|
A. An gá atá le beart
|
|
Cén fhadhb atá ann agus cén fáth ar fadhb í ar leibhéal an Aontais?
|
|
Le Treoir 2005/35/CE maidir le truailliú ó longa ('Treoir SSP' nó 'Treoir'), déileáiltear le pionóis as sceitheadh neamhdhleathach ola agus substaintí leachtacha díobhálacha ó longa ar muir. Neamhdhleathach, ciallaíonn sé sin aon rud nach gcomhlíonann caighdeáin MARPOL (MARPOL - Coinbhinsiún um Thruailliú ó Longa a Chosc).
Tá an Treoir ar cheann de thionscnaimh an Aontais arb é is aidhm dóibh truailliú san fharraige ó mhuiriompar a laghdú. Is é is cuspóir dó caighdeáin idirnáisiúnta maidir le truailliú ó longa a ionchorprú i ndlí an Aontais agus a áirithiú go bhforchuirfear pionós ar na daoine atá freagrach as sceitheadh substaintí truaillithe isteach san fharraige. An chúis a bhí taobh thiar den Treoir den chuid ba mhó ná imní an phobail i ndiaidh timpistí a bhain leis na tancaeir Erika (1999) agus Prestige (2002).
Cé go gcuireann an earnáil mhuirí buntáistí suntasacha eacnamaíocha agus sóisialta ar fáil don Aontas Eorpach, tá tionchar aici freisin ar an gcomhshaol agus ar shláinte shaoránaigh an Aontais Eorpaigh. Tá doirteadh ola ina chúis imní maidir le truailliú muirí, toisc go bhfuil sé deacair é a ghlanadh suas agus is féidir leis maireachtáil ar feadh tréimhsí fada sa mhuirthimpeallacht. Bíonn tionchar diúltach ag substaintí díobhálacha eile a scaoileann longa chomh maith le truflais agus camras ar an bhfarraige freisin. Is féidir leo gnáthóga muirí agus cósta a thruailliú, rud a dhéanann damáiste don timpeallacht nádúrtha agus don gheilleagar.
Rinne an Coimisiún meastóireacht ex post in 2022 agus fuair sé gur éirigh leis an Treoir cur leis na rialacha idirnáisiúnta maidir le truailliú ó longa a ionchorprú i ndlí an Aontais agus gur cuireadh feabhas léi ar bhrath an truaillithe a d'fhéadfadh teacht as longa. Go sonrach, ba í an Treoir an spreagadh a bhí taobh thiar de chruthú sheirbhís CleanSeaNet - córas faireacháin ola ar fud an Aontais ag baint úsáid as faireachas satailíte arna óstáil ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA). Ní aimsítear na ciontóirí a scaoileann substaintí truaillithe go neamhdhleathach i gcónaí, áfach, agus dá bhrí sin is annamh a ghearrtar pionós orthu. Sainaithníodh roinnt saincheisteanna mar shaincheisteanna fadhbacha: (1) ní chumhdaítear le raon feidhme reatha na Treorach gach substaint truaillithe ábhartha den chóras idirnáisiúnta e.g. bruscar nó sceitheadh camrais isteach san fharraige; (2) tá malartú faisnéise agus/nó saineolas chun truailliú ó longa a bhrath, a fhíorú agus pionós a ghearradh ina leith go héifeachtach neamhréireach ar fud an Aontais agus níl siad leordhóthanach go ginearálta; (3) tá éifeacht athchomhairleach éagothrom ag na pionóis a chuirtear i bhfeidhm faoi láthair ar fud an Aontais maidir le truailliú ó longa; (4) tá an tuairisciú reatha ó na Ballstáit neamhiomlán agus is é a bheidh mar thoradh air sin le himeacht ama easpa faisnéise maidir le truailliú ó longa agus pionóis ghaolmhara ar fud an Aontais.
