An Bhruiséil,28.11.2023

COM(2023) 761 final

2023/0443(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2578 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur lena thréimhse feidhme


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.Forais agus cuspóirí an togra

Ó rinne an Rúis ionradh iomlán gan chúis gan údar ar an Úcráin, cuireadh isteach ar sholáthairtí gáis ón Rúis chuig an Aontas mar iarracht d’aon ghnó fuinneamh a úsáid mar arm polaitiúil. Le blianta fada, ba í an Rúis príomhsholáthróir gáis an Aontais. Go stairiúil, bhíodh an tAontas ag brath ar an Rúis le haghaidh níos mó ná 40 % dá sholáthairtí gáis. Tháinig laghdú leanúnach ar sholáthar an gháis ó bhí mí Feabhra 2022 ann. B’fhiú níos lú ná 10 % d’allmhairí gáis an Aontais na sreafaí gáis ón Rúis sa chéad leath de 2023.

Bhí tionchar suntasach ag an suaitheadh soláthair arbh í an Rúis ba chúis leis ar phraghsanna gáis san Aontas. Cé gur athraigh praghsanna le 10 mbliana anuas laistigh de bhanda EUR 5 MWh go EUR 35 MWh agus go raibh an meánphraghas thart ar EUR 20/MWh, bhain praghsanna gáis EUR 300/MWh i mí Lúnasa 2022 nuair ba threise an phaindéim agus bhain siad leibhéil amach a bhí 1000 % ní ba airde ná na meánphraghsanna a chonacthas roimhe sin san Aontas. Baineadh amach na leibhéil praghsanna is airde in aon seachtain amháin — 5 lá trádála as a chéile — ón 22 go dtí an 26 Lúnasa 2022, nuair a bhí na praghsanna os cionn EUR 250/MWh ar bhonn comhsheasmhach agus nuair a d’imigh siad níos mó ná EUR 50/MWh ó phraghas tagartha GNL. Ón uair ba mhó an ghéarchéim, tháinig laghdú suntasach ar phraghsanna idir EUR 40/MWh agus EUR 50/MWh go luath i bhFómhar na bliana 2023. Mar sin féin, tá siad fós níos mó ná a dhá oiread níos airde ná mar a bhí siad roimh an ngéarchéim.

Déanann arduithe tobanna an‑dochar do gheilleagar na hEorpa. Baineann go leor earnálacha úsáid fhorleathan as gás i ngeilleagar an Aontais, idir FBManna agus an tionsclaíocht mhór, go háirithe tionscail atá dian ar ghás amhail criadóireacht, gloine, leasacháin, laíon agus páipéar agus ceimiceáin. Bíonn éifeachtaí tógálachta ag na praghsanna sin ar phraghsanna leictreachais agus méadaíonn siad an boilsciú foriomlán.

I bhfianaise an mhéid sin, ghlac an Chomhairle an 19 Nollaig 2022 Rialachán éigeandála (AE) 2022/2578 ón gComhairle chun sásra ceartúcháin margaidh gáis (‘MCM’) a bhunú chun saoránaigh an Aontais agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna atá ró‑ard.

Scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige an 31 Eanáir 2024. Is é is aidhm don togra seo síneadh bliana a chur le tréimhse chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (AE) 2022/2578 i bhfianaise na rioscaí leanúnacha do sholáthairtí fuinnimh, agus dá bhrí sin, do phraghsanna san Aontas.

1.1.1.Príomhghnéithe Rialachán (AE) 2022/2578

Le Rialachán (AE) 2022/2578 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022, bunaítear sásra sealadach ceartúcháin margaidh (‘MCM’) le haghaidh orduithe a dhéantar chun díorthaigh a thrádáil atá nasctha le pointí trádála fíorúla an Aontais (‘VTPanna’) ag a bhfuil aibíochtaí idir mí roimh ré agus bliain roimh ré.

Gníomhachtaítear an MCM nuair a tharlaíonn teagmhas ceartúcháin margaidh, is é sin, nuair a sháraíonn praghas socraíochta díorthach TTF na míosa tosaigh EUR 180/MWh agus nuair atá sé EUR 35 níos airde ná an praghas tagartha (lena léirítear treochtaí domhanda i bpraghsanna GNL) ar feadh 3 lá oibre. Níor gníomhachtaíodh MCM go fóill mar gur fhan praghsanna TTF faoi bhun na dtairseach truiceartha ó tháinig Rialachán (AE) 2022/2578 ón gComhairle i bhfeidhm. 

Nuair a tharlaíonn teagmhas ceartúcháin margaidh, socraítear leis an Rialachán MCM teorainn dhinimiciúil tairisceana, ar dá réir nár cheart d’oibreoirí margaidh glacadh le horduithe le haghaidh díorthach ag a bhfuil praghsanna EUR 35/MWh os cionn an phraghais tagartha a d’fhoilsigh ACER an lá roimhe sin agus nár cheart do rannpháirtithe sa mhargadh iad a chur isteach. Díghníomhachtaítear an MCM go huathoibríoch, tar éis 20 lá más é EUR 180/MWh an teorainn dhinimiciúil tairisceana ar feadh 3 lá as a chéile.

De bhun Airteagal 6 den Rialachán, féadtar an teorainn dhinimiciúil tairisceana a chur ar fionraí láithreach agus tráth ar bith más rud é go mbíonn suaitheadh tromchúiseach sa mhargadh mar thoradh uirthi, rud a dhéanann difear do shlándáil an tsoláthair agus do shreafaí gáis laistigh den Aontas nó d’fheidhmiú cuí mhargaí na ndíorthach fuinnimh.

1.1.2.An staid reatha: is ann fós do dheacrachtaí agus do rioscaí tromchúiseacha do shlándáil sholáthar gáis an Aontais

Le freagairt an Aontais faoi REPowerEU agus tar éis tionscnaimh, lena n‑áirítear na bearta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2578, d’ullmhaigh freagairt an Aontais staid dhíghrádaithe maidir le slándáil na soláthairtí gáis. Mura gcuirfear síneadh leis, scoirfidh an Rialachán d’fheidhm a bheith aige an 31 Eanáir 2024.

Mar sin féin, ó dháta glactha an togra seo, is ann fós do dheacrachtaí tromchúiseacha maidir le soláthairtí gáis chuig an Aontas.

