|
Bileog Achoimre Feidhmiúcháin
|
|
Measúnú tionchair ar an Treoir maidir le hithir
|
|
A. An gá atá le beart
|
|
Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?
|
|
Tá riochtail míshláintiúil ar thart ar 60 go 70 % d’ithreacha an Aontais faoi láthair.
Is acmhainn ríthábhachtach theoranta neamh‑inathnuaite í an ithir agus ní féidir í a athsholáthar. Léirítear i bhfianaise eolaíoch go bhfuil díghrádú ithreach san Aontas Eorpach ag leanúint ar aghaidh agus ag dul in olcas. Téann an talamh agus an ithir faoi phróisis dhíghrádaithe thromchúiseacha i ngeall ar bhrúnna amhail bainistiú talún neamh‑inbhuanaithe, athrú aeráide, teagmhais adhaimsire, séalú, truailliú agus róshaothrú. Cruthaítear ithir go han‑mhall agus dá bhrí sin is acmhainn neamh‑inathnuaite í. Mar sin féin, is féidir sláinte ithreach a chothabháil agus a athghiniúint.
Soláthraítear le hithreacha sláintiúla éicisheirbhísí atá ríthábhachtach don duine agus don chomhshaol, amhail na dálaí chun bia sábháilte, cothaitheach agus leordhóthanach, bithmhais, uisce glan, timthriall cothaitheach agus stóráil carbóin a sholáthar. Laghdaítear le díghrádú ithreach a hacmhainn na héicisheirbhísí sin a sholáthar. Is é an toradh a bhíonn air sin rioscaí don chomhshaol, don gheilleagar agus don tsochaí, lena n‑áirítear rioscaí don tslándáil bia, don athléimneacht in aghaidh tubaistí nádúrtha agus triomach, do shláinte agus folláine an duine, don aeráid agus don bhithéagsúlacht.
Tá na Ballstáit uile ag tabhairt aghaidh ar dhíghrádú ithreach. Téann cúiseanna agus tionchair na faidhbe thar theorainneacha tíortha agus laghdaítear leo soláthar éicisheirbhísí ar fud an Aontais agus a chomharsan. Rannchuidíonn beartais an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair go dearfach le feabhas a chur ar shláinte ithreach ach ní bheidh siad leordhóthanach chun gach ithir a athghiniúint go staid shláintiúil faoi 2050 toisc nach dtugtar aghaidh ar bhonn cuimsitheach ar chúiseanna uile an dhíghrádaithe ithreach. Dá bhrí sin, is ann fós do bhearnaí suntasacha.
|
|
Cad é ba cheart a bhaint amach?
|
|
Is é an cuspóir ginearálta ithreacha sláintiúla a bhaint amach ar fud an Aontais faoi 2050, mar a leagtar amach i Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030, arna glacadh i mí na Samhna 2021. Leis sin, áiritheofar gur féidir le hithreacha an Aontais éicisheirbhísí iolracha a sholáthar ar scála atá leordhóthanach chun freastal ar riachtanais chomhshaoil, shochaíocha agus eacnamaíocha, agus chun truailliú ithreach a laghdú go leibhéil nach meastar a bheith díobhálach do shláinte an duine agus don chomhshaol.
|
|
Cad é an breisluach atá le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)?
|
|
Is fearr is féidir cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a bhaint amach ar leibhéal an Aontais i ngeall ar an scála agus na torthaí a bheadh ag gníomhaíocht ar fud an Aontais. Tá údar cuí freisin le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais i bhfianaise scála agus chineál trasteorann na faidhbe, tionchar an díghrádaithe ithreach ar fud an Aontais agus na rioscaí don chomhshaol, don gheilleagar agus don tsochaí. Tá gá le bearta comhordaithe ag gach Ballstát chun an cuspóir a bhaint amach go mbeadh na hithreacha uile sláintiúil faoi 2050, mar a leagtar amach i Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh, agus chun an acmhainneacht atá ag an ithir éicisheirbhísí a sholáthar san fhadtéarma a dhaingniú. Faoi láthair, tá éagsúlacht shuntasach sna beartais um chosaint agus um athghiniúint ithreacha ó Bhallstát amháin go chéile. Le ceanglais chomhshaoil níos lú i mBallstáit áirithe d’fhéadfadh sé go ndéanfaí an margadh inmheánach a shaobhadh agus d’fhéadfadh iomaíocht éagórach i measc na ngnólachtaí a bheith ann dá thoradh sin.