Is léir go bhfuil ábharthacht ar fud an Aontais le feabhas a chur ar an Treoir chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb thrasteorann sin. Mura ndéanfar tuilleadh gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais, is dóigh go leanfaidh an fhadhb ar aghaidh. Le teacht i bhfeidhm na Treorach nua maidir le Coireacht Comhshaoil (a mbeidh forálacha i gceist léi den chéad uair maidir le truailliú ó longa), rachaidh na forálacha maidir le pionóis choiriúla sa Treoir SSP i léig agus dá bhrí sin ní mór iad a bhaint.
|
|
Cad é ba cheart a bhaint amach?
|
|
I gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, is é an aidhm caighdeáin idirnáisiúnta maidir le truailliú ó longa a ionchorprú i ndlí an Aontais agus a áirithiú go mbeidh na daoine atá freagrach as sceitheadh substaintí truaillithe faoi réir pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha. Is éard is aidhm do na cuspóirí sonracha: (1) caighdeáin idirnáisiúnta a ionchorprú i ndlí an Aontai tríd an Treoir a ailíniú le hIarscríbhinní Marpol maidir le sceitheadh isteach san fharraige; (2) tacú leis na Ballstáit trí fhorbairt a dhéanamh ar a gcumas teagmhais truaillithe a bhrath, fianaise a fhíorú agus a bhailiú agus pionós a ghearradh go héifeachtach ar chiontóirí aitheanta ar bhealach tráthúil agus comhchuibhithe; (3) a áirithiú go mbeidh daoine atá freagrach as sceitheadh neamhdhleathach ó longa faoi réir pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha; agus (4) simpliú agus tuairisciú éifeachtach maidir le teagmhais truaillithe ó longa agus gníomhaíochtaí leantacha a áirithiú.
|
|
Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (coimhdeacht)?
|
|
De bharr an tionchair trasteorann rialta a bhíonn ag truailliú muirí agus de bharr go ngníomhaíonn déantóirí coire thar theorainneacha, ní leor gníomhaíocht na mBallstát leo féin chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin. Le cuir chuige éagsúla náisiúnta sa réimse sin cuirtear bac ar chomhar éifeachtúil idir na Ballstáit agus is féidir le ciontóirí pionóis a sheachaint mar gheall orthu. Téann an Treoir thar chaighdeáin Marpol cheana féin trí (1) chóras dliteanais a sholáthar lena n‑éascaítear pionósú níos éifeachtaí ar thruailleoirí; agus (2) thacú leis na Ballstáit na ciontóirí a aimsiú trí uirlisí digiteacha. Is é an breisluach a chuirtear leis an athbhreithniú sin níos mó substaintí truaillithe a rialáil, an córas dliteanais atá ann cheana a shoiléiriú agus faireachas satailíte a leathnú chun níos mó cineálacha truailleán a chlúdach. Is é is aidhm don athbhreithniú freisin bearta nua a thabhairt isteach maidir le pionóis gan dul i gcion ar an Treoir athbhreithnithe maidir le Coireacht Comhshaoil. Bheadh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais níos éifeachtaí ná gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta toisc go mbeadh éifeacht iombhagartha thar theorainneacha ag baint léi.
|
|
B. Réitigh
|
|
Cad iad na roghanna éagsúla lenar féidir na cuspóirí a bhaint amach? An bhfuil rogha thosaíochta ann? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?
|
|
Rinneadh measúnú ar thrí rogha bheartais sa mheasúnú tionchair seo agus moltar réitigh iontu ar an bhfadhb, ach ní hionann iad maidir le cur chuige, leibhéal an chomhchuibhithe agus méid na discréide a thugtar do na Ballstáit. Beartaítear leis na roghanna beartais uile raon feidhme na Treorach a leathnú chun ní hamháin Iarscríbhinní I-II Marpol (ola agus substaintí leachtacha díobhálacha ar an mórchóir) a chumhdach – mar atá faoi láthair – ach freisin Iarscríbhinn III (substaintí díobhálacha a iompraítear ar muir i bhfoirm phacáistithe), Iarscríbhinn IV (camras), Iarscríbhinn V (bruscar) agus Iarscríbhinn VI uisce agus iarmhair o sciúrthóirí a dhiúscairt. Tugtar faisnéis níos fearr leis na roghanna go léir do na Ballstáit agus áirithítear leo siad go bhfuil leibhéal tacaíochta EMSA (oiliúint, treoir, uirlisí comhtháite, rochtain ar fhaisnéis maidir le braiteadh féideartha) ard go leor.