Mar gheall ar an laghdú suntasach ar allmhairí gáis píblíne na Rúise le bliain anuas, tá laghdú suntasach tagtha ar infhaighteacht na soláthairtí gáis don Aontas i gcomparáid leis an méid a bhí ann roimh an ngéarchéim. Leis na leibhéil allmhairithe gáis píblíne atá ann faoi láthair, meastar go bhfaighidh an tAontas tuairim agus 20 bcm d’allmhairí píblíne na Rúise in 2023, mura gcuirfear isteach go hiomlán ar na hallmhairí neamhiontaofa sin ar fad. Bheadh sé sin thart ar 110 bcm níos lú ná mar a bhí in 2021.

Tá na margaí gáis domhanda fós andocht agus meastar gur mar sin a bheidh siad go ceann tamaill. Mar a thug IEA faoi deara 1 , níor tháinig ach fás beag ar an soláthar domhanda GNL in 2022 (4 %) agus in 2023 (3 %) mar gheall ar ‘breisithe teoranta acmhainneachta leachtaithe, éaradh ag saoráidí móra onnmhairiúcháin agus laghdú ar sholáthar gáis beatha ag gléasraí GNL a chothaítear i ngáscheantair aosaithe’. Ní bheidh acmhainneacht mhór nua leachtaithe GNL ar fáil ar fud an domhain (go háirithe sna Stáit Aontaithe agus i gCatar) ach ó 2025 ar aghaidh, ach ‘beidh cothromaíochtaí margaidh fós neamhbhuan sa tréimhse atá díreach romhainn’. 2

Tá iarmhairtí diúltacha fós ag an staid sin ar phraghsanna gáis, ar praghsanna iad, d’ainneoin iad a bheith i bhfad níos ísle ná an bhuaicphointe a bhí ann i samhradh 2022, atá níos airde go fóill ná mar a bhí roimh an ngéarchéim agus tá iarmhairtí dosheachanta aige sin ar chumhacht ceannaigh shaoránaigh an Aontais agus ar iomaíochas ghnólachtaí na hEorpa.

Tá luaineacht mhór sa mhargadh mar thoradh freisin ar dhoichte an mhargaidh agus is riosca breise í do gheilleagar an Aontais. Um shamhradh agus um fhómhar 2023 chonacthas roinnt babhtaí luaineachta suntasaí nuair a tháinig méadú níos mó ná 50 % ar phraghsanna laistigh de chúpla seachtain. Léiríonn sin go bhfuil na margaí gáis fós leochaileach agus go bhféadfadh sé go mbeidís ag freagairt go rómhór d’aon suaitheadh tobann gan choinne ar an soláthar agus an éileamh, mar a tharla tar éis na stailce i saoráidí GNL na hAstráile, i ngéarchéim an Mheánoirthir agus sa chur isteach ar idirnascaire Mhuir Bhailt.

Is féidir le roinnt rioscaí, má thagann siad chun cinn, eagla roimh ghanntanas a spreagadh, rud a d’fhéadfadh, i bhfianaise leochaileacht an mhargaidh mar gheall ar a dhoichte, frithghníomhartha móra a spreagadh lena ngabhann iarmhairtí tromchúiseacha ar phraghsanna. Ar na rioscaí sin tá éileamh an athuair ar ghás nádúrtha leachtaithe (GNL) na hÁise lena laghdaítear infhaighteacht an gháis ar an margadh domhanda gáis 3 , dálaí adhaimsire a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stóráil hidreachumhachta nó do tháirgeadh núicléach 4 rud a d’éileodh dul i muinín giniúint cumhachta gásadhainte ar bhonn níos mó, agus tuilleadh bristeacha sa soláthar gáis a d’fhéadfadh a bheith ann, lena náirítear stop iomlán a chur le hallmhairí gáis ón Rúis nó cur isteach ar an mbonneagar gáis criticiúil atá ann cheana.

Tá roinnt de phríomhréigiúin soláthair an Aontais buailte anois ag coinbhleachtaí armtha ard‑déine, chomh maith leis an Úcráin (an Asarbaiseáin, an Meánoirthear) agus tá timpeallacht na bagartha ag dul in olcas dá bharr sin.

Léirítear le samplaí a fuarthas le déanaí dóchúlacht agus ábharthacht na rioscaí a bhaineann le suaitheadh an bhonneagair chriticiúil gáis. I mí Mheán Fómhair 2022, rinneadh damáiste do phíblíne NordStream 1 trí ghníomhartha sabaitéireachta a mhéid sin nach féidir léi aon ghás a iompar faoi láthair agus nach mbeidh sí in ann déanamh amhlaidh amach anseo. I mí Dheireadh Fómhair 2023, cuireadh isteach ar idirnascaire Mhuir Bhailt, píblíne thábhachtach a nascann an Fhionlainn leis an Eastóin. Mar thoradh ar shuaitheadh idirnascaire Mhuir Bhailt, níl an Fhionlainn in ann an critéar N‑1 a chomhlíonadh a thuilleadh mar chuid den chaighdeán bonneagair a shainítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/1938. Áirithítear leis an gcritéar N‑1 go ndéanfaidh na Ballstáit bearta ionas, i gcás suaitheadh sa bhonneagar gáis is mó, go mbeidh an acmhainn theicniúil acu fós chun a n‑éileamh iomlán a shásamh le linn buaiclae. Mar thoradh ar shuaitheadh idirnascaire Mhuir Bhailt, an 27 Deireadh Fómhair 2023, d’ardaigh an Fhionlainn a leibhéal géarchéime de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2017/1938 ó ‘luathrabhadh’ go ‘foláireamh’, arb é an leibhéal géarchéime deireanach é roimh éigeandáil. Léirítear leis an teagmhas bonneagair nua sin dóchúlacht agus ábharthacht na rioscaí a bhaineann le suaití nua sa bhonneagar criticiúil gáis.