|
|
B. Réitigh
|
|
Cad iad na roghanna lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach?
|
|
Tugtar tuairisc sa chás bunlíne ar an gcaoi a bhfuil coinne leis go dtiocfaidh athrú ar an gcás atá ann faoi láthair mura ndéantar aon ghníomhaíocht reachtach ar leibhéal an Aontais. Glactar leis sa chás bunlíne go gcuirfear na beartais Aontais, na beartais Ballstát agus na beartais dhomhanda bheartaithe is ábhartha maidir le sláinte ithreach agus atá i bhfeidhm faoi láthair chun feidhme agus go leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm. Cumhdaítear sa chás bunlíne roghanna neamhreachtacha, agus na bearta a glacadh cheana ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais faoi Straitéis Théamach Ithreach 2006 á gcur san áireamh. Glactar leis freisin ann go gcuirfear chun feidhme beartais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (amhail an Dlí maidir le hAthchóiriú an Dúlra atá beartaithe), an Comhbheartas Talmhaíochta agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe faoin Straitéis Ithreach le haghaidh 2030, cé is moite den Dlí maidir le hIthir.
Tugtar tuairisc ar na roghanna beartais trí úsáid a bhaint as cúig phríomhchuid ina leagtar amach sainmhínithe agus oibleagáidí mar bhonn do reachtaíocht chomhleanúnach. Is iad na codanna sin sainmhíniú ar shláinte ithreach agus ar limistéir ithreach, faireachán, bainistiú ithreach inbhuanaithe, láithreáin éillithe a shainaithint agus imscrúdú a dhéanamh orthu agus sláinte ithreach a athchóiriú. Leagtar síos i Rogha 1 ceanglais cheangailteacha maidir le faireachán amháin ach fuarthas réidh leis an rogha sin ag céim luath. Cuirtear roghanna 2, 3 agus 4 ar fáil do gach cuid, tríd an leibhéal solúbthachta agus comhchuibhithe a mhodhnú chun teacht ar réitigh fhéideartha fhiúntacha. Déantar na roghanna a bhfuil an leibhéal is airde solúbthachta acu do na Ballstáit a lipéadú mar ‘rogha 2’ i ngach cuid, lipéadaítear na roghanna sin a bhfuil an leibhéal is airde comhchuibhithe acu mar ‘rogha 4’, agus is meascán idirmheánach de chomhchuibhiú' agus de sholúbthacht atá í ‘rogha 3’.
Leis an rogha beartais ab fhearr cuimsítear na roghanna is fearr ó gach cuid, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na cuspóirí agus ceanglais ann atá réadúil agus nach dtéann thar a bhfuil gá leis araon. Ar an ábhar sin, tá an rogha beartais ab fhearr bunaithe ar chur chuige céimnithe lena dtugtar an t‑am do na Ballstáit sásraí a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar riocht na n‑ithreacha ar dtús agus cinneadh a dhéanamh ansin maidir leis na bearta athghiniúna a luaithe a bheadh na conclúidí le fáil. Tá an cuspóir maidir le hithreacha sláintiúla do 2050 arna shaothrú ag an rogha beartais ab fhearr deartha ar bhealach a chuireann san áireamh teorainneacha eolaíocha ar riocht sonrach na n‑ithreacha agus na neamhchinnteachtaí a bhaineann leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag bearta áirithe.
|
|
Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla? Cé a thacaíonn leis na roghanna éagsúla?
|
|
Ón aiseolas a fuarthas ar an nglao ar fhianaise ‘sláinte ithreach – ithir a chosaint, a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus a athchóiriú’, is léir gur thacaigh freagróirí le tionscnamh reachtach ar leibhéal an Aontais. Thacaigh gach eagraíocht taighde, gach eagraíocht neamhrialtasach agus gach údarás poiblí a d’fhreagair leis, mar a rinne formhór na gcomhlachas agus na n‑eagraíochtaí gnó a d’fhreagair. Chuir roinnt gnólachtaí faireachán ithreach agus na naisc le beartas uisce an Aontais i dtábhacht agus bhí siad i bhfabhar cur chuige riosca‑bunaithe chun dul i ngleic le héilliú ithreach. Chuir roinnt gnólachtaí agus feirmeoirí ábhair imní in iúl faoin riosca a bhaineann le rialáil dhúbailte agus ualach breise riaracháin. B’fhearr le gnólachtaí eile cur chuige neamhcheangailteach ar leibhéal an Aontais. D’éiligh gach catagóir de pháirtithe leasmhara go bhfágfaí solúbthacht leordhóthanach leis an Dlí maidir le hIthir chun éagsúlacht agus dálaí áitiúla ithreach a chur san áireamh (gan aon réiteach a oireann do gach cás a bheith ann).