Is le rogha beartais- A is mó a thugtar lánrogha do na Ballstáit maidir le caighdeáin Marpol a chur chun feidhme. Faoi rogha beartas A, bheadh na Ballstáit freagrach as a gcuid faisnéise maidir le teagmhais truaillithe ó longa a bhainistiú agus as an bpobal a choinneáil ar an eolas trí shuíomhanna gréasáin náisiúnta. Leis an rogha sin éascaítear cur chuige náisiúnta maidir le cineál an phionóis a chinneadh agus ní rialaítear léi leibhéal an phionóis. Maidir le rogha beartas A, tá níos mó inoiriúnaitheachta ann do na Ballstáit agus íosmhéid idirghabhála ón Aontas.
Dírítear i rogha beartais B ar an gcomhar idir na Ballstáit a neartú go príomha trí bhearta coiteanna a chuimsítear sna roghanna ar fad e.g. tuilleadh barrfheabhsaithe ar uirlisí EMSA amhail CleanSeaNet, SafeSeaNet agus Thetis. Faoi rogha beartais B, leagfaí amach na critéir maidir le leibhéil na bpionós. Le rogha beartais B sholáthrófaí struchtúr freisin le haghaidh comhair i measc na mBallstát agus neartófaí a bhforfheidhmiú gan mórbhearta rialála nó mórchostais a thabhairt isteach do na Ballstáit.
Dírítear i rogha beartais C ar ghníomhaíocht rialála níos láidre ón Aontais chun comhar idir na Ballstáit a chomhlánú. Cuirtear d'oibleagáid ar na Ballstáit léi 60 % ar a laghad dá bhfoláirimh CleanSeaNet a fhíorú. Táthar ag súil go nginfear le rogha beartais C costais fíoraithe níos airde ach soláthraítear léi struchtúr d'fhorfheidhmiú neartaithe. Maidir le leibhéil na npionós, neartófaí le rogha beartais C comhchuibhiú ar fud an Aontais trí na luachanna a shocrú.
Meastar gurb é rogha beartais B, a roghnaíodh mar an rogha beartais ab fhearr, an rogha is éifeachtúla agus is comhréire, agus is dócha go n‑oibreoidh sí go maith i gcreat coiteann. Mar sin féin, tá bearnaí sonraí ann, ionchur íseal ó pháirtithe leasmhara agus éiginnteacht ard maidir leis na tionchair. Maidir le comhleanúnachas, feidhmíonn na trí rogha mar an gcéanna agus is féidir iad a oibriú i gcomhar le hionstraimí eile an Aontais. Maidir le héifeachtacht, feidhmíonn rogha beartais C níos fearr ná rogha beartais B mar gheall ar éifeacht iombhagartha an ráta fíoraithe 60 %, rud a mhéadaíonn an seans go ngabhfar long agus í ag sceitheadh go neamhdhleathach i bhfarraigí na hEorpa. Tá rogha beartais B agus rogha beartais C níos éifeachtaí ná rogha beartais A, go háirithe a bhuí leis na buntáistí a bhaineann le réitigh chomhchuibhithe a sholáthar ar leibhéal an Aontais, i gcomparáid le cuir chuige iomadúla náisiúnta éagsúla. Níl rogha beartais C chomh comhréireach le rogha beartais B mar gheall ar an gcur chuige rialála dian atá beartaithe maidir le leibhéil na bpionós agus mór-oibleagáid fíoraithe éigeantach. Feictear go bhfuil forchur cur chuige láidir rialála den sórt sin i rogha beartais C díréireach mar gheall ar shonraí thar a bheith éiginnte agus mheastóireacht ex-post lag an tionscnaimh (i.e. mar gheall ar shonraí ganna).
|
|
Cad iad tuairimí na bpáirtithe leasmhara éagsúla? Cé hiad na páirtithe leasmhara éagsúla agus cad iad na bearta is rogha leo?
|
|
Bhí rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara sa phróiseas comhairliúcháin íseal den chuid ba mhó. Fuarthas 30 freagra ar an gcomhairliúchán poiblí.
