|
Bileog Achoimre Feidhmiúcháin
|
|
Measúnú tionchair ar athchóiriú ar chóras deimhnithe forlíontacha cosanta (DFC) an Aontais, lena n‑áirítear togra le haghaidh Rialacháin lena gcruthaítear nós imeachta chun iarratais DFC a scrúdú go lárnach, agus togra le haghaidh Rialachán lena gcruthaítear DFC aonadach.
|
|
A. An gá le gníomhaíocht
|
|
Cén fáth? Cén fhadhb a bhfuiltear ag tabhairt aghaidh uirthi?
|
|
Cearta sonracha maoine intleachtúla is ea deimhnithe forlíontacha cosanta (DFCanna) lena gcuirtear síneadh suas le 5 bliana leis an téarma 20 bliain a ghabhann le paitinní a bhaineann le táirgí íocshláinte nó le táirge cosanta plandaí (PPPanna).
Is é is aidhm dóibh fritháireamh a dhéanamh ar chaillteanas na cosanta paitinne éifeachtaí mar thoradh ar an tástáil éigeantach fhada a bhíonn de dhíth san Aontas le haghaidh údarú margaíochta rialála na dtáirgí sin a fháil.
Is é seo a leanas reachtaíocht ábhartha an Aontais:
·Rialachán (CE) 469/2009 maidir le DFCanna le haghaidh táirgí íocshláinte
·Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 maidir le DFCanna le haghaidh táirgí cosanta plandaí.
Comhdaíodh 25 go 81 iarratas DFC go bliantúil in aghaidh na tíre san Aontas agus deonaíodh níos mó ná 26 000 DFC náisiúnta ón mbliain 1993. Meastar go maireann cosaint DFC 3.5 bliain ar an meán.
I bPlean Gníomhaíochta um Maoin Intleachtúil an Choimisiúin a fhoilsíodh i mí na Samhna 2020 (COM(2020) 760 final), lena dtógtar ar an meastóireacht DFC (SWD(2020) 292 final), cuireadh i dtábhacht an gá atá ann dul i ngleic leis an ilroinnt atá fós ann i gcóras maoine intleachtúla an Aontais as a n‑eascraíonn nósanna imeachta casta agus costasacha.
Sa Phlean tugadh faoi deara gur ar an leibhéal náisiúnta amháin atá cosaint DFC ar fáil le haghaidh táirgí íocshláinte agus le haghaidh táirge cosanta plandaí. Ag an am céanna, tá nós imeachta aonair ann chun paitinní Eorpacha a dheonú chomh maith le tacar aonair rialacha chun údaruithe margaíochta a fháil.
Ar an gcaoi chéanna, leagadh béim sa Straitéis Chógaisíochta don Eoraip (COM(2020)761 final) ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht i T&F chun cógais leighis nuálacha a chur ar fáil, agus cuireadh i bhfios go láidir ag an am céanna go mbíonn dúbailtí agus neamhéifeachtúlachtaí mar thoradh ar na difríochtaí ar fud thíortha an Aontais maidir le córais maoine intleachtúla a chur chun feidhme, go háirithe i gcás DFCanna. Imrítear tionchar ar iomaíochas an tionscail cógaisíochta mar gheall orthu sin. D’iarr Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa araon ar an gCoimisiún na heasnaimh sin a cheartú.
Tá tábhacht ar leith don mheasúnú tionchair ag baint leis an gcóras um paitinní aonadacha a mheastar a thiocfaidh i bhfeidhm in 2023. Ceadófar leis paitinn aonair lena gcumhdófar ar bhealach aonadach gach tír san Aontas atá rannpháirteach. Ina theannta, ceadóidh Cúirt Aontaithe na bPaitinní nua dlíthíocht láraithe do thíortha rannpháirteacha. Mar sin féin, gan an tionscnamh beartais seo le haghaidh DFCanna, ní bheadh DFC aonadach comhfhreagrach ann a bheadh ag gabháil le (ag síneadh) paitinní aonadacha.
Is iad seo a leanas na príomhfhadhbanna a bhfuil sé d’aidhm ag an tionscnamh seo dul i ngleic leo:
1.éiginnteacht dhlíthiúil maidir le stádas DFC,
2.faireachán anásta ar DFCanna,
3.an costas ard agus an t‑ualach ard a bhaineann le cosaint DFC a lorg agus a choinneáil ar bun san Aontas.