D’fhreagair formhór mór na bhfreagróirí sa chomhairliúchán poiblí ar líne nach bhfuiltear ag dul i ngleic go leordhóthanach nó nach bhfuiltear ag dul i ngleic ar chor ar bith ar leibhéal an Aontais le cúiseanna an díghrádaithe ithreach faoi láthair. Maidir le hábhar an Dlí maidir le Sláinte Ithreach, ba é ba thábhachtaí do na freagróirí go n‑áireofaí oibleagáid ithreach a úsáid ar bhealach inbhuanaithe, go mbeadh oibleagáid ar na Ballstáit ithreacha sláintiúla a bhaint amach, agus cur chuige riosca‑bhunaithe a úsáid agus iad ag dul i ngleic le hithreacha éillithe.
|
|
C. Tionchar na rogha tosaíochta
|
|
Cad iad tairbhí na rogha tosaíochta?
|
|
Tá an rogha beartais ab fhearr deartha chun beart a dhéanamh agus chun dul i ngleic leis na costais a bhaineann leis an díghrádú ithreach, go háirithe na héicisheirbhísí a chailltear dá bharr. Meastar ann go gcosnaíonn díghrádú ithreach EUR 68.8 billiún in aghaidh na bliana (luach uachtarach na gcostas cainníochtaithe), gan láithreáin éillithe a áireamh, nó EUR 292.4 billiún in aghaidh na bliana (uasluach na gcostas cainníochtaithe).
Tagann na sochair is mó a bhaineann leis an tionscnamh ón oibleagáid a chruthaíonn sé do na Ballstáit beart a dhéanamh chun deireadh a chur leis an ndíghrádú agus chun ithreacha míshláintiúla a athghiniúint. Maidir leis an gcostas a bhaineann le bearta sonracha maidir le bainistiú ithreach a chur i bhfeidhm, measadh gur EUR 52 bhilliún in aghaidh na bliana a bheidh sna sochair eacnamaíocha inchainníochtaithe do na cásanna a ndearnadh staidéar orthu, ar sochar iad a ndéanann na costais eacnamaíocha a fhritháireamh, gan na tairbhí comhshaoil agus sóisialta neamhchainníochtúla, ach atá an‑suntasach agus a sholáthrófaí leis an ndréachtdlí, a chur san áireamh.
Maidir le láithreáin éillithe a fheabhsú, tá coinne leis go mbeidh tairbhí an‑suntasach de thoradh an tionscnaimh, go háirithe chun rannchuidiú leis an uaillmhian maidir le truailliú nialasach, ach ní féidir na tairbhí sin a chainníochtú den chuid is mó agus is mó ná na costais iad. Is é EUR 24.4 billiún meastachán stuama ar na sochair sin. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go gcruthódh costais na gníomhaíochta gnó don tionscal leasúcháin (FBManna an Aontais go hiondúil) a d’fhágfadh méadú measta suas le 35 800 aonad ar phoist mar thoradh air.
Cruthaítear leis an rogha beartais ab fhearr, dá bhrí sin, neart deiseanna do FBManna i dtéarmaí fáis (e.g. láithreáin éillithe a imscrúdú agus a fheabhsú, seirbhísí comhairleacha a sholáthar maidir le sláinte ithreach, saotharlanna tástála ithreach, deimhniúcháin) agus i dtéarmaí nuálaíochta.
|
|
Cad iad costais na rogha tosaíochta?