I bprionsabal, tacaíonn páirtithe leasmhara éagsúla leis an rogha beartais ab fhearr (rogha beartais B). Le linn ceardlanna bailíochtaithe páirtithe leasmhara leis na Ballstáit, le lucht tionscail agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha a eagraíodh i mí Mheán Fómhair 2022, nuair a cuireadh ceist orthu faoi na trí rogha, roghnaigh 20 as 27 rannpháirtí a chaith vóta comhar neartaithe idir na Ballstáit agus tacaíocht EMSA. Mar sin féin, bhí tuairimí difriúla idir na páirtithe leasmhara. Measann roinnt páirtithe leasmhara tionscail nach bhfuil gá leis an Treoir, toisc gur leor rialacha idirnáisiúnta Marpol.
Den chuid is mó, tá na páirtithe leasmhara i bhfabhar raon feidhme na Treorach a leathnú chun sceitheadh substaintí eile a chumhdaítear le Marpol isteach san fharraige a chumhdach. Léiríodh leis an gcomhairliúchán poiblí go measann 23 (as 28) freagróir go bhfuil 'nuashonrú na Treorach chun leasuithe ar Choinbhinsiún Marpol a chur san áireamh, lena gcuirtear rialacha níos déine i bhfeidhm maidir le sceitheadh dramhaíola ó longa ar muir' ina ghné ábhartha ar cheart aghaidh a thabhairt uirthi. As na 51 fhreagróir sa cheardlann bailíochtaithe páirtithe leasmhara i mí Mheán Fómhair 2022, vótáil 26 acu an raon feidhme a leathnú chun Iarscríbhinn I-VI a chumhdach. Measann roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha gur cheart go rachadh raon feidhme na Treorach thar an méid a rialaítear ar an leibhéal idirnáisiúnta, e.g. torann faoi uisce a chumhdach. Aontaíonn na páirtithe leasmhara le feabhas a chur ar éifeachtacht na sásraí chun aghaidh a thabhairt ar fhaireachas agus ar mhalartú faisnéise agus tá siad i bhfabhar thacaíocht an Aontais do bhallstáit sa réimse sin.
|
|
C. Tionchar na rogha ab fhearr
|
|
Cad iad na tairbhí a bhaineann leis an rogha ab fhearr (más ann di, agus murab ann, cad iad tairbhí na bpríomhroghanna)?
|
|
Meastar go mbeidh coigilteas costais maidir le forfheidhmiú ann do na Ballstáit le rogha beartais B (mar aon le rogha beartais A agus rogha beartais C) agus meastar go mbeidh EUR 1.8 milliún i gceist leis sin.
Meastar go coigilteas costais riaracháin thart ar EUR 0.9 milliún ann do na Ballstáit mar thoradh ar rogha beartais B (mar aon le rogha beartais C).
Táthar ag súil freisin go rachaidh rogha beartais B chun tairbhe don chomhshaol trí thruailliú a chosc. Thar 2025-2050, chuirfí cosc ar 3,411 tonna de sceitheadh ola i gcomparáid leis an mbonnlíne. Meastar gurb é EUR 690.5 milliún an laghdú a bheidh ar na costais sheachtracha. Tá neamhchinnteacht faoi na buntáistí cainníochtaithe comhshaoil ard, áfach, mar gheall ar an easpa sonraí.
Ar an iomlán, meastar go mbeidh glanshochair idir EUR 558.5 agus EUR 567.4 milliún mar thoradh ar rogha beartais B.
(N.B. Tá na figiúirí go léir i gcoibhneas leis an mbonnlíne agus sloinntear iad mar ghlanluach láithreach thar 2025-2050, i bpraghsanna 2020).
|
|
Cad iad costais na rogha ab fhearr (más ann dóibh, agus murab ann dóibh, cad iad na príomhchostais)?
|
|
I rogha beartais B, beidh na costais bhreise le híoc ag EMSA den chuid is mó toisc go méadófar a ualach oibre mar gheall ar fhorbairt modúl nua TF, úsáid optamaithe na n‑uirlisí, na hoiliúna agus na treorach atá ann cheana. Meastar go mbeidh na costais choigeartaithe sin do EMSA idir EUR 122.6 agus EUR 131.4 milliún thar 2025-2050. Ina theannta sin, meastar gur EUR 0.8 milliún a bheidh i gceist leis na costais choigeartaithe don Choimisiún Eorpach.
