AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,29.11.2023
COM(2023) 753 final
2023/0437(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 261/2004, (CE) Uimh. 1107/2006, (AE) Uimh. 1177/2010, (AE) Uimh. 181/2011 agus (AE) 2021/782 a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú ceart paisinéirí san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SWD(2023) 386-387}
{SWD(2023) 389}
{SEC(2023) 392}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An togra reachtach seo chun an creat rialála maidir le Cearta Paisinéirí a athbhreithniú, beidh sé ina chuidiú chun úsáid modhanna iompair comhchoiteanna a dhreasú agus, dá réir sin, chun an Comhaontú Glas a chur chun feidhme freisin. Is príomhghníomhaíocht é de chuid na Straitéise Cuimsithí um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (SSMS), rud a ghlac an Coimisiún in 2020.
Braitheann cearta paisinéirí ar dhosaen ceart ar leithligh agus comhlántach roimh an turas, lena linn agus ina dhiaidh, lena n‑áirítear inter alia ceart chun inrochtaineachta agus cúnaimh le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (PRM), ceart chun faisnéise roimh na céimeanna éagsúla den taisteal agus ag na céimeanna sin, ceart chun an conradh iompair a chomhlíonadh i gcás suaitheadh, ceart chun cúitimh faoi imthosca áirithe, ceart chun córais thapa agus inrochtana maidir le láimhseáil gearán. Ós rud é go bhfuil feidhm ag cearta paisinéirí an Aontais go bliantúil maidir le níos mó ná 13 bhilliún taisteal paisinéirí san Aontas, tá cosaint paisinéirí tagtha chun bheith ina tionscnamh suaitheanta de chuid an Aontais. Mar sin féin, d’ainneoin an dul chun cinn shubstaintiúil a rinneadh le 20 bliain anuas, is ann do roinnt mhaith dúshlán fós.
Leis an athbhreithniú seo tugtar ar aghaidh ar dhá réimse achrannacha a deimhníodh le measúnú tionchair. Thar aon ní eile, le heasnaimh i gcur chun feidhme agus forfheidhmiú ceart paisinéirí cuirtear cosc ar phaisinéirí gach modha iompair a cearta a theachtadh go hiomlán. Is fadhb athfhillteach í sin ó glacadh na Rialacháin éagsúla maidir le cearta paisinéirí. Sainaithníodh cheana í i dtuarascálacha agus staidéir ón gCoimisiún.
Mar a léiríodh le suirbhéanna Eorabharaiméadair éagsúla, easpa fheasacht na bpaisinéirí ar a gcearta agus na fadhbanna a bhaineann leis na cearta sin a fhorfheidhmiú, is saincheisteanna athfhillteacha iad. Leis an suirbhé deireanach in 2019 léirítear nach eol ach do thart ar dhuine as triúr saoránach den Aontas go gcosnaítear iad le cearta sonracha nuair a thaistealaíonn siad trí iompar comhchoiteann san Aontas.
Easpa fheasacht na bpaisinéirí agus na fadhbanna a bhaineann le forfheidhmiú a gceart, chuir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) i dtábhacht iad freisin ina tuarascáil EU passenger rights are comprehensive, but passengers still need to fight for them [Tá cearta paisinéirí an Aontais cuimsitheach, ach is gá do phaisinéirí troid ar a son fós] ó 2018. Le paindéim COVID‑19 léiríodh an méid sin freisin: ní raibh paisinéirí feasach ar a gcearta agus is minic nárbh eol dóibh cén duine ar cheart dul ina mhuinín nuair ba mhian leo iad a fhorfheidhmiú. Le Tuarascáil Speisialta 2021 ó CIE Air passenger rights during the COVID‑19 pandemic: Key rights not protected despite Commission efforts’ [Cearta aerphaisinéirí le linn phaindéim COVID‑19: Príomhchearta gan bheith cosanta d’ainneoin iarrachtaí an Choimisiúin], thángthas ar an gconclúid chéanna.
Tá an dara fadhb ar a dtugtar aghaidh sa togra seo níos spriocdhírithe: dírítear léi ar an gceart chun aisíocaíocht a fháil i leith costas iomlán ticéid aerthaistil nuair nach ndéantar an eitilt mar a bhí beartaithe, saincheist a rinneadh níos measa i bpaindéim COVID‑19. Faoi láthair, níl rialacha aisíocaíochta soiléir nuair a dhéanann aerphaisinéirí a n‑áirithintí trí idirghabhálaí.
I gcomhar leis an togra seo, an tríú fadhb, cosaint paisinéirí le linn turais ilmhódacha, tugtar aghaidh uirthi i dtogra reachtach eile lena ndéileáiltear le cearta paisinéirí a leathnú chun turais ilmhódacha a chumhdach.
A mhéid a bhaineann le heasnaimh i gcur chun feidhme agus forfheidhmiú ceart paisinéirí i ngach modh iompair, is ann do dhá chuspóir: ar an gcéad dul síos, forfheidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil a áirithiú ar fud na mBallstát uile, á cheadú do chomhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta (NEBanna) uirlisí níos éifeachtaí a bheith acu chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht oibreoirí le cearta paisinéirí agus, ar an dara dul síos, láimhseáil gearán níos éifeachtaí a áirithiú le haghaidh paisinéirí, agus córas tapa, simplí agus inrochtana á sholáthar dóibh. Leis an togra rannchuideofar le comhchuibhiú a dhéanamh ar rialacha le haghaidh na modhanna éagsúla, agus an úsáid is fearr á baint as forbairtí a rinneadh le déanaí i Rialachán (AE) 2021/782 nua maidir le cearta paisinéirí iarnróid, agus as an togra ón gCoimisiún ó 2013 chun Rialachán (AE) Uimh. 261/2004 a leasú. Gach paisinéir a thairbhíonn de chearta paisinéirí d’fhéadfadh sé go dtairbheodh sé de na bearta nua sin.
A mhéid a bhaineann le paisinéirí a rinne a n‑áirithint trí idirghabhálaí a aisíoc, is é an cuspóir atá ann nós imeachta aisíocaíochta soiléir a áirithiú le haghaidh na ngníomhaithe uile lena mbaineann (e.g. iompróirí, idirghabhálaithe agus paisinéirí). Thart ar 450 milliún paisinéir in aghaidh na bliana a chuir a dticéid in áirithe trí idirghabhálaithe, d’fhéadfadh sé go dtairbheoidís de na bearta sin.
Ceist na dtoisí caighdeánaithe le haghaidh bagáiste cábáin, d’ardaigh Parlaimint na hEorpa í le déanaí i rún. An togra ón gCoimisiún ó 2013 chun Rialachán (AE) Uimh. 261/2004 a leasú, tugtar aghaidh leis cheana ar chuid d’ábhair imní Pharlaimint na hEorpa, go háirithe an oibleagáid atá ar aeriompróirí paisinéirí a chur ar an eolas maidir leis an liúntas bagáiste atá infheidhme maidir lena n‑áirithintí faoi seach. Mar sin féin, is minic a bhíonn mearbhall ar phaisinéirí a mhéid a bhaineann leis an mbagáiste láimhe atá ceadaithe de réir na haerlíne agus ghrád na táille, de bharr iomadú toisí agus meáchan éagsúil atá ceadaithe ag aerlínte éagsúla agus le haghaidh gráid éagsúla ticéad. Agus saoirse aeriompróirí chun táillí eitilte a shocrú á tabhairt faoi deara, ba cheart líon beag de mhéideanna agus meáchain choiteanna a bheith ann chun an mearbhall a laghdú. Ba cheart d’aeriompróirí oibriú le monaróirí aerárthaigh agus monaróirí bagáiste mar is gá chun teacht ar chomhaontú maidir leis na caighdeáin sin, ach ba cheart dóibh eolas a thabhairt freisin maidir leis an méid a chloíonn siad le caighdeáin tionscail maidir le meáchan agus toisí bagáiste láimhe i gcomhthéacs a gcaighdeán cáilíochta seirbhíse nach mór dóibh tuairisciú orthu freisin.
Ar deireadh, i modhanna iompair eile seachas aeriompar, iompróir a cheanglaíonn ar dhuine faoi mhíchumas taisteal agus é tionlactha ag cúntóir, ní mór dó ligean don chúntóir taisteal saor in aisce. Na rialacha a bhaineann le modhanna iompair éagsúla arb é is aidhm dóibh inrochtaineacht a chur chun feidhme a thuilleadh mar a leagtar amach in Airteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD), ba cheart iad a ailíniú a thuilleadh agus ba cheart aeriompar a áireamh iontu freisin. Má cheanglaíonn aeriompróir ar dhuine faoi mhíchumas taisteal agus é tionlactha ag cúntóir chun na ceanglais sábháilteachta eitlíochta reachtúla a chomhlíonadh, ba cheart a cheangal ar an aeriompróir an duine tionlacain a iompar saor in aisce. Is réamhchoinníoll tábhachtach é sin le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe aeriompar a úsáid atá inchomparáide le cinn eile. Dá bhrí sin, beart suntasach a bheidh ann chun na hoibleagáidí inrochtaineachta a leagtar amach in UNCRPD a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
Ar an bhforiomlán, leis an athchóiriú tugtar aghaidh ar na heasnaimh i gcur chun feidhme agus forfheidhmiú na gceart paisinéirí atá ann cheana agus ní bhunaítear aon cheart paisinéirí nua leis dá réir sin. Aimsítear an chothromaíocht cheart leis sin idir cosaint paisinéirí agus oibleagáidí iompróirí agus bainisteoirí bonneagair.
Tá an tionscnamh seo ina chuid de Chlár Oibre an Choimisiúin 2023 faoi Iarscríbhinn II (tionscnaimh REFIT), faoin gceannteideal ‘Geilleagar a Fhóireann do Dhaoine’.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Gheall an Coimisiún sa Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste beart a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear cearta paisinéirí an Aontais chun feidhme ar bhealach níos fearr, go mbeidh siad níos soiléire le haghaidh iompróirí agus paisinéirí araon, go dtairgfear cúnamh agus aisíocaíocht leordhóthanach leo, lena n‑áirítear nuair a thagann suaití chun cinn, agus go gcuirfear smachtbhannaí iomchuí i bhfeidhm mura n‑urramaítear na rialacha i gceart agus go mbreithneofar roghanna agus tairbhí chomh maith leis sin chun dul níos faide le creat ilmhódach le haghaidh cearta paisinéirí (Gníomhaíocht 63). Dá bhrí sin, tá an togra i gcomhréir leis an mbeartas maidir le cearta paisinéirí.
Go pointe suntasach, le leasuithe beartaithe lena ndéileáiltear le forfheidhmiú cuirtear san áireamh na rialacha nua sa Rialachán nua maidir le hiarnród (Rialachán (AE) 2021/782) agus an togra ón gCoimisiún ó 2013 chun Rialachán (AE) Uimh. 261/2004 a leasú. D’fhágfadh sin go bhféadfaí an creat rialála a shimpliú agus a chomhchuibhiú chun tairbhe do phaisinéirí na hEorpa.
Leis an Rialachán nua maidir le cearta paisinéirí iarnróid tugadh isteach rialacha nua éagsúla a d’fhéadfadh a bheith úsáideach freisin chun cosaint a thabhairt do phaisinéirí a thaistealaíonn le modhanna eile iompair, amhail an oibleagáid ar oibreoirí faisnéis ábhartha a chomhroinnt le NEBanna, uirlisí níos fearr le haghaidh NEBanna agus foirm chaighdeánaithe uile‑Aontais nua le haghaidh cúitimh agus aisíocaíochta. Dá bhrí sin, tá na bearta beartais a chuirtear i láthair sa togra seo comhlántach leis an Rialachán nua maidir le cearta paisinéirí iarnróid.
Maidir le cearta aerphaisinéirí, mhol an Coimisiún athraithe cheana, in 2013, ar Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 chun cearta paisinéirí a shoiléiriú agus chun iad a dhéanamh níos éifeachtaí. I dtuairim an Choimisiúin, na rialacha a moladh in 2013 chun cearta aerphaisinéirí a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, tá siad fós oiriúnach don fheidhm. Bhí an comhad sin ina chomhad tosaíochta ar feitheamh ina gcláir oibre bhliantúla roimhe sin agus tá sé fós ina chomhad tosaíochta ar feitheamh le haghaidh 2024. Bhunaigh na trí institiúid den Aontas tosaíochtaí reachtacha coiteanna le haghaidh 2023 agus 2024, ar mian leo dul chun cinn substaintiúil a dhéanamh maidir leo, agus liostaítear an togra ó 2013 iontu freisin.
Sa chomhthéacs sin, na rialacha atá beartaithe maidir le forfheidhmiú níos fearr a shainmhínítear sa togra aeir ó 2013 (amhail an fhéidearthacht go n‑iarrfadh an Coimisiún ar NEBanna cleachtais amhrasta shonracha arna ndéanamh ag oibreoirí a imscrúdú) tá siad úsáideach freisin chun paisinéirí a úsáideann modhanna eile a chosaint. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe na rialacha sin a leathnú chun na modhanna eile iompair a chumhdach. Maidir le cearta aerphaisinéirí, tá na bearta beartais a chuirtear i láthair sa togra seo comhlántach, dá bhrí sin, leis an togra reachtach ó 2013.
In 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún trí mheastóireacht ar an gcreat rialála le haghaidh cearta paisinéirí i gcomhair uisce‑iompair, busiompair agus iompar de chóiste, agus le haghaidh PRM a thaistealaíonn d’aer chomh maith leis sin. Leis na trí mheastóireacht léirítear inter alia go bhféadfaí feabhas a dhéanamh a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú na Rialachán sin.
Mar a léiríodh le suirbhéanna Eorabharaiméadair éagsúla, easpa fheasacht na bpaisinéirí ar a gcearta agus na fadhbanna a bhaineann leis na cearta sin a fhorfheidhmiú, is saincheisteanna athfhillteacha iad. Leis an suirbhé deireanach in 2019 léirítear nach eol ach do thart ar dhuine as triúr saoránach den Aontas go gcosnaítear iad le cearta sonracha nuair a úsáideann siad aeriompar, iompar ar iarnród, busiompar, iompar de chóiste agus uisce‑iompar san Aontas (toradh comhchosúil le hEorabharaiméadar 2014). Ar an gcúis sin, eagraíonn an Coimisiún feachtais go tráthrialta chun feasacht ar chearta paisinéirí a chur chun cinn, agus tairgeann sé faisnéis maidir le ‘An Eoraip Agatsa’ de chuid na Tairsí Aonair Digití, agus maidir le haip i ndáil le cearta paisinéirí chomh maith leis sin, rud atá ar fáil i ngach teanga oifigiúil den Aontas.