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil an laghdú suntasach ar an éileamh ar ghás nádúrtha (-18 % idir mí Lúnasa 2022 agus mí Lúnasa 2023) ag rannchuidiú leis an gcothromaíocht gáis san Aontas a chaomhnú. Eascraíonn an laghdú sin as tosca eacnamaíocha (e.g. praghsanna arda) agus as bearta riaracháin arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun Rialachán 2022/1369 agus Rialachán (AE) 2023/706 maidir le laghdú comhordaithe ar an éileamh ar ghás. I bhfianaise na ndálaí dochta margaidh atá ann faoi láthair, is riosca breise é méadú a d’fhéadfadh teacht ar an éileamh, mar gheall ar an méadú a d’fhéadfadh teacht ar úsáid gáis sna hearnálacha cónaithe, tráchtála agus tionsclaíocha5 nó i gcás nár cuireadh síneadh breise leis na bearta riaracháin atá dírithe ar an éileamh a laghdú, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shlándáil sholáthar gáis an Aontais.

I roinnt tuarascálacha ina dhiaidh sin i mí na Nollag 2022, mí Feabhra, mí Iúil agus mí Dheireadh Fómhair 2023, leagann an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) béim go comhsheasmhach ar na rioscaí atá ann do shlándáil an tsoláthair gáis san Aontas agus ar rabhadh a thabhairt i gcoinne bogáis maidir leis an staid fheabhsaithe i gcomparáid le buaicphointe na géarchéime i samhradh 2022. De réir thuarascáil mhí Dheireadh Fómhair 2023, ‘tá sé beartaithe go bhfanfaidh an soláthar domhanda gáis docht in 2023agusmeastar go gcuirfear síneadh le coinníollacha dochta soláthair go dtí 2024 le tuilleadh breiseanna acmhainneachta leachtaithe GNL faoi bhun an mheáin. Ina thuarascáil i mí Feabhra, thug IEA dá aire “go bhfuil an chothromaíocht dhomhanda faoi réir raon neamhchinnteachtaí agus tosca riosca eisginiúla atá níos leithne ná mar is gnách. Áirítear leis sin an fhéidearthacht go scoirfí go hiomlán de sheachadtaí gáis phíobtha na Rúise chuig an Aontas Eorpach, chomh maith le hathshlánú allmhairí GNL na Síne i gcomhréir le conarthaí fadtéarmacha GNL na tíre agus go bhféadfadh sé gur lú infhaighteacht soláthair GNL a d’fhéadfadh a bheith ann’. D’fhorbair sé cásanna struis lena mbaineann stop a chur le soláthairtí gáis ón Rúis, soláthairtí GNL a leanann de bheith docht agus méaduithe ar an éileamh a bhaineann leis an aimsir, agus d’fhéadfadh bearna 40 bcm féideartha idir an soláthar agus an téileamh san Aontas a bheith mar thoradh air sin. Sa tuarascáil uaidh i mí Iúil 2023, chuir IEA chun suntais go bhfuil ‘rioscaí agus éiginnteachtaí fós roimh gheimhreadh 2023/24 sa Leathsféar Thuaidh’ agus ‘nach ráthaíocht iad láithreáin stórála lána i gcoinne luaineacht an gheimhridh agus an riosca go mbeidh teannas margaidh athnuaite ann 5 .

Ina theannta sin, d’fhoilsigh an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSOG) a Ionchas Soláthair Geimhridh bliantúil lena ngabhann forbhreathnú samhraidh, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) 715/2009. Tháinig ENTSOG ar an gconclúid, cé go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar staid ghinearálta shlándáil an tsoláthair san Aontas, go bhféadfadh gá a bheith le bearta breise i gcás suaitheadh iomlán sa soláthar ón Rúis. Ina theannta sin, tá gá le bainistiú cúramach a dhéanamh ar na stórais i rith gheimhreadh 2023-2024, ós rud é gur dócha go mbeidh gá le leibhéal líonta 46 % ag tús an tséasúir líonta stórála chun an sprioc stórála 90 % a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/1032 a bhaint amach.3

Rannchuidigh freagairt an Aontais faoi RePowerEU agus na tionscnaimh a lean an fhreagairt sin, lena n‑áirítear an beart a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2578, leis an staid a fheabhsú. Dá scoirfeadh bearta ábhartha an Aontais d’fheidhm a bheith acu, bheadh an baol ann go n‑athródh sé sin an staid chobhsaithe ach leochaileach atá bainte amach ag an Aontas agus d’fhéadfadh sé cur le hathléimneacht an Aontais i leith imeachtaí neamhfhabhracha.

I bhfianaise na ndeacrachtaí agus rioscaí tromchúiseacha leanúnacha sin do shlándáil sholáthar gáis an Aontais agus do phraghsanna gáis, agus gan an chothromaíocht leochaileach atá ann faoi láthair a athrú, is gá agus is práinneach síneadh a chur le Rialachán (AE) 2022/2578. Dá bhrí sin, féachtar leis an Togra seo síneadh bliana a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán 2022/2578.

1.1.3.Cúiseanna le síneadh a chur le forálacha an Rialacháin sa staid reatha

Ar na cúiseanna seo a leanas, tá gá le forálacha éagsúla Rialachán (AE) 2022/2578, forálacha a bhfuiltear ag iarraidh síneadh a chur leo leis an togra seo, chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí agus rioscaí tromchúiseacha thuasluaite maidir le slándáil sholáthar gáis an Aontais.

I mí an Mhárta 2023, rinne ACER agus ESMA measúnú ar thionchar MCM ó tháinig sé i bhfeidhm agus tháinig siad ar an gconclúid nár gníomhachtaíodh MCM agus nár tháinig éifeachtaí diúltacha chun cinn ar mhargaí fuinnimh (agus margaí a bhaineann le cúrsaí airgeadais) go dtí an pointe sin. Chuir an Coimisiún síneadh leis an anailís chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh le míonna beaga anuas, agus fuarthas nár gníomhachtaíodh MCM riamh agus nár sainaithníodh aon éifeacht dhiúltach ó tháinig Rialachán MCM i bhfeidhm:

Cuireann MCM cosc ar phraghsanna leibhéil ró‑ard a bhaint amach, i gcomparáid leis na praghsanna idirnáisiúnta, ar mhargaí na ndíorthach gáis, agus dá bhrí sin cuireann sé teorainn leis an tionchar diúltach a bhíonn ag praghsanna arda ar chumhacht ceannaigh shaoránaigh an Aontais agus ar iomaíochas ghnólachtaí na hEorpa.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

