AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.6.2023
SWD(2023) 230 final
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN
ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN TUARASCÁIL AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR
[…]
a ghabhann leis an doiciméad
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir le creat le haghaidh Rochtain ar Shonraí Airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus Rialachán (AE) 2022/2554
{COM(2023) 360 final} - {SEC(2023) 255 final} - {SWD(2023) 224 final}
An gá atá le gníomhaíocht
San earnáil airgeadais agus in earnálacha eile, tá treocht theicneolaíocht-bhunaithe i dtreo úsáid níos mó a bhaint as sonraí agus as comhroinnt sonraí. I gcomhréir leis an straitéis airgeadais dhigitigh a foilsíodh in 2020, tá cur chun cinn an airgeadais shonraíbhunaithe go hard freisin ar chlár oibre an Choimisiúin. Tá acmhainneacht fáis nach beag ag an ngeilleagar sonraí, geilleagar arb é táirgeadh agus úsáid sonraí is cúis leis. I measc na n‑earnálacha éagsúla, is iad na seirbhísí airgeadais an t‑úsáideoir sonraí is mó san Aontas, agus tá naisc fhairsinge acu le hearnálacha eile. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, chun go n‑éireoidh le mórstraitéis sonraí an Choimisiúin, acmhainneacht nuálaíochta bhreise a bhaint amach san earnáil sin.
In ainneoin na hacmhainneachta móire, cuirtear bac ar go leor nuálaíochtaí toisc nach bhfuil rialú éifeachtach ag custaiméirí seirbhísí airgeadais ar a gcuid sonraí, cé is moite de na cuntais íocaíochta a chumhdaítear leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Íocaíochta. Fágann sé sin go bhfuil sé deacair orthu na sonraí a chomhroinnt le soláthraithe eile a d’fhéadfadh iad a úsáid chun seirbhísí airgeadais agus faisnéise sonraíbhunaithe a sholáthar do chustaiméirí. Tá roinnt cúiseanna leis sin: ar an gcéad dul síos, níl muinín ag custaiméirí agus dá bhrí sin bíonn leisce orthu a gcuid sonraí a chomhroinnt. Ar an dara dul síos, fiú más mian le custaiméirí a gcuid sonraí a chomhroinnt, is deacair é sin a dhéanamh sa chleachtas, go háirithe mar gheall ar an staid dhlíthiúil dhoiléir maidir leis an rochtain atá ag úsáideoirí sonraí ar na sonraí sin. Ar an tríú dul síos, is annamh a bhíonn rochtain ar shonraí custaiméirí agus ar chomhéadain sonraí san earnáil airgeadais cé is moite de chuntais íocaíochta, agus má tá rochtain orthu, ní bhíonn siad caighdeánaithe den chuid is mó, rud a fhágann go mbíonn próiseáil sonraí níos costasaí. Ar deireadh, níl dreasachtaí ann d’úinéirí sonraí comhéadain ardcháilíochta a fhorbairt a chomhlíonann riachtanais ghnó oibríochtúla úsáideoirí sonraí.
Mar thoradh air sin, tá sé níos deacra ar iontrálaithe nua sa mhargadh agus ar sholáthraithe seirbhísí nuálacha níos lú táirgí agus seirbhísí saincheaptha a chur ar fáil a d’fhéadfadh freastal níos fearr ar riachtanais shonracha custaiméirí, agus ní féidir le tomhaltóirí rochtain a fháil ar na seirbhísí nuálacha sin agus íocfaidh siad táillí níos airde as seirbhísí mar gheall ar iomaíocht theoranta. Ina theannta sin, cuireann na bacainní atá ann faoi láthair cosc ar ghnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), tairbhiú de sheirbhísí airgeadais níos fearr, níos áisiúla agus níos uathoibrithe. Buanaíonn na bacainní sin freisin taithí fho-optamach custaiméirí in institiúidí airgeadais trí mhoill a chur ar a gclaochlú digiteach, agus cailleann úsáideoirí sonraí tríú páirtí deiseanna gnó mar gheall orthu. Don gheilleagar ina iomláine, cuireann sé sin bac ar ghlacadh samhlacha gnó sonraíbhunaithe, rud a bhfuil infheistíochtaí príobháideacha níos ísle, glacadh níos ísle le seirbhísí nuálacha, agus easpa muiníne agus iontaoibhe i gcoitinne i gcomhroinnt sonraí mar thoradh air.