Chun cosaint DFC a fháil san Aontas ar fad ar feadh uastréimhse 5 bliana, ní mór d’iarratasóirí 27 nós imeachta éagsúla a chomhlíonadh ag oifigí paitinne náisiúnta agus táillí iarratais agus cothabhála náisiúnta éagsúla a íoc, ar méid EUR 192 000 san iomlán é.
Mar thoradh ar na cleachtais deonúcháin éagsúla sin ar an leibhéal náisiúnta, bíonn toradh na nósanna imeachta náisiúnta éiginnte, lena n‑áirítear easpa aonfhoirmeachta ó thaobh fhad agus thoradh an scrúdaithe araon. Go stairiúil, rinneadh cinntí difriúla mar thoradh ar thart ar an gceathrú cuid d’iarratais a bhaineann leis an táirge céanna.
Bíonn deacrachtaí ag táirgeoirí cineálacha agus bithshamhlacha, chomh maith le ceannaitheoirí poiblí san earnáil cúraim sláinte, stádas cosanta SPC chinntiú in am trátha. I gcás táirgeoirí, d’fhéadfadh sé sin cur isteach ar sheoladh táirgí cineálacha nó bithshamhlacha iomaíocha, nó ar a rannpháirtíocht i dtairiscintí chun cógais leighis a cheannach.
I gcás údaráis náisiúnta, cruthaítear fadhbanna leis sin maidir le cógais leighis a sholáthar, go háirithe i gcomhpháirt le Ballstáit eile.
|
|
Cad a mheastar a bhainfear amach leis an tionscnamh seo?
|
|
Is é cuspóir ginearálta na mbeart beartais atá beartaithe feabhas a chur ar infhaighteacht na nithe seo a leanas (i) táirgí íocshláinte núíosacha le haghaidh othair an Aontais agus (ii) táirgí cosanta plandaí don talmhaíocht, chomh maith le gnólachtaí a dhreasú chun táirgí dá leithéid a fhorbairt san Aontas.
Maidir leis na cuspóirí ginearálta agus na fadhbanna a sainaithníodh níos luaithe, sainíodh 3 chuspóir shonracha:
(1) Méadú a chur ar intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil chosaint DFC san Aontas. Féadfar an cuspóir sonrach a bhaint amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) nósanna imeachta substainteacha scrúdúcháin a éascú; (ii) rannpháirtíocht tríú páirtithe dá ndéantar difear a éascú; (iii) nósanna imeachta deonúcháin a éascú.
(2) Faireachán ar DFCanna sa mhargadh aonair a éascú, de rogha trí phointe rochtana aonair a chur ar fáil ar fhaisnéis faoi stádas DFCanna san Aontas (e.g. an ndearnadh iad a chomhdú, a dheonú, a neamhbhailíochtú, a thréigean nó a tharraingt siar nó ar diúltaíodh dóibh), chomh maith le rochtain ar shonraí struchtúrtha faoin ábhar.
(3) Laghdú a chur ar an gcostas agus ar an ualach riaracháin a bhaineann le cosaint DFC a lorg agus a choinneáil ar bun, trí laghduithe féideartha ar chostais riaracháin a imscrúdú; rochtain ar nósanna imeachta a fheabhsú le aghaidh na bpáirtithe leasmhara uile, go háirithe do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide.
|
|
Cad é an breisluach atá le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh?
|
|
Le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chuirfí le sláine an mhargaidh aonair trí fhoráil a dhéanamh maidir le chóras DFC aonadach/láraithe, cothrom agus trédhearcach san Aontas, agus trí mhaolú a dhéanamh ar na hiarmhairtí diúltacha a bhíonn ar iarratasóirí mar thoradh ar éagsúlacht na nósanna imeachta.
Dá bhrí sin, tá údar maith le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais freisin chun feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair a áirithiú le haghaidh táirgí nuálacha atá faoi réir údaruithe margaíochta, agus chun go bhféadfar na tairbhí a thagann de chreat éifeachtúil maoine tionsclaíche a bheith ann a bhaint sna margaí ábhartha.
|
|
B. Réitigh
|
|
Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An ann do rogha thosaíochta? Cén fáth?
|
|
·Rogha 0: Gan aon athrú beartais (an cás bunlíne).
