An Bhruiséil,12.9.2023

SWD(2023) 309 final

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

[…]

a ghabhann leis na doiciméid

[…]

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le Gnó san Eoraip:Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT)



agus



Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le Praghsáil Aistrithe

{COM(2023) 532 final} - {SWD(2023) 308 final}


Achoimre Feidhmiúcháin

Tuarascáil ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT) agus an Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le Praghsáil Aistrithe

A. An gá atá le beart

Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?

Mar a cheiliúrann an tAontas Eorpach 30 bliain den mhargadh inmheánach, ní mór do ghnólachtaí aghaidh a thabhairt fós ar chórais éagsúla náisiúnta le haghaidh cáin ioncaim chorparáide ann. Tá gnéithe éagsúla ag baint le gach córas náisiúnta lasmuigh de rátaí agus dreasachtaí cánach corparáide. Ní mór do ghnólachtaí a oibríonn ar fud an Aontais aghaidh a thabhairt ar rialacha cánach, cleachtais, léirmhínithe agus ceanglais riaracháin neamhionanna chomh maith le hidirghníomhaíochtaí idir na córais dhifriúla agus cur chuige déthaobhach maidir le cearta chun cánachais agus ioncam idir na Ballstáit. Fágann sé go n‑athraíonn na ríomhanna ar dhliteanas cánach agus na hacmhainní a éilítear chun na hoibleagáidí cánach a chomhlíonadh ó Bhallstát go chéile.

Eascraíonn castacht ard agus easpa cothroime iomaíochta as sin le haghaidh gnólachtaí a oibríonn sa mhargadh inmheánach. Fágann sé go bhfuil ualaí comhlíontachta arda le haghaidh ghnólachtaí an Aontais, rud atá ina bhacainn ar leathnú thar theorainneacha. Féadfaidh difríochtaí i gcóireáil cánach cinntí infheistíochta a shaobhadh agus d’fhéadfadh éiginnteacht agus díospóidí maidir le cáin a theacht as, cé gur féidir nach mbeidh gá leis sin.

Tá na saincheisteanna sin thar a bheith tábhachtach ar leibhéal an Aontais toisc go bhfuil margadh inmheánach fíor‑chomhtháthaithe ag an Aontas. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ar dhlí an Aontais i roinnt mhaith réimsí eile chun a áirithiú gur féidir le gnólachtaí a bheith ag oibriú sa mhargadh inmheánach faoi chaighdeáin choiteanna, is bacainn fós iad ceanglais chánach corparáide éagsúla. Ní féidir leis an margadh inmheánach a acmhainneacht iomlán a ghnóthú i ngeilleagar Eorpach atá ag éirí níos digitithe agus níos comhtháite, áit a mbíonn roinnt mhaith gnólachtaí gníomhach thar theorainneacha, gan aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin ar leibhéal an Aontais.

Cad é ba cheart a bhaint amach?

Is iad seo a leanas cuspóirí ginearálta an tionscnaimh: (i) rialacha cánach do ghnólachtaí san Aontas Eorpach a shimpliú;

(ii) fás agus infheistíocht san Aontas a spreagadh; (iii) ioncaim chánach chóra agus inbhuanaithe a áirithiú le haghaidh na mBallstát.

Chun na cuspóirí ginearálta sin a bhaint amach, ba cheart na cuspóirí sonracha seo a leanas a ghnóthú: (i) costais chomhlíontachta do ghnólachtaí an Aontais a laghdú; (ii) leathnú thar theorainneacha a spreagadh; (iii) cur le saobhadh a laghdú a mbíonn tionchar acu ar chinntí gnó agus leis sin cothroime iomaíochta a áirithiú; (iv) an riosca maidir le cánachas dúbailte agus róchánachas agus díospóidí cánach a laghdú; agus (v) deimhneacht chánach agus cothroime do ghnó a mhéadú.

Cad é an breisluach atá le gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)?

