final} - {SWD(2023) 813 final} - {SWD(2023) 814 final} - {SWD(2023) 815 final} - {SWD(2023) 816 final} - {SWD(2023) 817 final} - {SWD(2023) 818 final} - {SWD(2023) 819 final} - {SWD(2023) 820 final} - {SWD(2023) 821 final} - {SWD(2023) 822 final} - {SWD(2023) 823 final} - {SWD(2023) 824 final} - {SWD(2023) 825 final} - {SWD(2023) 826 final} - {SWD(2023) 827 final}
Achoimre
Táthar ag leanúint d’athchóirithe atá dírithe ar neamhspleáchas agus ar cháilíocht chóras ceartais na hÉireann a fheabhsú. Reáchtáil an Pharlaimint plé ar an mBille faoi Choimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha. Mar sin féin, is ábhar imní fós an leagan amach atá beartaithe ar an gCoimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha. Cuireadh tús leis na forálacha reachtacha lenar féidir gearáin a dhéanamh maidir le mí-iompar breithiúnach líomhnaithe. Cé go bhfuil anailís ar chur chuige maidir le costais dlíthíochta a laghdú ar feitheamh go dtí go bhfoilseofar í, níor glacadh aon chéim eile. Thairis sin, glacadh roinnt tuarascálacha a bhaineann le gnéithe de cháilíocht an cheartais amhail an t-athbhreithniú ar an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta agus bacainní ar ghairmeacha dlí. D’fhógair an Rialtas méadú suntasach ar líon na mbreithiúna. Cuireadh tús freisin le straitéisí atá dírithe ar dhigitiú an cheartais a fheabhsú. Tá dúshlán fós ag baint le héifeachtúlacht an chórais ceartais, agus ní ann fós do chóras chun meastóireacht rialta a dhéanamh ar fheidhmíocht na cúirte bunaithe ar tháscairí sainithe.
Tá creat cuimsitheach fós ag Éirinn chun éilliú a chosc agus a chur faoi chois, agus meastar leibhéal íseal éillithe a bheith ann. Tá roinnt feabhsuithe a bhí beartaithe curtha siar roinnt uaireanta. Tar éis roinnt moille, thosaigh an Chomhairle Chomhairleach bhuan in aghaidh Coireacht Eacnamaíoch agus Éilliú ag ullmhú straitéis ilbhliantúil nua in aghaidh éilliú. Faoin mbille maidir le hathchóiriú na bpóilíní, leithdháilfear níos mó neamhspleáchais ar an eagraíocht sheachtrach, a dhéanann imscrúdú ar shláine sna póilíní. Tugadh faoi fhorléargas cuimsitheach ar an gcreat eitice fad atá an reachtaíocht ábhartha, nach bhfuil réitithe fós, á dréachtú, á plé agus á glacadh. Tá bille chun an creat maidir le brústocaireacht a neartú á phlé sa Pharlaimint. Glacadh roinnt beart chun na rialacha maidir le nochtadh sócmhainní a neartú agus tá acmhainn faireacháin agus forfheidhmithe an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí mar an gcéanna, in ainneoin gur láimhseáladh líon méadaithe gearán agus iarrataí ar chomhairle. Tháinig dlí nua maidir le cosaint do sceithirí i bhfeidhm.
Tá leibhéal ard saoirse agus iolrachais ag na meáin fós in Éirinn. Rinne an Rialtas leasú ó bhonn ar dhlí na meán in Éirinn agus d’achtaigh sé an tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, lena ndéantar na rialacha maidir le seirbhísí meán closamhairc a nuashonrú agus lena mbunaítear creat rialála nua maidir le sábháilteacht ar líne. Leis an dlí, déantar Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc a thrasuí go páirteach freisin agus bunaítear rialtóir nua meán leis. Tá dúshláin fós ann maidir leis an trédhearcacht a bhaineann le leithdháileadh fógraíochta stáit toisc rialacha sonracha lena rialaítear an t-ábhar a bheith fós in easnamh. Lean an Rialtas de bheith ag scrúdú roghanna chun córas na táille ceadúnais teilifíse a athchóiriú d’fhonn maoiniú leordhóthanach a chur ar fáil do na meáin seirbhíse poiblí. Tá an t-athchóiriú ar an dlí clúmhillte fós á ullmhú. Bhunaigh na póilíní náisiúnta, in éineacht le páirtithe leasmhara sna meáin, Grúpa um Rannpháirtíocht sna Meáin chun bagairtí agus foréigean in aghaidh iriseoirí a phlé agus chun freagairt chomhordaithe a áirithiú.
Maidir le saincheisteanna institiúideacha a bhaineann le srianta agus ceartúcháin, is cúis imní é gur leanadh d’úsáid a bhaint as rúin sa phróiseas reachtach chun an t-am a thugtar do dhíospóireacht reachtaíochta a ghiorrú. Cuirfidh an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh le déanaí tús go luath le hathbhreithniú ar an Acht Toghcháin, arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt, imeasc nithe eile, ar na hábhair imní atá ag an tsochaí shibhialta maidir le bacainní dlí a bhaineann le rochtain ar chistiú. Tugadh faoi thionscnaimh, amhail Tionóil Saoránach agus an chéad Fhóram Náisiúnta Saoránach, arb é is aidhm dóibh rannpháirtíocht an phobail agus na sochaí sibhialta a spreagadh i gceapadh beartas.
Moltaí
Go foriomlán, chomh fada agus a bhaineann sé leis na moltaí i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta:
·Ní dhearna Éire aon dul chun cinn lena áirithiú go bhfuil caighdeáin Eorpacha maidir le ceapacháin bhreithiúnacha á gcur san áireamh maidir le ceapachán agus ardú céime breithiúna a athchóiriú, a mhéid a bhaineann le comhdhéanamh an Choimisiúin um Cheapacháin Bhreithiúnacha, ós rud é nár tugadh aon athrú suntasach isteach ar an gcomhdhéanamh atá beartaithe don Choimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha.
·Ní dhearnadh aon dul chun cinn maidir le gníomhaíochtaí atá dírithe ar chostais dlíthíochta a laghdú chun rochtain éifeachtach ar cheartas a áirithiú, agus caighdeáin Eorpacha maidir le costais dhíréireacha dlíthíochta agus an tionchar atá acu ar rochtain ar na cúirteanna á gcur san áireamh.
·Rinneadh roinnt dul chun cinn maidir leis an gcreat eitice atá ann cheana a neartú, lena n-áirítear maidir le cóid iompair, fáinní fí agus dearbhuithe sócmhainní, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinniúlacht faireacháin agus forfheidhmithe an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ach rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le brústocaireacht.
·Rinneadh roinnt dul chun cinn maidir le leanúint d’athchóiriú an Achta um Chlúmhilleadh chun an timpeallacht ghairmiúil le haghaidh iriseoirí a fheabhsú, agus na caighdeáin Eorpacha maidir le cosaint iriseoirí á gcur san áireamh.
·Rinneadh roinnt dul chun cinn maidir le bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní dlíthiúla a bhaineann le rochtain eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an gcistiú.
Ar an mbonn sin, agus i bhfianaise forbairtí eile a tharla le linn na tréimhse tagartha, moltar d’Éirinn an méid seo a leanas a dhéanamh:
·A áirithiú go mbeidh caighdeáin Eorpacha maidir le ceapacháin bhreithiúnacha á gcur san áireamh maidir le ceapachán agus ardú céime breithiúna a athchóiriú, a mhéid a bhaineann le comhdhéanamh an Choimisiúin um Cheapacháin Bhreithiúnacha.
·Leanúint de ghníomhaíochtaí atá dírithe ar chostais dlíthíochta a laghdú chun rochtain éifeachtach ar cheartas a áirithiú, agus caighdeáin Eorpacha maidir le costais dhíréireacha dlíthíochta agus an tionchar atá acu ar rochtain ar na cúirteanna á gcur san áireamh.
·An creat eitice atá ann faoi láthair a neartú agus a dhigitiú, maidir le dearbhuithe sócmhainní agus brústocaireacht, lena n-áirítear inniúlacht faireacháin agus forfheidhmithe an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.
·Leanúint d’athchóiriú an Achta um Chlúmhilleadh chun an timpeallacht ghairmiúil le haghaidh iriseoirí a fheabhsú, agus na caighdeáin Eorpacha maidir le cosaint iriseoirí á gcur san áireamh.
·Bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní dlíthiúla a bhaineann le rochtain eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar chistiú, mar chuid den athchóiriú ar an Acht Toghcháin.
I.An Córas Ceartais
Is dlínse dlí choitinn í Éire, a bhfuil a breithiúna roinnte i mbrainse sibhialta agus i mbrainse coiriúil. Is é atá sa chóras cúirteanna cúirt achomhairc deiridh (an Chúirt Uachtarach), Cúirt Achomhairc, agus cúirteanna céadchéime lena n-áirítear Ard-Chúirt a bhfuil dlínse iomlán aici i ngach ní coiriúil agus sibhialta agus cúirteanna dlínse teoranta: an Chúirt Chuarda agus an Chúirt Dúiche a eagraítear ar bhonn geografach. Is cúirteanna gan ghiúiré
iad na Cúirteanna Coiriúla Speisialta a phléann le cásanna paraimíleatacha, treascracha agus coireachta eagraithe. Thairis sin,
tá roinnt binsí speisialaithe ag feidhmiú i réimsí éagsúla. Bunaíodh Comhairle Breithiúna
in 2019. Cé nach bhfuil cúirt bhunreachtúil ag Éirinn, tá sé de chumhacht ag na Cúirteanna an Bunreacht a léirmhíniú agus a chaomhnú. Is é Uachtarán na hÉireann, ag gníomhú dó ar chomhairle an Rialtais, a cheapann na breithiúna. Tá sé de chúram ar an mBord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúnacha (JAAB) iarrthóirí oiriúnacha a roghnú lena gceapadh. Ní cuid den bhrainse breithiúnach í an tseirbhís ionchúisimh. Is é an tArd-Aighne is comhairleach don Rialtas i gcúrsaí dlí. Tá dhá chineál dlíodóirí i ngairm an dlí — aturnaetha, a ndéanann an Dlí-Chumann ionadaíocht orthu, agus abhcóidí, a ndéanann Barra na hÉireann ionadaíocht orthu go ginearálta. Is é an tÚdarás Rialála Seirbhísí Dlí (LSRA), comhlacht neamhspleách a bunaíodh in 2016, rialtóir reachtúil náisiúnta na hÉireann ar an dá bhrainse de ghairm an dlí.
Neamhspleáchas
Leanann an bhraistint faoin neamhspleáchas breithiúnach in Éirinn de bheith ard i measc an phobail trí chéile agus tá sin ard anois i measc cuideachtaí. Go foriomlán, is í braistint 73 % den phobal trí chéile agus 72 % de na cuideachtaí go bhfuil leibhéal neamhspleáchais na gcúirteanna agus na mbreithiúna ‘sách maith nó an-mhaith’ in 2023
. De réir sonraí i Scórchlár Ceartais an Aontais Eorpaigh 2023, tá an leibhéal fós ard i gcás an phobail trí chéile, go leanúnach ó 2016 i leith ((is é sin 75 % agus atá sé fós ar an leibhéal céanna agus a bhí in 2022 (73 %)). Tá laghdú beag tagtha ar bhraistint an neamhspleáchais bhreithiúnaigh i measc na gcuideachtaí ó 2022 (77 %) agus ó 2016 (79 %).