An 23 Márta 2022, thíolaic an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht dar teideal ‘Slándáil an tsoláthair agus praghsanna inacmhainne fuinnimh: Roghanna maidir le bearta láithreacha agus ullmhúchán a dhéanamh don gheimhreadh seo chugainn’ (COM(2022) 138 final), inar leagtar amach an cuspóir maidir le soláthar gáis a áirithiú ar chostas réasúnta don gheimhreadh seo chugainn agus ina dhiaidh sin. Tagraíodh sa Teachtaireacht do phraghas an gháis a uasteorannú nó a mhodhnú trí mhodhanna rialála mar rogha a d’fhéadfaí a mheas chun ardú géar ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú. I mí Dheireadh Fómhair 2022, i bhfianaise na géarchéime atá ag dul in olcas, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht inar athdhearbhaíodh an gá le haghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh le bearta spriocdhírithe comhordaithe. Ina Theachtaireacht, mhol an Coimisiún sásra a chur ar bun chun praghsanna a theorannú tríd an bpríomhmhalartán gáis san Eoraip, TTF, ar sásra é a spreagfar nuair is gá. Le Rialachán 2022/2578 cuirtear chun feidhme an togra a leag an Coimisiún amach ina Theachtaireachtaí.

Leis an togra seo, ní chuirtear i mbaol cuspóirí agus prionsabail Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú leis an sásra ceartúcháin margaidh agus leis an togra seo maidir lena síneadh ama a chur lena mbailíocht. Áirithítear Rialachán 2022/2578, i gcás éigeandáil ar an leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal an Aontais, nach gcuirfidh an sásra ceartúcháin margaidh srian míchuí ar an sreabhadh gáis laistigh den mhargadh inmheánach, rud a chuirfeadh slándáil an tsoláthair gáis san Aontas i mbaol.

Tá Rialachán (AE) 2022/2578 agus an togra seo maidir le síneadh ama ina gcuid de ghrúpa beart lena dtabharfar aghaidh ar an ngéarchéim fuinnimh a ghlac an Chomhairle le roinnt míonna anuas. Go sonrach, tá Rialachán 2022/2578 nasctha go dlúth le Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle agus tá sé i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin sin. Áirithítear leis an togra, go háirithe, gur féidir leis an gCoimisiún an sásra ceartúcháin margaidh a chur ar fionraí má dhéantar difear diúltach don dul chun cinn atá déanta i ndáil leis an sprioc maidir le coigilteas gáis a chur chun feidhme de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle, nó má bhíonn méadú foriomlán ar thomhaltas gáis mar thoradh air, ar bhonn sonraí maidir le tomhaltas gáis agus laghdú ar éileamh a fhaightear ó na Ballstáit de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle.

Tá faireachán agus tuairisciú tráthrialta éifeachtach fíor-riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme na mbeart laghdaithe éilimh deonach agus sainordaitheach. Chun é sin a dhéanamh, agus sa bhreis ar na bearta faireacháin agus tuairiscithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle, coicís ar a dhéanaí tar éis an teagmhais cheartaithe margaidh, ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na bearta atá déanta acu chun tomhaltas gáis agus leictreachais a laghdú mar fhreagairt ar an teagmhas ceartúcháin margaidh, mura rud é gur ghlac an Coimisiún cinneadh fionraíochta. Is léiriú é an laghdú ar éileamh ar fud an Aontais ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta a chumhdaítear sa Chonradh.

Thairis sin, tá Rialachán (AE) 2022/2578 comhlántach leis na cuspóirí a bhaineann leis an sásra bainistithe luaineachta ionlae a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar luaineacht ghearrthéarmach sa mhargadh mar a leagtar amach i gCaibidil III – Roinn 1 de Rialachán 2022/2576. Is ionstraim é an sásra luaineachta ionlae chun athruithe móra a theorannú laistigh de lá agus ní leor é chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann le praghsanna ró‑ard mar a tharla i samhradh 2022.

Thairis sin, tá Rialachán 2022/2578 agus an togra seo comhsheasmhach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, go háirithe maidir le soláthar fuinnimh slán inacmhainne san Aontas a áirithiú trí shásra a chur ar fáil lena maolófar éifeachtaí praghsanna gáis an‑ard ar thomhaltóirí an Aontais agus ar a Bhallstáit, agus — san am céanna — tá sé ceaptha ar bhealach nach n‑ísleofar go struchtúrach na praghsanna a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le níos mó tomhaltais gáis dá gcuirfí ar aghaidh chuig na tomhaltóirí deiridh iad.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá Rialachán 2022/2578 agus an togra seo le haghaidh síneadh comhoiriúnach le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe na rialacha maidir le beartas an mhargaidh inmheánaigh, lena n‑áirítear maidir le rialacha iomaíochta. Ní chuireann an Rialachán 2022/2578 isteach go míchuí ar phrionsabail dhlí na hiomaíochta. Go sonrach, tá an sásra ceartúcháin margaidh ceaptha ar bhealach chun an idirghabháil a theorannú do chásanna ina bhfuil praghsanna thar a bheith ard, nuair nach gcuireann innéacs TTF seachshonraí leormhaithe ar fáil a thuilleadh maidir le praghsanna a léiríonn dinimic an mhargaidh san Eoraip go cruinn.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

An bunús dlí

Is é Airteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh is bunús dlí don ionstraim seo. Ceanglaítear leis na coinníollacha chun an fhoráil seo a chur i bhfeidhm go bhfuil an beart ‘oiriúnach don staid eacnamaíoch’, rud atá fíor go háirithe i gcás ‘deacrachtaí tromchúiseacha maidir le táirgí áirithe a sholáthar’. Ní mór na bearta a dhéanamh freisin le ‘meon na dlúthpháirtíochta’, agus, de réir an chásdlí, ní mór dóibh a bheith sealadach agus comhréireach.

Maidir leis an nganntanas leanúnach soláthairtí gáis atá ann faoi láthair, mar aon leis an luaineacht praghsanna arb í an chothromaíocht leochaileach sna margaí gáis domhanda is cúis léi, is deacracht thromchúiseach i soláthar táirge fuinnimh é sin de bhun Airteagal 122 CFAE. Mar a léiríodh thuas i mír 1 (‘Forais agus cuspóirí an togra’), is ann fós do dheacrachtaí agus do rioscaí tromchúiseacha do chinnteacht an tsoláthair gáis san Aontas.

