An Bhruiséil,7.12.2023

COM(2023) 770 final

2023/0448(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2023) 397 final} - {SWD(2023) 399 final} - {SWD(2023) 401 final} - {SWD(2023) 402 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Cúiseanna

I gcomhthéacs na Straitéise ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ 1 , d’fhógair an Coimisiún go bhfuil rún aige reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe a athbhreithniú, lena n‑áirítear leas ainmhithe le linn iompair. Is cuid de chlár oibre an Choimisiúin do 2023 é an tathbhreithniú sin 2 . Tá reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe á forbairt ó bhí 1974 ann, agus é de chuspóir aici feabhas a chur ar leas ainmhithe agus feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Ba thiar in 2004 a glacadh an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair (Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 3 , ‘an Rialachán Iompair’).

Rinne an Coimisiún Seiceáil Oiriúnachta ar reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe 4 , a tugadh chun críche in 2022. Léiríodh leis sin nach dtugtar léiriú sa rialáil atá i bhfeidhm faoi láthair ar na deiseanna a sholáthraíonn forbairtí móra eolaíocha agus teicneolaíocha, ar athruithe ar thosaíochtaí na sochaí ná ar dhúshláin inbhuanaitheachta atá ag méadú. Ina theannta sin, is deacair na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, agus dá dheasca sin is ilroinnte fo‑optamach an leibhéal leasa ainmhithe atá ann le linn iompair agus tá éagothroime iomaíochta i margadh inmheánach an Aontais. Sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún ar Straitéis an Aontais um leas ainmhithe (2012‑2015) 5 suíodh freisin gur ann fós do roinnt rioscaí comhlíontachta a bhaineann le hiompar ainmhithe.

Cuireadh i dtábhacht go comhsheasmhach i roinnt Conclúidí ón gComhairle an gá atá le caighdeáin leasa ainmhithe níos airde i gcás ina mbogtar ainmhithe i gcomhthéacs gníomhaíochta eacnamaíche 6 . Go sonrach, cuirtear i dtábhacht sna Conclúidí maidir le leas ainmhithe 7 an 16 Nollaig 2019 gur cheart leas ainmhithe a áirithiú le linn cianiompar idirnáisiúnta ainmhithe beo, lena n‑áirítear chuig tríú tíortha.

Sa Rún uaithi maidir leis an Straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ 8 , chuir Parlaimint na hEorpa i dtábhacht a thábhachtaí atá sé go gcuirfear san áireamh an dul chun cinn is déanaí san eolaíocht leasa ainmhithe agus a bheith ag freagairt d’éilimh an phobail agus d’éilimh pholaitiúla agus éilimh an mhargaidh le haghaidh caighdeáin leasa ainmhithe níos airde’. Thairis sin, in 2022, de bhun na tuarascála a rinne Coiste Fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa um Chosaint Ainmhithe agus iad á nIompar (coiste ANIT), ghlac Parlaimint na hEorpa a mholadh maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair lena ngabhann moltaí i dtaobh an Rialachán Iompair a athbhreithniú 9

Sa Tuarascáil speisialta uaithi ó 2018 10 , shuigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) go bhfuil laigí le linn iompair fós ann. I mí Eanáir 2023 d’fhoilsigh CIE Athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair 11 inar cuireadh ábhair imní chomhchosúla in iúl.

Cuspóirí

Féachann an t‑athbhreithniú le rannchuidiú le táirgeadh inbhuanaithe talmhaíochta agus bia trí leibhéal leasa ainmhithe níos airde a áirithiú agus saobhadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint, rud a rannchuideoidh dá réir sin le haistriú i dtreo córas bia a bheidh inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, an chomhshaoil agus na sochaí de, mar a leagtar amach sa Straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’. Ar an gcúis sin, leis an togra seo tugtar isteach bearta a bhfuil fabhar acu le hainmhithe a mharú go háitiúil, lena gcuirtear dá réir sin iompar conablach agus feola in ionad iompar ainmhithe beo. Agus sin á dhéanamh, cuideoidh na bearta sin le prionsabal na slabhraí soláthair gairide a neartú agus ainmhithe a chosaint an tráth céanna trí chosc a chur ar thurais fhada iompair chun a maraithe.

Ba cheart iompar chun críoch seachas marú a bheith teoranta freisin agus rún ann go gcuirfear iompar suthanna, seamhain agus a gcomhchosúlacht ina ionad a mhéid is féidir faoi dheireadh, rud atá i bhfad níos éifeachtaí i dtéarmaí an lín ainmhithe a iompraítear, agus atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus nach gcruthaíonn an oiread céanna costas.

Is iad seo a leanas cuspóirí ginearálta an togra:

rannchuidiú le táirgeadh inbhuanaithe talmhaíochta agus bia;

leibhéal leasa ainmhithe níos airde a áirithiú;

ceanglais leasa ainmhithe a thabhairt níos gaire don fhianaise eolaíoch is déanaí;

aghaidh a thabhairt ar éilimh na sochaí;

rialacha a dhéanamh níos éasca a fhorfheidhmiú (lena n‑áirítear tríd an digitiú);

feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, i gcás ainmhithe saothraithe agus ainmhithe a iompraítear chun críoch eacnamaíoch eile araon.

Go sonrach, is iad seo a leanas, i measc nithe eile, cuspóirí sonracha an athbhreithnithe seo:

laghdú a dhéanamh ar fhadhbanna leasa ainmhithe a bhaineann le turais fhada agus leis an luchtú agus díluchtú atriallach a bhaineann le roinnt tréimhsí sosa;

a áirithiú go mbeidh níos mó spáis ag ainmhithe nuair a iompraítear iad;

feabhas a chur ar dhálaí iompair ainmhithe leochaileacha;

nochtadh ainmhithe do theochtaí foircneacha a sheachaint;

forfheidhmiú rialacha an Aontais maidir le cosaint ainmhithe a éascú, lena n‑áirítear tríd an digitiú;

ainmhithe a onnmhairítear chuig tríú tíortha a chosaint níos fearr;

cait agus madraí a iompraítear i gceangal le gníomhaíocht eacnamaíoch a chosaint níos fearr.

Glactar an togra reachtach an tráth céanna le togra reachtach maidir le leas madraí agus cat agus lena n‑inrianaitheacht. Tá an dá thogra comhleanúnach le chéile.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra comhsheasmhach le rialacha an Aontais maidir le rialuithe oifigiúla sa slabhra agraibhia 12 . Tá an togra comhleanúnach freisin leis an togra ón gCoimisiún maidir le rialacha a leagan síos i ndáil le leas madraí agus cat a phóraítear agus a choimeádtar i mbunaíochtaí agus feabhas a chur ar inrianaitheacht madraí agus cat a chuirtear ar an margadh agus a sholáthraítear san Aontas.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na Straitéise ‘ón bhfeirm go dtí an forc’.

Tá sé beartaithe leis an togra seo go n‑oibreoidh sé go sineirgíoch le tionscnaimh agus beartais eile de chuid an Aontais a dhéanann difear d’ainmhithe beo agus don iompar araon, go háirithe beartas sláinte ainmhithe an Aontais 13 , rialacha an Aontais maidir le hamanna tiomána agus tréimhsí scíthe agus sosa do thiománaithe leoraí 14 , agus rialacha maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch 15 .

Tá ról ag beartas trádála an Aontais freisin chun caighdeáin leasa níos airde a chur chun cinn. Sa togra áirítear forálacha nua agus forálacha níos soiléire i ndáil leis na rialacha leasa ainmhithe is infheidhme maidir le hainmhithe beo a iompar ó thríú tír isteach san Aontas, chomh maith le forálacha i ndáil leis na rialacha leasa ainmhithe is infheidhme maidir le hainmhithe beo a iompar ón Aontas chuig tríú tír cinn scríbe. Sa dá chás (allmhairí agus onnmhairí), tá ar oibreoirí a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha an Aontais maidir le leas ainmhithe ón bpointe imeachta go dtí an ceann scríbe. Déantar foráil sa dá chás maidir le hidirthréimhse 5 bliana sa chaoi go mbeidh oibreoirí in ann iad féin a oiriúnú.

Ar deireadh, tá feidhm ag rialacha cosanta sonraí (go háirithe an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) maidir leis na forálacha i ndáil le rianú fíor‑ama feithiclí.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra ós gá bacainní roimh iompar ainmhithe beo a dhéanann difear don mhargadh inmheánach i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a dhíchur chun feidhmiú rianúil eagraíochtaí margaidh in ainmhithe agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a áirithiú, agus ardleibhéal cosanta leasa ainmhithe a áirithiú an tráth céanna.

Tá an togra bunaithe freisin ar Airteagal 114 CFAE ós rud é go bhféachann an togra le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú freisin, ní hamháin i gcás ainmhithe a chumhdaítear faoi CBT ach i gcás ainmhithe eile chomh maith céanna, amhail cait agus madraí, ainmhithe fionnaidh, cineálacha áirithe ainmhithe fiáine, agus ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch, agus dá réir sin téann sé níos faide ná an táirgeadh talmhaíochta agus bia.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Is minic a iompraítear ainmhithe thar theorainneacha agus iompraítear 1,4 billiún ainmhí talún gach bliain idir na Ballstáit. Na fadhbanna leasa ainmhithe a sainaithníodh, lena n‑áirítear na cúiseanna is bonn leo, tarlaíonn siad ar fud an Aontais, cé gur ar leibhéil éagsúla sna Ballstáit éagsúla a tharlaíonn siad. Ar deireadh, tá iarmhairtí trasteorann ag na fadhbanna leasa ainmhithe sainaitheanta lena n‑áirítear bagairtí don tsláinte phoiblí, amhail frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach. Go deimhin, mar a shuigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) 16 , méadaíonn iompar ainmhithe an riosca go dtarchuirfear baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (i ngeall ar roinnt tosca riosca, amhail teagmháil idir ainmhithe, fad an iompair, tarchur aeriompartha san fheithicil, dálaí comhshaoil díobhálacha amhail teocht). An méadú sin ar leathadh na frithsheasmhachta frithmhiocróbaí (FSFM) i measc ainmhithe, tá iarmhairtí indíreacha aige sin ar FSFM a dhéanann difear do dhaoine.

Níl coinne leis go mbeidh feabhas suntasach ar leas ainmhithe mar thoradh ar ghníomhaíocht arna déanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ní bheifí in ann freastal ar ábhair imní na saoránach ach go páirteach leis an ngníomhaíocht sin. Cé go rialáiltear an réimse cheana féin le Rialachán 1/2005, agus go gcuirtear teorainn dá réir sin le cumas na mBallstát rialacha náisiúnta a ghlacadh, tá difríochtaí tábhachtacha idir príomhghnéithe de rialacha náisiúnta fós ann (e.g. coinníollacha maidir le hainmhithe leochaileacha a iompar laistigh de Bhallstát, ceanglais maidir le hainmhithe a onnmhairiú, ceanglais maidir le hainmhithe a iompar ar muir), rud a dhéanann difear diúltach d’fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus don chothroime iomaíochta idir oibreoirí. Dá leanfaí de ghníomhaíocht a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, dhéanfaí tuilleadh ilroinnte ar cheanglais agus thiocfadh méadú ar dhifríochtaí sna leibhéil leasa ainmhithe idir na Ballstáit. Déanann na Ballstáit forálacha áirithe a chur i bhfeidhm agus rialacha a fhorfheidhmiú ar bhealaí éagsúla freisin, rud a chruthaíonn constaicí roimh fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Ina theannta sin, ní féidir rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm maidir le hiompar trasteorann ó Bhallstáit eile agus, dá bhrí sin, tá gluaiseachtaí trasteorann ina gcúis le caighdeáin níos ísle leasa ainmhithe.

Is gá cur chuige comhchuibhithe a ghlacadh i leith ceanglais leasa ainmhithe atá nasctha leis an iompar ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, agus is féidir iad a rialáil go héifeachtach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh dá réir. Agus tacar aonfhoirmeach rialacha ann, beidh ceanglais aonfhoirmeacha níos soiléire ann maidir le hiompar ainmhithe agus bainfear úsáid níos fearr as na teicneolaíochtaí atá ar fáil mar thoradh ar an togra seo. Leis an athbhreithniú, dá réir sin, áiritheofar cothroime iomaíochta d’oibreoirí laistigh den mhargadh inmheánach, éascófar trádáil ainmhithe laistigh den Aontas agus soláthrófar formhaoirseacht rialála níos éifeachtúla.

I bhfianaise na n‑eilimintí sin, tá údar le gníomhaíocht an Aontais: dhéanfaí cur chuige comhsheasmhach a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ná a dhéanfadh na Ballstáit agus iad ag gníomhú ina n‑aonar agus go neamhspleách.

Comhréireacht

Leis na bearta atá beartaithe, féachtar le cothromaíocht a bhaint amach idir ardleibhéal leasa ainmhithe agus an tionchar ar na hoibreoirí lena mbaineann. Áirithíonn coinníollacha breise maidir le hainmhithe a onnmhairiú chuig tríú tíortha go gcomhlíonfar forálacha an Rialacháin seo go dtí an ceann scríbe sa tríú tír, agus códaítear cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina leith sin dá réir. Ó tharla go mbeadh éifeachtaí dochracha ar an earnáil ag an rogha mhalartach, is é sin go gcuirfí toirmeasc ar ainmhithe beo a onnmhairiú chuig tíortha lasmuigh den Aontas, tá sé d’aidhm ag na coinníollacha onnmhairiúcháin níos déine feabhas a chur ar a leas agus indéantacht eacnamaíoch oibríochtaí a choinneáil ar bun an tráth céanna. Ar an gcaoi chéanna, tá bearta maidir le huasfhaid ama turas ceaptha gan difear a dhéanamh d’fhormhór na ngníomhaíochtaí iompair.

Le bearta maolaithe comhréireacha atá le cur i bhfeidhm i gcás ina mbeidh ainmhithe á n‑iompar le linn teochtaí arda nó ísle, beifear in ann na hainmhithe a iompar gan dochar a dhéanamh dá leas.

Déantar foráil leis an togra seo maidir le hidirthréimhsí chun deis a thabhairt do ghníomhaithe oiriúnú de réir a chéile. I gcás na rialacha nua maidir le uasfhaid ama turas, lena n‑áirítear uasfhaid ama turas i gcás laonna nach bhfuil bainte den diúl, lamháltais spáis, onnmhairí, allmhairí, aois íosta agus meáchan íosta laonna nach bhfuil bainte den diúl, agus rianú fíor‑ama, is í 5 bliana an idirthréimhse a shocraítear. I gcás na rialacha nua maidir le cait agus madraí a iompar, is í 3 bliana an idirthréimhse a shocraítear.

An rogha ionstraime

Ós i Rialachán a leagtar síos na forálacha atá i bhfeidhm faoi láthair, Rialachán is ea an ionstraim iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an leasú seo.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post /seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Bhí reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe faoi réir Seiceáil Oiriúnachta, lena n‑áirítear maidir le hiompar ainmhithe beo.

Suíodh leis an tSeiceáil Oiriúnachta go bhfuil an leibhéal leasa ainmhithe san Aontas fo‑optamach, agus go bhfuil saobhadh áirithe sa mhargadh inmheánach d’fheirmeoirí agus d’oibreoirí gnólachtaí bia eile. Tá dúshláin ann fós atá bainteach le turais fhada, iompar i dteochtaí foircneacha agus iompar ainmhithe leochaileacha, amhail laonna nach bhfuil bainte den diúl agus ainmhithe torracha. Ina theannta sin, baineann deacrachtaí praiticiúla leis na faid ama turas speiceas-oiriúnaithe d’ainmhithe sa Rialachán Iompair agus leis na hamanna tiomána faoi Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 maidir le rialacha sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar ar bóthar 17 . Thairis sin, ní thugann na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair aghaidh go cuí ar fhorbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha ná ar dhúshláin inbhuanaitheachta amach anseo.

I mí na Bealtaine 2022 thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach uaidh maidir leis an tSeiceáil Oiriúnachta, tuairim lenar ghabh moltaí áirithe.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Forléargas ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin

D’fhoilsigh an Coimisiún Measúnú ar Thionchar Tionscanta 18 i mí Iúil 2021 inar cuireadh i láthair na roghanna beartais a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu sa mheasúnú tionchair. Tar éis anailís a dhéanamh ar na 983 aighneacht a fuarthas, sainaithníodh ceithre fheachtas agus measadh 525 aighneacht aonair a bheith ábhartha do chosaint ainmhithe le linn iompair.

Fuarthas beagnach 60 000 freagra ó Chomhairliúchán Poiblí 19 a reáchtáladh ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go mí Eanáir 2022 maidir le hoiriúnacht na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair agus conas a d’fhéadfaí feabhas a chur orthu.

Ina theannta sin, d’eagraigh an Coimisiún comhdháil aon lae do pháirtithe leasmhara 20 maidir le leas ainmhithe an 9 Nollaig 2021 ina raibh beagnach 500 rannpháirtí.

Leis an Measúnú ar Thionchar Tionscanta, leis an gcomhairliúchán poiblí agus leis an gcomhdháil do pháirtithe leasmhara, cumhdaíodh gnéithe éagsúla den athbhreithniú leanúnach ar reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le leas ainmhithe le linn iompair.

Sa staidéar seachtrach a thacaíonn leis an measúnú tionchair, rinneadh gníomhaíochtaí comhairliúcháin spriocdhírithe, lena n‑áirítear 9 n‑agallamh thaiscéalaíocha, suirbhé spriocdhírithe ina ndearnadh anailís ar 68 bhfreagra, 43 agallamh le haghaidh cás‑staidéar agus tuilleadh ionchuir trí dhá ghrúpa fócais agus ceardlann amháin.

Ar deireadh, agus faoi chuimsiú Ardán an Aontais Eorpaigh maidir le Leas Ainmhithe, cruthaíodh foghrúpa um iompar ainmhithe ina bhfuil saineolaithe ó na Ballstáit, eagraíochtaí gnó, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus saineolaí neamhspleách amháin. D’eagraigh an Coimisiún 10 gcruinniú chun plé a dhéanamh ar na príomhroghanna beartais atá á mbreithniú le haghaidh an togra, a bhfuil a miontuairiscí foilsithe ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Tríú tíortha a bhfuil taithí acu ar bheostoc a iompar, rannchuidigh siad leis na comhairliúcháin sin.

Príomhthorthaí ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin

Saoránaigh

Tacaíonn saoránaigh le faid ama turas a theorannú agus toirmeasc a chur ar onnmhairí chuig tríú tíortha, go háirithe má bheartaítear na hainmhithe a mharú. Maidir le hainmhithe leochaileacha, go háirithe na cinn nach bhfuil bainte den diúl, b’fhearr le saoránaigh toirmeasc a chur ar a n‑iompar.

Tacaíonn saoránaigh le ceanglais atá sonrach do speiceas freisin.

Eagraíocht neamhrialtasach leasa ainmhithe

Ar an gcaoi chéanna, ba mhaith le heagraíochtaí leasa ainmhithe dá gcuirfí teorainn le faid ama turas agus toirmeasc ar onnmhairí chuig tríú tíortha. Ba mhaith le roinnt eagraíochtaí go gcuirfí toirmeasc ar an iompar tríd síos. Dar leosan, níor cheart ainmhithe leochaileacha a iompar.

I gcás catagóirí eile ainmhithe, tacaíonn siad le ceanglais atá sonrach do speiceas agus le huasghrádú ar úsáid modhanna teicneolaíochta chun forfheidhmiú níos fearr a bhaint amach. Tá comhchuibhiú pionós ó eagraíochtaí leasa ainmhithe freisin.

Oibreoirí gnólachtaí

Is iad oibreoirí gnólachtaí (go háirithe táirgeoirí) is lú a thacaíonn le faid ama turas a theorannú. Tá an chuid is mó d’oibreoirí gnólachtaí i bhfabhar ceanglas atá sonrach do speiceas seachas toirmeasc ar chatagóirí áirithe ainmhithe a iompar.

Cuireann oibreoirí i dtábhacht go bhfuil forfheidhmiú níos fearr ag teastáil seachas rialacha nua agus tacaíonn siad le húsáid teicneolaíochtaí nua chun na críche sin.

Údaráis náisiúnta

Go ginearálta, níl údaráis náisiúnta i bhfabhar toirmeasc iomlán a chur ar onnmhairí ainmhithe beo, ach tacaítear go forleathan le bearta níos déine a thabhairt isteach maidir le hainmhithe nach bhfuil bainte den diúl agus ainmhithe leochaileacha eile, chomh maith le huasfhaid ama turas a thabhairt isteach.

Maidir le teicneolaíochtaí nua, thacaigh údaráis náisiúnta go ginearálta le feidhmchlár digiteach a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun costais riaracháin a laghdú agus malartú faisnéise idir na Ballstáit a éascú.

Machnamh an Choimisiúin ar thorthaí

Úsáideadh na torthaí ó na gníomhaíochtaí comhairliúcháin chun bonn eolais a chur faoi na dúshláin a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair, agus chun bonn eolais a chur faoi na roghanna beartais agus measúnú a dhéanamh ar a dtionchair, a mhéid a bhaineann leis an tionchar ar oibreoirí nó a mhéid a thabharfaí aghaidh ar ábhair imní saoránach mar shampla.

Rannchuidigh an fhianaise a bailíodh ó pháirtithe leasmhara le sainmhíniú a dhéanamh ar na hidirthréimhsí agus le comhréireacht na mbeart a áirithiú.

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

An mhodheolaíocht a úsáideadh

Chuaigh an Coimisiún ar lorg saineolais ó EFSA, a d’eisigh cúig thuairim eolaíocha in 2022 (féach aithris 4 den togra) maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair i dtaca le heachainmhithe, bó‑ainmhithe, athchogantaigh bheaga, muca, éin chlóis agus coiníní.

Sa togra, féachadh freisin ar chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le cosaint ainmhithe le linn iompar ar muir, iompar ar bóthar agus aeriompair a ghlac an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe 21 .

Úsáideadh na tuarascálacha iniúchóireachta ábhartha uile a rinne ranna an Choimisiúin chomh maith le foinsí staidrimh nó bunachair sonraí ábhartha (Eurostat, an Córas um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES), etc.).

Rinneadh staidéar seachtrach 22 lena dtacaítear leis an measúnú tionchair a ghabhann leis an athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe le linn iompair. Leis an staidéar, bailíodh faisnéis agus sonraí maidir le tionchair agus costais do pháirtithe leasmhara as na bearta agus na roghanna a moladh ar dtús.

Ina theannta sin, rinneadh staidéar 23 ar an measúnú ar thionchair charnacha an dá phacáiste beart agus roghanna atá beartaithe. Cuirtear i láthair sa staidéar sin na torthaí ar anailís (a rinne saineolaí seachtrach) ar an slabhra soláthair agus samhaltú (a rinne Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin) ar thionchair athruithe ar chostais táirgthe, mar a shainaithnítear san anailís sin ar an slabhra soláthair, ar leibhéil táirgthe, praghsanna do thomhaltóirí, onnmhairí agus allmhairí. Tá measúnú sa staidéar ar thionchair an dá phacáiste maidir le slándáil bia agus inacmhainneacht bia (a rinne Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin).

Ina theannta sin, breithníodh na staidéir ó dhá thionscadal phíolótacha, a choimisiúnaigh an Coimisiún arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, maidir le hiompar laonna déiríochta nach bhfuil bainte den diúl 24 agus ba déiríochta ag deireadh a ngairme 25 . Chomh maith leis sin, breithníodh an tathbhreithniú a rinne an Chúirt Iniúchóirí 26 ar iompar ainmhithe beo san Aontas.

Ar deireadh, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle in 2022 agus 2023 leis an bhfoghrúpa um iompar faoi Ardán an Aontais Eorpaigh maidir le Leas Ainmhithe. Reáchtáil an Coimisiún roinnt cruinnithe comhairleacha freisin le páirtithe leasmhara éagsúla dá ndéanann an t‑athbhreithniú difear.

Achoimre ar chomhairle a fuarthas agus a úsáideadh

Cuireadh moltaí EFSA san áireamh sa togra, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:

faid ama turas a theorannú,

lamháltais spáis a mhéadú,

uasteochtaí criticiúla le linn iompair a leagan síos.

Modhnaíodh na moltaí sa togra chun indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch na n‑athruithe atá beartaithe a áirithiú.

Trí thuarascálacha iniúchóireachta agus comhairliúcháin le Pointí Teagmhála Náisiúnta um iompar ainmhithe soláthraíodh faisnéis agus dea‑chleachtas.

Modhanna a úsáideadh chun comhairle na saineolaithe a phoibliú

Tuairimí EFSA, moltaí idirnáisiúnta, tuarascálacha iniúchóireachta agus miontuairiscí an phlé le Pointí Teagmhála Náisiúnta agus leis an bhfoghrúpa um iompar ar an Ardán maidir le Leas Ainmhithe, tá siad uile ar fáil go poiblí ar an idirlíon. Rinne an Coimisiún Eorpach an dá staidéar sheachtracha a thacaíonn leis an measúnú tionchair a fhoilsiú freisin.

Measúnú tionchair

Tugann an measúnú tionchair aghaidh ar shé bheart: faid ama turas agus lamháltas spáis, onnmhairí chuig tríú tíortha, iompar ainmhithe leochaileacha, iompar i dteochtaí arda, teicneolaíochtaí nua chun faireachán agus rialuithe a dhéanamh, agus iompar cat agus madraí.

Sásaíonn na bearta an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ toisc nach n‑imreodh cur chun feidhme na mbeart uile a roghnaíodh (faid ama turas a theorannú ach lamháltas spáis a mhéadú le haghaidh ainmhithe laistigh de leoraithe) ach tionchar diomaibhseach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT).

Ina theannta sin, comhlíonann an togra an prionsabal ‘digiteach mar réamhshocrú’ toisc go mbeartaítear leis digitiú a dhéanamh ar dheimhnithe agus údaruithe a láimhseáiltear ar páipéar faoin Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair.

Uasfhaid ama turas agus lamháltais spáis le linn iompair

Is iad na roghanna a bhfuil measúnú déanta orthu sa mheasúnú tionchair:

1.uasfhaid ama turas 12 uair an chloig i gcás gach ainmhí, agus athbhreithniú ar rialacha maidir le lamháltas spáis i gcomhréir le EFSA, nó

2.uasfhaid ama turas 9 n‑uair an chloig i gcás ainmhithe a bhfuiltear lena marú, agus 21 uair an chloig (lena ngabhann íostréimhse sosa 1 uair an chloig tar éis 10 n‑uair an chloig) + tréimhse sosa 24 uair an chloig i gcás ina ndíluchtófar iad + 21 uair an chloig (lena ngabhann íostréimhse sosa 1 uair an chloig tar éis 10 n‑uair an chloig) i gcás ainmhithe eile, agus athbhreithniú ar rialacha maidir le lamháltas spáis i gcomhréir le EFSA.

Tagtar ar an gconclúid sa mheasúnú tionchair gurb í an dara rogha an rogha ab fhearr. Is maith mar atá an rogha sin agus rialacha an Aontais maidir le cearta sóisialta tiománaithe in alt a chéile 27 . Léirítear sa togra seo an rogha beartais ab fhearr sin, lena ndéantar foráil maidir le hidirthréimhse 5 bliana le haghaidh na mbeart sin.

Imreoidh an teorannú ar fhaid ama turas tionchar mór dearfach ar leas ainmhithe, idir ainmhithe a iompraítear lena marú agus a iompraítear ar chúiseanna eile araon. Is amhlaidh sin ní hamháin i ngeall ar an teorainn a chuirtear le fad ama an turais, ach i ngeall ar an teorainn a chuirtear lena mhinice a dhíluchtaítear agus a athluchtaítear freisin, rud atá bainteach le strus agus fadhbanna leasa (cé nach bhfuil aon teorainn inniu leis an líon díluchtuithe chun go bhfaighfear sos 24 uair an chloig, leis na rialacha nua ní cheadófar díluchtú i gcás ainmhithe a bhfuiltear lena marú ná ní cheadófar ach tréimhse sosa amháin den sórt sin i gcás ina ndíluchtófar ainmhithe a iompraítear chun críoch eile). Gach bliain, déantar 2,6 milliún ainmhí a iompar ar feadh tréimhse is faide ná 9 n‑uair an chloig lena marú, agus iompraítear 1 mhilliún díobh ar feadh tréimhse is faide ná 42 uair an chloig ar thurais de chineálacha eile idir na Ballstáit.

A mhéid a bhaineann le hainmhithe a iompraítear lena marú, níl coinne leis go mbeidh mórthionchair eacnamaíocha ag an rogha ó tharla go ndéantar líon réasúnta íseal turas is faide ama ná 9 n‑uair an chloig san Aontas (idir 0,3 % agus 3,4 % d’ainmhithe a iompraítear lena marú ó Bhallstát go chéile, ag brath ar an speiceas).

Laistigh den Aontas, d’imreodh na faid ama turas atá beartaithe i gcás ainmhithe a iompraítear lena ramhrú agus lena dtáirgeadh tionchar ar 1,4 % de bhó‑ainmhithe agus 0,2 % de mhuca. Na faid ama turas atá beartaithe i gcás ainmhithe a iompraítear lena bpórú, d’imreoidís tionchar ar idir 9 % agus 16 % de na ba, na gabhair, na muca agus na caoirigh a aistrítear idir na Ballstáit. Tá coinne leis dá bhrí sin gur teoranta na tionchair eacnamaíocha a bheidh aige sin ar oibreoirí.

In éineacht le lamháltais spáis mhéadaithe i leoraithe, atá ailínithe le tuairim EFSA, tá coinne leis go mbeidh tairbhithe móra leasa ainmhithe ann, agus go mbeidh costais bhreise ann d’iompróirí i ngeall ar an ngá le leoraithe breise a cheannach, ó tharla go bhfuil coinne leis go dtiocfaidh méadú ar an líon uaireanta iompair agus ar chostais iompair mar thoradh air.

Ar leibhéal an Aontais, tá glanchostais chomhiomlánaithe bhliantúla éagsúla ann ag brath ar na speicis ainmhithe agus na catagóirí ainmhithe a iompraítear, ó EUR 35 mhilliún chun béaróga a iompar go EUR 1 069 milliún chun eallach mairteola a iompar. Baineann tromlach na gcostas sin le lamháltas spáis mhéadaithe, agus tá ar iompróirí iad a íoc. Tá na sonraí comhiomlánaithe sin nasctha leis na cainníochtaí móra bia de bhunadh ainmhíoch a tháirgtear san Aontas (agus dá réir sin leis an líon mór ainmhithe a iompraítear). Ar an meán, comhfhreagraíonn sé do mhéadú 1,4 cent euro de chostais táirgthe in aghaidh an chileagraim feola, bainne nó uibheacha a tháirgtear. An tionchar ar phraghsanna do thomhaltóirí, mar a thuairiscítear thíos faoin ‘measúnú foriomlán’, comhfhreagraíonn sé d’fheabhsú ar dhálaí leasa ainmhithe le linn iompair, lena bhfreagraítear go mór don iarraidh ó shaoránaigh den Aontas, mar a léiríonn torthaí Eorabharaiméadar 2023 inar iarr 83 % díobh go gcuirfí feabhas ar na dálaí sin.

I dtéarmaí tionchair shóisialta, bheadh gá le níos mó tiománaithe de thoradh an mhéadaithe ar an líon turas iompair is gá a dhéanamh. I dtéarmaí tionchar comhshaoil, cé go laghdaítear astaíochtaí de bharr an laghdaithe ar fhaid ama turas, méadaítear astaíochtaí de thoradh an mhéadaithe ar lamháltas spáis. Léiríonn an measúnú tionchair gurb í éifeacht chomhcheangailte na mbeart sin go dtiocfaidh méadú imeallach ar astaíochtaí.

Ainmhithe beo a onnmhairiú

Is iad na roghanna a bhfuil measúnú déanta orthu sa mheasúnú tionchair:

1.toirmeasc ar onnmhairí athchogantach; nó

2.rialacha nua treisithe maidir le hallmhairiú, lena n‑áirítear rialacha chun a áirithiú go gcuirfear bearta maidir le faid ama turas agus lamháltas spáis i bhfeidhm go dtí an ceann scríbe, go mbeidh oifigeach leasa ainmhithe ar bord soithí, agus lena gceanglaítear go mbeidh bratach bhán nó liath ar crochadh ag soithí faoi rialacha sábháilteachta muirí.

Tagtar ar an gconclúid sa mheasúnú tionchair gurb í an dara rogha an rogha ab fhearr. Léiríonn an togra seo an rogha beartais ab fhearr sin, lena ndéantar foráil maidir le hidirthréimhse 5 bliana le haghaidh na mbeart sin.

Dá ndéanfaí onnmhairí faoi choinníollacha níos déine (lena n‑áirítear rialacha maidir le huasfhaid ama turas i gcás iompar ar bóthar agus ceanglais sábháilteachta muirí níos déine ar shoithí beostoic), chuirfí feabhas nach beag ar leas ainmhithe.

I gcás iompar ar bóthar, cé go bhféadfadh sé go mbeadh an líon ciliméadar a thaistealaítear laghdaithe, beidh ar oibreoirí na leoraithe a uasghrádú chun an lamháltas spáis a mhéadú.

Maidir le muiriompar, meastar gurb é EUR 241 an meánchostas in aghaidh an duine in aghaidh na bliana chun oifigeach leasa ainmhithe a chur faoi oiliúint. D’fhéadfadh coinne a bheith le méadú ar chostais forfheidhmiúcháin atá bainteach leis an rogha go n‑uasghrádófar caighdeáin soithí beostoic.

Níl coinne leis go dtiocfaidh athrú mór ar astaíochtaí leoraithe agus soithí beostoic, óir níl coinne leis go dtiocfaidh athrú mór ar an líon ainmhithe a iomprófar.

Laonna nach bhfuil bainte den diúl a iompar

Sa rogha a ndearnadh scrúdú sa mheasúnú tionchair uirthi, tá dhá bheart maidir le laonna nach bhfuil bainte den diúl:

1.uasfhaid ama turas 19 n‑uair an chloig i gcás laonna nach bhfuil bainte den diúl (9 nuair an chloig + tréimhse sosa 1 uair an chloig + 9 nuair an chloig), ar choinníoll go bhfuil córas éifeachtúil beathaithe ann (idirthréimhse 5 bliana); agus

2.aois íosta 5 seachtaine agus meáchan íosta 50 kg i gcás iompar laonna nach bhfuil bainte den diúl (idirthréimhse 2 bhliain).

Deimhnítear sa mheasúnú tionchair an dá bheart sin sa rogha beartais ab fhearr. Sa togra reachtach seo ní chloítear leis an gconclúid sin maidir le fad na hidirthréimhse i ndáil leis an aois íosta agus an meáchan íosta i gcás iompar laonna nach bhfuil bainte den diúl, agus déanann sé foráil maidir le hidirthréimhse 5 bliana sa chás sin freisin. Déantar sin chun na tionchair ar fheirmeoirí déiríochta a mbeidh orthu oiriúnú chun na laonna a choimeád ar an bhfeirm níos faide a mhaolú.

Uasfhaid ama turas agus aois íosta agus meáchan íosta a bheith ann d’ainmhithe a iompraítear, chuirfidís sin feabhas ar leas laonna nach bhfuil bainte den diúl, a mheastar a bheith ina n‑ainmhithe leochaileacha go háirithe agus iad nochta do rioscaí leasa agus sláinte le linn iompair.

Is maith an dul chun cinn atá déanta ar fhorbairtí teicneolaíochta chun córas éifeachtach a bhunú chun laonna a bheathú ar na leoraithe, cé nach mbaintear úsáid ghinearálta astu go fóill, agus bheifí in ann laonna a iompar suas le 19 n‑uair an chloig dá mbarr (tiomáint 9 n‑uair an chloig, sos agus beathú 1 uair an chloig, tiomáint 9 n‑uair an chloig). Mhaolódh sé sin na tionchair eacnamaíocha dhiúltacha a bhainfeadh le uasfhaid ama turas 8 n‑uair an chloig i gcás nach mbeidh aon chóras éifeachtach beathaithe i bhfeidhm, cé go n‑imreofaí tionchar fós ar na trí stát Bhaltacha ó tharla gur pointe imeachta iad sin faoi láthair le haghaidh turais fhada is faide ama ná 19 n‑uair an chloig do laonna nach bhfuil bainte den diúl. Tá idirthréimhse 5 bliana beartaithe, toisc go bhfuil am ag teastáil ó na Ballstáit dá ndéanann an beart sin difear athstruchtúrú a dhéanamh ar a n‑earnáil. Cé gur eatramh beathaithe 9 n‑uair an chloig a bheadh ann i ngach cás, i gcás ina n‑iomprófar laonna ar shoithí róró (e.g. ó Éirinn go dtí an Mhór‑Roinn), ní áirítear an chuid den turas a chaitear ar shoitheach róró san uasfhad ama turais thuasluaite.

An costas chun córas beathaithe a shuiteáil i leoraí atá ann cheana, meastar go bhfuil sé idir EUR 25 000 – EUR 30 000, agus meastar gur thart ar EUR 500 000 an costas ar leoraí nua atá feistithe le córas beathaithe den sórt sin. I ngeall ar laonna a bheith níos sine, is gá leoraithe dhá urlár a dhéanamh de na leoraithe trí urlár atá ann cheana, rud a thabhóidh costais theoranta d’iompróirí.

Meastar go méadóidh na ceanglais nua an costas ar fheirmeoirí déiríochta as na hainmhithe a choimeád níos faide ar na feirmeacha. Bheadh praghas díola na laonna ní b’airde, áfach, de bharr iad a bheith ní ba láidre. Stádas sláinte laonna a bheith níos fearr agus a mortlaíocht a bheith níos lú ar a dteacht chuig an gceann scríbe i ngeall ar athléimneacht mhéadaithe, téann sé sin chun tairbhe feirmeacha ramhraithe freisin. Dá bhrí sin, tá coinne leis go mbeidh tionchar dearfach ar an gcuid is mó d’fheirmeoirí ar an iomlán.

Bheadh tionchar comhshaoil dearfach ag an rogha toisc go ndéanfadh uasfhaid ama turas ní ba theoranta laghdú ar astaíochtaí GCT a bhaineann le hiompar.

Iompar i dteochtaí teo

Sa rogha a ndearnadh scrúdú sa mheasúnú tionchair uirthi, tá formheas faoi réir réamhaisnéisí aimsire ar thurais fhada iompair. Má léiríonn réamhaisnéis na haimsire go mbeidh an teocht idir 25 °C agus 30 °C, ní cheadófaí ach turais ghearra (9 n‑uair an chloig ar a mhéad) le linn sholas an lae, agus bheadh rochtain ag na hainmhithe ar uisce. Má léiríonn réamhaisnéis na haimsire go mbeidh an teocht níos airde ná 30 °C, ní cheadófaí ainmhithe a iompar ach istoíche (i.e. idir 21h00 agus 10h00). Déantar foráil maidir le hidirthréimhse 5 bliana. Leis an measúnú tionchair deimhnítear sin mar an rogha beartais ab fhearr, rud a léirítear freisin sa togra seo.