Tá na fadhbanna céanna ag Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh, agus ós rud é gur minic a oibríonn sealbhóirí agus úsáideoirí ionchasacha sonraí airgeadais sa mhargadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais i roinnt Ballstát, ní dócha gur féidir leis na Ballstáit na fadhbanna a réiteach ina n‑aonar. Thairis sin, ní thugann creat dlíthiúil reatha an Aontais aghaidh go leormhaith ar na dúshláin a leagtar amach thuas. Cé go bhfuil roinnt píosaí reachtaíochta glactha ag an Aontas a bhfuil feidhm acu i ngach earnáil den gheilleagar i gcomhthéacs na straitéise Eorpaí maidir le sonraí, ní mór fós iad sin a chomhlánú ar an leibhéal earnála chun a n‑éifeacht iomlán a bhaint amach. Tá gá le rialacha nua earnála i seirbhísí airgeadais an Aontais Eorpaigh chun samhlacha gnó inscálaithe agus níos éifeachtúla a chumasú a d’fhéadfadh leas iomlán a bhaint as margadh aonair an Aontais, arb é is aidhm dóibh rialú níos fearr a thabhairt do chustaiméirí – bídís ina dtomhaltóirí nó ina ngnólachtaí – ar an gcaoi a bhfaightear rochtain ar a gcuid sonraí airgeadais agus ar an gcaoi n‑úsáidtear iad.
Roghanna beartais
Tháinig roghanna beartais éagsúla chun cinn agus an measúnú tionchair seo á ullmhú. Cuireadh san áireamh freisin sna roghanna beartais obair Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin um an Spás Eorpach Sonraí Airgeadais agus aiseolas ó pháirtithe leasmhara a fuarthas le linn na gcomhairliúchán poiblí agus spriocdhírithe faoi airgeadas oscailte. Déantar na roghanna beartais a ndearnadh anailís orthu a ghrúpáil de réir cuspóirí sonracha, a ceapadh mar fhreagairt ar chúiseanna na faidhbe a sainaithníodh, mar a leanas: (A) muinín custaiméirí i gcomhroinnt sonraí san earnáil airgeadais a fheabhsú; (B) oibleagáid a chur ar shealbhóirí sonraí sonraí custaiméirí a chomhroinnt le húsáideoirí sonraí; (C) caighdeánú ar shonraí custaiméirí agus ar chomhéadain a chur chun cinn; agus (D) cur chun feidhme comhéadan ardcháilíochta le haghaidh comhroinnt sonraí custaiméirí a chur chun cinn.
Rinneadh anailís ar na roghanna i bhfianaise a n‑éifeachtachta ó thaobh na cuspóirí sonracha a bhaint amach, a n‑éifeachtúlachta i dtéarmaí an chostais a bhaineann leo, agus a gcomhleanúnachais le creat rialála an Aontais atá ann cheana i réimse na comhroinnte sonraí.
Tionchair na rogha beartais ab fhearr
Mar thoradh ar anailís chríochnúil, fuarthas gurbh fhearr an beart roghanna beartais seo a leanas:
·Ceangal a chur ar rannpháirtithe sa mhargadh deaiseanna ceada airgeadais oscailte a sholáthar do chustaiméirí, rialacha incháilitheachta a leagan síos maidir le rochtain ar shonraí custaiméirí agus cumhacht a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha treoirlínte a eisiúint maidir le himlínte úsáide sonraí pearsanta (Rogha A.3)
·Rochtain a shainordú d’úsáideoirí sonraí ar thacair sonraí custaiméirí roghnaithe ar fud na hearnála airgeadais (Rogha B.2)
·Ceangal a chur ar rannpháirtithe sa mhargadh caighdeáin choiteanna a fhorbairt le haghaidh sonraí custaiméirí agus comhéadain a bhaineann le sonraí atá faoi réir rochtain éigeantach faoi chuspóir sonrach B, mar chuid de scéimeanna comhroinnte sonraí airgeadais (Rogha C.1)
·Ceangal a chur ar shealbhóirí sonraí comhéadain feidhmchláir (APInna) a chur i bhfeidhm mar mhalairt ar chúiteamh, lena gcuirtear chun feidhme na caighdeáin choiteanna maidir le sonraí custaiméirí agus comhéadain arna bhforbairt mar chuid de scéimeanna comhroinnte sonraí airgeadais faoi chuspóir C agus ceangal a chur ar chomhaltaí scéime teacht ar chomhaontú maidir le dliteanas conarthach (Rogha D.3)
Bheadh tionchar dearfach ag an mbeartas airgeadais oscailte ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol, agus bheadh tionchar dearfach aige ar chearta bunúsacha agus ar FBManna freisin. Bhainfeadh custaiméirí atá toilteanach a gcuid sonraí a chomhroinnt tairbhe as táirgí agus seirbhísí nua a chuirfeadh feabhas ar a dtorthaí eacnamaíocha. An tráth céanna, le raon feidhme an tionscnaimh seo a sainíodh go cúramach, chuirfí as an áireamh go hiomlán tacair sonraí lena mbaineann an riosca is mó maidir le heisiamh airgeadais tomhaltóirí leochaileacha. Thairis sin, le deaiseanna ceada airgeadais oscailte, mar aon le rialacha incháilitheachta agus imlínte úsáide sonraí pearsanta, chosnófaí custaiméirí ar aon tionchar diúltach eile a d’fhéadfadh a bheith ann ar chosaint sonraí agus ar chearta príobháideachais.