Dá mba rud é go scoirfeadh na bearta a leagtar amach i Rialachán 2022/2578 d’fheidhm a bheith acu, ní bheadh uirlis ag na Ballstáit a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt go díreach ar eachtraí de phraghsanna ró‑ard arb iad na deacrachtaí agus na rioscaí sin is cúis leo.

Mar a mhínítear i mír 1 (‘Forais agus cuspóirí an togra’), tá forálacha an Rialacháin riachtanach agus comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí agus na rioscaí tromchúiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann do phraghsanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar an gcothromaíocht leochaileach atá ann faoi láthair i gcóras gáis an Aontais.

Chun gníomhaíocht ilroinnte a sheachaint, a d’fhéadfadh margadh gáis comhtháite an Aontais a dheighilt, tá gá le comhghníomhaíocht de mheon na dlúthpháirtíochta. Ina theannta sin, neartaíonn MCM dlúthpháirtíocht an Aontais chun praghsanna gáis atá i bhfad ró‑ard a sheachaint, praghsanna nach bhfuil inbhuanaithe fiú ar feadh tréimhsí gearra ama i gcás go leor Ballstát. Le MCM, féadfar rannchuidiú lena áirithiú go mbeidh gnóthais soláthair gáis ó na Ballstáit uile in ann gás a cheannach ar phraghsanna réasúnta de mheon na dlúthpháirtíochta.

Ina theannta sin, áirithítear le coimircí comhchoiteanna cur chuige comhordaithe mar léiriú ar an dlúthpháirtíocht fuinnimh, a bhféadfadh gá níos mó a bheith leo sna Ballstáit nach bhfuil roghanna malartacha acu ná mar atá sna Ballstáit a bhfuil níos mó roghanna acu.

Dá bhrí sin, tá údar maith leis an ionstraim atá beartaithe a bhunú ar Airteagal 122(1) CFAE.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá forálacha an Rialacháin (AE) agus an síneadh atá beartaithe leo i gcomhréir go hiomlán le prionsabal na coimhdeachta.

Mar gheall ar chineál comhtháite na margaí gáis agus airgeadais, is í gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais an bealach is éifeachtaí chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb na mbuaiceanna praghais ar fud an Aontais.

Comhréireacht

Comhlíonann forálacha an Rialacháin agus an síneadh atá beartaithe leo prionsabal na comhréireachta. Tá an beart comhréireach le gné agus cineál na bhfadhbanna a sainaithníodh agus le gnóthú na gcuspóirí a leagadh amach.

Is gné choiteann iad teorainneacha tairisceana i margaí trádála chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna leis na sásraí praghasmhúnlaithe a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha do thomhaltóirí. Tá sásraí den sórt sin ann, mar shampla, i margaí leictreachais an Aontais (féach e.g. Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/943), agus is féidir teacht orthu freisin i margaí lasmuigh den Aontas, amhail sna Stáit Aontaithe.

Thairis sin, níl sé i gceist leis an sásra go ndéanfaí idirghabháil i ngnáth‑idirghníomhú an éilimh agus an tsoláthair ná go ndéanfaí ‘caidhp’ ar an ngnáthshocrú praghsanna. Ní spreagfar an sásra ach amháin i staideanna fíoreisceachtúla ina bhfuil méadú ar phraghsanna ar TTF neamhbhainteach forbairt na bpraghsanna idirnáisiúnta, rud a chuirfeadh amhras ar a oiriúnacht mar phraghas tagartha. Ní spreagfar an sásra ceartúcháin margaidh ach amháin i gcúinsí eisceachtúla ar feadh tréimhse a bhfuil teorainn dhocht léi.

Déanfar an teorainn tairisceana a dhíghníomhachtú láithreach nuair a scoirfidh na himthosca eisceachtúla sin de bheith ann. Ina theannta sin, tá sraith chuimsitheach coimircí ag gabháil leis an sásra ceartúcháin margaidh, rud a fhágann gur féidir an sásra a chur ar fionraí, má tharlaíonn suaití neamhbheartaithe sa mhargadh, rud a dhéanann difear diúltach do shlándáil an tsoláthair agus do shreafaí laistigh den Aontas, chomh maith le feidhmiú ordúil na margaí díorthach.

Dá bhrí sin, ní théann an sásra ceartúcháin margaidh thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir beartais atá á shaothrú a bhaint amach agus tá sé comhréireach leis an gcuspóir a bhaint amach maidir le tionchar na bpraghsanna gáis atá thar a bheith ard a mhaolú. Tá an síneadh bliana aon bhliain amháin riachtanach mar gheall ar chineál marthanach na ndeacrachtaí tromchúiseacha don soláthar fuinnimh agus na rioscaí a bhíonn ann dá bharr do phraghsanna agus do chinnteacht an tsoláthair, rioscaí a bhfuil coinne leis go leanfaidh siad ar aghaidh ar a laghad le linn 2024 ar fad toisc nach bhfuil coinne go dtiocfaidh athruithe níos struchtúrtha ar dhálaí an mhargaidh go dtí 2025. 

An rogha ionstraime

Agus gné na géarchéime fuinnimh agus scála an tionchair shóisialta, eacnamaíoch agus airgeadais a bhaineann léi á gcur san áireamh, tá na forálacha a bhfuil sé d’aidhm ag an togra reatha síneadh a chur leo le fáil i Rialachán a bhfuil raon feidhme ginearálta aige agus atá infheidhme go díreach agus láithreach. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm na bhforálacha sin trí Rialachán a ghlacadh freisin.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar gheall ar an bpráinn a bhaineann leis an togra le haghaidh síneadh a chur le Rialachán a ullmhú ionas gur féidir leis an gComhairle é a ghlacadh in am, níorbh fhéidir comhairliúchán a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara.

Mar sin féin, rinne seirbhísí an Choimisiúin measúnú ar cibé acu a tháinig nó nár tháinig aon éifeacht dhiúltach chun cinn ó tháinig MCM i bhfeidhm.