Ní dhearnadh aon dul chun cinn déanta maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar an gcóras lena gceaptar agus a dtugtar ardú céime do bhreithiúna ós rud é gur pléadh an Bille fá Choimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha sa Pharlaimint ach nach ndearnadh aon athrú suntasach ar chomhdhéanamh an Choimisiúin. Moladh d’Éirinn i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta “a áirithiú go gcuirtear na caighdeáin Eorpacha a mhéid a bhaineann le ceapacháin bhreithiúnacha san áireamh san athchóiriú ar cheapachán agus ardú céime na mbreithiúna, a mhéid a bhaineann
le comhdhéanamh an Choimisiúin um Cheapacháin Bhreithiúnacha”
. Mar a léirítear i dTuarascáil 2022
, chuir an Rialtas bille síos sa Pharlaimint i mí Aibreáin 2022 maidir le ceapadh agus ardú céime breithiúna lena ndéantar foráil do Choimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha a bhunú. Is é an Príomh-Bhreitheamh a bheadh ina chathaoirleach ar an gCoimisiún agus bheadh triúr comhaltaí breithimh air
agus ceathrar comhaltaí tuata
, chomh maith leis an Ard-Aighne nach mbeadh ceart vótála aigesean
. Cuireann an córas seo srian níos fearr le discréid an Rialtais le hais chóras an liosta de sheachtar iarrthóirí
atá ann faoi láthair nó an chórais atá molta sa Scéim Ghinearálta
ina mbeadh cúigear iarrthóirí ann gan rangú orthu. Mar a luaitear i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta
ní dhéantar foráil le comhdhéanamh an Choimisiúin atá beartaithe go mbeadh tromlach soiléir air de bhreithiúna arna roghnú ag a bpiaraí. Tá imní curtha in iúl ag roinnt páirtithe leasmhara
, an Príomh-Bhreitheamh féin ina measc
, maidir le comhdhéanamh an Choimisiúin, lena n-áirítear go mbeadh an tArd-Aighne ag suí ar an gCoimisiún i gcáil ex-officio gan cead vótála a bheith aige. Rith Teach Íochtarach na Parlaiminte an bille i mí Iúil 2022 agus tá sé ag Céim na Tuarascála os comhair an Tí Uachtaraigh faoi láthair. Ó cuireadh síos an bille, níor tugadh isteach aon athrú suntasach ar chomhdhéanamh beartaithe an Choimisiúin um Cheapacháin Bhreithiúnacha, agus dá bhrí sin níl aon dul chun cinn déanta maidir le cur chun feidhme an mholta a rinneadh i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta.
Chuir an Coiste um Iompar Breithiúnach bailchríoch ar an bpróiseas chun gearáin a bhaineann le mí-iompar breithiúnach líomhnaithe a thíolacadh, rud a d’fhág gur féidir tús a chur leis na forálacha reachtacha ábhartha. An 3 Deireadh Fómhair 2022, tháinig na forálacha deiridh an Achta um Chomhairle na mBreithiúna i bhfeidhm. Mar thoradh air sin, is féidir gearáin a bhaineann le mí-iompar breithiúnach líomhnaithe a dhéanamh anois le Cláraitheoir an Choiste um Iompar Breithiúnach, a chinnfidh an bhfuil an gearán inghlactha
. Má chinneann an Cláraitheoir nó an coiste athbhreithnithe an gearán a ligean chun cinn, leanfaidh an Coiste um Iompar Breithiúnach na nósanna imeachta atá leagtha amach maidir le réiteach neamhfhoirmiúil nó Painéal Fiosrúcháin a bhunú. Mar sin féin, is faoin bParlaimint atá sé fós cinneadh a dhéanamh maidir le breithiúna a chur as oifig agus tá méid áirithe discréide aici ina leith sin
. Mar a léirítear i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta
, is ceist í seo a bhféadfadh ábhar imní a bheith ag baint léi, go bhféadfaí polaitiú a dhéanamh ar an bpróiseas, fiú mura bhfuil an próiseas triailte fós go dtí
.
Cáilíocht
Cé go bhfuil an anailís eacnamaíoch ar shamhlacha nó ar chineálacha cur chuige chun costais dlíthíochta a laghdú ar feitheamh go dtí go bhfoilseofar í, níor glacadh aon bheart eile. Moladh d’Éirinn i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta “leanúint de ghníomhaíochtaí arb aidhm dóibh costais na dlíthíochta a laghdú chun rochtain éifeachtach an cheartais a áirithiú, agus na caighdeáin Eorpacha maidir le costais dhíréireacha dlíthíochta agus le tionchar na gcostas sin ar rochtain na gcúirteanna á gcur san áireamh.”
. Meastar gur ábhar imní é an leibhéal ard costas a bhaineann leis an dlíthíocht in Éirinn
. Tá an anailís eacnamaíoch ar shamhlacha nó ar chineálacha cur chuige chun costais dlíthíochta a laghdú, a fógraíodh i mí na Nollag 2021, á tabhairt chun críche agus tá torthaí na hanailíse sin faoi réir measúnú dlíthiúil ar roghanna féideartha. Dá bhrí sin, níl aon dul chun cinn déanta maidir le cur chun feidhme an mholta a rinneadh i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta.
Tá Grúpa Neamhspleách bunaithe atá dírithe ar athbhreithniú a dhéanamh ar an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta. I mí an Mheithimh 2022, cheap an tAire Dlí agus Cirt Grúpa Neamhspleách Athbhreithnithe chun athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an Scéim um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta in Éirinn
. Tá an córas atá ann faoi láthair cáinte ag páirtithe leasmhara faoi go bhfuil sé toirmeascach agus ina bhacainn ar rochtain ar cheartas
. Tá sé de chúram ar an nGrúpa Athbhreithnithe scrúdú a dhéanamh ar sholúbthacht agus ar fhreagrúlacht na scéime reatha chun freastal ar riachtanais dlí na ndaoine a bhaineann tairbhe as cúnamh dlíthiúil sibhialta, chomh maith le feidhmiú reatha na scéime, na catagóirí den dlí sibhialta a chumhdaíonn an scéim agus a cheart a chumhdódh sí, an chaoi a ndéantar an scéim a sholáthar, agus an chaoi a mbaineann sí le cineálacha eile cúnaimh dlí phoiblí. Maidir le cúnamh dlíthiúil coiriúil, táthar fós ag obair ar Scéim Ghinearálta de Bhille um Chúnamh Dlí Choiriúil a ullmhú.
D’fhógair an Rialtas méadú suntasach ar líon na mbreithiúna mar thoradh ar mholtaí thuarascáil na Meithle um Pleanáil Bhreithiúnach. De réir Scórchlár Ceartais an Aontais Eorpaigh 2023
, is í Éire fós an Ballstát is lú a bhfuil breithiúna aici in aghaidh an áitritheora. In éineacht leis sin, tá sé curtha in iúl ag páirtithe leasmhara, sa bhreis ar an ualach oibre atá ann faoi láthair, go ndéanfaidh reachtaíocht amach anseo, leithéid Bhille na gCúirteanna Teaghlaigh, dlínse na Cúirte Dúiche a leathnú agus mar sin go bhféadfadh gá a bheith le hacmhainní breise
. In 2021, cuireadh Meitheal um Pleanáil Bhreithiúnach ar bun chun, ar an gcéad dul síos, breithniú a dhéanamh ar an líon breithiúna agus na cineálacha breithiúna a theastaíonn chun riar éifeachtúil an dlí a áirithiú sna cúig bliana amach romhainn agus féachaint ar an bhfadtéarma freisin. Thug an Mheitheal a cuid oibre chun críche agus d’fhoilsigh sí a tuarascáil an 24 Feabhra 2023
. Bhí an tuarascáil bunaithe ar thorthaí thuarascáil ECFE
a choimisiúnaigh Rialtas na hÉireann chun ionchur tábhachtach a chur ar fáil d’obair na Meithle. Moladh sa tuarascáil go gcuirfí méadú ar líon na mbreithiúna faoi 44 bhreitheamh bhreise faoi dheireadh 2024, agus go ndéanfaí athbhreithniú i dtús na bliana 2025
. Dá bharr sin, moladh sa tuarascáil freisin a áirithiú go gcuirfí acmhainní leordhóthanacha ar fáil don tSeirbhís Chúirteanna ó thaobh foirne cléireachais agus foirne tacaíochta eile
. Moladh cur chuige straitéiseach a bhunú maidir le hacmhainní daonna a bhainistiú freisin
. Mar sin féin, níor pléadh beag ná mór sa tuarascáil struchtúr iomchuí a bhunú chun plé a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le cosaintí bunreachtúla na mbreithiúna i dtaca le coinníollacha fostaíochta, ar moladh é atá ar feitheamh ón nGrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO)
. De réir caighdeáin Eorpacha, tá sé inmholta go dtabharfaí an deis do chomhlachais breithiúna an reachtaíocht atá beartaithe a mheas agus trácht a dhéanamh uirthi i ndáil le nithe a bhaineann le stádas breithiúna agus le riar na gcúirteanna
. Tar éis fhoilsiú na tuarascála, d’fhógair an Rialtas go raibh 24 bhreitheamh nua le ceapadh in 2023
, agus go gceapfaí 20 breitheamh nua eile nuair a bheadh tuilleadh athchóirithe curtha i bhfeidhm
. Chomh maith leis sin, tá sé fógartha ag an Rialtas freisin go bhfuil plean forfheidhmithe i ndáil le moltaí uile na tuarascála le hullmhú.
Tá céimeanna tosaigh glactha ag an Rialtas chun straitéisí a chur i ngníomh arb é is aidhm dóibh digitiú an cheartais a fheabhsú. Sa Phlean Cur Chun Feidhme a tháinig as an Athbhreithniú ar Riar an Cheartais Shibhialta
, a foilsíodh i mí na Bealtaine 2022, leagtar amach an cur chuige agus na hamscálaí chun teicneolaíocht ríomhdhlíthíochta a úsáid chun faisnéis bainistithe cásanna agus sonraí faoi shreabhadh cásanna a ghabháil. Thairis sin, foráiltear i Straitéis TFC 2021-2024 agus i Straitéis Sonraí 2021-2024 go nglacfar córas aontaithe bainistithe cásanna agus go mbeidh samhail aontaithe sonraí ann thar roinnt blianta. In 2023 a dhéanfar cúrsaí sibhialta de chuid na hArd-Chúirte a aistriú chuig an gcóras/samhail nua sin. Tá gealltanas tugtha ag an Rialtas freisin an t-ardán teicneolaíochta seo a chur i bhfeidhm i ndlínsí eile sna blianta ina dhiaidh sin. Léirigh Scórchlár Ceartais an Aontais 2023 go bhfuil dul chun cinn déanta i réimsí eile chomh maith, mar shampla, is féidir imeachtaí a thionscnamh agus éilimh a chomhdú ar líne i gcásanna áirithe, lena n-áirítear éilimh bheaga, ríomhcheadúnú, breithniú ar chostais dlí, dócmhainneacht phearsanta, agus cead achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí
.