Chuirfí feabhas ar leas na n‑ainmhithe leis an rogha toisc go dtabharfaí deis dóibh strus teasa a sheachaint.

Roinnt mhaith Ballstát sa lá inniu, ní fhormheasann siad turais fhada i gcás ina dtuartar go mbeidh teochtaí níos airde ná 30 °C, de bhun moltaí ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh coinne a bheith leis go mbeadh tionchair eacnamaíocha an bhirt sin nasctha go príomha leis an dúshlán lóistíochta a bhaineann le hainmhithe a iompar istoíche i gcás ina dtuartar go mbeidh an teocht le linn an lae níos airde ná 30 °C, ach soláthróidh an beart rialacha aonfhoirmeacha maidir leis na cásanna sin san Aontas. Tiocfaidh méadú ar chostais iompróirí i ngeall ar phánna níos airde as tiomáint san oíche agus ar a gcostais riaracháin nuair is gá cigireachtaí agus seiceálacha a dhéanamh le linn na hoíche. Tá coinne freisin le tionchar teoranta ar fheirmeoirí agus ar sheamlais.

Ní mheastar go mbeidh tionchar ar an gcomhshaol. Maidir leis an tionchar sóisialta, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar oibrithe sna hearnálacha, is iad sin go sonrach tiománaithe, pearsanra seamlais agus tréidlianna oifigiúla, líon méadaithe sealanna oibre oíche a dhéanamh, rud a d’fhéadfadh tionchar breise a imirt ar riachtanais saothair.

Teicneolaíochtaí nua

Rinneadh measúnú ar dhá rogha sa mheasúnú tionchair. An dá bheart seo a leanas atá sa chéad rogha:

1.Aimsiú suímh leoraithe fíor‑ama; agus

2.Bunachar sonraí lárnach agus feidhmchlár digiteach.

Seiceálacha cúlghabhálacha bunaithe ar thacagraif a bhí sa dara rogha, i dteannta leis an mbunachar sonraí lárnach agus an feidhmchlár digiteach dá dtagraítear thuas.

Tagtar ar an gconclúid sa mheasúnú tionchair gurb í an rogha beartais ab fhearr í an chéad rogha, rud a léirítear sa togra seo. Foráiltear léi go ndéanfar sonraí GPS leoraithe a chur in iúl trí chóras uathoibrithe (bunachar sonraí lárnach an Aontais), a bheidh nasctha é féin le TRACES sa chaoi go mbeidh an t‑údarás inniúil in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir leis an am a shroich an leoraí pointí áirithe (pointe imeachta, ionad rialaithe, pointí trasnaithe teorann idir na Ballstáit, ceann scríbe) chun gur féidir leis na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar bhonn na faisnéise sin. Ós rud é go bhfuil laghdú ar uasfhaid ama turas ar cheann de na príomhbhearta chun an cuspóir beartais maidir le leas ainmhithe a bhaint amach, tá gá leis sin chun uirlisí a sholáthar d’údaráis inniúla na mBallstát sa chaoi go mbeidh siad in ann rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar bhealach éifeachtach.

Le córais rianaithe fíor‑ama, beifear in ann rialuithe oifigiúla a spriocdhíriú níos fearr agus a dhéanamh níos éifeachtúla le cuidiú bhunachar sonraí lárnach an Aontais, agus beidh feabhas ar leas ainmhithe dá thoradh sin.

Ó tharla go bhfuil níos mó ná 77 % de na leoraithe iompair atá ann faoi láthair feistithe le córas rianaithe, is imeallach na costais a bheadh ar oibreoirí as na caighdeáin nua a chomhlíonadh.

Tá coinne leis go dtiocfaidh laghdú mór ar an ualach riaracháin ar iompróirí trí úsáid a bhaint as córas rianaithe uathoibrithe agus ardán TF.

Is leis an gCoimisiún a bhainfeadh an príomhchostas, cé go mbeadh sé teoranta, as modúil a fhorbairt i gcóras TRACES atá ann cheana (féach an ráiteas airgeadais reachtach). Thabhódh riaracháin na mBallstát costais theoranta a bhaineann le hoiliúint foirne.

Cé go bhfuil coinne leis go laghdófar astaíochtaí GCT atá bainteach le páipéar, a bhuí leis an digitiú a laghdóidh úsáid páipéir, tá coinne le méadú beag ar astaíochtaí GCT a bhaineann leis an úsáid mhéadaithe fuinnimh.

Tá coinne le tionchar sóisialta dearfach beag. Cé go bhféadfadh sé nach mbeadh gá ag oibreoirí gnólachtaí leis an oiread céanna ball foirne riaracháin, d’fhéadfadh méadú teacht ar an líon ball foirne a theastaíonn sa riarachán poiblí chun próiseáil a dhéanamh ar na sonraí a bhailítear. I gcás oibreoirí, cuirfidh an simpliú a bhuí leis an digitiú feabhas ar dhálaí oibre.

Cosaint níos fearr do chait agus madraí a iompraítear chun críoch tráchtála

Is iad na roghanna a bhfuil measúnú déanta orthu sa mheasúnú tionchair:

1.ceanglais cothrom le dáta agus níos sonraí maidir le cait agus madraí a iompar chun críoch eacnamaíoch, lena náirítear dálaí teochta agus aois íosta 15 seachtaine lena niompar; nó

2.ceanglais cothrom le dáta agus níos sonraí maidir le cait agus madraí a iompar, ach aois íosta 12 sheachtain a bheith ann lena niompar.

Tagtar ar an gconclúid sa mheasúnú tionchair gurb í an rogha beartais ab fhearr í an dara rogha, agus léirítear sin sa togra reachtach, lena ngabhann idirthréimhse 3 bliana.

Chuirfeadh an beart sin feabhas ar leas cat agus madraí a iompraítear i gcomhthéacs gníomhaíochta eacnamaíche, a bhfuil forálacha sonracha ina thaobh in easnamh ar an mórgóir faoi láthair. Tiocfaidh forbairt níos fearr ar imdhíonacht in aghaidh galair ionfhabhtaíocha, mar shampla, de bharr aois íosta chun ainmhithe a iompar.

Maidir le tionchair eacnamaíocha, d’fhéadfadh costas idir EUR 10 agus EUR 40 in aghaidh an ainmhí a bheith ar sheiceálacha sláinte tréidliachta ar na cait agus na madraí. Tá coinne leis gur teoranta an tionchar eacnamaíoch a bheidh ag na ceanglais nua maidir le beatha agus uisce a thabhairt do na hainmhithe, toisc go bhfuil rialacha i bhfeidhm cheana féin atá réasúnta comhchosúil leo. D’fhéadfadh coinne a bheith ag iompróirí freisin le costais bhreise a bhaineann le feabhsú nó athsholáthar na bhfeithiclí atá acu faoi láthair chun na caighdeáin nua a chomhlíonadh. Meastar gur costas idir EUR 1 000 agus EUR 3 000 atá ar leantóir nua madraí gan córas aerchóiriúcháin le haghaidh idir dhá cheann agus ceithre cinn de mhadraí, agus é deartha go cuí agus le fáil ar bhonn tráchtála.

Ní mheastar go mbeidh aon tionchar mór ag an tionscnamh ar an gcomhshaol. I bhfianaise tionchair shóisialta, lena n‑áirítear tionchair ar shláinte an duine, mar thoradh ar na ceanglais bhreise maidir le vacsaíniú agus an aois níos sine tráth iompair atá beartaithe leis an mbeart seo, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an oiread céanna ainmhithe tinn tar éis dóibh teacht chuig an gceann scríbe, rud a d’imreodh tionchar dearfach ar shláinte an duine freisin.

Measúnú foriomlán

Leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair, cuirtear i láthair freisin tionchair charnacha an dá phacáiste roghanna a bhfuil coinne leo, chomh maith lena dtionchar ar iomaíochas idirnáisiúnta, slándáil bia, inacmhainneacht bia agus éifeachtaí dáileacháin. Léirigh sé sin, i gcás bearta a bhaineann le faid ama turas, lamháltas spáis, iompar laonna nach bhfuil bainte den diúl, teochtaí teo agus teicneolaíochtaí nua, gurb é atá sa tionchar carnach ar chostais táirgthe i gcás an phacáiste ab fhearr (pacáiste 2) méadú 1,4 cent Euro ar an meán ar chostais táirgthe in aghaidh an chileagraim feola, bainne nó uibheacha in aghaidh na bliana ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Tá coinne leis go dtiocfaidh an méadú sin ar chostas le linn na hidirthréimhse 5 bliana. Leis an samhaltú a rinneadh, léiríodh go n‑imríonn an méadú teoranta costais táirgthe sin tionchair theoranta ar leibhéil táirgthe, ar leibhéil allmhairí agus onnmhairí agus ar phraghsanna do thomhaltóirí. Dá thoradh sin, tá coinne leis go mbeidh tionchair an‑teoranta ag na bearta ar iomaíochas idirnáisiúnta earnáil beostoic an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, níor sainaithníodh aon tionchar mór a bheith ar ghné infhaighteachta na slándála bia (gan ach laghdú imeallach ar thomhaltas éanlaithe clóis). Maidir le hinacmhainneacht bia, léiríonn an samhaltú go n‑imreofar tionchar idir 0,06 % agus 4,37 % ar phraghsanna do thomhaltóirí ag brath ar an tráchtearra. Is é atá ann sin caiteachas breise idir EUR 2,81 agus EUR 14,09 in aghaidh an duine in aghaidh na bliana, ag brath ar aiste bia agus ioncam.

Léiríonn an measúnú tionchair go rannchuideoidh an togra seo leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna): rannchuideoidh sé le SDG 3 ‘Sláinte mhaith agus dea‑bhail’ toisc gur rud é feabhsú ar leas ainmhithe le linn iompair a rannchuideoidh leis an gcomhrac in aghaidh FSFM i ndaoine agus in ainmhithe araon; rannchuideoidh sé freisin le SDG 12 ‘Patrún freagrach tomhaltais agus táirgeachta’ ós córas táirgthe níos freagraí é córas ina dtáirgtear bia de réir caighdeáin leasa ainmhithe níos airde.

Tuairim ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála maidir leis an measúnú tionchair:

Cuireadh an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála lena fhormheas an 30 Deireadh Fómhair 2023, agus fuarthas tuairim dhearfach ina leith, a raibh roinnt agús léi, an 17 Samhain 2023. Iarradh sa tuairim ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála go ndéanfaí an anailís ar chostais agus tairbhí a chur i láthair ar bhealach níos soiléire, an anailís ar thionchair iomaíochais agus tionchair dháileacháin sa slabhra soláthair a chomhlánú, agus an chomparáid idir roghanna a shoiléiriú. Athbhreithníodh an measúnú tionchair chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála. Go sonrach, tugadh an anailís ar an slabhra soláthair cothrom le dáta sa chaoi go bhfuil sí níos cuimsithí agus go dtugtar léiriú níos fearr léi ar na tionchair ar tháirgeoirí, agus rinneadh an gaol idir an anailís ar an slabhra soláthair agus an anailís ar thionchair iomaíochais a shoiléiriú.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Trí cheanglais níos aonfhoirmí a sholáthar – amhail rialacha comhchoiteanna maidir le huasfhaid ama turas – beidh na rialacha d’oibreoirí, agus do na húdaráis inniúla, níos simplí i gcomparáid leis na rialacha atá ann faoi láthair atá éagsúil de réir speicis agus catagóirí ainmhithe. Thairis sin, beidh an reachtaíocht níos éifeachtúla agus beidh sé níos éasca í a chomhlíonadh de bharr sainmhínithe níos soiléire agus gan an oiread céanna úsáide a bheith á baint as noirm oscailte, óir ní bheidh ar oibreoirí gnólachtaí a measúnuithe féin a dhéanamh a thuilleadh chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh na dtairseach atá le húsáid chun go mbeidh feidhm ag forálacha éagsúla.

Simpleofar an chumarsáid idir gnólachtaí agus údaráis phoiblí de thairbhe úsáid níos mó a bheith á baint as uirlisí digiteacha. Le rianú fíor‑ama feithiclí, bheifí in ann na rialuithe oifigiúla uile ar iompar ainmhithe a phleanáil, a spriocdhíriú agus a chuíchóiriú níos fearr.

Ní dhéantar aon fhoráil maidir le maoluithe le haghaidh FBManna toisc gur FBManna iad na hoibreoirí gnólachtaí uile, nach mór, dá ndéantar difear agus, dá bhrí sin, cuirtear a sainiúlachtaí san áireamh cheana féin chun na bearta a roghnú agus na hidirthréimhsí a shainiú.

Cearta bunúsacha

Tá forálacha maidir le haimsiú suímh feithiclí fíor‑ama ceaptha chun a áirithiú go ndéanfar cosaint sonraí pearsanta a choimirciú i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá na himpleachtaí buiséadacha seo a leanas ag an togra do bhuiséad an Aontais i gcaitheamh na tréimhse 2022‑2027 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI). Soláthraítear mionsonraí sa ráiteas airgeadais atá i gceangal leis an togra seo.

Acmhainní daonna i dtaca le cur chun feidhme an togra agus le staidéir, iniúchtaí, reachtaíocht threasach agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta: 6,5 coibhéis lánaimseartha (FTE) in aghaidh na bliana ó 2026 ar aghaidh.

Faoi cheannteideal 1 ‘Rannchuidiú le hardleibhéal sláinte agus leasa do dhaoine, ainmhithe agus plandaí’, ar ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil é: EUR 2,4 milliún le haghaidh na tréimhse 2024‑2027.

Cumhdaítear leis sin:

Costais aonuaire: Staidéar maidir le módúlachtaí úsáide teicneolaíochtaí nua agus an digitithe chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú rialacha maidir le leas ainmhithe le linn iompair a éascú: EUR 250.000.

Costais aonuaire: modúl a fhorbairt in TRACES: EUR 1 400 000.

Costais athfhillteacha: TRACES a choinneáil ar bun: EUR 450.000 in aghaidh na bliana.

Costas aonuaire: Aip dhigiteach a fhorbairt: EUR 300.000

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanann an Coimisiún iniúchtaí tráthrialta ar na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann siad dlí an Aontais 28 . Sa togra tá airteagal maidir leis an líonra comhlachtaí idirchaidrimh sna Ballstáit i ndáil le leas ainmhithe le linn iompair. Beidh ról tábhachtach ag an líonra chun cur chun feidhme aonfhoirmeach an Rialacháin nua ar fud an Aontais a chur chun cinn.

D’ainmnigh an Coimisiún lárionaid tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh do leas ainmhithe lena soláthraítear cúnamh teicniúil chun reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe a chur chun feidhme, lena náirítear maidir le hiompar. Tacaíonn an Coimisiún freisin le hoiliúint leanúnach 29 lena gcumhdaítear cosaint ainmhithe le linn iompair laistigh den Chlár ‘Oiliúint níos fearr le haghaidh bia níos sábháilte’. Déanfar plé freisin ar chur chun feidhme na rialacha nua in Ardán an Aontais Eorpaigh maidir le Leas Ainmhithe.

Rannchuideoidh na gníomhaíochtaí sin uile le cur chun feidhme an athbhreithnithe seo. Ina theannta sin, beidh an leibhéal cur chun feidhme le feiceáil i gceanglais nua maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar tháscairí, trí úsáid a bhaint go príomha as sonraí fíor‑ama TRACES i dteannta tuarascálacha ó údaráis inniúla. Tuarascáil faireacháin den sórt sin ar staid an leasa ainmhithe san Aontas maidir le hiompar, cuirfear i láthair 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin nua í, agus gach 5 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin.

Chun go mbeifear in ann fianaise láidir a bhailiú tar éis na n‑idirthréimhsí 5 bliana, ba cheart tuarascáil mheastóireachta a chur i láthair 10 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Caibidil I: Ábhar, raon feidhme, sainmhínithe agus forálacha ginearálta

Leis an gcaibidil seo, soiléirítear raon feidhme an togra, soláthraítear sainmhínithe agus áirítear ceanglais ghinearálta is infheidhme maidir le gach oibríocht iompair.

Caibidil II: Údaruithe eagraí agus iompróra

Leis an gcaibidil seo, leagtar síos na rialacha agus na coinníollacha maidir le húdarú eagraithe chun iompar ainmhithe a shocrú agus maidir le húdarú iompróirí chun ainmhithe a iompar.

Caibidil III: Modh iompair

Leis an gcaibidil seo, déantar foráil maidir le formheas feithiclí bóthair chun ainmhithe a iompar, ar ann dóibh cheana sa reachtaíocht seo. Ní mór d’iompróirí atá ina gcomhaltaí de IATA aeriompar a dhéanamh.

Caibidil IV: Oibleagáidí roimh imeacht

Leis an gcaibidil seo, ceanglaítear logaí turas le haghaidh turais fhada agus ghearra araon. Tá coimeádaithe le bheith freagrach as oiriúnacht na n‑ainmhithe a luchtaítear chun iompair.

Caibidil V: Oibleagáidí le linn iompair agus ag an gceann scríbe

Tugtar aghaidh leis an gcaibidil seo ar oibleagáidí ar iompróirí le linn an turais. Cumhdaítear ionaid tionóil freisin.

Leis an gcaibidil seo, déantar foráil maidir leis an oibleagáid i leith rianú fíor‑ama feithiclí bóthair.

Tá oibleagáid ar iompróirí freisin faisnéis a bhailiú ar bhonn táscairí áirithe, anailís a dhéanamh orthu agus bearta ceartaitheacha a dhéanamh chun feabhas a chur ar leas ainmhithe a iompraítear.

Caibidil VI: Coinníollacha maidir le hiompar ainmhithe talún

Leis an gcaibidil seo, déantar foráil maidir le uasfhaid ama turas i gcás ainmhithe lena marú agus ainmhithe a iompraítear chun críoch eile araon. Déantar uasfhaid ama turas shonracha a leagan amach freisin i gcás ainmhithe nach bhfuil bainte den diúl a iompar.

Cuirtear teorainn ama le turais i dteochtaí foircneacha agus tá coinníollacha breise le comhlíonadh acu.

Caibidil VII: Iompar chuig tríú tíortha agus uathu

Sa chaibidil seo tá rialacha nua maidir le hainmhithe a iompar chuig tríú tíortha, amhail deimhniúchán le haghaidh eagraithe agus fianuithe arna síniú ag údaráis inniúla tríú tír roimh thuras ar shoitheach beostoic.

Ní mór d’ionaid rialaithe i dtríú tíortha caighdeáin a chomhlíonadh atá coibhéiseach leo siúd is infheidhme san Aontas.

CAIBIDIL VIII: Oibleagáidí údarás inniúil

Tá forálacha sa chaibidil seo maidir le hoiliúint agus deimhnithe inniúlachta oibreoirí chomh maith leis an gceanglas go n‑ainmneofar pointí imeachta. Sa chaibidil seo freisin tá rialacha maidir le comhlachtaí idirchaidrimh náisiúnta um iompar ainmhithe, chomh maith le rialacha maidir leis an anailís ar shonraí a bhailítear ar bhonn na dtáscairí dá dtagraítear i gCaibidil V.

Caibidil IX Smachtbhannaí

Sa chaibidil seo tá forálacha maidir le smachtbhannaí as sáruithe ar an Rialachán, lena n‑áirítear go háirithe i gcás sáruithe tromchúiseacha.

CAIBIDIL X: Forálacha nós imeachta

CAIBIDIL XI: Forálacha eile

Sa chaibidil seo tá forálacha maidir le bearta náisiúnta níos déine, aip dhigiteach a chruthú chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin a éascú, chomh maith le maolú i ndáil le forálacha náisiúnta atá ann cheana a bhaineann leis na réigiúin is forimeallaí.

CAIBIDIL XII: Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha.

Leis an gcaibidil seo leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle maidir le hionaid rialaithe, á chur de cheangal orthu a bheith feistithe go leormhaith le haghaidh na speiceas agus na gcatagóirí ainmhithe ábhartha agus córas áirithinte a bheith acu atá ar fáil d’eagraithe.

2023/0448 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 43(2) agus 114(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 30 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 31 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle 32 leagadh síos íosrialacha comhchoiteanna maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair. Ó glacadh é, tá forbairt tagtha ar an eolaíocht agus ar an teicneolaíocht. Is fearr anois a thuigtear ceanglais maidir le lamháltas spáis agus riachtanais ainmhithe le linn iompair, go háirithe ainmhithe nach bhfuil bainte den diúl agus ainmhithe uisceacha. Rinneadh forbairtí móra ar na réitigh dhigiteacha atá ar fáil le haghaidh na gcéimeanna riaracháin a bhaineann le hainmhithe a iompar. De réir mar a théann feasacht agus ábhair imní saoránach maidir le leas ainmhithe i méid agus ag teacht leis an treocht i dtreo modhanna táirgthe níos inbhuanaithe, tá roinnt mhaith Ballstát ag athbhreithniú nó ag glacadh rialacha náisiúnta a théann níos faide ná íoscheanglais an Aontais. Ina theannta sin, léirigh an tSeiceáil Oiriúnachta ar reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe 33 , i ndáil le Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, go bhfuil deacrachtaí ann forálacha áirithe a léirmhíniú, a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, rud a chuireann dá réir sin le héagothroime iomaíochta do na gníomhaithe éagsúla. Is gá athbhreithniú a dhéanamh dá bhrí sin ar na rialacha maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair chun iad a ailíniú leis an eolaíocht agus an teicneolaíocht is déanaí, agus chun é a dhéanamh níos éasca iad a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.

(2)Luach de chuid an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) is ea an leas ainmhithe. Ina theannta sin, tá an tAontas agus roinnt Ballstát ina sínitheoirí leis an gCoinbhinsiún Eorpach athbhreithnithe chun Ainmhithe a Chosaint le linn Iompar Idirnáisiúnta 34 .

(3)Is cuid thábhachtach den slabhra agraibhia é iompar ainmhithe beo. Is ábhar imní poiblí é cosaint ainmhithe le linn a niompair a dhéanann difear do mheonta tomhaltóirí i leith táirgí talmhaíochta. Tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo nósanna imeachta a shimpliú, ualach riaracháin a laghdú agus forfheidhmiú níos éasca ar rialacha comhchuibhithe a éascú, agus ardleibhéal cosanta a áirithiú d’ainmhithe le linn iompair. Cosaint ainmhithe le linn iompair a áirithiú, bíonn tionchar dearfach aige sin ar shláinte agus leas na nainmhithe agus rannchuidíonn sé le cáilíocht níos fearr ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch. 

(4)Tá sé d’aidhm ag an Rialachán feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, lena náirítear i gcás ainmhithe nach núsáidtear le haghaidh táirgeadh bia, amhail cait agus madraí, ainmhithe fionnaidh, cineálacha áirithe ainmhithe fiáine, agus ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch.

(5)In 2022 ghlac Parlaimint na hEorpa moltaí maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair a bhí bunaithe ar an tuarascáil ón gCoiste Fiosrúcháin um Chosaint Ainmhithe agus iad á nIompar laistigh agus lasmuigh den Aontas (Coiste ANIT). Leis na moltaí, iarrtar ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle athbhreithniú cúramach a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair ar bhonn dian‑imscrúdú eolaíoch ar an tionchar a imríonn iompar ainmhithe de gach uile speiceas agus gach uile aois agus ar mheasúnú domhain ar an tionchar socheacnamaíoch agus ar an tionchar ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte lena gcuirtear éagsúlacht na gcásanna agus na sainiúlachtaí geografacha san áireamh, chomh maith le samhlacha feirmeoireachta ar fud an Aontais. Leis an tuarascáil ó Choiste ANIT, cuireadh in iúl freisin go bhfuil easnaimh ar fud an Aontais sa chur chun feidhme atá ann cheana agus moladh bearta amhail srian a chur ar fhaid ama turas, toirmeasc a chur ar iompar i dteochtaí foircneacha agus a áirithiú go niomprófar ainmhithe chuig tríú tíortha ar bhealach a urramaíonn prionsabail na cosanta d’ainmhithe ar fud an turais go dtí go sroichfidh siad a gcinn scríbe i dtríú tíortha. Ina theannta sin, chuir Parlaimint na hEorpa in iúl gur gá córas níos eiticiúla a chur in ionad iompar ainmhithe beo, ar córas é a bhfuil fabhar aige le seamhan nó suthanna a iompar seachas stoc síolraíochta, agus le conablaigh agus feoil a iompar seachas ainmhithe a iompar lena marú.

(6)D’fhoilsigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘EFSA’) cúig thuairim eolaíocha i mí Mheán Fómhair 2022 a bhaineann le hiarmhairtí agus guaiseacha leasa éagsúla a thagann chun cinn le linn athchogantaigh bheaga 35 (caoirigh agus gabhair), eachainmhithe 36 (capaill agus asail), bó‑ainmhithe 37 (eallach agus laonna), muca 38 agus ainmhithe i gcoimeádáin 39 , lena náirítear éin chlóis (sicíní, béaróga, turcaithe, etc.), agus coiníní a iompar (‘tuairimí EFSA’). Tagtar ar an gconclúid leathan i dtuairimí EFSA gur gá níos mó spáis a sholáthar, teochtaí uasta a laghdú agus faid ama turas a choimeád chomh gearr is féidir chun feabhas a chur ar chosaint ainmhithe le linn iompair. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán nua a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 a bheidh i gcomhréir leis na forbairtí is déanaí san eolas eolaíoch agus teicniúil sa réimse sin agus le héilimh tomhaltóirí, agus a sheachnóidh bacainní roimh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus an trádáil in ainmhithe beo agus a áiritheoidh in-fhorfheidhmitheacht na rialacha nua.

(7)Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach éifeachtach ar fud an Aontais i bhfianaise a bhunphrionsabail, ar dá réir nach mór gan ainmhithe a iompar ar bhealach ar dócha go ndéanfaí díobháil nó fulaingt mhíchuí dóibh, is iomchuí forálacha mionsonraithe a leagan amach lena dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha na speiceas éagsúil a thagann chun cinn i ndáil leis na cineálacha éagsúla iompair. Ba cheart na forálacha mionsonraithe sin a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an bprionsabal réamhluaite agus ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta go tráthúil, go háirithe i bhfianaise eolas eolaíoch nua, agus tuairimí nua EFSA á gcur san áireamh.

(8)Tá forbairt mhór déanta ar theicneolaíocht córas loingseoireachta agus ar bhunachair sonraí leictreonacha ó tháinig Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 i bhfeidhm. Fágann sé sin gur féidir nósanna imeachta a shimpliú agus rialuithe agus cigireachtaí maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair a neartú, agus go bhforfheidhmeofar rialacha an Aontais níos fearr dá réir. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin go mbainfear úsáid as teicneolaíochtaí nua agus go gcuirfear leis na féidearthachtaí a sholáthraíonn an Córas um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES‑NT), arb é an tardán um dheimhniúchán digiteach agus bainistíocht i dtaca le gach ceanglas sláintíoch agus fíteashláintíoch é, rud atá leabaithe sa Chóras Bainistíochta Faisnéise do Rialuithe Oifigiúla (CBFRO) 40 .

(9)Leis an Rialachán seo, déantar foráil maidir le rialacha lenar féidir údaruithe digiteacha, deimhnithe formheasa, deimhnithe inniúlachta, logaí turas, rianú beo feithiclí bóthair agus réamhaisnéisí aimsire a ionchorprú i mbunachar sonraí TRACES. Ba cheart liostaí d’ionaid rialaithe i dtríú tíortha agus de phointí imeachta AE a bheith in TRACES freisin. Déantar foráil leis freisin maidir le turais a phleanáil ar bhealach níos réalaíche, le hinrianaitheacht éifeachtúil, le faireachán níos fearr ar oibríochtaí agus táscairí leasa ainmhithe, le bearta éigeandála tráthúla agus le hanailís iomlán ar shonraí a dhéanamh, agus is é is cuspóir foriomlán dó a áirithiú go ndéanfar rialacha an Aontais maidir le cosaint ainmhithe le linn a niompair a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, agus laghdú nach beag a dhéanamh ar an ualach riaracháin freisin.

(10)An oibleagáid ar oibreoirí an Aontais i leith ainmhithe a chosaint le linn iompair, níl deireadh feidhme léi sin ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Eagraithe iompair ainmhithe ón Aontas chuig ceann scríbe i dtríú tír, ní mór dóibh a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha an Aontais maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair i rith na gcéimeanna den turas a tharlaíonn lasmuigh den Aontas freisin, agus go dtí go sroichfidh na hainmhithe an ceann scríbe deiridh sa tríú tír. Tá sé sin comhleanúnach le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-424/13 41 . Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hiompar ainmhithe dá bhfuil an pointe imeachta ar chríoch an Aontais agus gan beann ar cibé acu ar chríoch an Aontais nó i dtríú tír atá an ceann scríbe.

(11)Is le speicis áirithe ainmhithe go príomha a bhaineann iompar ainmhithe beo ó thríú tíortha isteach ar chríoch an Aontais agus déantar trí bhealaí díreacha de ghnáth é. I gcás ina nallmhaireofar ainmhithe beo isteach san Aontas, ba cheart d’oibreoirí a iompraíonn na hainmhithe sin ó thríú tír chuig ceann scríbe san Aontas a áirithiú go gcosnófar na hainmhithe ar bhealach atá coibhéiseach, ar a laghad, leis an mbealach a gcosnaítear ainmhithe a iompraítear laistigh de chríoch an Aontais, agus go ndéanfar sin ón tráth a luchtaítear na hainmhithe ar an modh iompair sa tríú tír go dtí an ceann scríbe san Aontas. Tá gá leis sin i bhfianaise ábhair imní saoránach den Aontas maidir le leas ainmhithe le linn iompair, a leathnaítear chuig gach ainmhí a iompraítear chuig an Aontas, nó uaidh nó laistigh de. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hiompar ainmhithe dá bhfuil an pointe imeachta ar chríoch tríú tír agus an ceann scríbe ar chríoch an Aontais. Chun a áirithiú go gcuirfear na ceanglais maidir leis an iompar sin i bhfeidhm i gceart ag an bpointe imeachta, is gá d’údarás inniúil an tríú tír pleanáil an turais lena mbaineann a sheiceáil, agus a dheimhniú sa deimhniú sláinte oifigiúil le haghaidh allmhairí ainmhithe isteach san Aontas agus trína fhormheas ar an loga turais go ndearnadh an turas a phleanáil i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó le ceanglais choibhéiseacha. Ba cheart d’iompróir na nainmhithe a bheith freagrach as a áirithiú go nurramófar an phleanáil sin go dtí an ceann scríbe agus ba cheart dó an oibleagáid i leith chomhlánú an loga turais a chomhlíonadh.

(12)I gcás ainmhithe a iompraítear ó thríú tír chuig tríú tír eile nó chuig an tríú tír céanna sin trí chríoch an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha an Aontais le linn an chuid den turas a tharlaíonn ar chríoch an Aontais. Cé nach bhfuil pointe imeachta ná ceann scríbe an iompair sin san Aontas, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an gcuid den turas a tharlaíonn laistigh de chríoch an Aontais chun leasa na nainmhithe agus i bhfianaise ábhair imní saoránach. Ba cheart d’iompróirí a áirithiú go niomprófar ainmhithe faoi dhálaí a chomhlíonann an Rialachán seo, go háirithe maidir le lamháltais spáis, agus beatha agus uisce a thabhairt dóibh, ós rud é go bhfuil siad sin fíor‑riachtanach do leas ainmhithe a iompraítear ar chríoch an Aontais. Níor cheart comhlíontacht le rialacha maidir le faid ama turas a cheangal orthu sna cásanna sin, áfach, toisc go bhféadfadh turais níos faide fós a bheith mar thoradh air sin do na hainmhithe lena mbaineann trína cheangal ar oibreoirí tríú tír dul timpeall ar chríoch an Aontais feadh bealaí níos faide, agus d’fhéadfadh tionchar níos measa a bheith aige sin ar leas ainmhithe.

(13)Sa Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún 42 , ar cód de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) é, tá treoirlínte lena socraítear íoschaighdeáin ar an leibhéal domhanda a mhéid a bhaineann le hiompraíocht ainmhithe, freagrachtaí agus leibhéil inniúlachta na ngníomhaithe éagsúla atá páirteach in iompar ainmhithe, an doiciméadacht atá le soláthar, pleanáil turais, luchtú agus gníomhaíochtaí i gcás ina ndiúltófar na hainmhithe, i measc nithe eile. Cuirtear na treoirlínte sin san áireamh sa Rialachán seo.

(14)Le taithí ar fhorfheidhmiú Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, agus le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amhail i gCás C-301/14 43 , léirítear gur cheart ciall leathan a bhaint as gníomhaíocht eacnamaíoch i ndáil le hiompar ainmhithe. Níor cheart a mheas go bhfuil iompar ainmhithe i gceangal le gníomhaíocht eacnamaíoch teoranta do chásanna ina ndéantar airgead, earraí nó seirbhísí a mhalartú láithreach ná don chás ina niompraítear iad agus rún ann brabús a dhéanamh. Más cuid de thairiscint earraí nó seirbhísí ar mhargadh áirithe é iompar, ba cheart a mheas gur iompar i gceangal leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch é.

(15)Is iad na príomhspeicis ainmhithe a iompraítear laistigh den Aontas agus ón Aontas chuig tríú tíortha chun críoch eacnamaíoch iad ainmhithe veirteabracha lena náirítear athchogantaigh bheaga, eachainmhithe, bó‑ainmhithe, muca, éin chlóis, coiníní agus ainmhithe uisceacha, is é sin éisc, ceifileapóid agus deiceapóid. Chun comhréireacht a áirithiú, ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a bheith teoranta do na speicis sin.

(16)Bíonn éisc ornáideacha á niompar ag mearchúiréirí i mboscaí beaga dé ghnáth, i málaí uisce atá oiriúnaithe go speisialta dá riachtanais, agus is giorra ná 24 uair an chloig fad ama an turais de ghnáth. Dá bhrí sin, is annamh a bhaineann mór‑riosca do leas ainmhithe le hiompar iasc ornáideach agus ba cheart é sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(17)Le Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 rialáiltear cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch. I ngeall ar na ceanglais dhiana maidir le cáilíocht ainmhithe a theastaíonn le haghaidh taighde agus tástála, imríonn aon dochar a dhéantar do stádas sláinte nó leasa ainmhithe ar theacht ag a gceann scríbe dóibh tionchar díreach ar an bhféidearthacht go núsáidfear chun na gcríoch sin iad. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé a bheith de cheangal ag nósanna imeachta eolaíocha go mbainfear úsáid as ainmhithe a bhféadfaí a mheas a bheith mí‑oiriúnach lena niompar de réir an Rialacháin seo, amhail roinnt ainmhithe géinmhodhnaithe agus ainmhithe a ndearnadh gnáthaimh mháinliachta orthu chun críocha na dtionscadal i gcomhréir le Treoir 2010/63/AE. Is iad oibreoirí speisialtóra a iompraíonn ainmhithe beo chun críoch eolaíoch ag a bhfuil feithiclí saincheaptha atá feistithe chun sláinte agus leas na nainmhithe a áirithiú ar fud na dturas pleanáilte. Cé gur féidir idirdhealú a dhéanamh maidir leis an gcríoch ar chuici a iompraítear na hainmhithe sin, ba cheart a leas a ráthú. Ní bheadh sé comhleanúnach ná inghlactha, áfach, iad a áireamh go hiomlán i raon feidhme an Rialacháin seo. Ar na cúiseanna sin, rialacha atá sonracha do speiceas a bhaineann le hoiriúnacht chun iompair, eatraimh uiscithe agus bheathaithe agus forálacha áirithe maidir le faid ama turas, teochtaí agus tréimhsí sosa, níor cheart feidhm a bheith acu maidir le hiompar ainmhithe a úsáidtear nó atá le húsáid chun críoch eolaíoch i dtionscadal a údaraítear faoi Threoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(18)Leis an taithí ar chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, léirítear gur minic a chuireann oibreoirí fad le ham turas a théann thar na teorainneacha a leagtar amach sna forálacha ábhartha trí ainmhithe a iompar ó ghabháltas chuig roinnt ionaid tionóil as a chéile. Déantar na hainmhithe a ghrúpáil in éineacht le hainmhithe ó ghabháltais eile sna hionaid tionóil sin agus ní thaifeadtar ach an tionad tionóil deiridh mar an pointe imeachta. Dá bhrí sin, ba cheart fanacht éigeantach na nainmhithe ag an bpointe imeachta agus ag an gceann scríbe araon a fhorchur agus níor cheart a cheadú go mbeadh ionaid tionóil ina bpointí imeachta ach amháin má tá siad lonnaithe go háitiúil, chun ‘preabadh ó ionad tionóil go hionad tionóil’ a chosc mar chleachtas.

(19)Níor cheart iompar ainmhithe ar thurais fhada a cheadú ach amháin d’eagraithe iompair ainmhithe a bhfuil sé d’acmhainn acu ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, is iomchuí córas údaraithe a bhunú le haghaidh eagraithe. Ba cheart d’eagraithe a bheith freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha an Aontais ón bpointe imeachta go dtí an ceann scríbe. Féadfaidh siad iompar ainmhithe a ligean ar fochonradh le hiompróir agus ba cheart dóibh a bheith freagrach i gcónaí as a áirithiú go gcomhlíonfaidh an tiompróir sin agus aon duine eile atá páirteach san iompar sin rialacha an Aontais. Ba cheart don eagraí fianaise a sholáthar do na húdaráis inniúla go bhfuil sé in ann a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha an Aontais go dtí go mbainfidh na hainmhithe an ceann scríbe amach.

(20)Tá ról lárnach ag iompróirí agus ag a bhfoireann san iompar ainmhithe agus imríonn siad tionchar mór ar dhálaí leasa na nainmhithe a iompraítear. Tá tionchar mór ag iompraíocht iompróirí ó lá go lá ar dhálaí leasa ainmhithe le linn iompair. Ba cheart an inniúlacht is gá a bheith ag iompróirí chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, agus go gcomhlíonfaidh a bhfoireann é, chomh maith leis an bhformheas is gá ar an modh iompair a úsáidtear, agus ba cheart pleananna teagmhais a bheith acu freisin chun aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí. Dá bhrí sin, is iomchuí córas údaraithe a bheith ann le haghaidh iompróirí. Ba cheart dóibh a bheith cuntasach agus trédhearcach maidir lena stádas agus a noibríochtaí. Go sonrach, ba cheart dóibh aon deacracht a thuairisciú agus taifid bheachta ar a ngníomhaíochtaí agus ar na torthaí a choimeád.