Meastar gur EUR 2.5 milliún a bheidh i gceist leis na costais forfheidhmiúcháin do riaracháin na mBallstát, agus baineann sé sin le raon feidhme na Treorach a leathnú agus leis an aiseolas ar fholáirimh CleanSeaNet.
(N.B. Tá na figiúirí go léir i gcoibhneas leis an mbonnlíne agus sloinntear iad mar ghlanluach láithreach thar 2025-2050, i bpraghsanna 2020).
|
|
Cén tionchar a imreofaí ar FBManna agus ar an iomaíochas?
|
|
Leis an rogha beartais ab fhearr, ní chruthaítear oibleagáidí nua do ghnólachtaí agus, dá bhrí sin, ní bheadh tionchar acu ar a gcostais. D'fhéadfadh leathnú raon feidhme na Treorach chun substaintí breise faoi Marpol a chumhdach a bheith ábhartha d'árthaí áineasa agus do shoithí iascaireachta, do dheighleoga earnála ina bhfuil rannpháirtíocht ard FBManna. Mar sin féin, ós rud é go ndírítear an leathú sin ar chaighdeáin idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú, ní mór don earnáil loingseoireachta na caighdeáin sin a chomhlíonadh leis an Treoir nó gan an Treoir agus níltear ag súil le haon tionchar ar chostais do na FBManna a chomhlíonann iad.
|
|
An imreofar tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?
|
|
Meastar gur EUR 2.5 milliún a bheidh i gceist leis na costais forfheidhmiúcháin do riaracháin na mBallstát. Ar an taobh eile, táthar ag súil go mbeidh coigilteas costais forfheidhmiúcháin measta ag EUR 1.8 milliún mar thoradh ar rogha beartais B agus meastar go mbeidh EUR 0.9 milliún i gceist leis an gcoigilteas costais riaracháin. Mar thoradh air sin, meastar gur EUR 0.2 milliún a bheidh i gceist leis na glanchostais do riaracháin na mBallstát.
(N.B. Tá na figiúirí go léir i gcoibhneas leis an mbonnlíne agus sloinntear iad mar ghlanluach láithreach thar 2025-2050, i bpraghsanna 2020).
|
|
An mbeidh aon tionchar suntasach eile i gceist?
|
|
Seachas an tionchar dearfach indíreach ar sceitheadh neamhdhleathach ó longa isteach sa mhuirthimpeallacht a dhíspreagadh, d'fhéadfadh tionchar dearfach indíreach a bheith ag an tionscnamh ar shláinte daoine ar fud an Aontais a bhfuil cónaí orthu in aice leis an bhfarraige agus/nó a itheann an t‑iasc a ghabhtar i bhfarraigí na hEorpa a bhuí le cáilíocht níos airde an uisce. Mar sin féin, ní mheastar go bhfuil an tionchar sin ina thionchar suntasach.
|
|
Comhréireacht
|
|
Measúnaítear gurb é an rogha beartais ab fhearr an ceann is comhréirí maidir leis na cuspóirí beartais foriomlána a bhaint amach. Dírítear an rogha beartais ab fhearr ar chomhar, ar chomhroinnt eolais agus ar bhailiú sonraí a fheabhsú agus téann sé níos faide ná an méid a d’fhéadfadh na Ballstáit a bhaint amach leo féin. Gearrfear pionóis níos éifeachtaí, níos comhréirí agus níos athchomhairlí ar longa a scaoilfidh truailleáin go neamhdhleathach a bhuí le tacaíocht an Aontais do na Ballstáit a bhfuil oiliúint agus ardáin acu chun faisnéis agus taithí a mhalartú chomh maith le huirlisí digiteacha nua-aimseartha a chuideoidh leis an truaillitheoir féideartha a shainaithint.
|
|
D. Obair leantach
|
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
|
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo cúig bliana ó dháta thrasuí na Treorach leasaithigh seo agus tabharfaidh EMSA cuairteanna ar na Ballstáit chun oibríochtaí ar an talamh a fhíorú, rud a mbeidh anailísí leathana mar thoradh air.
|