D’fhoilsigh an Grúpa athbhreithnithe ar an Acht um Chionta in aghaidh an Stáit a thuarascáil inar moladh na hAchtanna a aisghairm ina n-iomláine. An Grúpa athbhreithnithe ar na hAchtanna um Chionta in aghaidh an Stáit, a bunaíodh i mí Feabhra 2021, d’fhoilsigh sé a thuarascáil deiridh an 21 Meitheamh 2023. Moltar sa tuairim ó thromlach an Ghrúpa go n-aisghairfí na hAchtanna um Chionta in aghaidh an Stáit ina n-iomláine, agus an tráth céanna roinnt gnéithe den reachtaíocht a choinneáil, lena n-áirítear feidhmiú cúirte nua neamhdhíobhála. . Tá anailís á déanamh ag an Rialtas faoi láthair ar an tuarascáil agus tá roghanna beartais á scrúdú aige. D'iarr na Náisiúin Aontaithe agus an tsochaí shibhialta go gcuirfí deireadh láithreach leis an gCúirt Choiriúil Speisialta
nó, mar mhalairt air sin, nós imeachta na Cúirte a neartú chun a áirithiú go n-urramófaí an ceart chun triail chóir a fháil
.
Éifeachtúlacht
Tá imní ann maidir le fad na n-imeachtaí cúirte agus ní ann fós do chóras chun meastóireacht thráthrialta a dhéanamh ar fheidhmíocht na gcúirteanna bunaithe ar tháscairí sainithe. De réir na sonraí atá ar fáil maidir le tuarascálacha bliantúla ón tSeirbhís Chúirteanna, ba 797 lá meánfhad na n-imeachtaí san Ard-Chúirt in 2021, méadú 137 lá i gcomparáid le 2020
. Chomh maith leis sin, tháinig méadú freisin ar mheánfhad na n-imeachtaí i gcásanna coiriúla a bhain le cionta achoimre in 2021 i ngach cás
. Tá laghdú tagtha ar fhad na n-imeachtaí sa Chúirt Achomhairc i gcásanna sibhialta (ó 579 lá in 2020 go 529 lá in 2021), ach go bhfuil méadú air i gcásanna coiriúla (ó 371 lá in 2020 go 420 lá in 2021)
. Tá méadú suntasach tagtha ar mheánfhad na n-imeachtaí sa Chúirt Uachtarach agus tá sé fós an-ard (ó 2513 lá in 2020 go 3946 lá in 2021)
. Chomh maith leis sin, de réir sonraí Scórchlár Ceartais an Aontais Eorpaigh 2023, ba é 62 % an ráta imréitigh do chásanna neamhchoiriúla in 2021, an ráta is ísle san Aontas
. Cuireadh athruithe i bhfeidhm ar Rialacha na Cúirte chun comhlíonadh teorainneacha ama a spreagadh
. Tugadh ar aird i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta nach bhfuil aon chóras in Éirinn chun meastóireacht thráthrialta a dhéanamh ar fheidhmíocht na gcúirteanna bunaithe ar tháscairí sainithe
. Chomh maith leis sin, léiríodh i staidéar a rinne ECFE le déanaí nach mbailítear ná nach n-úsáidtear sonraí chun críocha bainistithe cásanna agus cúirteanna, ach le haghaidh tuarascálacha bliantúla amháin
. Moladh i dtuarascáil na Meithle um Pleanáil Bhreithiúnach freisin nach mór don tSeirbhís Chúirteanna córas cuimsitheach a ghlacadh, mar thosaíocht, chun sonraí a bhailiú agus chun faireachán a dhéanamh ar bhearta feidhmíochta
. Sa chomhthéacs sin, chuir an tSeirbhís Chúirteanna tús le pléití chun gníomhartha a fhiosrú a bheadh dírithe ar chur le tiomsú sonraí faoi fhad na n-imeachtaí
. Bheadh sé tábhachtach go ndéanfaí sonraí maidir le fad na n-imeachtaí a thaifeadadh go córasach i gcomhréir le modheolaíocht Chomhairle na hEorpa agus an Choimisiúin Eorpaigh maidir le héifeachtúlacht an cheartais
.
Leagadh síos bille lena mbunaítear scéim cúitimh i gcásanna ina bhfuil fad na n-imeachtaí cúirte rófhada. An 27 Feabhra 2023, chuir an Rialtas bille síos lena mbunaítear scéim cúitimh i gcásanna faid iomarcaigh in imeachtaí cúirte
. Mar a tugadh ar aird i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta
, reachtaíocht lena mbunófaí scéim cúitimh chun damáistí a dhámhachtain i gcás imeachtaí cúirte fadálacha, is ceanglas é atá ar feitheamh le fada ó d'eascair sé ó bhreithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (‘ECtHR’) ó 2010.
. Déantar foráil sa mbille maidir le próiseas measúnaithe neamhspleách a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar éilimh i ndáil le sárú ar an gceart chun imeachtaí a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse réasúnach ama agus, i gcás inarb iomchuí, chun cúiteamh a dhámhachtain
.
II.An Creat Frithéillithe
Titeann an fhreagracht chun éilliú a chomhrac agus a chosc in Éirinn ar roinnt údarás poiblí. Déanann na póilíní náisiúnta, go sonrach Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch (GNECB)
, an t-éilliú a imscrúdú agus a chosc. Tá Aonad Frithéillithe an Gharda Síochána (GACU) freagrach as ionracas a chur chun cinn chomh maith le héilliú laistigh de na póilíní náisiúnta a bhrath agus a imscrúdú. Déanann Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána imscrúdú ar chásanna mí-iompair sna póilíní náisiúnta a dhéanann difear do leas an phobail chomh maith le gearáin ó thríú páirtithe maidir le hionracas sna póilíní náisiúnta. Laistigh de GNECB, tá Aonad Frithbhreabaireachta agus Frithéillithe (ABCU) ar leith ag na póilíní náisiúnta, atá freagrach as cásanna breabaireachta agus éillithe eachtracha a phóilíniú. Déanann ABCU monatóireacht ar chásanna eachtracha éillithe le haghaidh rannpháirtíocht na hÉireann. Tá cumhachtaí imscrúdaitheacha agus forfheidhmithe araon ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach (CEA), a tháinig in ionad Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach, agus cuireann sé a chuid feidhmeanna i gcrích faoi chreat Acht na gCuideachtaí 2014
. Is ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (ODPP) atá an t-údarás chun ionchúiseamh a dhéanamh. Leanann an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO) de mhaoirseacht a dhéanamh ar an gcreat ionracais d’oifigigh phoiblí, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa, brústocaireacht agus maoiniú na bpáirtithe agus cuireann sé comhairle ar fáil freisin do shealbhóirí oifige maidir leis sin
. Is é is cuspóir don Chomhairle Chomhairleach cur chuige uile-rialtais i leith na coireachta eacnamaíche agus an éillithe a chomhordú agus a stiúradh, chomh maith le gníomhú mar “ionad barr feabhais” le haghaidh taighde agus anailíse, múscailt feasachta agus oiliúna
.
Is é braistint na saineolaithe agus na bhfeidhmeannach gnó go bhfuil an leibhéal éillithe san earnáil phoiblí fós measartha íseal. In Innéacs 2022 na Braistinte i dtaca le hÉilliú de chuid Transparency International fuair Éire scór 77/100 agus rangaíodh í sa 6ú háit san Aontas Eorpach agus sa 10ú háit ar domhan
. Tá feabhas tagtha ar an mbraistint sin le cúig bliana anuas
. Léiríonn Eorabharaiméadar Speisialta 2023 faoin Éilliú go measann 59 % d’fhreagróirí go bhfuil éilliú forleathan ina dtír féin (meán an Aontais: 70 %) agus go mbraitheann 17 % acu go ndéanann an t-éilliú difear dóibh ina saol laethúil (meán an Aontais: 24 %)
. A mhéid a bhaineann le gnólachtaí, measann 28 % de chuideachtaí go bhfuil éilliú forleathan (meán an Aontais: 65 %) agus measann 7 % díobh gur fadhb é an t-éilliú agus iad i mbun gnó (meán an Aontais 35 %)
. Thairis sin, feictear do 32 % d’fhreagróirí go ndéantar dóthain ionchúiseamh rathúil chun daoine a dhíspreagadh ó chleachtais éillitheachta (meán an Aontais: 32 %)
, agus measann 26 % de chuideachtaí go ngearrtar pionóis iomchuí ar dhaoine agus ar ghnólachtaí a mbeirtear orthu ag breabadh oifigigh shinsearacha (meán an Aontais: 30 %).
.
Tá sé de chúram ar an gComhairle Chomhairleach bhuan in aghaidh na Coireachta Eacnamaíche agus an Éillithe straitéis ilbhliantúil a dhréachtú chun dul i ngleic leis an éilliú. Tar éis roinnt moilleanna
, bunaíodh an Chomhairle Chomhairleach i mí na Bealtaine 2022 agus cuireadh de chúram uirthi cur chuige uile-rialtais i leith na coireachta eacnamaíche agus an éillithe a chomhordú agus a stiúradh. Tá an Chomhairle comhdhéanta de chathaoirleach agus seisear comhaltaí ón earnáil gnó agus airgeadais, ón saol acadúil agus ó Chomhar Ceardchumann na hÉireann. Faigheann sé tacaíocht ó rúnaíocht san Aireacht Dlí agus Cirt
. Mar sin féin, ní áirítear sa Chomhairle eagraíochtaí sa tsochaí shibhialta a dhíríonn ar shláine agus ar fhrithéilliú agus is ábhar cáinte é sin
. Tá an Chomhairle Chomhairleach tosaithe ag obair ar Straitéis Náisiúnta ilbhliantúil chun Coireacht Eacnamaíoch agus Éilliú a Chomhrac
. Sa chéad leath de 2023, déanfaidh an Chomhairle Chomhairleach comhairliúchán poiblí a reáchtáil chun ionchur poiblí a bhailiú don straitéis, agus ina dhiaidh sin ba cheart go gcuirfí tús le dréachtú na straitéise le súil dréacht a sheoladh chuig an Rialtas faoi dheireadh na bliana
.