Tá na fadhbanna a dtabharfar aghaidh orthu leis an tionscnamh ag na Ballstáit uile agus ní féidir aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach le gníomhaíochtaí neamhionanna ar an leibhéal náisiúnta. Toisc go n‑eascraíonn na fadhbanna as ilroinnt agus éagsúlacht córas náisiúnta, d’fhéadfadh impleachtaí neamh‑inmhianaithe a bheith ag bearta náisiúnta neamhchomhordaithe, rud lena mbaineann tuilleadh castachta. Beidh cuir chuige dhéthaobhacha teoranta freisin, go háirithe i gcás grúpaí a oibríonn i mbreis agus dhá Bhallstát. Sa chomhthéacs sin, ní fhéadfadh ach tionscnamh, ina gcuimsítear an tAontas ar fad, lena ndéantar foráil maidir le tacar coiteann rialacha, a bheith éifeachtach.

Toisc gur fadhbanna trasteorann atá i gceist den chuid is mó, ní féidir dul i ngleic leo ach amháin trí reachtaíocht a leagan síos ar leibhéal an Aontais. Cothóidh an laghdú i gcostais chomhlíontachta agus éiginnteacht chánach a bhfuil coinne leo infheistíocht chomh maith le leathnú trasteorann san Aontas. Beidh gnólachtaí a oibríonn i mBallstáit éagsúla in ann saoirse bunaíochta agus saorghluaiseacht chaipitil a uasmhéadú go hiomlán gan bac a bheith orthu ag constaicí neamhriachtanacha a bhaineann le cáin. Dá bhrí sin, áirítear sa tionscnamh seo, nuair a ghlacfar é faoi dhlí an Aontais, eilimintí lena mbaineann luach i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Is le cur chuige coiteann le haghaidh na mBallstát uile is mó a bheadh seans ann na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach.

B. Réitigh

Cé na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann nó nach bhfuil? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?

Féadfar na cuspóirí a bhaint amach trí thionscnamh ina bhfuil dhá ghníomhartha dlí ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin atá ann faoi láthair a bhaineann le cánachas corparáideach ar ghrúpaí cuideachtaí sa mhargadh inmheánach. Leagfar síos leis an gcéad ghníomh tacar comhchoiteann rialacha chun bonn cánach grúpaí móra cuideachtaí san Aontas a ríomh, agus cuirfidh an dara ceann cur chuige coiteann chun tosaigh maidir le praghsáil aistrithe do na Ballstáit. Déantar anailís ar an tionscnamh seo sa tuarascáil ar an measúnú tionchair:

Go hachomair, cuirfear tacar rialacha cánach simplithe, ailínithe go dlúth le prionsabail Cholún 2, chun an bonn cánach cuideachtaí i ngrúpaí móra a ríomh in ionad 27 gcóras cánach corparáide neamhionanna le haghaidh na gcáiníocóirí a thiocfaidh faoina raon feidhme. Úsáidfear ráitis airgeadais cuntasaíochta mar phointe tosaigh chun bonn cánach corparáide an ghrúpa san Aontas a ríomh agus an bonn comhiomlánaithe sin a leithdháileadh ansin dá chomhaltaí ar fud na mBallstát.

Le cur chuige coiteann maidir le praghsáil aistrithe áiritheofar comhsheasmhacht ar an mbealach a dhéanann Ballstáit idirbhearta idir fiontair chomhlachaithe a láimhseáil, rud a laghdaíonn aistriú brabúis agus a mhéadaíonn deimhneacht chánach agus trédhearcacht.

Sainaithnítear sa tuarascáil roghanna beartais éagsúla agus déantar measúnú go sonrach ar thrí chomhcheangal de na roghanna sin.

Leagan 1 - ‘Cuimsitheach’: mholfaí sa leagan sin rialacha a bheadh éigeantach do na cáiníocóirí uile, agus bheadh an chéim is airde comhchuibhiúcháin ag baint leis chomh maith le cur i bhfeidhm láithreach. D’áiritheofaí leis an gcomhcheangal roghanna sin an raon feidhme is leithne is féidir agus, dá thoradh sin, an simpliú is fairsinge do ghnólachtaí an Aontais agus údaráis fhioscacha na mBallstát, toisc go dtiocfadh sé i gcomharbacht ar rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le cánachas grúpa san Aontas. 