|
|
Is iad na costais is airde a bhaineann leis an tionscnamh ná na costais sin a thagann as an oibleagáid beart a dhéanamh chun deireadh a chur leis an ndíghrádú, chun cleachtais bhainistíochta inbhuanaithe a chur i bhfeidhm, agus chun ithreacha sláintiúla a athghiniúint. Meastar gurb idir EUR 28 agus 38 mbilliún in aghaidh na bliana a bheidh sna costais. Tá an costas iomlán a bhaineann le láithreáin éillithe a bhainistiú thar a bheith neamhchinnte. Meastar gur EUR 29 mbilliún (i gcaitheamh 15 bliana) a bheidh i gceist chun láithreáin éillithe a shainaithint agus imscrúdú a dhéanamh orthu agus go mbeidh EUR 24.9 billiún (i gcaitheamh 25 bliain) i gceist chun láithreáin éillithe a fheabhsú.
|
|
Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?
|
|
I measc na n‑earnálacha gnó a bhfuil coinne leis go ndéanfaidh an tionscnamh difear dóibh, tá talmhaíocht, foraoiseacht agus na seirbhísí fairsingithe gaolmhara, gníomhaíochtaí gnó a d’éilligh an ithir, gníomhaíochtaí gnó a bhaineann le láithreáin éillithe a fheabhsú, taighde agus saotharlanna. Déanann an díghrádú ithreach difear dá dtáirgiúlacht agus dá n‑iomaíochas. Ní thugtar a luach saothair do ghníomhaíochtaí a dhéantar chun dul i ngleic leis an ndíghrádú ithreach, agus bíonn tionchar aige sin ar an gcothroime iomaíochta. Is é an rogha beartais ab fhearr neart deiseanna a chruthú do FBManna an Aontais (i dtéarmaí fáis agus nuálaíochta araon) maidir le bearta bainistíochta ithreach inbhuanaithe agus bearta athghiniúna a cheapadh agus a chur i bhfeidhm, agus chun imscrúdú a dhéanamh ar láithreáin éillithe agus iad a fheabhsú. Trí na hoibleagáidí ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar shláinte ithreach a chruthú, chruthófaí deiseanna freisin don taighde agus forbairt agus gnó chun paraiméadair agus inniúlacht breathnóireachta ithreach a fhorbairt.
|
|
An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?
|
|
Beidh costais ag baint leis na struchtúir a chur i bhfeidhm (ceantair ithreach, sásraí faireacháin, cláir, measúnuithe), ach beidh siad seo inchomparáide le creataí eile (creataí aeir, creataí uisce). Tiocfaidh na costais is airde as obair athghiniúna agus feabhsúcháin. Chun buntáistí foriomlána níos airde ná na costais a bhaint amach, tá coinne leis go gcuideoidh na Ballstáit leis an aistriú chuig cleachtais inbhuanaithe agus chuig athghiniúint a mhaoiniú i gcás nach bhfuil coinne leis go ndéanfaidh na buntáistí ar na láithreáin do bhainisteoirí ithreach ná d’úinéirí talún na costais a fhritháireamh. Féadfaidh siad freisin na cistí ón Aontas Eorpach atá ar fáil a úsáid chun ithreacha sláintiúla a bhaint amach.
|
|
An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?
|
|
Soláthrófar leis an rogha beartais ab fhearr tairbhí suntasacha comhshaoil agus feabhsófar sláinte ithreach léi. Beidh torthaí iarmhartacha aige ar cháilíocht uisce agus aeir agus rachaidh sé chun tairbhe na bithéagsúlachta, na haeráide agus ár gcórais bia. Braitheann leas agus folláine na nglúnta atá ann faoi láthair agus na nglúnta a bheidh ann amach anseo ar shláinte ithreach.
|
|
D. Iarobair
|
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
|
Leis an bpróiseas faireacháin, déantar foráil maidir le meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an Dlí maidir le hIthir bunaithe ar tháscairí lárnacha lena rianaítear sonraí fíorasacha agus sonraí atá bunaithe ar spásúlacht, faisnéis ar bhearta iolracha a glacadh agus ar a dtionchar. Déantar foráil ann freisin maidir le dea‑chleachtais a roinnt idir aonaid bainistithe ithreach (ceantair ithreach). Bunaithe ar an bhfaireachán agus ar an measúnú ar an leibhéal náisiúnta, arna gcomhlánú ag suirbhé ithreach LUCAS faoi stiúir an Choimisiúin agus ag sonraí satailíte, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar dhul chun cinn de réir na gcuspóirí a socraíodh. Tá sé tábhachtach dóthain ama a thabhairt chun na creataí faireacháin sin a chur ar bun, chun torthaí a tháirgeadh, bearta a chur i bhfeidhm agus torthaí a sholáthar ansin.
|