Easpa fheasacht na bpaisinéirí agus na fadhbanna a bhaineann le forfheidhmiú a gceart, chuir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) i dtábhacht iad freisin ina tuarascálacha ó 2018 agus 2021 a luaitear thuas.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Leis an togra cuirtear san áireamh reachtaíocht eile ón Aontas atá á hathbhreithniú nó á forbairt faoi láthair freisin, chun comhchuibhiú agus comhleanúnachas a áirithiú. Orthu sin áirítear go háirithe na tionscnaimh leanúnacha maidir le cosaint tomhaltóirí – lena n‑áirítear Rialacháin an Aontais maidir le cearta paisinéirí – rudaí atá comhlántach freisin, ach nach bhfuil forluiteach leis an tionscnamh seo.
Maidir leis an
athbhreithniú
ar
Threoir
(AE) 2015/2032 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil nasctha (PTD), na rialacha maidir le taisteal láneagraithe faoi PTD agus an togra chun é a athbhreithniú, tá siad comhsheasmhach leis an togra seo freisin: Cé go ndéileáiltear le taisteal leis an dá cheann acu, baineann siad le dhá mhargadh ar leithligh. Cé gurb amhlaidh leis an togra seo – i gcomhréir leis an reachtaíocht atá ann cheana maidir le cearta paisinéirí agus leis an togra chun iad a leasú – a dhéileáiltear go heisiach le seirbhísí iompair paisinéirí (e.g. teaglaim de sheirbhís iarnróid agus bus), leis na rialacha maidir le taisteal láneagraithe cumhdaítear teaglaim de sheirbhísí taistil éagsúla arna dtairiscint ag eagraí (e.g. turas láneagraithe lena gcomhcheanglaítear eitilt agus cóiríocht óstáin). Mar sin féin, má chealaíonn soláthraí seirbhíse (iompróir) an tseirbhís, na heagraithe faoin togra le haghaidh PTD chomh maith leis na hidirghabhálaithe a d’íoc as na ticéid iompair óna gcuntas féin le haghaidh an phaisinéara faoin togra seo, tá an ceart acu an aisíocaíocht a fháil ó na soláthraithe seirbhíse sin laistigh de 7 lá. Paisinéirí a chuireann aerthicéad in áirithe trí idirghabhálaí aisíocfar iad freisin laistigh de 14 lá cosúil le taistealaithe ar thuras láneagraithe. Cé gurb amhlaidh leis an togra le haghaidh na Treorach maidir le turas láneagraithe a chumhdaítear saincheisteanna freisin cosúil le réamhíocaíochtaí agus cosaint dócmhainneachta, cosaint paisinéirí i gcás dócmhainneacht aeriompróirí agus géarchéim mhór, tabharfar aghaidh uirthi san athbhreithniú leanúnach ar Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 (an Rialachán maidir le hAersheirbhísí), is é sin trí bhearta chun feabhas a chur ar acmhainneacht agus athléimneacht airgeadais aeriompróirí agus teacht roimh staideanna féimheachta nó géarchéime leachtachta.
Tá forfheidhmiú na reachtaíochta maidir le cosaint tomhaltóirí bunaithe ar dhá cholún chomhlántacha. Ar an gcéad dul síos, is féidir le tomhaltóirí úsáid a bhaint as uirlisí forfheidhmiúcháin príobháideacha: sásamh os comhair cúirte nó socraíocht lasmuigh den chúirt. In 2023 ghlac an Coimisiún togra lena leasaítear Treoir 2013/11/AE (an Treoir maidir le Réiteach Malartach Díospóidí) chun socraíocht lasmuigh den chúirt a fheabhsú a thuilleadh, go haonarach nó mar ghrúpa. Leis an togra seo feabhsaítear Réiteach Malartach Díospóidí, toisc go gceanglaítear leis ar chomhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta paisinéirí a chur ar an eolas maidir leis na féidearthachtaí a bhaineann le Réiteach Malartach Díospóidí. Ar an dara dul síos, is féidir tomhaltóirí a chosaint le forfheidhmiú poiblí, rud a dhéanann údaráis phoiblí, go príomha, a chosnaíonn leas comhchoiteann tomhaltóirí. Na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta atá freagrach as Rialacháin an Aontais maidir le cearta paisinéirí, is iad sin go príomha a fhorfheidhmíonn cearta paisinéirí. Rialachán (AE) 2017/2394 (an
Rialachán maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí
), is ionstraim chomhlántach é lena mbunaítear creat comhair chun a cheadú d’údaráis náisiúnta ó na tíortha uile sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch aghaidh a thabhairt i gcomhpháirt ar sháruithe ar rialacha maidir le tomhaltóirí (lena n‑áirítear cearta paisinéirí) nuair atá an soláthraí seirbhíse agus an tomhaltóir bunaithe i dtíortha éagsúla. Le gníomhaíochtaí bunaithe ar an Rialachán maidir le Comhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí in aghaidh aerlínte agus idirghabhálaithe léiríodh gur féidir leis na hidirphléití a bheith ina n‑ionstraim úsáideach chun tacú le cearta paisinéirí a fhorfheidhmiú, ach freisin gur gá na rialacha atá i bhfeidhm a neartú, go háirithe i gcás ina raibh baint ag an idirghabhálaí leis an ticéad a cheannach.
Tá an togra seo comhsheasmhach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún maidir le Seirbhísí Faisnéise ar an Iompar Ilmhódach (MMTIS). Leis an Rialachán seo ceanglaítear ar shealbhóirí sonraí (e.g. údaráis iompair, oibreoirí iompair agus bainisteoirí bonneagair) sonraí maidir le gréasáin iompair (lena n‑áirítear sonraí maidir le seirbhísí iompair amhail tráthchláir agus uaireanta oibriúcháin) a dhéanamh inrochtana d’úsáideoirí sonraí, trí phointí rochtana náisiúnta arna mbunú ag na Ballstáit, nuair atá na sonraí ar fáil i bhformáid mheaisín‑inléite dhigiteach. Tá sé comhsheasmhach freisin leis an togra le haghaidh an athbhreithnithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún. Leis an athbhreithniú sin leathnaítear an ceanglas sin trí chineálacha sonraí dinimiciúla a chur isteach, ó mhí na Nollag 2025 go mí na Nollag 2028, amhail amanna teachta agus imeachta fíor‑ama. Tá tábhacht fhíor‑riachtanach leis sin le haghaidh an togra seo maidir le faisnéis fíor‑ama a sholáthar do phaisinéirí maidir le suaití taistil le linn modhanna a athrú. Tacófar a thuilleadh leis sin leis an leasú beartaithe ar Threoir ITS: Leis an leasú sin ba cheart a áirithiú gurb amhlaidh le feidhmchláir ITS i réimse an iompair ar bóthar a chumasaítear comhtháthú gan uaim le modhanna iompair eile amhail soghluaisteacht iarnróid nó ghníomhach, agus athrú chuig na modhanna sin á éascú dá réir sin aon uair is féidir, chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus inrochtaineacht.
Tá an togra seo comhsheasmhach freisin leis an Teachtaireacht maidir le spás coiteann Eorpach do shonraí soghluaisteachta (EMDS), lena leagtar amach an bealach beartaithe chun cinn chun spás coiteann Eorpach do shonraí soghluaisteachta a chruthú, lena n‑áirítear a chuspóirí, a phríomhghnéithe, a bhearta tacaíochta agus a gharspriocanna. Is é is cuspóir dó éascaíocht a dhéanamh do shonraí a rochtain, a chomhthiomsú agus a chomhroinnt, ar sonraí iad ó fhoinsí sonraí soghluaisteachta atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Fónann Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) mar an bunús dlí chun reachtaíocht an Aontais a bhaineann le comhbheartas iompair a ghlacadh. Tá an fhoráil seo ina bunús dlí le haghaidh an Rialacháin maidir le cearta paisinéirí atá i bhfeidhm faoi láthair. Thairis sin, de bhun Airteagal 100(2) CFAE, féadfaidh reachtóir an Aontais forálacha iomchuí a leagan síos maidir le muiriompar.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Bhí leibhéal cosanta na bpaisinéirí sách teoranta sular glacadh na Rialacháin maidir le cearta paisinéirí. Laistigh den mhargadh aonair, soláthraíonn roinnt mhaith iompróirí (ní hamháin aerlínte ach gnóthais iarnróid agus cuideachtaí loingseoireachta freisin, agus cuideachtaí bus níos mó ná riamh) a seirbhísí i mBallstáit éagsúla agus lastall díobh fiú. Dá bhrí sin, is gá cearta paisinéirí a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais chun cothroime iomaíochta a áirithiú le haghaidh na ngníomhartha uile atá rannpháirteach i soláthar seirbhísí iompair (e.g., iompróirí, bainisteoirí bonneagair (atá ábhartha go háirithe le haghaidh PRM), idirghabhálaithe, etc.) ar de chineál trasteorann iad go minic. Fágann sin go bhfuil forfheidhmiú éifeachtach bunaithe ar an gcomhar idir na Ballstáit agus go ndéantar gníomhaíochtaí faireacháin ar an leibhéal náisiúnta. Maidir le haisíocaíocht ó idirghabhálaithe, tá an margadh aerthaistil san Aontas de chineál trasteorann go bunúsach, agus tá cuid de na hidirghabhálaithe is mó ina ngníomhaithe margaidh idirnáisiúnta. Is féidir gurb é a thiocfaidh as gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta saobhadh ar an margadh inmheánach cé gurb amhlaidh nach mór do phaisinéirí a bheith in ann a gcearta a dhearbhú ar an mbealach céanna agus tairbhiú den chosaint chéanna gan beann ar an mBallstát a dtaistealaíonn siad chuige.
Leis na bearta nua a bhaineann le forfheidhmiú d’fhéadfaí na cearta atá ann cheana a dhéanamh níos éifeachtaí trína áirithiú go ndreasófaí le cleachtais forfheidhmiúcháin NEBanna iompróirí, oibreoirí críochfoirt agus idirghabhálaithe (go háirithe iad sin nach ndéanann na rialacha atá ann cheana maidir le cearta paisinéirí a chur i bhfeidhm i gcónaí ar bhealach atá go hiomlán comhlíontach) an chosaint is fearr a sholáthar do phaisinéirí agus trí bhacainní lena gcoisctear ar shaoránaigh a gcearta a fheidhmiú go héifeachtach faoi dhlí an Aontais a bhaint. Trí chearta paisinéirí a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí, dreasófar daoine chun níos mó iompar poiblí a úsáid seachas gluaisteáin phríobháideacha agus rannchuideofar ar an mbealach sin leis an gComhaontú Glas. Ar deireadh, leis na bearta nua rannchuideofar leis an gcosaint a fheabhsú le haghaidh aerphaisinéirí ar fud an Aontais, agus é á áirithiú go n‑aisíocfar iad freisin má rinne siad áirithint trí idirghabhálaí. Ar na cúiseanna sin, leis na fadhbanna a shainmhínítear thuas ceanglaítear gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.
•Comhréireacht
Mar a mhionsonraítear i gCaibidil 7 den Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo agus thíos faoi phointe 3, ní théann aon cheann den dá rogha lena ndéileáiltear le forfheidhmiú thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí beartais foriomlána a bhaint amach d’fhonn feidhmiú cuí an mhargaidh aonair le haghaidh iompar paisinéirí a áirithiú agus chun ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a bhaint amach do phaisinéirí agus iad ag taisteal laistigh de mhodh amháin nó ag athrú modhanna le linn a dturais, trína chur ar a gcumas d’iompróirí, idirghabhálaithe agus (go háirithe le haghaidh PRM) oibreoirí críochfoirt agus riaracháin náisiúnta na cearta sin a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach. Is amhlaidh an cás maidir le roghanna beartais lena dtugtar aghaidh ar an easpa soiléireachta a bhaineann le rialacha aisíocaíochta nuair a chuirtear eitilt in áirithe trí idirghabhálaí.
•An rogha ionstraime
Ós rud é gur togra é seo chun cúig Rialachán atá ann cheana a athbhreithniú, tá an ionstraim a roghnaíodh ina Rialachán freisin.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
In 2020‑2021, rinne an Coimisiún meastóireachtaí ar na Rialacháin maidir le cearta paisinéirí le haghaidh PRM aeir (Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006), uisce‑iompair (Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010) agus bus agus cóiste (Rialachán (AE) Uimh. 181/2011). Leis na trí mheastóireacht cuirtear i dtábhacht go bhfuil dúshláin fós ann go háirithe a mhéid a bhaineann leis na rialacha sin a chur i bhfeidhm agus faireachán a dhéanamh orthu agus iad a fhorfheidhmiú. Léiríodh leo go n‑athraíonn méid na ngníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht ar fud na mBallstát go mór, agus gur minic nach bhfuil comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta (NEBanna) sách feasach ar cé acu a chosnaítear nó nach gcosnaítear cearta paisinéirí ná ar conas a chosnaítear iad. Leanann méid iomlán na ngearán a chuirtear faoi bhráid NEBanna de bheith íseal nó an‑íseal ar an bhforiomlán: thart ar 15 ghearán in aghaidh milliún paisinéir a mhéid a bhaineann le cearta paisinéirí PRM aeir, thart ar 1 ghearán in aghaidh milliún paisinéir le haghaidh cearta paisinéirí uisce‑iompair agus thart ar 1.5 gearán in aghaidh milliún paisinéir le haghaidh cearta paisinéirí bus agus cóiste, ach ní léir an amhlaidh atá an cás toisc go gcosnaítear na cearta paisinéirí go maith nó toisc nach ndéanann paisinéirí gearán, agus más amhlaidh atá cé na cúiseanna atá leis sin, lena n‑áirítear toisc nach bhfuil siad ar an eolas faoi na cearta paisinéirí.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ba é ba chuspóir do na comhairliúcháin fianaise cháilíochtúil agus chainníochtúil a bhailiú ó ghrúpaí páirtithe leasmhara ábhartha agus ón bpobal i gcoitinne.
Is é atá sna grúpaí páirtithe leasmhara ábhartha eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do thomhaltóirí agus paisinéirí (lena n‑áirítear daoine faoi mhíchumas), NEBanna agus údaráis phoiblí eile, comhlachtaí um réiteach malartach díospóidí, iompróirí (aerlínte, gnóthais iarnróid, cuideachtaí bus agus cóiste, longúinéirí) agus a gcomhlachais, oibreoirí críochfoirt (comhlachtaí bainistithe aerfoirt, bainisteoirí stáisiúin traenach, oibreoirí críochfoirt bus agus cóiste, oibreoirí críochfoirt calafoirt, oibreoirí críochfoirt calafoirt) agus a gcomhlachais; idirghabhálaithe (díoltóirí ticéad idirghabhálaí, gníomhairí taistil ar líne, eagraithe taistil láneagraithe) agus a gcomhlachais, cuideachtaí árachais agus cistí cosanta dócmhainneachta, cuideachtaí cárta creidmheasa agus gníomhaireachtaí éilimh.