·Rogha 1: Treoirlínte maidir leis na córais DFC atá ann faoi láthair a chur i bhfeidhm. Leis an rogha seo thabharfaí treoirlínte/moltaí comhchoiteanna d’oifigí paitinne náisiúnta chun Rialachán DFC atá ann faoi láthair a chur i bhfeidhm, ag tógáil ar a dtaithí agus ar chásdlí ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Le treoirlínte den sórt sin mholfaí rialacha comhchoiteanna maidir le faisnéis DFC a fhoilsiú i gcláir náisiúnta agus maidir lena áirithiú go mbeadh rochtain uirthi.
·Rogha 2: Aitheantas frithpháirteach i gcomhair cinntí náisiúnta. Leis seo chuirfí ar chumas na n‑iarratasóirí DFC iarratas ar DFC a chomhdú le hoifig paitinní náisiúnta ainmnithe – ar a dtugtar an ‘oifig thagartha’ – agus thabharfadh na hoifigí paitinní náisiúnta go léir eile aitheantas do chinneadh na hoifige sin.
·Rogha 3: Comhdú agus scrúdú láraithe ar iarratais ar SPC, as a dtiocfaidh tuairim neamhcheangailteach. Leis seo chruthófaí údarás lárnach le haghaidh iarratais ar DFCanna a chomhdú san Aontas, ar údarás é a scrúdódh iarratais agus a d’eiseodh tuairim i dtaobh an ndeonófaí nó nach ndeonófaí DFC. Bheadh saoirse ag oifigí paitinne náisiúnta an tuairim sin a leanúint nó scrúdú dá gcuid féin a dhéanamh. Dá bhrí sin, is ar an leibhéal náisiúnta a choinneofaí an cinneadh maidir le cosaint DFC a dheonú. Ní fhéadfadh ach sealbhóirí paitinne Eorpaí – agus, i gcás táirgí íocshláinte, sealbhóirí ar údarú margaíochta láraithe – tairbhiú den chóras sin.
·Rogha 4: Comhdú agus scrúdú láraithe ar iarratais ar SPC, as a dtiocfaidh tuairim cheangailteach. Is ionann sin agus rogha 3, ach bheadh ar oifig paitinní náisiúnta an tuairim a leanúint. Dá bhrí sin, cé gurbh iad na hoifigí náisiúnta fós a dhéanfadh cinntí maidir le cosaint DFC a dheonú, is údarás lárnach a chinnfeadh toradh na gcinntí sin.
·Rogha 5: ‘DFC aonadach’ lena gcomhlánaítear an phaitinn aonadach. Dhéanfadh an t‑údarás lárnach, i dteannta iarratais a scrúdú, ní dá ngairtear ‘DFC aonadach’ a dheonú d’iarratasóirí a shealbhaíonn paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi. Ní bheadh an DFC aonadach bailí ach amháin i gcríocha na dtíortha AE sin (17 díobh faoi láthair) atá rannpháirteach sa chóras um paitinní aonadacha.
Le Rogha 2 go Rogha 5 cheadófaí do thríú páirtithe (e.g. táirgeoirí cineálacha in earnálacha cógaisíochta nó agraiceimiceacha, chomh maith le ceannaitheoirí poiblí in earnáil an chúraim sláinte) tionchar a imirt ar phróiseas scrúdúcháin DFC trí bharúlacha a thabharfaí i scríbhinn.
D’fhéadfaí aon teanga de chuid an Aontais a úsáid chun iarratais agus barúlacha a chomhdú (go leictreonach). Ar an gcuma chéanna, foilseofar toradh an scrúdaithe láraithe SPC i ngach teanga i mbunachar sonraí amháin (roghanna 3 go 5) atá inchuardaithe.
Le linn freagrachtaí DFC a dhílsiú in institiúid, breithníodh na hiarrthóirí seo a leanas: Oifig Eorpach na bPaitinní, Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia.
Na roghanna sin atáthar a mheas, ní thiocfaidís in ionad DFCanna náisiúnta, ach sholáthrófaí leo bealach malartach chun cosaint DFC a fháil ar fud an Aontais.
Teaglaim de rogha 4 agus rogha 5 is ea an rogha thosaíochta.
Leis sin dhéanfaí foráil maidir le nós imeachta láraithe a mbeadh deonú DFCanna náisiúnta mar thoradh air i roinnt de an tíortha AE nó i gcuid de na tíortha AE, agus/nó deonú DFC aonadach (lena gcumhdaítear na tíortha AE sin ina bhfuil éifeacht ag an bpaitinn bhunúsach aonadach).