Leagan 2 – ‘Éadrom’: mholfaí leis an leagan sin rialacha a bheadh roghnach, leis an gcéim is ísle comhchuibhiúcháin agus bheadh sé pleanáilte go gcuirfí i bhfeidhm de réir a chéile é. Leis an gcomhcheangal roghanna seo bheadh roinnt athruithe ar an status quo i gceist, ach bheadh a raon feidhme siúd níos cúinge, ní bheadh siad a chuimsithí céanna, agus bheadh foráil ann maidir le cur i bhfeidhm de réir a chéile.

Leagan 3 – ‘Ilchodach’ – an rogha thosaíochta: is tiomsú é seo d’eilimintí an chomhchuibhithe éigeantaigh agus an cur i bhfeidhm de réir a chéile. Déantar foráil leis maidir le cur chuige hibrideach lena mbainfeadh rialacha comhchoiteanna agus éigeantacha a bheadh spriocdhírithe ar ghrúpaí móra ar dóichí go mbeadh struchtúir agus gníomhaíochtaí trasteorann acu agus bheadh coinne leis gurbh iadsan an grúpa ba mhó a thairbheodh den simpliú a thairgtear leis an gcóras. Déantar rialacha praghsála aistrithe a chomhchuibhiú i bhfoirm reachtaíocht atá bunaithe ar phrionsabail agus leagtar amach leo an creat le haghaidh comhordú amach anseo i measc na mBallstát sa réimse. Léirítear éifeachtúlacht le leagan 3, toisc go bhfuil a raon feidhme teoranta éigeantach teorannaithe chun na grúpaí siúd amháin ar féidir tairbhiú den chuid is mó de na rialacha comhchoiteanna. Thairis sin, beartaíonn sé riail aistrithe chun bonn cánach an ghrúpa a leithdháileadh lena gcuirtear le meán na dtorthaí inchánacha sna 3 bliana fhioscacha roimhe sin agus, ar an mbealach sin, áirithítear leis cobhsaíocht in ioncaim chánach ar an leibhéal náisiúnta. Áirítear leis freisin sásra athbhreithnithe lenar féidir an bealach a réiteach le haghaidh modh leithdháilte bhuain, bunaithe b’fhéidir ar chionroinnt de réir foirmle.

C. Tionchar na rogha tosaíochta

Cad iad tairbhí na rogha tosaíochta?

Leagtar amach sa mheasúnú tionchair na héifeachtaí dearfacha do ghnólachtaí agus do gheilleagar san Aontas de thoradh laghduithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar chostais chomhlíontachta cánach atá ann faoi láthair le haghaidh gnólachtaí oibriúcháin trasteorann, fritháireamh caillteanais trasteorann, rialacha comhchuibhithe maidir leis an mbonn cánach, amhail rátaí dímheasa, agus leithdháileadh bonn cánach comhchoiteann. Áirítear leis an measúnú tionchair an tionchar maicreacnamaíoch atá ag an rogha beartais ab fhearr ar OTI agus ar ioncaim chánach san Aontas.

Cad iad costais na rogha tosaíochta?

Ní féidir costais a mheas go beacht toisc nach bhfuil an fasach ag an tionscnamh arbh fhéidir tagairt dó. Thairis sin, níl aon sonra tiomnaithe ann arbh fhéidir a úsáid go hiontaofa chun meastacháin an‑choincréiteach a tháirgeadh. Déantar iarracht leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair tuairisc a thabhairt ar roinnt de na costais a d’fhéadfadh a bheith ann.

I gcás grúpaí móra, tá coinne leis na costais seo a leanas agus an creat coiteann a chur chun feidhme chun na torthaí inchánach a ríomh: costais choigeartuithe ghearrthéarmacha (costais aonuaire), a bhaineann le nuashonrú córas TF, agus le hoiliúint fhoireann na cuideachta agus na n‑údarás fioscach chun coigeartú chuig an gcóras nua; agus costais leanúnacha oibriúcháin de chineál riaracháin, amhail foireann dírithe ar mhalartú faisnéise i measc údaráis fhioscacha.