(21)Ba cheart an modh iompair a bheith ceaptha sa chaoi nach ndéanfar díobháil do na hainmhithe nó nach bhfulaingeoidh siad. Dá bhrí sin, is iomchuí ceanglais theicniúla a leagan amach atá le comhlíonadh chun go bhformheasfar modh iompair agus ina gcuirtear san áireamh riachtanais speiceas agus catagóirí sonracha ainmhithe ar bord.

(22)Is annaimhe i bhfad aeriompar ainmhithe ná a niompar ar bóthar agus ar muir. I ngeall ar na costais atá bainteach leis an gcineál sin iompair, sa chuid is mó de chásanna is peataí agus ainmhithe ardluacha atá ceaptha lena bpórú agus le haghaidh gníomhaíochtaí spóirt iad na hainmhithe a iompraítear d’aer. Déantar aeriompar ainmhithe i gcomhréir le rialacha teicniúla an Chomhlachais Aeriompair Idirnáisiúnta (IATA) a leagtar amach i Rialacháin maidir le hAinmhithe Beo (LAR) arna gceapadh agus arna dtabhairt cothrom le dáta gach bliain ag an mBord um Ainmhithe Beo agus Earraí Meatacha (LAPB) chun cothromaíocht a bhaint amach idir prionsabail na cosanta d’ainmhithe agus na sábháilteachta ar bord aerárthaí, agus sainiúlachtaí agus teorainneacha aeriompair á gcur san áireamh. Iompróirí ar comhaltaí de IATA iad, tá oibleagáid orthu déanamh de réir na gcaighdeán sna rialacháin agus a noibríochtaí iompair á ndéanamh agus a naerárthaí á bhfeistiú acu. Dá bhrí sin, níor cheart aeriompar ainmhithe a cheadú ach in aerárthaí ar le hiompróirí atá ina gcomhaltaí de IATA iad.

(23)Mar is léir ó iniúchtaí an Choimisiúin agus ó chigireachtaí na núdarás inniúil, tá líon mór soithí beostoic i mbun oibriúcháin san Aontas faoi láthair nach gcomhlíonann na caighdeáin iomchuí sábháilteachta muirí agus a ngabhann riosca leo d’ainmhithe agus don fhoireann araon. Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na soithí beostoic sin caighdeáin sábháilteachta agus chun feidhmiú cuí córas fíor‑riachtanach a áirithiú, amhail córais giniúna cumhachta, chobhsaíochta, aerála, díshalannaithe uisce agus draenála uisce, i measc nithe eile, níor cheart do na húdaráis inniúla ábhartha sa Bhallstát ach soithí beostoic a bhfuil bratacha a shainaithnítear faoin Meabhrán Comhthuisceana um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt 45 a bheith ina mbratacha bána nó liatha ar foluain acu a fhormheas chun ainmhithe a iompar. Ina theannta sin, níor cheart d’údaráis inniúla luchtú ainmhithe ar na soithí sin a cheadú ach amháin má shainaithnítear próifíl ísealriosca nó ghnáthriosca a bheith ag an soitheach de réir an Mheabhráin Comhthuisceana um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt.

(24)Faoi láthair, coimeádtar taifid ar fhormheasanna soithí beostoic sa chóras faisnéise a thacaíonn leis an gCóras Nua Cigireachta a eascraíonn as Treoir (AE) 2009/16/CE maidir le Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt 46 . Is é atá i mBunachar Sonraí Chigireacht an Rialaithe arna Dhéanamh ag Stát an Chalafoirt (THETIS) bunachar sonraí lena néascaítear rialuithe oifigiúla ar shoithí farraige san Aontas, lena náirítear soithí beostoic. Sa bhunachar sonraí sin áirítear modúl a bhaineann go sonrach le rialuithe oifigiúla a dhíríonn ar cheanglais maidir le cosaint ainmhithe. Ba cheart faisnéis maidir le soithí beostoic údaraithe a bheith ar fáil in TRACES freisin, chun go mbeifear in ann logaí turas a chruthú go digiteach, a thabhairt cothrom le dáta agus a thabhairt i gcrích in TRACES. Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith freagrach as an bhfaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

(25)I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/372 47 , tar éis soitheach beostoic a fhormheas agus roimh aon athnuachan ar an bhformheas sin, ba cheart tréidlia oifigiúil a bheith ar bord i gcuideachta na coinsíneachta ainmhithe ar an gcéad turas. Tugann sé sin deis don tréidlia rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar fud an chéad turais sin chun a sheiceáil nach bhfuil córais mheicniúla ná bhainistíochta an tsoithigh beostoic díobhálach do leas na nainmhithe atá ar bord le linn an turais.

(26)Is uirlisí tábhachtacha iad logaí turas lenar féidir leis na gníomhaithe uile a bhfuil baint acu le hiompar ainmhithe, agus le húdaráis inniúla, a bheith ar an eolas faoin mbealach agus faoin uainiú atá beartaithe don turas, agus chun a sheiceáil an dtéitear an bealach beartaithe sa chleachtas, agus lena néascaítear forfheidhmiú dá bhrí sin. Ba cheart eilimintí sonracha an loga turais a dhearadh chun forfheidhmiú níos fearr ar chaighdeáin leasa ainmhithe a áirithiú, go háirithe trí inrianaitheacht agus trédhearcacht na noibríochtaí iompair a mhéadú. Ba cheart d’údaráis inniúla sna Ballstáit logaí turas a fhormheas i gcás turais fhada laistigh den Aontas agus chuig tríú tíortha araon, agus i gcás turais ghearra chuig tríú tíortha. Ba cheart úsáid logaí turas a bheith digitithe go hiomlán trí úsáid a bhaint as na deiseanna a sholáthraíonn TRACES agus leathnú a dhéanamh orthu. Tríd an loga turais a dhigitiú, cuirfear feabhas ar bhailiú sonraí agus beifear in ann anailís agus sainaithint riosca níos fearr a dhéanamh.

(27)Chun a áirithiú nach mairfidh turais níos faide ná mar atá beartaithe agus chun foráil a dhéanamh maidir le hinrianaitheacht níos fearr, ba cheart loga turais simplithe a thabhairt isteach le haghaidh turais ghearra laistigh den Aontas. Agus na logaí turas sin tugtha i gcrích ag an eagraí agus gan an ceanglas go bhformheasfaidh an túdarás inniúil iad, cuideoidh siad le húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht oibreoirí le linn cigireachtaí agus seiceálacha. Ina theannta sin, beidh faisnéis maidir leis na hoibríochtaí iompair uile ag údaráis inniúla agus ag an gCoimisiún araon dá mbarr.

(28)Bíonn ainmhithe torracha thar a bheith leochaileach le linn iompair. Ós rud é nach féidir leis an iompróir i gcónaí measúnú a dhéanamh ar chéim thoirchis na nainmhithe sin, ba cheart don choimeádaí a bheith freagrach as faisnéis a sholáthar don iompróir maidir leis an gcéim thoirchis nó an dáta inseamhnaithe, i gcás inarb infheidhme.

(29)Mar thoradh ar ghanntanas forálacha sonracha i ndlí an Aontais maidir le hiompar cat agus madraí, go háirithe coileáin agus puisíní de phórtha éagsúla, chomh maith leis na bealaí éagsúla a léirmhíníonn agus a bhforfheidhmíonn na Ballstáit rialacha an Aontais atá ann cheana, is minic a iompraítear na hainmhithe sin in imthosca lena ngabhann rioscaí dá leas agus tá éagothroime iomaíochta ann d’oibreoirí. Dá bhrí sin, is gá rialacha sonracha maidir le haois íosta cat agus madraí a iompraítear agus eatraimh bheathaithe le linn an turais a shainiú níos fearr, cóireálacha tréidliachta coisctheacha a cheangal chun strus agus galair atá sonrach do speiceas a sheachaint, agus dá réir sin na rialacha sonracha agus comhchuibhithe maidir le hiompar tráchtála cat agus madraí a leathnú. Chun na críche céanna sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le rialacha, amhail rialacha maidir le ceanglais teochta agus bhogthaise, agus leis an ngá atá le loga turais le haghaidh turais fhada.

(30)Le treoirlínte WOAH maidir le leas iasc saothraithe le linn iompair, socraítear na híoschaighdeáin atá le comhlíonadh ar an leibhéal idirnáisiúnta agus déantar moltaí a mhéid a bhaineann le freagrachtaí, pleanáil, dearadh feithiclí, trealamh, láimhseáil, uisce, ullmhú, saincheisteanna speiceas‑shonracha, pleanáil teagmhasachta, doiciméadacht, luchtú agus díluchtú. Ar bhonn na dtreoirlínte sin, ba cheart forálacha sonracha maidir le hainmhithe uisceacha a shocrú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn eolaíocht nua nuair a bheidh tuairimí ábhartha EFSA ar fáil. Eilimint thábhachtach de leas ainmhithe a iompraítear is ea an spás a leithdháiltear orthu ar bord an mhodha iompair, rud a bhraitheann ar a speiceas, a gcatagóirí agus a méid. I dtuairimí EFSA, moltar gur cheart spás leordhóthanach a bheith ag ainmhithe, le linn dóibh a bheith ar bord, chun suíomh a athrú, uisce a ól agus scíth a ligean. Dá bhrí sin, ba cheart na ceanglais maidir le lamháltas spáis a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 a mhéadú i gcomhréir le moltaí EFSA.

(31)Tá suíomhanna fíor‑ama aerárthaí, soithí farraige agus traenacha ar fáil agus inrochtana go poiblí faoi láthair ar chúiseanna sábháilteachta agus faisnéise. Tá an chuid is mó d’fheithiclí bóthair feistithe le córais loingseoireachta satailíte a choimeádann taifid ar an mbealach iarbhír a théitear agus ar fhad an turais. Tá an fhaisnéis sin rí‑thábhachtach do na húdaráis inniúla chun a rialuithe oifigiúla a chur chun feidhme agus a spriocdhíriú níos fearr ar bhonn riosca. Níl an fhaisnéis sin maidir le feithiclí bóthair ar fáil d’údaráis inniúla, áfach.

(32)Teorainn a chur le fad an turais, tá ról bunúsach aige sin i gcosaint ainmhithe le linn iompair. Tá fianaise ann gur minic, sa chleachtas, a mhaireann turais níos faide ná na faid ama a mheastar dóibh sa phleanáil tosaigh, rud a bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha tromchúiseacha a bheith aige ar leas na nainmhithe a iompraítear. Faoi láthair, níl aon mhodh ag an údarás inniúil an áit a bhfuil coinsíneachtaí le linn an turais a sheiceáil chun a rialuithe agus a gcigireachtaí i ndáil le faid ama turas agus tréimhsí sosa, a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625, a spriocdhíriú. Fágann sé sin gur deacair d’údaráis inniúla a rialú go gcomhfhreagraíonn an turas iarbhír don turas a dhearbhaítear. Réiteofaí roinnt mhaith de na dúshláin sin dá mbaileofaí faisnéis trí chóras faisnéise a úsáideann uirlisí aimsithe suímh fíor‑ama.

(33)Dá mbeadh rochtain ag údaráis inniúla ar fhaisnéis maidir leis an am a shroich feithiclí bóthair príomhphointí áirithe sa turas amhail ionaid rialaithe nó an ceann scríbe, bheidís in ann a rialuithe a neartú agus a phleanáil agus a spriocdhíriú níos fearr. D’fhéadfaidís, go háirithe, turais iompair a mhaireann níos faide ná na uasfhaid ama turas a bhrath níos fearr, agus dá réir sin turais iompair ar mó is dócha go mbeidh dochar déanta do leas ainmhithe ag a ndeireadh a shainaithint. Dá bhrí sin, ba cheart córas aimsithe suímh fíor‑ama a bheith ag gach feithicil bhóthair atá in ann suíomh na feithicle a chur in iúl ar fud an turais agus, tar éis an turas a thabhairt i gcrích, a chur in iúl do chóras faisnéise atá ceangailte le TRACES.

(34)Ba cheart sonraí maidir le fad ama an turais agus na dtréimhsí sosa a thaifeadadh agus a choimeád le haghaidh gach turais, chun próiseáil a dhéanamh ar an bhfaisnéis chun críoch rialaithe oifigiúil agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile atá nasctha leis na rialuithe oifigiúla sin. 6 bliana ba cheart a bheith i dtréimhse choinneála na sonraí sin sa chaoi go mbeidh na sonraí sin inrochtana ag na húdaráis inniúla, go háirithe d’fhonn a sheiceáil an gcomhlíonann an teagraí nó an tiompróir na coinníollacha is gá chun athnuachan ar údarú a fháil tar éis don tréimhse bhailíochta 5 bliana dul in éag. Sonraí aimsithe suímh a thaifeadtar sa chóras faisnéise atá ceangailte le TRACES, níor cheart iad a thaifeadadh agus a choimeád ach chun críoch rialuithe oifigiúil agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile atá nasctha leis na rialuithe sin. 6 bliana ba cheart a bheith i dtréimhse choinneála na sonraí sin freisin.

(35)I dteannta Rialachán (AE) 2016/679 48 agus Rialachán (AE) 2018/1725, 49  agus chun ráthaíochtaí leormhaithe sonracha a sholáthar maidir le cosaint sonraí, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha a bhaineann le próiseáil agus rialú sonraí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 50 maidir leis an mbunachar sonraí ina stórálfar na sonraí sin.

(36)Tá sé tábhachtach do na húdaráis inniúla ag an bpointe imeachta a bheith ar an eolas maidir le hoiriúnacht na nainmhithe ar theacht ag an gceann scríbe dóibh. Ba cheart do thiománaithe, nó freastalaithe i gcás inarb ábhartha, agus coimeádaithe araon ag an gceann scríbe bail na nainmhithe ar theacht ag an gceann scríbe dóibh a dhearbhú in TRACES, lena náirítear faisnéis maidir le táscairí leasa ainmhithe. Leis an leagan leictreonach den loga turais, beidh na húdaráis inniúla ag an bpointe imeachta agus ag an gceann scríbe araon in ann an fhaisnéis sin a fháil, rud a thabharfaidh deis dóibh beart a dhéanamh i gcás nach mbeidh bail na nainmhithe leormhaith nó i gcás ina mbeidh neamhréireacht idir an fhaisnéis a sholáthraíonn coimeádaithe, tiománaithe nó freastalaithe.

(37)Go ginearálta, tugann an fhianaise eolaíoch le fios gur diúltaí an difear a dhéanann turais níos faide do leas ainmhithe ná turais níos giorra. I bhfianaise an chaoi a bhfuil seamlais dáilte sna Ballstáit faoi láthair, i bhfianaise na tuairime eolaíche is déanaí maidir le leas ainmhithe le linn iompair agus d’fhonn turais a choimeád chomh gearr is féidir, níor cheart turais chuig seamlais a bheith níos faide ná 9 nuair an chloig. Go ginearálta, na seamlais atá in úsáid faoi láthair, tá siad oiriúnaithe go teicneolaíoch do na speicis agus na catagóirí ainmhithe a mharaítear iontu. Sa chaoi nach mbeidh cás ann nárbh fhéidir marú a dhéanamh mar gheall nach bhfuil aon seamlas, atá feistithe go hiomchuí, laistigh de thuras 9 nuair an chloig, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le díolúine ón teorainn 9 nuair an chloig chun turais fhada chuig seamlais atá feistithe go hiomchuí a cheadú ar bhonn eisceachtúil, ar choinníoll go núdaraíonn an túdarás inniúil sin.

(38)Deimhníodh le tuairimí EFSA go ndéanann an iomarca stadanna lena ngabhann luchtú agus díluchtú ag ionaid rialaithe feadh an turais díobháil do leas ainmhithe, toisc go bhfuil láimhseáil bhreise ainmhithe mar thoradh orthu agus strus breise agus riosca méadaithe dá réir sin go nochtfar do dhíobháil agus d’ionfhabhtuithe iad. Dá bhrí sin, níor cheart níos mó ná tréimhse sosa amháin lena ngabhann luchtú agus díluchtú a áireamh i dturais fhada. I gcás turais ar bóthar nó ar iarnród is faide ná 9 nuair an chloig chun críoch seachas marú, i dteannta na comhairle eolaíche is déanaí ó EFSA, ba cheart na huastréimhsí tiomána agus na híostréimhsí sosa le haghaidh tiománaithe bóthair dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 51 a chur san áireamh chun faid ama turas agus tréimhsí sosa na nainmhithe a iompraítear a chomhordú níos fearr.

(39)Tá ainmhithe nach bhfuil bainte den diúl thar a bheith leochaileach le linn iompair agus ba cheart a áirithiú go mbeathófar ar bord iad i gcomhréir lena riachtanais. De réir chomhairle eolaíoch EFSA, ba cheart aois íosta agus meáchan íosta na nainmhithe sin sula bhféadfar iad a iompar a mhéadú sa chaoi go mbeidh siad níos athléimní agus níos oiriúnaí lena niompar. Ina theannta sin, ba cheart na hainmhithe sin a iompar ar feadh uastréimhse 8 nuair an chloig mura bhfuil córas i bhfeidhm ar bord an mhodha iompair lenar féidir na hainmhithe nach bhfuil bainte den diúl a bheathú go héifeachtach le bainne nó le bainne púdrach atá ag teocht an choirp faoi na dálaí iomchuí.

(40)Leis an taithí ar chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, léirítear gur dúshlánach an rud é comhlíonadh an cheanglais go soláthrófar beathú leordhóthanach d’ainmhithe nach bhfuil bainte den diúl. Ní mór ainmhithe nach bhfuil bainte den diúl a bheathú le bainne speiceas‑oiriúnaithe nó le bainne púdrach iomchuí atá ag teocht an choirp faoi dhálaí atá comhchosúil le beathú nádúrtha le bainne agus ag eatraimh a fhágfaidh nach dtiocfaidh ocras fadtéarmach orthu. Ba cheart córais bheathaithe a bheith ceaptha chun go mbeifear in ann an bainne nó an tearra ionaid bainne a thabhairt do gach ainmhí ar bord, gan ach an idirghabháil is lú ag freastalaithe nó tiománaithe a bheith ag teastáil. Leis an gcothabháil, ba cheart deis a thabhairt glanadh agus díghalrú iomchuí a dhéanamh ionas nach néilleofar an bainne. Ba cheart an córas beathaithe a oiriúnú do na himthosca agus don chineál iompair ina mbeartaítear é a úsáid. Go sonrach, i gcás ina niomprófar ainmhithe ar shoitheach rolladh ann‑rolladh as, ba cheart an spás teoranta timpeall an mhodha iompair agus gluaiseacht an tsoithigh a chur san áireamh. Ionas nach dtiocfaidh neamhréireachtaí chun cinn sna córais bheathaithe, ba cheart don Choimisiún na córais sin a fhormheas ar bhonn na fianaise eolaíche agus theicniúla ar éifeachtacht a núsáide beartaithe agus ar chomhréireacht leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart do EFSA cúnamh a thabhairt don Choimisiún leis an gcúram sin freisin.

(41)Cé go sainaithníonn tuairimí eolaíocha EFSA go bhfuil strus gluaisteachta ina riosca tábhachtach do leas ainmhithe a iompraítear i bhfeithiclí bóthair, ní thagann siad ar an gconclúid chéanna maidir le strus gluaiseachta i modhanna iompair ar muir. Cuirtear teorainn le faid ama turas ar mhodhanna iompair ar bóthar agus ar iarnród agus ceanglaítear tréimhsí sosa chun maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag strus gluaiseachta ar leas ainmhithe a iompraítear. Ainmhithe a iompraítear ar muir, ní nochtar iad don chineál céanna gluaiseachta le hainmhithe a iompraítear ar bóthar nó ar iarnród. Ní imríonn an ghluaiseacht i soithí farraige tionchar ar chobhsaíocht ainmhithe ar an mbealach céanna le gluaiseacht i bhfeithiclí bóthair, mar a gcuirtear ainmhithe faoi réir gluaiseachtaí athfhillteacha tobanna gan choinne. Dá thoradh sin, níl tionchar an mhuiriompair ar ainmhithe chomh díobhálach céanna dá leas. Ar choinníoll go mbeidh spás leordhóthanach ag ainmhithe ar bord soithí farraige amhail soithí beostoic, soithí coimeádán agus soithí rolladh ann‑rolladh as chun luí síos agus scíth a ligean, go mbeidh méideanna leordhóthanacha beatha agus uisce acu agus go soláthrófar iad sin ag eatraimh iomchuí, níor cheart an tam a chaitear ar muir a chomhaireamh mar am turais.

(42)Is toisc thábhachtach í an teocht ag a niompraítear ainmhithe a imríonn tionchar ar a leas. Cruthaíodh gur deacair teochtaí san fheithicil a thomhas le linn di a bheith ar an mbóthar agus ní go héasca is féidir bearta feabhais a dhéanamh ina leith. Is deacair teorainneacha teochta a choinneáil ar bun laistigh d’fheithicil toisc go mbraitheann sé ar roinnt mhaith tosca, lena náirítear bogthais agus an spás a sholáthraítear ar bord. Tá sé costasach agus is dócha go bhfuil sé neamh‑inbhuanaithe ainmhithe a iompar i leoraithe atá feistithe le córas aerchóiriúcháin. Dá bhrí sin, is iomchuí teorainn a chur le faid ama turas le linn teochtaí foircneacha chun laghdú a dhéanamh ar a mhéad a nochtar ainmhithe dóibh agus, sna cásanna is foircní, gan iompar ainmhithe a cheadú ach istoíche. Ina theannta sin, ba cheart bearta a dhéanamh freisin a mhaolaíonn ar na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag an teocht ar bord, amhail gaothairí an leoraí a oscailt agus níos mó spáis a sholáthar do na hainmhithe.

(43)Eagraithe a iompraíonn ainmhithe chuig ceann scríbe i dtríú tír, ní mór dóibh a shocrú go ndéanfaidh comhlacht deimhniúcháin meastóireacht ar an gcéad turas chun a chinneadh cén cumas atá ag an eagraí a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo go dtí go sroichfidh na hainmhithe an ceann scríbe sa tríú tír. Mura gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart don údarás inniúil údarú an eagraí i ndáil le hiompar chuig tríú tíortha a chur ar fionraí. Ba cheart don chomhlacht deimhniúcháin meastóireacht a dhéanamh go tráthrialta ar thurais chuig tríú tíortha arna neagrú ag an eagraí d’fhonn a chinneadh an bhfuil sé fós d’acmhainn ag an eagraí an Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart an teolas agus na cáilíochtaí is gá a bheith ag comhlachtaí deimhniúcháin, ba cheart dóibh ráthaíochtaí a sholáthar go bhfuil siad fós neamhspleách ó eagraithe, iompróirí agus aon duine nó eintiteas eile atá páirteach in ainmhithe a iompar nó a láimhseáil agus ba cheart iad a bheith creidiúnaithe ag comhlachtaí creidiúnúcháin náisiúnta a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 52 .

(44)Le Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle 53 leagtar síos ceanglais maidir le hionaid rialaithe agus maidir le húsáid na nionad rialaithe sin san Aontas. Chun a áirithiú go ndéanfaidh iompar ainmhithe ón Aontas chuig tríú tíortha an Rialachán seo a chomhlíonadh go háirithe a mhéid a bhaineann le faid ama turas, tréimhsí sosa agus coinníollacha cóiríochta na nainmhithe le linn tréimhsí sosa, ba cheart d’ionaid rialaithe i dtríú tíortha caighdeáin atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle, a chomhlíonadh.

(45)Féadfaidh oibreoirí ionad rialaithe i dtríú tíortha nó eagraithe a iarraidh go gcuirfear ar liosta iad a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún ar choinníoll go léiríonn siad go gcomhlíonann siad ceanglais atá coibhéiseach ar a laghad le rialacha an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1255/97. Chun na críche sin, féadfaidh ionaid rialaithe i dtríú tíortha cruthúnas a sholáthar go bhfuil a gcomhlíontacht le ceanglais atá coibhéiseach ar a laghad leo siúd a leagtar síos i ndlí an Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle, arna deimhniú ag comhlacht deimhniúcháin. Ba cheart don Choimisiún an liosta d’ionaid rialaithe fhormheasta i dtríú tíortha a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

(46)Chun a áirithiú níos fearr go bhfreastalóidh ionaid rialaithe ar riachtanais na nainmhithe a chaitheann tréimhse sosa ag a náitreabh, ba cheart an táitreabh sin a oiriúnú do na speicis agus na catagóirí ábhartha. Ba cheart córas áirithintí a chur i bhfeidhm chun moilleanna nó ró‑áirithint ionad rialaithe a sheachaint. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 a leasú dá réir sin.

(47)Léiríonn an taithí go bhfuil sé tábhachtach go nainmneofar pointe imeachta san Aontas chun iompar rianúil ainmhithe beo ón Aontas chuig tríú tíortha a áirithiú. Ba cheart ainmhithe a bheith ag fágáil an Aontais trí phointí imeachta ainmnithe a chomhlíonann na ceanglais riachtanacha maidir le seiceálacha leasa ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 21(2), pointe (c) de Rialachán (AE) 2017/625 54  agus atá in ann cumarsáid idir údaráis inniúla ag pointí imeachta, ionaid tionóil, ionaid rialaithe agus bunaíochtaí cinn scríbe ina leith sin a áirithiú. Ba cheart d’údaráis inniúla na hainmnithe sin a thaifeadadh in TRACES.

(48)Léiríonn an taithí go bhfuil riosca ann go bhféadfadh an tír cinn scríbe diúltú do choinsíneachtaí ainmhithe a iompraítear ar muir ar bhonn na ndoiciméad a chuirtear i láthair, deimhnithe sláinte mar shampla. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé sin difear a dhéanamh do leas na nainmhithe, toisc nach féidir iad a fhilleadh ar an áit imeachta ar chúiseanna sláinte ainmhithe. Níor cheart do na húdaráis inniúla ag an áit imeachta loga turais a fhormheas ach amháin i gcás ina soláthróidh na hoibreoirí dóibh fianú ar ghlacadh na doiciméadachta le haghaidh iompar idirnáisiúnta ainmhithe beo ar muir arna shíniú ag údarás inniúil chalafort na tíre is ceann scríbe deiridh. Dá réir sin, is iomchuí samhail fianaithe a bhunú.

(49)Ba cheart do na Ballstáit pionóis éifeachtacha chomhréireacha athchomhairleacha maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad. Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach éifeachtach ar fud an Aontais, is gá leibhéil éagsúla forfheidhmithe a sheachaint sa chaoi nach ngearrfaidh Ballstáit éagsúla pionóis de leibhéil éagsúla tromchúise as neamhchomhlíontacht agus, dá dheasca sin, sa chaoi nach ndéanfaí oibríochtaí iompair a phleanáil i gcomhréir le tromchúis na bpionós a fhorchuirtear i mBallstáit áirithe a bheith níos ísle. Is iomchuí na sáruithe sin ar an Rialachán seo a chruthaíonn rioscaí móra do leas ainmhithe a shainaithint agus íosleibhéil pionós airgeadais a bhunú i ndáil le luach coinsíneachtaí ainmhithe sna cásanna sin. A mhinice a tharlaíonn an sárú, ba cheart é sin a bheith ina thoisc freisin agus ba cheart sáruithe a dhéantar arís agus arís eile a mheas a bheith ní ba thromchúisí. Leis sin, ba cheart sáruithe amach anseo a dhíspreagadh agus feabhas a chur ar fhorfheidhmiú an Rialacháin. 

(50)Léirigh an tSeiceáil Oiriúnachta ar reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe go bhfuil deacrachtaí ann ó thaobh measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí atá Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 chun feabhas a chur ar leas ainmhithe i ngeall ar an easpa táscairí dá bhforáiltear sa Rialachán sin. Is iomchuí córas faireacháin ar tháscairí leasa ainmhithe a chruthú.

(51)Ba cheart a cheangal ar iompróirí agus coimeádaithe sonraí a bhailiú ar bhonn táscairí leasa ainmhithe atá ábhartha dá ngníomhaíochtaí iompair. Trí anailís a dhéanamh ar na sonraí, beidh iompróirí agus coimeádaithe in ann easnaimh i ndáil le leas ainmhithe a shainaithint agus bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh i gcás inar gá. Ba cheart sonraí maidir le táscairí a chur ar fáil freisin d’údaráis inniúla agus don Choimisiún in TRACES.

(52)Chun na rialacha teicniúla i gCaibidlí I, II, V agus VII d’Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta, chun na rialacha sin a ailíniú leis an eolas eolaíoch agus teicniúil is déanaí i gcás ina mbeidh siad ar fáil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún. Chun cur chun feidhme cuí an Rialacháin seo a éascú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh maidir le samhail an loga turais in Iarscríbhinn III agus leis an tsamhail fianaithe in Iarscríbhinn IV, i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 55 . Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(53)Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, lena náirítear eilimintí de phleananna teagmhais agus a dteimpléid, rialacha teicniúla maidir le soithí beostoic a fhormheas, na heilimintí teicniúla is gá chun taifeadtaí an chórais loingseoireachta rianaithe bheo a shocrú, an formheas ar chórais bheathaithe le haghaidh ainmhithe ar bord nach bhfuil bainte den diúl, inneachar na meastóireachtaí is gá chun eagraí a iompraíonn ainmhithe chuig tríú tíortha a dheimhniú agus a mhinice is gá iad, na liostaí d’ionaid rialaithe a chomhlíonann caighdeáin atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle agus sainmhínithe ar tháscairí leasa agus na modhanna chun faireachán a dhéanamh orthu, agus rialacha teicniúla maidir le húsáid TRACES. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 .

(54)Tá sé tábhachtach a áirithiú nach núsáidfidh na Ballstáit rialacha náisiúnta ar bhealach a ndéanfaidh dochar do chur i bhfeidhm ceart fhorálacha an Rialacháin seo ná ar bhealach a ndéanfaidh difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon riail náisiúnta den sórt sin. Ba cheart don Choimisiún aird na mBallstát eile a tharraingt orthu. I gcás ina dtiocfaidh rialacha náisiúnta faoi raon feidhme Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún fúthu i gcomhréir leis an Treoir sin.

(55)Leis an measúnú tionchair a rinneadh chun an Rialachán seo a ullmhú, léirítear go niarrtar le cuid de na ceanglais nua a leagtar amach sa Rialachán seo ar na hoibreoirí dá ndéanann siad difear pleanáil agus infheistíocht a dhéanamh. Rialacha nua maidir le faid ama turais agus ainmhithe nach bhfuil bainte den diúl a bheathú le linn iompair, ceanglófar leo athruithe ar phatrúin iompair, agus infheistíochtaí i leoraithe nua chun níos mó spáis a sholáthar do na hainmhithe agus, b’fhéidir, córais bheathaithe nua. Dá réir sin, ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhsí iomchuí chun go gcuirfear san áireamh an tam lena bhfuil gá ag na oibreoirí lena mbaineann chun oiriúnú do na ceanglais chomhfhreagracha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(56)Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin cur chuige comhchuibhithe a áirithiú i ndáil le cosaint ainmhithe le linn iompair, a chomhlíonadh go leormhaith agus gur féidir é a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, de bhun scála, éifeachtaí agus saintréithe trasteorann agus idirnáisiúnta an iompair, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(57)‘Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an [LL/MM/BBBB].’

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME, SAINMHÍNITHE AGUS FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair i ndáil le gníomhaíocht eacnamaíoch.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiompar ainmhithe:

laistigh den Aontas;

ó áit imeachta i dtríú tír chuig ceann scríbe san Aontas;

ó áit imeachta san Aontas chuig ceann scríbe i dtríú tír; agus

ó phost rialaithe teorann go dtí pointe imeachta isteach sna Aontas, i gcás ina ndéanfar ainmhithe a iompar ar idirthuras trí chríoch an Aontais.

2.Is faoi réir Airteagal 4 amháin a bheidh iompar chun na gcríoch seo a leanas:

(a)feirmeoirí a bheith ag iompar a nainmhithe féin agus úsáid á baint acu as a modh iompair féin chun críche buailteachais shéasúraigh;

(b)feirmeoirí a bheith ag iompar a nainmhithe féin agus úsáid á baint acu as a modh iompair féin chun críoch seachas buailteachas, achar nach faide ná 50 km ón ngabháltas ina gcoimeádtar iad.

(c)iompar ainmhithe chun críoch rannpháirtíochta in oiliúint, taispeántais, comórtais, imeachtaí cultúrtha, sorcais, agus gníomhaíochtaí eachaíochta agus fóillíochta;

3.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na cineálacha seo iompair a leanas:

(a)iompar ainmhithe nach ndéantar i gceangal le gníomhaíocht eacnamaíoch;

(b)iompar ainmhithe go díreach chuig cleachtaí nó clinicí tréidliachta nó go díreach uathu;

(c)iompar speiceas faoi chosaint, faoin gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) 57 ;

(d)iompar ainmhithe idir zúnna mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 1999/22/CE ón gComhairle 58 .

(e)iompar iasc ornáideach;

(f)seachadtaí díreacha ainmhithe uisceacha chuig gnólachtaí bia a sholáthraíonn don tomhaltóir deiridh.

4.Ní bheidh feidhm ag Airteagail 4(2)(b), 20, 26, Caibidlí I agus V d’Iarscríbhinn I agus pointe 4 d’Iarscríbhinn II maidir le hiompar ainmhithe chun críoch tionscadail údaraithe faoi Threoir 2010/63/AE 59 .

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.ciallaíonn ‘ainmhithe’ ainmhithe veirteabracha, ceifileapóid agus deiceapóid bheo;

2.ciallaíonn ‘áit imeachta’:

(a)an áit ar soláthraíodh cóiríocht d’ainmhí ar feadh seachtaine ar a laghad roimh imeacht dó agus a luchtaítear ar bord modh iompair den chéad uair é; nó

(b)ionad tionóil má bailíodh an tainmhí i bhfoisceacht achar nach faide ná 100 km uaidh;

3.ciallaíonn ‘ceann scríbe’ seamlas nó aon áit eile a ndíluchtaítear ainmhí ó mhodh iompair agus a soláthraítear cóiríocht dó ar feadh seachtaine ar a laghad sula nimeofar arís ina dhiaidh sin;

4.ciallaíonn ‘turas’ gluaiseacht ainmhithe arna cur i gcrích ag modh iompair amháin nó níos mó, a thosaíonn le luchtú an chéad ainmhí ar an gcéad mhodh iompair ag an bpointe imeachta agus a chríochnaíonn le díluchtú an ainmhí dheireanaigh ag an gceann scríbe, agus na hoibríochtaí gaolmhara lena náirítear tréimhsí sosa agus aistriú ó mhodh iompair amháin go modh eile;

5.ciallaíonn ‘modh iompair’ feithiclí bóthair nó iarnróid, soithí agus aerárthaí a úsáidtear chun ainmhithe a iompar;

6.ciallaíonn ‘ainmhithe uisceacha’ éisc, ceifileapóid agus deiceapóid;

7.ciallaíonn ‘eagraí’:

(a)iompróir a iompraíonn ainmhithe ar feadh an turais iomláin nó ar feadh cuid den turas chuig iompróir amháin eile ar a laghad, nó iompróir a ligeann an tiompar sin ar fochonradh; nó

(b)duine nádúrtha nó dlítheanach a rinne conradh le hiompróir ainmhithe a iompar; nó

(c)duine a shínigh Roinn 1 den loga turais in TRACES mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

8.ciallaíonn ‘turas fada’ turas is faide ná 9 nuair an chloig;

9.ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2017/625;

10.Ciallaíonn ‘TRACES’ an córas ríomhairithe dá dtagraítear in Airteagal 133(4) de Rialachán (AE) 2017/625 chun sonraí, faisnéis agus doiciméid a mhalartú;

11.ciallaíonn ‘iompróir’ oibreoir arb é atá ina ghníomhaíocht eacnamaíoch ainmhithe a iompar thar a cheann féin, nó thar ceann tríú páirtí;

12.ciallaíonn ‘turas gearr’ turas nach faide ná 9 nuair an chloig;

13.ciallaíonn ‘freastalaí’ duine atá i gceannas go díreach ar leas na nainmhithe a iompraítear agus é ina gcuideachta le linn turas iompair ar bóthar nó ar iarnród;

14.ciallaíonn ‘feithicil’ modh iompair atá feistithe le rothaí a thiomáintear nó a tharraingítear;

15.ciallaíonn ‘oifigeach leasa ainmhithe’ duine atá i gceannas go díreach ar leas na nainmhithe a iompraítear ar shoitheach beostoic ar feadh fhad an turais ar muir;

16.ciallaíonn ‘soitheach beostoic’ soitheach farraige a tógadh nó a oiriúnaíodh lena úsáid chun ainmhithe talún, seachas éin chlóis nó coiníní, a iompar;

17.ciallaíonn ‘coimeádán’ aon chliathbhosca, bosca, gabhdán nó struchtúr righin eile a úsáidtear chun ainmhithe a iompar nach modh iompair é;

18.ciallaíonn ‘soitheach coimeádán’ soitheach lena niompraítear ainmhithe talún, seachas éin chlóis nó coiníní, i gcoimeádáin inghluaiste;

19.ciallaíonn ‘ainmhithe talún’ eachainmhithe coimeádta, agus ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, ceirbhidigh, coiníní agus éin chlóis, lena náirítear éanlaith chlóis;

20.ciallaíonn ‘soitheach rolladh ann‑rolladh as’ soitheach ag a bhfuil saoráidí a chuireann ar a gcumas d’fheithiclí bóthair nó iarnróid rolladh isteach sa soitheach nó rolladh amach as;

21.ciallaíonn ‘coimeádán le haghaidh ainmhithe móra’ coimeádán a úsáidtear chun ainmhithe talún seachas éin chlóis agus coiníní a iompar ar mhodh iompair ar bóthar, ar iarnród nó ar shoithí coimeádán;

22.ciallaíonn ‘tréidlia oifigiúil’ tréidlia oifigiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3(32) de Rialachán (AE) 2017/625;

23.ciallaíonn ‘ionad tionóil’ bunaíocht le haghaidh oibríochtaí tionóil arna clárú i gcomhréir le hAirteagal 97(1) de Rialachán (AE) 2016/429 ina ndéantar ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas eachaí nó den speiceas mucúil ar de thionscnamh níos mó ná gabháltas amháin iad a ghrúpáil le chéile go sealadach chun coinsíneacht a fhoirmiú;

24.ciallaíonn ‘ionaid rialaithe’ ionaid rialaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1255/97;

25.ciallaíonn ‘fad ama turais’ an tréimhse ama ar lena linn a bhogtar ainmhithe de mhodh iompair, lena náirítear am luchtaithe agus díluchtaithe na nainmhithe;

26.ciallaíonn ‘coimeádaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas iompróir, atá i gceannas ar ainmhithe nó a láimhseálann ainmhithe ar bhonn buan nó sealadach;

27.ciallaíonn ‘pointe imeachta’ pointe imeachta mar a shainmhínítear é in Airteagal 3(39) de Rialachán (AE) 2017/625”;

28.ciallaíonn ‘post rialaithe teorann’ post rialaithe teorann mar a shainmhínítear in Airteagal 3(38) de Rialachán (AE) 2017/625.