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara trí na modhanna seo a leanas: freagraí ar an nGlao ar Fhianaise, Comhairliúchán Poiblí Oscailte ar líne, comhairliúchán poiblí spriocdhírithe na ngrúpaí páirtithe leasmhara ábhartha trí cheistneoirí ar líne, agallaimh, ceardlanna agus cruinnithe grúpa saineolaithe NEB.
•Saineolas a bhailiú agus a úsáid
An Chúirt Iniúchóirí
Tuarascáil Speisialta Uimh. 30/2018
ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa
: EU passenger rights are comprehensive but passengers still need to fight for them [Tá cearta paisinéirí an Aontais cuimsitheach, ach is gá do phaisinéirí troid ar a son fós] chomh maith le Tuarascáil Speisialta 15/2021 maidir le cearta aerphaisinéirí le linn phaindéim COVID‑19, cuireadh san áireamh iad. Is é is aidhm do na moltaí sin feabhas a chur ar chomhleanúnachas, soiléireacht agus éifeachtacht chreat an Aontais maidir le cearta paisinéirí agus na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta a chumhachtú a thuilleadh agus sainordú an Choimisiúin a fheabhsú a thuilleadh.
Staidéir mheastóireachta
Bhí na trí mheastóireacht ar na cearta paisinéirí le haghaidh uisce‑iompair, busiompair agus iompar de chóiste agus le haghaidh taisteal PRM d’aer chomh maith leis sin, a foilsíodh in 2021, ina saineolas seachtrach freisin.
Staidéir agus suirbhéanna eile
Staidéir sheachtracha maidir leis an leibhéal cosanta a thugtar faoi láthair do chearta aerphaisinéirí san Aontas (2020) agus maidir le cearta paisinéirí in iompar ilmhódach (2019) breithníodh iad freisin, chomh maith leis an suirbhé Eorabharaiméadair maidir le cearta paisinéirí a rinneadh in 2019.
Measúnú tionchair
Rinneadh staidéar seachtrach chun tacú leis an measúnú tionchair.
An togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 261/2004, (CE) Uimh. 1107/2006, (AE) Uimh. 1177/2010, (AE) Uimh. 181/2011 agus (AE) 2021/782 a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú ceart paisinéirí san Aontas, tá tuarascáil ar an measúnú tionchair ag gabháil leis, rud a fuair tuairim dhearfach agus forchoimeádais ann ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 7 Iúil 2023. Rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil ar an measúnú tionchair i gcomhréir le torthaí agus moltaí an Bhoird. Neartaíodh an anailís ar an bhfadhb agus an anailís ar thairbhí, go háirithe maidir leis na tairbhí le haghaidh tomhaltóirí lena bhfuil coinne. Cuireadh measúnú níos mionsonraithe isteach ar na tionchair ar iomaíochas na ngníomhaithe eacnamaíocha is mó dá ndearnadh difear.
Leis an measúnú tionchair breithníodh roghanna beartais go mion lena dtugtar aghaidh ar an dá réimse beartais a chumhdaítear leis an togra seo: (1) paisinéirí gan bheith ag tairbhiú go hiomlán dá gcearta de dheasca easnaimh sa chur chun feidhme agus san fhorfheidhmiú agus (2) rialacha aisíocaíochta doiléire i gcás inar cuireadh eitiltí in áirithe trí idirghabhálaí.
A mhéid a bhaineann leis an togra seo, is é an rogha beartais ab fhearr le haghaidh an mheasúnaithe tionchair teaglaim den rogha sin lena mbaintear an toradh is fearr amach le haghaidh gach réimse fadhbanna, i.e., rogha beartais (PO) 1.2 le haghaidh forfheidhmiú agus PO 3.2 le haghaidh aisíocaíochtaí.
A mhéid a bhaineann leis an réimse forfheidhmiúcháin, breithníodh dhá rogha beartais:
Tá sé d’aidhm ag PO 1.1 forfheidhmiú agus rialacha maidir le láimhseáil gearán a chomhchuibhiú trí bhearta a thabhairt isteach arb ann dóibh cheana i Rialachán (AE) 2021/782 nua maidir le cearta paisinéirí iarnróid (bearta a) go d)) nó i dtogra 2013 ón gCoimisiún maidir le cearta aerphaisinéirí (beart e)) i modhanna iompair eile:
(a)iompróirí, bainisteoirí críochfoirt agus idirghabhálaithe, beidh orthu sonraí ábhartha a sholáthar do NEBanna arna iarraidh sin do NEBanna; beidh tionchar an‑dearfach ag an mbeart ar an ngníomhaíocht mhaoirseachta arna déanamh ag NEBanna ós rud é go bhforbrófar go substaintiúil leis a n‑eolas maidir le hiompraíochtaí na bpáirtithe leasmhara.
(b)beidh ar iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt caighdeáin cáilíochta seirbhíse a ghlacadh agus a chur chun feidhme agus tuairisciú ar a gcur chun feidhme; beidh ar iompróirí paisinéirí agus NEBanna a chur ar an eolas freisin maidir lena gcur chun feidhme ar chearta paisinéirí.
(c)sainordú a thabhairt don Choimisiún chun foirmeacha iarrata caighdeánaithe ar aisíocaíocht agus cúiteamh a ghlacadh chun a éascú do phaisinéirí a n‑éilimh a dhéanamh; leis na foirmeacha sin cuideofar leis na saoránaigh comhad iomlán a chur isteach lena ngabhann na mionsonraí ábhartha uile agus beidh oibleagáid ar na hoibreoirí glacadh leo, agus cuimhne á choimeád air go leanfadh na foirmeacha atá ann cheana ó oibreoirí nó NEBanna de bheith bailí.
(d)Beidh ar NEBanna paisinéirí a chur ar an eolas, i gcás inar gá, maidir lena gceart chun sásamh aonair a lorg agus comhlachtaí um réiteach malartach díospóidí á n‑úsáid.
(e)féadfaidh an Coimisiún imscrúduithe a iarraidh ar NEBanna, go háirithe i gcásanna a bhaineann le Ballstáit éagsúla chun comhar ábhartha a spreagadh idir na Ballstáit.
Is é atá i gceist le PO 1.2 na bearta uile in PO 1.1 mar aon le dhá bheart breise:
(f)Feabhas a chur ar an bhfaisnéis do phaisinéirí maidir lena gcearta mar phaisinéir arb é is aidhm dó sin a bhfeasacht ar na cearta sin a mhúscailt, go háirithe tráth na háirithinte agus le linn suaití turais.
(g)Oibleagáid a chur ar NEBanna gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht a dhéanamh ar bhonn measúnú riosca; bainfidh NEBanna an úsáid is fearr as na sonraí a fuarthas ó pháirtithe leasmhara agus forbróidh siad clár faireacháin bunaithe ar an measúnú ar an riosca a bhaineann le neamhchomhlíonadh athfhillteach rialacha maidir le cearta paisinéirí. Áiritheoidh iompróirí agus bainisteoirí críochfoirt go ndéanfar neamh‑chomhréireachtaí a sainaithníodh le linn gníomhaíochtaí faireacháin NEB a cheartú go pras.
Is é PO 1.2 an rogha beartais ab fhearr le haghaidh an réimse forfheidhmiúcháin, arb é sin an rogha beartais lenar fearr is féidir a áirithiú go gcomhlíonann iompróirí agus oibreoirí críochfoirt a n‑oibleagáidí faoi seach, go rannchuidíonn siad leis an láimhseáil gearán éifeachtach le haghaidh paisinéirí, agus lenar fearr is féidir a áirithiú go bhforfheidhmíonn NEBanna cearta paisinéirí ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla ar fud na mBallstát uile. Le PO 1.2 gintear costais bhreise níos airde ar iompróirí, oibreoirí críochfoirt agus NEBanna ná PO 1.1, ach difríocht imeallach atá ann (EUR 130,7 milliún le haghaidh PO 1.1 in aghaidh EUR 138 milliún le haghaidh PO 1.2, arna shloinneadh mar luach láithreach le linn 2025‑2050 i gcoibhneas leis an mbunlíne) agus is troime éifeachtacht mhéadaithe na mbeart a chuirtear i láthair ná na costais bhreise. Tá PO 1.2 ar an rogha is éifeachtaí freisin. Is faide a théitear leis chun iarrachtaí forfheidhmiúcháin a ailíniú ar fud na mBallstát.
A mhéid a bhaineann le haisíocaíochtaí in airgead i gcás inar cuireadh aerthicéid in áirithe trí idirghabhálaithe, breithníodh trí rogha sa mheasúnú tionchair: PO 3.1: an rogha nach féidir leis an bpaisinéir ach an aisíocaíocht a iarraidh ar an iompróir, PO 3.2: an rogha gur féidir leis an iompróir a chinneadh cé acu is gá nó nach gá don phaisinéir an aisíocaíocht a iarraidh ar an idirghabhálaí (ar choinníoll go gcomhaontaíonn an t‑idirghabhálaí leis sin) nó ar an iompróir, agus PO 3.3: is féidir leis an bpaisinéir a roghnú cé acu a iarrfaidh sé an aisíocaíocht ar an idirghabhálaí, nó ar an aeriompróir. Measadh go raibh POnna 3.1 agus 3.2 chomh héifeachtach céanna chun soiléireacht a áirithiú maidir leis an bpróiseas aisíocaíochta, ós rud é go mbunódh an t‑idirghabhálaí agus an t‑aeriompróir araon soiléireacht roimh ré, roimh áirithint a dhéanamh. Ó thaobh éifeachtúlachta, bhí an toradh is fearr ag PO 3.2, agus na costais is lú ann le haghaidh na bpáirtithe uile dá ndéantar difear, agus tháinig PO 3.3 ina dhiaidh sin agus PO 3.1 ar deireadh. Measadh go raibh POnna 3.2 agus 3.3 chomh comhleanúnach céanna, go háirithe ós rud é go gcruthaítear ailíniú leo leis an Treoir maidir le Taisteal Láneagraithe agus lena hathbhreithniú leanúnach. A mhéid a bhaineann le coimhdeacht agus comhréireacht, bhí toradh i bhfad níos fearr ag PO 3.2 ná mar a bhí ag an dá cheann eile. Is é sin an t‑aon rogha amháin lena léirítear na múnlaí dáilte aeriompróra atá ann faoi láthair agus tá sé ar an gceann is neamhionraí ó thaobh cleachtas margaidh. Ar na cúiseanna sin, roghnaíodh PO 3.2 mar an rogha beartais ab fhearr. Glactar leis go nginfear leis costais riaracháin le haghaidh aeriompróirí ar fiú EUR 0,07 milliún iad agus costais riaracháin le haghaidh idirghabhálaithe ar fiú EUR 57,42 milliún iad, chomh maith le coigiltis costais trioblóide le haghaidh tomhaltóirí ar fiú EUR 1 679,1 milliún iad (sloinntear na figiúirí uile mar an luach láithreach le linn 2025‑2050 i gcoibhneas leis an mbunlíne).
Tá coinne leis go mbeidh tionchair fostaíochta agus chomhshaoil an‑teoranta ag an rogha beartais ab fhearr. Is é a thiocfaidh as sin go mbeidh paisinéirí níos muiníní maidir le cearta paisinéirí a fhorfheidhmiú, lena n‑áirítear agus aerthicéid á gceannach acu trí idirghabhálaí, arb é a thiocfaidh as sin go dtacófar leis an athrú i dtreo roghanna iompair níos inbhuanaithe ó thomhaltóirí ar thuras ar leith. Tá an rogha beartais ab fhearr comhsheasmhach le cuspóirí comhshaoil an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Dlí Aeráide Eorpaigh. Rannchuidítear léi le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 13 (Gníomhú go práinneach chun an t‑athrú aeráide agus a thionchar a chomhrac). Meastar go bhfuil an tionchar ar FBManna ó thaobh costais bhreise an‑teoranta.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Tá an tionscnamh seo ina chuid de Chlár Oibre an Choimisiúin 2023 faoi Iarscríbhinn II (tionscnaimh REFIT), faoin gceannteideal ‘Geilleagar a Fhóireann do Dhaoine’. Tá gné REFIT thábhachtach ag baint leis ó thaobh comhchuibhiú ceart ar fud modhanna. Le haghaidh paisinéirí agus NEBanna, leis an bhfoirm éilimh chaighdeánaithe uile‑Aontais ar féidir le paisinéirí dul ina muinín i gcónaí (seachas uirlisí éilimh a úsáid a athraíonn ar fud na n‑oibreoirí) simpleofar beathaí paisinéirí, chomh maith le beathaí na n‑oibreoirí agus NEBanna freisin, b’fhéidir. Le haghaidh oibreoirí iompair beidh sé níos soiléire conas na cearta atá ann cheana a chomhlíonadh, rud a fhágfaidh go mbeidh cur chun feidhme níos éifeachtúla. Le haghaidh oibreoirí a chuireann cearta paisinéirí i bhfeidhm ar bhealach comhlíontach, feidhmeofar na hoibleagáidí breise ar an gcostas is ísle. Le haghaidh oibreoirí a bhfuil a neamhchomhlíontacht athfhillteach agus cearta áirithe á gcur i bhfeidhm, leis na hoibleagáidí nua spreagfar athrú. Déanfar obair na NEBanna níos éifeachtúla toisc go mbeidh ar oibreoirí iompair níos mó sonraí a chomhroinnt leo maidir lena gcomhlíontacht leis na rialacha, agus cur chuige rioscabhunaithe á chumasú maidir lena ngníomhaíochtaí formhaoirseachta.
Leis an tionscnamh cuirtear simplithe i láthair freisin le haghaidh paisinéirí a úsáideann idirghabhálaithe chun a n‑aerthicéid a cheannach, ós rud é go n‑éiríonn sé soiléir conas a aisíocfar iad (níos tábhachtaí fós: cé a dhéanfaidh amhlaidh agus cathain). Ach sprioc‑amanna soiléire a bheith ann le haghaidh aisíocaíochtaí idirghabhálaithe le paisinéirí ní bheidh an trioblóid ar an bpaisinéir téarmaí agus coinníollacha éagsúla a sheiceáil, inar minic, faoi láthair, nach sonraítear na moilleanna íocaíochta iontu. Le haghaidh aeriompróirí agus idirghabhálaithe araon, déanfar an próiseas aisíocaíochta níos éifeachtúla ós rud é go mbeidh an próiseas agus na sprioc‑amanna, agus na cainéil faisnéise, soiléir le haghaidh na bpáirtithe uile.