Tá tuilleadh athruithe molta ag an Rialtas maidir le rialacha nósanna imeachta coiriúil, lena n-áirítear forálacha maidir le rialáil póilíní. Chomh maith leis an Acht nua um Nós Imeachta Coiriúil 2021
, a tháinig i bhfeidhm i mí Feabhra 2022
, tá Bille nua Póilíneachta, Slándála agus Sábháilteachta Pobail curtha i láthair ag an Rialtas
. Is é is aidhm don Bhille cúnamh a thabhairt chun an smacht reachta a áirithiú agus tacú le frithéilliú trí mhaoirseacht na seirbhíse póilíneachta in Éirinn a nuachóiriú via Údarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail athchóirithe agus creat athbhunaithe maidir le gearáin agus imscrúduithe i dtaca le póilíní
. Is é Eanáir 2024 an spriocdháta le haghaidh a chur chun feidhme. Dá n-achtófaí é, dhéanfaidh Bille Acht an Gharda Síochána, 2005 (arna leasú) a aisghairm ina iomláine
. Síníodh an tAcht Iomaíochta ina dhlí an 29 Meitheamh 2022, rud a fhágann gur cion coiriúil sonrach é camastaíl tairiscintí a dhéanamh i nósanna imeachta soláthair phoiblí
.
Tá comhar réidh ann laistigh de na póilíní agus idir na póilíní agus an t-ionchúiseamh cé gur tarraingíodh anuas dúshláin maidir le heaspa acmhainní. Is cúram comhroinnte é cionta éillithe a imscrúdú laistigh de na póilíní náisiúnta, lena n-áirítear GNECB agus a ABCU speisialaithe. Tá acmhainn reatha an ABCU faoi bhun na foirne beartaithe, ach tá comórtas earcaíochta ar siúl faoi láthair
. Cé go bhfuil méadú tagtha ar acmhainní airgeadais do GNECB,
tá laghdú tagtha ar líon iomlán na mball foirne póilíneachta atá ar fáil chun cionta a bhaineann le héilliú a imscrúdú. Sraith athruithe inmheánacha, iasachtaí, ardú céime agus dul ar scor is cúis leis an laghdú seo, cé go bhfuil comórtais fós ar siúl
. Cuireann an líon íseal post atá líonta faoi láthair bac ar chumas GNECB gníomhú go réamhghníomhach i leith imscrúduithe
. Maidir le sáruithe ar dhlí na gcuideachtaí, déantar an comhar idir An Garda Síochána agus an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach (CEA) a fhorbairt trí Mheabhrán Tuisceana, faoina dtugtar oifigigh phóilíneachta ar iasacht don CEA
. Leag GNECB béim ar a dheacra atá sé comhoibriú le CEA maidir le comhroinnt faisnéise agus malartuithe mar gheall ar shrianta príobháideachais
. Tá ionchúiseamh na gcionta maidir le héilliú fós faoi smacht Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (ODPP) agus a Aonaid Speisialta um Choireacht Airgeadais a phléann le cásanna atá an-chasta
. Tagann Fóram na n-ionadaithe sinsearacha chun comhordú, comhoibriú agus comhroinnt faisnéise idirghníomhaireachta níos fearr a éascú le chéile go rialta chun feabhsuithe ar chomhar a phlé agus tuairiscíonn don Chomhairle Chomhairleach
. Tá acmhainn na seirbhísí ionchúisimh treisithe. Mar sin féin, i bhfianaise an ghá atá le hoiliúint tosaigh roimh dhul isteach sa tseirbhís, glacfaidh an réiteach atá le déanamh am agus níl na huirlisí nó an saineolas uile is gá, amhail cuntasaíocht fhóiréinseach, ar fáil go leordhóthanach faoi láthair
. Tá sé deacair fós comhar a dhéanamh le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ó tharla gan aon socrú aimsithe le go bhféadfadh comhar a bheith ann idir údaráis na hÉireann agus OIPE. Tá fógra tugtha ag na Ballstáit atá rannpháirteach in OIPE do OIPE mar údarás inniúil chun críocha ionstraimí an Aontais maidir le haitheantas frithpháirteach agus comhar breithiúnach, de bhun Airteagal 105(3) de Rialachán OIPE, ach ní leor na fógraí sin chun gur féidir le húdaráis na hÉireann comhoibriú le OIPE. Tá sé ráite ag údaráis na hÉireann go bhfuil siad ag obair ar réiteach i gcóras dlí na hÉireann go hinmheánach, ach níor thángthas ar réiteach den sórt sin go fóill. In éagmais ionstraim dlí a bhaineann le comhar in ábhair choiriúla agus tabhairt suas idir OIPE agus na Ballstáit neamh-rannpháirteacha, tá Éire ag obair ar réiteach aontaobhach. Tá coinne leis go mbeidh an reachtaíocht ábhartha maidir le ceartas coiriúil [– an Bille um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) –] i bhfeidhm in R3 2023.
Tá na póilíní ag obair chun cosc ar éilliú a neartú i measc na foirne. Tá aonad tiomnaithe frithéillithe ag na póilíní náisiúnta, GACU, chun éilliú laistigh de na póilíní a imscrúdú agus a chosc. Tá obair leantach ar bun ag GACU faoi láthair, ar mholtaí Thuarascáil Chigireacht an Gharda Síochána chun dul i ngleic níos fearr le bagairt an éillithe inmheánaigh laistigh de na póilíní, agus beidh roinnt gníomhaíochtaí ag síneadh go dtí deireadh 2024
. Chuir an GACU in iúl go láidir gurb é an fhreagracht is tábhachtaí atá orthu iontaoibh a chruthú i measc na bpóilíní, go nglacfaí go dáiríre le haon tuairisc ar mhí-iompar, chun eagla roimh iarmhairtí a chosc agus chun a áirithiú go bhfuil póilíní muiníneach mí-iompar a thuairisciú
. Is féidir gearáin sheachtracha faoi shaincheisteanna a bhaineann le hionracas laistigh de na póilíní a thuairisciú d’Ombudsman an Gharda Síochána freisin. Leis an dréacht-dlí réamhluaite ar athchóiriú na bpóilíní a mhol an Rialtas in 2022, athainmneofaí agus leasófaí an comhlacht Ombudsman reatha de chuid an Gharda Síochána, chomh maith le neamhspleáchas Ombudsman an Gharda féin a mhéadú
.
Is ann fós do dheacrachtaí maidir le breabaireacht eachtrach a imscrúdú. Cuireann ABCU, a bunaíodh i mí an Mhárta 2017 mar chuid de GNECB, béim ar an deacracht a bhaineann le breabaireacht eachtrach a imscrúdú mar gheall ar easpa comhair le tríú tíortha trí chúnamh dlíthiúil frithpháirteach
. Thug an ODPP le fios go bhfuil go leor cuideachtaí in Éirinn, tír nach bhfuil aon reachtaíocht inti i ndáil le hidirbhearta pléadála i gcás breabaireacht eachtrach, atá ag feidhmiú in Éirinn agus atá gníomhach sna Stáit Aontaithe nó sa Ríocht Aontaithe freisin, tíortha a bhféadfaí dul i mbun idirbhearta pléadála iontu, agus mar sin is féintuairisciú ar bhreabaireacht eachtrach den chuid is mó a dhéantar ann
.
Tá roinnt dul chun cinn déanta maidir leis an gcreat eitice a neartú agus tá athbhreithniú cuimsitheach curtha i gcrích agus moltaí déanta le haghaidh feabhais; mar sin féin, tá dréachtú, plé agus glacadh na reachtaíochta ábhartha fós gan déanamh. Moladh d’Éirinn i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta “An creat eitice atá ann faoi láthair a neartú maidir le cóid iompair, dearbhuithe sócmhainní, fáinní fí agus brústocaireacht i measc nithe eile, agus go háirithe ó thaobh inniúlacht faireacháin agus forfheidhmithe an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí de”
. An 7 Feabhra 2023, chuir Éire staidéar athbhreithnithe i láthair ar an gcreat reachtúil reatha um Eitic in Oifig Phoiblí
. Tugann an t-athbhreithniú seo forbhreathnú cuimsitheach ar an gcreat ionracais atá ann cheana in Éirinn agus déantar moltaí maidir lena fheabhsú. Áirítear san athbhreithniú moltaí go leor a rinneadh cheana in athbhreithnithe náisiúnta nó i dtuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta roimhe seo
, amhail: creat normatach aonfhoirmeach comhdhlúite atá bunaithe ar luachanna a chur in ionad an chreata eitice atá ann, moladh a rinneadh cheana sa Cheathrú Babhta Meastóireachta de Thuarascáil GRECO in 2014
; lena n-áirítear toirmisc reachtúla nua i ndlí eitice, ar moltaí iad nach bhfuil curtha i bhfeidhm fós ó Bhinse Mahon
agus ó thuarascáil Hamilton 2020
; agus cumhachtaí imscrúdaithe, smachtbhannaí agus forfheidhmithe SIPO a neartú. Beidh an Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015, nár glacadh riamh sa Pharlaimint, ina thúsphointe do thograí reachtacha nua
. Cé gur bonn láidir é an staidéar athbhreithnithe chun na hathruithe is gá a achtú, tá dréachtú, plé agus glacadh na reachtaíochta maidir leis an gcreat eitice fós gan déanamh, mar a tugadh ar aird anuraidh. Dá bhrí sin, rinneadh roinnt dul chun cinn déanta maidir le cur chun feidhme an mholta a rinneadh i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta.
Rinneadh roinnt dul chun cinn maidir le forálacha dearbhuithe sócmhainní a neartú. Moladh d’Éirinn i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta “na dearbhuithe sócmhainní [...] a neartú”
. Baineann na rialacha maidir le dearbhuithe sócmhainní agus leasa le sealbhóirí oifige poiblí
, le comhaltaí Parlaiminte agus le státseirbhísigh faoi na hAchtanna um Eitic
. Mar sin féin, ní cheanglaítear ach ar Fheisirí Parlaiminte a leasanna a nochtadh go poiblí agus ráitis bhliantúla a chur faoi bhráid SIPO
. Mar a thuairiscítear i dTuarascálacha 2021 agus 2022 maidir leis an Smacht
Reachta, tá raon feidhme ábhartha na ndearbhuithe teoranta i gcónaí, cé go bhféadfaí forálacha nua a ghlacadh amach anseo maidir le dearbhú dliteanas
. Leagann an tAthbhreithniú ar Chreat Reachtach na hÉireann um Eitic in Oifigí Poiblí béim air seo
, lena n-áirítear cumhachtaí forfheidhmithe SIPO a neartú
. Ina theannta sin, le digitiú na nochtuithe sócmhainní agus leasa, ní hamháin go n-áiritheofaí bealach níos soláimhsithe chun dearbhuithe a chomhdú ach d’áiritheofaí úsáid níos éasca ag SIPO agus ag an tsochaí shibhialta freisin. Faoi láthair, níl aon bhac ann ó thaobh an dlí tús a chur le próiseas an digitithe
. Cuireann an Rialtas in iúl go bhfuil dul chun cinn maidir le forálacha dearbhaithe sócmhainní a neartú, atá molta mar chuid den athbhreithniú ar an gcreat reachtúil thuasluaite, ag brath freisin ar athchóiriú reachtaíochta a phlé agus a ghlacadh, atá á ullmhú faoi láthair. Measann SIPO go mbeidh ualach oibre méadaithe i gceist, i dtaobh gearáin
faoi sháruithe agus iarrataí ar chomhairle araon. D’fhonn freastal i gceart ar an éileamh atá ag dul i méid, bheadh acmhainní breise ag teastáil
. Dá bhrí sin, rinneadh roinnt dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an mholta a rinneadh i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta.