Moltar gur cheart go dtiocfadh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) chun bheith ina údarás scrúdúcháin lárnach.
|
|
Cé a thacaíonn leis na roghanna éagsúla?
|
|
Leis an teaglaim de roghanna 4 agus 5 measadh go bhfaightear an cur chuige is cothroime agus is comhréirí, agus tuairimí agus ábhair imní na bpáirtithe leasmhara á gcur san áireamh freisin.
Maidir leis na roghanna a leagtar amach sa ghlao ar fhianaise, tugadh tacaíocht fhoriomlán do thionscnamh de chuid an Aontais ina mbeadh teaglaim den DFC aonadach agus nós imeachta deonúcháin láraithe. Ach ba cheart nósanna imeachta náisiúnta a bheith ann fós taobh leo.
Bhí roinnt páirtithe leasmhara den tuairim go bhféadfadh sé nach leor sásra deonúcháin aonair amháin chun dul i ngleic leis na fadhbanna a sainaithníodh. Ina theannta sin, chuir freagróirí i dtábhacht an gá atá ann go mbeadh an córas trédhearcach.
Go háirithe, chuir roinnt páirtithe leasmhara i dtábhacht go raibh gá le córas cothrom agus nár cheart don tionscnamh an chothromaíocht atá ann faoi láthair idir táirgí cineálacha agus tionscnóirí a aistriú.
|
|
C. Tionchair na rogha tosaíochta
|
|
Cad iad na buntáistí a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann dóibh, murab ann, cad iad buntáistí na bpríomhroghanna)?
|
|
Leis an rogha thosaíochta thabharfaí aghaidh ar na 3 fhadhb a sainaithníodh (i.e. costais arda agus ualach ard a bhaineann le cosaint DFC a lorg agus a choinneáil ar bun, éiginnteacht dhlíthiúil agus faireachán anásta ar DFCanna).
Leis an rogha thosaíochta:
i) mhéadófaí ar an intuarthacht agus an deimhneacht dhlíthiúil sa mhargadh aonair i ndáil le cosaint DFC, trí dheireadh a chur leis an bhféidearthacht go mbeadh dibhéirseachtaí ann sna cinntí náisiúnta maidir le cosaint DFC ar fud an Aontais. Bhainfí é sin amach trí chosaint SPC aonadach le haghaidh thíortha an Aontais atá rannpháirteach sa chóras um paitinní aonadacha agus trí thuairim cheangailteach ón údarás scrúdúcháin maidir le bailíocht an DFC i dtíortha neamh-rannpháirteacha an Aontais;
ii) Chuirfí laghdú suntasach a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chosaint SPC ar fud an Aontais agus, dá bhrí sin, chuirfí borradh faoin trédhearcacht, ós rud é go mbeadh an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí trí phointe rochtana aonair (suíomh gréasáin ag a bhfuil feidhmeanna cuardaigh).
iii) Chuirfí laghdú suntasach ar an gcostas agus ar an ualach a bhaineann le cosaint DFC a lorg san Aontas, ó tharla go simpleodh sé an nós imeachta DFC agus go laghdódh sé an costas reatha a ghintear trí suas le 27 nós imeachta náisiúnta DFC a sheoladh.
Mar shampla, maidir le DFC 5 bliana lena dtugtar cosaint ar fud an Aontais, chosnódh sé méid a bheadh 55 % níos lú ná an méid le haghaidh an cháis bunlíne, rud a d’fhágfadh go nginfí coigiltis thart ar EUR 137 000 in aghaidh an iarratasóra.
Thiocfadh an chuid is mó den choigilteas as an DFC aonadach, de bharr nach mbeadh ar ghnólachtaí táillí athnuachana a íoc in aghaidh na bliana as cosaint aonadach phaitinne i ngach ceann de na Ballstáit rannpháirteacha (17 mBallstát faoi láthair).
Ina theannta sin, ach deis a thabhairt do ghníomhaire/aturnae paitinne aonair iarratas aonair DFC a chomhdú agus a ionchúiseamh chruthófaí coigilteas freisin, agus é sin i gcomparáid leis an ngá atá ann faoi láthair go bhféadfadh sé go mbeadh ar suas le 27 ngníomhaire/aturnae paitinne a bheith páirteach.