29.ciallaíonn ‘córais aimsithe suímh’ córais bonneagar lena soláthraítear seirbhísí uainithe agus aimsithe suímh, ar seirbhísí domhanda leanúnacha cruinne ráthaithe iad, a bhfuil gá leo chun críoch an Rialacháin seo;

30.ciallaíonn ‘tréimhse sosa’ tréimhse leanúnach i gcaitheamh turais ar lena linn nach mbogtar ainmhithe de mhodh iompair;

31.ciallaíonn ‘iompar bithshlán’ iompar ainmhithe chun críocha Threoir 2010/63/AE lena soláthraítear bacainn fhisiceach a chosnaíonn na hainmhithe ar aistriú éilleán miocróbach agus lena náirithítear a leas trí bheatha, uisce agus dálaí comhshaoil is iomchuí don speiceas agus don chéim dá bhforbairt a sholáthar, lena náirítear spás leordhóthanach chun scíth a ligean agus searradh a bhaint;

32.ciallaíonn ‘comhlacht deimhniúcháin’ eintiteas dlítheanach arna chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus a oibríonn i gcomhréir le ISO/IEC/17065 le haghaidh Measúnú comhréireachta — Ceanglais maidir le comhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí;

33.ciallaíonn ‘ainmhí neamhbhriste den speiceas eachaí’ ainmhí den speiceas eachaí nach féidir a cheangal nó a thabhairt ar ghreim ceanraí gan fuadar, pian ná fulaingt inseachanta a chruthú dó.

Airteagal 4

Forálacha ginearálta maidir le hiompar ainmhithe

1.Ní dhéanfaidh aon duine ainmhithe a iompar ná cur le hainmhithe a iompar ar bhealach ina gcruthófar nó inar dócha go gcruthófar fulaingt mhíchuí dóibh.

2.Áiritheoidh aon duine a iompraíonn ainmhithe nó a chuireann le hainmhithe a iompar go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)déanfar gach socrú is gá roimh ré chun fad ama an turais a íoslaghdú ionas go ndéanfar na guaiseacha leasa ainmhithe is coitinne, lena náirítear fulaingt de bharr ocrais, tarta, tuirse, gortuithe nó míchompoird theirmigh a íoslaghdú;

(b)beidh na hainmhithe i riocht le haghaidh an turais iomláin;

(c)déanfar na modhanna iompair a dhearadh, a thógáil, a chothabháil agus a oibriú ar bhealach ina ndéanfar gortú nó fulaingt neamhriachtanach a chosc agus ina ndéanfar sábháilteacht na nainmhithe a áirithiú;

(d)déanfar na saoráidí luchtaithe agus díluchtaithe a dhearadh, a thógáil, a chothabháil agus a oibriú ar bhealach ina ndéanfar gortú agus fulaingt neamhriachtanach a sheachaint agus ina ndéanfar sábháilteacht na nainmhithe a áirithiú;

(e)beidh aon duine a bheidh freagrach as na hainmhithe ag aon chéim dá niompar inniúil ar an gcuspóir sin agus ar na hainmhithe a iompraítear a láimhseáil, agus déanfaidh sé a chúraimí nó a cúraimí gan foréigean ná aon mhodh lenar dócha go gcruthófar gortú nó fulaingt neamhriachtanach do na hainmhithe a úsáid;

(f)déanfar an tiompar gan moill mhíchuí;

(g)déanfar bail leasa na nainmhithe a sheiceáil go tráthrialta agus a chothabháil go hiomchuí;

(h)déanfar an tachar urláir agus airde na modhanna iompair agus na saoráidí luchtaithe agus díluchtaithe a oiriúnú do speiceas, do mhéid agus do chatagóir na nainmhithe lena mbaineann agus don turas pleanáilte;

(i)tabharfar uisce, beatha agus scíth do na hainmhithe ag eatraimh thráthrialta le linn an turais agus beidh siad iomchuí ó thaobh cháilíocht agus chainníocht speiceas agus riachtanais fhiseolaíocha na nainmhithe;

(j)tabharfar uisce a bheidh leordhóthanach ó thaobh toirte agus cáilíochta d’ainmhithe uisceacha.

CAIBIDIL II
ÚDARUITHE EAGRAÍ AGUS IOMPRÓRA

Airteagal 5

Iarratas ar údarú eagraí le haghaidh turais fhada

1.Ní fhéadfaidh eagraithe socruithe a dhéanamh le haghaidh iompar ainmhithe le haghaidh turais fhada ach amháin má tá údarú arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 6 acu.

2.Déanfaidh an teagraí iarratas ar údarú chun ainmhithe a iompar le haghaidh turais fhada a chur faoi bhráid an údaráis inniúil in TRACES agus an fhoirm i Roinn 1 d’Iarscríbhinn V á úsáid. Sonrófar leis an iarratas cé acu atá sé beartaithe ag an eagraí iompar ainmhithe chuig tríú tíortha a eagrú nó nach bhfuil.

3.Ní dhéanfaidh eagraithe iarratas ar níos mó ná aon údarás inniúil amháin, i níos mó ná aon Bhallstát amháin.

4.Beidh fianaise go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas san iarratas dá dtagraítear i mír 2:

(a)beidh an teagraí bunaithe, nó, i gcás eagraí atá bunaithe i dtríú tír, beidh ionadaíocht aige i mBallstát an údaráis inniúil faoi seach;

(b)beidh inniúlacht ag an eagraí Airteagal 14 a chomhlíonadh.

Airteagal 6

Údaruithe eagraí a dheonú, a athnuachan, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar

1.Déanfaidh an túdarás inniúil an túdarú dá dtagraítear in Airteagal 5 a dheonú in TRACES agus an fhoirm i Roinn 1 d’Iarscríbhinn V á úsáid, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(4).

2.Sonrófar leis an údarú dá bhforáiltear i mír 1 speicis agus catagóirí na nainmhithe agus an cineál (nó cineálacha) iompair a chumhdaítear agus cé acu a chumhdaítear iompar ainmhithe chuig tríú tíortha leis nó nach gcumhdaítear.

Beidh an t‑údarú bailí go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana ón dáta a eisítear é.

3.Aon mhí amháin sula rachaidh an túdarú in éag, féadfaidh an teagraí iarratas a dhéanamh ar athnuachan in TRACES. Áireofar le hiarratas ar athnuachan fianaise go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(4), an deimhniú dá bhforáiltear in Airteagal 33 nuair is ábhartha, agus anailís dhoiciméadaithe ar fhaireachán ar na táscairí le haghaidh thréimhse bhailíochta an fhormheasa deiridh agus i gcás inarb iomchuí, fianaise dhoiciméadaithe ar bhearta a chuirfear i bhfeidhm i gcás inar mó na luachanna lena ndéantar na táscairí a chainníochtú ná na tairseacha dá bhforáiltear in Airteagal 26(3). Déanfaidh an túdarás inniúil an tiarratas ar athnuachan a dheonú nó a dhiúltú agus déanfaidh sé an athnuachan nó an diúltú a thaifeadadh in TRACES agus, i gcás diúltaithe, déanfaidh sé na cúiseanna leis a thaifeadadh.

4.Mura gcomhlíonann an teagraí na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5(4) nó in Airteagal 33(6) a thuilleadh, tabharfaidh an túdarás inniúil ordú an túdarú a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 138(2), pointe (j), de Rialachán (AE) 2017/625 agus déanfaidh sé an fhionraíocht a thaifeadadh in TRACES gan mhoill. I gcás inarb ábhartha, déanfaidh an túdarás inniúil an chuid den údarú lena gcumhdaítear iompar chuig tríú tír a chur ar fionraí.

Tabharfaidh an t‑údarás inniúil ráiteas i scríbhinn don eagraí lena gcuirfear na cúiseanna leis an bhfionraíocht agus moltaí maidir le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a fuarthas in iúl.

Cuirfidh an t‑údarás inniúil deireadh leis an bhfionraí i gcás ina soláthróidh an t‑eagraí fianaise go bhfuil na heasnaimh a bhfuil fionraí a iarratais bunaithe orthu ceartaithe acu.

Maidir le hiompar laistigh den Aontas, mura bhfuil na heasnaimh ceartaithe ag an eagraí laistigh de 1 mhí amháin den fhionraíocht, déanfaidh an t‑údarás inniúil an t‑údarú a tharraingt siar.

Maidir le hiompar chuig tríú tír, mura bhfuil na heasnaimh ceartaithe ag an eagraí laistigh de 3 mhí den fhionraíocht, déanfaidh an t‑údarás inniúil an t‑údarú a tharraingt siar.

Airteagal 7

Iarratas ar údarú iompróra le haghaidh turais ghearra

1.Ní fhéadfaidh iompróirí ainmhithe a iompar le haghaidh turais ghearra ach amháin má tá an méid seo a leanas acu:

(a)údarú le haghaidh turais ghearra arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 9(1) maidir leis an speiceas agus na catagóirí lena mbaineann; nó

(b)údarú le haghaidh turais fhada arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 9(1) maidir leis an speiceas agus na catagóirí lena mbaineann.

2.Déanfaidh an tiompróir iarratas ar údarú chun ainmhithe a iompar ar thurais ghearra a chur faoi bhráid an údaráis inniúil in TRACES agus an fhoirm i Roinn 2 d’Iarscríbhinn V á úsáid. Beidh fianaise go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas san iarratas:

(a)beidh an tiompróir bunaithe, nó, i gcás iompróir atá bunaithe i dtríú tír, beidh ionadaíocht aige i mBallstát an údaráis inniúil faoi seach;

(b)beidh foireann agus trealamh leordhóthanach agus iomchuí ag an iompróir agus beidh treoracha i scríbhinn le haghaidh na foirne aige a mhéid a bhaineann le huisciú, beathú agus cúram ainmhithe agus beidh nósanna imeachta oibriúcháin i bhfeidhm aige chun cur ar a chumas dá fhoireann an Rialachán seo a chomhlíonadh;

(c)beidh na cúrsaí oiliúna ábhartha curtha i gcrích ag na tiománaithe agus na freastalaithe atá fostaithe ag an iompróir nó a chuireann seirbhísí ar fáil dó agus beidh deimhnithe inniúlachta acu dá bhforáiltear in Airteagal 38;

(d)ní dhearna an tiompróir ná a ionadaithe sa Bhallstát ina ndéanfar an tiarratas sárú tromchúiseach dá bhforáiltear in Airteagal 44 le linn na 5 bliana roimh an dáta cuir i bhfeidhm.

Chun críche phointe (d), i gcás ina ndearna an t‑iompróir nó a ionadaithe sárú tromchúiseach le linn na tréimhse sin, léireoidh siad chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil gach beart is gá déanta acu chun sáruithe breise a sheachaint.

Airteagal 8

Iarratas ar údarú iompróra le haghaidh turais fhada

1.Ní fhéadfaidh iompróirí ainmhithe a iompar le haghaidh turais fhada ach amháin má tá údarú arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 9(1) acu. Beidh na húdaruithe sin bailí le haghaidh turais ghearra freisin.

2.Déanfaidh an tiompróir iarratas ar údarú chun ainmhithe a iompar le haghaidh turais fhada a chur faoi bhráid an údaráis inniúil in TRACES agus an fhoirm i Roinn 3 d’Iarscríbhinn V á úsáid. Ní dhéanfaidh iompróirí iarratas ar níos mó ná aon údarás inniúil amháin, i níos mó ná aon Bhallstát amháin.

3.Beidh fianaise go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas san iarratas dá bhforáiltear i mír 2:

(a)comhlíonann an tiompróir na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7(2); agus

(b)tá na doiciméid seo a leanas i seilbh ag an iompróir:

i.deimhnithe formheasa bailí dá bhforáiltear in Airteagail 12 nó 13 le haghaidh na modhanna iompair a bheidh in úsáid ag an iompróir le haghaidh an turas fada lena mbaineann;

ii.doiciméad lena leagfar amach go mion na nósanna imeachta lena gcuirfear ar a chumas don iompróir gluaiseachtaí feithiclí agus soithí faoina fhreagracht a rianú agus a thaifeadadh, agus na nósanna imeachta chun teagmháil a dhéanamh leis na tiománaithe lena mbaineann tráth ar bith le linn turais fhada;

iii.Plean teagmhasach i gcás éigeandálaí le linn an iompair bheartaithe.

4.Chun a áirithiú go ndéanfar pleananna teagmhais a chur i láthair ar bhonn aonfhoirmeach i gcás éigeandálaí le linn turais fhada dá bhforáiltear i mír (b), pointe (iii), cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun íoscheanglais a leagan síos maidir le hábhar an phlean teagmhais, maidir le cineálacha éagsúla turas, agus foirmeacha samplacha caighdeánacha a bhunú agus a nuashonrú de réir mar is gá chun na pleananna teagmhais sin a chur isteach.

Airteagal 9

Údaruithe iompróra a dheonú, a athnuachan, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar

1.Déanfaidh an túdarás inniúil údarú a dheonú in TRACES d’iompróir le haghaidh turais ghearra nó turais fhada mar a cheanglaítear faoi Airteagal 7(1) agus Airteagal 8(1) agus na foirmeacha i Ranna 2 agus 3 d’Iarscríbhinn V faoi seach á núsáid, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7(2) agus Airteagal 8(2) faoi seach.

2.Sonrófar leis an údarú dá bhforáiltear i mír 1 speiceas agus catagóirí na nainmhithe agus an cineál iompair a chumhdaítear agus cé acu a chumhdaítear turais fhada nó turais ghearra leis nó nach gcumhdaítear.

Beidh an t‑údarú bailí go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana ón dáta a eisítear é.

3.Aon mhí amháin sula rachaidh an túdarú le haghaidh turais ghearra nó turais fhada in éag, féadfaidh an tiompróir iarratas a dhéanamh ar an údarú a athnuachan in TRACES. Áireofar le hiarratas ar athnuachan na doiciméid a cheanglaítear faoi in Airteagal 7(2) nó Airteagal 8(2) agus anailís dhoiciméadaithe ar fhaireachán ar na táscairí le haghaidh thréimhse bhailíochta an fhormheasa deiridh agus i gcás inarb iomchuí, fianaise dhoiciméadaithe ar bhearta a chuirfear i bhfeidhm i gcás inar mó na luachanna lena ndéantar na táscairí a chainníochtú ná na tairseacha dá bhforáiltear in Airteagal 26(3).

4.Déanfaidh an túdarás inniúil an tiarratas ar athnuachan a dheonú nó a dhiúltú agus déanfaidh sé an athnuachan nó an diúltú a thaifeadadh in TRACES agus, i gcás diúltaithe, déanfaidh sé na cúiseanna leis an diúltú a thaifeadadh.

5.Tabharfaidh an tiompróir fógra don údarás inniúil ábhartha maidir le haon athrú ar na doiciméid dá dtagraítear Airteagail 7(2) agus 8(2) tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis an dáta a ndearnadh an tathrú.

6.Mura gcomhlíonann an tiompróir na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 7(2) nó Airteagal 8(2) a thuilleadh, tabharfaidh an túdarás inniúil ordú an túdarú a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 138(2), pointe (j), de Rialachán (AE) 2017/625 agus déanfaidh sé an fhionraíocht a thaifeadadh in TRACES gan mhoill.

Tabharfaidh an t‑údarás inniúil ráiteas i scríbhinn don iompróir lena gcuirfear in iúl na cúiseanna leis an bhfionraíocht agus moltaí maidir le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a fuarthas.

Cuirfidh an t‑údarás inniúil deireadh leis an bhfionraíocht tráth a sholáthróidh an t‑iompróir fianaise go bhfuil na heasnaimh a bhfuil fionraíocht a iarratais bunaithe orthu ceartaithe acu.

Mura bhfuil na heasnaimh ceartaithe ag an iompróir laistigh de 1 mhí amháin den fhionraíocht, déanfaidh an t‑údarás inniúil an t‑údarú a tharraingt siar.

Airteagal 10

Oiliúint a chur ar thiománaithe, ar fhreastalaithe agus ar oifigigh leasa ainmhithe

Déanfaidh an t‑iompróir socrú lena gcuirfidh tiománaithe, freastalaithe agus na hoifigigh leasa ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 21, ceann amháin de na cúrsaí oiliúna leasa ainmhithe formheasta dá dtagraítear in Airteagal 37(1)(b) i gcrích. Beidh an oiliúint sin ábhartha dá gcúraimí, don speiceas, do na catagóirí ainmhithe a láimhseálann siad, agus do na modhanna iompair a úsáidfear.

CAIBIDIL III
MODH IOMPAIR

Airteagal 11

Rialacha ginearálta maidir leis na modhanna iompair

1.Ní dhéanfaidh aon duine ainmhithe a iompar ar bóthar ná ar iarnród le haghaidh turas fada ach amháin má rinneadh cigireacht agus formheas ar an modh iompair i gcomhréir le hAirteagal 12.

2.Ní dhéanfaidh aon duine ainmhithe a iompar ar shoitheach beostoic níos mó ná 10 muirmhíle ó chalafort de chuid an Aontais ach amháin má rinneadh cigireacht agus formheas ar an soitheach beostoic i gcomhréir le hAirteagal 13.

3.Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le coimeádáin a úsáidtear agus ainmhithe talún seachas éin chlóis agus coiníní á niompar ar bóthar, ar iarnród nó ar shoitheach coimeádáin.

4.    Ní fhéadfar ainmhithe a iompar ach ar aerárthaí ar le hiompróirí atá ina gcomhaltaí den Chomhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta iad.

5.    Ní fhéadfar ainmhithe a iompar ar shoitheach rolladh ann-rolladh as ach amháin má chomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i bpointe 3 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn 1.

Airteagal 12

Deimhniú um fhormheas ar mhodh iompair ar bóthar nó ar iarnród agus ar choimeádáin le haghaidh ainmhithe móra

1.Déanfaidh an tiompróir iarratas ar dheimhniú um fhormheas ar mhodh chun ainmhithe a iompar ar bóthar nó ar iarnród le haghaidh turais fhada nó ar choimeádáin le haghaidh ainmhithe móra, a chur faoi bhráid an údaráis inniúil in TRACES agus an fhoirm a leagtar amach i Roinn 5 d’Iarscríbhinn V á úsáid.

2.Déanfaidh an túdarás inniúil deimhniú um fhormheas ar an modh iompair a dheonú don iompróir in TRACES agus an fhoirm a leagtar amach i Roinn 5 d’Iarscríbhinn V á úsáid, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas:

(a)ní bheidh an modh iompair faoi réir iarratas arna chur faoi bhráid údarás inniúil eile sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile, nó ní bheidh sé faoi réir deimhniú um fhormheas arna dheonú aige, nó diúltú iarratais arna chinneadh aige;

(b)déanfaidh an túdarás inniúil cigireacht ar an modh iompair agus léireofar go gcomhlíonann sé ceanglais Chaibidlí II agus VI d’Iarscríbhinn I atá infheidhme maidir le dearadh, tógáil agus cothabháil an mhodha iompair ar bóthar a úsáidtear le haghaidh turais fhada.

3.Déanfaidh an túdarás inniúil aon diúltú d’iarratas ar dheimhniú um fhormheas agus na cúiseanna lena chinneadh a thaifeadadh in TRACES.

Beidh an deimhniú um fhormheas bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana ón dáta a eisítear é.

4.Aon mhí amháin sula rachaidh an deimhniú um fhormheas dá bhforáiltear i mír 2 in éag, féadfaidh an tiompróir iarratas a dhéanamh ar athnuachan in TRACES i gcomhréir leis na ceanglais i míreanna 1 agus 2.

5.Tabharfaidh an tiompróir fógra don údarás inniúil maidir le haon mhodhnú, athoiriúnú nó lagú ar an modh iompair a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leas na nainmhithe arna niompar laistigh de 5 lá de mhodhnú, athoiriúnú nó lagú den sórt sin.

6.Mura gcomhlíonann modh iompair na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 2 a thuilleadh, tabharfaidh an túdarás inniúil ordú an deimhniú a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 138(2), pointe (j), de Rialachán (AE) 2017/625 agus déanfaidh sé an fhionraíocht a thaifeadadh in TRACES gan mhoill.

Tabharfaidh an t‑údarás inniúil ráiteas i scríbhinn don iompróir lena gcuirfear in iúl na cúiseanna leis an bhfionraíocht agus moltaí maidir le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a fuarthas.

Cuirfidh an t‑údarás inniúil deireadh leis an bhfionraíocht i gcás ina soláthróidh an t‑iompróir fianaise go bhfuil na heasnaimh a bhfuil fionraíocht a dheimhnithe bunaithe orthu ceartaithe acu.

Mura bhfuil na heasnaimh ceartaithe ag an iompróir laistigh de 1 mhí amháin den fhionraí, déanfaidh an t‑údarás inniúil an deimhniú a tharraingt siar.

Airteagal 13

Deimhniú um fhormheas na soithí beostoic

1.Déanfaidh an tiompróir iarratas ar dheimhniú um fhormheas ar shoitheach beostoic chun ainmhithe a iompar a chur faoi bhráid an údaráis inniúil in TRACES agus an fhoirm a leagtar amach i Roinn 6 d’Iarscríbhinn V á úsáid. Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

(a)doiciméad ina bhfuil mionsonraí an iarratasóra agus an tsoithigh beostoic, lena náirítear an dáta tiontaithe nuair is infheidhme, plean den soitheach le leagan amach na locaí, an soilsiú, an draenáil uisce, an comhrac dóiteáin agus na córais aerála;

(b)doiciméad lena dtugtar tuairisc ar an mbealach ina noibríonn na córais a liostaítear i bpointe (a) agus ar an mbealach lenar féidir dóthain fuinnimh a chur ar fáil leis na foinsí cumhachta chun tacú leis na córais sin.

2.Déanfaidh an túdarás inniúil deimhniú um fhormheas ar an soitheach beostoic a dheonú in TRACES agus an fhoirm a leagtar amach i Roinn 6 d’Iarscríbhinn V á úsáid, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas:

(a)oibreoidh an soitheach a chéad turas ón mBallstát ina ndéanfar an tiarratas;

(b)ní bheidh an soitheach faoi réir iarratas arna chur faoi bhráid údarás inniúil eile sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile, nó ní bheidh sé faoi réir deimhniú um fhormheas arna dheonú aige, nó diúltú iarratais arna chinneadh aige;

(c)déanfaidh an túdarás inniúil cigireacht ar an soitheach agus léireofar go gcomhlíonann sé ceanglais Chaibidil II agus Chaibidil IV d’Iarscríbhinn I atá infheidhme maidir leis an tógáil agus an trealamh le haghaidh soithí beostoic;

(d)beidh bratach ar foluain ag an soitheach agus beidh rátáil feidhmíochta brataí ar dhath bán nó liath aige de réir an Mheabhráin Comhthuisceana um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt.

Cuirfear formheas an tsoithigh beostoic ar fionraí ach amháin i gcás ina ndéanfaidh tréidlia oifigiúil rialuithe oifigiúla ar bord an tsoithigh beostoic le linn chéad turas iomlán an tsoithigh tar éis an fhormheasa agus sula ndéanfar an formheas sin a athnuachan, agus i gcás inar léiríodh leis na rialuithe sin nach bhfuil déanamh agus trealamh an tsoithigh beostoic díobhálach do leas na n‑ainmhithe ar bord, nó i gcás ina ndearnadh bearta ceartaitheacha éifeachtacha.

3.Déanfaidh an túdarás inniúil aon diúltú d’iarratas ar fhormheas agus na cúiseanna lena chinneadh a thaifeadadh in TRACES.

Beidh an deimhniú um fhormheas bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana ón dáta a eisítear é.

4.Aon mhí amháin sula rachaidh an deimhniú um fhormheas ar an soitheach beostoic dá bhforáiltear i mír 2 in éag, féadfaidh an tiompróir iarratas a dhéanamh ar an deimhniú a athnuachan in TRACES i gcomhréir leis na ceanglais i míreanna 1 agus 2.

5.Tabharfaidh an tiompróir fógra don údarás inniúil ábhartha maidir le haon mhodhnú, athoiriúnú nó lagú ar an soitheach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leas na nainmhithe arna niompar laistigh de 5 lá ó mhodhnú, athoiriúnú nó lagú den sórt sin nó i gcás nach mbeidh an ceanglas i mír 2, pointe (d) á chomhlíonadh a thuilleadh.

6.Mura gcomhlíonann an soitheach na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 2 a thuilleadh, tabharfaidh an túdarás inniúil ordú an deimhniú a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 138(2), pointe (j), de Rialachán (AE) 2017/625 agus déanfaidh sé an fhionraíocht a thaifeadadh in TRACES gan mhoill.

Tabharfaidh an t‑údarás inniúil ráiteas i scríbhinn don iompróir lena gcuirfear in iúl na cúiseanna leis an bhfionraíocht agus moltaí maidir le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a fuarthas.

Cuirfidh an t‑údarás inniúil deireadh leis an bhfionraíocht i gcás ina soláthróidh an t‑iompróir fianaise go bhfuil na heasnaimh a bhfuil fionraíocht a dheimhnithe bunaithe orthu ceartaithe acu.

Mura bhfuil na heasnaimh ceartaithe ag an iompróir laistigh de 1 mhí amháin den fhionraíocht, déanfaidh an t‑údarás inniúil an deimhniú a tharraingt siar.

7.Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 maidir le:

(a)bunachar sonraí leictreonach a bhunú chun cigireachtaí ar shoithí beostoic a thaifeadadh chun críoch an Airteagail seo agus na rialuithe oifigiúla a fheidhmítear faoi Rialachán (AE) 2017/625;

(b)foirne cigirí a chur le chéile chun na cigireachtaí dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh;

(c)rialacha mionsonraithe a bhaineann le tréidlia oifigiúil a bheith ar bord chun críche soitheach beostoic a fhormheas.

CAIBIDIL IV
OIBLEAGÁIDÍ ROIMH IMEACHT

Airteagal 14

Oibleagáidí le haghaidh eagraithe

1.Beidh eagraithe freagrach as a áirithiú go ndéanfaidh an turas iomlán ón áit imeachta go dtí an ceann scríbe san Aontas nó i dtríú tír an Rialachán seo a chomhlíonadh.

2.Beidh eagraithe freagrach as an turas ón áit imeachta go dtí an ceann scríbe a phleanáil. Comhlíonfaidh an teagraí na forálacha a bhaineann leis an loga turais dá dtagraítear in Airteagal 15 agus síneoidh sé roinn 1 den loga turais in TRACES de réir mar a leagtar amach i bpointí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn III. 

3.Déanfaidh na heagraithe an méid seo a leanas a áirithiú i leith gach turais:

a)coimeádfar na hainmhithe atá le hiompar ag an áit imeachta ar feadh 1 seachtaine ar a laghad roimh imeacht dóibh;

b)déanfar na codanna éagsúla den turas a chomhordú, go háirithe i gcás ina gcuirfear i gcrích iad ag oibreoirí éagsúla, ar bhealach nach ndéanfar dochar do leas na nainmhithe mar gheall ar chomhordú neamh‑leordhóthanach idir codanna éagsúla den turas nó oibreoirí éagsúla;

c)cuirfear san áireamh le heagrú an turais an réamhaisnéis teochta nuair is ábhartha le haghaidh an speicis agus na gcatagóirí ainmhithe lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 31 agus Caibidil V d’Iarscríbhinn I;

d)ainmneofar duine aonair chun faisnéis maidir le pleanáil, cur i gcrích, agus críochnú an turais a thabhairt do na húdaráis inniúla ag an áit imeachta, ag ionaid tionóil, ag ionaid rialaithe agus ag bunaíochtaí cinn scríbe tráth ar bith.

Airteagal 15

Loga turais le haghaidh gach turais fhada agus gach turais ghearr chuig tríú tíortha

1.Maidir le turais fhada agus turais ghearra chuig tríú tíortha, déanfaidh eagraithe roinn 1 den loga turais a líonadh isteach in TRACES roimh an turas de réir mar a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III.

2.I gcás ina mbaineann loga turais le turas fada nó turas gearr chuig tríú tír, cuirfidh an teagraí an loga turais faoi bhráid an údaráis inniúil in TRACES lena fhormheas ag an áit imeachta 2 lá ar a laghad, ach tráth nach luaithe ná 5 lá, roimh an dáta imeachta pleanáilte. Ní féidir tús a chur leis an turas sula ndéanfaidh an túdarás inniúil an loga turais a fhormheas i gcomhréir le mír 4.

3.Áiritheofar leis an loga turais deimhniú ar áirithint ag ionad rialaithe nuair is dócha, de réir na pleanála turais, gur mó fad ama an turais ná 21 uair an chloig.

4.Déanfaidh an túdarás inniúil an loga turais a fhormheas in TRACES ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)beidh an loga turais réalaíoch agus léireofar leis go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh;

(b)beidh na húdaruithe bailí iompróra comhfhreagracha, na deimhnithe bailí um fhormheas do na modhanna iompair agus deimhnithe bailí inniúlachta do thiománaithe agus do na treoraithe ag na hiompróirí atá luaite sa loga turais.

5.Mura gcomhlíonfar na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 4, ceanglóidh an túdarás inniúil ar an eagraí na socruithe le haghaidh an turais bheartaithe a athrú ionas go gcomhlíonfaidh sé an Rialachán seo.

6.Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar logaí turas le haghaidh turais fhada agus turais ghearra chuig tríú tíortha a choinneáil in TRACES ar feadh uastréimhse 6 bliana le haghaidh rialuithe oifigiúla ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/625.

Airteagal 16

Loga turais le haghaidh turais ghearra laistigh den Aontas

1.Maidir le turais ghearra laistigh den Aontas, déanfaidh eagraithe an loga turais a líonadh isteach in TRACES de réir mar a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III.

2.Déanfar logaí turas le haghaidh turais ghearra laistigh den Aontas a choinneáil in TRACES ar feadh uastréimhse 6 bliana le haghaidh rialuithe oifigiúla ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2017/625.

Airteagal 17

Oibleagáidí le haghaidh coimeádaithe roimh an turas

1.Beidh coimeádaithe ag an áit imeachta freagrach as a áirithiú go mbeidh na hainmhithe a bheidh le luchtú ar an modh iompair oiriúnach lena niompar.

Maidir le hainmhithe torracha, déanfaidh an coimeádaí ag an áit imeachta an dáta inseamhnaithe nó dáta toimhdean an tsíolraithe nádúrtha a shonrú sa loga turais.

2.Déanfaidh tréidlia maoirseacht ar luchtú na nainmhithe ar an modh iompair.

CAIBIDIL V
OIBLEAGÁIDÍ LE LINN IOMPAIR AGUS AG AN gCEANN SCRÍBE

Airteagal 18

Oibleagáidí ginearálta le haghaidh iompróirí

1.Déanfaidh an tiompróir ainmhithe a iompar i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe na rialacha ábhartha maidir leis an speiceas arna iompar a leagtar amach in Iarscríbhinn I maidir le hainmhithe talún agus in Iarscríbhinn II maidir le hainmhithe uisceacha, go dtí go sroichfidh siad an ceann scríbe san Aontas nó i dtríú tír.

2.Beidh an tiompróir freagrach as oiriúnacht na nainmhithe lena niompar ó luchtú na nainmhithe ag an áit imeachta go díluchtú na nainmhithe ag an gceann scríbe.

3.Maidir le hiompar ar bóthar nó ar iarnród, cuirfidh an tiompróir láimhseáil na nainmhithe ar iontaoibh tiománaithe agus freastalaithe a bhfuil an deimhniú inniúlachta dá dtagraítear in Airteagal 38 acu.

4.Maidir le hiompar ar bóthar nó ar iarnród, áiritheoidh an tiompróir go mbeidh freastalaí in éineacht le gach coinsíneacht ainmhithe seachas sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina ndéanfar ainmhithe a iompar i gcoimeádáin atá daingnithe, aeráilte go leordhóthanach agus, i gcás inar gá, ina bhfuil dóthain bia agus uisce, i ndáileoirí nach féidir a iompú, le haghaidh turas a mhairfeadh dhá oiread an fhaid ama turais a bheartaítear;

(b)i gcás ina ndéanann an tiománaí feidhmeanna freastalaí.

5.Maidir le hiompar ar bóthar nó ar iarnród ina náirítear iompar ar shoitheach rolladh ann-rolladh as mar chuid den turas, áiritheoidh an tiompróir agus an duine a bheidh freagrach as na feithiclí a luchtú ar an soitheach go gcomhlíonfaidh an soitheach na ceanglais a leagtar amach i bpointe 3 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn 1.

Airteagal 19

Oibleagáidí le haghaidh eagraithe, iompróirí, tiománaithe agus freastalaithe le linn iompar ar bóthar nó ar iarnród

1.Déanfaidh an tiománaí nó an freastalaí seiceáil ar na hainmhithe gach 4,5 uair an chloig ar a laghad chun measúnú a dhéanamh ar a leas agus ar a noiriúnacht lena niompar.

2.Tabharfaidh an tiománaí agus an freastalaí fógra láithreach don iompróir agus don eagraí i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shainítear sa phlean teagmhais dá dtagraítear in Airteagal 8 maidir le haon teagmhas tromchúiseach a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar leas na nainmhithe. Déanfaidh an teagraí an fhaisnéis a tharchur chuig an údarás inniúil ábhartha.

3.Beidh an tiompróir freagrach as aon ainmhí a éiríonn a bheith mí‑oiriúnach lena iompar le linn an turais mar gheall ar fheidhmíocht mhíchuí an fhreastalaí nó an tiománaí agus a chúraimí nó a cúraimí á gcur i gcrích aige nó aici.

4.Le linn aistrithe ó mhodh iompair amháin go modh iompair eile, déanfaidh an tiománaí nó an freastalaí a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha teicniúla a leagtar amach i gCaibidlí I agus III d’Iarscríbhinn I i leith na hainmhithe atá á niompar.

Airteagal 20

Oibleagáidí le haghaidh coimeádaithe ag ionaid tionóil, ionaid rialaithe agus cinn scríbe

1.Déanfaidh coimeádaithe ainmhithe a choinnítear ag ionaid tionóil, ionaid rialaithe agus cinn scríbe a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha teicniúla a leagtar amach i bPointí 1 go 3 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I agus i bPointe 4 d’Iarscríbhinn II i gcás inarb infheidhme.

2.Déanfaidh coimeádaithe ag ionaid tionóil nó ag ionaid rialaithe bail na nainmhithe ar a dteacht a thaifeadadh agus déanfaidh siad roinn 3 den loga turais a líonadh isteach agus a shíniú in TRACES de réir mar a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III.

Airteagal 21

Oifigeach leasa ainmhithe ar shoithí beostoic

1.Maidir le turas ar shoitheach beostoic, ainmneoidh an tiompróir oifigeach leasa ainmhithe a bhfuil oiliúint air agus a bhfuil deimhniú inniúlachta aige i gcomhréir le hAirteagal 38.

2.Tuairisceoidh an toifigeach leasa ainmhithe d’údarás díreach an iompróra agus oibreoidh sé faoi agus tuairisceoidh sé go díreach dó agus don eagraí maidir le hábhair a bhaineann le leas na nainmhithe.

3.Beidh an toifigeach leasa ainmhithe freagrach as an méid seo a leanas:

(a)cúram a thabhairt do na hainmhithe agus iad a sheiceáil faoi dhó in aghaidh an lae ar a laghad chun measúnú a dhéanamh ar a leas agus ar a noiriúnacht lena niompar, agus bearta iomchuí a dhéanamh chun a leas a chothabháil;

(b)fógra a thabhairt don údarás inniúil ag an áit imeachta agus don eagraí i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shainítear sa phlean teagmhais dá dtagraítear in Airteagal 8 pointe (3)(b)(iii) maidir le haon teagmhas tromchúiseach a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar leas na nainmhithe;

(c)a áirithiú go gcomhlíonfar Rialachán Uimh. 1099/2009, i gcás ina marófar ainmhithe le linn an turais ar muir chun deireadh a chur lena bhfulaingt.

4.Cuirfidh an teagraí captaen an tsoithigh beostoic ar an eolas faoi fhreagrachtaí an oifigigh leasa ainmhithe iompair a leagtar síos i mír 3.

Airteagal 22

Lárionaid tionóil

1.Déanfaidh oibreoirí ionad tionóil cúrsaí oiliúna ar na rialacha teicniúla a leagtar amach i bPointe 1 de Chaibidlí I agus III d’Iarscríbhinn I a chur ar fáil dá mbaill foirne.

2.Déanfaidh oibreoirí ionad tionóil an méid seo a leanas:

(a)láimhseáil na nainmhithe a chur ar iontaoibh pearsanra amháin a chuir cúrsaí oiliúna ar na rialacha teicniúla ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I i gcrích;

(b)baill foirne agus daoine eile a dtabharfar cead dóibh dul isteach san ionad tionóil a chur ar an eolas go tráthrialta faoina gcúraimí agus a noibleagáidí faoin Rialachán seo agus faoi na pionóis maidir le haon sárú ar an Rialachán seo;

(c)sonraí teagmhála an údaráis inniúil ar cheart fógra a thabhairt dó maidir le haon sárú ar an Rialachán seo a chur ar fáil go buan do bhaill foirne agus daoine eile a dtabharfar cead dóibh dul isteach san ionad tionóil;

(d)i gcás sárú ar an Rialachán seo ag aon duine i láthair ag ionad tionóil, na bearta is gá a dhéanamh chun an sárú a leigheas agus chun cosc a chur ar a tharlú arís, gan dochar d’aon ghníomhaíocht arna déanamh ag an údarás inniúil;

(e)na rialacha inmheánacha is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar pointí (a) go (d) a ghlacadh, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a fhorfheidhmiú.

3.Ní shonrófar ionad tionóil mar an ceann scríbe sa loga turais dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16.

Airteagal 23

Moill le linn iompair

1.Déanfaidh eagraithe agus, nuair is ábhartha, an túdarás inniúil na bearta is gá chun aon mhoill a bheadh ann le linn an iompair, a chosc nó a íoslaghdú.

2.Déanfaidh na húdaráis inniúla a áirithiú go ndéanfar socruithe speisialta ag áiteanna imeachta, ionaid tionóil, ionaid rialaithe, bunaíochtaí cinn scríbe, pointí imeachta agus poist rialaithe teorann chun tosaíocht a thabhairt d’iompar na nainmhithe, lena náirítear lánaí tapa ionas go ndéanfar cigireacht ar ainmhithe nuair is gá, gan moilleanna míchuí.