I gcomhréir le ceanglais Airteagal 8 de Rialachán 2022/2578, rinne ACER ( 6 ) agus ESMA ( 7 ) anailís ina dtuarascálacha ‘Measúnú ar Éifeachtaí’ a foilsíodh an 1 Márta 2023, ar roinnt táscairí chun measúnú a dhéanamh ar thionchair MCM ón uair a tháinig sé i bhfeidhm. Cumhdaítear leis na táscairí sin roinnt réimsí idir shlándáil an tsoláthair, an sreabhadh laistigh den Aontas, margaí airgeadais agus an chobhsaíocht i measc nithe eile. Tháinig ACER agus ESMA ar an gconclúid nár gníomhachtaíodh MCM agus nár tháinig aon éifeacht dhiúltach chun cinn go dtí gur foilsíodh a dtuarascáil.

Ag cur leis na táscairí a leag ACER agus ESMA amach ina dtuarascálacha i mí an Mhárta, chuir an Coimisiún síneadh leis an anailís chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh le míonna ní ba dhéanaí anuas. Níor gníomhachtaíodh an MCM riamh agus níor sainaithníodh aon éifeacht dhiúltach ó tháinig MCM i bhfeidhm:

Cuireadh toradh mheasúnú an Choimisiúin faoi bhráid ionadaithe na mBallstát ag Meitheal na Comhairle um Fhuinneamh an 5 Deireadh Fómhair 2023.

Cearta bunúsacha

Is sásra sealadach é an sásra ceartúcháin margaidh agus ní ghníomhachtaítear é ach amháin nuair a chomhlíontar coinníollacha áirithe. Ar an gcaoi sin, léirítear, leis na coinníollacha sin, staid atá díobhálach do gheilleagar an Aontais agus dá shlándáil fuinnimh agus ba cheart aghaidh a thabhairt uirthi dá bhrí sin. Thairis sin, tá coimircí daingne sa sásra ceartúcháin margaidh lena gcuirfí cosc ar theacht chun cinn aon saincheist a bhaineann le cearta bunúsacha. Cumhdaítear leis sásra díghníomhachtaithe a chuirfidh deireadh leis mura bhfuil bonn cirt lena oibriú a thuilleadh de bharr staid an mhargaidh gáis nádúrtha. Agus fiú má mhaireann na coinníollacha lena dtugtar bonn cirt do ghníomhachtú an tsásra ceartúcháin, foráiltear leis an rialachán go bhféadfaí an sásra a chur ar fionraí dá dtarlódh suaití neamhbheartaithe sa mhargadh. Tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún cinneadh fionraí den sórt sin a ghlacadh i gcás ina dtarlódh suaití neamhbheartaithe sa mhargadh. Dá bhrí sin, tá an sásra ceartúcháin margaidh comhréireach agus tá údar cuí leis, sa mhéid nach mbeidh tionchar níos mó aige ná mar is gá maidir le cearta bunúsacha amhail an tsaoirse chun gnó a dhéanamh i bhfianaise na héifeachta a bheadh ag neamhghníomhaíocht ar gheilleagar an Aontais agus ar shlándáil fuinnimh an Aontais.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Baineann an tionchar buiséadach ar bhuiséad an Aontais a bhaineann leis an togra seo le hacmhainní daonna Ard‑Stiúrthóireacht an Fhuinnimh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Is éard atá i gceist leis an sásra seo nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo cúraimí — lena n‑áirítear cúraimí maidir le feidhmiú na margaí tráchtearraí agus a dtionchar ar shlándáil an tsoláthair — nach bhfuil mar chuid de ról an Choimisiúin de ghnáth. I ngeall ar an leibhéal freagrachta a bhaineann le cúram den sórt sin, tá sé fíorthábhachtach go n‑áiritheofaí tionlacan leordhóthanach ó sheirbhísí an Choimisiúin, agus ról treisithe á leithdháileadh ar Ard‑Stiúrthóireacht an Fhuinnimh, go háirithe maidir le faireachán agus measúnú airgeadais agus margaidh (6FTE). Chun an sásra ceartúcháin margaidh a chur chun feidhme go héifeachtúil, beidh tacaíocht ó ACER ríthábhachtach maidir le faireachán a dhéanamh ar an sásra, é a ghníomhachtú agus é a chur ar fionraí. Dá bhrí sin, an tionchar buiséadach ar bhuiséad an Aontais a bhaineann leis an togra seo, baineann sé freisin le hacmhainní daonna agus caiteachas riaracháin eile ACER (6 FTE).

Ní éilíonn an togra seo aon acmhainn bhuiséadach sa bhreis orthu sin a leithdháileadh cheana i gcomhthéacs ghlacadh Rialachán (AE) 2022/2578 agus a leagtar amach sa ráiteas airgeadais a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2578.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá na hathruithe atá beartaithe spriocdhírithe agus teoranta ó thaobh raon feidhme de chun síneadh bliana a chur le tréimhse chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán 2022/2578.

In Airteagal 12, tá sé beartaithe tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin a athrú agus síneadh a chur léi go dtí an 31 Eanáir 2025.

2023/0443 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/2578 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur lena thréimhse feidhme

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2022/2578 8 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022, bunaítear sásra sealadach ceartúcháin margaidh (‘MCM’) le haghaidh orduithe a dhéantar chun díorthaigh a thrádáil atá nasctha le pointí trádála fíorúla an Aontais (‘VTPanna’) ag a bhfuil aibíochtaí idir mí roimh ré agus bliain roimh ré. Dá bharr sin tá feidhm ag an MCM maidir le haon díorthach tráchtearraí, a dhéantar a thrádáil ar mhargadh rialáilte, arb é a bhunionstraim idirbheart gáis in aon VTP san Aontas.

(2)Tá an MCM le gníomhachtú i gcás ina dtarlaíonn teagmhas ceartúcháin margaidh, is é sin, i gcás ina dtéann praghas socraíochta dhíorthach Shaoráid Aistrithe Teideal (TTF) na míosa tosaigh, arna fhoilsiú ag ICE Endex B.V., thar EUR 180/MWh agus ina bhfuil sé EUR 35 níos airde ná an praghas tagartha ar 3 lá oibre. Nuair a tharlaíonn teagmhas ceartúcháin margaidh, socraítear leis an Rialachán 2022/2578 (MCM) teorainn dhinimiciúil tairisceana, ar dá réir nár cheart d’oibreoirí margaidh glacadh le horduithe le haghaidh díorthach ag a bhfuil praghsanna EUR 35/MWh os cionn an phraghais tagartha a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) 9 an lá roimhe sin agus nár cheart do rannpháirtithe sa mhargadh iad a thíolacadh. 