Tá feidhm fós ag an Rialachán maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla, cé go bhfuil gá le hathbhreithniú cuimsitheach ar an gcóras. Is faoin Acht Toghcháin a rialaítear maoiniú na bpáirtithe polaitíochta
. Leanann an fhoráil de bheith infheidhme gan athruithe, cé gur tuairiscíodh roinnt saincheisteanna maidir le speansas toghcháin a thaifeadadh
. Bheadh gá, dá bhrí sin, le hathbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an gcreat chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le tiomsú sonraí a nuachóiriú agus a dhigitiú. Tá sé curtha in iúl ag an Rialtas go bhfuil sé sásta athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar Acht Toghcháin 1997, anois go bhfuil Coimisiún Toghcháin bunaithe
. Déanann SIPO maoirseacht ar an gcreat sláine d’oifigigh phoiblí lena n-áirítear maoiniú na bpáirtithe
.
Rinneadh dul chun cinn suntasach chun an creat atá ann maidir le brústocaireacht a neartú, mar go bhfuil an reachtaíocht reatha ar feitheamh sa Pharlaimint. Moladh d’Éirinn i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta “an creat eitice atá ann faoi láthair a neartú, maidir le [...] brústocaireacht”
. Chuir an Rialtas an Bille um Brústocaireacht a Rialáil (Leasú) 2022 (an Bille) síos an 22 Meán Fómhair 2022. Chríochnaigh an dréacht-dlí Céim Chríochnaitheach an Tí Íochtair an 1 Márta 2023 agus Céim Chríochnaitheach an Tí Uachtaraigh an 17 Bealtaine 2023. Faoi láthair, tá sé dlite filleadh ar an Teach Íochtarach i mí an Mheithimh 2023 chun leasuithe a rinneadh sa Teach Uachtarach a cheadú. Leasófar leis an mbille an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 agus tá sé mar aidhm leis tógáil ar an mbonn reachtach atá ann cheana chun dlíthe brústocaireachta na hÉireann a neartú tuilleadh. Go háirithe, is é is cuspóir don bhille forálacha a leathnú chuig gníomhaíocht bhrústocaireachta ag comhlachtaí ionadaíocha agus comhlachtaí saincheist-bhunaithe áirithe agus chuig brústocaireacht arna déanamh ag sealbhóirí oifige neamh-chúitithe de chuid comhlachtaí ionadaíocha agus comhlachtaí saincheist-bhunaithe eile. Chomh maith leis sin, déanfar leasú beag leis an mbille ar an bhfaisnéis is gá a bheith sa chlár. Chruthófaí leis an mbille córas smachtbhannaí airgeadais riaracháin a d’fhéadfaí a fhorchur i gcás roinnt sáruithe ábhartha, lena n-áirítear i gcás sárú ar an bhforáil mharana.
Ní bheadh feidhm ag an bhforáil mar sin féin ach amháin maidir le brústocaireacht, áfach, agus ní bheadh tréimhse mharana d’oifigigh phoiblí ainmnithe san áireamh
. Dá bhrí sin, rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le cur chun feidhme an mholta a rinneadh i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta.
Tá reachtaíocht lena dtrasuitear an Treoir maidir le Sceithirí tagtha i bhfeidhm. Síníodh an tAcht um Nochtadh Cosanta (Leasú) 2022 ina dhlí an 21 Iúil 2022 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023. Is é is aidhm don dlí seo Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Sceithirí a thrasuí
. Tá tacaíocht airgeadais bhreise tugtha ag an Rialtas do Transparency International Ireland (TII) chun líne chabhrach ‘Speak Up’ a oibriú agus lárionad comhairle dlí ina gcuirtear faisnéis agus comhairle ar fáil chun tacú le lucht sceite eolais. Ainmníodh TII freisin chun nochtuithe cosanta a fháil ó bhaill den Gharda Síochána, lena n-áirítear maidir le héilliú amhrasta
.
III.Iolrachas na meán agus saoirse na meán
In Éirinn, tá an creat dlí maidir le hiolrachas sna meáin sa Bhunreacht, lena gceanglaítear ar an Stát feidhmiú na gceart bunúsach a ráthú, saoirse tuairimí a nochtadh agus saoirse an phreasa san áireamh
. Ghlac an Rialtas an tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán 2022 (Acht OSMR), lenar trasuíodh go páirteach Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc
agus as ar tháinig ollchóiriú ar dhlí na meán in Éirinn, lena n-áirítear rialtóir neamhspleách nua meán a bhunú
. Déantar foráil le reachtaíocht thánaisteach do neamhspleáchas na meán seirbhíse poiblí
. Tá athbhreithniú ar bun ag an Rialtas ar an Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) agus é mar aidhm leis an ceart rochtana ar fhaisnéis a neartú.
Bunaíodh údarás meán nua a bhfuil feidhmeanna rialála fairsinge aige. Déantar foráil le hAcht OSMR a tosaíodh le déanaí maidir le húdarás nua rialála meán ilphearsanra a bhunú, dá ngairtear Coimisiún na Meán (the Media Commission), a tháinig in ionad Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI)
. Tá cumhachtaí fairsinge rialála ag Coimisiún na Meán, lena n-áirítear, i measc nithe eile, seirbhísí craoltóireachta, seirbhísí ardán físeán ar éileamh agus físeán comhroinnte a rialáil, feidhmiú mar údarás ceadúnúcháin don raidió agus don teilifís, agus ainmneofar é mar Chomhordaitheoir na Seirbhíse Digití faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha
. Tá Coimisiún na Meán freagrach freisin as maoirseacht agus cur chun feidhme an chreata rialála nua maidir le sábháilteacht ar líne a bunaíodh le hAcht OSMR. Chuige sin, tugtar de chumhacht dó cóid cheangailteacha sábháilteachta ar líne a ghlacadh agus a mheasúnú, cóid lena rialaítear na caighdeáin agus na cleachtais a bheidh le leanúint ag seirbhísí ar líne agus iad ag dul i ngleic le hinfhaighteacht ábhair dhíobhálaigh ar líne
. Áirithítear neamhspleáchas Choimisiún na Meán trí shraith coimircí dlí a fhoráiltear san Acht OSMR i ndáil leis na nósanna imeachta chun comhaltaí Choimisiún na Meán a cheapadh agus a bhriseadh as a bpost
. D’fhonn a fheidhmeanna nua níos leithne a chomhlíonadh, a ghníomhaíocht a mhaoiniú, agus a neamhspleáchas a áirithiú, táthar ag súil go mbeidh Coimisiún na Meán go hiomlán féinmhaoinithe agus tá sé de chumhacht aige tobhach a fhorchur ar na seirbhísí a rialaítear faoi Acht OSMR
. Mar sin féin, tá imní curtha in iúl ag roinnt páirtithe leasmhara faoina bhfuil na hacmhainní leordhóthanach i ndáil leis na feidhmeanna leathana a bheidh le comhlíonadh ag Coimisiún na Meán faoin gcreat rialála nua
.
Tá córas na gcomhlachtaí féinrialála atá ag feidhmiú in earnáil an phreasa fós éifeachtach. In Éirinn, tá earnáil na meán nuachta ábalta brath ar chreat seanbhunaithe féinrialála atá bunaithe ar fheidhmiú Oifig Ombudsman an Phreasa agus Chomhairle Preasa na hÉireann. Déanann siad maoirseacht ar chomhlíonadh a mball leis na caighdeáin ghairmiúla agus eitice a chuimsítear sa Chód Cleachtais ábhartha, lena n-áirítear gach nuachtán laethúil agus Domhnaigh a fhoilsítear in Éirinn, formhór na nuachtán áitiúil, chomh maith le hirisleabhair Éireannacha agus foilseacháin nuachta ar líne amháin
. Rinne Oifig Ombudsman an Phreasa anailís ar 19 ngearán in 2022
. Léiríonn an breis is 5 000 gearán atá curtha ar aghaidh in imeacht 15 bliana, agus 400 in aghaidh na bliana ar an meán, go measann an pobal gur bealach éifeachtach é an córas chun a áirithiú go gcloítear le caighdeáin ghairmiúla agus eitice i bpreas na hÉireann.
Cinntíonn an dlí neamhspleáchas na meán seirbhíse poiblí, agus tá obair ar siúl ar athchóiriú an chreata maoinithe phoiblí. Tá dhá mheán seirbhíse poiblí in Éirinn, Raidió Teilifís Éireann (RTÉ) agus an craoltóir poiblí Gaeilge TG4. Tá sciar suntasach den lucht féachana agus éisteachta acu, agus le chéile is ionann sin agus 29 % den lucht féachana craoltóireachta líní, agus is é RTÉ an fhoinse is mó cúrsaí nuachta agus cúrsaí reatha a ndéantar rochtain ar líne agus as líne air in Éirinn
. Cé nach bhfuil aon fhianaise ann ar chur isteach díreach polaitiúil ar ghníomhaíochtaí eagarthóireachta na gcraoltóirí
seirbhíse poiblí agus go bhfuil coiste traspharlaiminteach páirteach sa phróiseas ceapacháin freisin, meastar rannpháirtíocht an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an Rialtais i gceapadh na mbord meán seirbhíse poiblí, dá dtagraítear freisin i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, a bheith ina toisc riosca do neamhspleáchas na gcraoltóirí seirbhíse poiblí
. Mar sin féin, déantar an riosca sin a fhrithchothromú leis na rialacha trína gcaithfear cead a fháil ó gach Teach den Pharlaimint chun comhalta den bhord bainistíochta a bhriseadh as oifig
. Déantar neamhspleáchas eagarthóireachta RTÉ a neartú tuilleadh le caighdeáin agus dea-chleachtais maidir le hionracas agus neamhspleáchas eagarthóireachta arna gcomhaontú agus arna n-urramú ar fud an ionaid, lena n-áirítear an bhainistíocht agus an fhoireann eagarthóireachta
. Ceanglaítear le dlí na hÉireann freisin ar chraoltóirí seirbhíse poiblí cloí le coimircí chun iolrachas faisnéise agus tuairimí a áirithiú
. Tá gealltanas tugtha ag an Rialtas freisin na roghanna a scrúdú chun an córas táille ceadúnais teilifíse a athchóiriú d’fhonn maoiniú níos sláine agus níos leordhóthanaí a chur ar fáil do na meáin seirbhíse poiblí
.