Airteagal 24

Córais aimsithe suímh an mhodha iompair

1.Déanfar modhanna iompair ar bóthar a fheistiú le córas aimsithe suímh lena ndéanfar cumarsáid leis an gcóras faisnéise dá dtagraítear i mír 3 ar bhonn na gceanglas teicniúil dá dtagraítear i mír 8.

2.Leis an gcóras aimsithe suímh dá dtagraítear i mír 1, déanfar suíomh na bhfeithiclí bóthair a thaifeadadh ar eatraimh ghearra agus beidh sé ag obair le linn an turais ón áit imeachta go dtí go mbainfear an ceann scríbe amach.

3.Déanfar na taifid a gheofar ó chórais aimsithe suímh na modhanna iompair a choimeád i gcóras faisnéise inrochtana do TRACES, arna bhunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 7.

4.Agus roinn 1 den loga turais á líonadh isteach de réir mar a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III, socróidh na heagraithe suíomhanna na bpointí seo a leanas den turas:

(a) áit imeachta;

(b) ionaid rialaithe;

(c) pointe imeachta ón Aontas agus trasnuithe teorann idir na Ballstáit; agus

(d) ceann scríbe.

5.I ndiaidh an turas a chríochnú, baileoidh TRACES sonraí ón gcóras faisnéise dá dtagraítear i mír 3 maidir leis an am a shroich an modh iompair na suíomhanna a leagtar amach i mír 4. Déanfar an fhaisnéis a stóráil in TRACES chun críoch rialuithe oifigiúla, lena náirítear an anailís ar na turais chríochnaithe.

6.Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 a úsáid chun na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 114 de Rialachán (AE) 2017/625 a ullmhú, i ndiaidh na sonraí pearsanta a anaithnidiú, agus chun iniúchtaí sna Ballstáit a eagrú.

7.Faoin [3 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], forbróidh an Coimisiún an córas faisnéise dá dtagraítear i mír 3.

8.Faoin [3 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na prótacail theicniúla is gá a bhunú chun na córais aimsithe suímh dá dtagraítear i mír 1 a chumasú suíomh na feithicle le beachtas sainithe dá suíomh geografach a chur in iúl don chóras faisnéise dá dtagraítear i mír 3, chun an córas faisnéise agus na prótacail chun faisnéis a éilítear a bhailiú ón gcóras faisnéise le TRACES.

Airteagal 25

Oibleagáidí ag an gceann scríbe

1.Déanfaidh an tiománaí nó freastalaí, agus an coimeádaí ag an gceann scríbe dáta agus am teachta na nainmhithe agus an bhail atá orthu a thaifeadadh in TRACES, trí roinn 3 den loga turais a líonadh isteach agus a shíniú de réir mar a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III.

I gcás easaontú idir an tiománaí nó freastalaí agus an coimeádaí ag an gceann scríbe ó thaobh an bhail a bhí ar na hainmhithe ar a dteacht ag an gceann scríbe, nó i gcás ina sonrófar sa loga turais go raibh drochbhail ar na hainmhithe ar a dteacht, déanfaidh an coimeádaí agus an tiománaí nó an freastalaí na haimhrialtachtaí a chonacthas a thaifeadadh i roinn 5 den loga turais de réir mar a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III.

2.De mhaolú ar mhír 1, ní dhéanfaidh an tiománaí nó an freastalaí a bheidh ag iompar na nainmhithe chun críche tionscadal údaraithe faoi Threoir 2010/63/AE ach an dáta agus am teachta a thaifeadadh in TRACES.

3.Déanfaidh tréidlia maoirseacht ar an díluchtú.

Airteagal 26

Táscairí faireacháin

1.Chun críche Airteagal 25(1), déanfaidh an tiománaí nó freastalaí agus an coimeádaí ag an gceann scríbe measúnú ar bhail na nainmhithe talún ar a dteacht agus na táscairí seo a leanas á núsáid acu:

(a)an líon iomlán ainmhithe;

(b)líon na nainmhithe a bhí marbh ar a dteacht i ngach coinsíneacht;

(c)líon na nainmhithe a bhí gortaithe le linn iompair i ngach coinsíneacht;

(d)fadhbanna sláinte agus fisiciúla seachas gortuithe, lena náirítear de réir mar is ábhartha, strus teirmeach nó fuaire, tart agus ocras fada i gcoinsíneacht, arna bhfeiceáil sna hainmhithe.

2.Déanfaidh an coimeádaí na torthaí maidir leis na táscairí dá bhforáiltear i mír 1 i roinn 3 den loga turais a thaifeadadh in TRACES.

3.Déanfaidh an teagraí agus an tiompróir faireachán ar na táscairí dá dtagraítear i mír 1 agus déanfaidh siad anailís ar an bhfaisnéis a bhaileofar tráth a chríochnófar a niompair. I gcás ina gcuirfear in iúl le torthaí na hanailíse nár comhlíonadh ceanglais Airteagal 4 nó i gcás inar mó na luachanna lena ndéanfar na táscairí a chainníochtú ná na tairseacha arna mbunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 5, déanfaidh siad bearta ceartaitheacha.

4.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 49 lena mbunaítear na saincheisteanna sláinte agus fisiciúla a mbeidh faireachán le déanamh orthu i gcomhréir le mír 1, pointe (d), chomh maith leis na modhanna a bheidh le húsáid agus na táscairí dá dtagraítear i mír 1 á gcainníochtú.

5.Féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn comhairle ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘EFSA’), gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48 lena mbunaítear na tairseacha lena gceanglaítear bearta ceartaitheacha a dhéanamh.

CAIBIDIL VI
COINNÍOLLACHA MAIDIR LE hIOMPAR AINMHITHE TALÚN

Airteagal 27

Faid ama turas, tréimhsí sosa, eatraimh bheathaithe agus uiscithe le linn iompar ainmhithe talún aosacha ar bóthar agus ar iarnród le haghaidh turais fhada

1.Gan dochar do rialacha níos déine maidir le faid ama turas a leagtar síos sa Chaibidil seo agus i gCaibidil V d’Iarscríbhinn I, déanfaidh turais fhada le haghaidh iompar ainmhithe talún seachas éin chlóis agus coiníní ar bóthar nó ar iarnród, chun críche seachas marú seamlais, na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)beidh dhá chuid ar a mhéad sa turas, agus ní mhairfidh gach ceann díobh níos mó ná 21 uair an chloig, agus sroichfidh na hainmhithe an ceann scríbe ina dhiaidh sin;

(b)i ndiaidh na chéad 21 uair an chloig ó thús an turais, agus i gcás nach bhfuil an ceann scríbe sroichte ag na hainmhithe fós, déanfar iad a dhíluchtú le haghaidh tréimhse sosa 24 uair an chloig ar a laghad ag ionad rialaithe sula bhféadfar leanúint den iompar;

(c)áireofar leis an dá chuid den turas dá dtagraítear i bpointe (a) tréimhsí sosa 1 uair an chloig ar a laghad i ndiaidh 10 nuair an chloig ar a mhéad; le linn na tréimhse sosa, fágfar na hainmhithe ar an modh iompair ina stad;

2.Maidir le turais fhada, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil VI d’Iarscríbhinn I.

3.Déanfaidh iompar éin chlóis agus coiníní ar bóthar chun críche seachas marú seamlais, na rialacha sonracha a leagtar síos i bpointe 2 de Chaibidil V
d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.

4.Tabharfar uisce agus beatha in eatraimh thráthrialta d’ainmhithe talún, seachas éin chlóis agus coiníní, de réir mar a leagtar síos i gCaibidil V d’Iarscríbhinn I.

5.Maidir le hiompar iarnróid, ní bheidh feidhm ag mír (1), pointe (c).

6.Ní bheidh míreanna (1) go (5) infheidhme maidir le hainmhithe a iomprófar in iompair bhithshlána chun críche tionscadal údaraithe nó póraithe faoi Threoir 2010/63/AE.

Airteagal 28

Faid ama turas agus tréimhsí sosa maidir le hainmhithe talún a bhfuil marú seamlais le déanamh orthu a iompar ar bóthar nó ar iarnród

1.Ní dhéanfar ainmhithe talún seachas éin chlóis agus coiníní a bhfuil marú seamlais le déanamh orthu a iompar ach i dturais ghearra.

2.I gcás, laistigh den Aontas, nach féidir aon seamlas atá oiriúnaithe chun marú seamlais a dhéanamh ar an speiceas agus na catagóirí ainmhithe dá dtagraítear i mír 1 a shroicheadh laistigh de thuras gearr le haghaidh áit imeachta shonrach, féadfaidh na húdaráis inniúla ag an áit imeachta údarú a dheonú le haghaidh turas fada go dtí an seamlas is cóngaraí atá oiriúnaithe don speiceas arna iompar.

3.Déanfaidh iompar coiníní agus éanlaith chlóis a bhfuil marú seamlais le déanamh orthu na rialacha sonracha le haghaidh na speiceas sin a leagtar síos i bpointe 2 de Chaibidil V d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.

Airteagal 29

Faid ama turais, tréimhsí sosa, beathú agus uisciú laonna, uain, meannáin, bainbh agus searraigh nach bhfuil bainte den diúl

1.Ní bheidh an fad ama turais le haghaidh iompar laonna, uain, meannáin, bainbh agus searraigh nach bhfuil bainte den diúl níos mó ná 8 nuair an chloig.

2.De mhaolú ar mhír 1, ar choinníoll go mbeidh an modh iompair feistithe le córas beathaithe arna formheas i gcomhréir le mír 5, féadfar laonna, uain, meannáin, bainbh agus searraigh nach bhfuil bainte den diúl a iompar ar feadh 9 nuair an chloig ar a mhéad, agus beidh tréimhse sosa 1 uair an chloig ar a laghad gan díluchtú ann ina dhiaidh sin sula gcuirfear tús leis an turas arís ar feadh 9 nuair an chloig eile.

3.I gcás ina ndéantar codanna den turas ar muir chun laonna, uain, meannáin, bainbh agus searraigh nach bhfuil bainte den diúl a iompar, ní dhéanfar an chuid sin den turas a chomhaireamh mar chuid den fhad ama turais.

4.Ba cheart uisce ad libitum a thabhairt do laonna, uain, meannáin, bainbh agus searraigh nach bhfuil bainte den diúl agus ba cheart iad a bheathú le bainne speiceas-oiriúnaithe nó le hearra ionaid bainne iomchuí ag eatraimh 9 nuair an chloig arna gcomhaireamh ó thús an turais agus gan beann ar an modh iompair ina ndéantar iad a iompar.

5.Féadfaidh monaróir córais bheathaithe dá dtagraítear i mír 2, atá bunaithe san Aontas nó, i gcás ina bhfuil sé bunaithe i dtríú tír, a bhfuil ionadaíocht aige san Aontas, iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an gcóras beathaithe a fhormheas.

6.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 49, an córas beathaithe dá dtagraítear i mír 2 a fhormheas, ar choinníoll go bhfuil fianaise eolaíochta agus theicniúil ann gur féidir gach lao, uan, meannán, banbh agus searrach ar bord nach bhfuil bainte den diúl a bheathú, le linn an turais, le bainne nó le hearraí ionaid bainne ag teocht an choirp agus ar leibhéal sláinteachais iomchuí.

Airteagal 30

Turais ar bóthar go soithí beostoic agus soithí rolladh ann rolladh as agus uathu chun ainmhithe talún seachas éin chlóis agus coiníní a iompar

1.Déanfar faid ama turas maidir le hiompar ainmhithe talún seachas éin chlóis agus coiníní lena náirítear cuid den turas ar muir i gcás ina ndéanfar coinsíneachtaí ó áiteanna éagsúla a iompar, a chomhaireamh ó luchtú na nainmhithe ag an áit imeachta is faide ar shiúl ó thaobh am tiomána ón gcalafort luchtaithe. Cuirfear comhaireamh an fhaid ama turais ar fionraí ón nóiméad a dhéanfar an tainmhí deiridh a luchtú ar an soitheach go dtí an nóiméad a dhéanfar an chéad ainmhí a dhíluchtú ag an gcalafort teacht isteach.

2.Déanfaidh amanna beathaithe na rialacha sonracha a leagtar síos i bpointe 1 de Chaibidil V d’Iarscríbhinn I a chomhlíonadh.

Airteagal 31

Faid ama turas agus coinníollacha chun ainmhithe talún seachas éin chlóis agus coiníní a iompar ar bóthar agus ar iarnród i dteochtaí foircneacha

1.Déanfaidh an teagraí, agus an loga turais a chur isteach in TRACES, agus an túdarás inniúil agus an loga turais á fhormheas aige, an réamhaisnéis teochta ag an áit imeachta, ag an gceann scríbe agus, nuair is ábhartha, ag an ionad rialaithe, a chur san áireamh an tráth a bhfuil coinne leis na hainmhithe a bheith iontu. Maidir le coinsíneachtaí a iompraítear chuig tríú tíortha, cuirfidh an teagraí san áireamh freisin an réamhaisnéis teochtaí ag an bpointe imeachta nó ag post rialaithe teorann na tríú tíre.

2.Maidir le hiompar ainmhithe talún ar bóthar, ach amháin madraí agus cait:

(a)i gcás ina léireofar leis an réamhaisnéis teochtaí teochtaí faoi bhun 0 °C, déanfar feithiclí bóthair a chumhdach agus aerchúrsaíocht san urrann ainmhithe a rialú chun na hainmhithe a chosaint ar nochtadh do ghoimh na gaoithe le linn an turais;

(b)i gcás ina léireofar leis an réamhaisnéis teochtaí teochtaí faoi bhun -5 °C, anuas ar na bearta i bpointe (a), ní bheidh an fad ama turais níos mó ná 9 nuair an chloig;

(c)i gcás ina léireofar leis an réamhaisnéis teochtaí teochtaí idir 25 °C agus 30 °C, ní bheidh an fad ama turais le linn na tréimhse idir 10.00 agus 21.00 níos mó ná 9 nuair an chloig;

(d)i gcás ina léireofar leis an réamhaisnéis teochtaí teochtaí os cionn 30 °C, ní cheadófar ach turais a dhéanfar ina niomláine idir 21.00 agus 10.00.

(e)i gcás ina léireofar leis an réamhaisnéis teochtaí teochtaí os cionn 30 °C idir 21.00 agus 10.00, déanfar an liúntas spáis le haghaidh na nainmhithe a mhéadú 20 %.

3.Déanfar madraí agus cait a iompar in urrann ina mbeidh teocht chomhthimpeallach idir 20 agus 25 °C agus ina mbeidh bogthaise idir 30 agus 70 %.

4.Ní bheidh míreanna (1) go (3) infheidhme maidir le hainmhithe a iomprófar in iompair bhithshlána chun críche tionscadal údaraithe nó póraithe faoi Threoir 2010/63/AE.

5.Chun críocha mhír 1, déanfaidh na Ballstáit, faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, nasc chuig a gcomhlacht réamhaisnéise teochtaí ainmnithe a áireamh in TRACES chun an réamhaisnéis teochtaí a chomhroinnt le gach údarás inniúil agus le gach oibreoir.

Maidir le hiompar ainmhithe chuig tríú tír, déanfar na teochtaí lena bhfuil coinne ag áiteanna i dtríú tíortha a chinneadh agus comhlacht réamhaisnéise teochta ainmnithe na háite imeachta á úsáid.

CAIBIDIL VII
IOMPAR CHUIG TRÍÚ TÍORTHA AGUS UATHU

Airteagal 32

Oibleagáidí maidir le hainmhithe a iompar chuig tríú tíortha

1.Ní fhéadfaidh eagraithe socruithe a dhéanamh le haghaidh iompar ainmhithe chuig tríú tíortha ach amháin má tá údarú arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 5 acu.

2.Déanfaidh eagraithe roinn 1 den loga turais á líonadh isteach de réir mar a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 15 le haghaidh turais ghearra agus turais fhada araon agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh iompróirí agus coimeádaithe ag an gceann scríbe na ranna den loga turais a bhaineann leo a chomhlíonadh.

3.Maidir le turais lena náireofar iompar ar shoitheach beostoic, áiritheoidh an teagraí go mbeidh an fianú a leagtar amach in Iarscríbhinn IV líonta isteach, sínithe agus stampáilte ag an údarás inniúil ag an tríú tír cinn scríbe agus go mbeidh sé tarchurtha aige chuig an údarás inniúil ag an áit imeachta. Ní dhéanfaidh an túdarás inniúil an loga turais a fhormheas mura soláthrófar an fianú seo.

4.Ní fhágfaidh coinsíneachtaí ainmhithe críoch chustaim an Aontais ach trí phointí imeachta ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 39.

Airteagal 33

Deimhniú chun ainmhithe a iompar chuig tríú tíortha

1.Déanfaidh an teagraí socrú go ndéanfaidh comhlacht deimhniúcháin meastóireacht ar an gcéad turas go ceann scríbe i dtríú tír arna shocrú ag an eagraí.

2.Déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin meastóireacht ar cé acu a comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas le linn an chéad turais dá dtagraítear i mír 1 nó nár comhlíonadh:

(a)comhlíonann na feithiclí agus na soithí na rialacha ábhartha d’Iarscríbhinn I;

(b)déanfar na huasfhaid ama turas, na coinníollacha speisialta maidir le hiompar i dteochtaí foircneacha, agus na tréimhsí sosa a leagtar síos leis an Rialachán seo de réir mar a dhearbhaítear sa loga turais;

(c)comhlíonann na lamháltais spáis Caibidil VII d’Iarscríbhinn I;

(d)fanann na hainmhithe sa cheann scríbe arna dhearbhú ar feadh 7 lá ar a laghad nó maraítear iad;

(e)tá cuspóir an turais i gcomhréir leis an gcuspóir a dhearbhaítear sa loga turais;

(f)maidir le turais a mbeidh cuid díobh ar shoitheach beostoic, sroichfidh na hainmhithe an calafort teacht isteach agus dea‑bhail orthu;

(g)láimhseáiltear na hainmhithe i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(h)más ábhartha, liostaítear na hionaid rialaithe a úsáidtear dá dtagraítear in Airteagal 34(3);

(i)maidir le hiompar ainmhithe uisceacha, comhlíonann feithiclí agus oibríochtaí iompair na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

3.Má chomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, eiseoidh an comhlacht deimhniúcháin deimhniú chun ainmhithe a iompar chuig tríú tíortha don eagraí. Beidh an deimhniú bailí ar feadh 5 bliana.

4.Déanfaidh an teagraí an deimhniú a tharchur chuig an údarás inniúil a dheonaigh an túdarú dá dtagraítear in Airteagal 5.

5.Déanfaidh na húdaráis inniúla eagraithe deimhnithe a chlárú in TRACES.

6.Mura gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, cuirfidh an comhlacht deimhniúcháin an teagraí agus an túdarás inniúil ar an eolas, a chuirfidh údarú an eagraí maidir le hiompar chuig tríú tíortha ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 6(4).

7.Déanfaidh comhlachtaí deimhniúcháin dhá mheastóireacht réamhfhógra ar a laghad ar thurais arna ndéanamh ag an eagraí laistigh de 5 bliana de bhailíocht an deimhnithe, chun comhlíontacht leis na coinníollacha a liostaítear i mír 2 a fhíorú.

8.Seolfaidh an comhlacht deimhniúcháin na tuarascálacha ar na meastóireachtaí réamhfhógra chuig an eagraí agus chuig an údarás inniúil agus tabharfaidh sé fógra dóibh faoi aon neamh‑chomhlíontacht thromchúiseach i ndiaidh cigireachtaí réamhfhógra. Sna cásanna sin, cuirfidh an túdarás inniúil údarú an eagraí maidir le hiompar chuig tríú tíortha ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 6(4). Beidh na meastóireachtaí réamhfhógra sin gan dochar do rialuithe oifigiúla a dhéanfar faoi Rialachán (AE) 2017/625.

9.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na gnéithe atá le fíorú ag na meastóireachtaí agus minicíocht na meastóireachtaí a bhunú.

Airteagal 34

Ionaid rialaithe i dtríú tíortha

1.Ní thabharfar tréimhsí sosa d’ainmhithe i dtríú tíortha ach in ionaid rialaithe a chomhlíonann ceanglais atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais sin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 agus a áirítear leis an liosta dá dtagraítear i mír 3.

2.Ní áireofar ionaid rialaithe i dtríú tíortha leis an liosta dá bhforáiltear i mír 3 ach i gcás ina ndeimhneoidh comhlacht deimhniúcháin go bhfuil siad in ann ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 a chomhlíonadh. Beidh an deimhniú bailí ar feadh 5 bliana. Féadfaidh oibreoir an ionad rialaithe nó an teagraí a iarraidh ar an gCoimisiún an ionad rialaithe a áireamh sa liosta dá dtagraítear i mír 3.

3.Formheasfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 49, liosta d’ionaid rialaithe a chomhlíonann caighdeáin atá coibhéiseach leis na caighdeáin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1255/97. Cuirfear an liosta sin ar fáil in TRACES.

4.Bainfidh an Coimisiún ionad rialaithe den liosta dá dtagraítear i mír 3 nuair a bheidh fianaise ann, tar éis don chomhlacht deimhniúcháin meastóireacht a dhéanamh air nó tar éis don Choimisiún iniúchadh a dhéanamh air, nach gcomhlíonann an ionad rialaithe caighdeáin atá coibhéiseach leis na caighdeáin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1255/97. Beidh feidhm ag an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49.

Airteagal 35

Ainmhithe atá ag teacht isteach san Aontas

1.Iompróirí lena niompraítear ainmhithe chuig an Aontas, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)a áirithiú go niomprófar na hainmhithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó faoi choinníollacha a aithníonn an tAontas a bheith coibhéiseach leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo, ón áit imeachta sa tríú tír go dtí an ceann scríbe san Aontas;

(b)líon isteach an loga turais in TRACES, mar a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III, agus sonrófar go háirithe an áit, an dáta agus an tam imeachta sa tríú tír.

2.Beidh fianú ón údarás inniúil ag an áit imeachta sa deimhniú sláinte oifigiúil a bheidh ag gabháil le hainmhithe atá ag teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha agus ó thríú críocha á dheimhniú go gcomhlíonann pleanáil an turais ceanglais atá coibhéiseach ar a laghad le ceanglais an Rialacháin seo.

3.Maidir le turais fhada, déanfaidh an túdarás inniúil ag an áit imeachta sa tríú tír an loga turais a athbhreithniú agus a fhormheas roimh imeacht dó, in TRACES.

Airteagal 36

Ainmhithe atá ar idirthuras trí chríoch an Aontais

I gcás ina n‑iompraítear ainmhithe ó áit tionscnaimh i dtríú tír chuig ceann scríbe sa tír chéanna nó i dtríú tír eile agus go ndéantar idirthuras trí chríoch an Aontais, áiritheoidh oibreoirí go gcomhlíonfar rialacha an Rialacháin seo le linn na coda sin den turas a dhéantar ar chríoch an Aontais, cé is moite de na forálacha maidir le huafhaid ama turas a leagtar amach in Airteagal 27 míreanna (1), (2) agus (3), Airteagal 28, Airteagal 29 míreanna (1) agus (2), agus pointe 2.2 de Chaibidil V d’Iarscríbhinn I.

CAIBIDIL VIII
OIBLEAGÁIDÍ ÚDARÁS INNIÚIL

Airteagal 37

Oiliúint

1.Chun críocha Airteagal 10, ainmneoidh na Ballstáit an túdarás inniúil a bheidh freagrach as an méid seo a leanas:

(a)a áirithiú go mbeidh cúrsaí oiliúna ar fáil do thiománaithe, do fhreastalaithe agus d’oifigigh leasa ainmhithe a bhfuil baint acu le hiompar ainmhithe atá ábhartha do speicis agus do na catagóirí ainmhithe lena mbaineann;

(b)liosta a choimeád de chúrsaí oiliúna formheasta atá ar fáil do thiománaithe, do fhreastalaithe agus d’oifigigh leasa ainmhithe atá freagrach as leas ainmhithe le linn iompair;

(c)scrúdú deiridh neamhspleách a eagrú chun eolas na dtiománaithe, na bhfreastalaithe agus na noifigeach leasa ainmhithe a thástáil, a mbeidh a nábhar ábhartha do na catagóirí ainmhithe lena mbaineann agus a chomhfhreagróidh don chéim iompair lena mbaineann;

(d)deimhnithe inniúlachta a sholáthar lena ndearbhaítear go bhfuarthas pas sa scrúdú deiridh neamhspleách;

(e)ábhar na gcúrsaí oiliúna dá dtagraítear i bpointe (a) agus módúlachtaí an scrúdaithe dá dtagraítear i bpointe (b) a chinneadh.

2.Cumhdófar na hinniúlachtaí, an teolas agus na scileanna seo a leanas ar a laghad sna cúrsaí oiliúna dá dtagraítear i mír 1:

(a)na hoibleagáidí maidir le leas ainmhithe, go háirithe na hoibleagáidí sin a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II;

(b)iompraíocht ainmhithe atá sonrach do speiceas agus a riachtanais fhiseolaíocha agus eiteolaíocha le linn turais;

(c)bealaí chun rioscaí leasa ainmhithe a íoslaghdú le linn turais;

(d)léirithe ar mhothúcháin dhearfacha agus dhiúltacha ainmhithe a shainaithint, lena náirítear aon chomhartha fulaingthe le linn turais;

(e)úsáid agus cothabháil trealaimh a úsáidtear le haghaidh ainmhithe a ndéantar cóiríocht orthu sa mhodh iompair;

(f)modhanna le haghaidh táscairí faireacháin i gcomhréir le hAirteagal 26; agus

(g)pleananna teagmhais in Airteagal 8.

Airteagal 38

Deimhniú inniúlachta

1.Deonóidh an túdarás inniúil deimhniú inniúlachta in TRACES ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)gur éirigh leis an iarratasóir pas a fháil sa scrúdú deiridh dá dtagraítear in Airteagal 37(1), pointe (c);

(b)gur sholáthair an tiarratasóir dearbhú i scríbhinn ina luaitear nach ndearna sé nó sí sárú tromchúiseach dá bhforáiltear in Airteagal 44 sna 3 bliana roimh dháta chur i bhfeidhm an deimhnithe sin.

2.Ní dheonóidh an túdarás inniúil an deimhniú inniúlachta má chuir údarás inniúil eile toirmeasc ar an iarratasóir ainmhithe a láimhseáil.

3.Áireofar sa deimhniú inniúlachta an fhaisnéis a leagtar amach i Roinn 4 d’Iarscríbhinn V. Beidh sé bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana ón dáta a eisítear é.

4.Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas do dheimhnithe inniúlachta bailí a dheonaítear i mBallstát eile.

5.Féadfaidh na Ballstáit cáilíochtaí a fuarthas chun críocha eile a shainaithint mar cháilíochtaí atá coibhéiseach le deimhnithe inniúlachta chun críocha an Rialacháin seo, ar choinníoll go bhfuarthas iad faoi choinníollacha atá coibhéiseach leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo. Déanfaidh na húdaráis inniúla liosta cáilíochtaí atá aitheanta mar cháilíochtaí atá coibhéiseach leis an deimhniú inniúlachta a chur ar fáil go poiblí agus a choimeád cothrom le dáta, tríd an Idirlíon.

6.Déanfaidh údaráis inniúla deimhniú inniúlachta arna dheonú faoin Rialachán seo a tharraingt siar in TRACES i gcás nach léiríonn an duine a bhfuil an deimhniú sin aige/aici inniúlacht, eolas ná feasacht leordhóthanach ar a chúraimí nó a cúraimí a thuilleadh.

Airteagal 39

Ainmníocht pointí imeachta

Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)na pointí imeachta a ainmniú trína bhféadfar ainmhithe a iompar go tríú tíortha;

(b)na pointí imeachta ainmnithe ar a gcríoch a thaifeadadh in TRACES agus an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

Beidh an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí in TRACES.

Airteagal 40

Iniúchadh soithí beostoic ar luchtú agus díluchtú

1.Sula luchtófar ainmhithe ar shoitheach beostoic, déanfaidh an túdarás inniúil iniúchadh ar an soitheach chun an méid seo a leanas, go háirithe, a fhíorú:

(a)go bhfuil an soitheach beostoic tógtha agus feistithe le haghaidh líon agus chineál na nainmhithe atá le hiompar;

(b)go bhfuil deighleoga ina ndéanfar cóiríocht ar ainmhithe fós i ndea‑riocht;

(c)go bhfuil an trealamh dá dtagraítear i gCaibidil IV d’Iarscríbhinn I fós in ord maith oibre;

(d)go bhfuil rátáil phróifíl riosca loinge gnáthriosca nó ísealriosca ag an soitheach beostoic de réir Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú Stáit ar Chalafoirt.

2.Sula luchtófar ainmhithe ar shoitheach beostoic nó sula ndíluchtófar iad ó shoitheach beostoic, déanfaidh an túdarás inniúil iniúchadh ar an soitheach chun an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)go bhfuil na hainmhithe i riocht leanúint den turas;

(b)go bhfuil oibríochtaí luchtaithe/díluchtaithe á ndéanamh i gcomhréir le pointe 2 de Chaibidil III d’Iarscríbhinn I;

(c)go bhfuil socruithe beatha agus uisce i gcomhréir le pointe 2 de Chaibidil IV d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 41

Comhlachtaí Idirchaidrimh maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair

1.Beidh na cúraimí seo a leanas ar chomhlachtaí idirchaidrimh maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair, arna nainmniú i gcomhréir le hAirteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2017/625, sa bhreis ar na cúraimí agus na freagrachtaí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/625:

(a)cúnamh frithpháirteach a sholáthar chun cur i bhfeidhm rianúil an Rialacháin seo a éascú, lena náirítear moilleanna ar iompar nó diúltú coinsíneachtaí ag tríú tíortha d’ainmhithe a iompraítear ar bóthar, ar iarnród nó ar soitheach;

(b)malartú comhairle agus dea‑chleachtas maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo.

2.Eagróidh an Coimisiún cruinnithe tráthrialta den líonra comhlachtaí idirchaidrimh dá dtagraítear i mír 1, chun forfheidhmiú aonfhoirmeach an Rialacháin seo a éascú laistigh den Aontas.

CAIBIDIL IX
SMACHTBHANNAÍ

Airteagal 42

Bearta agus smachtbhannaí chun comhlíontacht a áirithiú

Gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/625, déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir le bearta agus smachtbhannaí in aghaidh an duine nádúrtha a rinne sárú ar an Rialachán seo nó in aghaidh an duine dhlítheanaigh atá faoi dhliteanas mar gheall ar shárú ar an Rialachán seo a leagan síos. Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas go córasach:

(a)déanfaidh siad imscrúdú ar sháruithe amhrasta chun an tamhras a dheimhniú nó chun deireadh a chur leis;

(b)glacfaidh siad bearta iomchuí, nuair a bhraitear sárú, lena náirítear chun deireadh a chur leis an sárú; agus

(c)cuirfidh siad smachtbhannaí i bhfeidhm i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus le Rialachán (AE) 2017/625 in aghaidh an duine nádúrtha a rinne sárú ar an Rialachán seo nó in aghaidh an duine dhlítheanaigh atá faoi dhliteanas maidir leis an sárú ar an Rialachán seo.

Airteagal 43

Smachtbhannaí as sáruithe ar an Rialachán seo

1.Gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/625, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh duine nádúrtha a rinne sárú ar an Rialachán seo nó duine dlítheanach atá faoi dhliteanas maidir le sárú ar an Rialachán seo faoi réir smachtbhannaí riaracháin i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus leis an dlí náisiúnta. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit smachtbhannaí coiriúla a chur i bhfeidhm.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na smachtbhannaí a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na forálacha ábhartha den dlí náisiúnta comhréireach le tromchúis na sáruithe agus déine leordhóthanach chun tuilleadh sáruithe a phionósú agus a dhíspreagadh go héifeachtach.

3.Agus smachtbhannaí á gcinneadh, lena náirítear agus méid na bpionós airgeadais á shocrú i gcomhréir le mír 5, cuirfidh na Ballstáit san áireamh cineál, tromchúis agus méid an tsáraithe, lena náirítear an díobháil do leas na nainmhithe lena mbaineann, a líon, a gcineál, a naois nó a leochaileacht, fad an tsáraithe, a athdhéanamh, agus carnadh sáruithe comhuaineacha agus má rinneadh an sárú d’aon ghnó nó trí fhaillí.

4.Measfar gur imthosca géaraitheacha iad na nithe seo a leanas:

(a)sáruithe a dhéantar trí chleachtais chalaoiseacha nó cleachtais mheabhlacha, nó trí úsáid a bhaint as doiciméid/deimhnithe atá falsaithe nó a aithnítear a bheith neamhbhailí;

(b)dearbhuithe bréagacha nó míthreoracha a dhéanamh i logaí turas.

5.I gcás sárú tromchúiseach, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an sárú tromchúiseach inphionóis le pionós airgeadais riaracháin agus is é luach na coinsíneachta ar a laghad íosmhéid an phionóis. I gcás sárú tromchúiseach arís is arís eile, laistigh de thréimhse 3 bliana, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an sárú tromchúiseach inphionóis le pionóis airgeadais riaracháin agus is é dhá oiread luach na coinsíneachta ar a laghad íosmhéid an phionóis.

Féadfaidh na Ballstáit staid eacnamaíoch an duine nádúrtha a rinne an sárú nó an duine dhlítheanaigh atá faoi dhliteanas maidir leis an sárú a chur san áireamh chun díspreagadh smachtbhannaí a áirithiú. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, córas a chur i bhfeidhm lena bhforchuirfear pionós airgeadais a ríomhtar mar chéatadán de láimhdeachas an oibreora atá faoi dhliteanas i leith an tsáraithe.

Airteagal 44

Sáruithe tromchúiseacha

Measfar na sáruithe seo a leanas a bheith tromchúiseach nuair a dhéantar iad d’aon ghnó nó trí fhaillí:

(a)go niompraítear ainmhithe a bhfuil créachtaí oscailte géara, tultitim agus géaga briste acu;

(b)go niompraítear ainmhithe roimh an aois íosta le haghaidh iompair;

(c)gur lú ná 80 % de na ceanglais maidir le hairde ingearach a leagtar amach i bpointe 6 de Chaibidil III d’Iarscríbhinn I an airde ingearach a sholáthraítear d’ainmhithe a iompraítear;

(d)gur lú ná 80 % de na ceanglais maidir le lamháltais spáis a leagtar amach i gCaibidil VII d’Iarscríbhinn I an lamháltas spáis a sholáthraítear d’ainmhithe a iompraítear;

(e)go bhfuil an fad ama turais 30 % níos faide ná an uasfhad ama turais, gan tréimhsí sosa a áireamh;

(f)go niompraítear ainmhithe uisceacha gan faireachán a dhéanamh ar na paraiméadair uisce i gcomhréir le hIarscríbhinn II;

(g)go niompraítear ainmhithe le haghaidh turais fhada gan údarú eagraí, údarú iompróra, deimhniú formheasa le haghaidh modh iompair, nó deimhniú inniúlachta an tiománaí nó an fhreastalaí;

(h)go niompraítear ainmhithe le haghaidh turais fhada gan formheas a fháil ó údarás inniúil an loga turais;

(i)go niompraítear ainmhithe agus ceann scríbe i dtríú tír acu gan deimhniú bailí maidir le hainmhithe a iompar go tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 33.

Airteagal 45

Smachtbhannaí eile

1.Tá na smachtbhannaí dá bhforáiltear sa Chaibidil seo gan dochar do smachtbhannaí eile a fhéadfaidh údaráis inniúla a ghlacadh i gcás sárú seanbhunaithe, go háirithe:

(a)bac gluaiseachta ar an bhfeithicil nó ar an soitheach beostoic a raibh baint aige leis an sárú;

(b)coigistiú na feithicle nó an tsoithigh beostoic nó na nainmhithe a iompraítear;

(c)údarú an eagraí nó an iompróra a chur ar fionraí nó a tharraingt siar;

(d)gníomhaíochtaí eacnamaíocha uile an oibreora, nó cuid díobh, a bhaineann le hiompar ainmhithe a chur ar fionraí nó a scor.

2.Cinnfidh na Ballstáit fad na smachtbhannaí dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL X
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 46

Tuarascáil maidir le staid an leasa ainmhithe in iompar

1.Ar bhonn na sonraí arna dtaifeadadh in TRACES i gcomhréir le hAirteagal 26 agus aon sonraí ábhartha eile, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil faireacháin maidir le staid an leasa ainmhithe i ndáil le hiompar san Aontas faoin [5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin.

2.Chun críche an tuairiscithe dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil seo a ullmhú.

Airteagal 47

Leasú na nIarscríbhinní

1.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48 chun na rialacha teicniúla atá in Iarscríbhinn I, Caibidlí I, II, V agus VII, agus in Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta chun dul chun cinn teicniúil agus forbairtí eolaíocha a chur san áireamh nuair a bheidh siad ar fáil, lena náirítear tuairimí eolaíocha EFSA, agus chun tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a chur san áireamh, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)dearadh agus cothabháil an mhodha iompair;

(b)an trealamh láimhseála;

(c)na ceanglais uisce, lena náirítear uasleibhéil le haghaidh paraiméadair uisce, agus na ceanglais maidir le faireachán uisce;

(d)ceanglais maidir le beathú;

(e)folláine le haghaidh iompair;

(f)cleachtais luchtaithe agus díluchtaithe;

(g)láimhseáil le linn gníomhaíochtaí iompair agus ina ndiaidh;

(h)coinníollacha ar bord soithí rolladh ann rolladh as agus trí aeriompar;

(i)cleachtais iompair;

(j)ceanglais maidir le lamháltas spáis agus dlús stocála.

2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na teimpléid le haghaidh logaí turas in Iarscríbhinn III agus múnla an fhianaithe in Iarscríbhinn IV a thabhairt cothrom le dáta.

Airteagal 48

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 mbliana ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i mír 2 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 2 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 49

Nós imeachta coiste

1.Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 50

Cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le doiciméid

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 49, rialacha a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach Airteagail 6, 9, 12, 13 agus 38 maidir le rialacha i ndáil le húdaruithe leictreonacha, deimhnithe leictreonacha agus logaí turas leictreonacha a eisiúint agus maidir le ríomhshíniú a úsáid.

CAIBIDIL XI
FORÁLACHA EILE

Airteagal 51

Cosaint sonraí i gcomhthéacs údaruithe, logaí turas, córas suite rianaithe fíor‑ama agus deimhnithe

1.Maidir leis na húdaruithe dá dtagraítear i gCaibidil II, na logaí turas dá dtagraítear i gCaibidil IV agus na deimhnithe dá dtagraítear i gCaibidil VIII, beidh an Coimisiún agus na Ballstáit ina gcomhrialaitheoirí de réir bhrí Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679, de bhun Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715.