Tábla 1. Costas agus coigilteas le haghaidh iarratasóirí as cosaint DFC 5 bliana ar fud AE27 a fháil (roghanna 4+ 5)
|
|
EUR in aghaidh an iarratasóra
|
Coigilteas i gcomparáid leis an mbonnlíne
|
|
Táillí comhdaithe
|
38 800
|
-30 000
|
|
Táillí cothabhála le haghaidh 5 bliana
|
71 900
|
111 100
|
|
Costais aistriúcháin
|
0
|
4 000
|
|
Táillí gníomhaire/aturnae
|
2 000
|
52 000
|
|
Iomlán
|
112 700
|
137 100
|
Foinse: Meastacháin inmheánacha, uimhreacha slánaithe go 100í.
|
|
Cad iad na costais a bhaineann leis an rogha thosaíochta (más ann dóibh, murab ann, cad iad costais na bpríomhroghanna)?
|
|
D’fhéadfaí a mhaíomh go bhféadfadh córas DFC níos éifeachtúla agus níos comhleanúnaí, go hindíreach, dochar a dhéanamh don rochtain ar tháirgí coibhéiseacha cineálacha nó bithshamhlacha nach bhfuil chomh costasach céanna. Ar bhonn shonraí stairiúla, d’fhéadfadh an caiteachas breise measta ar chórais cúraim sláinte le linn na tréimhse breise cosanta a bheith chomh hard le 0,48 % sa Laitvia, agus diomaibhseach i gcás go leor tíortha eile (e.g. Lucsamburg, an Bheilg, agus an Iodáil).
Meastar go bhféadfadh an t‑ioncam a chaillfeadh na hoifig paitinní náisiúnta ó tháillí iarratais agus cothabhála (ós rud é nach gcuirfear isteach roinnt DFC anna tríd an mbealach náisiúnta a thuilleadh) a bheith suas le 0,4 % dá mbuiséid – ach go bhféadfadh sé go dtiocfadh laghdú ar a gcostais oibriúcháin freisin.
D’fhéadfadh sé go dtiocfadh laghdú thart ar EUR 2 000 in aghaidh an cháis ar ioncam aturnaetha a dhéanann ionadaíocht ar chliaint os comhair oifigí paitinne náisiúnta, agus bheadh an caillteanas foriomlán ag brath ar líon na dtíortha AE ina roghnaítear an DFC láraithe in ionad an bhealaigh náisiúnta.
|
|
Conas a dhéanfar difear do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhicrifhiontair?
|
|
Meastar go mbainfidh gnólachtaí beaga agus meánmhéide tairbhe as táillí iarratais agus cothabhála SPC níos ísle (suas le 55 % níos saoire), rud a chruthódh, i dteannta coigilteas eile (aturnaetha, aistriúcháin, srl.), laghdú thart ar EUR 137 000 in aghaidh an iarratasóra i gcás táirge ar leith.
Ba cheart go mbainfeadh gnólachtaí cineálacha agus bithshamhlacha níos lú tairbhe freisin as rochtain níos éasca ar fhaisnéis DFC, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí faireachán níos fearr a dhéanamh ar an margadh agus pleanáil ghnó níos fearr a dhéanamh (meastar go mbeidh tionchar acu ar thart ar 300 gnólacht in aghaidh na bliana, agus go mbeidh coigilteas suas le EUR 40 000 ann in aghaidh an ghnólachta).
|
|
An mbeidh tionchar suntasach ar bhuiséid náisiúnta agus ar riaracháin náisiúnta?
|
|
I gcás thíortha an Aontais atá rannpháirteach sa chóras um paitinní aonadacha seachas – Málta (níl sonraí ar fáil) – bheadh EUR 37 milliún in aghaidh na bliana i gceist le caiteachas breise iomlán an bhuiséid sláinte.
Dá ndéanfadh cuideachtaí nuálacha an costas thuas ar bhuiséid cúraim sláinte phoiblí a athinfheistiú in T&F, bheadh toradh neodrach ó thaobh costais de mar thoradh ar an rogha sin.
Maidir leis na caillteanais ioncaim a d’fhéadfadh a bheith ag oifigí paitinne náisiúnta (íosmhéid EUR 0,5 milliún in aghaidh na tíre AE), is atoradh iad ar choigilteas na n‑iarratasóirí, tá siad ag brath ar an éileamh ar an SPC aonadach/láraithe agus déanfar iad a chúiteamh den chuid is mó tríd an ualach oibre a laghdú.
|
|
An mbeidh tionchair shuntasacha eile ann?
|
|
Níltear ag súil le haon tionchar suntasach eile.
|
|
D. Obair leantach
|
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
|
Ba cheart an chéad tuarascáil mheastóireachta a bheith críochnaithe 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an chéad DFC arna dheonú tríd an nós imeachta lárnach nua.
|