Cinntíonn bunachar sonraí inchuardaithe a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó rialtóir na meán go bhfuil rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht na meán. Ó 2020 i leith, tá Coimisiún na Meán ag maoiniú bunachar sonraí Mediaownership.ie, bunachar sonraí ar líne a chuireann faisnéis ar fáil maidir le húinéireacht ionad meán cumarsáide in Éirinn
. Is í Scoil na Cumarsáide in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a dhéanann an bunachar sonraí, atá inrochtana ag an bpobal, a fhorbairt agus a bhainistiú, agus a éascaíonn, go praiticiúil, rochtain ar fhaisnéis faoi úinéirí tairbhiúla
. Mar sin féin, ós rud é nach gclúdaíonn bunachar sonraí Mediaowneship.ie ach líon beag ionad ar líne, arb iad na príomhfhoinsí iad a cheadaítear in Éirinn anois, meastar in MPM 2023 go bhfuil meánriosca ag baint leis an trédhearcacht atá ann i dtaobh úinéireacht na meán
. A mhéid a bhaineann le comhchruinnithe sna meáin, cuireann nós imeachta sonrach grinnscrúdaithe ar mhargadh na meán de cheangal ar an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag cumaisc sna meáin ar iolrachas na meán in Éirinn. Go háirithe, féadfaidh an tAire cumasc a chur faoi bhráid Choimisiún na Meán chun scrúdú a dhéanamh ar an dara céim. Is féidir leis an Aire bac a chur ar chumasc sna meáin nuair a mheasann an dara scrúdú seo go bhfuil sé contrártha do leas an phobail i gcosaint iolracht na meán sa Stát
.
D'iarr páirtithe leasmhara go mbeadh níos mó soiléireachta ann maidir le leithdháileadh fógraíochta stáit. Mar a thuairiscítear i dTuarascáil 2020 agus i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, níl aon riail shonrach i bhfeidhm in Éirinn lena rialaítear fógraíocht stáit sna meáin
. Ó bhí Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta ann, ní dhearnadh aon athrú ar an gcreat dlíthiúil a bhaineann le fógraíocht stáit a leithdháileadh. Cé nach dtugann an fhianaise atá bailithe ag an bpointe seo le fios go gcaitear go héagothrom nó go héagórach leis na meáin i ndáil le caiteachas an Rialtais agus fógraíocht stáit
, chuir roinnt páirtithe leasmhara béim ar an ngá atá le soiléireacht níos fearr maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta a bhaineann le leithdháileadh fógraíochta stáit. Go háirithe, tharraing páirtithe leasmhara aird ar an riosca a bhaineann le coinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar dhul i muinín gníomhaireachtaí tríú páirtí chun fógraí ó chomhlachtaí poiblí a láimhseáil, i gcás ina bhfuil gníomhaireachtaí den sórt sin faoi úinéireacht agus faoi rialú cuideachtaí atá ina ngníomhaithe suntasacha freisin i margaí na nuachtán réigiúnach
.
Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil maidir le rochtain ar fhaisnéis. Níl aon fhorbairt mhór déanta ó Thuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta i dtaca leis an athbhreithniú leanúnach ar an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 (Acht FOI), a bhfuil sé mar aidhm leis an creat dlíthiúil lena rialaítear an ceart rochtana ar fhaisnéis a fheabhsú agus a nuachóiriú
. Le linn chéim an chomhairliúcháin phoiblí, a dúnadh i mí Mheán Fómhair 2022, fuarthas thart ar 2400 freagra agus tá siad faoi bhreithniú ag an Aire anois, d’fhonn tuarascáil deiridh a chur ar fáil le linn 2023 ina mbeidh torthaí agus moltaí
. De réir tuarascáil nuashonraithe ar dhul chun cinn a foilsíodh i mí na Nollag 2022
, deonaíodh beagán níos mó ná ceithre iarraidh as gach cúig iarraidh ar rochtain ar dhoiciméid a cuireadh isteach go bliantúil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise go hiomlán nó go páirteach sna blianta tar éis Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 a thabhairt isteach, gan ach beagán iarrthóirí míshásta agus ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh
. Cé gur tuairiscíodh i suirbhé ar shástacht custaiméirí go raibh 60 % de na hiarrthóirí sásta leis an tslí ar láimhseáladh a n-iarrataí
, léiríonn an fhianaise a tháinig as an athbhreithniú leanúnach go bhfuil gá roinnt gnéithe den chreat a leasú chun éifeachtúlacht agus comhsheasmhacht an chreata a chothú. Léirítear sna réamhthorthaí, go háirithe, go bhfuil gá le cur chuige níos comhleanúnaí maidir le rialachas agus rochtain faisnéise, le cur chuige níos comhoibríche maidir le faisnéis a eisiúint, agus le feabhsuithe ar phróiseas na n-iarrataí, go háirithe maidir le tréimhsí ama agus síntí agus rannpháirtíocht níos gníomhaí le hiarrthóirí
. Thairis sin, chuir roinnt páirtithe leasmhara in iúl go bhfuil gá aghaidh a thabhairt ar easnaimh áirithe sa chóras i gcásanna tuairiscithe áirithe, amhail na costais ró-ard a bhaineann le rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh an Rialtais, na srianta atá ann cheana maidir le rochtain ar fhaisnéis ar fud an chórais ceartais choiriúil, agus an gá atá le rochtain ar fhaisnéis phoiblí a mhéadú do ghrúpaí imeallaithe
.
Tá sé mar aidhm le tionscnaimh nua aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá le sárú ag iriseoirí agus iad i mbun oibre, dúshláin atá ag dul i méid. Ar an gcéad dul síos, thuairiscigh eagraíochtaí sa tsochaí shibhialta agus cumainn iriseoirí go bhfuil an timpeallacht ghairmiúil d’iriseoirí ag dul in olcas de réir a chéile
. In 2022 chláraigh an t-ardán Mapping Media Freedom trí theagmhas in Éirinn, an líon is airde ó 2017, agus tá dhá theagmhas nua tuairiscithe cheana féin ó Eanáir 2023
. Tá imní ar leith ann freisin a mhéid a bhaineann leis an méadú atá ar chásanna de mhí-úsáid ar líne, atá dírithe ar iriseoirí mná go háirithe agus a mbíonn ciapadh fisiciúil i gceist leo uaireanta, chomh maith leis an méadú atá tagtha ar chúiseanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail (nó SLAPPanna) i gcoinne eagraíochtaí meán
. In 2022, bhunaigh Aontas Náisiúnta na nIriseoirí agus eagraíochtaí meán eile an Grúpa um Rannpháirtíocht sna Meáin in éineacht leis na póilíní náisiúnta d’fhonn bagairtí agus foréigean i gcoinne iriseoirí a phlé agus faireachán a dhéanamh ar shábháilteacht iriseoirí
. Is ceannasaí sinsearach sna póilíní náisiúnta a dhéanann cathaoirleacht ar an nGrúpa um Rannpháirtíocht sna Meáin agus tá ionadaithe ann ó earnáil na meán, ón Roinn Dlí agus Cirt agus ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá sé i gceist go bhfeidhmeodh sé mar chóras chun tuairisciú díreach chuig na póilíní ar féidir le hiriseoirí a ndéantar mí-úsáid fhisiciúil nó ar líne orthu brath air, agus freisin maidir le cásanna nach dtéann teagmhais den sórt sin ar aghaidh go dtí leibhéal na ngearán foirmiúil a mbeadh gá le himscrúdú coiriúil ina leith
. Ar an dara dul síos, gheall an Rialtas freisin Ciste nua Meán a bhunú in 2023 a bhfuil sé i gceist leis tacú go príomha le hábhar meán de leas an phobail, ar bhonn ardán-neodrach
. Ar an mbonn sin, tabharfar tús áite do chur chun feidhme dhá scéim nua
, arna mbainistiú ag Coimisiún na Meán, agus é mar aidhm acu soláthar breise ábhair seirbhíse poiblí a chur chun cinn, agus tacú leis an iriseoireacht neamhspleách, leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus leis an daonlathas áitiúil
.
Tá roinnt dul chun cinn déanta chun an timpeallacht ghairmiúil d’iriseoirí a fheabhsú, ó tharla Scéim Ghinearálta an Bhille um Chlúmhilleadh (Leasú) foilsithe. Moladh i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta d’Éirinn “leanúint d’athchóiriú an Achta um Chlúmhilleadh chun an timpeallacht ghairmiúil le haghaidh iriseoirí a fheabhsú, agus na caighdeáin Eorpacha maidir le cosaint na n-iriseoirí á gcur san áireamh.”
. Is saincheist sheanbhunaithe iad na heasnaimh atá sa chóras clúmhillte in Éirinn
. Go háirithe, tá easpa beart atá leagtha amach chun dul i ngleic le cásanna SLAPP agus an easpa coimircí i ndáil
leis na costais arda, nach féidir, a thuar a d’fhéadfadh tarlú i gcomhthéacs dlí clúmhillte luaite go minic ag iriseoirí agus ag páirtithe leasmhara eile sna meáin mar shaincheist a chuireann isteach ar shaoráil faisnéise agus obair iriseoireachta
. I mí an Mhárta 2023, d’fhoilsigh an Rialtas Scéim Ghinearálta an Bhille um Chlúmhilleadh (Leasú) d’fhonn bille iomlán a chur faoi bhráid na Parlaiminte faoi dheireadh 2023
. Cuirtear san áireamh sa Scéim Ghinearálta roinnt moltaí a cuireadh le chéile sa Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar an Acht um Chlúmhilleadh a d’fhoilsigh Roinn Dlí agus Cirt na hÉireann i mí an Mhárta 2022
. Go háirithe, cuireann sé deireadh le húsáid giúiré i gcásanna clúmhillte san Ard-Chúirt d’fhonn na rioscaí a bhaineann le dámhachtainí díréireacha agus dothuartha damáistí a laghdú agus tugtar isteach rialacha chun gníomhú in aghaidh cásanna SLAPP
. I bhfianaise na bhforbairtí sin, rinneadh roinnt dul chun cinn ar an moladh a rinneadh i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta.
IV.Saincheisteanna Institiúideacha eile maidir le Srianta agus Ceartúcháin
Córas parlaiminte dhá sheomra atá ag Éirinn: tá an Pharlaimint comhdhéanta de Theach Íochtarach agus de Theach Uachtarach. Tá ceart tionscanta reachtaíochta ag Airí Rialtais agus
ag feisirí. Is í an Ard-Chúirt a dhéanann an t-athbhreithniú bunreachtúil agus ceart achomhairc chuig an gCúirt Achomhairc agus chuig an gCúirt Uachtarach. Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC) Institiúid Náisiúnta na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas. Tá oifigí an Ombudsman agus an Choimisinéara Faisnéise neamhspleách de réir dlí agus cleachtais araon. Institiúidí ábhartha eile i gcóras na srianta agus na gceartúchán
is ea an tOmbudsman d’Óglaigh na hÉireann, Oifig an Ombudsman do Leanaí, agus an tÚdarás
Náisiúnta Míchumais.