2.Chun críocha na gcóras aimsithe suímh rianaithe fíor‑ama dá dtagraítear in Airteagal 24, is é an Coimisiún a bheidh ina rialaitheoir de réir bhrí Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) 2018/1725.

3.Ní bheidh rochtain ag an gCoimisiún ar na sonraí a thaifeadtar sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 24(3) ach amháin chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 24(5) in TRACES a aisghabháil.

4.I dteannta na gcatagóirí sonraí a phróiseáiltear de bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715, déanfar na sonraí a bhailítear tríd an gcóras aimsithe suímh fíor‑ama dá dtagraítear in Airteagal 24 agus na sonraí sa loga turais a bhaineann le hainm agus uimhir theileafóin an tiománaí a phróiseáil freisin chun rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/625, agus chun na críche sin amháin.

5.Déanfar taifeadadh na sonraí suímh ar eatraimh ghearrthréimhse a choimeád sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 24(3) ar feadh tréimhse 6 bliana.

6.Déanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis na húdaruithe dá dtagraítear i gCaibidil II agus na deimhnithe dá dtagraítear i gCaibidil VIII a choinneáil le TRACES ar feadh bhailíocht na núdaruithe agus na ndeimhnithe sin agus ar feadh tréimhse 6 bliana tar éis dóibh dul in éag nó tar éis iad a tharraingt siar.

Airteagal 52

Bearta náisiúnta níos déine

Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar na Ballstáit bearta náisiúnta níos déine a ghlacadh arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar chosaint ainmhithe le linn iompair agus a dhéantar go hiomlán laistigh de chríoch Ballstáit, nó le linn iompair, ar bearta iad a dhéantar go heisiach idir áit imeachta i gcríoch Ballstáit agus ceann scríbe i dtríú tír, ar choinníoll nach gcuirfidh na bearta sin isteach ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi rialacha náisiúnta den sórt sin sula nglacfar iad. Tarraingeoidh an Coimisiún aird na mBallstát eile orthu.

Airteagal 53

Feidhmchlár móibíleach

1.    Faoin[5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún feidhmchlár móibíleach a fhorbairt agus a chur ar fáil d’oibreoirí agus d’údaráis inniúla lena bhféadfar cúraimí riaracháin a dhéanamh i ndáil le hiompar ainmhithe. Beidh na feidhmiúlachtaí seo a leanas ar a laghad ag an bhfeidhmchlár atá nasctha le TRACES:

(a)cruthú agus tabhairt cothrom le dáta ranna de loga turais ag úsáideoirí cláraithe TRACES;

(b)loga turais a chur isteach lena fhormheas;

(c)an lamháltas spáis is gá a ríomh;

(d)uirlisí chun folláine le haghaidh iompair a sheiceáil;

(e)uirlisí chun réamhaisnéis na haimsire a sheiceáil.

2.Faoin [5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 49, sonraíochtaí mionsonraithe a leagan síos chun an feidhmchlár dá dtagraítear i mír 1 a fhorbairt.

Airteagal 54

Tuairisciú agus meastóireacht

1.Faoin [10 mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

2.Chun críche an tuairiscithe dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil seo a ullmhú.

Airteagal 55

Maolú

De mhaolú ar an Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit leanúint de na forálacha náisiúnta atá ann faoi láthair a chur i bhfeidhm maidir le hiompar ainmhithe laistigh dá réigiúin is forimeallaí, ar de thionscnamh na réigiún sin iad nó a thagann isteach iontu. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas ina dtaobh sin.

CAIBIDIL XII
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 56

Aisghairmeacha

1.Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle.

2.Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VI.

Airteagal 57

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle mar a leanas:

In Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(e)beidh siad feistithe le haghaidh na speiceas agus na gcatagóirí ainmhithe a bhfreastalaíonn siad orthu;

(f)beidh siad de mhéid leordhóthanach chun freastal ar ualach trucailí ainmhithe ar a laghad agus urraim á tabhairt don lamháltas spáis a leagtar síos i dTreoir 2008/119/CE 60 agus i dTreoir 2008/120/CE 61 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.’

In Airteagal 5, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(j)córas áirithintí a choimeád in TRACES lenar féidir le heagraithe sliotáin a fheiceáil agus a chur in áirithe.’

Airteagal 58

Foráil idirthréimhseach

Leanfaidh pointe (2)(e) de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I, Caibidil V d’Iarscríbhinn I, pointe 3.1 de Chaibidil VI d’Iarscríbhinn I agus Caibidil VII d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle de bheith infheidhme go dtí dáta chur i bhfeidhm phointe 1(h) de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I, Airteagail 27 go 30 agus Chaibidil VII d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 59

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Beidh feidhm aige ó 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, mura bhforáiltear a mhalairt i mír 3 agus i mír 4.

3.Beidh feidhm ag Airteagal 13(2), pointe (d), Airteagal 44(5), Airteagal 44, pointe 10 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I, pointe 2.5. de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I agus pointe 3.3 de Chaibidil V d’Iarscríbhinn I ó 3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

4.Beidh feidhm ag Airteagal 24, míreanna 1 go 4, ag Airteagal 51, ag Airteagail 27 go 30, ag Caibidil VII, ag Pointe 1(h) de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I, agus ag Caibidil VII d’Iarscríbhinn I ó 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe sin, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1/2005

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Ceannteideal 1: An Margadh Aonair, an Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 62  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Is é is aidhm don togra feabhas a chur ar chosaint ainmhithe le linn iompair, lena rannchuideofar le leas níos airde agus le táirgeadh bia níos inbhuanaithe araon.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Uimhir an chuspóra shonraigh

Na dálaí atá ann faoi láthair maidir le hiompar ainmhithe a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise an dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíochta is déanaí chun leibhéal níos airde leasa agus cáilíocht níos fearr an bhia de bhunadh ainmhíoch a áirithiú.

Rannchuidiú le forfheidhmiú níos fearr agus níos comhchuibhithe na rialacha maidir le hiompar ainmhithe ar leibhéal an Aontais, trí neartú a dhéanamh ar na rialuithe oifigiúla a bhaineann le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus an próiseas iomlán a dhigitiú chun ainmhithe a iompar chun an t‑ualach riaracháin ar na hoibreoirí agus ar na húdaráis inniúla a laghdú.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Cuspóir sonrach 1

-Faid ama turas laghdaithe

-Cur chuige comhchuibhithe agus aontaithe níos fearr maidir le faid ama turas a ríomh le haghaidh ainmhithe a bhfuil sé beartaithe iad a mharú agus maidir leis na cúig phríomhspeiceas ainmhí feirmshaothraithe

-Lamháltas méadaithe spáis

-CleareCCCoinníollacha níos soiléire agus níos sonraí do speicis agus catagóirí éagsúla ainmhithe

-Dálaí feabhsaithe maidir le catagóirí leochaileacha ainmhithe amhail ainmhithe torracha, laonna nach bhfuil bainte den diúl nó béaróga deiridh cúramóra a iompar

-Feabhas a chur ar choinníollacha na soithí beostoic

-Deimhniúchán seachtrach maidir le comhlíontacht lasmuigh de theorainneacha an Aontais

-Coinníollacha níos déine maidir le hainmhithe a easpórtáil ón Aontas chuig tríú tíortha

-Ceanglais nua agus níos sonraí maidir le hiompar madraí agus cat agus ainmhithe uisceacha

-Rialacha níos soiléire maidir le nochtadh ainmhithe do theochtaí foircneacha le linn iompair a laghdú (i.e. an‑íseal nó an‑ard)

Cuspóir sonrach 2

-Saobhadh ar an margadh inmheánach a laghdú

-Na huirlisí um chomhroinnt faisnéise a nuachóiriú

-An próiseas iomlán a dhigitiú agus an páipéarachas agus an t‑ualach riaracháin a laghdú

-Cur chuige comhchuibhithe maidir le córas smachtbhannaí agus comhthuiscint ar leibhéal déine na neamhchomhlíontachtaí

-Córas rianaithe fíor-ama lena n‑áirithítear freagairt níos fearr i gcás teagmhas le linn iompair

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Cuspóir sonrach 1:

-Fad na bhfad ama turas

-Líon agus céatadán na n‑ainmhithe a ghortaítear le linn iompair

-Líon agus céatadán na n‑ainmhithe a bhfuil fadhbanna sláinte agus fadhbanna a bhaineann leis an staid fhisiciúil acu (strus teirmeach nó fuaire, tart agus ocras fada)

-Líon agus céatadán na n‑ainmhithe a fuair bás ar theacht dóibh

- An líon iompair ainmhithe

-Níos lú neamhchomhlíontachtaí

Cuspóir sonrach 2:

-Úsáid feidhmchláir dhigitigh bunaithe ar TRACES atá le forbairt.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Tá sé d’aidhm ag an togra feabhas a chur ar leas ainmhithe agus leibhéal comhchuibhithe forfheidhmithe agus comhlíonta a éascú. Leis an togra, nuashonraítear rialacha maidir le leas ainmhithe agus le linn iompair i gcomhréir leis an dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch is déanaí agus é mar aidhm leis feabhas a chur ar leas ainmhithe agus iomaíocht chóir a áirithiú d’oibreoirí gnó. Dhéanfaí rianta a fhorbairt tuilleadh chun aghaidh a thabhairt go leictreonach ar gach deimhniú, údarú agus formheas, rud a chuirfeadh ar chumas na n‑údarás inniúil uile san Aontas rochtain a fháil ar na sonraí ábhartha maidir le hainmhithe a iompar. Ina theannta sin, beidh rianú beo ar fheithiclí bóthair le fáil in TRACES chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar an mbealach a n‑urramaítear faid ama turas.

Cuirtear tús leis an ngá atá le hacmhainní airgeadais in 2024 le staidéar ar mhódúlachtaí le haghaidh úsáid teicneolaíochtaí nua agus an digitithe chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú rialacha maidir le leas ainmhithe le linn iompair a éascú. Dhíreofaí na blianta ina dhiaidh sin ar dhearadh na n‑uirlisí sin agus ar chothabháil na n‑uirlisí sin.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe sin, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Ó glacadh an Rialachán Iompair, tá forbairt tagtha ar an eolaíocht, fágann an teicneolaíocht gur féidir rialacha a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtúla agus tá aird níos mó á tabhairt ag saoránaigh an Aontais ar leas ainmhithe. Is minic a bhíonn dúshláin ag na Ballstáit maidir le léirmhínithe ar na forálacha céanna, rud a fhágann go minic go mbíonn leibhéal éagsúil forfheidhmithe ann maidir leis na rialacha iompair ar fud na mBallstát. Ina theannta sin, tá a rialacha féin maidir le leas glactha ag na Ballstáit atá ag teacht lena gceanglais nua don eolaíocht is déanaí atá ar fáil. Tugann sé sin saobhadh ar an margadh inmheánach le tuiscint agus cothrom iomaíochta do na gníomhaithe uile lena mbaineann.

Leis an togra seo, tugtar an chomhairle eolaíoch is déanaí maidir le hiompar, cuidítear le trádáil ainmhithe agus bia de bhunadh ainmhíoch araon agus urraim á tabhairt do chothrom iomaíochta agus chun feabhas a chur ar leas an bheostoic ar fud an Aontais. Chuirfí feabhas ar an margadh inmheánach, agus chuirfí ardluachanna an Aontais i leith leas ainmhithe chun cinn ní b’éasca ar an leibhéal domhanda.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Léiríonn an tseiceáil oiriúnachta (meastóireacht) a rinneadh ar reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe nach bhfuil forbairtí suntasacha san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, treochtaí sochaíocha nua agus dúshláin inbhuanaitheachta léirithe go hiomlán sa rialachán atá ann faoi láthair. Thug na Ballstáit aghaidh ar na héagothromaíochtaí sin san eolaíocht tríd an reachtaíocht náisiúnta, rud a chuireann le cothrom iomaíochta ar fud an Aontais.

Ina theannta sin, is léir go bhfuil sé deacair na rialacha iompair atá ann faoi láthair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, rud a fhágann go bhfuil leibhéal ilroinnte de leas ainmhithe ann agus go bhfuil éagothroime ann i margadh an Aontais.

Léiríonn malartuithe le húdaráis inniúla na Ballstáit, páirtithe leasmhara éagsúla, torthaí ó iniúchtaí an Choimisiúin agus cleachtais níos fearr arna sainaithint ag saineolaithe náisiúnta go bhfuil gá le rialacha agus freagrachtaí níos soiléire chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú comhchuibhithe a éascú ar fud an Aontais.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Beidh an Rialachán ina chuid de Shnáithe Bia Chlár an Mhargaidh Aonair agus oibreoidh sé i gcomhar leis an gComhbheartas Talmhaíochta. Cé go gcuirfidh an togra seo leas ainmhithe chun cinn de ghnáth trí éileamh na dtomhaltóirí, tá ionstraimí éagsúla ag CBT chun feabhas a chur ar leas ainmhithe bia‑ainmhithe trí fhóirdheontais do tháirgeoirí (éiciscéimeanna, bearta forbartha tuaithe maidir le leas ainmhithe, infheistíochtaí, oiliúint, seirbhísí comhairleacha, scéimeanna cáilíochta, etc.).

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Tacófar leis na costais ó Chlár an Mhargaidh Aonair - an Snáithe Bia ós rud é go rannchuidíonn cuspóirí an rialacháin seo le ceann de phríomhchuspóirí an chláir, i.e. Táirgeadh inbhuanaithe athléimneach bia agus le spriocanna ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ an Aontais.

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ó 2024 go 2027,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 63

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

comhlachtaí nó daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

[…]

[…]

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Áirítear sa Rialachán forálacha chun sonraí a bhailiú agus táscairí bliantúla maidir le leas ainmhithe.

Leis an Rialachán, ceanglaítear ar na Ballstáit agus ar na hoibreoirí an fhaisnéis uile a iontráil in TRACES agus ar údaráis inniúla na mBallstát sonraí a thuairisciú go bliantúil don Choimisiún chun críoch faireacháin agus meastóireachta.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

I gcomhréir leis an ráiteas rialachais ón gCoimisiún Eorpach, déanann Ard‑Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia (SANTE) a cuid oibríochtaí i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme, ag obair ar bhealach oscailte agus trédhearcach agus an ardleibhéal caighdeán gairmiúil agus eiticiúil lena bhfuil coinne a chomhlíonadh.

Déanfar na gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar chosaint ainmhithe le linn iompair a chur chun feidhme trí bhainistíocht dhíreach, agus na modhanna cur chun feidhme a thairgeann an Rialachán Airgeadais á n‑úsáid: leis an mbainistíocht dhíreach, táthar in ann comhaontuithe deontais/conarthaí a bhunú le tairbhithe/conraitheoirí atá ag gabháil go díreach do ghníomhaíochtaí a fhreastalaíonn ar bheartais an Aontais. Áirithíonn an Coimisiún go ndéantar faireachán ar thoradh na ngníomhaíochtaí a mhaoinítear. Cuirfear rialacha mionsonraithe na ngníomhaíochtaí a chistítear in oiriúint do na rioscaí a bhaineann leis na hidirbhearta airgeadais.

D’fhonn éifeachtacht, éifeachtúlacht agus geilleagar rialuithe an Choimisiúin a áirithiú, beidh an straitéis rialaithe dírithe ar chothromaíocht idir seiceálacha ex‑ante agus ex‑post agus ar thrí phríomhchéim maidir le deontas/conradh a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais:

Tograí/tairiscintí a roghnú a oireann do chuspóirí beartais an Rialacháin;

B. Rialuithe oibríochtúla, faireacháin agus ex ante a chumhdaíonn cur chun feidhme tionscadal, soláthar poiblí, réamh‑mhaoiniú, íocaíochtaí eatramhacha, agus íocaíochtaí críochnaitheacha;

Déanfar rialuithe ex post ag suíomhanna na dtairbhithe freisin, ar shampla idirbheart rioscabhunaithe de ghnáth mar gheall ar bhreithnithe éifeachtúlachta.

Tá Ard‑Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia (AS um Shláinte agus Sábháilteacht Bia) faoi réir seiceálacha riaracháin lena n‑áirítear rialú buiséadach, tuarascálacha bliantúla de chuid Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus de chuid Sheirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin, urscaoileadh bliantúil maidir le forghníomhú bhuiséad an Aontais agus imscrúduithe féideartha arna ndéanamh ag OLAF chun a áirithiú go mbainfear úsáid cheart as na hacmhainní a leithdháiltear.

I gcomhréir le Creat Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin 64 , chuir AS SANTE le straitéis rialaithe inmheánaigh lena ndírítear ar bhainistíocht airgeadais agus ar a comhlíontacht leis an Rialachán Airgeadais, go háirithe maidir leis na cúig chuspóir rialaithe 65 agus na príomhphrionsabail maidir le rialuithe cost‑éifeachtúla agus bearta frith‑chalaoise. Is doiciméad í an straitéis atá i mbun forbartha agus a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta agus a ghlacann Bord Bainistíochta AS SANTE.

Tá an Stiúrthóir atá i gceannas ar Bhainistíocht Riosca agus Rialú Inmheánach (RMIC) AS SANTE freagrach as dréachtú, tabhairt cothrom le dáta agus cumarsáid na straitéise rialaithe a chomhordú leis na baill foirne uile lena mbaineann. Chuige sin, seolann an Stiúrthóir measúnú bliantúil gach bliain ar an gcóras rialaithe inmheánaigh a chuireann le Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí AS SANTE.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Tá bainistíocht riosca comhtháite go hiomlán i dtimthriall pleanála agus rialaithe AS SANTE. Sainaithnítear na rioscaí is tábhachtaí sa chleachtadh measúnaithe riosca bliantúil. Dírítear ar an neamhchosaint iarmharach ar riosca agus na bearta uile a rinneadh cheana chun an riosca a mhaolú á gcur san áireamh. Dúntar an cleachtadh le pléití ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí faoi chathaoirleacht an Ard‑Stiúrthóra. Tuairiscítear na ‘rioscaí criticiúla’, mar a thugtar orthu, don Choimisinéir mar aon le plean gníomhaíochta chun iad a laghdú go leibhéal inghlactha. Chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta, déantar tuarascáil ar dhul chun cinn a ullmhú agus a chur in iúl don Choimisinéir i gcomhthéacs na tuarascála meántéarma.

Rinne AS SANTE bainistíocht riosca chomhtháite a chomhtháthú ina próisis chur chun feidhme buiséid. Sainaithnítear rioscaí, saincheisteanna nó fadhbanna féideartha i ngach céim den phróiseas bainistíochta airgeadais.

I dtaca leid an Rialachán nua a chur chun feidhme, cuirtear béim ar shannadh conarthaí soláthair phoiblí chomh maith le roinnt deontas do ghníomhaíochtaí agus eagraíochtaí sonracha.

Déanfar na conarthaí soláthair phoiblí a thabhairt i gcrích go príomha i réimsí amhail forbairt táirgí TF agus tacaíocht agus staidéir.

Seo a leanas na príomhrioscaí:

• Riosca nach mbainfear amach cuspóirí an Rialacháin seo toisc nach leor an glacadh nó cáilíocht/mar gheall ar mhoill i ndáil leis na tionscadail nó conarthaí a chur chun feidhme;

Riosca nach mbainfear úsáid éifeachtúil eacnamaíoch as na cistí a dhámhtar, maidir le deontais (castacht na rialacha cistithe) agus soláthar (líon teoranta soláthraithe eacnamaíocha a bhfuil an saineolas is gá acu lena ngabhann easpa féidearthachta chun comparáid a dhéanamh idir tairiscintí praghsanna in earnálacha áirithe) araon;

• Riosca do chlú an Choimisiúin, má thagtar ar chalaois nó ar ghníomhaíochtaí coiriúla; ní féidir ach cinnteacht pháirteach a tharraingt ó chórais rialaithe inmheánaigh tríú páirtithe mar go bhfuil a gcóras rialaithe féin á oibriú ag conraitheoirí agus tairbhithe.

Chuir an Coimisiún nósanna imeachta inmheánacha i bhfeidhm a bhfuil sé d’aidhm acu na rioscaí a shainaithnítear thuas a chumhdach. Tá na nósanna imeachta inmheánacha i gcomhréir go hiomlán leis an Rialachán Airgeadais agus áirítear leo bearta frith‑chalaoise agus breithnithe costais agus tairbhe. Laistigh den chreat sin, leanann an Coimisiún air ag déanamh scrúdú ar na féidearthachtaí chun an bhainistíocht a fheabhsú agus chun gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach. Is iad seo a leanas na príomhghnéithe den chreat rialaithe:

Rialuithe roimh chur chun feidhme na dtionscadal agus i ndiaidh iad a chur chun feidhme:

Cuirfear córas bainistíochta tionscadal iomchuí ar bun a dhíríonn ar rannchuidiú na dtionscadal agus na gconarthaí le cuspóirí beartais, lena n‑áirithítear rannpháirtíocht chórasach na ngníomhaithe uile, lena gcuirtear ar bun tuairisciú rialta ar an mbainistiú tionscadal a chomhlánaítear le cuairteanna ar an láthair de réir an cháis, lena n‑áirítear tuarascálacha riosca a chur faoi bhráid na hardbhainistíochta, chomh maith le solúbthacht bhuiséadach iomchuí a choimeád.

• Forbrófar comhaontuithe deontais samplacha agus conarthaí seirbhísí laistigh den Choimisiún. Déantar foráil leo maidir le roinnt forálacha rialaithe amhail teastais iniúchta, ráthaíochtaí airgeadais, iniúchtaí ar an láthair chomh maith le cigireachtaí a dhéanfaidh OLAF. Tá na rialacha lena rialaítear incháilitheacht na gcostas á simpliú, mar shampla, trí chostas aonaid, cnapshuimeanna, ranníocaíochtaí nach bhfuil nasctha le costais agus féidearthachtaí eile a thairgeann an Rialachán Airgeadais a úsáid. Laghdófar leis sin costas na rialuithe agus cuirfear an bhéim ar sheiceálacha agus ar rialuithe i réimsí ardriosca.

• Tugann an fhoireann go léir síniú don chód maidir le dea‑iompraíocht riaracháin. Déanann an fhoireann a bhfuil baint acu leis an nós imeachta roghnúcháin nó le bainistiú na gcomhaontuithe/conarthaí deontais dearbhú a shíniú (freisin) maidir le heaspa coinbhleacht leasa. Cuirtear an fhoireann faoi oiliúint go tráthrialta agus úsáideann sí líonraí chun dea‑chleachtais a chomhroinnt.

• Déantar cur chun feidhme teicniúil an tionscadail a sheiceáil go tráthrialta ag an deasc ar bhonn thuarascálacha dul chun cinn teicniúla na gconarthaí agus na dtairbhithe; ina theannta sin déantar foráil maidir le cruinnithe conraitheoirí/tairbhithe agus cuairteanna ar an láthair ar bhonn cás ar chás.

Rialuithe ag deireadh an tionscadail: Déantar iniúchtaí ex‑post ar shampla idirbheart chun incháilitheacht na n‑éileamh ar chostais a fhíorú ar an toirt. Tá sé d’aidhm ag na rialuithe sin earráidí ábhartha a bhaineann le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart airgeadais a chosc, a bhrath agus a cheartú. D’fhonn tionchar ard rialaithe a bhaint amach, féadfar roghnú rioscabhunaithe a chomhcheangal le sampláil randamach i roghnú na dtairbhithe a bhfuil iniúchadh le déanamh orthu. Tabharfar aird ar ghnéithe oibríochtúla aon uair is féidir le linn an iniúchta ar an láthair.

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Cuireann straitéisí rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin agus na hArd‑Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht na príomhspreagthaí costais san áireamh, in éineacht leis na hiarrachtaí a rinneadh cheana i gcaitheamh roinnt blianta chun costais na rialuithe a laghdú, gan amhras a tharraingt ar éifeachtacht na rialuithe. Tá sé léirithe go bhfuil an córas rialaithe atá ann faoi láthair in ann earráidí agus/nó neamhrialtachtaí a chosc agus/nó a bhrath, agus i gcás earráidí nó neamhrialtachtaí, iad a cheartú.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Le hAirteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ceanglaítear ar an Aontas agus ar a Bhallstáit calaois agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. De réir Airteagal 317 CFAE agus Airteagal 36 den Rialachán Airgeadais 66 , cuireann an Coimisiún Eorpach buiséad an Aontais chun feidhme, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, trí rialú inmheánach éifeachtach agus éifeachtúil a chur i bhfeidhm 67 , lena náirítear calaois agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus obair leantach a dhéanamh orthu.

Maidir lena chuid gníomhaíochtaí sa bhainistíocht dhíreach, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n‑áiritheofar go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus dhíspreagthacha. Chuige sin, ghlac an Coimisiún straitéis frithchalaoise, an leagan is déanaí i mí Aibreáin 2019 (COM(2019) 196), le Plean Gníomhaíochta athbhreithnithe mhí Iúil 2023 (COM(2023) 405). Tá straitéisí frithchalaoise dá gcuid féin forbartha agus curtha chun feidhme ag Ard‑Stiúrthóireachtaí agus ag gníomhaireachtaí feidhmiúcháin ar bhonn na modheolaíochta a chuir OLAF ar fáil. Go ginearálta, déantar iad sin a thabhairt cothrom le dáta gach 3 bliana agus déantar faireachán ar a gcur chun feidhme agus tuairiscítear iad don bhainistíocht ar bhonn tráthrialta.

Le haghaidh chur chun feidhme an bhuiséid faoi bhainistíocht dhíreach, cuireann an Coimisiún sraith beart chun feidhme freisin amhail:

‑ go ndéanfaidh cinntí, comhaontuithe agus conarthaí a leanann as an Rialachán seo a chur chun feidhme teideal a thabhairt don Choimisiún, OLAF san áireamh, agus don Chúirt Iniúchóirí na hiniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh chun méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur;

‑ agus meastóireacht á déanamh ar thograí/ar thairiscintí, déanfar na hiarratasóirí agus na tairgeoirí a sheiceáil i gcoinne na gcritéar maidir le heisiamh atá foilsithe ar bhonn dearbhuithe agus an Chórais Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES);

‑ déanfar na rialuithe lena rialaítear incháilitheacht na gcostas a shimpliú i gcomhréir le forálacha an Rialacháin Airgeadais;

‑ tabharfar oiliúint thráthrialta agus múscailte feasachta maidir le saincheisteanna a bhaineann le calaois agus le neamhrialtachtaí don fhoireann go léir a bhfuil baint acu le bainistíocht conarthaí agus d’iniúchóirí agus do rialaitheoirí a fhíoraíonn dearbhuithe na dtairbhithe ar an láthair.

Tá próiseas tógála dearbhaithe an Oifigigh Údarúcháin trí Tharmligean bunaithe ar chumas na gcóras rialaithe atá i bhfeidhm chun easnaimh shuntasacha agus/nó atriallacha a bhrath. Tá na córais rialaithe comhdhéanta de ghnéithe éagsúla: maoirseacht agus fíorú oibríochtaí, fíoruithe ex ante, rialuithe ex post, agus iniúchtaí na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, chomh maith leis na hiniúchtaí sláinte agus bia a dhéanann AS SANTE i mBallstáit an Aontais agus i dtríú tíortha. Tá ról ríthábhachtach ag na gníomhaithe uile lena mbaineann maidir le calaois a chosc agus a bhrath.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas  
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 68

ó thíortha de chuid CSTE 69

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 70

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

03.02.06 - Rannchuidiú le hardleibhéal sláinte agus leasa do dhaoine, ainmhithe agus plandaí

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

Uimhir

1

An Margadh Aonair, an Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

AS SANTE

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027 et seqq

IOMLÁN

□ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

03.02 06 Rannchuidiú le hardleibhéal sláinte agus leasa do dhaoine, ainmhithe agus plandaí

Gealltanais

(1a)

0,250

0,850

0,800

0,500

2,400

Íocaíochtaí

(1b)

0,050

0,245

0,490

1,615

2,400

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

Líne buiséid

(3)

0

0

0

0

0

IOMLÁN leithreasuithe 
le haghaidh AS SANTE

Gealltanais

=1a+3

0,250

0,850

0,800

0,500

2,400

Íocaíochtaí

=1b

+3

0,050

0,245

0,490

1,615

2,400



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

-4

0,250

0,850

0,800

0,500

2,400

Íocaíochtaí

-5

0,050

0,245

0,490

1,615

2,400

□ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

-6

IOMLÁN leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDEAL 1 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

= 4+ 6

0,250

0,850

0,800

0,500

2,400

Íocaíochtaí

= 5+ 6

0,050

0,850

0,490

1,615

2,400

IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

0,250

0,850

0,800

0,500

2,400

Íocaíochtaí

(5)

0,050

0,245

0,490

1,615

2,400

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Méid tagartha)

Gealltanais

= 4+ 6

0,250

0,850

0,800

0,500

2,400

Íocaíochtaí

= 5+ 6

0,050

0,245

0,490

1,615

2,400





Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Chun an roinn seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ a iontráladh ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáladh ar an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain

2024

Bliain

2025

Bliain

2026

Bliain

2027 et seqq

IOMLÁN

AS SANTE

□ Acmhainní daonna

0,599

0,610

1,180

1,252

3,640

□ Caiteachas riaracháin eile

0,000

0,000

0,000

0,000

0,000

IOMLÁN ARD‑STIÚRTHÓIREACHT SANTE

Leithreasuithe

0,599

0,610

1,180

1,252

3,640

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0,599

0,610

1,180

1,252

3,640

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain

2024

Bliain

2025

Bliain

2026

Bliain

2027 et seqq

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

0,849

1,460

1,980

1,752

6,040

Íocaíochtaí

0,649

0,855

1,670

2,867

6,040

3.2.2.An taschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

 

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN

 

2024

2025

2026

2027 et seqq

ASCHUIR

 

Cineál[1]

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

 

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2

 

- Aschur

Staidéar ar mhódúlachtaí le haghaidh úsáid teicneolaíochtaí nua agus an digitithe chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú rialacha maidir le leas ainmhithe le linn iompair a éascú.

 

 

0,250

 

 

 

 

 

 

 

0,250

- Aschur

An córas a fhorbairt in TRACES

 

 

 

 

0,800

 

0,600

 

 

 

1,400

- Aschur

TRACES a chothabháil

 

 

 

 

 0,050

 

0,200 

 

0,200

 

0,450

- Aschur

Feidhmchlár digiteach a fhorbairt

 

 

 

 

 

 

 

 

0,300

 

0,300

Fo‑iomlán le haghaidh chuspóir sonrach Uimh. 2

 

0,250

 

0,850

 

0,800

 

0,500

 

2,400

Iomláin

 

 

0,250

 

0,850

 

0,800

 

0,500

 

2,400

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

 

Bliain

Bliain

Bliain

Bliain

IOMLÁN

2024

2025

2026

2027 et seqq

CEANNTEIDEAL 7

 

 

 

 

 

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna 71

0,599

0,610

1,180

1,252

3,640

Caiteachas riaracháin eile

0

0,000

0,000

0,000

0

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 7

0,599

0,610

1,180

1,252

3,640

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7[2]

 

 

 

 

 

den chreat airgeadais ilbhliantúil

 

Acmhainní daonna

 

 

 

 

 

Caiteachas eile

 

 

 

 

 

de chineál riaracháin

Fo-iomlán

 

 

 

 

 

lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7

den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0,599

0,610

1,180

1,252

3,640

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 2026

Bliain 2027 et seqq

□ Poist le haghaidh an phlean bunaíochta (oifigigh agus baill foirne shealadacha)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

3,5

3,5

6,5

6,5

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 72

20 02 01 (CA, SNE, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (CA, LA, SNE, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz   73

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, SNE, INT – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

3,5

3,5

6,5

6,5

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Déanfaidh AD na cúraimí uile a bhaineann leis an gcaidreamh leis na Ballstáit, le hionaid tagartha, le páirtithe leasmhara chomh maith le haon ullmhú reachtaíochta.

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Cumhdófar EUR 2.400 milliún de chostais oibríochtúla faoi líne bhuiséid 03.02.06 sna blianta 2024 go 2027 trí ath‑imlonnú inmheánach laistigh den líne bhuiséid.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 74

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 75

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

[…]

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

[…]

(1)     Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘ A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], COM(2020)381 final.
(2)    An Coimisiún Eorpach, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Clár Oibre an Choimisiúin i gcomhair 2023, Aontas daingean aontaithe, COM(2022) 548 final
(3)    Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoracha 64/432/CEE agus 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97, IO L 3, 5.1.2005, lch. 1–44
(4)    An Coimisiún Eorpach, Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Seiceáil Oiriúnachta ar Reachtaíocht an Aontais maidir le Leas Ainmhithe, SWD(2022)328 final
(5)     SWD(2021) 77 final  
(6)    Comhairle an Aontais Eorpaigh,  Dréachtchonclúidí ón gComhairle maidir le lipéad uile‑Aontais leasa ainmhithe , 15 Nollaig 2020 (Tag. 14047/20); Comhairle an Aontais Eorpaigh, Conclúidí ón gComhairle maidir le leas ainmhithe le linn cianiompar muirí chuig tríú tíortha , 28 Meitheamh 2021 (Tag. 10235/21).
(7)     ‘Council conclusions on animal welfare - an integral part of sustainable animal production – Council Conclusions [Conclúidí ón gComhairle maidir le leas ainmhithe - dlúthchuid de tháirgeadh inbhuanaithe ainmhithe – Conclúidí ón gComhairle]’ (16 Nollaig 2019)
(8)     Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (2020/2260(INI))
(9)     Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2022 chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún tar éis an imscrúdaithe ar sháruithe agus ar dhrochriarachán líomhnaithe i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais i ndáil le cosaint ainmhithe le linn iompair laistigh den Aontas agus lasmuigh de (2021/2736(RSP))
(10)     Animal welfare in the EU: closing the gap between ambitious goals and practical implementation [Leas ainmhithe san Aontas Eorpaigh: an bhearna idir spriocanna uaillmhianacha agus cur chun feidhme praiticiúil a dhúnadh], Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, 2018.
(11)     Iompar ainmhithe beo san Aontas Eorpach: dúshláin agus deiseanna, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, 202 3
(12)    Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí (An Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla), IO L 95, 7.4.2017, lch. 1-142.
(13)    Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in‑tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe, IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(14)    Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir leis an gclár staidrimh Eorpach, IO L 102, 11.4.2006, lch. 1.
(15)    Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33).
(16)    Painéal EFSA um Ghuaiseacha Bitheolaíocha (BIOHAZ), Koutsoumanis, K. et al., ‘Transmission of antimicrobial resistance (AMR) during animal transport [Tarchur frithsheasmhachta frithmhiocróbaí (FSFM) le linn ainmhithe a iompar]’, EFSA Journal [Iris EFSA], Iml. 20, Eagrán 10 (e07586), Wiley, 2022, lgh. 1–93. 10.2903/j.efsa.2022.7586
(17)    Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir leis reachtaíocht shóisialta áirithe i ndáil leis an iompar ar bóthar a chomhchuibhiú, IO L 102, 11.4.2006, lch. 1
(18)    Le fáil ar ardán ‘Cloisimis uait’ an Choimisiúin Eorpaigh: https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12950-Animal-welfare-revision-of-EU-legislation_ga  
(19)    Le fáil ar ardán ‘Cloisimis uait’ an Choimisiúin Eorpaigh: https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12950-Animal-welfare-revision-of-EU-legislation/public-consultation_ga  
(20)    EU Animal welfare today & tomorrow, an opportunity for stakeholders to validate the preliminary findings of the Fitness Check of the current EU animal welfare legislation [Leas ainmhithe san Aontas Eorpaigh inniu & amárach, deis do pháirtithe leasmhara réamhthorthaí na Seiceála Oiriúnachta ar an reachtaíocht leasa ainmhithe atá i bhfeidhm ag an Aontas faoi láthair a bhailíochtú]. https://commission.europa.eu/events/eu-animal-welfare-today-tomorrow-2021-12-09_en  
(21)     An Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe, Animal welfare standards during transport  
(22)    Coimisiún Eorpach, Ard‑Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia, Study supporting the Impact Assessment accompanying the revision of the EU legislation on the welfare of animals during transport [Staidéar lena dtacaítear leis an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le leas ainmhithe le linn iompair], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023, roinn 5.2.1., doi: 10.2875/110728. (Staidéar iompair).
(23)    An Coimisiún Eorpach, Ard‑Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia, Modelling of policy options to support the Impact Assessment accompanying the revision of the EU legislation on the welfare of animals during transport [Samhaltú ar roghanna beartais chun tacú leis an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le leas ainmhithe le linn iompair], 2023, doi: 10.2875/061480
(24)    An Coimisiún Eorpach, an Ard‑Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia, Study on shifting from transport of unweaned male dairy calves over long distance to local rearing and fattening: [Staidéar maidir le cianiompar laonna déiríochta fireanna nach bhfuil bainte den diúl a aistriú chun a dtógála agus a ramhraithe go háitiúil]:tuarascáil chríochnaitheach, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022
(25)    Coimisiún Eorpach, an Ard‑Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia, Study on economic models to prevent the transport of unfit end-of-career dairy cows: [Staidéar maidir le samhlacha eacnamaíocha chun cosc a chur ar iompar ba déiríochta mí-oiriúnach a bhfuil a ré caite:tuarascáil chríochnaitheach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022
(26)    Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Athbhreithniú 03/2023 ‘Iompar ainmhithe beo san Aontas Eorpach: dúshláin agus deiseanna’. https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/RV-2023-03/RV-2023-03_GA.pdf
(27)    An tomhas ar uasfhaid ama turas 9 n‑uair an chloig i gcás ainmhithe lena marú, tá sé i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cearta sóisialta tiománaithe, lena ndéantar foráil maidir le huasfhad ama 9 n‑uair an chloig i gcás nach mbeidh ach tiománaí amháin ann. Ceadaítear leis an mbeart eile i gcás ainmhithe a iompraítear chun críoch eile, freisin, ailíniú le reachtaíocht an Aontais maidir le cearta sóisialta tiománaithe, sa chás ina mbeidh beirt thiománaithe ann. Go deimhin, i gcás beirt thiománaithe, déanann reachtaíocht an Aontais maidir le cearta sóisialta tiománaithe foráil maidir le huastréimhse tiomána 19 uair an chloig. Ós rud é go n‑áirítear luchtú agus díluchtú na n‑ainmhithe i bhfaid ama turas sa togra seo (agus go meastar go dtógfaidh sé 1 uair an chloig na hainmhithe a luchtú agus 1 uair an chloig iad a dhíluchtú), comhfhreagraíonn sé sin don uasfhad ama turais 21 uair an chloig.
(28)    Tá iniúchtaí le fáil ag: https://ec.europa.eu/food/audits-analysis/audit-report
(29)     https://food.ec.europa.eu/horizontal-topics/official-controls-and-enforcement/legislation-official controls/better-training-safer-food_en
(30)    IO C , , , lch. .
(31)    IO C , , , lch. .
(32)    Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoracha 64/432/CEE agus 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 IO L 3, 5.1.2005, lgh. 1–44.
(33)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Fitness Check of the EU Animal Welfare legislation [Seiceáil Oiriúnachta ar Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le Leas Ainmhithe], SWD(2022) 328 final, 4.10.2022
(34)    An Coinbhinsiún Eorpach chun Ainmhithe a Chosaint le linn Iompar Idirnáisiúnta, Comhairle na hEorpa, Císineá, 6.XI.2003, Sraith Chonarthaí de chuid Chomhairle na hEorpa Uimh. 193.
(35)    Tuairim Eolaíoch ó Phainéal AHAW EFSA (Painéal EFSA maidir le Sláinte agus Leas Ainmhithe) maidir le leas athchogantach beag le linn iompair. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022; 20(9):7404, lch. 101
(36)    Tuairim Eolaíoch ó Phainéal AHAW EFSA (Painéal EFSA maidir le Sláinte agus Leas Ainmhithe) maidir le leas eachainmhithe le linn iompair. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022; 20(9):7444, 113 lch.
(37)    Tuairim Eolaíoch ó Phainéal AHAW EFSA (Painéal EFSA maidir le Sláinte agus Leas Ainmhithe) maidir le leas athchogantach beag le linn iompair. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022; 20(9):7404, 101 lch.
(38)    Tuairim Eolaíoch ó Phainéal AHAW EFSA (Painéal EFSA maidir le Sláinte agus Leas Ainmhithe) maidir le leas muc le linn iompair. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022; 20(9):7445, 108 lch.
(39)    Tuairim Eolaíoch ó Phainéal AHAW EFSA (Painéal EFSA maidir le Sláinte agus Leas Ainmhithe) maidir le leas éan clóis agus coiníní a iompraítear i gcoimeádáin. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022; 20(9):7441, 188 lch.
(40)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla agus comhpháirteanna a chórais (Rialachán CBFRO), C/2019/7005, (IO L 261, 14.10.2019, lgh. 37–96).
(41)    Breithiúnas an 23 Aibreán 2015, Zuchtvieh-Export GmbH, C-424/13, ECLI:EU:C:2015:259, mír 56
(42)

   Cód WOAH um Shláinte na nAinmhithe Talún, 2023, Rochtain ar Líne ar an gCód um Shláinte na nAinmhithe Talún - WOAH - an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe .

(43)    Breithiúnas an 3 Nollaig 2015,
(44)    Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33).
(45)    https://www.parismou.org/
(46)    Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) IO L 131, 28.5.2009, lgh. 57–100.
(47)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/372 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le taifid i scríbhinn ar rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ar shoithí beostoic a thaifeadadh, a stóráil agus a chomhroinnt, rialacha maidir le pleananna teagmhasacha le haghaidh soithí beostoic i gcás éigeandálaí, maidir le soithí beostoic a fhormheas agus maidir leis na híoscheanglais is infheidhme maidir le pointí imeachta. IO L 51, 20.2.2023, lgh. 32–39.
(48)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí); IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1–88.
(49)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE; IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39–98.
(50)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla agus comhpháirteanna a chórais (Rialachán CBFRO) C/2019/7005, IO L 261, 14.10.2019, lch. 37-96.
(51)    Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann leis an iompar ar bhóithre, agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle, IO L 102, 11.4.2006, lgh. 1–14.
(52)    Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93, IO L 218, 13.8.2008, lgh. 30–47
(53)    Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1997 maidir le critéir an Chomhphobail le haghaidh poist rialúcháin agus lena leasaítear an plean bealaigh dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 91/628/CEE, IO L 174, 2.7.1997, lgh. 1–6.
(54)    Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla), IO L 95, 7.4.2017, lgh. 1–142 
(55)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, IO L 123, 12.5.2016, lch. 1-14
(56)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún, IO L 55, 28.2.2011, lgh. 13–18.
(57)    Cinneadh (AE) 2015/451 ón gComhairle an 6 Márta 2015 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES), IO L 75, 19.3.2015, lgh. 1–3.
(58)    Treoir 1999/22/CE ón gComhairle an 29 Márta 1999 maidir le hainmhithe fiáine a choinneáil i zúnna, IO L 94, 9.4.1999, lgh. 24–26.
(59)    Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch, IO L 276, 20.10.2010, lgh. 33–79.
(60)    Treoir 2008/119/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leagtar síos caighdeáin íosta chun laonna a chosaint, IO L 10, 15.1.2009, lch. 7.
(61)    Treoir 2008/120/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leagtar síos caighdeáin íosta chun muca a chosaint, IO L 47, 18.2.2009, lch. 5.
(62)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(63)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget-implementation/Pages/implementation-methods.aspx
(64)    C(2017) 2373 an 19/04/2017
(65)    De réir shamhail COSO a ghlac Creat Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin sa leagan is déanaí de: C(2017) 2373 an 19/04/2017 3 Teachtaireacht chuig an gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar an gCreat Rialaithe Inmheánaigh (C(2017) 2373 an 19/04/2017) a chuirtear in ionad na gCaighdeán Rialaithe Inmheánaigh a leagtar síos in SEC(2001)2037 agus a athbhreithníodh le SEC(2007)1341.
(66)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena naisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, IO L 193, 30.7.2018, 1.
(67)    Teachtaireacht chuig an gCoimisiún maidir leis an Athbhreithniú ar an gCreat Rialaithe Inmheánaigh C(2017)2373 a glacadh an 19/04/2017 (Prionsabal 8, Saintréith 8.2).
(68)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(69)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(70)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(71)    AC= Baill Foirne ar Conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(72)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte “BA”).
(73)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(74)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis do 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,7.12.2023

COM(2023) 770 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle

{SEC(2023) 397 final} - {SWD(2023) 399 final} - {SWD(2023) 401 final} - {SWD(2023) 402 final}


IARSCRÍBHINN I

RIALACHA TEICNIÚLA MAIDIR LE hAINMHITHE TALÚN

dá dtagraítear in Airteagail 2, 12, 13, 18, 19, 20, 22, 27, 28, 30, 33, 40, 44 agus 47

CAIBIDIL I
OIRIÚNACHT I gCOMHAIR IOMPAIR

1.Ní mheasfar go bhfuil ainmhithe talún folláin lena niompar más rud é:

(a)go bhfuil siad gortaithe nó tinn;

(b)go bhfuil laigí fiseolaíocha nó próisis phaiteolaíocha ag baint leo;

(c)nach bhfuil siad in ann bogadh go neamhspleách gan phian ná siúl gan chabhair;

(d)go bhfuil caiceicse orthu nó go bhfuil siad díhiodráitithe go mór;

(e)go bhfuil créacht oscailte thromchúiseach, nó tultitim, iontu;

(f)gur baineannaigh thorracha iad a bhfuil 80 % nó níos mó den tréimhse iompair a bhfuil coinne léi caite ina leith cheana féin, nó baineannaigh a saolaíodh sna 7 lá roimhe sin;

(g)gur mamaigh nuabheirthe iad nach bhfuil an timleacán cneasaithe go hiomlán iontu;

(h)gur laonna atá níos óige ná 5 seachtaine d’aois iad agus go mbíonn meáchan níos lú ná 50 kg iontu, bainbh, uain nó meannáin atá níos óige ná 3 seachtaine, mura rud é go niompraítear iad níos lú ná 100 km;

(i)gur madraí agus cait iad atá níos óige ná 12 sheachtain d’aois;

(j)gur coiníní iad atá níos óige ná 48 nuair an chloig d’aois.

(k)gur ainmhithe de chineál fia iad i dtréimhse veilbhite.

2.Ach amháin má ghabhann a máthair leo, ní mheasfar na hainmhithe seo a leanas a bheith oiriúnach do thurais fhada:

(a)each‑ainmhithe, má tá siad níos óige ná 4 mhí;

(b)bainbh, má tá a meáchan coirp níos lú ná 10 kg.

3.De mhaolú ar phointe 1(a) agus (b), féadfar a mheas go bhfuil ainmhithe oiriúnach le hiompar más rud é:

(a)go bhfuil siad beagán gortaithe nó tinn, agus nach mbeadh iompar ina chúis le fulaingt bhreise;

(b)go niompraítear iad faoi mhaoirseacht tréidliachta le haghaidh cóireáil tréidliachta nó diagnóis tréidliachta, nó ina dhiaidh sin, agus nach gcuirtear aon fhulaingt ná drochíde neamhriachtanach ar na hainmhithe lena mbaineann;

(c)gur ainmhithe iad a cuireadh faoi ghnáthaimh mháinliachta tréidliachta, ar choinníoll nach bhfuil créachtaí ag fuiliú agus go ndéantar bearta chun teagmháil fhisiciúil leis an gcréacht a íoslaghdú.

Chun críocha phointe (a), i gcásanna amhrais, lorgófar comhairle tréidliachta.

4.Ní mheasfar go bhfuil eachainmhithe neamhbhriste oiriúnach lena niompar ar turais fhada.

7.I gcás ina dtagann tinneas ar na hainmhithe nó ina ngortaítear iad le linn iompair, déanfar iad a scaradh ó na hainmhithe eile agus gheobhaidh siad cóireáil gharchabhrach a luaithe is féidir. Tabharfar cóireáil tréidliachta iomchuí dóibh láithreach agus, más gá, déanfar marú éigeandála orthu ar bhealach nach mbeidh aon fhulaingt neamhriachtanach acu mar thoradh air.

8.Ní úsáidfear támhacháin ar ainmhithe atá le hiompar ach amháin má tá sé riachtanach chun leas na nainmhithe agus sábháilteacht na noibreoirí a áirithiú agus ní úsáidfear iad ach amháin faoi mhaoirseacht tréidlia.

9.Ainmhithe baineanna de speiceas buaibheach, caorach agus gabhair atá ag lachtadh agus nach bhfuil a sliocht ag gabháil leo, déanfar iad a bhleán ag eatraimh nach faide ná 12 uair an chloig.

10.Measfar madraí agus cait a bheith oiriúnach le hiompar nuair a bheidh na cóireálacha coisctheacha tréidliachta is gá déanta acu chun galair a bhaineann le strus agus galair atá sonrach do speiceas a chosc.

CAIBIDIL II
MODH IOMPAIR

1.Forálacha maidir le gach modh iompair agus maidir le coimeádáin

1.1.Déanfar modh iompair, coimeádáin agus a bhfeistis a dhearadh, a thógáil, a choinneáil ar bun agus a oibriú ar bhealach chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)gortú agus fulaingt a sheachaint agus sábháilteacht na nainmhithe a áirithiú;

(b)na hainmhithe a chosaint ar dhrochaimsir, ar theochtaí foircneacha agus ar athruithe díobhálacha ar dhálaí aeráide;

(c)a bheith glanta agus dífhabhtaithe;

(d)cosc a chur ar na hainmhithe éalú nó titim amach agus a bheith in ann strus na ngluaiseachtaí a sheasamh;

(e)a áirithiú gur féidir cáilíocht an aeir agus an chainníocht is iomchuí don speiceas a iompraítear a choinneáil ar bun;

(f)rochtain ar na hainmhithe a sholáthar ionas gur féidir iad a iniúchadh, a bheathú agus aire a thabhairt dóibh;

(g)dromchla urláir atá frithshleamhnánach a sholáthar;

(h)dromchla urláir a sholáthar a íoslaghdaíonn sceitheadh fuail nó faecais nuair is ábhartha don speiceas atá á iompar;

(i)modh soilsithe a sholáthar a bheidh leordhóthanach chun cigireacht a dhéanamh ar na ainmhithe agus aire a thabhairt dóibh le linn iompair.

1.2.Déanfar dóthain spáis a sholáthar laistigh d’urrann na nainmhithe agus ag gach ceann dá leibhéil chun a áirithiú go mbeidh aeráil éifeachtach os cionn na nainmhithe nuair atá siad ina seasamh nó ina suí go nádúrtha, gan bac a chur ar a ngluaiseacht nádúrtha ar aon chuma.

1.3.I gcás ainmhithe fiáine, beidh na doiciméid seo a leanas ag gabháil leis na hainmhithe:

(a)fógra lena gcuirtear in iúl go bhfuil na hainmhithe fiáin, scáfar nó contúirteach;

(b)treoracha i scríbhinn maidir le beathú, uisciú agus aon chúram speisialta a éilítear.

1.4.Beidh codanna láidir go leor chun meáchan na nainmhithe a sheasamh. Déanfar feistis a dhearadh le haghaidh oibriú tapa agus éasca.

1.5.Déanfar ábhar leapa nó ábhar coibhéiseach a sholáthar do bhainbh atá níos lú ná 10 kg, uain faoi bhun 20 kg, laonna atá níos lú ná 6 mhí d’aois agus laonna atá níos óige ná 4 mhí d’aois, rud a chinnteoidh go mbeidh compord ag baint leo i gcomhréir leis an speiceas, leis an líon ainmhithe atá á niompar, leis an bhfad ama turais, agus leis an aimsir. Caithfidh an tábhar sin ionsú leordhóthanach fuail agus faecais a áirithiú ionas go bhfanfaidh ainmhithe glan agus tirim le linn an turais ar fad.

2.Forálacha breise maidir le heach‑ainmhithe, bó‑ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach, ainmhithe den chineál gabhair agus muc‑ainmhithe a iompar ar bóthar nó ar iarnród

2.1.Déanfar feithiclí ina niompraítear ainmhithe a mharcáil go soiléir agus go feiceálach agus léireofar go bhfuil ainmhithe beo iontu, ach amháin i gcás ina niompraítear na hainmhithe i gcoimeádáin atá marcáilte i gcomhréir le pointe 4.1.

2.2.Iompróidh feithiclí bóthair trealamh oiriúnach chun na hainmhithe a luchtú agus a dhíluchtú.

2.3.Nuair a thiomsaítear traenacha agus le linn gach gluaiseachta eile vaigíní iarnróid, déanfar gach réamhchúram ionas nach mbainfear croitheadh as vaigín iarnróid ina bhfuil ainmhithe.

2.4.I gcás ina mairfidh an tiompar ar iarnród níos mó ná 3 uair an chloig, beidh modh maraithe atá oiriúnach don speiceas ar fáil le treoracha i scríbhinn chun é a úsáid i gcás na nainmhithe a iompraítear agus i dteanga a thuigeann freastalaithe.

2.5.Beidh feithiclí lena niompraítear cait agus madraí feistithe le braiteoirí teochtaí agus bogthaise feidhmiúla.

3.Forálacha breise maidir le hiompar ar shoithí rolladh ann‑rolladh as

3.1.Sula ndéanfar é a luchtú ar shoitheach rolladh ann‑rolladh as, áiritheoidh an máistir an méid seo a leanas:

(a)ar dheiceanna iata, tá an soitheach feistithe le córais aerála fean éigeantach agus tá sé feistithe le córas aláraim agus foinse thánaisteach cumhachta i gcás teipe;

(b)ní luchtaítear feithiclí i ndeiceanna iata ach amháin má bhíonn córais aerála fean éigeantach agus an córas aláraim in ord maith oibre;

(c)soláthraítear cosaint leordhóthanach ar sháile ar dheiceanna oscailte.

3.2.Ní féidir feithiclí bóthair agus vaigíní iarnróid a luchtú ar shoithí ach amháin má tá líon leordhóthanach pointí daingnithe acu atá deartha, suite agus coinnithe go leormhaith ionas gur féidir iad a cheangal go daingean leis an soitheach. Déanfar feithiclí bóthair agus vaigíní iarnróid a dhaingniú leis an soitheach roimh thús an turais farraige ionas nach neasáiteofar iad le gluaisne an tsoithigh.

3.3.Áiritheoidh an máistir an méid seo a leanas:

(a)luchtaítear feithiclí ar bhealach chun spás folamh 1 m ar a laghad a sholáthar ar dhá thaobh na bhfeithiclí;

(b)beidh rochtain ag tiománaithe agus freastalaithe ar dheic na feithicle chun seiceálacha a dhéanamh, ainmhithe a bheathú agus a chothabháil.

4.Forálacha breise maidir le hiompar i gcoimeádáin

4.1.Déanfar coimeádáin ina niompraítear ainmhithe a mharcáil go soiléir agus go feiceálach agus léireofar go bhfuil ainmhithe beo iontu, agus beidh comhartha orthu chun barr an choimeádáin a léiriú.

4.2.Le linn iompair agus láimhseála, coimeádfar coimeádáin ina seasamh i gcónaí agus íoslaghdófar croitheadh tromchúiseach. Daingneofar coimeádáin roimh thús an turais chun díláithriú de bharr ghluaiseacht an mhodha iompair a chosc.

4.3.Beidh líon leordhóthanach pointí daingnithe arna ndearadh, arna suíomh agus arna gcothabháil go leormhaith ag coimeádáin is mó ná 50 kg ionas gur féidir iad a cheangal go daingean go dtí an modh iompair ina bhfuil siad le luchtú.

CAIBIDIL III
CLEACHTAIS IOMPAIR

1.Forálacha ginearálta

1.1.Tabharfar aird chuí ar an ngá atá le catagóirí áirithe ainmhithe, amhail ainmhithe fiáine, a bheith i dtaithí ar an modh iompair roimh an turas atá beartaithe.

1.2.I gcás ina maireann oibríochtaí luchtaithe nó díluchtaithe níos faide ná 4 uair an chloig, seachas i gcás éanlaithe clóis, beidh saoráidí le fáil chun na hainmhithe a choimeád, a bheathú agus a uisciú lasmuigh den mhodh iompair gan a bheith ceangailte.

2.Luchtú agus díluchtú

2.1.Déanfar saoráidí luchtaithe agus díluchtaithe, lena náirítear an turlárlach, a dhearadh, a thógáil, a chothabháil agus a oibriú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)gortú agus fulaingt a chosc agus sceitimíní agus anacair a íoslaghdú le linn gluaiseachtaí ainmhithe chomh maith le sábháilteacht na nainmhithe a áirithiú;

(b)a áirithiú nach bhfuil dromchlaí sleamhain agus go soláthraítear cosaintí cliathánacha chun cosc a chur ar éalú ainmhithe;

(c)a áirithiú go ndéantar iad a ghlanadh agus a dhíghalrú.

2.2.Ní bheidh rampaí lódála níos géire ná uillinn na nithe seo a leanas:

(a)20 céim, (36,4 % ar an gcothromán) i gcás muc, laonna agus capall;

(b)26 chéim 35 nóiméad, (50 % ar an gcothromán) i gcás caorach, gabhar agus eallaigh seachas laonna.

Beidh rampaí feistithe le urláir neamhsciorracha, sparraí coise agus cosaint chliathánach.

2.3.Beidh bacainní sábháilteachta ag ardáin ardaithe agus ag urláir uachtaracha chun cosc a chur ar ainmhithe titim nó éalú le linn oibríochtaí luchtaithe agus díluchtaithe.

2.4.Earraí atá á niompar sa mhodh iompair céanna le hainmhithe, déanfar iad a shuíomh ionas nach mbeidh siad ina gcúis fulaingthe do na hainmhithe.

2.5.Soláthrófar soilsiú iomchuí le linn luchtú agus díluchtú chun cosc a chur ar loiceadh ainmhithe agus chun go mbeidh láimhseálaithe in ann fadhbanna leasa ainmhithe a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath, amhail bacaíl, gortuithe, sciorradh nó titim ainmhithe nó píosaí trealaimh lochtacha.

2.6.Nuair a chuirtear coimeádáin a luchtaítear le hainmhithe anuas ar an gceann eile ar an modh iompair, déanfar na réamhchúraimí is gá:

(a)fual agus faecas a bheith ag titim ar na hainmhithe a chuirtear thíos a sheachaint, nó i gcás éanlaithe clóis, coiníní agus ainmhithe fionnaidh, teorainn a chur le fual agus faecas titim ar na hainmhithe a chuirtear thíos;

(b)cobhsaíocht na gcoimeádán a áirithiú;

(c)chun a áirithiú nach gcuirfear bac ar aeráil.

3.Láimhseáil

3.1.Toirmeascfar an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)na hainmhithe a bhualadh nó a chiceáil;

(b)brú a chur ar aon chuid den chorp ar bhealach trína mbeadh fulaingt gan ghá acu;

(c)na hainmhithe féin a chrochadh trí mheáin mheicniúla;

(d)na hainmhithe a ardú nó a tharraingt le cosa (seachas éanlaith chlóis agus coiníní), ceann, cluasa, adharca, eireaball nó lomra;

(e)broid nó uirlisí eile a bhfuil foircinn áirithe orthu a úsáid;

(f)constaicí a chur ar aon ainmhí atá á thiomáint nó á stiúradh trí aon chuid ina láimhseáiltear ainmhithe.

3.2.Beidh toirmeasc ar úsáid ionstraimí lena riartar turraingí leictreacha nuair a bhogann ainmhithe i ngrúpa. Ní cheadófar é ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)ar bhó‑ainmhithe nó ar mhuca is mó ná 80 kg de bheomheáchan, agus

(b)nuair a dhiúltaíonn ainmhí bogadh gan aon chúis infheicthe.

Ní úsáidfear turraingí níos mó ná dhá uair, ní mhairfidh siad níos faide ná 1 soicind amháin agus ní chuirfear chun feidhme iad ach ar mhatáin na gceathrúna deiridh.

3.3.Le lárionaid tionóil agus ionaid rialaithe, soláthrófar trealamh chun ainmhithe a chur ar teaghrán nuair is gá. Fágfar ainmhithe nach gceanglaítear de ghnáth gan cheangal.

3.4.Ní bheidh ainmhithe ceangailte leis na hadharca, na beanna, na fáinní sróine ná na cosa atá ceangailte le chéile. Ní dhéanfar béalóg a chur ar laonna agus ar mhadraí. Caithfidh eachainmhithe is sine ná 8 mí ceanracha le linn iompair seachas each‑ainmhithe neamhbhriste.

3.5Nuair is gá ainmhithe a cheangal, is mar seo a leanas a bheidh na rópaí, na teaghráin nó modhanna eile a úsáidfear:

(a)láidir go leor gan briseadh faoi ghnáthdhálaí iompair;

(b)ionas gur féidir leis na hainmhithe, más gá, luí síos agus ithe agus ól;

(c)deartha ar bhealach is go gcuirfear deireadh le haon chontúirt tachta nó díobhála, agus chun ligean d’ainmhithe a scaoileadh go tapa;

(d)fada go leor agus a úsáidtear ar bhealach chun ligean d’ainmhithe eachaí a gceann a ísliú faoi bhun airde a ndronnóg.

3.6.Agus éin á luchtú nó á ndíluchtú, déanfar socruithe chun fad láimhseála éan inbhéartaithe a laghdú.

3.7.Déanfar éin agus coiníní a ghabháil, a ardú agus a iompar le dhá chois, agus úsáid á baint as sleamhnáin chíche i gcaighin nó i gcos an oibreora mar thaca le cíoch na néan. Is ceadmhach 3 éan ar a mhéad a iompar in aghaidh na láimhe.

4.Deighilt

4.1.Déanfar na nithe seo a leanas a láimhseáil agus a iompar ar leithligh:

(a)ainmhithe de speicis dhifriúla;

(b)ainmhithe de mhéideanna nó d’aoiseanna atá an‑difriúil;

(c)collaigh phórúcháin nó staileanna pórúcháin fásta;

(d)fireannaigh atá aibí go gnéasach ó mhná;

(e)ainmhithe ar a bhfuil adharca ó ainmhithe gan adharca;

(f)ainmhithe atá naimhdeach lena chéile;

(g)ainmhithe ceangailte ó ainmhithe neamhcheangailte.

4.2.Ní bheidh feidhm ag pointí 4.1 (a), (b), (c) agus (e). i gcás inar tógadh na hainmhithe i ngrúpaí comhoiriúnacha, i gcás ina mbeidh aithne acu ar a chéile, i gcás ina mbeidh deighilt ina cúis le hanacair nó i gcás ina mbeidh ógánaigh chleithiúnacha in éineacht le baineannaigh.

5.Le linn iompair

5.1.Comhlíonfaidh lamháltais spáis i ndáil le speicis na nainmhithe agus na modhanna iompair ar a laghad na figiúirí a leagtar síos i gCaibidil VII.

5.2.Ní dhéanfar eachainmhithe a iompar i bhfeithiclí ildeiceanna ach amháin má luchtaítear ainmhithe ar an deic is ísle gan aon ainmhí ar an deic níos airde.

5.3.Ní dhéanfar eachainmhithe neamhbhriste a iompar i ngrúpaí ina bhfuil níos mó ná 4 each aonair.

5.4.Soláthrófar aeráil leordhóthanach chun a áirithiú go gcomhlíonfar riachtanais na nainmhithe ina niomláine agus líon agus cineál na nainmhithe atá le hiompar agus na dálaí aimsire a bhfuiltear ag dúil leo le linn an turais á gcur san áireamh go háirithe. Déanfar coimeádáin a shuíomh ar bhealach nach gcuirfidh isteach ar a naeráil.

5.5.Tabharfar uisce, beatha agus deis scíthe d’ainmhithe de réir mar is iomchuí dá speiceas agus dá naois, ag eatraimh oiriúnacha agus go háirithe dá dtagraítear i gCaibidil V.

6.Íosairde ingearach

6.1.Maidir le heallach agus laonna nach bhfuil bainte den diúl, comhfhreagróidh an íosairde ingearach le linn iompair don fhoirmle seo a leanas:

H = W x 1.17 + 20

ina bhfuil H = íosairde ingearach, agus W = airde níos airde an ainmhí is airde san urrann.

6.2.Maidir le caoirigh, beidh an spás os cionn an phointe is airde den ainmhí is airde 15 cm ar a laghad i bhfeithiclí ina bhfuil aeráil mheicniúil agus 30 cm i bhfeithiclí atá aeráilte go nádúrtha.

6.3.I gcás eachainmhithe, beidh íosairde inmheánach urrainne 75 cm ar a laghad ó dhronnóg an ainmhí is airde.

6.4.I gcás éin chlóis, beidh airde an choimeádáin sa chaoi nach ndéanfaidh an cíor ná an ceann teagmháil leis an tsíleáil nuair a shuíonn na héin lena gceann agus lena muineál i staidiúir nádúrtha nó nuair a athraíonn siad a suíomh.

6.5.I gcás coiníní maraithe, beidh airde an choimeádáin leordhóthanach chun a áirithiú gur féidir le coiníní suí lena gcluasa sínte.

CAIBIDIL IV
FORÁLACHA BREISE MAIDIR LE SOITHÍ BEOSTOIC AGUS SOITHÍ COIMEÁDÁN

1.Ceanglais tógála agus trealaimh le haghaidh soithí beostoic

1.1.Beidh neart le haghaidh ráillí cró agus deiceanna oiriúnach do na hainmhithe atá á niompar. Déanfaidh cumann aicmiúcháin arna fhormheas ag an údarás inniúil ríomhanna nirt ráillí agus deiceanna a fhíorú le linn an soitheach beostoic a bheith á thógáil nó á thiontú.

1.2.Déanfar urranna ina bhfuil ainmhithe le hiompar a fheistiú le córas aerála éigeantach a thugann toilleadh leordhóthanach chun an taer a athrú ina thoirt iomlán mar a leanas:

(a)40 athrú aeir in aghaidh na huaire má tá an urrann iata go hiomlán agus má tá an airde ghlan níos lú ná 2,30 méadar nó cothrom leis;

(b)30 athrú aeir in aghaidh na huaire má tá an urrann iata go hiomlán agus má tá an airde ghlan níos mó ná 2,30 méadar;

(c)75 % den toilleadh ábhartha thuas má tá an deighleog faoi iamh go páirteach.

1.3.Beidh acmhainneacht stórála nó táirgeachta fionnuisce iomchuí chun an ceanglas maidir le huisce a leagtar síos i gCaibidil VI a chomhlíonadh agus an tuaslíon agus cineál na nainmhithe atá le hiompar á gcur san áireamh chomh maith le huasfhad na dturas atá beartaithe.

1.4.Beidh an córas fionnuisce in ann uisce úr a sholáthar go leanúnach i ngach limistéar beostoic agus beidh dóthain gabhdán le fáil chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca leanúnach ag gach ainmhí ar fhionnuisce. Beidh trealamh caidéalaithe malartach le fáil chun soláthar uisce a áirithiú i gcás ina gclisfí ar an bpríomhchóras caidéalaithe.

1.5.Beidh toilleadh iomchuí ag an gcóras draenála chun sreabháin a dhraenáil ó chrónna agus ó dheiceanna i ngach dáil. Baileoidh píobáin draenála agus cainéil na sreabháin i dtoibreacha nó in umair ónar féidir séarachas a sceitheadh le caidéil nó le heisiachtóirí. Beidh trealamh caidéalaithe malartach le fáil chun draenáil a áirithiú i gcás ina gclisfí ar an bpríomhchóras caidéalaithe.

1.6.Soláthrófar soilsiú leordhóthanach do limistéir bheostoic, do phasáistí agus do rampaí chuig limistéir bheostoic. Beidh soilsiú éigeandála le fáil i gcás ina dteipeann ar an bpríomhshuiteáil leictreach. Soláthrófar soilsiú iniompartha leordhóthanach chun go mbeidh an freastalaí in ann cigireacht agus cúram leordhóthanach a dhéanamh ar na hainmhithe.

1.7.Déanfar córas comhraicthe dóiteáin a shuiteáil go hiomchuí i ngach limistéar beostoic agus comhlíonfaidh trealamh dóiteáin laistigh de na limistéir bheostoic na caighdeáin is déanaí de chaighdeáin an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS) maidir le cosaint ar dhóiteáin, brath dóiteáin agus múchadh dóiteáin.

1.8.Beidh na córais seo a leanas do bheostoc feistithe le córas faireacháin, rialaithe agus aláraim sa chábán stiúrach:

(a)aeráil;

(b)soláthar agus draenáil fionnuisce;

(c)soilsiú;

(d)táirgeadh fionnuisce más gá.

1.9.Beidh príomhfhoinse cumhachta leordhóthanach chun cumhacht leanúnach a sholáthar do na córais le haghaidh beostoic dá dtagraítear i bpointí 1.2, 1.4, 1.5 agus 1.6 faoi ghnáthoibriú an tsoithigh beostoic. Beidh foinse thánaisteach cumhachta leordhóthanach le teacht in ionad na príomhfhoinse cumhachta go ceann tréimhse leanúnach 3 lá.

1.10.Déanfar soithí beostoic a fheistiú le modh maraithe atá oiriúnach do na speicis a iompraítear le treoracha i scríbhinn i dteanga a thuigeann na freastalaithe.

2.    Soláthar beatha agus uisce ar shoithí beostoic nó ar shoithí lena niompraítear coimeádáin d’ainmhithe móra.

Maidir le soithí beostoic nó soithí lena n‑iompraítear ainmhithe i gcoimeádáin le haghaidh ainmhithe móra, iompróidh siad easair leordhóthanach ón am imeachta mar aon le beatha agus uisce leordhóthanach chun na híoscheanglais laethúla maidir le beatha agus soláthar uisce a leagtar amach i dTábla 1 a chumhdach le haghaidh an turais atá beartaithe plus soláthar spártha easrach, beatha agus uisce 7 lá ar a laghad.

Tábla

Soláthar beatha agus uisce laethúil íosta ar shoithí beostoic nó soithí coimeádán

Catagóir

Beatha

(i % de bheomheáchan na n‑ainmhithe)

Fionnuisce

(i % de bheomheáchan na n‑ainmhithe)

Farae

Dlúthbheatha

Eallach agus eachainmhithe

2

1.6

10

Olann Caorach

2

1,8

Muca

3

Féadfar dlúthbheatha a chur in ionad farae agus droim ar ais. Tabharfar aird chuí, áfach, ar an ngá atá le catagóirí áirithe ainmhithe, chun dul i dtaithí ar athrú beatha maidir lena riachtanais mheitibileacha.

CAIBIDIL V
FAID AMA TURAS, TEOCHTAÍ, TRÉIMHSÍ SOSA AGUS EATRAIMH UISCITHE AGUS BHEATHAITHE

1.Each‑ainmhithe, bó‑ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach, ainmhithe den chineál gabhair agus muc‑ainmhithe

1.1.Soláthróidh freastalaithe nó tiománaithe beatha agus uisce ad libitum d’eachainmhithe nó ar a laghad ag eatraimh thráthrialta nach faide ná 4,5 uair an chloig go ceann tréimhse 30 nóiméad fad is atá an fheithicil ina stad. Déanfar an córas uiscithe agus beathaithe céanna a choinneáil ar bun le linn iompair ar muir.

1.2.Soláthróidh freastalaithe nó tiománaithe uisce ad libitum d’ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas mucach le linn an turais nó le linn na dtréimhsí sosa a leagtar síos in Airteagal 27. Tairgfear beatha d’ainmhithe le linn na dtréimhsí sosa fad atá an fheithicil ina stad agus nuair a dhíluchtaítear ainmhithe. Déanfar an córas uiscithe agus beathaithe céanna a choinneáil ar bun le linn iompair ar muir.

2.Éin agus coiníní clóis a iompraítear i gcoimeádáin

2.1.Maidir le héin chlóis agus coiníní, beidh beatha agus uisce oiriúnach le fáil i gcainníochtaí leordhóthanacha.

2.2.Sainmhínítear uasfhaid ama turas mar a leanas:

(a)12 uair an chloig lena náirítear am luchtaithe agus díluchtaithe le haghaidh turas lena náirítear turais chuig seamlas; nó

(b)24 uair an chloig i gcás sicíní de gach speiceas éan clóis, má chuirtear i gcrích é laistigh de 48 nuair an chloig i ndiaidh an ghortha;

(c)24 uair an chloig i gcás coiníní pórúcháin fásta má tá rochtain bhuan acu ar bheatha agus ar hiodráitiú;

(d)10 nuair an chloig i gcás cearca deireadh na breithe lena náirítear an tam luchtaithe agus díluchtaithe.

2.3.Soláthrófar compord teirmeach mar a leanas:

(a)i gcás ina bhfuil an réamhaisnéis teochtaí ag an áit imeachta agus ag an gceann scríbe ag an am a bhfuiltear ag dúil go mbeidh na hainmhithe ag na háiteanna sin faoi bhun 10 °C, ní dhéanfar coiníní agus éin chlóis seachas cearca deireadh na breithe a iompar ach amháin i bhfeithiclí a bhfuil cosaint acu ar ghoimh na gaoithe.

(b)ní dhéanfar cearca deireadh na breithe a iompar mura féidir teochtaí laistigh d’fheithiclí 15 °C ar a laghad a áirithiú.

3.Madraí agus cait

3.1.Déanfar madraí agus cait fásta atá á niompar a bheathú ag eatraimh nach faide ná 24 uair an chloig. Déanfar coileáin agus puisíní go dtí 6 mhí d’aois a chothú ag eatraimh nach faide ná 8 nuair an chloig. Beidh uisce le fáil ad libitum nó ag eatraimh nach faide ná 4 uair an chloig.

3.2.Beidh treoracha i scríbhinn i dteanga a thuigeann an freastalaí maidir le beathú agus uisce a chur ar fáil ar bord.

3.3.Déanfar teochtaí a oiriúnú i gcás ina niompraítear pórtha nó cineálacha bracaiceifealacha agus madraí agus cait a bhfuil fionnadh foircneach orthu, amhail i gcás pórtha ar a bhfuil fofhionnadh trom agus pórtha atá maol.

4.Speicis eile

Déanfar speicis seachas na speicis dá dtagraítear i bpointí 1 go 3 a iompar i gcomhréir le treoracha scríofa maidir le beathú agus uisciú agus aon chúram speisialta is gá á chur san áireamh.

CAIBIDIL VI
FORÁLACHA BREISE MAIDIR LE TURAIS FHADA EACHAINMHITHE CLÓIS AGUS AINMHITHE CLÓIS DE SPEICEAS BUAIBHEACH, CAORACH, GABHAIR, MUCÚIL, CAT AGUS MADRAÍ

1.Díon

Beidh díon ar dhatha éadrom ar na córacha iompair agus déanfar iad a insliú i gceart.

2.Urlár agus Easair

Déanfar easracha iomchuí nó ábhar coibhéiseach a sholáthar d’ainmhithe lena ráthaítear a gcompord atá oiriúnach don speiceas, don líon ainmhithe atá á n‑iompar, an fad ama turais, agus don aimsir. Caithfidh an t‑ábhar seo ionsú fuail agus faecais a áirithiú ionas go bhfanfaidh ainmhithe glan agus tirim le linn an turais ar fad.

3.Beatha

3.1.Iompróidh na modhanna iompair méid leordhóthanach d’ábhar beatha iomchuí ionas nach léireoidh ainmhithe comhartha ocrais nó tuirse. Déanfar na hábhair bheatha a chosaint ar an aimsir agus ar éilleáin amhail deannach, breosla, gáis sceite agus fual ainmhithe agus aoileach.

3.2.I gcás inar gá ainmhithe a bheathú le trealamh sonrach, déanfar an trealamh sin a iompar sa mhodh iompair.

3.3.I gcás ina núsáidfear trealamh beathaithe dá dtagraítear i bpointe 3.2., dearfar é ar bhealach, más gá, go mbeidh sé ceangailte den mhodh iompair ionas nach gcuirfear ar ceal é. Nuair a bheidh an modh iompair ag gluaiseacht agus nuair nach bhfuil an trealamh in úsáid, déanfar é a stóráil ar leithligh ó na hainmhithe.

4.Landairí

4.1.Déanfar na modhanna iompair a fheistiú le landairí ionas go bhféadfar urranna ar leithligh a chruthú, agus rochtain saor in aisce ar uisce á sholáthar do na hainmhithe uile.

4.2.Tógfar na landairí ar bhealach gur féidir iad a chur i suíomhanna difriúla ionas gur féidir méid na hurrainne chur in oiriúint do cheanglais shonracha, agus do chineál, méid agus don líon ainmhithe.

5.Soláthar uisce le haghaidh iompar ar bóthar, ar iarnród nó i gcoimeádáin le haghaidh ainmhithe móra

5.1.Beidh na modhanna iompair agus na coimeádáin le haghaidh ainmhithe móra feistithe le soláthar uisce a fhágfaidh go mbeidh an freastalaí in ann uisce a sholáthar láithreach aon uair is gá le linn an turais, ionas go mbeidh rochtain ag gach ainmhí ar uisce.

5.2.Beidh na feistí uisce in ord maith oibre agus déanfar iad a dhearadh agus a shuíomh go hiomchuí le haghaidh na gcatagóirí ainmhithe a bheidh le huisce ar bord na feithicle.