(3)Sna tuarascálacha measúnaithe ar éifeachtaí a foilsíodh an 1 Márta 2023 i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/2578, rinne ACER agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) 10 anailís ar roinnt táscairí chun measúnú a dhéanamh ar thionchar MCM ó tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm. Tháinig ACER agus ESMA ar an gconclúid nár gníomhachtaíodh MCM agus nár tháinig aon éifeacht dhiúltach ar shlándáil an tsoláthair agus ar an sreabhadh laistigh den Aontas do na margaí airgeadais agus don chobhsaíocht chun cinn go dtí gur foilsíodh a dtuarascáil.

(4)Ag cur leis na táscairí a ndearna ACER agus ESMA anailís orthu ina dtuarascálacha i mí an Mhárta 2023, chuir an Coimisiún síneadh leis an anailís chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh le míonna ní ba dhéanaí anuas. Níor sainaithníodh aon éifeacht dhiúltach ó tháinig Rialachán (AE) 2022/2578 i bhfeidhm agus níor gníomhachtaíodh MCM riamh. 

(5)Mar sin féin, tá deacrachtaí tromchúiseacha fós ann maidir le slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais. Tá staid dhomhanda an mhargaidh gáis fós andocht. Tá praghsanna gáis fós i bhfad níos airde ná mar a bhí siad roimh an ngéarchéim agus tá iarmhairtí dosheachanta acu ar chumhacht ceannaigh shaoránaigh an Aontais agus ar iomaíochas ghnólachtaí an Aontais.

(6)Tá an luaineacht mhargaidh mar thoradh freisin ar dhoichte an mhargaidh a thagann as rioscaí geopholaitiúla agus is riosca breise í do gheilleagar an Aontais. Léiríonn na heachtraí de luaineacht shuntasach praghsanna a chonacthas sa samhradh agus go luath i bhfómhar 2023, nuair a tháinig méadú níos mó ná 50 % ar phraghsanna laistigh de chúpla seachtain, go bhfuil na margaí fós leochaileach agus go bhfuil siad fós leochaileach do thurraingí measartha beag ar éileamh agus ar sholáthar, mar is léir ó ghluaiseachtaí praghsanna tar éis imeachtaí a tharla le déanaí amhail an stailc i saoráidí gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) na hAstráile, nó suaitheadh idirnascaire Mhuir Bhailt. Tá riosca geopholaitiúil suntasach breise ag baint leis an ngéarchéim leanúnach sa Mheánoirthear agus d’fhéadfadh tionchar a bheith aici ar phraghsanna agus ar an soláthar gáis.

(7)Tá na margaí gáis domhanda andocht faoi láthair agus meastar gur mar sin a bheidh siad go ceann tamaill. Níor tháinig ach méadú beag ar an soláthar domhanda GNL le 2 bhliain anuas mar gheall ar bhreisithe teoranta acmhainneachta leachtaithe, éaradh ag saoráidí móra easpórtála agus soláthar gáis beatha laghdaitheacha ag gléasraí GNL. Tá coinne leis nach mbeidh acmhainneacht shuntasach nua leachtaithe GNL ar líne go dtí go mbeidh 2025 ann. Dá bhrí sin, beidh cothromaíochtaí margaidh neamhbhuan amach go ceann tamaill eile fós.

(8)Anuas air sin, mar gheall ar an laghdú suntasach ar allmhairí gáis píblíne na Rúise le bliain anuas, tá laghdú suntasach tagtha ar infhaighteacht na soláthairtí gáis san Aontas i gcomparáid leis an méid a bhí ann roimh an ngéarchéim. Leis na leibhéil gáis píblíne atá ann faoi láthair, meastar go bhfaighidh an tAontas tuairim agus 20 bcm d’allmhairí píblíne na Rúise in 2023, mura gcuirfear isteach go hiomlán ar na hallmhairí neamhiontaofa sin ar fad. Dá dheasca sin, tá baol tromchúiseach ann fós go dtarlóidh ganntanais gáis san Aontas sa ghearrthéarma. I bhfianaise na ndálaí dochta margaidh atá ann faoi láthair, d’fhéadfadh praghsanna a bheith ag méadú arís mar gheall ar theagmhais dhothuartha agus suaití tobanna amhail athphlódú in éileamh GNL na hÁise a d’fhéadfadh infhaighteacht gáis ar an margadh domhanda gáis a laghdú; dálaí adhaimsire a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stóráil hidreachumhachta nó do tháirgeadh núicléach lena néileofaí dul i muinín giniúint cumhachta gásadhainte a thuilleadh; agus tuilleadh bristeacha sa soláthar gáis a d’fhéadfadh a bheith ann, lena náirítear deireadh a chur go hiomlán le hallmhairí gáis ón Rúis, agus tuilleadh cur isteach ar bhonneagair chriticiúla, tar éis gníomhartha sabaitéireachta i gcoinne phíblíne NordStream 1 i mí Mheán Fómhair 2022 agus cur isteach ar phíblíne idirnascaire Mhuir Bhailt i mí Dheireadh Fómhair 2023.

(9)Mar gheall ar dheacrachtaí tromchúiseacha marthanacha, tá an tAontas uile neamhchosanta ar rioscaí a bhaineann le ganntanas fuinnimh agus praghsanna arda fuinnimh. D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag leibhéal na bpraghsanna gáis ar staid eacnamaíoch an Aontais, ar an iomaíochas tionsclaíoch agus ar chumhacht ceannaigh na saoránach.

(10)Faoi na dálaí sin, go háirithe i gcás roinnt rioscaí geopholaitiúla a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar phraghsanna gáis, d’fhéadfadh an eagla roimh ghanntanas a bheith ina chúis le freagairtí móra a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith acu ar phraghsanna. I bhfianaise an chomhardaithe chúng idir an soláthar agus an téileamh faoi láthair, d’fhéadfadh suaitheadh soláthar gáis measartha fiú tionchar mór a bheith aige ar an margadh gáis, agus dochar tromchúiseach marthanach a dhéanamh don gheilleagar agus do shaoránaigh an Aontais.