FBManna a bhfuil tionchar ag an tionscnamh orthu, seasann siad do 95 % d’idirghabhálaithe aeir, 85 % d’oibreoirí bus agus cóiste agus 99 % d’oibreoirí paisinéirí uisce‑iompair.
Tá coinne leis go mbeidh an tionchar ar iomaíochas an Aontais nó ar an trádáil idirnáisiúnta neodrach den chuid is mó.
Leis na bearta uile, seachas ceann amháin, sa réimse forfheidhmiúcháin rialaítear an ghaolmhaireacht idir NEBanna agus oibreoirí nó an Coimisiún agus NEBanna, agus oiriúnaítear iad don timpeallacht dhigiteach. Is é an t‑aon bheart amháin ag a bhfuil tionchar díreach ar shaoránaigh foirmeacha éilimh aisíocaíochta agus gearán caighdeánaithe a thabhairt isteach. Beidh na foirmeacha sin ar fáil i bhformáid fhisiceach agus dhigiteach araon: tá coinne leis go n‑úsáidfidh formhór na saoránach an fhormáid dhigiteach, ach na saoránaigh sin nach n‑úsáideann réitigh dhigiteacha ar aon chúis, ní eisiafar iad.
Na bearta ar maidir leo a dhéantar foráil sa réimse aisíocaíochtaí, tá siad iomchuí le haghaidh na timpeallachta fisicí agus digití araon. Ba cheart paisinéirí a chur ar an eolas maidir leis na sonraí teagmhála ar líne, gutháin, poist de chuid an chomhlachtaí ar cheart don phaisinéir an aisíocaíocht a iarraidh air. Déantar foráil go dtairgfidh pointe teagmhála aonair an aeriompróra modhanna teagmhála gutháin, poist agus ar líne. Ba cheart d’idirghabhálaithe aeir agus aeriompróirí paisinéirí a chur ar an eolas maidir leis an bpróiseas aisíocaíochta ar a suíomhanna gréasáin, ach freisin ar an admháil áirithinte.
Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Leis an tionscnamh rannchuidítear le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDG) #10 An neamhionannas a laghdú laistigh de thíortha agus i measc tíortha (maidir le paisinéirí faoi mhíchumas agus a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe), #13 Gníomhaíocht ar son na haeráide (le cearta paisinéirí feabhsaithe féadfar daoine a dhreasú chun níos mó iompar poiblí a úsáid seachas gluaisteáin phríobháideacha), agus #16 Rochtain ar an gceartas a chur ar fáil do chách agus institiúidí éifeachtacha, cuntasacha agus ionchuimsitheacha a thógáil (modhanna sásaimh feabhsaithe agus inrochtana le haghaidh paisinéirí agus uirlisí níos fearr le haghaidh forfheidhmiú le haghaidh an riaracháin).
Seiceáil comhsheasmhachta aeráide
Tá an togra comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach agus i spriocanna 2030 agus 2050 ón Aontas agus rannchuidítear leis le SDG #13 Gníomhaíocht ar son na haeráide a luaitear thuas a bhaint amach.
Cearta bunúsacha
Leis an togra urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 21, 26, 38 agus 47 a bhaineann, faoi seach, le toirmeasc ar idirdhealú de chineál ar bith, lánpháirtíocht daoine faoi mhíchumas, ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a áirithiú, agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil.
An oibleagáid chun sonraí pearsanta paisinéirí a chomhroinnt tá tionchar aici ar an gceart chun sonraí pearsanta a chosaint faoi Airteagal 8 den Chairt. Tá an oibleagáid sin riachtanach agus comhréireach i bhfianaise an chuspóra a bhaineann lena áirithiú go gcosnaítear tomhaltóirí go héifeachtach i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chairt. Ina theannta sin, chun na héifeachtaí ar chosaint sonraí a mhaolú a thuilleadh, cuirtear coimircí cosanta sonraí chun feidhme, is é sin teorannú de réir cuspóra agus tréimhse coinneála sonraí shoiléir. Le forálacha breise den togra maidir le húsáid sonraí teagmhála paisinéirí rannchuidítear le hurramú an chirt chun sonraí pearsanta a chosaint faoi Airteagal 8 den Chairt trí na sonraí pearsanta ar féidir iad a úsáid chun críoch sonraithe a leagan síos go soiléir (chun an paisinéir a chur ar an eolas, chun é a aisíoc agus a athródú agus ar chúiseanna sábháilteachta agus slándála chomh maith leis sin) agus na coinníollacha faoinar féidir iad a úsáid a leagan síos go soiléir freisin.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon iarmhairt ag an togra maidir le buiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme agus éifeachtacht an tionscnaimh seo ar bhonn na dtáscairí dul chun cinn a liostaítear sa Mheasúnú Tionchair amhail an líon gearán a fhaigheann NEBanna, comhlachtaí um réiteach malartach díospóidí agus Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí, an líon agus an cineál gníomhaíochtaí faireacháin a dhéanann NEBanna agus an líon smachtbhannaí a fhorchuireann siad ar oibreoirí. Ina theannta sin, beidh na suirbhéanna Eorabharaiméadair ina dtáscaire chun eolas paisinéirí a thomhas maidir lena gcearta agus lena sástacht leis an mbealach a chomhlíonann oibreoirí iompair cearta paisinéirí an Aontais. Na tuarascálacha ó iompróirí maidir le cur chun feidhme a gcaighdeán cáilíochta seirbhíse, beidh siad ina n‑uirlis úsáideach freisin chun meastóireacht a dhéanamh ar an idirghabháil. A mhéid a bhaineann le haisíocaíochtaí nuair a cuireadh an t‑aerthicéad in áirithe trí idirghabhálaí, an líon fiosrúchán agus gearán ó phaisinéirí le NEBanna faoi bheith curtha siar agus aniar idir iompróirí agus idirghabhálaithe, agus an líon gearán le NEBanna maidir le hidirghabhálaithe (agus tá coinne leis go dtiocfaidh ardú air sin ós rud é nach gcumhdaíonn NEBanna idirghabhálaithe faoi láthair) a thuairiscíonn NEBanna don Choimisiún, beidh siad ina dtáscairí tábhachtacha.
Ina Theachtaireacht maidir le ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’, gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé ceanglais maidir le tuairisciú a chuíchóiriú agus a shimpliú gan an bonn a bhaint de na cuspóirí beartais gaolmhara. Tá an togra seo i gcomhréir leis na haidhmeanna sin. Cé go gcuirtear oibleagáid nua leis ar aeriompróirí, iompróirí bus agus cóiste agus uisce‑iompair tuarascáil a fhoilsiú gach 2 bhliain maidir le cur chun feidhme a gcaighdeán cáilíochta seirbhíse agus príomhtháscairí feidhmíochta ann maidir le cearta paisinéirí (e.g. poncúlacht, láimhseáil gearán, comhar le hionadaithe daoine faoi mhíchumas), tá fíorghá leis na tuarascálacha sin chun faireachán a dhéanamh ar chearta paisinéirí agus chun iad a fhorfheidhmiú. Léirigh iompróirí sa chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara go mbailíonn siad na sonraí i gceist cheana, agus roghnaíodh minicíocht an tuairiscithe (gach 2 bhliain agus sin an méid) chun na costais a bhaineann leis na bearta sin a chur chun feidhme a choimeád íseal. I dteannta a bheith ina bhfoinse luachmhar faisnéise le haghaidh NEBanna agus acmhainní teoranta ann chun a gcúraimí faireacháin agus forfheidhmiúcháin a dhéanamh, leis na tuarascálacha sin féadfaidh paisinéirí cinntí eolasacha a dhéanamh maidir leis an iompróir a roghnóidh siad bunaithe ar cháilíocht a bhfeidhmíochta agus d’fhéadfaí iomaíocht idir iompróirí a spreagadh leo freisin bunaithe ar cháilíocht a bhfeidhmíochta.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Beidh tionchar teoranta ag an togra ar struchtúr na gcúig Rialachán leasaithe. Beidh sé ina chomhlánú ar an gcreat rialála atá ann trí thacar de cheanglais chuimsitheacha a chur leis na rialacha modhbhunaithe atá ann cheana. Beidh na hAirteagail seo a leanas i struchtúr an Rialacháin nua.
Aithrisí
Leis na haithrisí cuirfear an bhéim ar rannchuidiú na gceart paisinéirí leis an gcomhbheartas iompair, leis an mbeartas cosanta tomhaltóirí, le cuspóirí na Straitéise Cuimsithí um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste. Leis na haithrisí cuirtear i dtábhacht freisin na fadhbanna agus na cuspóirí ar ar tugadh aghaidh leis an togra agus réasúnaíocht na mbeart beartaithe.
Airteagal 1: Leasuithe ar Rialachán (CE) 261/2004 (maidir le cearta aerphaisinéirí)
San Airteagal tá sainmhínithe ar na heilimintí nua sa Rialachán leasaithe agus forálacha sonracha le haghaidh na gceanglas nua: aisíocaíocht i gcás inar cuireadh ticéad in áirithe trí idirghabhálaí; feabhas a chur ar an bhfaisnéis a sholáthraítear do phaisinéirí maidir lena gcearta tráth na háirithinte agus le linn suaití turais; caighdeáin cáilíochta seirbhíse, foirm choiteann le haghaidh iarrataí ar aisíocaíocht agus cúiteamh, cur chuige rioscabhunaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht, comhroinnt faisnéise le comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta agus faisnéis maidir le réiteach malartach díospóidí (RMD) ó chomhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta.
Airteagal 2: Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 (maidir le cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe le linn dóibh a bheith ag taisteal d’aer)
Tar éis sainmhínithe ar na heilimintí nua sa Rialachán leasaithe, tá na forálacha sonracha san Airteagal le haghaidh na gceanglas nua: caighdeáin cáilíochta seirbhíse, foirm choiteann le haghaidh iarrataí ar aisíocaíocht agus cúiteamh, cur chuige rioscabhunaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht, comhroinnt faisnéise le comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta, faisnéis maidir le RMD ó chomhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta, comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus Coiste na gCeart Paisinéirí.
Airteagal 3: Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 (maidir le cearta paisinéirí uisce‑iompair)
Tar éis sainmhínithe ar na heilimintí nua, tá na forálacha sonracha san Airteagal le haghaidh na gceanglas nua lena leasaítear an Rialachán; foirm choiteann le haghaidh iarrataí ar aisíocaíocht agus cúiteamh, feabhas a chur ar fhaisnéis le haghaidh paisinéirí maidir lena gcearta tráth na háirithinte agus le linn suaití turais; caighdeáin cáilíochta seirbhíse, cur chuige rioscabhunaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht, comhroinnt faisnéise le comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta, faisnéis maidir le RMD ó chomhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta, comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus Coiste na gCeart Paisinéirí.
Airteagal 4: Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 (maidir le cearta paisinéirí le haghaidh bus agus cóiste)
Tar éis sainmhínithe ar na heilimintí nua sa Rialachán leasaithe, tá na forálacha sonracha san Airteagal le haghaidh na gceanglas nua: foirm choiteann le haghaidh iarrataí ar aisíocaíocht agus cúiteamh, feabhas a chur ar fhaisnéis le haghaidh paisinéirí maidir lena gcearta tráth na háirithinte agus le linn suaití turais; caighdeáin cáilíochta seirbhíse, cur chuige rioscabhunaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le cearta paisinéirí, comhroinnt faisnéise le comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta, faisnéis maidir le RMD ó chomhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta, comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus Coiste na gCeart Paisinéirí.
Airteagal 5: Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/782 (maidir le cearta paisinéirí iarnróid)
San Airteagal tá sainmhínithe ar na heilimintí nua sa Rialachán leasaithe agus na forálacha sonracha le haghaidh na gceanglas nua: modhanna cumarsáide le haghaidh paisinéirí, an cur chuige rioscabhunaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le cearta paisinéirí, agus comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún.
In Airteagal 6 tá forálacha coiteanna an Rialacháin maidir le teacht i bhfeidhm.
Ar deireadh, sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán tá sonraíochtaí mionsonraithe lena ndéileáiltear le caighdeáin cáilíochta seirbhíse sna modhanna uile seachas iarnród.
2023/0437 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 261/2004, (CE) Uimh. 1107/2006, (AE) Uimh. 1177/2010, (AE) Uimh. 181/2011 agus (AE) 2021/782 a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú ceart paisinéirí san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) agus Airteagal 100(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Ba cheart roinnt leasuithe a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 261/2004, Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006, Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010, Rialachán (AE) Uimh. 181/2011, agus Rialachán (AE) 2021/782, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun a áirithiú go gcosnófar cearta paisinéirí go héifeachtach san Aontas nuair atáthar ag taisteal trí aeriompar, iompar ar iarnród, muiriompar agus iompar uiscebhealaí intíre agus busiompar agus iompar de chóiste.
(2)Le cearta paisinéirí éifeachtacha ba cheart méadú ar thaisteal tríd an iompar poiblí a spreagadh, ar cuspóir é sin a leagtar síos leis an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, rud a ghlac an Coimisiún i mí na Nollag 2020.
(3)Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid sna meastóireachtaí cuimsitheacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006, Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 181/2011, rudaí a rinne sé idir 2019 agus 2020, go gcuirtear éifeachtacht na reachtaíochta maidir le cearta phaisinéirí an Aontais i mbaol le heaspa feasachta i measc paisinéirí ar a gcearta agus na forálacha atá ann cheana maidir lena bhfeidhmiú. Ina theannta sin, leis na meastóireachtaí sin thángthas ar an gconclúid freisin nach dtairbhíonn paisinéirí lena n‑áirítear daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe go hiomlán dá gcearta de dheasca easnaimh ina gcur i bhfeidhm ó iompróirí, comhlachtaí bainistithe aerfoirt, bainisteoirí stáisiúin, oibreoirí críochfoirt calafoirt, comhlachtaí bainistithe críochfoirt busanna agus idirghabhálaithe, ar thaobh amháin, agus easnaimh maidir lena bhforfheidhmiú ó na húdaráis forfheidhmithe náisiúnta, ar an taobh eile.