5.3.Beidh toilleadh iomlán na numar uisce le haghaidh gach modha iompair cothrom le 1,5 % ar a laghad dá phálasta uasta. Déanfar umair uisce a dhearadh ionas gur féidir iad a dhraenáil agus a ghlanadh tar éis gach turais agus beidh córas feistithe orthu chun a leibhéal uisce a sheiceáil. Beidh siad nasctha le feistí ólacháin laistigh de na hurranna agus coimeádfar in ord maith oibre iad.

5.4.Féadfaidh feidhm a bheith ag maolú ó phointe 5.3. maidir le coimeádáin le haghaidh ainmhithe móra a úsáidtear go heisiach ar shoithí a sholáthraíonn uisce dóibh ó umair uisce an tsoithigh féin.

6.Córais aerála le haghaidh modh iompair ar bóthar

6.1.Déanfar córais aerála le haghaidh modh iompair ar bóthar a dhearadh, a thógáil agus a choinneáil ar bun ar bhealach go mbeidh siad in ann oibriú go ceann 6 uair an chloig ar a laghad, tráth ar bith le linn an turais, cé acu atá an modh iompair ina stad nó ag gluaiseacht.

6.2.Beidh an córas aerála in ann dáileadh cothrom a áirithiú ar fud na feithicle.

CAIBIDIL VII
LÁMHALTAS SPÁIS LE hAGHAIDH IOMPAR AR BÓTHAR, AR IARNRÓD NÓ AR MUIR

1.Déantar an lamháltas spáis d’iompar ar bóthar, ar iarnród, nó ar muir, lena náirítear iompar i gcoimeádáin, a ríomh trí úsáid a bhaint as an gcothromóid allaiméadrach seo a leanas:

A = kW(2/3),

inarb amhlaidh an méid seo a leanas: A=limistéar in aghaidh an ainmhí [m2 nó cm2 maidir le héin agus coiníní a iompar i gcoimeádáin], W=meáchan beo [kg], k= k-luach (a bhaineann go sonrach le speiceas/catagóir, mar a leagtar síos i dtáblaí thíos).

2.An lamháltas spáis i limistéar in aghaidh an ainmhí [m2] le linn iompair ar bóthar, ar iarnród, nó ar muir, comhlíonfaidh sé na figiúirí thíos ar a laghad:

 

A

B

C

D

Meán

Muca

Eachainmhithe

Bó-ainmhithe

Caoirigh agus gabhair

beomheáchan [kg]

k=0,027

k=0,029

k=0,034

k=0,037

25

0,23

 

0,32

50

0,37

0,40

0,46

0,50

75

0,48

0,52

0,60

0,66

100

0,58

0,63

0,73

0,80

125

0,68

0,73

0,85

 

150

0,76

0,82

0,96

175

0,84

0,91

1,06

200

0,92

1,00

1,16

225

1,00

1,08

1,26

250

1,07

1,16

1,35

275

1,14

1,23

1,44

300

1,21

1,31

1,52

325

1,28

1,38

1,61

350

1,34

1,45

1,69

375

1,40

1,52

1,77

400

1,47

1,59

1,85

450

 

1,71

2,00

500

1,84

2,14

550

1,96

2,28

600

2,08

2,42

650

2,19

2,55

700

2,30

2,68

750

2,41

2,81

800

2,52

2,93

850

 

3,05

900

3,17

950

3,29

1 000

3,40

3.An lamháltas spáis in aghaidh an ainmhí [cm²] i gcás éanlaith chlóis agus coiníní a iompraítear i gcoimeádáin, comhlíonfaidh sé na figiúirí thíos ar a laghad:

 

E

F

thart ar

éanlaith

coiníní

beomheáchan

k=290

k=270

1

290

270

1,5

380

354

2

460

429

2,5

534

497

3

603

562

3,5

669

622

4

731

680

4,5

790

736

5

848

789

4.Iomprófar eachainmhithe seachas capaill neamhbhriste agus láracha lena searraigh i stallaí aonair.

Beidh fad an stalla aonair 40 cm ar a laghad níos faide ná fad an ainmhí den speiceas eachaí arna thomhas ón eireaball go dtí an tsrón agus an muineál comhthreomhar leis an talamh, agus 50 cm níos mó ná sin má sholáthraítear beatha i líontán féar tirim faoi bhealach.

Beidh leithead an stalla aonair 40 cm ar a laghad san iomlán níos mó ná leithead an ainmhí ag an bpointe is leithne.

IARSCRÍBHINN II

COINNÍOLLACHA SONRACHA MAIDIR LE hIOMPAR AINMHITHE UISCEACHA

Dá dtagraítear in Airteagail 2, 18, 33, 44 agus 47

1.Dearadh agus cothabháil an mhodha iompair

1.1Beidh modh iompair agus coimeádáin a úsáidtear chun ainmhithe uisceacha a iompar oiriúnach don speiceas, do mhéid, do mheáchan agus do líon na nainmhithe atá le hiompar.

1.2Déanfar modh iompair agus coimeádáin a choinneáil i ndea‑riocht mheicniúil agus struchtúrach chun damáiste na feithicle a chosc a d’fhéadfadh difear a dhéanamh go díreach nó go hindíreach do leas ainmhithe uisceacha atá á niompar.

1.3Le modh iompair agus coimeádáin, áiritheofar cúrsaíocht leordhóthanach uisce agus trealaimh le haghaidh ocsaiginiú de réir mar is gá chun freastal ar athruithe ar na dálaí le linn an turais agus ar riachtanais na nainmhithe atá á niompar, lena náirítear comhlaí i mbáid tobair a dhúnadh ar chúiseanna bithshlándála.

1.4Beidh rochtain ar na hainmhithe uisceacha chun cigireacht a dhéanamh orthu le linn an turais chun a áirithiú gur féidir measúnú a dhéanamh ar a leas.

1.5Fágfaidh na modhanna iompair agus na coimeádáin gur féidir cigireacht agus faireachán a dhéanamh ar na paraiméadair ábhartha agus bearta ceartaitheacha a dhéanamh nuair is gá.

2.Láimhseáil

2.1Ní dhéanfar ainmhithe uisceacha a ardú lena ngeolbhaigh.

2.2Déanfar an trealamh láimhseála a dhearadh, a thógáil agus a chothabháil chun gortuithe fisiciúla a íoslaghdú.

3.Acmhainní

3.1Áiritheoidh oibreoirí cáilíocht an uisce atá iomchuí don speiceas atá á iompar agus don mhodh iompair.

3.2Áiritheoidh oibreoirí go ndéanfar faireachán agus cothabháil ar na paraiméadair uisce seo a leanas laistigh de na teorainneacha de réir na riachtanas atá sonrach do speiceas le linn an turais ar fad:

(a)Ocsaigin;

(b)Dé-ocsaíd-charbóin;

(c)Leibhéal amóinia;

(d)Teocht.

4.Oiriúnacht i gcomhair iompair

4.1.Déanfar measúnú ar chumas na nainmhithe uisceacha déileáil le strus an iompair a bheidh bunaithe ar stádas sláinte, ar láimhseáil roimhe seo agus ar stair iompair le déanaí.

4.2.Is iad seo a leanas na príomhchúiseanna lena mheas nach bhfuil ainmhithe uisceacha oiriúnach le hiompar:

(a)lena dtaispeántar comharthaí cliniciúla galair;

(b)gortuithe fisiciúla suntasacha nó iompraíocht neamhghnách;

(c)nochtadh le déanaí do strusairí a mbíonn drochthionchar acu ar iompraíocht nó ar staid fhiseolaíoch (mar shampla teochtaí foircneacha, oibreáin cheimiceacha);

(d)fad neamh‑leordhóthanach nó iomarcach de throscadh.

5.Cleachtais luchtaithe

5.1.Déanfaidh oibreoirí na bearta is gá chun aon díobháil agus aon strus nach bhfuil gá leis a sheachaint d’ainmhithe uisceacha le linn luchtú.

5.2.Nuair a luchtaítear iad, déanfar measúnú ar an méid seo a leanas:

(a)nós imeachta plódúcháin roimh luchtú;

(b)trealamh a tógadh nó a oibríodh go míchuí;

(c)athruithe suntasacha ar cháilíocht an uisce amhail teochtaí difriúla nó paraiméadair uisce eile.

5.3.Áiritheoidh oibreoirí go gcoinneofar dlús na nainmhithe uisceacha i  bhfeithicil  agus/nó i gcoimeádán laistigh de na teorainneacha iomchuí, agus na riachtanais atá sonrach do speiceas agus na sonraí eolaíocha atá le fáil á gcur san áireamh.

5.4.Is oibreoirí a dhéanfaidh an luchtú agus eolas agus taithí acu ar iompar agus ar shaintréithe eile na nainmhithe uisceacha d’fhonn a leas a áirithiú.

6.Le linn iompair

6.1.Ba cheart cigireachtaí tréimhsiúla a dhéanamh le linn an iompair chun a fhíorú go bhfuil leas inghlactha á choinneáil ar bun.

6.2.Déanfaidh tiománaithe nó freastalaithe faireachán ar cháilíocht an uisce agus déanfaidh siad na coigeartuithe is gá chun a áirithiú go gcoinneofar ar bun na paraiméadair a áirítear i bpointe 3.2 laistigh de na teorainneacha iomchuí agus na riachtanais atá sonrach do speiceas á gcur san áireamh.

6.3.Taistealóidh tiománaithe ar bhealach ina níoslaghdófar gluaiseachtaí neamhrialaithe na nainmhithe uisceacha a bhféadfadh strus a bheith mar thoradh orthu agus a bhféadfadh díobháil a bheith mar thoradh orthu.

6.4.I gcás éigeandáil sláinte le linn iompair, tionscnóidh an tiománaí nó an freastalaí an plean teagmhais.

6.5.Más gá ainmhithe uisceacha a mharú le linn an iompair, cuirfear oiliúint ar an tiománaí nó ar an bhfreastalaí agus beidh sé in ann an marú a dhéanamh tar éis iad a stiúdadh ionas go bhfanfaidh na hainmhithe gan aithne go dtí go bhfaighidh siad bás.

7.Cleachtais díluchtaithe

7.1.Bíonn feidhm ag prionsabail na dea‑láimhseála le linn luchtú agus le linn díluchtú ach chomh beag.

7.2.Déanfaidh oibreoirí na hainmhithe uisceacha a dhíluchtú a luaithe is féidir tar éis dóibh an ceann scríbe a shroicheadh, rud a thabharfaidh dóthain ama dóibh ionas nach ndéanfar aon díobháil do na hainmhithe.

7.3.Tabharfaidh oibreoirí go leor ama chun roinnt speiceas a chaolú ag brath ar a gcuid riachtanas agus sula ndíluchtófar iad in uisce de cháilíocht atá an‑difriúil (amhail teocht, salandacht, pH).

7.4.Déanfaidh oibreoirí ainmhithe uisceacha díbheo nó a ghortaítear go dona a bhaint agus iad a mharú trí mhodh iomchuí a bheidh oiriúnach do speiceas agus do mhéid an ainmhí agus fulaingt neamhriachtanach a chosc.

8.Cleachtais iar‑iompair

8.1.Déanfaidh an toibreoir atá i gceannas ar na hainmhithe uisceacha a fháil dlúthfhaireachán orthu le linn na tréimhse iar‑iompair agus coimeádfaidh sé taifid iomchuí.

8.2.Ainmhithe uisceacha a bhfuil comharthaí cliniciúla neamhghnácha orthu, déanfaidh tréidlia iad a aonrú agus a scrúdú, a fhéadfaidh cóireáil a mholadh, nó a mharaítear trí mhodh atá oiriúnach do speiceas agus do mhéid an ainmhí agus cosc a chur ar fhulaingt neamhriachtanach.

8.3.Déanfaidh oibreoirí meastóireacht ar fhadhbanna suntasacha a bhaineann le hiompar agus déanfaidh siad bearta maolaithe chun nach dtarlóidh siad arís.

IARSCRÍBHINN III

Teimpléid dá dtagraítear in Airteagail 14, 15, 16, 20, 25, 32, 38 agus 47

1.Teimpléad don loga turais do gach turas fada agus do thurais ghearra chuig áiteanna cinn scríbe i dtríú tír

ROINN 1 – PLEANÁIL

1. EAGARTHÓIR(1) 

1.1. Uimhir údaraithe an eagraí

1.2. Ainm agus seoladh

1.3. Ainm an duine atá i bhfeighil an turais

1.4. Teileafón

1.5. Seoladh ríomhphoist

2. IOMPRÓIR/IOMPRÓIRÍ(1)

2.1. Iompar ar bóthar

Ainm

Ainm an duine atá i bhfeighil

Seoladh

Teileafón

Ríomhphost

Uimh. Údaraithe

2.2. Muiriompar

Ainm

Ainm an duine atá i bhfeighil

Seoladh

Teileafón

Ríomhphost

Uimh. Údaraithe

2.3. Iompar d’iarnród

Ainm

Ainm an duine atá i bhfeighil

Seoladh

Teileafón

Ríomhphost

Uimh. Údaraithe

2.4. Aeriompar

Ainm

Ainm an duine atá i bhfeighil

Seoladh

Teileafón

Ríomhphost

Uimh. Údaraithe

3. PLEAN TURAIS(1)

3.1. Áit agus tír IMEACHTA

3.4. Áit agus tír CINN SCRÍBE

3.2. Dáta

3.5. Dáta

3.3. Am

3.6. Am

3.7. An fad iomlán lena bhfuil coinne (uaireanta/laethanta)

3.8. Speicis/ líon

3.9. Catagóirí/ líon

Ainmhithe nach bhfuil bainte den diúl

Meáchan:

Aois:

Ainmhithe torracha

Céim toirchis:

An dáta inseamhnaithe:

Eile:

Líon iomlán na n‑ainmhithe

3.11. Uimhir an deimhnithe tréidliachta/ uimhreacha na ndeimhnithe tréidliachta

3.12. Meáchan iomlán measta na coinsíneachta (in kg):

3.13. Spás iomlán a dhéantar foráil don choinsíneacht (i m2):

3.14. LIOSTA DE NA POINTÍ SOSA, POINTÍ AISTRITHE NÓ POINTÍ IMEACHTA SCEIDEALAITHE

3.14.1. Lárionad Tionóil

Seoladh

Dáta/ am teachta ionchasach

Fad (in uaireanta an chloig)

3.14.2. Ionaid rialaithe

Seoladh

Dáta/ am teachta ionchasach

Fad (in uaireanta an chloig)

3.14.3. Pointe scoir

Seoladh

Am teachta measta

Fad (in uaireanta an chloig)

3.14.4. Athruithe uisce chun speicis uisceacha a iompar

4. DEARBHÚ ÓN EAGRAÍ

Dearbhaímse, an t‑eagraí, leis seo go bhfuil mé freagrach as an turas thuasluaite a eagrú agus go bhfuil socruithe oiriúnacha déanta agam chun leas na n‑ainmhithe a chosaint le linn an turais i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2023/XX.

Bailíochtú ag an eagraí

5. AN tÚDARÁS A DHÉANANN AN LOGA TURAIS A FHORMHEAS(2)

5.1. Ainm agus seoladh an údaráis

5.2. Teileafón

5.3. Ríomhphost

5.4. Stampa oifigiúil

5.5. Ainm agus síniú an oifigigh

6. CINNEADH(2)

□ FORMHEASTA        Dáta

□ DIÚLTAITHE            Dáta                Réasúnú

(1) Arna líonadh isteach ag an eagarthóir

(2) Arna líonadh isteach ag an údarás inniúil

ROINN 2 – AÍT IMEACHTA

1.COIMEÁDAÍ AG AN ÁIT IMEACHTA(3)

1.1.Ainm agus seoladh

1.2.Ainm an duine atá i bhfeighil

1.3.Teileafón

1.4.Seoladh ríomhphoist

2.LUCHTÚ(3)

2.1. Áit agus Ballstáit/tír imeachta

2.2. Dáta agus am a luchtaíodh an chéad ainmhí

2.3. An líon ainmhithe luchtaithe de réir a speicis

2.4. An líon ainmhithe luchtaithe de réir a gcatagóire:

   Ainmhithe torracha            Céim toirchis/an dáta inseamhnaithe

   Ainmhithe nach bhfuil bainte den diúl

2.5. Líon iomlán na n‑ainmhithe

3.DEARBHÚ AN CHOIMEÁDAÍ

3.1. Dearbhaímse, coimeádaí na n‑ainmhithe ag an áit imeachta, leis seo go raibh mé i láthair agus na hainmhithe á luchtú. De réir m’eolais tráth an luchtaithe, bhí na hainmhithe thuasluaite oiriúnach lena n‑iompar agus bhí na saoráidí agus na nósanna imeachta chun na hainmhithe a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/XX maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí gaolmhara

Bailíochtú ag an gcoimeádaí ag an áit imeachta(3)

4.DEARBHÚ AN TIOMÁNAÍ

4.1. Dearbhaímse, tiománaí na n‑ainmhithe, leis seo go raibh mé i láthair agus na hainmhithe á luchtú. Ar feadh m’eolais tráth a luchtaithe, ní raibh aon cheann de na hainmhithe a luchtaíodh ar an modh iompair mí‑oiriúnach le hiompar ar bhealach sofheicthe, ní raibh na saoráidí agus na nósanna imeachta chun na hainmhithe a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/XX maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí gaolmhara.

Bailíochtú ag an tiománaí ag an áit imeachta(4)

(3) Arna líonadh isteach ag an gcoimeádaí ag an áit imeachta

(4) Arna líonadh isteach ag an tiománaí

ROINN 3 – CEANN SCRÍBE

1. COIMEÁDAÍ AG AN gCEANN SCRÍBE(5)

1.1.Ainm agus seoladh

1.2.Ainm an duine atá i bhfeighil

1.3.Teileafón

1.4.Seoladh ríomhphoist

2. TIOMÁNAÍ/FREASTALAÍ(4)

3. TRÉIDLIA OIFIGIÚIL (má tá tréidlia i láthair)(6)

4. DÁTA AGUS AM TEACHTA(4)(5)

5. SEICEÁLACHA ARNA nDÉANAMH(5),(6)

Seiceálacha

Toradh na seiceálacha

Comhlíontacht

Neamhchomhlíonadh

Uimhir Údaraithe an Iompróra

Tiománaí

Uimhir an deimhnithe inniúlachta

Aitheantas an mhodha iompair

Lamháltais spáis Meánspás/ainmhí in m²

Taifid loga an turais agus teorainneacha fhad ama an turais

5. TÁSCAIRÍ(4)(5)

5.1. An líon iomlán ainmhithe

5.3 An líon iomlán ainmhithe gortaithe le linn iompair

5.2 An líon iomlán ainmhithe marbha ar theacht i dtír dóibh

5.4. Strus teirmeach/fuaire, ocras nó tart a bheith ann    tá/níl

6. DEARBHÚ AN CHOIMEÁDAÍ

Dearbhaímse, coimeádaí na n‑ainmhithe ag an áit tionscnaimh, leis seo gur sheiceáil mé an choinsíneacht ainmhithe seo. De réir m’eolais tráth na seiceála, taifeadadh na torthaí thuasluaite.

Bailíochtú ag an gcoimeádaí ag an áit imeachta(5)

7. DEARBHÚ AN TIOMÁNAÍ

Dearbhaímse, tiománaí na n‑ainmhithe, leis seo go raibh mé i láthair agus na hainmhithe á ndíluchtú. Aontaím le torthaí an mheasúnaithe ar riocht na n‑ainmhithe atá taifeadta sa chuid seo den loga turais.

Bailíochtú ag an tiománaí ag an áit imeachta(4)

(5) Arna líonadh isteach ag an gcoimeádaí ag an gceann scríbe

(6) Arna líonadh isteach ag an tréidlia oifigiúil má tá tréidlia oifigiúil i láthair ar an láthair

ROINN 4 - DEARBHÚ ÓN IOMPRÓIR(4)

Cúrsa taistil iarbhír - Pointí sosa, aistrithe nó imeachta

Áit agus seoladh

Teacht

Imeacht

Fad fanachta

Cúis

Dáta

Am

Dáta

Am

ROINN 5 - TUARASCÁIL AIMHRIALTACHTA(4),(5),(6)

le comhlánú ag tiománaithe/ag freastalaithe, ag coimeádaithe nó ag tréidlianna oifigiúla– is féidir tuairiscí iomadúla a dhéanamh

1. Ainm, teideal agus seoladh an DEARBHÓRA

2. An áit agus an Ballstát inar breathnaíodh an aimhrialtacht

3. Dáta agus am a breathnaíodh an aimhrialtacht

4. AN CINEÁL AIMHRIALTACHTA/AIMHRIALTACHTAÍ de bhun Rialachán (AE) 2023/XX

4.1. Folláine le haghaidh iompair (1)

   4.1.2 ainmhithe bacacha nach bhfuil in ann bogadh go neamhspleách

   4.1.3 ainmhithe díobhálaithe;

   4.1.4 go bhfuil níos mó ná 80 % torrach

   4.1.5 nua‑bheirthe le himleacán nach bhfuil cneasaithe go hiomlán;

   4.1.6 muca atá níos óige ná 3 seachtaine;

   4.1.7 uain atá níos óige ná 10 lá;

   4.1.8 laonna nach bhfuil bainte den diúl atá níos óige ná 5 seachtaine

   4.1.9 laonna nach bhfuil bainte den diúl ina bhfuil meáchan níos lú ná 50 kg

   4.1.10 madraí agus cait atá níos óige ná 12 sheachtain d’aois

   4.1.11 ainmhithe den chineál fia i veilbhit

   4.1.12 eile (sonraigh)

4.2. Modh iompair

4.3. Cleachtais iompair

4.4. Teorainneacha fhad ama an turais

4.5. Tréimhsí sosa

4.6. Lamháltais spáis

4.7. Údarú an iompróra

4.8. Deimhniú inniúlachta an tiománaí

4.9. Taifid loga an turais

4.10. Forálacha breise le haghaidh turais fhada

4.10. Eile

4.11. Nótaí:

5. Dearbhaím leis seo gur sheiceáil mé coinsíneacht na n‑ainmhithe thuasluaite agus gur chuir mé in iúl na forchoimeádais a shonraítear sa tuarascáil seo maidir le comhlíonadh Rialachán (AE) 2023/XX maidir le cosaint ainmhithe le linn iompair agus oibríochtaí gaolmhara

7. Bailíochtú an dearbhóra

2.Teimpléad chun Loga turais a dhéanamh le haghaidh turais ghearra

LOGA TURAIS LE hAGHAIDH TURAIS GHEARRA

1.EAGARTHÓIR

1.1. Ainm agus seoladh (a)(b)

1.2. Ainm an duine atá i bhfeighil an turais

1.3. Teileafón

1.4. Seoladh ríomhphoist

2.IOMPRÓIR/IOMPRÓIRÍ

2.1.Iompar ar bóthar

Ainm

Ainm an duine atá i bhfeighil

Seoladh

Teileafón

Ríomhphost

Uimh. Údaraithe

2.2. Muiriompar

Ainm

Ainm an duine atá i bhfeighil

Seoladh

Teileafón

Ríomhphost

Uimh. Údaraithe

2.3. Iompar d’iarnród

Ainm

Ainm an duine atá i bhfeighil

Seoladh

Teileafón

Ríomhphost

Uimh. Údaraithe

2.4. Aeriompar

Ainm

Ainm an duine atá i bhfeighil

Seoladh

Teileafón

Ríomhphost

Uimh. Údaraithe

3.PLEAN TURAIS

3.1. Áit agus tír IMEACHTA

3.4. Áit agus tír CINN SCRÍBE

ÿSeamlas

ÿEile

3.2. Dáta

3.5. Dáta

3.3. Am

3.6. Am

3.7. An fad iomlán lena bhfuil coinne (uaireanta)

3.8. Speicis/ líon

3.9. Catagóirí/ líon

Ainmhithe nach bhfuil bainte den diúl

Meáchan:

Aois:

Ainmhithe torracha

Céim toirchis:

An dáta inseamhnaithe:

Eile:

Líon iomlán na n‑ainmhithe

3.11. Uimhir an deimhnithe tréidliachta/ uimhreacha na ndeimhnithe tréidliachta

3.12. Meáchan iomlán measta na coinsíneachta (in kg):

3.13. Spás iomlán a dhéantar foráil don choinsíneacht (i m2):

4.DEARBHÚ ÓN EAGRAÍ

Dearbhaímse, an t‑eagraí, leis seo go bhfuil mé freagrach as an turas thuasluaite a eagrú agus go bhfuil socruithe oiriúnacha déanta agam chun leas na n‑ainmhithe a chosaint le linn an turais i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/XX.

Bailíochtú an eagraí

IARSCRÍBHINN IV

Samhail‑fhianú dá dtagraítear in Airteagail 32 agus 47

Fianú maidir le glacadh le doiciméadacht chun ainmhithe a iompar chuig tríú tír

1. An t‑údarás atá ag síniú an fhianaithe (Ainm an údaráis inniúil agus tír):

Sainaithint an mhodha iompair

Tír an fhormheasa/tír athnuachan an fhormheasa:

Dáta an fhormheasa/dáta athnuachan an fhormheasa:

Ainm an chaptaein/tiománaí:

Uimhir an deimhnithe formheasa:

2. Imeacht agus Cinn Scríbe

2.1. Pointe imeachta agus tír an IMEACHTA:

2.2. Áit agus tír CINN SCRÍBE:

2.1.1. Dáta

2.1.2. Am

2.2.1. Dáta

2.2.1. Am

2.1.3. Speicis agus catagóirí

2.1.4. An líon ainmhithe de réir a speicis

3. Fianú

Go ndearbhaíonn tréidlia oifigiúil a bhfuil a ainm thíos an údaráis inniúil ag an gcalafort cinn scríbe go bhfuil an doiciméadacht a thíolacann eagraí an Aontais, lena n‑áirítear go háirithe:

múnla den deimhniú sláinte ainmhithe nó de na deimhnithe sláinte ainmhithe a bheartaítear a bheith ag gabháil leis na coinsíneachtaí;

- aon mhionsonra breise a bhaineann leis na fianuithe sláinte ainmhithe a sholáthrófar sa deimhniú nó sna deimhnithe sláinte ainmhithe deiridh a bheidh ag gabháil leis na coinsíneachtaí (amhail torthaí tástálacha ar ghalair áirithe, sonraí an réigiúin as a dtionscnaíonn na hainmhithe);

- i gcás inarb infheidhme, cóip den cheadúnas allmhairiúcháin;

- doiciméadacht ina luafar ainm an onnmhaireora, ainm an tsoithigh, an calafort luchtaithe, an calafort cinn scríbe, an dáta measta teachta sa chalafort cinn scríbe, an líon ainmhithe a iomprófar sa soitheach beostoic, speicis na n‑ainmhithe sin, inscne na n‑ainmhithe sin, agus an chríoch atá beartaithe dóibh;

ráthaíochtaí leordhóthanacha sláinte agus leasa ainmhithe a sholáthar agus na ceanglais [allmhairiúcháin] maidir le hallmhairiú isteach sa tír chinn scríbe thuasluaite a chomhlíonadh.

 

4. Údarás

4.1. Ainm an Údaráis

4.2. Seoladh an Údaráis

4.3. Uimhir theileafóin an Údaráis

4.4. Seoladh ríomhphoist an Údaráis

4.5. Dáta

4.6. Áit

4.8. Stampa

IARSCRÍBHINN V

Foirmeacha dá dtagraítear in Airteagail 5, 6, 7, 8, 9, 12 agus 13

1.Roinn 1: Údarú Eagraí dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 6

1. UIMH. ÚDARAITHE AN EAGRAÍ(1)

2. AITHEANTAS EAGRAÍ(2)

2.1. Ainm cuideachta, más infheidhme

2.2. Ainm an duine atá freagrach

2.2. Seoladh

2.3. Baile

2.4. Cód poist

2.5. Ballstát

2.6. Teileafón

2.8. Ríomhphost

3. RAON FEIDHME AN ÚDARAITHE(2) 

Speiceas ainmhithe:

Catagóirí ainmhithe:

Cineál iompair: bóthar – iarnród – muir – aer

A iompraíonn chuig: Aontas Eorpach - tíortha nach Ballstáit den Aontas iad

4. AN tÚDARÁS A EISÍONN AN tÚDARÚ(1)

4.1. Ainm agus seoladh an údaráis

4.2. Teileafón

4.4. Ríomhphost

4.5. Stampa oifigiúil

4.8. Ainm agus síniú an oifigigh

5. CINNEADH(1)

5.1. Údarú

□ Deonaithe            Dáta an údaraithe        Dáta éaga

□ Diúltaithe            Dáta                Réasúnú

□ Ar fionraí            Dáta                Réasúnú

□ Aistarraingthe            Dáta                Réasúnú

5.2. Deimhniú le haghaidh iompair chuig tíortha nach Ballstáit den Aontas iad

□ Deimhnithe            Dáta                Dáta éaga

Uimh. Deimhnithe:                        Comhlacht deimhniúcháin:

□ Ar fionraí            Dáta                Réasúnú

□ Aistarraingthe            Dáta                Réasúnú

(1) Ranna 1, 4 agus 5 atá le líonadh isteach ag an Údarás inniúil

(2) Ranna 2 agus 3 atá le líonadh isteach ag an iarratasóir

2.Roinn 2: Deimhniú um fhormheas le haghaidh modh iompair dá dtagraítear in Airteagail 7,
8 agus 9

1. UIMH. ÚDARAITHE AN IOMPRÓRA(3)

CINEÁL 1: NÍL SÉ BAILÍ LE hAGHAIDH TURAIS FHADA

2. AITHEANTAS IOMPRÓRA(4)

2.1. Ainm na cuideachta

2.2. Ainm an duine atá freagrach

2.2. Seoladh

2.3. Baile

2.4. Cód poist

2.5. Ballstát

2.6. Teileafón

2.8. Ríomhphost

3. RAON FEIDHME AN ÚDARAITHE(4)

Speiceas ainmhithe:

Catagóirí ainmhithe:

Cineál iompair: bóthar – iarnród – muir – aer

4. AN tÚDARÁS A EISÍONN AN tÚDARÚ(3)

4.1. Ainm agus seoladh an údaráis

4.2. Teileafón

4.4. Ríomhphost

4.5. Stampa oifigiúil

4.8. Ainm agus síniú an oifigigh

5. CINNEADH(3)

5.1. Údarú

□ Deonaithe            Dáta an údaraithe        Dáta éaga

□ Diúltaithe            Dáta                Réasúnú

□ Ar fionraí            Dáta                Réasúnú

□ Aistarraingthe            Dáta                Réasúnú

(3)Ranna 1, 4 agus 5 atá le líonadh isteach ag an Údarás inniúil

(4)Ranna 2 agus 3 atá le líonadh isteach ag an iarratasóir

3.Roinn 3: Deimhniú um fhormheas le haghaidh modh iompair dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 9

1. UIMH. ÚDARAITHE AN IOMPRÓRA(5)

CINEÁL 2: BAILÍ LE hAGHAIDH GACH CINEÁL TURAS

2. AITHEANTAS IOMPRÓRA(6)

2.1. Ainm na cuideachta

2.2. Ainm an duine atá freagrach

2.3. Seoladh sráide

2.4. Baile

2.5. Cód poist

2.6. Ballstát

2.7. Teileafón

2.8. Ríomhphost

3. RAON FEIDHME AN ÚDARAITHE(6)

3.1. Speiceas ainmhithe:

3.2. Catagóirí ainmhithe:

3.3. Cineál iompair: bóthar – iarnród – muir – aer

4. AN tÚDARÁS A EISÍONN AN tÚDARÚ(5)

4.1. Ainm agus seoladh an údaráis

4.2. Teileafón

4.4. Ríomhphost

4.5. Stampa oifigiúil

4.8. Ainm agus síniú an oifigigh

5. CINNEADH(5)

5.1. Údarú

□ Deonaithe            Dáta an údaraithe        Dáta éaga

□ Diúltaithe            Dáta                Réasúnú

□ Ar fionraí            Dáta                Réasúnú

□ Aistarraingthe            Dáta                Réasúnú

(5)Ranna 1, 4 agus 5 atá le líonadh isteach ag an Údarás inniúil

(6)Ranna 2 agus 3 atá le líonadh isteach ag an iarratasóir

4.Roinn 4: Deimhniú inniúlachta do thiománaithe, do fhreastalaithe agus d’oifigigh leasa ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 38(7)

1. SAINAITHEANTAS TIOMÁNAÍ/FREASTALAÍ

1.1.Sloinne (Sloinnte)

1.2.Céadainm (céadainmneacha)

1.3.Dáta breithe

1.4.Áit bhreithe agus tír bhreithe

1.5.Náisiúntacht

2. AN tÚDARÁS A EISÍONN AN DEIMHNIÚ

2.1. Ainm agus seoladh an chomhlachta a eisíonn an deimhniú

2.2. Teileafón

2.3. Ríomhphost

3.4. Ainm agus síniú an oifigigh

3.5. Stampa oifigiúil

4. SCRÚDÚ

4.1. Teorainneacha: Speiceas/catagóirí ainmhithe

4.2. Dáta scrúdúcháin

4.3. Pas / teip

5. ÚDARÚ

□ Deonaithe            Dáta an údaraithe        Dáta éaga

□ Diúltaithe            Dáta                Réasúnú

□ Ar fionraí            Dáta                Réasúnú

□ Aistarraingthe            Dáta                Réasúnú

(7) Arna líonadh isteach ag an Údarás inniúil

5.Roinn 5: Deimhniú ceadaithe ar mhodh iompair ar bóthar le haghaidh turais fhada dá dtagraítear in Airteagal 12

1. UIMHIR AN DEIMHNITHE UM FHORMHEAS(8)

2. AITHEANTAS ÚINÉARA(9)

2.1. Ainm na cuideachta

2.2. Ainm an duine atá freagrach

2.3. Seoladh sráide

2.4. Baile

2.5. Cód poist

2.6. Ballstát/Tír

2.7. Teileafón

2.8. Ríomhphost

3. AITHEANTAIS FEITHICLE(9)

3.1. Uimhir aitheantais feithicle

3.2. Uimhirphláta

3.4. An líon uasta deiceanna

3.5. Dromchla uasta

3.6. Monaróir

3.7. Speicis/catagóirí atá le hiompar

4. AN tÚDARÁS A EISÍONN AN tÚDARÚ(8)

4.1. Ainm agus seoladh an údaráis

4.2. Teileafón

4.4. Ríomhphost

4.5. Stampa oifigiúil

5. INIÚCHADH AR AN MODH IOMPAIR(8)

Dáta:                            Comhlacht a dhéanann cigireacht:

Comhlíontach leis an modh iompair: TÁ / NÍL

6. CINNEADH(8)

6.1. Formheas Deimhnithe

□ Deonaithe            Dáta an údaraithe        Dáta éaga

□ Diúltaithe            Dáta                Réasúnú

□ Ar fionraí            Dáta                Réasúnú

□ Aistarraingthe            Dáta                Réasúnú

6.2. Teorainneacha ar an bhformheas

(8) Ranna 1, 4, 5 agus 6 atá le líonadh isteach ag an Údarás inniúil

(9) Ranna 2 agus 3 atá le líonadh isteach ag an iarratasóir

6.Roinn 6: Deimhniú ceadaithe na soithí beostoic dá dtagraítear in Airteagal 13

1. UIMHIR AN DEIMHNITHE UM FHORMHEAS(10)

2. AITHEANTAS ÚINÉARA(11)

2.1. Ainm na cuideachta

2.2. Ainm an duine atá freagrach

2.3. Seoladh sráide

2.4. Baile

2.5. Cód poist

2.6. Ballstát/Tír

2.7. Teileafón

2.8. Ríomhphost

3. AITHEANTAS SOITHIGH(11)

3.1. Uimhir IMO

3.2. Stát brataí

3.4. An líon uasta deiceanna

3.5. Dromchla uasta

3.6. Uimhir aitheantais THETIS

3.7. Speicis/catagóirí atá le hiompar

4. AN tÚDARÁS A EISÍONN AN tÚDARÚ(10)

4.1. Ainm agus seoladh an údaráis

4.2. Teileafón

4.4. Ríomhphost

4.5. Stampa oifigiúil

5. INIÚCHADH AR AN SOITHEACH(11)

Dáta:                            Comhlacht a dhéanann cigireacht:

Comhlíontach leis an soitheach: TÁ / NÍL

6. CINNEADH(11)

6.1. Formheas Deimhnithe

□ Deonaithe            Dáta an údaraithe        Dáta éaga

□ Diúltaithe            Dáta                Réasúnú

□ Ar fionraí            Dáta                Réasúnú

□ Aistarraingthe            Dáta                Réasúnú

(10) Ranna 1, 4, 5 agus 6 atá le líonadh isteach ag an Údarás inniúil

(11) Ranna 2 agus 3 atá le líonadh isteach ag an iarratasóir

IARSCRÍBHINN VI

Dá dtagraítear in Airteagal 56

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1/2005

Rialachán (CE) Uimh. 1/2005

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 47

Airteagal 1(4)

Airteagal 2(6)

Airteagal 1(5)

Airteagal 2(3)(a) agus (b)

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

-

Airteagal 5(1)

-

Airteagal 5(2)

-

Airteagal 5(3)(a) agus (b)

Airteagal 14(3)(b) agus (d)

Airteagal 5(4)

Airteagal 15

Airteagal 6(1)

Airteagail 7(1) agus 8(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 9(5)

Airteagal 6(3)

Airteagal 18(1)

Airteagal 6(4)

Airteagail 10 agus 18(3)

Airteagal 6(5)

Airteagal 18(3)

Airteagal 6(6)

Airteagal 18(4)

Airteagal 6(7)

-

Airteagal 6(9)

Airteagal 24

Airteagal 7

Airteagal 110

Airteagal 8

Airteagail 17, 20 agus 25

Airteagal 9

Airteagal 22

Airteagal 10

Airteagal 8

Airteagal 11(1) agus (3)

Airteagal 9

Airteagal 11(2)

Airteagal 24

Airteagal 12

Airteagal 8(2)

Airteagal 13

Airteagal 9

Airteagal 17

Airteagail 10, 22 agus 37

Airteagal 18

Airteagal 12

Airteagal 19

Airteagal 13

Airteagal 20

Airteagal 40

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 25

Airteagal 42 go 45

Airteagal 29

-

Airteagal 30(1)

Airteagail 47 agus 48

Airteagal 30(2)

Airteagal 13(8)

Airteagal 30(3)

-

Airteagal 30(4)

-

Airteagal 30(5)

-

Airteagal 30(6)

-

Airteagal 30(7)

Airteagal 55

Airteagal 30(8)

-

Airteagal 31

Airteagal 49

Airteagal 32

Airteagal 54

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Airteagal 15 agus Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn IV

Airteagal 37

Iarscríbhinn V

-

Iarscríbhinn VI

Airteagal 11(4)