Leantar den úsáid a bhaintear as na ‘rúin ghilitín’, mar a thugtar orthu, chun an t-am a thugtar do dhíospóireacht a dhéanamh ar thograí reachtacha agus ar rúin a ghiorrú. Mar a thagraítear dó i dTuarascálacha roimhe seo
maidir leis an Smacht Reachta, is saintréith den phróiseas reachtach, ó thús na paindéime, úsáid na ‘rún gilitín’, mar a thugtar orthu. In 2022, ullmhaíodh 56 rún den sórt sin sa Teach Íochtarach i ndáil leis na billí a ritheadh agus a achtaíodh agus de na cinn sin, baineadh úsáid as 27 rún chun an díospóireacht a ghiorrú
. Sa Teach Uachtarach, ullmhaíodh 38 rún agus rinneadh cúig rún
. Tá cáineadh déanta Ceann Comhairle an Tí Íochtaraigh ar an gcleachtas seo agus ar an méadú suntasach a tháinig air ó 2020 i leith
. Thairis sin, tá imní curtha in iúl ag an tsochaí shibhialta freisin maidir le reachtaíocht a bheith á dheifriú ag deireadh na dtéarmaí parlaiminteacha
, mar a chuir Uachtarán na hÉireann in iúl freisin i mí Iúil 2021
agus arís i mí na Nollag 2022
.
Tá maoiniú breise faighte ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas. Mar a fógraíodh i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta
, chuir an Rialtas maoiniú breise ar fáil do IHREC tar éis dó creidiúnú le stádas A a fháil ó Chomhghuaillíocht Dhomhanda na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine (GANHRI) na Náisiún Aontaithe. Lean IHREC dá ghníomhaíochtaí, ag díriú ar na cearta atá ag daoine a bhfuil bacainní ar cheartas orthu a chosaint, ar thionchar a imirt ar reachtaíocht agus ar bheartas, ar theagmháil a dhéanamh le heagraíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar idirdhealú agus ar sháruithe ar chearta an duine, agus ar fheasacht a mhúscailt maidir le saincheisteanna a bhaineann le cearta an duine agus comhionannas
. De réir IHREC, tá méadú ar an líon uaireanta a luaitear a gcuid moltaí sa pharlaimint chomh maith le gníomhaíochtaí an Choimisiúin a bheith níos feiceálaí sna meáin ar leibhéal náisiúnta agus ar bhonn seasmhach agus ar ardleibhéal
.
An 1 Eanáir 2023 bhí cur chun feidhme dhá threoirbhreithiúnas, arna dtabhairt i leith
na hÉireann ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, ar feitheamh, an líon céanna leis an mbliain roimhe sin
. Ag an am sin, ba é 50 % (i gcomparáid le 33 % in 2022) ráta na dtreoirbhreithiúnas i leith na hÉireann ón 10 mbliana roimhe sin a bhí fós ar feitheamh agus ba é 10 mbliana agus 7 mí (i gcomparáid le 9 mbliana agus 7 mí in 2022
) an tréimhse-meánach lena raibh cur chun feidhme na mbreithiúnas ar feitheamh. Baineann an dara figiúir sin le fad na tréimhse nár cuireadh
an dá bhreithiúnas chun feidhme, nó tá siad ar feitheamh le breis agus 8 mbliana
. An 15 Meitheamh 2023, tá dhá phríomhbhreithiúnas fós ar feitheamh maidir le cur chun feidhme
.
Tá roinnt dul chun cinn déanta chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le maoiniú ENRanna, ó tharla go bhfuil Coimisiún Toghcháin bunaithe agus é de chúram air athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha dlí. Moltar d’Éirinn i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta “bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní dlíthiúla a bhaineann le rochtain eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an gcistiú.”
. Tá spás cathartha in Éirinn oscailte fós
. Mar a thagraítear dó i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht
Reachta, chuir eagraíochtaí na sochaí sibhialta in iúl gur cúis imní dóibh an tionchar atá ag na toirmisc faoin Acht Toghcháin ar thabhartais thar thairseach áirithe a ghlacadh le haghaidh ‘críocha polaitiúla’ nó ó bhronntóirí iasachta
. I mí Feabhra 2023, bunaíodh Coimisiún Toghcháin agus chuir sé tús lena fheidhmeanna. Cuirfidh an Coimisiún tús go luath le hathbhreithniú cuimsitheach ar an Acht Toghcháin chun aghaidh a thabhairt, in éineacht le hábhair eile, ar na saincheisteanna a tharraing eagraíochtaí na sochaí sibhialta anuas
. Níl torthaí an athbhreithnithe sin ná an bealach a dtabharfar aghaidh ar na bacainní dlíthiúla a bhaineann le rochtain ar mhaoiniú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar fáil go fóill. Níl na torthaí curtha i dtoll a chéile fós ag an gCoimisiún Toghcháin, dá bhrí sin, tá roinnt dul chun cinn déanta i ndáil leis an moladh a rinneadh i dTuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta.
Rinneadh tionscnaimh arb é is aidhm dóibh rannpháirtíocht an phobail agus na sochaí sibhialta a spreagadh i gceapadh beartas. Tugann Tionól Saoránach saoránaigh le chéile chun saincheisteanna tábhachtacha dlí agus beartais a phlé agus a bhreithniú, agus déanann sé moltaí ina dhiaidh sin agus tuairiscíonn sé ar ais chuig an bParlaimint. In 2022, reáchtáladh dhá Thionól Saoránach
. le linn Tionól amháin rinneadh machnamh ar ‘conas freagairt do chailliúint na bithéagsúlachta’ agus ar ‘méara le haghaidh Bhaile Áth Cliath a thoghadh go díreach’, agus i mí Aibreáin 2023 cuireadh tús le Tionól Saoránach eile maidir le húsáid drugaí. Thairis sin, tionóladh an chéad Fhóram Náisiúnta Saoránach chun idirphlé foirmiúil a dhéanamh idir an Rialtas agus an earnáil Pobail agus Dheonach i mí na Samhna 2022
. Dhírigh an Fóram ar an gcaoi a bhféadfaí ceapadh beartas agus cláreagrú a fheabhsú a thuilleadh agus mar a d’fhéadfaidís a bheith níos rannpháirtí agus níos oscailte. Rinne an Fóram machnamh freisin ar an todhchaí agus ar na cineálacha eagraíochtaí ba cheart a chur san áireamh
.
Iarscríbhinn I: Liosta na bhfoinsí in ord aibítre*
* The list of contributions received in the context of the consultation for the 2023 Rule of Law report can be found at
https://commission.europa.eu/publications/2023-rule-law-report-targeted-stakeholder-consultation_en
.
Barra na hÉireann (2023), Contribution from the Bar of Ireland for the 2023 Rule of Law Report.
Centre for Media Pluralism and Media Freedom (2022), Media pluralism monitor 2022 – country report on Ireland.
Centre for Media Pluralism and Media Freedom (2023), Media pluralism monitor 2023 – country report on Ireland.
Príomh-Bhreitheamh (2022), Óráid an Bhreithimh Donal O’Donnell, Príomh-Bhreitheamh, chuig Cumann Múinteoirí Dlí na hÉireann, Óstaí an Rí, 24 Bealtaine 2022.
Faisnéis do Shaoránaigh 2023, Tionól na Saoránach (
https://www.citizensinformation.ie/en/government_in_ireland/irish_constitution_1/citizens_assembly.html#:~:text=the%20Assembly%20works-,What%20is%20a%20Citizens'%20Assembly%3F,use%20started%20in%20April%202023
.),
Coalition For Women In Journalism (2023), Ireland: Attempt To Smear Kitty Holland Following Report On Migrant Camps – CFWIJ Calls On Social Media Companies To Act (
Ireland:
Attempt To Smear Kitty Holland Following Report On Migrant Camps – CFWIJ Calls On Social Media Companies To Act — Coalition For Women in Journalism
).
An Coiste um Achainíocha ón bPobal (2022), Annual Reports of the Press Council of Ireland and Office of the Press Ombudsman: Press Ombudsman (
Committee on Public Petitions debate - Thursday, 17 Feb 2022 (oireachtas.ie)
).
Comhairle na hEorpa: Coiste na nAirí (2010), Recommendation CM/Rec(2010)12 of the Committee of Ministers to member states on judges: independence, efficiency and responsibilities (
https://www.coe.int/en/web/cdcj/judicial-independenceand-impartiality
).
Comhairle na hEorpa: Coimisiún na Veinéise (2010), Report on the Independence of the Judicial System Part I: The Independence of Judges (CDL-AD(2010)004-e).
An tSeirbhís Chúirteanna (2022), Tuarascáil Bhliantúil 2021 (
https://www.courts.ie/annual-report
).
An Roinn Dlí agus Cirt (2020), Review of structures and strategies to prevent, investigate and penalise economic crime and corruption (
https://www.gov.ie/en/publication/be30e-review-group-report-on-structures-and-strategies-to-prevent-investigate-and-penalise-economic-crime-and-corruption/
).
An Roinn Dlí agus Cirt (2022), Former Director of Public Prosecution to chair new Advisory Council against Economic Crime and Corruption, Minister McEntee announces (
https://www.gov.ie/en/press-release/941c8-minister-mcentee-announces-former-director-of-public-prosecutions-to-chair-new-advisory-council-against-economic-crime-and-corruption/
).
An Roinn Dlí agus Cirt (2022), Garda Síochána Inspectorate Report ‘Countering the Threat of Internal Corruption’ Implementation Plan September 2022 (
https://www.gov.ie/en/publication/b4feb-garda-siochana-inspectorate-report-countering-the-threat-of-internal-corruption-implementation-plan-september-2022/#
).
An Roinn Dlí agus Cirt (2022), Implementation Plan on Civil Justice Efficiencies and Reform Measures (
https://www.gov.ie/en/publication/cb6f0-implementation-plan-on-civil-justice-efficiencies-and-reform-measures/
).
An Roinn Dlí agus Cirt (2022), Press release: Landmark Policing, Security and Community Safety Bill marks a new departure for policing in Ireland (
https://www.gov.ie/en/press-release/1f4b3-landmark-policing-security-and-community-safety-bill-marks-a-new-departure-for-policing-in-ireland/
).
An Roinn Dlí agus Cirt (2022), Report on the Review of the Defamation Act 2009. (
https://assets.gov.ie/217314/724d9faf-6793-4f2b-9438-cf1e381c0e4d.pdf
).
An Roinn Dlí agus Cirt (2023), Press Release– Minister Harris publishes draft legislation to reform Ireland’s defamation laws (gov.ie - Minister Harris publishes draft legislation to reform Ireland’s defamation laws (www.gov.ie) ).
An Roinn Dlí agus Cirt (2023), Report of the Judicial Planning Working Group (
https://www.gov.ie/en/publication/746ac-report-of-the-judicial-planning-working-group/
).
An Roinn Dlí agus Cirt 2023, Offences Against the State Act - Independent Review Group Reports (https://www.gov.ie/en/collection/2a833-offences-against-the-state-review-report/).
An Roinn Dlí agus Cirt 2023, Press release - Significant increase in judicial resources to improve access to justice announced by Minister Harris (
https://www.gov.ie/en/press-release/af8f8-significant-increase-in-judicial-resources-to-improve-access-to-justice-announced-by-minister-harris/#:~:text=The%20Minister%20for%20Justice%20Simon,Courts%2C%20and%20to%20clear%20COVID
).
An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Athchóiriú agus Seachadadh an NDP (2022), FOI Review Update for Stakeholders (
https://assets.gov.ie/242358/05191c81-a99c-4c6d-8d0d-776166bcd464.pdf
).