(4)Simpliú, comhsheasmhacht agus comhchuibhiú ar rialacha Rialachán (CE) Uimh. 261/2004, Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006, Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010, agus Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ceanglaítear sin go háirithe a mhéid a bhaineann le rialacha lena ndéileáiltear leis an bhfaisnéis le haghaidh paisinéirí maidir lena gcearta roimh an turas agus lena linn, forfheidhmiú ceart paisinéirí agus láimhseáil gearán le haghaidh paisinéirí. Na rialacha atá ann cheana sna Rialacháin sin ba cheart iad a leasú chun bheith ina gcomhlánú ar na rialacha i Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a glacadh le déanaí a mhéid a bhaineann le foirmeacha chun aisíocaíochtaí agus cúiteamh a iarraidh, caighdeáin cáilíochta seirbhíse, oibleagáidí ar iompróirí chun faisnéis a chomhroinnt le comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta, agus faisnéis le haghaidh paisinéirí ó chomhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta um réiteach malartach díospóidí.
(5)Faoi láthair, a mhéid a bhaineann le haerthicéid a chuirtear in áirithe trí idirghabhálaí, tá an próiseas aisíocaíochta doiléir agus ba cheart é a shoiléiriú dá bhrí sin. Tá na hidirghabhálaithe rannpháirteach sa phróiseas aisíocaíochta ar dhá bhealach éagsúla: tharchuir siad sonraí íocaíochta (cárta creidmheasa) an phaisinéara go díreach chuig an iompróir (idirghabhálaí ‘faoi bhealach’), agus aisiompaíonn an t‑aeriompróir an sreabhadh íocaíochta bunaidh ionas go dtagann an aisíocaíocht isteach go díreach i gcuntas an phaisinéara. Nó d’íoc an t‑idirghabhálaí an t‑aeriompróir óna chuntas féin (an t‑idirghabhálaí ‘Ceannaí Taifid’), agus nuair a aisiompaíonn an t‑aeriompróir an sreabhadh íocaíochta, tagann an aisíocaíocht isteach i gcuntas an idirghabhálaí. Aistríonn an t‑idirghabhálaí an aisíocaíocht deiridh ansin chuig an bpaisinéir. Is minic nach mbíonn paisinéirí feasach ar an bpróiseas aisíocaíochta a roghnaíonn an t‑idirghabhálaí. Ba cheart don idirghabhálaí agus don aeriompróir an paisinéir a chur ar an eolas maidir leis an bpróiseas aisíocaíochta. Go háirithe, ba cheart don aeriompróir a shonrú go poiblí cé acu a théann nó nach dtéann sé i gcomhar le hidirghabhálaithe chun aisíocaíochtaí a phróiseáil, agus má théann cé na hidirghabhálaithe lena ndéanann sé amhlaidh.
(6)Cleachtas aerthionscail forleathan is ea próiseáil na haisíocaíochta tríd an idirghabhálaí a rinne an íocaíocht leis an aeriompróir óna chuntas féin (an t‑idirghabhálaí ‘Ceannaí Taifid’). Dá bhrí sin, ba cheart an fhéidearthacht sin a sholáthar don aeriompróir.
(7)Má phróiseálann an t‑aeriompróir aisíocaíochtaí tríd an gcineál sin idirghabhálaí, ba cheart síneadh 14 lá ar a mhéad a chur le sprioc‑am na híocaíochta leis an bpaisinéir chun an dá chéim a chur san áireamh sa phróiseas aisíocaíochta. Ba cheart don aeriompróir an aisíocaíocht a aistriú dá réir sin chuig an idirghabhálaí laistigh de 7 lá ar a mhéad, agus ba cheart don idirghabhálaí í a aistriú chuig an bpaisinéir laistigh de 7 lá breise. Mura n‑aisíocfar an paisinéir ar a dhéanaí laistigh de 14 lá, ba cheart don phaisinéir, áfach, a bheith i dteideal an aisíocaíocht a fháil go díreach ón aeriompróir oibriúcháin.
(8)Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tá feidhm aige maidir le próiseáil sonraí pearsanta ó aeriompróirí agus idirghabhálaithe. Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta ní mór di tarlú go háirithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 5(1) agus 6(1) de Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil na hoibleagáidí chun faisnéis a sholáthar do phaisinéirí maidir lena gcearta gan dochar d’oibleagáid an rialaitheora faisnéis a sholáthar don ábhar sonraí de bhun Airteagail 12, 13 agus 14 de Rialachán (AE) 2016/679.
(9)Nuair a fhaigheann an paisinéir ticéad ó idirghabhálaí, ba cheart don aeriompróir a bheith in ann teagmháil a dhéanamh leis an bpaisinéir go díreach i gcás inar gá chun a áirithiú go bhfaighidh an paisinéir an fhaisnéis taistil ábhartha, agus go gcomhlíonfaidh an t‑aeriompróir a oibleagáidí faoin Rialachán seo agus faoin dlí is infheidhme de chuid an Aontais maidir le sábháilteacht agus slándáil na heitlíochta agus maidir leis an aeriompróir faoi Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005. Féadfaidh an t‑iompróir na sonraí teagmhála sin a úsáid go heisiach chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus níor cheart dó sonraí teagmhála na bpaisinéirí a phróiseáil chun aon chríoch eile. Ba cheart na sonraí pearsanta sin a scriosadh laistigh de 72 uair an chloig tar éis thabhairt i gcrích an chonartha iompair mura bhfuil bonn cirt leis na sonraí pearsanta a choinneáil a thuilleadh chun oibleagáidí a chomhlíonadh i leith cheart an phaisinéara chun athródú, aisíocaíochta nó cúitimh.
(10)Le cur chuige rioscabhunaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le cearta paisinéirí, rud atá bunaithe ní hamháin ar na gearáin a fuarthas ach freisin ar ghníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht amhail cigireachtaí, ba cheart a áirithiú gur fearr is féidir le comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta neamhchomhlíontacht iompróirí agus bainisteoirí críochfoirt leis na rialacha atá ann cheana a bhrath agus a cheartú.
(11)Faisnéis a sholáthraítear do phaisinéirí maidir lena gcearta roimh a dturais agus lena linn, ba cheart feasacht fheabhsaithe teacht as sin. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith beacht agus ba cheart í a chur ar fáil go héasca, go feiceálach agus go díreach. Ba cheart í a sholáthar ar bhealach soiléir agus cuimsitheach, agus trí mheán leictreonach a mhéid is féidir.
(12)Ba cheart do chomhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta dul i gcomhar le chéile chun léirmhíniú agus cur i bhfeidhm comhchuibhithe ar na Rialacháin lena mbaineann a áirithiú. Le sreabhadh tráthrialta faisnéise ó iompróirí, bainisteoirí críochfoirt agus idirghabhálaithe chuig comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta maidir leis na gnéithe uile a bhaineann le cur i bhfeidhm na Rialachán lena mbaineann, ba cheart a chur ar a gcumas do chomhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta a ról faireacháin a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr.
(13)Ba cheart d’iompróirí agus do bhainisteoirí críochfoirt caighdeáin cáilíochta seirbhíse a shainiú agus bainistíocht agus faireachán a dhéanamh orthu le haghaidh na seirbhísí paisinéara uile, agus gnéithe oibríochtúla gach modha á léiriú. Leis na caighdeáin cáilíochta seirbhíse sin ba cheart tagairt a dhéanamh inter alia do mhoilleanna, cealuithe, cúnamh le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, sásraí láimhseála gearán, sástacht na gcustaiméirí, agus glaineacht. Ba cheart d’iompróirí faisnéis a chur ar fáil go poiblí freisin maidir lena gcaighdeáin cáilíochta seirbhíse.
(14)Maidir le cearta aerphaisinéirí, ba cheart d’aeriompróirí féachaint le caighdeáin tionscail a bhunú maidir le meáchan agus toisí bagáiste láimhe d’fhonn teorainn a chur leis an scaipeadh atá á dhéanamh faoi láthair ar chleachtais éagsúla agus eispéireas taistil an phaisinéara a fheabhsú, agus tuairisciú ar an méid a chloíonn siad leis na caighdeáin sin mar chuid dá gcórais bainistíochta cáilíochta seirbhíse. Le foilsiú tuarascálacha cur chun feidhme arna dhéanamh ag iompróirí maidir lena gcaighdeáin cháilíochta ba cheart úsáideoirí a bheith in ann comparáid agus roghanna eolasacha a dhéanamh, iomaíocht a spreagadh bunaithe ar cháilíocht na seirbhísí, agus a éascú do na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta faireachán agus forfheidhmiú aonfhoirmeach a dhéanamh.
(15)Chun é a éascú do phaisinéirí aisíocaíocht nó cúiteamh a iarraidh i gcomhréir leis na Rialacháin lena mbaineann, ba cheart foirmeacha atá bailí ar fud an Aontais a bhunú le haghaidh na n‑iarrataí sin. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag paisinéirí a n‑iarrataí a chur isteach trí fhoirm den sórt sin a úsáid.
(16)Paisinéirí a lorgaíonn sásamh aonair ba cheart iad a chur ar an eolas maidir leis na féidearthachtaí chun gearán a dhéanamh le comhlachtaí um réiteach malartach díospóidí maidir le sáruithe líomhnaithe ar na Rialacháin lena mbaineann. Is iad na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta is fearr chun é sin a dhéanamh.
(17)I bhfianaise Airteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus chun deiseanna a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas agus a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ar deiseanna aerthaistil iad atá inchomparáide leo sin de chuid saoránaigh eile, má cheanglaíonn aeriompróir, a ghníomhairí nó tionscnóir turas ar dhuine faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe a bheith tionlactha ag duine eile a bhfuil sé ar a chumas an cúnamh a sholáthar, ar cúnamh é a cheanglaítear leis na ceanglais sábháilteachta is infheidhme a bhunaítear leis an dlí idirnáisiúnta, le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta nó arna mbunú ag na húdaráis inniúla, ba cheart don duine tionlacain taisteal saor in aisce. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith ailínithe leis na cearta atá ann cheana i modhanna iompair iarnróid, bus agus cóiste agus uisce‑iompair san Aontas. Ina theannta sin, má dhéantar faisnéis a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i bhformáidí inrochtana, ba cheart í a sholáthar i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme amhail na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882.
(18)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, is é sin cearta aerphaisinéirí, paisinéirí iarnróid, bus agus cóiste agus uisce‑iompair a fhorfheidhmiú go héifeachtach, agus, de bharr an ghá atá leis go mbeidh na rialacha céanna ann laistigh den mhargadh aonair, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
(19)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na foirmeacha coiteanna a ghlacadh le haghaidh iarrataí ar aisíocaíocht agus cúiteamh.
(20)Leis an Rialachán seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 21, 26, 38 agus 47 a bhaineann, faoi seach, le toirmeasc ar idirdhealú de chineál ar bith, lánpháirtíocht daoine faoi mhíchumas, ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a áirithiú, agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil.
(21)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle () agus thug sé tuairim an [ ],
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 261/2004
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 mar a leanas:
(1)in Airteagal 2, cuirtear an sainmhíniú seo a leanas isteach:
‘(z) ciallaíonn ‘idirghabhálaí’ aon díoltóir ticéad, eagraí nó miondíoltóir mar a shainmhínítear i bpointí (8) agus (9) faoi seach d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/2302 seachas iompróir.’;
(2)cuirtear an tAirteagal 8a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 8a
Aisíocaíocht i gcás inar cuireadh an ticéad in áirithe trí idirghabhálaí
1.
I gcás inar cheannaigh an paisinéir ticéad trí idirghabhálaí, féadfaidh an t‑aeriompróir oibriúcháin an aisíocaíocht dá dtagraítear in Airteagal 8(1) pointe (a) a dhéanamh tríd an idirghabhálaí sin i gcomhréir leis an Airteagal seo.
2. Cuirfidh an t‑idirghabhálaí agus an t‑aeriompróir an paisinéir ar an eolas maidir leis an bpróiseas aisíocaíochta dá ndéantar foráil san Airteagal seo ar bhealach atá soiléir, cuimsitheach agus inrochtana go héasca tráth na háirithinte agus ar dheimhniú na háirithinte.
3.
Beidh aisíocaíocht tríd an idirghabhálaí saor in aisce le haghaidh paisinéirí agus na bpáirtithe uile eile lena mbaineann.
4.
Luafaidh an t‑aeriompróir go poiblí, ar bhealach atá soiléir, cuimsitheach agus inrochtana go héasca, cé acu a chomhaontaíonn nó nach gcomhaontaíonn sé le haisíocaíochtaí a phróiseáil trí idirghabhálaithe, agus cé na hidirghabhálaithe lena nglacann sé leis déanamh amhlaidh.
5.
Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas i gcás aisíocaíochta trí idirghabhálaithe a d’íoc an t‑aeriompróir le haghaidh ticéad óna gcuntais féin:
(a)
aisíocfaidh an t‑aeriompróir an t‑idirghabhálaí laistigh de 7 lá, in idirbheart amháin tríd an modh íocaíochta céanna a úsáideadh tráth na háirithinte, agus an íocaíocht á nascadh leis an tagairt áirithinte bhunaidh. Tosóidh an tréimhse 7 lá an dáta a roghnaíonn an paisinéir aisíocaíocht a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8 (1) (a), an chéad fhleasc. Aisíocfaidh an t‑idirghabhálaí an paisinéir tríd an modh íocaíochta bunaidh, ar a dhéanaí laistigh de 7 lá breise, agus cuirfidh sé an paisinéir agus an t‑aeriompróir ar an eolas maidir leis sin.
(b)
mura bhfaigheann an paisinéir an aisíocaíocht laistigh de 14 lá ón dáta a roghnaítear aisíocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 8 (1) (a), an chéad fhleasc, déanfaidh an t‑aeriompróir oibriúcháin teagmháil leis an bpaisinéir ar a dhéanaí an lá tar éis dhul in éag na tréimhse 14 lá chun na sonraí íocaíochta a fháil le haghaidh na haisíocaíochta. Ar na sonraí íocaíochta sin a fháil, aisíocfaidh an t‑aeriompróir oibriúcháin an paisinéir laistigh de 7 lá agus cuirfidh sé an paisinéir agus an t‑idirghabhálaí ar an eolas maidir leis sin.
6.
Leis an Airteagal seo ní dhéanfar difear d’aon oibleagáid de chuid aeriompróirí oibriúcháin faoi Threoir (AE) 2015/2302.’;
(3)cuirtear an tAirteagal 14a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 14a
Aistriú faisnéise
1.
Déanfar an fhaisnéis le haghaidh paisinéirí faoin Rialachán seo a sholáthar trí mheán leictreonach freisin, i gcás inar féidir go teicniúil. I gcás ina soláthraítear faisnéis ar an modh sin, áiritheoidh aeriompróirí agus idirghabhálaithe gur féidir leis an bpaisinéir aon chomhfhreagras i scríbhinn a choimeád, lena n‑áirítear dáta agus am an chomhfhreagrais sin, ar mheán marthanach. Le gach modh cumarsáide cuirfear é ar a chumas don phaisinéir teagmháil a dhéanamh leo go tapa agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach.