Nuair a bhíonn praghsáil aistrithe i gceist, ní bheidh aon chostais bhreise do cháiníocóirí nó d’údaráis náisiúnta, mar go mbíonn líonta móra foirne faoi láthair ag déileáil le praghsáil aistrithe laistigh de ghrúpaí móra agus údaráis fhioscacha. Bheadh costas coigeartaithe tosaigh le haghaidh oiliúna ann, chun dul i dtaithí ar na rialacha nua, ach beidh costais chomhlíontachta/riaracháin laghdaithe mar thoradh ar shoiléireacht fheabhsaithe agus cur i bhfeidhm na rialacha nua ar fud an Aontais ar deireadh.

Cén tionchar a imreofar ar FBManna agus ar an iomaíochas?

FBManna: Beidh grúpaí FBManna a chomhdaíonn ráitis chuntasaíochta airgeadais chomhdhlúite incháilithe chun a roghnú a bheith páirteach agus leis sin na rialacha comhchoiteanna maidir leis an mbonn cánach a ríomh a chur i bhfeidhm. Toisc go mbeidh na rialacha roghnach do FBManna fós, ní mheasaimid go mbeidh éifeachtaí díobhálacha ann. Ina ionad sin, bainfidh FBManna tairbhe as an réiteach is simplí agus is cost‑éifeachtúla a roghnú bunaithe ar a gcuid riachtanas féin.

Iomaíochas: tá coinne leis go mbeidh tionchar dearfach ag an tionscnamh ar iomaíochas costais agus praghsanna trí rialacha comhchoiteanna agus cur chuige coiteann a thabhairt isteach. Tá na heilimintí uile bunaithe ar shimplithe ar na rialacha cánach corparáide atá ann faoi láthair a laghdóidh costais chomhlíontachta do ghnólachtaí a oibríonn in earnálacha uile an mhargaidh inmheánaigh. Táthar ag súil leis na rialacha comhchoiteanna go ndéanfar cothroime iomaíochta a bhunú, bacainní ar leathnú trasteorann a bhriseadh síos agus iomaíochas idirnáisiúnta gnólachtaí an Aontais a fheabhsú vis‑à-vis gnólachtaí nach de chuid an Aontais Eorpaigh iad, go háirithe iad siúd a oibríonn i margaí móra eile. 

An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?

Cuireadh san áireamh sa mheasúnú tionchair freisin, cé acu a bhféadfadh nó nach bhféadadh tionchair chomhshaoil nó tionchair shóisialta a bheith ag baint leis an tionscnamh, nó tionchar ar chearta bunúsacha. Níl coinne le haon tionchar comhshaoil áirithe ná díreach. Níl coinne le tionchar sóisialta suntasach ach oiread. Mar sin féin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag acmhainní léirscaoilte ar réimsí éagsúla amhail infheistíochtaí inbhuanaithe agus cinntí fostaíochta. Níor cheart go mbeadh éifeacht ag an tionscnamh ar chearta bunúsacha, atá ráthaithe, agus cosnófar sonraí pearsanta.

Comhréireacht?

Ní dhéanann an rogha ab fhearr aon rud seachas an méid a bhfuil gá leis chun na cuspóirí a bhaint amach agus díríonn sé ar eilimintí ina mbeidh breisluach ag gníomhaíocht an Aontais a bheidh níos mó ná an méid a d’fhéadfadh na Ballstáit a bhaint amach astu féin.

D. Bearta leantacha

Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?

Ba cheart don mheastóireacht ar an tionscnamh measúnú a dhéanamh ar a mhéid a comhlíonadh na cuspóirí a leagtar amach agus déanfar é 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na dTreoracha. Déanfar anailís léi freisin ar a mhéid a tháinig na simplithe, a bhfuil coinne leo do na páirtithe leasmhara spriocdhírithe, chun cinn agus déanfar measúnú ar an ualach riaracháin agus rialála gaolmhar. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta i láthair i bhfoirm tuarascála. Ina theannta sin, maidir le BEFIT, foráiltear go n‑áireofar athbhreithniú ar an riail maidir le leithdháileadh aistriúcháin. Má chinneann an Coimisiún gur iomchuí é, bunaithe ar an athbhreithniú, féadfaidh sé togra reachtach a ghlacadh chun an modh leithdháilte a leasú, trí fhoirmle a thabhairt isteach b’fhéidir.