(11)Ag buaicphointe na géarchéime, ghlac an tAontas freagairt láidir chomhordaithe chun a shaoránaigh agus a gheilleagar a chosaint ar phraghsanna iomarcacha agus chun a áirithiú go sreabhfaidh gás thar theorainneacha chuig gach tomhaltóir atá ina ghá, agus i gcásanna ganntanas gáis freisin. Rannchuidigh freagairt an Aontais faoi RePowerEU 11 agus tionscnaimh ina dhiaidh sin, lena náirítear an beart a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2578, leis an staid a fheabhsú. Dá scoirfeadh na bearta sin d’fheidhm a bheith acu, bheadh an baol ann go nathródh sé sin an staid chobhsaithe, atá leochaileach go fóill, atá bainte amach ag an Aontas agus déanfaidh sé dochar don teacht aniar i leith teagmhais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus i leith suaití tobanna, amhail iad siúd a luaitear thuas.

(12)Ós rud é gur margadh aonair é an tAontas agus go meastar gurb é TTF an tionadach praghsála ‘caighdeánach’ ar mhargaí gáis an Aontais, bheadh iarmhairtí tromchúiseacha ag praghsanna arda gáis ar na díorthaigh a bhaineann le TTF i ngach Ballstát agus bheadh a dhéine sin ag brath ar an mBallstát féin. Ba cheart díorthaigh a bhaineann le gach VTP eile san Aontas a bheith fós san áireamh i bhfadú Rialachán (AE) 2022/2578 chun aistrithe féideartha trádála chuig díorthaigh a bhfuil baint acu le cleachtais éagóracha trádála eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le saobhadh ar mhargaí fuinnimh nó airgeadais an Aontais a sheachaint. Neartaíonn MCM dlúthpháirtíocht an Aontais chun praghsanna gáis atá i bhfad róard a sheachaint, praghsanna nach bhfuil inbhuanaithe fiú ar feadh tréimhsí gearra i gcás go leor Ballstát. Le MCM, féadfar rannchuidiú lena áirithiú go mbeidh gnóthais soláthair gáis ó na Ballstáit uile in ann gás a cheannach ar phraghsanna réasúnta de mheon dlúthpháirtíochta.

(13)Is beart éigeandála é síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2578 mar fhreagairt ar dheacrachtaí tromchúiseacha leanúnacha i soláthar fuinnimh lena mbaineann riosca géarchéime atá ar tí tarlú agus ceanglaítear leis go leanfaidh an beart a leagtar amach sa Rialachán sin, a rannchuidíonn le praghsanna a choimeád faoi smacht, d’fheidhm a bheith aige

(14)Agus é á chur san áireamh go scoirfidh Rialachán (AE) 2022/2578 d’fheidhm a bheith aige an 31 Eanáir 2024, is beart éigeandála é síneadh a chur lena thréimhse cur i bhfeidhm de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, beart arb é is aidhm dó freagairt do dheacrachtaí tromchúiseacha leanúnacha maidir le soláthar fuinnimh. Tá baol ann freisin go mbeidh géarchéim ann agus go mbeidh praghsanna róard ann de dheasca na ndeacrachtaí sin, go háirithe dá dtiocfadh teagmhais amhail na cinn a bhfuil tuairisc orthu thuas chun cinn.

(15)Tá fadú ar thréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2578 comhsheasmhach freisin le Plean REPowerEU arb é is aidhm dó saoránaigh agus geilleagar an Aontais a chosaint ar phraghsanna iomarcacha agus ar ghanntanais soláthair fuinnimh.

(16)Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an 1 Feabhra 2024 chun cosaint leanúnach ar phraghsanna róard a áirithiú ar feadh shéasúr geimhridh 2023/2024.

(17)Ba cheart na forálacha sínte a bheith sealadach agus ba cheart dóibh leanúint de bheith i bhfeidhm go dtí deireadh mhí Eanáir 2025. Tá gá leis an síneadh bliana agus tá sé comhréireach mar gheall ar chineál leanúnach na ndeacrachtaí agus na rioscaí tromchúiseacha breise a thuairiscítear thuas, agus mar gheall ar éiginnteacht na staide reatha.

(18)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, agus gur féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(19)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2022/2578 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) 2022/2578

 

   

 

In Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2022/2578, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara abairt:

‘Beidh feidhm aige go dtí an 31 Eanáir 2025.’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Feabhra 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IEA: Tuarascáil Mheántéarmach maidir le Gás 2023
(2)    IEA: Ionchas ar Fhuinneamh Domhanda 2023
(3)    Thug IEA dá aire ‘go bhfuiltear ag dréim leis go bhfillfidh an téileamh domhanda ar ghás ar fhás measartha in 2024, rud arb iad an tAigéan Ciúin agus an Meánoirthear is mó is cúis leis’ agus go meastar go dtiocfaidh méadú 20 % ar éileamh na hÁise agus an Aigéin Chiúin faoi 2026 i gcomparáid le 2022’, féach Tuarascáil Gáis Mheántéarmaigh 2023.
(4)    Chuir easnaimh intíre hidreachumhachta agus cumhachta núicléiche, i ngeall ar dhálaí aeráide agus tosca infhaighteachta eile, leis an strus ar an margadh gáis, rud a chuir le praghsanna a ardú tuilleadh i samhradh 2022. Is éard a bhí sa bhearna táirgeachta sa ghiniúint hidreachumhachta agus núicléach in 2022 thart ar 60 TWh agus 120 TWh, faoi seach, i gcomparáid le 2021.
(5)    IEA, ‘Global Security Review 2023’. Go luath i mí na Samhna 2023, bhain fardail gháis an Aontais an leibhéal is airde riamh, is é sin os cionn toillte 99 %.
(6)    https://acer.europa.eu/Publications/ACER_FinalReport_MCM.pdf
(7)     https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/library/ESMA70-446-794_MCM_Effects_Assessement_Report.pdf
(8)    Rialachán (AE) 2022/2578 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena mbunaítear sásra ceartúcháin margaidh chun saoránaigh den Aontas agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna as cuimse ard (IO L 335, 29.12.2022, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2578/oj).
(9)    https://acer.europa.eu/Publications/ACER_FinalReport_MCM.pdf
(10)     https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/library/ESMA70-446-794_MCM_Effects_Assessement_Report.pdf
(11)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig An Chomhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – An Plean REPowerEU, COM/2022/230 final, 18.5.2022.