2. I gcás nach bhfaigheann an paisinéir ticéad go díreach ón aeriompróir, ach trí idirghabhálaí, soláthróidh an t‑idirghabhálaí sin sonraí teagmhála an phaisinéara agus sonraí na háirithinte don aeriompróir. Ní fhéadfaidh an t‑aeriompróir na sonraí teagmhála sin a úsáid ach a mhéid is gá chun a oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le faisnéis, soláthar cúraim, aisíocaíocht, athródú agus cúiteamh faoin Rialachán seo agus chun oibleagáidí an aeriompróra a chomhlíonadh faoin dlí is infheidhme de chuid an Aontais maidir le sábháilteacht agus slándáil eitlíochta agus chun faisnéis a sholáthar do phaisinéirí maidir leis an aeriompróir i gcomhréir lena oibleagáidí faoi Chaibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.
3.
Scriosfaidh an t‑iompróir na sonraí teagmhála laistigh de 72 uair an chloig tar éis thabhairt i gcrích an chonartha iompair mura bhfuil bonn cirt leis na sonraí teagmhála a choinneáil a thuilleadh chun oibleagáidí a chomhlíonadh i leith cheart an phaisinéara chun athródú, aisíocaíochta nó cúitimh.
4.
I gcás ina bhfaigheann idirghabhálaí ticéad thar ceann paisinéara, cuirfidh an t‑idirghabhálaí an t‑aeriompróir ar an eolas tráth na háirithinte go bhfuil an ticéad curtha in áirithe aige mar idirghabhálaí. Soláthróidh sé a shonraí teagmhála poist agus leictreonacha féin don aeriompróir. Má iarrann an t‑idirghabhálaí an fhaisnéis a fhaigheann an paisinéir ón aeriompróir a fháil chun a oibleagáidí a chomhlíonadh i gcomhréir le mír 2, cuirfidh sé an t‑aeriompróir ar an eolas maidir leis sin agus déanfaidh an t‑aeriompróir an fhaisnéis faoi mhír 2 a sholáthar go comhuaineach don idirghabhálaí agus don phaisinéir.
5.
Soláthróidh an t‑aeriompróir an fhéidearthacht don idirghabhálaí an fhaisnéis faoi mhíreanna 2 agus 4 a tharchur agus a iarraidh mar chuid den phróiseas áirithinte.’;
(4)cuirtear Airteagal 15a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 15a
Caighdeáin cáilíochta seirbhíse
1.
Bunóidh aeriompróirí caighdeáin cáilíochta seirbhíse agus cuirfidh siad chun feidhme córas bainistíochta cáilíochta chun cáilíocht seirbhíse a choinneáil ar bun. Leis na caighdeáin cáilíochta seirbhíse cumhdófar ar a laghad na míreanna a liostaítear in Iarscríbhinn II.
2.
Déanfaidh aeriompróirí faireachán ar a bhfeidhmíocht mar a léirítear sna caighdeáin cáilíochta seirbhíse. Foilseoidh siad tuarascáil maidir lena bhfeidhmíocht cáilíochta seirbhíse ar a suíomh gréasáin faoin [2 bhliain tar éis don Rialachán teacht chun bheith infheidhme], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin. Ní bheidh sonraí pearsanta sa tuarascáil sin.
3.
Bunóidh comhlachtaí bainistithe aerfoirt atá suite i mBallstát caighdeáin cáilíochta seirbhíse bunaithe ar na míreanna ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn II. Déanfaidh siad faireachán ar a bhfeidhmíocht de bhun na gcaighdeán sin agus soláthróidh siad rochtain ar an bhfaisnéis maidir lena bhfeidhmíocht do na húdaráis phoiblí náisiúnta, arna iarraidh sin.’;
(5)cuirtear an tAirteagal 16aa seo a leanas isteach:
‘Airteagal 16aa
Foirm choiteann le haghaidh iarrataí ar aisíocaíocht agus cúiteamh
1.
Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear foirm choiteann le haghaidh iarrataí ar chúiteamh agus aisíocaíocht faoi Airteagail 7 agus 8. Bunófar an fhoirm choiteann sin i bhformáid atá inrochtana ag daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38 (2) de Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
2.
Beidh an ceart ag paisinéirí a n‑iarrataí a chur isteach agus úsáid á baint as an bhfoirm choiteann dá dtagraítear i mír 1. Ní dhiúltóidh aeriompróirí oibriúcháin ná idirghabhálaithe iarraidh ar an bhforas nár úsáid an paisinéir an fhoirm sin, agus ar an bhforas sin amháin. Mura bhfuil iarraidh sách beacht, iarrfaidh an t‑iompróir ar an bpaisinéir an iarraidh a shoiléiriú agus tabharfaidh sé cúnamh don phaisinéir le linn déanamh amhlaidh.
3.
Soláthróidh aeriompróirí agus idirghabhálaithe mionsonraí ar a suíomh gréasáin amhail seoladh ríomhphoist, a bhféadfar iarrataí faoi mhír 1 a sheoladh chuige trí mheán leictreonach. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin i gcás inarb ann cheana do mheáin leictreonacha chumarsáide eile lenar féidir le paisinéirí aisíocaíocht nó cúiteamh a iarraidh, amhail foirm ar shuíomh gréasáin nó feidhmchláir mhóibíleacha, ar choinníoll go dtairgtear leis na meáin sin an rogha agus an fhaisnéis a leagtar amach san fhoirm choiteann agus go bhfuil siad ar fáil i dteanga oifigiúil den Aontas agus sa teanga a nglactar léi go hidirnáisiúnta sa réimse sin. Le linn na meáin sin a úsáid, ní chuirfear cosc ar phaisinéirí faisnéis a sholáthar in aon cheann de theangacha an Aontais.
4.
Cuirfidh an Coimisiún an fhoirm choiteann ar fáil i dteangacha uile an Aontais ar a shuíomh gréasáin. Áiritheoidh an comhlacht nó na comhlachtaí arna ainmniú nó arna n‑ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagail 16(1) agus 16a(3) go mbeidh rochtain ag paisinéirí ar an bhfoirm choiteann.
(6)cuirtear na hAirteagail 16ba, 16bb agus 16bc seo a leanas isteach:
‘Airteagal 16ba
Cuir chuige rioscabhunaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le cearta paisinéirí
1.
Forbróidh na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta clár faireacháin ar chomhlíontacht chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht aeriompróirí, comhlachtaí bainistithe aerfoirt agus idirghabhálaithe leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo ar bhonn measúnú riosca. Leis an gclár déanfar foráil maidir le neamhchomhlíontacht athfhillteach i gcur chun feidhme ceart paisinéirí a bhrath agus a cheartú. Leis an gclár faireacháin ar chomhlíontacht áireofar sampla ionadaíoch de ghníomhaíochtaí faireacháin.
2.
Beidh an measúnú riosca bunaithe ar mheasúnú fíorasach lena gcuirtear san áireamh gearáin arna ndéanamh ag paisinéirí chuig na comhlachtaí sin, i gcás ina bhfuil fáil orthu, chomh maith le torthaí na ngníomhaíochtaí faireacháin arna ndéanamh ag na comhlachtaí sin, faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16bb (1) agus (3), agus foinsí eile faisnéise a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar chríoch an Bhallstáit ábhartha.
3.
Déanfar an measúnú riosca den chéad uair faoin 30 Meitheamh XXXX [1 bhliain amháin tar éis don Rialachán teacht chun bheith infheidhme], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.
4.
Beidh gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht bunaithe ar an measúnú ar rioscaí agus déanfar iad trí bhíthin iniúchtaí, cigireachtaí, agallamh, fíorúchán agus scrúdú ar dhoiciméid de réir mar is iomchuí. Orthu sin áireofar gníomhaíochtaí a fógraíodh agus gníomhaíochtaí nár fógraíodh araon. Beidh na gníomhaíochtaí faireacháin comhréireach leis na rioscaí a sainaithníodh.
5.
Áiritheoidh comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta ceartúchán tapa ar neamhchomhlíontacht aeriompróirí, comhlachtaí bainistithe aerfoirt agus idirghabhálaithe mar a sainaithníodh le linn a ngníomhaíochtaí faireacháin. Ceanglóidh siad ar iompróirí plean gníomhaíochta a chur isteach chun go leigheasfar neamhchomhlíontacht, de réir mar is iomchuí.
6.
An clár faireacháin ar chomhlíontacht faoi mhír 1, an measúnú riosca faoi mhír 2 chomh maith lena dtorthaí, cuirfear in iúl don Choimisiún iad faoin 30 Meitheamh XXXX [2 bhliain tar éis don Rialachán teacht chun bheith infheidhme], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.
Airteagal 16bb
Comhroinnt faisnéise le comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta
1.
Soláthróidh iompróirí na doiciméid agus an fhaisnéis ábhartha do na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta arna iarraidh sin dóibh gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh de 1 mhí amháin ón iarraidh a fháil.
2.
I gcásanna casta, féadfaidh an comhlacht forfheidhmithe náisiúnta síneadh 3 mhí ar a mhéad ón iarraidh a fháil a chur leis an tréimhse sin.
3.
Agus a bhfeidhmeanna á ndéanamh ag na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta, cuirfidh siad san áireamh an fhaisnéis a chuir an comhlacht a ainmníodh chun gearáin a láimhseáil faoina mbráid, más comhlacht éagsúil é sin.
Airteagal 16bc
Faisnéis maidir le réiteach malartach díospóidí arna dhéanamh ag comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta
An comhlacht forfheidhmithe náisiúnta a ndéanann an paisinéir gearán chuige, nó aon chomhlacht eile arna ainmniú ag Ballstát chun na críche sin, cuirfidh sé an gearánach ar an eolas maidir lena cheart chun dul i dteagmháil le comhlachtaí um réiteach malartach díospóidí chun sásamh aonair a lorg.’;
(7)Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo cuirtear isteach í Iarscríbhinn II.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 mar a leanas:
(1)in Airteagal 4 (2), cuirtear an abairt seo a leanas leis:
‘Aeriompróirí, a ngníomhairí nó tionscnóir turas áiritheoidh siad nó sé go dtaistealóidh duine tionlacain den sórt sin saor in aisce agus, i gcás inarb indéanta, go suífidh sé in aice leis an duine faoi mhíchumas nó leis an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe.’;
(2)cuirtear an tAirteagal 10a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 10a
Caighdeáin cáilíochta seirbhíse le haghaidh aeriompróirí
1.
Bunóidh aeriompróirí caighdeáin cáilíochta seirbhíse agus cuirfidh siad chun feidhme córas bainistíochta cáilíochta chun cáilíocht seirbhíse a choinneáil ar bun. Leis na caighdeáin cáilíochta seirbhíse cumhdófar ar a laghad na míreanna a liostaítear in Iarscríbhinn III.
2.
Déanfaidh aeriompróirí faireachán ar a bhfeidhmíocht mar a léirítear sna caighdeáin cáilíochta seirbhíse. Foilseoidh siad tuarascáil maidir lena bhfeidhmíocht cáilíochta seirbhíse ar a suíomh gréasáin faoin [2 bhliain tar éis don Rialachán teacht chun bheith infheidhme], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin. Ní bheidh sonraí pearsanta sa tuarascáil sin.’
(3)cuirtear na hAirteagail 14a go 14d seo a leanas isteach:
‘Airteagal 14a
Cuir chuige rioscabhunaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le cearta paisinéirí
1.
Na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 14(1) forbróidh siad clár faireacháin ar chomhlíontacht chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht aeriompróirí, comhlachtaí bainistithe aerfoirt agus tionscnóirí turas leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo ar bhonn measúnú riosca. Leis an gclár déanfar foráil maidir le neamhchomhlíontacht athfhillteach i gcur chun feidhme ceart paisinéirí a bhrath agus a cheartú. Leis an gclár faireacháin ar chomhlíontacht áireofar sampla ionadaíoch de ghníomhaíochtaí faireacháin.
2.
Beidh an measúnú riosca bunaithe ar mheasúnú fíorasach lena gcuirtear san áireamh gearáin arna ndéanamh ag paisinéirí chuig na comhlachtaí sin, i gcás ina bhfuil fáil orthu, chomh maith le torthaí na ngníomhaíochtaí faireacháin arna ndéanamh ag na comhlachtaí sin, faisnéis dá dtagraítear in Airteagail 10a agus 14b (1) agus (3), agus foinsí eile faisnéise a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar chríoch an Bhallstáit ábhartha.
3.
Déanfar an measúnú riosca den chéad uair faoin 30 Meitheamh XXXX [1 bhliain amháin tar éis don Rialachán teacht chun bheith infheidhme], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.
4.
Beidh gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht bunaithe ar an measúnú ar rioscaí agus déanfar iad trí bhíthin iniúchtaí, cigireachtaí, agallamh, fíorúchán agus scrúdú ar dhoiciméid de réir mar is iomchuí. Orthu sin áireofar gníomhaíochtaí a fógraíodh agus gníomhaíochtaí nár fógraíodh araon. Beidh na gníomhaíochtaí faireacháin comhréireach leis na rioscaí a sainaithníodh.
5.
Áiritheoidh comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta ceartúchán tapa ar neamhchomhlíontacht aeriompróirí, comhlachtaí bainistithe aerfoirt agus tionscnóirí turas mar a sainaithníodh le linn a ngníomhaíochtaí faireacháin. Ceanglóidh siad ar aeriompróirí, comhlachtaí bainistithe aerfoirt agus tionscnóirí turas plean gníomhaíochta a chur isteach chun go leigheasfar neamhchomhlíontacht, de réir mar is iomchuí.
6.
An clár faireacháin ar chomhlíontacht faoi mhír 1, an measúnú riosca faoi mhír 2 chomh maith lena dtorthaí, cuirfear in iúl don Choimisiún iad faoin 30 Meitheamh XXXX [2 bhliain tar éis don Rialachán teacht chun bheith infheidhme], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.
Airteagal 14b
Comhroinnt faisnéise le comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta
1.
Aeriompróirí, comhlachtaí bainistithe aerfoirt agus tionscnóirí turas soláthróidh siad na doiciméid agus an fhaisnéis ábhartha do na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta arna iarraidh sin dóibh gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh de 1 mhí amháin ón iarraidh a fháil.
2.
I gcásanna casta, féadfaidh an comhlacht forfheidhmithe náisiúnta síneadh 3 mhí ar a mhéad ón iarraidh a fháil a chur leis an tréimhse sin.
3.
Agus a fheidhmeanna á dhéanamh aige, cuirfidh an comhlacht a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 14(1) san áireamh an fhaisnéis a chuir an comhlacht a ainmníodh chun gearáin a láimhseáil faoina bhráid, más comhlacht éagsúil é sin.