Ní roinnfí sonraí custaiméirí ach amháin arna iarraidh sin ag an gcustaiméir agus i gcomhréir le Rialachán Ginearálta an Aontais Eorpaigh maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) i gcás sonraí pearsanta, rud a mhéadódh muinín fhoriomlán na gcustaiméirí as comhroinnt sonraí. Cheanglófaí ar shealbhóirí sonraí rochtain a sholáthar ar thacair sonraí custaiméirí ar fud na hearnála airgeadais a bhfuil breisluach ard ag baint leo d’úsáideoirí sonraí agus a bhfuil riosca íseal ag baint leo do chustaiméirí ó thaobh eisiamh airgeadais de. Chumasódh sé sin iomaíocht níos fearr, rochtain níos fearr ar sheirbhísí airgeadais, agus eispéireas níos fearr custaiméara tríd an uathoibriú. Trí cheangal a chur ar rannpháirtithe sa mhargadh cloí le córas chun caighdeáin choiteanna sonraí agus comhéadain a fhorbairt, déanfar difear do shealbhóirí sonraí, d’úsáideoirí sonraí agus do chustaiméirí, agus éascófar nascacht dhíreach idir sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí, agus ar an gcaoi sin laghdófar an costas a bhaineann le rochtain ar shonraí agus le próiseáil sonraí.
Le ceart na sealbhóirí sonraí cúiteamh réasúnta a éileamh as comhéadain theicniúla chaighdeánaithe a sholáthar, thabharfaí dreasachtaí soiléire dóibh chun an infheistíocht is gá a dhéanamh i gcomhéadain ardcháilíochta agus chun dlús a chur le glacadh sa tionscal. Cé go mbeidh ar shealbhóirí sonraí infheistíocht a dhéanamh i gcomhéadain theicniúla, cuirfear an costas a bhaineann lena mbunú ar aghaidh chuig úsáideoirí sonraí le himeacht ama. Trí theorainn a chur le leibhéal an chúitimh sin i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i dtogra an Ghnímh Sonraí, lena gcuirtear uasteorainn chostphraghais leis i gcás úsáideoirí sonraí ar FBManna iad, coinnítear smacht ar an riosca go mbeidh éifeachtaí frithiomaíocha neamh-inmhianaithe ann.
Bhainfeadh FBManna, ar féidir leo a bheith ina n‑úsáideoirí sonraí nó ina gcustaiméirí, tairbhe as an gcreat airgeadais oscailte sa dá cháil sin. Mar chustaiméirí, neartófaí a slándáil agus a muinín i malartú sonraí agus bheidís in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí níos nuálaí, rud a d’fhéadfadh a gcostais a laghdú agus cur lena n‑iomaíochas. Mar úsáideoirí sonraí, bheadh FBManna freagrach as an gcostas a bhaineann le deaiseanna ceada airgeadais oscailte a sholáthar agus le ceadúnú le haghaidh rochtain ar shonraí custaiméirí, d’fhéadfadh seirbhísí nuálacha cur lena n‑éifeachtúlacht agus chruthódh caighdeánú sonraí deiseanna nua gnó. A bhuí leis an tionscnamh, tá coinne leis go n‑éascófar iontráil sa mhargadh do ghnólachtaí nuathionscanta nuálacha a thairgeann cineálacha nua seirbhísí ina n‑úsáidtear samhlacha nua gnó.
Cé go ndéanfar faireachán ar thionchar an tionscnaimh ó dháta a theacht i bhfeidhm ar aghaidh, ba cheart meastóireacht a dhéanamh tráth nach luaithe ná 3 bliana tar éis a chur chun feidhme. Ar an mbealach sin, beidh na torthaí bunaithe ar thréimhse leordhóthanach bhreathnóireachta.