An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Athchóiriú agus Seachadadh an NDP (2022), Press release - Minister McGrath updates Government on the Review of the Freedom of Information Act (gov.ie - Minister McGrath updates Government on the Review of the Freedom of Information Act (www.gov.ie) ).
An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (2022), Review of Ireland’s Statutory Framework for Ethics in Public Office (
https://www.gov.ie/en/press-release/0bbc0-publication-of-the-report-of-the-review-of-irelands-statutory-framework-for-ethics-in-public-office/
).
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (2022), Preasráiteas -Fógraíonn na hAirí Martin agus Chambers mionsonraí Bhuiséad 2023 don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán(gov.ie - Ministers Martin and Chambers announce details of Budget 2023 for the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media (www.gov.ie)).
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (2023), Preasráiteas - Fógraíonn an tAire Martin plean gníomhaíochta nua do chur i bhfeidhm mholtaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán (gov.ie - Minister Catherine Martin announces new action plan for the implementation of the Future of Media Commission Recommendations (www.gov.ie) ).
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (2023), Preasráiteas - Bunaítear Rialtóir Meán Nua, Coimisiún na Meán, Inniu (gov.ie - New media regulator, Coimisiún na Meán, formally established (www.gov.ie) ).
An Coimisiún Eorpach (2020), Tuarascáil 2020 maidir leis an Smacht Reachta ón gCoimisiún Eorpach: Caibidil tíre ar staid an smachta reachta in Éirinn.
An Coimisiún Eorpach (2021), Tuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta ón gCoimisiún Eorpach: Caibidil tíre ar staid an smachta reachta in Éirinn.
An Coimisiún Eorpach (2022), Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta ón gCoimisiún Eorpach: Caibidil tíre ar staid an smachta reachta in Éirinn.
An Coimisiún Eorpach (2022), Flais-Eorabharaiméadar: Media & News Survey 2022 – Country Factsheets Ireland.
An Coimisiún Eorpach (2023), Scórchlár Ceartais AEEU Justice Scoreboard.
An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2010, McFarlane v. Éire, 31333/06.
An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, breithiúnas an 28 Eanáir 2014, O’Keeffe v. Éire, 35810/09.
An Líonra Eorpach um Chur Chun Feidhme (2023), Contribution from the European Implementation Network for the 2023 Rule of Law Report.
GRECO (2014), Fourth Evaluation Round – Evaluation Report on Ireland on corruption prevention in respect of members of parliament, judges and prosecutors.
GRECO (2020), Fifth Evaluation Round – Evaluation Report on Ireland on preventing corruption and promoting integrity in central governments (top executive functions) and law enforcement agencies.
GRECO (2022), Fourth Evaluation Round – Second Compliance Report on Ireland on corruption prevention in respect of members of parliament, judges and prosecutors.
IHREC (2021), Access to Justice Concerns as 80% Believe Poorer People Get Worse Legal Outcomes (
https://www.ihrec.ie/access-to-justice-concerns-as-80-believe-poorer-people-get-worse-legal-outcomes/#:~:text=People%20in%20Ireland%20overwhelmingly%20(80,('the%20Commission').)
.
IHREC (2022), Tuarascáil Bhliantúil 2021.
Institiúid Idirnáisiúnta an Phreasa (2023), Ireland: How the wealthy and powerful abuse legal system to silence reporting (
Ireland:
How the wealthy and powerful abuse legal system to silence reporting - International Press Institute (ipi.media)
).
Comhairle um Chearta an Duine (2023), Contribution coordinated by the Irish Council for Civil Liberties (ICCL) for the 2023 Rule of Law Report.
Irish Examiner (2019), You have very good English for a Nigerian girl': RTÉ journalist, 23, subjected to racism (
'You have very good English for a Nigerian girl':
RTÉ journalist, 23, subjected to racism (irishexaminer.com)
).
Irish Examiner (2022), Politicians to question RTÉ on decision making (
Politicians to question RTÉ on decision making (irishexaminer.com)
).
Rialtas na hÉireann (2023), Input from Ireland for the 2023 Rule of Law Report.
Parlaimint na hÉireann (Oireachtas) (2022), An Bille um Brútoscaireacht a Rialáil 2022 Achoimre ar an mBille (https://www.oireachtas.ie/en/bills/bill/2022/85/?tab=documents).
Iontaobhas na hÉireann um Athchóiriú an Chórais Choiriúil (2021), Progress in the Penal System – The need for transparency (
progress_in_the_penal_system_2021_-_final.pdf (iprt.ie)
).
Dlí-Chumann na hÉireann (2023), Contribution from the Law Society for the 2023 Rule of Law Report.
Dlí-Chumann na hÉireann (2023), General Scheme of the Defamation (Amendment) Bill – Submission to the Joint Oireachtas on Justice (
Submission on (lawsociety.ie)
).
Aontas Náisiúnta na nIriseoirí (2022), NUJ urges rethink on “giant Media Commission” watchdog (
NUJ urgesrethink on “giant Media Commission” watchdog
).
NewsBrands Ireland (2023), NewsBrands Ireland welcomes today’s publication of draft legislation to reform Ireland’s Defamation Laws (
NewsBrands Ireland welcomes today’s publication of draft legislation to reform Ireland’s Defamation Laws |
News Brands Ireland
).
ECFE (2023), Modernising Staffing and Court Management Practices in Ireland: Towards a More Responsive and Resilient Justice System (
https://www.oecd.org/publications/modernising-staffing-and-court-management-practices-in-ireland-8a5c52d0-en.htm
).
Comhairle Preasa na hÉireann (2022), Tuarascáil Bhliantúil 2021 (
2021 Annual Report of the Press Council of Ireland and Office of the Press Ombudsman.pdf
).
Reporters without Borders – Ireland (https://rsf.org/en/country/ireland).
RTÉ (2020), Treoirlínte Iriseoireachta 2020 (
21449_RTE_Journalism_Guidelines_2020-Updated.pdf
).
RTÉ (2022), Government to 'overhaul' TV licence system (
Government to 'overhaul' TV licence system (rte.ie)
).
An Chúirt Uachtarach 2023), Contribution from the Supreme Court for the 2023 Rule of Law Report.
Coimisiún Thodhchaí na Meán (2022), Report of the Future of Media Commission (gov.ie - Report of the Future of Media Commission (www.gov.ie) ).
The Irish Times (2023), Government promises to reform TV licence fee by third quarter of 2024 (
Government promises to reform TV licence fee by third quarter of 2024 – The Irish Times
).
The Irish Times (2023), The Irish Times view on defamation reform: time to act (
The Irish Times view on defamation reform:
time to act – The Irish Times
).
The Journal (2021), Adrenochrome: why was a QAnon conspiracy drug name-checked at Dublin's anti-lockdown protest? (
Adrenochrome:
why was a QAnon conspiracy drug name-checked at Dublin's anti-lockdown protest?
(thejournal.ie)
).
The Journal (2021), Arrests amid major Garda presence as anti-lockdown events take place in Dublin (
Arrests amid major Garda presence as anti-lockdown events take place in Dublin (thejournal.ie)
).
The Journal (2022), RTÉ 'in contact' with gardaí over staff safety as video shows crowd confronting cameraman (
RTÉ 'in contact' with gardaí over staff safety as video shows crowd confronting cameraman (thejournal.ie)
).
Transparency International (2023), Corruption Perceptions Index 2022.
Transparency International Ireland (2022), Letter to Minister Helen McEntee on the Advisory Council on Economic Crime and Corruption (
https://transparency.ie/resources/submissions/2022-letter-corruption-advisory-council
).
Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú (CEDAW) (2017), Concluding observations on the combined sixth and seventh periodic reports of Ireland (
http://docstore.ohchr.org/SelfServices/FilesHandler.ashx?enc=6QkG1d%2FPPRiCAqhKb7yhsgA84bcFRy75ulvS2cmS%2F%2Bil2Olic4vOOol%2B%2FJdEApK4Y1bDvfs5hiCDBBEjK%2FEX3%2Bio9SY4WyO2qG7JijYBEmLaDNBkAtODampBJJZhUgVH%2FsStH8n1EM2GaPB3Iu%2BPRA%3D%3D
).
Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (2014), Concluding observations on the fourth periodic report of Ireland.
Iarscríbhinn II: Cuairt tíre ar Éirinn
Bhí cruinnithe fíorúla ag seirbhísí an Choimisiúin i mí Feabhra 2023 leis na daoine agus na heagrais seo a leanas:
·An Chomhairle Chomhairleach in aghaidh Coireacht Eacnamaíoch agus Éilliú
·Cumann Breithiúna na hÉireann (AJI)
·Barra na hÉireann
·Údarás Craolacháin na hÉireann
·An tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach (CEA)
·An tSeirbhís Chúirteanna
·An Roinn Dlí agus Cirt
·FLAC-Ionad Comhairle Dlí Saor in Aisce
·Aonad Frithéillithe an Gharda Síochána (GACU)
·Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch
·Seirbhís Thithe an Oireachtais (Seirbhís na Parlaiminte)
·Comhairle um Chearta an Duine
·Líonra Comhshaoil na hÉireann
·Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
·Líonra na hÉireann i gCoinne an Chiníochais
·Iontaobhas na hÉireann um Athchóiriú an Chórais Choiriúil
·Gluaiseacht Taistealaithe na hÉireann
·Comhlachas Gnóthas Beag agus Meánmhéide na hÉireann (ISME)
·Dlí-Chumann na hÉireann
·An tÚdarás Rialála Seirbhísí Dlí
·Ionad Acmhainní Mercy Law
·Aontas Náisiúnta na nIriseoirí
·Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
·Ionadaithe de chuid na mbreithiúna
·RTÉ - Craoltóir Náisiúnta Teilifíse agus Raidió na hÉireann
·An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO)
·Transparency International
* Bhuail an Coimisiún leis na heagraíochtaí seo a leanas freisin le linn roinnt cruinnithe cothrománacha:
·ALDA (European Association for Local Democracy)
·Amnesty International
·Civil Liberties Union for Europe
·Sochaí Shibhialta na hEorpa
·Culture Action Europe
·An Lárionad Eorpach um Shaoirse an Phreasa agus na Meán
·Fóram Eorpach na Saoránach
·An Chónaidhm Eorpach Iriseoirí
·An Chomhpháirtíocht Eorpach um Dhaonlathas
·Fóram Eorpach na nÓg
·Free Press Unlimited
·Front Line Defenders
·Cumann Idirnáisiúnta na Leispiach, na nDaoine Aeracha, na nDéghnéasach, na dTrasinscneach agus na nIdirghnéasach (ILGA) san Eoraip
·An Coimisiún Idirnáisiúnta Dlí-Eolaithe
·An Chónaidhm Idirnáisiúnta um Chearta an Duine (FIDH)
·International Planned Parenthood Federation European Network
·Institiúid Idirnáisiúnta an Phreasa
·JEF Europe
·Osservatorio Balcani e Caucaso Transeuropa
·Philea
·Reporters Without Borders
·SOLIDAR
·Transparency International AE