Airteagal 14c
Faisnéis maidir le réiteach malartach díospóidí arna dhéanamh ag comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta
An comhlacht forfheidhmithe náisiúnta a ndéanann an paisinéir gearán chuige, nó aon chomhlacht eile arna ainmniú ag Ballstát chun na críche sin faoi Airteagal 15(2), cuirfidh sé an gearánach ar an eolas maidir lena cheart chun dul i dteagmháil le comhlachtaí um réiteach malartach díospóidí chun sásamh aonair a lorg.
Airteagal 14d
Comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún
1.
Seolfaidh na Ballstáit faisnéis ábhartha go tráthrialta chuig an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus cuirfidh sé an fhaisnéis seo ar fáil i bhfoirm leictreonach do na Ballstáit eile.
2.
Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta imscrúdú ar chleachtais amhrasta shonracha maidir le neamhchomhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, ar neamhchomhlíontacht í ó aeriompróir, comhlacht bainistithe aerfoirt agus tionscnóir turas amháin nó roinnt díobh agus tuairisceoidh siad a dtorthaí chuig an gCoimisiún laistigh de 4 mhí ón iarraidh a fháil.
(4)cuirtear an tAirteagal 16a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 16a
Coiste na gCeart Paisinéirí
1.
Beidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle de chúnamh ag an gCoimisiún.
2.
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’;
(5)Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirtear isteach mar Iarscríbhinn III í.
Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 mar a leanas:
(1)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. I gcás ina gcealaítear imeacht seirbhíse paisinéara nó cúrsála, nó i gcás ina gcuirtear moill air sin, déanfaidh an t‑iompróir, nó, i gcás inarb iomchuí, an t‑oibreoir calafoirt na paisinéirí a bheidh ag imeacht ó chríochfoirt chalafoirt nó, más féidir, na paisinéirí a bheidh ag imeacht ó chalafoirt a chur ar an eolas maidir leis an staid agus lena gcearta paisinéirí faoin Rialachán seo a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 30 nóiméad tar éis thráth sceidealaithe an imeachta, agus cuirfidh sé iad ar an eolas freisin maidir leis an am imeachta measta agus leis an am teachta measta a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil.’;
(b)cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘4. An fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhíreanna 1 agus 2 soláthrófar í trí mheán leictreonach do na paisinéirí uile, laistigh den teorainn ama a shonraítear i mír 1, má chomhaontaigh an paisinéirí leis sin agus má sholáthair sé na sonraí teagmhála is gá don iompróir nó, i gcás inarb iomchuí, don oibreoir críochfoirt, agus an ticéad á cheannach.’;
(2)cuirtear an tAirteagal 19a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 19a
Foirm choiteann le haghaidh iarrataí ar aisíocaíocht agus cúiteamh
1.
Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear foirm choiteann le haghaidh iarrataí ar aisíocaíocht agus cúiteamh faoi Airteagail 18 agus 19. Bunófar an fhoirm choiteann sin i bhformáid atá inrochtana ag daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38 (2) de Rialachán (AE) 2021/782.
2.
Beidh an ceart ag na paisinéirí a n‑iarrataí a chur isteach agus úsáid á baint as an bhfoirm choiteann dá dtagraítear i mír 1. Ní dhiúltóidh iompróirí iarraidh ar aisíocaíocht ná cúiteamh ar an bhforas nár bhain an paisinéir úsáid as an bhfoirm sin, agus ar an bhforas sin amháin. Mura bhfuil iarraidh sách beacht, iarrfaidh na hiompróirí ar an bpaisinéir an iarraidh a shoiléiriú agus tabharfaidh siad cúnamh don phaisinéir le linn déanamh amhlaidh.
3.
Beidh meán leictreonach ag iompróirí ar a suíomh gréasáin, amhail seoladh ríomhphoist, a bhféadfar iarrataí faoi mhír 1 a sheoladh chuige. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin i gcás inarb ann cheana do mheáin leictreonacha chumarsáide eile lenar féidir le paisinéirí aisíocaíocht nó cúiteamh a iarraidh, amhail foirm ar shuíomh gréasáin nó feidhmchláir mhóibíleacha, ar choinníoll go dtairgtear leis na meáin sin an rogha agus an fhaisnéis a leagtar amach san fhoirm choiteann agus go bhfuil siad ar fáil i dteanga oifigiúil den Aontas agus sa teanga a nglactar léi go hidirnáisiúnta sa réimse sin. Le linn na meáin sin a úsáid, ní chuirfear cosc ar phaisinéirí faisnéis a sholáthar in aon cheann de theangacha an Aontais.
4.
Cuirfidh an Coimisiún an fhoirm choiteann ar fáil i dteangacha uile an Aontais ar a shuíomh gréasáin. Áiritheoidh an comhlacht nó na comhlachtaí arna ainmniú nó arna n‑ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 25(1) agus (3) go mbeidh rochtain ag paisinéirí ar an bhfoirm choiteann.’;
(3)Leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:
(a)leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i) cuirtear an abairt seo a leanas isteach roimh an gcéad abairt:
‘Le linn ticéid a dhíol le haghaidh seirbhísí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, iompróirí, díoltóirí ticéad, gníomhairí taistil, tionscnóirí turas agus oibreoirí críochfoirt, áiritheoidh siad, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, go soláthrófar faisnéis iomchuí agus chuimsitheach do phaisinéirí maidir lena gcearta faoin Rialachán seo.’;
(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:
‘Iompróirí, oibreoirí críochfoirt agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis chalafoirt, áiritheoidh siad freisin, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, go mbeidh faisnéis maidir le cearta paisinéirí faoin Rialachán seo ar fáil go poiblí ar bord long, i gcalafoirt, más féidir, agus i gcríochfoirt chalafoirt.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
‘3. Iompróirí, oibreoirí críochfoirt agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis chalafoirt, déanfaidh siad paisinéirí ar bord long, i gcalafoirt, más féidir, agus i gcríochfoirt chalafoirt, a chur ar an eolas ar bhealach iomchuí maidir lena sonraí teagmhála agus sonraí teagmhála an chomhlachta forfheidhmithe arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 25(1).’;
(4)cuirtear an tAirteagal 23a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 23a
Modhanna cumarsáide le paisinéirí
An fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 16, 22 agus 23 soláthrófar í ar an bhformáid is iomchuí, i gcás inar féidir go teicniúil trí mheán leictreonach.
I gcás ina soláthraítear faisnéis trí mheán leictreonach cumarsáide, áiritheoidh iompróirí, oibreoirí críochfoirt, údaráis chalafoirt, gníomhairí taistil, tionscnóirí turas agus díoltóirí ticéad gur féidir leis an bpaisinéir aon chomhfhreagras i scríbhinn a choimeád, lena n‑áirítear dáta agus am an chomhfhreagrais sin, ar mheán marthanach. Le gach modh cumarsáide cuirfear é ar a chumas don phaisinéir teagmháil a dhéanamh leo go tapa agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtúil.’;
(5)cuirtear isteach an tAirteagal 24a seo a leanas:
‘Airteagal 24a
Caighdeáin cáilíochta seirbhíse
1.
Bunóidh aeriompróirí caighdeáin cáilíochta seirbhíse agus cuirfidh siad chun feidhme córas bainistíochta cáilíochta chun cáilíocht seirbhíse a choinneáil ar bun. Leis na caighdeáin cáilíochta seirbhíse cumhdófar ar a laghad na míreanna a liostaítear in Iarscríbhinn V.
2.
Déanfaidh iompróirí faireachán ar a bhfeidhmíocht mar a léirítear sna caighdeáin cáilíochta seirbhíse. Foilseoidh siad tuarascáil maidir lena bhfeidhmíocht cáilíochta seirbhíse ar an idirlíon faoin [2 bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin. Ní bheidh sonraí pearsanta sa tuarascáil sin.
3.
Bunóidh oibreoirí críochfoirt caighdeáin cáilíochta seirbhíse bunaithe ar na míreanna ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn V. Déanfaidh siad faireachán ar a bhfeidhmíocht de bhun na gcaighdeán sin agus soláthróidh siad rochtain ar an bhfaisnéis maidir lena bhfeidhmíocht do na húdaráis phoiblí náisiúnta, arna iarraidh sin.’;
(6)cuirtear na hAirteagail 25a, 25b agus 25c seo a leanas isteach:
‘Airteagal 25a
Cuir chuige rioscabhunaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le cearta paisinéirí
1.
Forbróidh na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta clár faireacháin ar chomhlíontacht chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht iompróirí, oibreoirí críochfoirt, údarás calafoirt, gníomhairí taistil, tionscnóirí turas agus díoltóirí ticéad leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo ar bhonn measúnú riosca. Leis an gclár déanfar foráil maidir le neamhchomhlíontacht athfhillteach i gcur chun feidhme ceart paisinéirí a bhrath agus a cheartú. Leis an gclár faireacháin ar chomhlíontacht áireofar sampla ionadaíoch de ghníomhaíochtaí faireacháin.
2.
Beidh an measúnú riosca bunaithe ar mheasúnú fíorasach lena gcuirtear san áireamh gearáin arna ndéanamh ag paisinéirí chuig na comhlachtaí sin, i gcás ina bhfuil fáil orthu, chomh maith le torthaí na ngníomhaíochtaí faireacháin arna ndéanamh ag na comhlachtaí sin, faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 25b(1) agus (3), agus foinsí eile faisnéise a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar chríoch an Bhallstáit ábhartha.
3.
Déanfar an measúnú riosca den chéad uair faoin 30 Meitheamh XXXX [1 bhliain amháin tar éis don Rialachán teacht chun bheith infheidhme], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.
4.
Beidh gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht bunaithe ar an measúnú ar rioscaí agus déanfar iad trí bhíthin iniúchtaí, cigireachtaí, agallamh, fíorúchán agus scrúdú ar dhoiciméid de réir mar is iomchuí. Orthu sin áireofar gníomhaíochtaí a fógraíodh agus gníomhaíochtaí nár fógraíodh araon. Beidh na gníomhaíochtaí faireacháin comhréireach leis na rioscaí a sainaithníodh.
5.
Áiritheoidh comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta ceartúchán tapa ar neamhchomhlíontacht iompróirí, oibreoirí críochfoirt, údarás calafoirt, gníomhairí taistil, tionscnóirí turas agus díoltóirí ticéad, i gcás inarb infheidhme, mar a sainaithníodh le linn a ngníomhaíochtaí faireacháin. Ceanglóidh siad ar iompróirí plean gníomhaíochta a chur isteach chun go leigheasfar neamhchomhlíontacht, de réir mar is iomchuí.
6.
An clár faireacháin ar chomhlíontacht faoi mhír 1, an measúnú riosca faoi mhír 2 chomh maith lena dtorthaí, cuirfear in iúl don Choimisiún iad faoin 30 Meitheamh XXXX [2 bhliain tar éis don Rialachán teacht chun bheith infheidhme], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin. I gcás inarb infheidhme, áireofar iad sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 26.
Airteagal 25b
Comhroinnt faisnéise le comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta
1.
Iompróirí, oibreoirí críochfoirt agus údaráis chalafoirt, i gcás inarb infheidhme, soláthróidh siad doiciméid agus faisnéis ábhartha do chomhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta arna iarraidh sin dóibh gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh de 1 mhí amháin ón iarraidh a fháil.
2.
I gcásanna casta, féadfaidh an comhlacht forfheidhmithe náisiúnta síneadh 3 mhí ar a mhéad ón iarraidh a fháil a chur leis an tréimhse sin.
3.
Agus a bhfeidhmeanna á ndéanamh ag na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta, cuirfidh siad san áireamh an fhaisnéis a chuir an comhlacht a ainmníodh faoi Airteagal 25(3) chun gearáin a láimhseáil faoina mbráid, más comhlacht éagsúil é sin.
Airteagal 25c
Faisnéis maidir le réiteach malartach díospóidí arna dhéanamh ag comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta
An comhlacht forfheidhmithe náisiúnta a ndéanann an paisinéir gearán chuige, nó aon chomhlacht eile arna ainmniú ag Ballstát chun na críche sin faoi Airteagal 25(3), cuirfidh sé an gearánach ar an eolas maidir lena cheart chun dul i dteagmháil le comhlachtaí um réiteach malartach díospóidí chun sásamh aonair a lorg.’;
(7)cuirtear an tAirteagal 27a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 27a
Comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún
1.
Seolfaidh na Ballstáit faisnéis ábhartha go tráthrialta chuig an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus cuirfidh sé an fhaisnéis seo ar fáil i bhfoirm leictreonach do na Ballstáit eile.
2.
Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta imscrúdú ar chleachtais amhrasta shonracha maidir le neamhchomhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, ar neamhchomhlíontacht í ó iompróir, oibreoir críochfoirt, údarás calafoirt, gníomhaire taistil, díoltóir ticéad agus tionscnóir turas amháin nó ó roinnt díobh agus tuairisceoidh siad a dtorthaí chuig an gCoimisiún laistigh de 4 mhí ón iarraidh a fháil.’;
(8)cuirtear an tAirteagal 28a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 28a
Coiste na gCeart Paisinéirí
1.
Beidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2021/782 de chúnamh ag an gCoimisiún.
2.
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’;
(9)Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirtear isteach mar Iarscríbhinn V í.
Airteagal 4
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 181/2011
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 mar a leanas:
(1)cuirtear an tAirteagal 19a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 19a
Foirm choiteann le haghaidh iarrataí ar aisíocaíocht agus cúiteamh
1.
Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear foirm choiteann le haghaidh iarrataí ar aisíocaíocht agus cúiteamh faoi Airteagal 19 den Rialachán seo. Bunófar an fhoirm choiteann sin i bhformáid atá inrochtana ag daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38 (2) de Rialachán (AE) 2021/782.
2.
Beidh an ceart ag na paisinéirí a n‑iarrataí a chur isteach agus úsáid á baint as an bhfoirm choiteann dá dtagraítear i mír 1. Ní dhiúltóidh iompróirí iarraidh ar aisíocaíocht ná cúiteamh ar an bhforas nár bhain an paisinéir úsáid as an bhfoirm sin, agus ar an bhforas sin amháin. Mura bhfuil iarraidh sách beacht, iarrfaidh an t‑iompróir ar an bpaisinéir an iarraidh a shoiléiriú agus tabharfaidh sé cúnamh don phaisinéir le linn déanamh amhlaidh.
3.
Beidh meán leictreonach ag iompróirí ar a suíomh gréasáin, amhail seoladh ríomhphoist, a bhféadfar iarrataí faoi mhír 1 a sheoladh chuige. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin i gcás inarb ann cheana do mheáin leictreonacha chumarsáide eile lenar féidir le paisinéirí aisíocaíocht nó cúiteamh a iarraidh, amhail foirm ar shuíomh gréasáin nó feidhmchláir mhóibíleacha, ar choinníoll go dtairgtear leis na meáin sin an rogha agus an fhaisnéis a leagtar amach san fhoirm choiteann agus go bhfuil siad ar fáil i dteanga oifigiúil den Aontas agus sa teanga a nglactar léi go hidirnáisiúnta sa réimse sin. Le linn na meáin sin a úsáid, ní chuirfear cosc ar phaisinéirí faisnéis a sholáthar in aon cheann de theangacha an Aontais.
4.
Cuirfidh an Coimisiún an fhoirm choiteann ar fáil i dteangacha uile an Aontais ar a shuíomh gréasáin. Áiritheoidh an comhlacht nó na comhlachtaí arna ainmniú nó arna n‑ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 28(1) agus (3) go mbeidh rochtain ag paisinéirí ar an bhfoirm choiteann.’;
(2)Leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. I gcás ina gcealaítear imeacht seirbhíse tráthrialta nó ina gcuirtear moill air sin, déanfaidh an t‑iompróir, nó, i gcás inarb iomchuí, an comhlacht bainistithe críochfoirt na paisinéirí a bheidh ag imeacht ó chríochfoirt a chur ar an eolas maidir leis an staid agus lena gcearta paisinéirí faoin Rialachán seo a luaithe is féidir agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 30 nóiméad tar éis thráth sceidealaithe an imeachta, agus cuirfidh sé iad ar an eolas freisin maidir leis an am imeachta measta agus leis an am teachta measta a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil.’;
(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. An fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhíreanna 1 agus 2 soláthrófar í freisin trí mheán leictreonach do na paisinéirí uile, lena n‑áirítear iad sin a bheidh ag imeacht ó stadanna bus, laistigh den teorainn ama a sholáthraítear i mír 1, má chomhaontaigh an paisinéir leis sin agus má sholáthair sé na sonraí teagmhála is gá don iompróir nó, i gcás inarb iomchuí, don chomhlacht bainistithe críochfoirt, agus an ticéad á cheannach.’;
(3)cuirtear ‘Rialacha ginearálta, cáilíocht na seirbhíse agus gearáin’ in ionad theideal Chaibidil V;
(4)Leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt, laistigh dá réimsí inniúlachta féin faoi seach, faisnéis leordhóthanach a sholáthar do phaisinéirí le linn dóibh a bheith ag taisteal, i bhformáidí atá inrochtana do chách agus sna teangacha céanna leis na teangacha ina gcuirtear faisnéis ar fáil de ghnáth do na paisinéirí uile.’;
(b)scriostar an dara habairt;
(5)in Airteagal 25, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Le linn ticéid a dhíol le haghaidh seirbhísí bus agus cóiste, déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, a áirithiú go soláthrófar an méid seo a leanas do phaisinéirí:
(a) faisnéis iomchuí agus chuimsitheach maidir lena gcearta agus lena n‑oibleagáidí faoin Rialachán seo,
(b) sonraí teagmhála iompróirí nó, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí bainistithe críochfoirt,
(c) sonraí teagmhála an chomhlachta forfheidhmithe nó na gcomhlachtaí forfheidhmithe arna ainmniú nó arna n‑ainmniú ag an mBallstát de bhun Airteagal 28(1).
Soláthrófar an fhaisnéis sin freisin trí mheán leictreonach más féidir lena n‑áirítear ag críochfoirt agus, i gcás inarb infheidhme, ar an idirlíon. Arna iarraidh sin do dhuine faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe soláthrófar an fhaisnéis, i gcás inar féidir, i bhformáid inrochtana.’;
(6)cuirtear isteach an tAirteagal 25a seo a leanas:
‘Airteagal 25a
Modhanna cumarsáide le paisinéirí
An fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 20, 24 agus 25(1) soláthrófar í san fhormáid is iomchuí, i gcás inar féidir go teicniúil trí mheán leictreonach.
I gcás ina soláthraítear faisnéis trí mheán leictreonach cumarsáide, áiritheoidh iompróirí, comhlachtaí bainistithe críochfoirt, díoltóirí ticéad, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas gur féidir leis an bpaisinéir aon chomhfhreagras i scríbhinn a choimeád, lena n‑áirítear dáta agus am an chomhfhreagrais sin, ar mheán marthanach. Le gach modh cumarsáide cuirfear é ar a chumas don phaisinéir teagmháil a dhéanamh leo go tapa agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtúil.’;
(7)cuirtear an tAirteagal 26a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 26a
Caighdeáin cáilíochta seirbhíse
1.
Bunóidh aeriompróirí caighdeáin cáilíochta seirbhíse agus cuirfidh siad chun feidhme córas bainistíochta cáilíochta chun cáilíocht seirbhíse a choinneáil ar bun. Leis na caighdeáin cáilíochta seirbhíse cumhdófar ar a laghad na míreanna a liostaítear in Iarscríbhinn III.
2.
Déanfaidh iompróirí faireachán ar a bhfeidhmíocht mar a léirítear sna caighdeáin cáilíochta seirbhíse. Foilseoidh siad tuarascáil maidir lena bhfeidhmíocht cáilíochta seirbhíse ar an idirlíon faoin [2 bhliain tar éis an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo chun bheith infheidhme], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin. Ní bheidh sonraí pearsanta sa tuarascáil sin.
3.
Bunóidh comhlachtaí bainistithe críochfoirt caighdeáin cáilíochta seirbhíse bunaithe ar na míreanna ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn III. Déanfaidh siad faireachán ar a bhfeidhmíocht de bhun na gcaighdeán sin agus soláthróidh siad rochtain ar an bhfaisnéis maidir lena bhfeidhmíocht do na húdaráis phoiblí náisiúnta, arna iarraidh sin.’;
(8)cuirtear na hAirteagail 28a, 28b agus 28c seo a leanas isteach:
‘Airteagal 28a
Cuir chuige rioscabhunaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le cearta paisinéirí
1.
Forbróidh na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta clár faireacháin ar chomhlíontacht chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht iompróirí, comhlachtaí bainistithe aerfoirt, gníomhairí taistil, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo ar bhonn measúnú riosca. Leis an gclár déanfar foráil maidir le neamhchomhlíontacht athfhillteach i gcur chun feidhme ceart paisinéirí a bhrath agus a cheartú. Leis an gclár faireacháin ar chomhlíontacht áireofar sampla ionadaíoch de ghníomhaíochtaí faireacháin.
2.
Beidh an measúnú riosca bunaithe ar mheasúnú fíorasach lena gcuirtear san áireamh gearáin arna ndéanamh ag paisinéirí chuig na comhlachtaí sin, i gcás ina bhfuil fáil orthu, chomh maith le torthaí na ngníomhaíochtaí faireacháin arna ndéanamh ag na comhlachtaí sin, faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 28b(1) agus (3), agus foinsí eile faisnéise a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar chríoch an Bhallstáit ábhartha.
3.
Déanfar an measúnú riosca den chéad uair faoin 30 Meitheamh XXXX [1 bhliain amháin tar éis don Rialachán teacht chun bheith infheidhme], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.
4.
Beidh gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht bunaithe ar an measúnú ar rioscaí agus déanfar iad trí bhíthin iniúchtaí, cigireachtaí, agallamh, fíorúchán agus scrúdú ar dhoiciméid de réir mar is iomchuí. Orthu sin áireofar gníomhaíochtaí a fógraíodh agus gníomhaíochtaí nár fógraíodh araon. Beidh na gníomhaíochtaí faireacháin comhréireach leis na rioscaí a sainaithníodh.
5.
Áiritheoidh comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta ceartúchán tapa ar neamhchomhlíontacht iompróirí, comhlachtaí bainistithe aerfoirt, gníomhairí taistil, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas mar a sainaithníodh le linn a ngníomhaíochtaí faireacháin. Ceanglóidh siad ar iompróirí plean gníomhaíochta a chur isteach chun go leigheasfar neamhchomhlíontacht, de réir mar is iomchuí.
6.
An clár faireacháin ar chomhlíontacht faoi mhír 1, an measúnú riosca faoi mhír 2 chomh maith lena dtorthaí, cuirfear in iúl don Choimisiún iad faoin 30 Meitheamh XXXX [2 bhliain tar éis don Rialachán teacht chun bheith infheidhme], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin. I gcás inarb infheidhme, áireofar iad sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 29.
Airteagal 28b
Comhroinnt faisnéise le comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta
1.
Soláthróidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt na doiciméid agus an fhaisnéis ábhartha do na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta arna iarraidh sin dóibh gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh de 1 mhí amháin ón iarraidh a fháil.
2.
I gcásanna casta, féadfaidh an comhlacht forfheidhmithe náisiúnta síneadh 3 mhí ar a mhéad ón iarraidh a fháil a chur leis an tréimhse sin.
3.
Agus a bhfeidhmeanna á ndéanamh ag na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta, cuirfidh siad san áireamh an fhaisnéis a chuir an comhlacht a ainmníodh faoi Airteagal 28(3) chun gearáin a láimhseáil faoina mbráid, más comhlacht éagsúil é sin.
Airteagal 28c
Faisnéis maidir le réiteach malartach díospóidí arna dhéanamh ag comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta
An comhlacht forfheidhmithe náisiúnta a ndéanann an paisinéir gearán chuige, nó aon chomhlacht eile arna ainmniú ag Ballstát chun na críche sin faoi Airteagal 28(3), cuirfidh sé an gearánach ar an eolas maidir lena cheart chun dul i dteagmháil le comhlachtaí um réiteach malartach díospóidí chun sásamh aonair a lorg.’;
(9)cuirtear an tAirteagal 30a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 30a
Comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún
1.
Seolfaidh na Ballstáit faisnéis ábhartha go tráthrialta chuig an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus cuirfidh sé an fhaisnéis seo ar fáil i bhfoirm leictreonach do na Ballstáit eile.
2.
Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta imscrúdú ar chleachtais amhrasta shonracha maidir le neamhchomhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, ar neamhchomhlíontacht í ó iompróir, comhlacht bainistithe críochfoirt, díoltóir ticéad, gníomhaire taistil agus tionscnóir turas amháin nó ó roinnt díobh agus tuairisceoidh siad a dtorthaí chuig an gCoimisiún laistigh de 4 mhí ón iarraidh a fháil.’;
(10)cuirtear an tAirteagal 31a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 31a
Coiste na gCeart Paisinéirí
1.
Beidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2021/782 de chúnamh ag an gCoimisiún.
2.
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’;
(11)Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirtear isteach mar Iarscríbhinn III í.
Airteagal 5
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/782
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/782 mar a leanas:
(1)cuirtear an tAirteagal 30a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 30a
Modhanna cumarsáide le paisinéirí
I gcás ina ndéantar faisnéis faoin Rialachán seo a sholáthar do phaisinéirí trí mheán leictreonach cumarsáide, áiritheoidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas gur féidir leis an bpaisinéir aon chomhfhreagras i scríbhinn a choimeád, lena n‑áirítear dáta agus am an chomhfhreagrais sin, ar mheán marthanach. Le gach modh cumarsáide cuirfear é ar a chumas don phaisinéir teagmháil a dhéanamh leo go tapa agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtúil.’;
(2)cuirtear an tAirteagal 32a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 32a
Cuir chuige rioscabhunaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le cearta paisinéirí
1.
Forbróidh na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta clár faireacháin ar chomhlíontacht chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht gnóthas iarnróid, bainisteoirí stáisiúin, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo ar bhonn measúnú riosca. Leis an gclár déanfar foráil maidir le neamhchomhlíontacht athfhillteach i gcur chun feidhme ceart paisinéirí a bhrath agus a cheartú. Leis an gclár faireacháin ar chomhlíontacht áireofar sampla ionadaíoch de ghníomhaíochtaí faireacháin.
2.
Beidh an measúnú riosca bunaithe ar mheasúnú fíorasach lena gcuirtear san áireamh gearáin arna ndéanamh ag paisinéirí chuig na comhlachtaí sin, i gcás ina bhfuil fáil orthu, chomh maith le torthaí na ngníomhaíochtaí faireacháin arna ndéanamh ag na comhlachtaí sin, faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 32(2), agus foinsí eile faisnéise a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar chríoch an Bhallstáit ábhartha.
3.
Déanfar an measúnú riosca den chéad uair faoin 30 Meitheamh XXXX [1 bhliain amháin tar éis don Rialachán teacht chun bheith infheidhme], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.
4.
Beidh gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht bunaithe ar an measúnú ar rioscaí agus déanfar iad trí bhíthin iniúchtaí, cigireachtaí, agallamh, fíorúchán agus scrúdú ar dhoiciméid de réir mar is iomchuí. Orthu sin áireofar gníomhaíochtaí a fógraíodh agus gníomhaíochtaí nár fógraíodh araon. Beidh na gníomhaíochtaí faireacháin comhréireach leis na rioscaí a sainaithníodh.
5.
Áiritheoidh comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta ceartúchán tapa ar neamhchomhlíontacht gnóthas iarnróid, bainisteoirí stáisiúin, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas mar a sainaithníodh le linn a ngníomhaíochtaí faireacháin. Ceanglóidh siad ar iompróirí plean gníomhaíochta a chur isteach chun go leigheasfar neamhchomhlíontacht, de réir mar is iomchuí.
6.
An clár faireacháin ar chomhlíontacht faoi mhír 1, an measúnú riosca faoi mhír 2 chomh maith lena dtorthaí, cuirfear in iúl don Choimisiún iad faoin 30 Meitheamh XXXX [2 bhliain tar éis don Rialachán teacht chun bheith infheidhme], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin. I gcás inarb infheidhme, áireofar iad sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 32(3).’;
(3)cuirtear an tAirteagal 34a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 34a
Comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún
1.
Seolfaidh na Ballstáit faisnéis ábhartha go tráthrialta chuig an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus cuirfidh sé an fhaisnéis seo ar fáil i bhfoirm leictreonach do na Ballstáit eile.
2.
Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta imscrúdú ar chleachtais amhrasta shonracha maidir le neamhchomhlíonadh na n‑oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo arna dhéanamh ag gnóthas iarnróid, bainisteoir bonneagair, bainisteoir stáisiúin, díoltóir ticéad agus tionscnóir turas amháin nó ag roinnt díobh agus tuairisceoidh siad a dtorthaí chuig an gCoimisiún laistigh de 4 mhí ón iarraidh a fháil.’.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón [1 bhliain amháin tar éis an teacht i bhfeidhm].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán