An Bhruiséil,29.11.2023

COM(2023) 752 final

2023/0436(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cearta paisinéirí i gcomhthéacs turas ilmhódach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2023) 392 final} - {SWD(2023) 386 final} - {SWD(2023) 387 final} - {SWD(2023) 389 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Leis an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste deimhnítear uaillmhian an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip laghdú 90 % ar astaíochtaí iompair a bhaint amach faoi 2050 1 . Iompar a dhéanamh inbhuanaithe, is príomhghné de sin é ilmhódúlacht éifeachtach a bhaint amach, inar féidir le paisinéirí ar mian leo achair fhada a thaisteal déanamh amhlaidh trí leas a bhaint as meascán de roinnt modhanna iompair chomhchoitinn, agus an modh is inbhuanaithe agus is éifeachtúla a úsáid le haghaidh gach céime den turas dá réir. Tá sé ríthábhachtach go gcosnófar paisinéirí feadh an bhealaigh, go háirithe le linn suaití taistil, chun tarraingteacht na dturas ilmhódach sin a fheabhsú. Thairis sin, mura soláthrófaí an chosaint sin, d’fhéadfadh an teip sin féin difear a dhéanamh d’fhás mhargadh an taistil ilmhódaigh, agus roghnódh roinnt paisinéirí taisteal sa charr seachas de mhodh iompair chomhchoitinn (toisc go measfaidís go bhfuil taisteal sa charr níos áisiúla agus gur fearr ar féidir brath air).

Leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste fógraíodh bearta chun neartú a dhéanamh ar an gcreat rialála um chearta paisinéirí. Sa chomhthéacs sin, bhreathnaigh sé gur cheart cearta paisinéirí AE a chur chun feidhme níos fearr agus a bheith níos soiléire i gcás iompróirí agus paisinéirí araon agus gur cheart dóibh cúnamh leormhaith, aisíocaíocht, cúiteamh i gcás ina dtarlóidh suaití, b’fhéidir, agus smachtbhannaí iomchuí mura gcuirtear na rialacha i bhfeidhm i gceart, a chur ar fáil. D’fhógair an Coimisiún go ndéanfaidh sé breithniú ar roghanna agus tairbhí chun creat ilmhódach um chearta paisinéirí a bheidh simplithe, níos comhsheasmhaí agus comhchuibhithe a thabhairt chun cinn.

Turais ilmhódacha is ea turais ina mbaineann paisinéirí leas as dhá mhodh iompair chomhchoitinn ar a laghad chun ceann scríbe deiridh a shroicheadh, amhail eitilt in éineacht le seirbhís iarnróid, nó seirbhís iarnróid in éineacht le seirbhís chóiste. Ar an gcéad dul síos, is é a bhíonn i gceist le taisteal ilmhódach de ghnáth taisteal le ticéid ar leithligh a cheannaíonn paisinéirí ceann ar cheann (ticéid ‘chatagóir C’). Ina theannta sin, déanann roinnt idirghabhálaithe na ticéid ar leithligh sin a chuachadh ina dtáirge ilmhódach ar a dtionscnamh féin agus a dhíol ar an gcaoi sin le paisinéirí in idirbheart tráchtála amháin (ticéid ‘chatagóir B’). Ar deireadh, cuireann líon teoranta iompróirí turais ilmhódacha ar fáil faoi chonradh iompair amháin (ticéad ‘chatagóir A’). Meastar go ndeachaigh 91 mhilliún paisinéir ar thurais ilmhódacha in 2019, agus tá coinne le méadú ar an líon sin go 103,6 milliún in 2030 agus 150,9 milliún in 2050. Arna sloinneadh mar sciar den líon iomlán paisinéirí, meastar go dtiocfaidh méadú ar an sciar paisinéirí ilmhódacha ó 0,7 % in 2019 go 0,8 % faoi 2050.

An lá inniu ann, cé go bhfuil cearta i gcás suaití taistil ag paisinéirí nach dtaistealaíonn ach de mhodh iompair chomhchoitinn amháin (i.e. taisteal d’aer, d’iarnród, de bhus nó de long) 2 , níl siad i dteideal na gceart céanna i gcás ina n‑aistreoidh siad chuig modh eile iompair mar chuid dá dturas. Tugtar le tuiscint leis sin nach bhfuil aon chreat soiléir ann ach oiread chun oibleagáidí agus dliteanas na soláthraithe seirbhíse taistil éagsúla atá páirteach i dturas ilmhódach, faoi seach, a chinneadh. Ní áirítear go ginearálta le creataí dlíthiúla náisiúnta ach oiread forálacha lena gcumhdaítear iompar ilmhódach. Ina theannta sin, tá na hárachais taistil a chuirtear ar fáil le haghaidh turais ilmhódacha fós teoranta. Dá bhrí sin, is ar théarmaí agus coinníollacha an chonartha shonraigh (na gconarthaí sonracha) iompair a bhraitheann cearta paisinéirí i gcomhthéacs turas ilmhódach.

Dá dheasca sin, tá easpa faisnéise ag paisinéirí maidir lena bhfuil i gceist lena gcearta roimh thaisteal ilmhódach agus lena linn agus ní thugtar faisnéis fíor‑ama dóibh maidir le suaití taistil a d’fhéadfadh a bheith ann ná foláirimh slándála nuair is gá dóibh aistriú ó mhodh amháin chuig modh eile. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go gcaithfear go difriúil leo, ó thaobh coinníollacha conarthacha agus taraifí le haghaidh turais ilmhódacha de, ar bhonn a náisiúntachta nó áit bhunaíochta an iompróra nó an idirghabhálaí. Ina theannta sin, ní fhaigheann na paisinéirí sin cúnamh (i.e. aisíocaíocht, athródú, cóiríocht, béilí agus sólaistí) le linn a dturais sa chás go dtarlóidh suaitheadh taistil agus iad ag athrú modhanna iompair. Thairis sin, is deacair do phaisinéirí gearán a dhéanamh le hiompróirí agus gníomhaithe eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha (e.g. oibreoirí críochfoirt, díoltóirí ticéad) faoin easpa faisnéise nó cúnaimh, agus níl sé soiléir dóibh cén t‑údarás náisiúnta ar cheart teagmháil a dhéanamh leis sna cásanna sin. Ó tharla nach ann d’údarás atá ainmnithe go sonrach chuige sin, tá neamhchinnteacht ann freisin maidir le forfheidhmiú an tsoláthair faisnéise agus cúnaimh do phaisinéirí le linn taisteal ilmhódach. Ar iarmhairtí na heaspa faisnéise agus cúnaimh do phaisinéirí agus iad ag athrú modhanna, tá go gcaillfidh saoránaigh naisc iompair agus airgead agus go ndéanfaidh siad cinntí a bheidh claonta i dtreo réitigh nach bhfuil chomh hinbhuanaithe/neamhdhíobhálach céanna don aeráid agus don chomhshaol.

Fágann an easpa rialacha maidir le turais ilmhódacha freisin nach bhfuil daoine faoi mhíchumas ná daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (PRM) i dteideal aon chúnaimh ar leith faoi dhlí an Aontais agus iad ag aistriú idir modhanna iompair, lena n‑áirítear ag pointí ceangail ilmhódacha amhail moil aeir‑iarnróid. In éagmais cúnamh den sórt sin, ní bheidh siad in ann tairbhiú de thuras saoráideach taistil mar a thairbhíonn paisinéirí eile.

Dá bhrí sin, is iad cuspóirí an togra seo na nithe seo a leanas a áirithiú:

neamh‑idirdhealú idir paisinéirí i ndáil le coinníollacha iompair agus soláthar ticéad;

faisnéis íosta agus chruinn a bheidh le soláthar do phaisinéirí i bhformáid inrochtana agus go tráthúil;

cearta paisinéirí i gcás suaití taistil, go háirithe i gcomhthéacs naisc a cailleadh idir modhanna iompair éagsúla;

neamh‑idirdhealú in aghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus cúnamh dóibh;

caighdeáin cháilíochta seirbhíse a shainiú agus faireachán a dhéanamh orthu;

gearáin a láimhseáil;

rialacha ginearálta maidir le forghníomhú.

Tá an tionscnamh seo ina chuid de Chlár Oibre an Choimisiúin 2023 faoi Iarscríbhinn II (tionscnaimh REFIT), faoin gceannteideal ‘Geilleagar a Fhóireann do Dhaoine’. 

 Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Le dlí an Aontais maidir le cearta paisinéirí, méadaítear cheana féin caighdeáin na cosanta do phaisinéirí agus iad ag taisteal d’aer, d’iarnród, d’uiscebhealaí mara agus intíre, agus de bhus agus de chóiste. Go sonrach, tá forálacha sna Rialacháin sin maidir le faisnéis agus cúnamh do phaisinéirí a bhfuil feidhm acu maidir le gach ceann de na modhanna iompair sin ar leithligh. Is é is aidhm don togra seo na rialacha sin atá ann cheana a chomhlánú trína áirithiú go mbeidh leibhéal comhchosúil cosanta ag paisinéirí i gcás ina n‑athróidh siad na modhanna iompair sin le linn turais.

Tá an togra seo comhsheasmhach leis an togra lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 261/2004, (CE) Uimh. 1107/2006, (AE) Uimh. 1177/20, (AE) Uimh. 181/2011 agus (AE) 2021/782 a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú ceart paisinéirí san Aontas 3 . Na rialacha sa Rialachán seo maidir le rialacha an Aontais i ndáil le cearta paisinéirí a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú níos fearr, tá siad ailínithe go hiomlán leis an Rialachán sin.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo comhsheasmhach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún maidir le Seirbhísí Faisnéise faoin Taisteal Ilmhódach (MMTIS) 4 . Leis an Rialachán seo ceanglaítear ar shealbhóirí sonraí (e.g. údaráis iompair, oibreoirí iompair agus bainisteoirí bonneagair) sonraí maidir le gréasáin iompair (lena n‑áirítear sonraí maidir le seirbhísí iompair amhail tráthchláir agus uaireanta oibriúcháin) a dhéanamh inrochtana d’úsáideoirí sonraí, trí phointí rochtana náisiúnta arna mbunú ag na Ballstáit, i gcás ina mbeidh na sonraí ar fáil i bhformáid mheaisín‑inléite dhigiteach. Tá sé comhsheasmhach freisin leis an togra le haghaidh an athbhreithnithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún 5 . Leis an athbhreithniú sin leathnaítear an ceanglas sin trí chineálacha sonraí dinimiciúla a chur leis de réir a chéile, ó mhí na Nollag 2025 go mí na Nollag 2028, amhail amanna teachta agus imeachta fíor‑ama. Tá tábhacht fhíor‑riachtanach leis sin le haghaidh an togra seo maidir le faisnéis fíor‑ama a sholáthar do phaisinéirí i ndáil le suaití taistil agus iad ag athrú modhanna. Tabharfaidh an leasú beartaithe ar Threoir ITS tuilleadh tacaíochta dó sin 6 . Leis an leasú sin ba cheart a áirithiú go gcumasaítear le feidhmchláir ITS i réimse an iompair ar bóthar comhtháthú saoráideach le modhanna iompair eile amhail soghluaisteacht iarnróid nó ghníomhach, agus aistriú chuig na modhanna sin á éascú dá réir aon uair is féidir, chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus inrochtaineacht.

Tá an togra seo comhsheasmhach freisin leis an Teachtaireacht maidir le spás coiteann Eorpach do shonraí soghluaisteachta (EMDS), lena leagtar amach an bealach beartaithe chun cinn chun spás coiteann Eorpach do shonraí soghluaisteachta a chruthú, lena n‑áirítear a chuspóirí, a phríomhghnéithe, a bhearta tacaíochta agus a gharspriocanna. Is é is cuspóir dó éascaíocht a dhéanamh do shonraí a rochtain, a chomhthiomsú agus a chomhroinnt, ar sonraí iad ó fhoinsí sonraí iompair agus soghluaisteachta atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo. 7 Maidir le faisnéis fíor‑ama a mhalartú i gcomhthéacs gnólacht le gnólacht, tá an togra seo ábhartha freisin i gcomhthéacs an togra le haghaidh Gníomh um Shonraí, lena dtugtar aghaidh ar ghnéithe tábhachtacha den chomhroinnt sonraí, amhail cúiteamh, réiteach díospóidí nó bearta cosanta teicniúla. 8 An togra maidir le creat um Chéannacht Dhigiteach Eorpach a bhunú, d’fhéadfadh ról a bheith aige freisin chun Tiachóga Céannachta Digití Eorpaí a thabhairt isteach. 9 I bhfianaise na dtairbhí atá ann i dtéarmaí slándála, áisiúlachta agus inrochtaineachta, ba cheart do na Ballstáit úsáid na dTiachóg Céannachta Digití Eorpaí a spreagadh chun críoch sainaitheantais agus fíordheimhniú i gcásanna iompair ilmhódaigh, rud a chabhródh go háirithe le daoine leochaileacha nó daoine faoi mhíchumas.

Thairis sin, na rialacha maidir le taisteal láneagraithe faoi Threoir (AE) 2015/2302 10 agus an togra chun é a athbhreithniú, 11 ba cheart a shoiléiriú go bhfuil siad comhsheasmhach leis an togra seo freisin. Cé go ndéileálann an dá cheann acu le taisteal, baineann siad le dhá mhargadh ar leithligh. Déileálann an togra seo – i gcomhréir leis an reachtaíocht atá ann cheana maidir le cearta paisinéirí agus leis an togra chun iad a leasú 12 – go heisiach le seirbhísí iompair paisinéirí (e.g. teaglaim de sheirbhís iarnróid agus bus), ach is é a chumhdaítear leis na rialacha maidir le taisteal láneagraithe teaglaim de sheirbhísí taistil éagsúla arna gcur ar fáil ag eagraí (e.g. turas láneagraithe lena gcomhcheanglaítear eitilt agus cóiríocht óstáin). Soiléirítear leis an togra seo freisin, i gcás ina n‑éireoidh ceart chun aisíocaíochta faoi Threoir (AE) 2015/2302, gur cheart feidhm a bheith aige sin in ionad an Rialacháin seo maidir le conarthaí ilmhódacha aonair. Thairis sin, sonraítear leis gur cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo i gcás ina ndéanfaidh eagraí seirbhísí iompair a chomhcheangal chun críche turais ilmhódaigh mar chuid de thuras láneagraithe.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí chun reachtaíocht an Aontais a bhaineann le comhbheartas iompair a ghlacadh. Thairis sin, de bhun Airteagal 100(2) CFAE, féadfaidh reachtóir an Aontais forálacha iomchuí a leagan síos maidir le muiriompar agus aeriompar. Tá an togra bunaithe ar Airteagal 91(1) agus Airteagal 100(2) CFAE.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Cearta paisinéirí maidir le taisteal d’aer, d’iarnród, de bhus agus de chóiste (i gcás turais fad‑achair) agus d’uiscebhealaí mara agus intíre, cumhdaítear iad cheana féin i ndlí an Aontais, 13 agus is é iompar paisinéirí uirbeach/gearr‑achair amháin atá fágtha laistigh de dhlínsí na mBallstát den chuid is mó. Leis an togra seo, féachtar le haghaidh a thabhairt ar an easpa ceart do phaisinéirí a thaistealaíonn agus meascán de na modhanna sin á úsáid acu. In éagmais comhchuibhiú ar na rialacha lena gcosnaítear paisinéirí le linn turais den sórt sin, bheadh ar iompróirí, idirghabhálaithe agus bainisteoirí moil ilmhódaigh oibriú faoi chórais dhifriúla. Bheadh paisinéirí faoi réir rialacha iomadúla agus ba dheacair dóibh fios a bheith acu faoina gcearta agus iad a éileamh. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh roinnt córas infheidhme maidir le conarthaí iompair le haghaidh turais ilmhódacha idir na Ballstáit. Ar na cúiseanna sin, ní bhainfí cuspóirí fíor‑riachtanacha an Aontais amach le rialacha náisiúnta, fiú dá nglacfaí leis go dtabharfaidís ardleibhéal cosanta do phaisinéirí, agus chuirfidís a mbaint amach ó rath fiú. Mar achoimre, is é is aidhm don togra seo aghaidh a thabhairt ar bhearna i reachtaíocht an Aontais a mbeadh an baol ann, dá bhfágfaí ann í ar an leibhéal náisiúnta, go gcruthófaí saobhadh nó éifeachtaí iarmharta diúltacha ionchasacha. 

Comhréireacht

Mar a shonraítear i gcaibidil 7 den Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo, ní théann aon cheann de na roghanna beartais thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí beartais foriomlána a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Léiríodh fianaise sa mheasúnú tionchair go bhfuil gá le bearta rialála chun cuspóir an tionscnaimh a bhaint amach, arb é a phríomhchuspóir go n‑áiritheofar leibhéal leordhóthanach cosanta do phaisinéirí i gcomhthéacs turas ilmhódach. Ba cheart na rialacha a leagtar síos leis an togra seo a chur i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach éifeachtach ar fud an Aontais Eorpaigh. Is cosúil gurb é rialachán a bheadh infheidhme go díreach an ionstraim is iomchuí chun cur chun feidhme comhleanúnach na mbeart atá beartaithe i ngach Ballstát a áirithiú, agus an riosca go ndéanfaí saobhadh laistigh den mhargadh aonair a laghdú, a d’fhéadfadh teacht as difríochtaí sa chaoi a ndéanann Ballstáit na ceanglais a thrasuí isteach sa dlí náisiúnta. Roghnaigh an tAontas Rialachán mar ionstraim dlí cheana féin chun cosaint a thabhairt do chearta paisinéirí a thaistealaíonn d’aer, d’iarnróid, de bhus agus de chóiste agus d’uiscebhealaí mara agus intíre.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ós rud é nach bhfuil aon reachtaíocht ann faoi láthair, ní dhearnadh aon mheastóireacht ex post ná aon seiceáil oiriúnachta.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

I gcás an mheasúnaithe tionchair, bailíodh aiseolas ó pháirtithe leasmhara trí mhodhanna éagsúla, lena n‑áirítear comhairliúchán poiblí oscailte agus comhairliúcháin spriocdhírithe a rinne conraitheoir seachtrach trí cheistneoirí ar líne, agallaimh agus ceardlanna. Lorgaíodh ionchur cáilíochtúil (tuairimí, barúlacha, moltaí) agus faisnéis chainníochtúil (sonraí, staidreamh) araon.

Ar na páirtithe leasmhara áiríodh rannpháirtithe ón tionscal, grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar phaisinéirí/tomhaltóirí, daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (PRManna), agus údaráis phoiblí, i.e. iad siúd dá ndéanann an beartas difear, iad siúd a chuireann i bhfeidhm é agus iad siúd a bhfuil leas dílsithe acu ann. 14 .

Gnéithe den fhadhb

‘Ní thugann na cearta atá ann cheana cosaint do phaisinéirí agus iad ag athrú modhanna iompair’: D’aontaigh 89 as 145 fhreagróir ar an gceistneoir spriocdhírithe go láidir nó rud beag go bhfuil an fhadhb tábhachtach, agus d’easaontaigh 26 fhreagróir go hiomlán nó rud beag. Iompróirí (le haghaidh gach modha) agus a mbrateagraíochtaí atá sna freagróirí deireanacha sin go príomha, a d’áitigh le linn na n‑agallamh agus na ceardlainne tiomnaithe go bhfuil sé róluath an earnáil a rialáil, toisc go bhféadfadh creat rialála a bheith suaiteach do thionscal tearcfhorbartha atá ag teacht chun cinn. Sa chomhairliúchán poiblí oscailte, d’aontaigh 70 % (117 as 166) de na freagróirí rud beag/go hiomlán go bhfuil an fhadhb tábhachtach. Mar fhreagra ar an nglao ar fhianaise, mhaígh eagraíocht paisinéirí amháin nach mór an deimhneacht go sroichfear an ceann scríbe a ráthú i gcónaí, fiú i gcás moilleanna tromchúiseacha agus gan beann ar an modh (na modhanna) iompair a úsáidtear.

‘Ní thugtar cúnamh do dhaoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (PRM) agus iad ag athrú modhanna iompair’: D’aontaigh 50 % (69 as 138) de na freagróirí gur fadhb thábhachtach í sin, d’easaontaigh 16 % (22 as 138) go láidir nó rud beag, bhí 14 % (19 as 138) neodrach ina leith agus níor chuir 20 % (28 as 138) aon tuairim in iúl. Sa chomhairliúchán poiblí oscailte, mheas 57 % (95 as 167) de na freagróirí gur fadhb thábhachtach í sin.

Cuspóirí beartais

D’aontaigh 71 % (101 as 143) de na freagróirí ar an gceistneoir spriocdhírithe leis an gcuspóir go mbeartófaí creat leormhaith rialacha chun cosaint a thabhairt do phaisinéirí a dhéileálann le suaití taistil agus iad ag aistriú ó mhodh iompair amháin go modh eile, agus d’easaontaigh 11 % (16 as 143) leis an gcuspóir sin. Sa chomhairliúchán poiblí oscailte, mheas 63 % (104 as 165) de na freagróirí go mbaineann ardleibhéal nó meánach‑ardleibhéal ábharthachta leis an gcuspóir, agus chreid 16 % (26 as 165) go bhfuil leibhéal íseal nó meánach‑íseal ábharthachta leis.

   Gníomhaíochtaí beartais

Chuir formhór na n‑eagraíochtaí tomhaltóirí a d’fhreagair an ceistneoir spriocdhírithe in iúl go dtacaíonn siad le beart reachtach chun a áirithiú go soláthróidh iompróirí agus díoltóirí ticéad faisnéis bhreise do phaisinéirí ilmhódacha. Léirigh na haerlínte agus a n‑eagraíochtaí ionadaíocha nárbh fhéidir iad a chur faoi cheangal dlí faisnéis a sholáthar ar faisnéis í nach mbíonn acu go minic (amanna naisc agus turais naisc) agus thug siad le fios nach bhfuil sé indéanta faisnéis fíor‑ama maidir le suaitheadh turais a sholáthar más trí dhíoltóir ticéad a chuir paisinéirí an taisteal in áirithe. Mhínigh brateagraíochtaí go méadódh an beart sin costais oibriúcháin mar gheall ar na nuashonruithe is gá a dhéanamh ar chórais TF a thacaíonn le socruithe áirithinte, go príomha, agus ar acmhainní breise a bhfuil gá leo chun an fhaisnéis ábhartha a shainaithint. Léirigh díoltóirí ticéad níos lú tacaíocht do sholáthar faisnéise fíor‑ama agus mhaígh siad nárbh fhéidir réiteach den sórt sin a dhéanamh ach amháin dá mbeadh oibleagáid ar iompróirí faisnéis a roinnt le hidirghabhálaithe.

A mhéid a bhaineann le ceart a thabhairt isteach do phaisinéirí go ndéanfaí iad a aisíoc nó a athródú i gcás ina gcuirtear isteach ar an taisteal, luaigh formhór na n‑eagraíochtaí paisinéirí a d’fhreagair an suirbhé spriocdhírithe go rannchuideodh an beart reachtach go láidir nó go han‑láidir leis, agus creideann tromlach beag iompróirí i gcás iompar d’iarnród, d’uiscebhealaí agus de bhus agus de chóiste nach rannchuideodh an beart reachtach ach go measartha nó rud beag leis sin. D’aontaigh beagnach gach idirghabhálaí a d’fhreagair an suirbhé spriocdhírithe go rannchuideodh an beart beartaithe go láidir leis, dá gcuirfí chun feidhme mar bheart reachtach é, agus ar choinníoll go mbeidh socruithe gnólacht le gnólacht ann agus a ndliteanais féin acu. A mhéid a bhaineann le pointe teagmhála aonair a thabhairt isteach le haghaidh PRManna ag moil ilmhódacha paisinéirí, chuir ionadaí PRM amháin i dtábhacht le linn na ceardlainne tiomnaithe go mbeadh roinnt mhaith saincheisteanna ann nár mhór cuimhneamh orthu chun ról/raon feidhme an Choiste um Chosaint Shóisialta (SPC) a shainiú, ós rud é go bhfuil cineálacha éagsúla cúnaimh ag teastáil ó PRManna, agus chuir sé in iúl gur ábhar imní dó an beart a bheith ina reachtaíocht bhog. Dúirt eagraíocht PRM amháin ar ar cuireadh agallamh go gcuideodh SPC go mór le PRManna cúnamh agus faisnéis ábhartha a fháil.    Luaigh 10 as 17 n‑aerlíne go rannchuideodh beart go láidir (go han‑láidir) leis. Le linn na ceardlainne, chuir aerlínte agus a mbrateagraíochtaí in iúl go dtacaíonn siad leis, ach chuir siad i dtábhacht a thábhachtaí atá sé bealaí soiléire cumarsáide a bhunú agus raon feidhme na seirbhísí atá le soláthar a shainiú. D’áitigh eagraíocht aerlínte amháin ar ar cuireadh agallamh gurb é SPC an t‑oibreoir críochfoirt ba cheart a bheith ann, mar atá i gcás aeriompair. Creideann 6 as 11 bhainisteoir bonneagair agus críochfoirt a d’fhreagair an suirbhé spriocdhírithe go rannchuideodh an beart go láidir (go han‑láidir) le gnóthú an chuspóra beartais.

Bailiú agus úsáid saineolais

Staidéar taiscéalaíoch

Rinne an Coimisiún staidéar taiscéalaíoch maidir le cearta paisinéirí sa chomhthéacs ilmhódach a foilsíodh in 2019. 15 Cuireadh torthaí an staidéir sin san áireamh, go háirithe maidir le sainaithint na mbearnaí dlíthiúla agus mhéid an mhargaidh do phaisinéirí ilmhódacha. Breathnaítear leis an staidéar go bhféadfadh bearnaí a bheith ann mar thoradh ar an gcur chuige modh‑dhírithe atá ag na cúig Rialachán atá ann cheana maidir le cearta paisinéirí agus, ar an iomlán, nach leordhóthanach mar a chumhdaítear cearta paisinéirí i gcomhthéacs ilmhódach. Is teorainn freisin í infhaighteacht sonraí i dtéarmaí raon feidhme na hanailíse agus a mionsonraí araon.

Measúnú tionchair

Bunaíodh an measúnú tionchair ar thaighde agus ar anailísí a rinne an Coimisiún. Rinne an Coimisiún conradh freisin le comhairleoir neamhspleách seachtrach chun tacú le cúraimí sonracha sa mheasúnú tionchair, i.e. an measúnú ar chostais agus tairbhí chomh maith leis an gcomhairliúchán poiblí oscailte agus an comhairliúchán spriocdhírithe (trí bhíthin agallamh agus ceardlann). Foilseofar an staidéar tacaíochta seachtraí in éineacht leis an togra seo.

Measúnú tionchair

Cuireadh tuarascáil ar an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 7 Meitheamh 2023. Ina dhiaidh sin, d’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach a raibh roinnt agús léi an 7 Iúil 2023. Go sonrach, shainaithin sé roinnt easnamh sa tuarascáil a bhaineann leis an tuairisc ar scála na faidhbe agus ar mhéid a hiarmhairtí; an tuairisc ar thairbhí na roghanna agus an measúnú ar chomhréireacht rogha na tosaíochta; chomh maith le cur síos ar na costais riaracháin agus choigeartaithe mar chuid den mheasúnú ‘Ceann Amháin Isteach, Ceann Amháin Amach’ 16 . Tugadh aghaidh ar na heasnaimh sin go léir sa tuarascáil deiridh ar an measúnú tionchair a thíolactar in éineacht leis an togra seo, go háirithe trí thuairisc fheabhsaithe ar mhéid an mhargaidh ilmhódaigh agus ar an teip mhargaidh atá ann faoi láthair maidir leis an bhfadhb a mhaolú; méid iarmhairtí na faidhbe i dtéarmaí easpa faisnéise agus cúnaimh le linn turais ilmhódacha; na tairbhí i dtéarmaí coigiltis costais do thomhaltóirí, d’iompróirí, d’idirghabhálaithe agus d’údaráis phoiblí náisiúnta; comparáid idir na roghanna, lena náirítear maidir le comhréireacht; agus aicmiú na gcostas aonuaire chun forálacha faisnéise fíor-ama a chur chun feidhme agus chun na córais chumarsáide a chomhtháthú le paisinéirí ilmhódacha mar chostais choigeartúcháin seachas mar chostais riaracháin.

Na bearta beartais a áirítear sna trí rogha beartais lena dtugtar aghaidh ar fhadhb 2 den mheasúnú tionchair seo (‘Cosaint paisinéirí a bheith neamh‑leordhóthanach le linn turais ilmhódacha’), déantar idirdhealú eatarthu de réir na dtrí chatagóir ticéad (A-B-C) a chuirtear i láthair thuas. Sa tábla thíos, tá forbhreathnú ar na roghanna beartais éagsúla agus na catagóirí ticéad éagsúla sin á gcur san áireamh.



Catagóir A

(Conradh aonair)

Catagóir B

(Ticéid ar leithligh arna gcomhcheangal agus arna ndíol ag an díoltóir ticéad)

Catagóir C

(Ticéid ar leithligh ar thionscnamh an phaisinéara féin)

PO 2.1

Faisnéis réamhcheannaigh

(PM B.1)

Buntacar ceart paisinéirí (PM B.3a)

Láimhseáil gearán de réir tionscail agus comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta

(PM B.7 & B.8)

Faisnéis réamhcheannaigh

(PM B.1)

Láimhseáil gearán de réir tionscail agus comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta

(PM B.7 & B.8)

Faisnéis réamhcheannaigh

(PM B.1)

Láimhseáil gearán de réir tionscail agus comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta

(PM B.7 & B.8)

PO 2.2

Faisnéis réamhcheannaigh

(PM B.1)

Faisnéis fíor‑ama

(PM B.2)

Buntacar ceart paisinéirí (PM B.3a)

Pointe Teagmhála Aonair

(PM B.5 & B.6)

Láimhseáil gearán de réir tionscail agus comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta

(PM B.7 & B.8)

Faisnéis réamhcheannaigh

(PM B.1)

Faisnéis fíor‑ama

(PM B.2)

Faisnéis maidir le cineál leithleach na dticéad

(PM B.4a)

Pointe Teagmhála Aonair

(PM B.5 & B.6)

Láimhseáil gearán de réir tionscail agus comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta

(PM B.7 & B.8)

Faisnéis réamhcheannaigh

(PM B.1)

Pointe Teagmhála Aonair

(PM B.5 & B.6)

Láimhseáil gearán de réir tionscail agus comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta

(PM B.7 & B.8)

PO 2.3

Faisnéis réamhcheannaigh

(PM B.1)

Faisnéis fíor‑ama

(PM B.2)

Tacar feabhsaithe ceart paisinéirí

(PM B.3b)

Pointe Teagmhála Aonair

(PM B.5 & B.6)

Láimhseáil gearán de réir tionscail agus comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta

(PM B.7 & B.8)

Faisnéis réamhcheannaigh

(PM B.1)

Faisnéis fíor‑ama

(PM B.2)

Faisnéis maidir le cineál leithleach na dticéad

(PM B.4b)

Pointe Teagmhála Aonair

(PM B.5 & B.6)

Láimhseáil gearán de réir tionscail agus comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta (PM B.7 & B.8)

Faisnéis réamhcheannaigh

(PM B.1)

Pointe Teagmhála Aonair

(PM B.5 & B.6)

Láimhseáil gearán de réir tionscail agus comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta

(PM B.7 & B.8)

Thángthas ar an gconclúid sa mheasúnú tionchair gurb í rogha beartais PO 2.2 an rogha beartais ab fhearr. Suíodh sa mheasúnú tionchair gurb í an rogha beartais is éifeachtúla agus is éifeachtaí í, toisc go n‑áirithíonn sí go mbeidh cothromaíocht idir éifeachtacht na hidirghabhála i dtaca le gnóthú an chuspóra go méadófar an chosaint do phaisinéirí (lena n‑áirítear PRM) i gcomhthéacs turas ilmhódach ar thaobh amháin, agus éifeachtúlacht i dtéarmaí costas don tionscal, ar an taobh eile, ina fhianaise go bhfuil an margadh sin á fhorbairt. Suíodh freisin gurb é PO 2.2 an beart is comhréirí agus is comhleanúnaí i dtéarmaí comhleanúnachais inmheánaigh agus sheachtraigh chomh maith.

Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

Leis an tionscnamh rannchuidítear le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDG) #10 An neamhionannas a laghdú laistigh de thíortha agus i measc tíortha (maidir le paisinéirí faoi mhíchumas agus a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe), #13 Gníomhú ar son na haeráide (le cearta paisinéirí feabhsaithe féadfar daoine a dhreasú chun níos mó iompar poiblí a úsáid seachas gluaisteáin phríobháideacha), agus #16 Rochtain ar an gceartas a chur ar fáil do chách agus institiúidí éifeachtacha, cuntasacha agus ionchuimsitheacha a thógáil (modhanna sásaimh feabhsaithe agus inrochtana do phaisinéirí agus uirlisí níos fearr don riarachán le haghaidh forfheidhmiú).



Seiceáil comhsheasmhachta aeráide

Tá an togra comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach agus le spriocanna 2030 agus 2050 ón Aontas agus rannchuidíonn sé le gnóthú SDG #13 Gníomhaíocht ar son na haeráide mar a luaitear thuas.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tá an tionscnamh seo ina chuid de Chlár Oibre an Choimisiúin 2023 faoi Iarscríbhinn II (tionscnaimh REFIT), faoin gceannteideal ‘Geilleagar a Fhóireann do Dhaoine’. Tá gné thábhachtach REFIT ag baint leis i dtéarmaí shimpliú na rialacha maidir le paisinéirí a thaistealaíonn i gcomhthéacs ilmhódach.

Go sonrach, tá acmhainn láidir simpliúcháin san fhaisnéis fheabhsaithe maidir leis an gcineál ticéid a dtaistealaíonn paisinéirí leis le linn turas ilmhódach. Faoi láthair, ní bheadh rochtain éasca acu ar an bhfaisnéis sin, dhá mbeadh rochtain acu uirthi in aon chor. Bheadh uirlisí sásaimh níos fearr ag paisinéirí ilmhódacha freisin trí bhíthin nósanna imeachta láimhseála gearán ar leibhéal an tionscail agus na n‑údarás náisiúnta araon, rud a dhéanfadh níos éasca dóibh a gcearta a dhearbhú. Maille le cearta méadaithe i gcás naisc a cailleadh idir seirbhísí iompair (aisíocaíocht nó athródú), comhfhreagraíonn sé sin do choigilteas costais ionchasach do phaisinéirí. I gcás PRM go háirithe, tá acmhainn thábhachtach éifeachtúlachta ann freisin a mhéid a bheadh ceart chun cúnaimh saor in aisce acu agus iad ag taisteal faoi chonradh ilmhódach amháin chomh maith leis an bhféidearthacht go bhfaighidís cúnamh comhordaithe agus iad ag aistriú ag moil ilmhódacha (Pointí Teagmhála Aonair), ar cás é inarb amhlaidh faoi láthair go mbeadh orthu roinnt iarrataí ar chúnamh a chur faoi bhráid iompróirí agus oibreoirí críochfoirt.

Bheadh ualach rialála i gceist leis an togra de réir riachtanais ó tharla nach bhfuil aon riail ann faoi láthair lena gcosnaítear paisinéirí atá ag dul ar thurais ilmhódacha. Tá toisc mhaolaitheach mhór sa chomhthéacs sin, áfach, go háirithe i gcás oibreoirí iompair, mar a gcuireann siad formhór na mbeart i bhfeidhm cheana féin i gcomhthéacs taistil laistigh d’aon mhodh iompair amháin (e.g. aisíocaíocht nó athródú, cúram, cúnamh do PRM) – is í an chuid den turas ina n‑athraíonn paisinéir modhanna iompair agus an chuid sin amháin nár cuireadh san áireamh go dtí seo. Ina theannta sin, bheadh iompróirí agus idirghabhálaithe a cháilíonn mar FBManna díolmhaithe ó na rialacha beartaithe maidir le faisnéis fíor‑ama a sholáthar (Airteagail 5 agus 6 den togra.)

Tá coinne leis go mbeidh an tionchar ar iomaíochas an Aontais nó ar an trádáil idirnáisiúnta neodrach den chuid is mó.

Cuirtear an timpeallacht dhigiteach san áireamh sa togra, go háirithe i ndáil le faisnéis fíor‑ama a sholáthar maidir le e.g. suaití agus moilleanna – a sheachadtar go hidéalach trí mhodhanna cumarsáide digiteacha freisin – agus na rialacha molta maidir le láimhseáil gearán, inar gá do chuideachtaí agus do chomhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta araon a áirithiú gur féidir le paisinéirí gearáin a chur isteach as líne agus ar líne araon. Cuimhnítear sa togra freisin ar láithreacht mhéadaithe gníomhairí taistil ar líne a bheadh toilteanach teaglaim de sheirbhísí iompair a chur ar fáil do phaisinéirí ionchasacha. Léirítear sin i dtéarmaí rialacha maidir le faisnéis taistil a chomhroinnt, agus freisin i dtéarmaí dliteanais idirghabhálaithe a dhíolann teaglaim ticéad le haghaidh seirbhísí iompair éagsúla.

Cearta bunúsacha

Ceanglaítear le hAirteagal 38 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go n‑áiritheoidh beartais an Aontais ardleibhéal cosanta tomhaltóirí. Le hAirteagal 26 den Chairt, éilítear lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas agus ceanglaítear ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun neamhspleáchas na ndaoine sin, a lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus a rannpháirtíocht i saol an phobail a áirithiú. Neartú a dhéanamh ar chearta paisinéirí a thaistealaíonn i gcomhthéacs ilmhódach san Aontas, méadóidh sé sin a thuilleadh an t‑ardleibhéal cosanta tomhaltóirí atá ann ar an iomlán.

An oibleagáid sonraí pearsanta paisinéirí a chomhroinnt, tá tionchar aici ar an gceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint faoi Airteagal 8 den Chairt. Tá an oibleagáid sin riachtanach agus comhréireach i bhfianaise an chuspóra a bhaineann lena áirithiú go gcosnaítear tomhaltóirí go héifeachtach i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chairt. Ina theannta sin, chun na héifeachtaí ar chosaint sonraí a mhaolú a thuilleadh, cuirtear coimircí cosanta sonraí chun feidhme, is é sin teorannú de réir cuspóra agus tréimhse shoiléir coinneála sonraí. Le forálacha breise den togra maidir le húsáid sonraí paisinéirí, rannchuidítear le hurramú an chirt go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint faoi Airteagal 8 den Chairt trí na sonraí pearsanta is féidir a úsáid chun críoch sonraithe (chun an paisinéir a chur ar an eolas, a aisíoc agus a athródú agus ar chúiseanna sábháilteachta agus slándála) agus na coinníollacha faoinar féidir iad a úsáid a leagan síos go soiléir.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon iarmhairt ag an togra maidir le buiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme agus éifeachtacht an tionscnaimh seo ar bhonn na dtáscairí dul chun cinn a luaitear i gCaibidil 9 den Mheasúnú Tionchair. 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta beartaithe, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar ar baineadh amach a cuspóirí.

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘hIomaíochas fadtéarmach an Aontais Eorpaigh: níos faide ar aghaidh ná 2030’ 17 , gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé ceanglais maidir le tuairisciú a chuíchóiriú agus a shimpliú gan an bonn a bhaint de na cuspóirí beartais gaolmhara. Tá an togra seo i gcomhréir leis na haidhmeanna sin. Cé go gcruthaíonn sé oibleagáid nua d’iompróirí a chuireann conarthaí ilmhódacha aonair ar fáil tuarascáil a fhoilsiú gach 2 bhliain maidir le cur chun feidhme a gcaighdeán cáilíochta seirbhíse agus eochairtháscairí feidhmíochta a bhaineann le cearta paisinéirí inti (e.g. naisc a cailleadh, láimhseáil gearán, comhar le hionadaithe daoine faoi mhíchumas), tá fíorghá leis na tuarascálacha sin chun faireachán a dhéanamh ar chearta paisinéirí agus iad a fhorfheidhmiú. Léirigh iompróirí sa chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara go mbailíonn siad na sonraí i gceist cheana, agus roghnaíodh minicíocht an tuairiscithe (gach 2 bhliain agus sin an méid) chun na costais a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart sin a choimeád íseal. I dteannta a bheith ina bhfoinse luachmhar faisnéise le haghaidh comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta nach bhfuil ach acmhainní teoranta acu chun a gcúraimí faireacháin agus forfheidhmiúcháin a dhéanamh, tabharfaidh na tuarascálacha sin caoi do phaisinéirí cinntí eolasacha a dhéanamh maidir leis an iompróir a roghnóidh siad bunaithe ar cháilíocht a bhfeidhmíochta agus d’fhéadfaidís iomaíocht idir iompróirí a spreagadh freisin bunaithe ar cháilíocht a bhfeidhmíochta. Ar an gcaoi chéanna, leis an oibleagáid ar chomhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta tuairisciú débhliantúil a dhéanamh ar bhearta a rinneadh chun cur i bhfeidhm an Rialacháin a áirithiú agus ar staidreamh ábhartha maidir le e.g. gearáin, thabharfaí caoi don Choimisiún cur chun feidhme an Rialacháin a fhíorú mar is cúram dó.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Faigheann struchtúr an Rialacháin spreagadh ó na Rialacháin atá ann cheana maidir le cearta paisinéirí, agus go háirithe ón rialachán is déanaí, is é sin Rialachán (AE) 2021/782 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid. Beidh na príomhchaibidlí seo a leanas ann:

Caibidil I: Forálacha ginearálta

I gCaibidil I tá forálacha ginearálta an Rialacháin lena sonraítear an t‑ábhar agus na cuspóirí, an raon feidhme agus na sainmhínithe. Ina theannta sin, leagtar amach cineál comhlántach an togra i dtaca le dlí an Aontais atá ann cheana maidir le cearta paisinéirí.

Caibidil II: Conarthaí iompair agus faisnéis

I gCaibidil II tá forálacha maidir le conarthaí iompair agus faisnéis do phaisinéirí atá le tabhairt ag iompróirí, idirghabhálaithe agus bainisteoirí moil ilmhódaigh. Tugtar tuairisc léi ar an bhfaisnéis atá le tabhairt do phaisinéirí roimh a dturas agus lena linn (i bhfíor‑am), agus na módúlachtaí le haghaidh malartú agus comhair i dtaobh an ábhair sin idir na cineálacha difriúla gnóthas a bhfuil baint acu leis.

Caibidil III: Dliteanas i gcás ina gcailltear naisc

I gCaibidil III tá forálacha maidir le cúnamh do phaisinéirí (aisíocaíocht, athródú, cúram) a bhfuil conradh ilmhódach aonair acu i gcás ina gcailltear nasc le seirbhís iompair ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, leagtar amach léi an próiseas aisíocaíochta i gcás ina ndearnadh conradh den sórt sin le hidirghabhálaí. Soiléirítear léi freisin dliteanas iompróirí agus idirghabhálaithe a chuireann ticéid ilmhódacha chomhcheangailte ar fáil. Ar deireadh, tugtar isteach léi foirm choiteann le haghaidh iarrataí ar aisíocaíocht agus cúiteamh.

Caibidil IV: Daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

Le Caibidil IV leagtar amach rialacha maidir leis an gcosaint agus an cúnamh do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (PRM) i gcomhthéacs taistil ilmhódaigh. I dteannta mionsonraí a thabhairt faoin gceart chun iompair agus cúnaimh ag PRM a bhfuil conradh ilmhódach amháin acu, tugtar isteach léi bunú Pointí Teagmhála Aonair ag moil ilmhódacha paisinéirí. Comhfhreagraíonn na moil sin do na moil ilmhódacha paisinéirí nach mór a fhorbairt i ngach nód uirbeach den ghréasán tras‑Eorpach iompair faoi 2030 faoin togra le haghaidh Rialachán maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras‑Eorpach iompair a fhorbairt 18 .

Caibidil V: Cáilíocht seirbhíse agus gearáin

I gCaibidil V tá rialacha maidir le cáilíocht seirbhíse agus maidir le láimhseáil gearán ag iompróirí, idirghabhálaithe agus bainisteoirí moil ilmhódaigh.

Caibidil VI: Faisnéis agus forfheidhmiú

I gCaibidil VI tá forálacha maidir le faisnéis do phaisinéirí faoina gcearta chomh maith le forfheidhmiú an Rialacháin seo. A mhéid a bhaineann leis an bhforfheidhmiú sin, áirítear inti rialacha maidir le comhlacht forfheidhmithe náisiúnta a ainmniú, an cur chuige rioscabhunaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le cearta paisinéirí, comhroinnt faisnéise ag na gnóthais ábhartha le comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta, agus comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún.

Caibidil VII: Forálacha críochnaitheacha

I gCaibidil VII tá forálacha maidir le hoibleagáidí tuairiscithe agus an nós imeachta coiste.

Iarscríbhinní

Leagtar amach le hIarscríbhinn I an liosta de nóid uirbeacha inar gá moil ilmhódacha paisinéirí agus na Pointí Teagmhála Aonair comhfhreagracha a bhunú agus a oibriú.

In Iarscríbhinn II tá na híoschaighdeáin cháilíochta seirbhíse ar gá d’iompróirí a chuireann ar fáil conarthaí ilmhódacha aonair agus do bhainisteoirí mol ilmhódach cloí leo.

2023/0436 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cearta paisinéirí i gcomhthéacs turas ilmhódach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) agus Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 19

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 20

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le reachtaíocht an Aontais maidir le ceart paisinéirí 21 , tá feabhas mór curtha ar an gcosaint a thugtar do chearta paisinéirí a thaistealaíonn d’aer, d’uiscebhealaí mara agus intíre, de bhus agus de chóiste, agus d’iarnród i gcás ina gcuireann moilleanna fada agus cealuithe isteach ar a bpleananna taistil.

(2)Léirigh cur chun feidhme na gceart a bhunaítear agus a chosnaítear faoi na Rialacháin sin, áfach, go bhfuil easnaimh ann do phaisinéirí a théann ar thuras nó a bheartaíonn dul ar thuras lena mbaineann meascán de mhodhanna iompair, rud a chuireann cosc ar an leas iomlán a bheith á bhaint as cearta paisinéirí.

(3)Faoi chuimsiú an chomhbheartais iompair, tá sé tábhachtach coimirciú a dhéanamh ar chearta paisinéirí agus iad ag athrú modhanna iompair chun cúnamh a thabhairt d’fhorbairt taistil ilmhódaigh agus feabhas a chur ar na roghanna taistil atá ar fáil do phaisinéirí.

(4)Caighdeáin chosanta an Aontais a shocraítear le Rialacháin (CE) Uimh. 261/2004, (CE) Uimh. 1107/2006, (AE) 2021/782, (AE) Uimh. 1177/2010 agus (AE) Uimh. 181/2011 maidir le taisteal ina n‑úsáidtear modh iompair amháin, ba cheart iad a leathnú dá bhrí sin chun cearta paisinéirí a athraíonn modhanna iompair a chumhdach agus chun a áirithiú go mbeidh gnóthais a bhfuil baint acu le taisteal ilmhódach ag oibriú faoi rialacha comhchuibhithe.

(5)Ba cheart cosaint dlí a sholáthar do phaisinéirí a théann ar thurais ilmhódacha i gcás nach ann d’aon reachtaíocht earnálach shonrach de chuid an Aontais maidir leis an ábhar.

(6)Cearta paisinéirí a théann ar thurais ilmhódacha a bhunaítear sa Rialachán seo, ba cheart iad a bheith ina gcomhlánú ar an gcosaint a thugtar do na paisinéirí céanna sin cheana féin faoi reachtaíocht an Aontais maidir le cearta paisinéirí. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do na cearta agus na hoibleagáidí faoin reachtaíocht sin.

(7)Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le conarthaí ilmhódacha aonair i gcás inar cuid de thuras láneagraithe iad agus ina n‑éireoidh ceart chun aisíocaíochta faoi Threoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 . I bhfianaise na cosanta do phaisinéirí dá ndéantar foráil faoin Treoir sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach oiread maidir le ticéid ilmhódacha chomhcheangailte i gcás ina gcomhcheanglaíonn eagraí iad mar chuid de thuras láneagraithe.

(8)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar idirdhealú ar bhonn náisiúntacht an phaisinéara nó ar bhonn na háite laistigh den Aontas a bhfuil an t‑iompróir nó an t‑idirghabhálaí bunaithe a thoirmeasc i gcás ina gcuirfidh iompróirí nó idirghabhálaithe coinníollacha conarthacha agus taraifí i gcomhair turais ilmhódacha ar fáil don phobail i gcoitinne. Níor cheart toirmeasc a chur ar tharaifí sóisialta, ar choinníoll go bhfuil bearta den sórt sin comhréireach agus neamhspleách ar náisiúntacht an phaisinéara lena mbaineann. I bhfianaise na forbartha ar ardáin ar líne a dhíolann ticéid iompair paisinéirí, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar a áirithiú nach ndéantar aon idirdhealú ar bhonn náisiúntacht an phaisinéara ná ar bhonn na háite laistigh den Aontas a bhfuil an t‑iompróir nó an t‑idirghabhálaí bunaithe le linn phróiseas na rochtana ar chomhéadain ar líne nó le linn ticéid a cheannach. Ina theannta sin, beag beann ar an gcaoi a gceannaítear ticéad, ba cheart go mbeadh an leibhéal cosanta céanna ag an bpaisinéir.

(9)Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh iompróirí agus idirghabhálaithe a chuireann conarthaí iompair ar fáil chun críche turais ilmhódaigh an paisinéir ar an eolas faoin gcineál ticéid nó ticéad atá bainteach leis an turas sin agus faoina gcearta comhfhreagracha, go háirithe maidir le naisc a cailleadh.

(10)Is éasca an taisteal ilmhódach nuair a bhíonn rochtain ar fhaisnéis taistil, lena n‑áirítear sonraí fíor‑ama, rud a sholáthraíonn raon níos leithne turas féideartha do phaisinéirí. Ina leith sin, leagtar amach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún 23 inrochtaineacht sonraí faisnéise taistil agus tráchta den sórt sin do Phointí Rochtana Náisiúnta, chun a áirithiú gur féidir le díoltóirí ticéad paisinéirí a chur ar an eolas roimh a dturas agus lena linn. Ionas nach mbeidh aon ualach neamhriachtanach ar iompróirí a chuireann conarthaí ilmhódacha aonair ar fáil, ba cheart dóibh a bheith in ann forálacha faoin Rialachán seo a chomhlíonadh maidir le faisnéis taistil a sholáthar d’iompróirí agus d’idirghabhálaithe eile a dhíolann a seirbhísí a mhéid a sholáthraíonn siad na sonraí sin do na Pointí Rochtana Náisiúnta sin.

(11)Iompróirí agus idirghabhálaithe ar fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún 24 , bíonn acmhainní teoranta acu go minic, rud a d’fhéadfadh srian a chur lena rochtain ar fhaisnéis, go háirithe i gcomhthéacs teicneolaíochta nua. Dá bhrí sin, ba cheart iompróirí agus idirghabhálaithe den sórt sin a bheith díolmhaithe ó na ceanglais maidir le faisnéis fíor‑ama a sholáthar do phaisinéirí ilmhódacha.

(12)Paisinéirí a bhfuil conradh ilmhódach aonair acu agus a chailleann nasc mar gheall ar mhoill nó cealú seirbhíse roimhe sin faoin gconradh sin, ba cheart iad a bheith in ann aisíocaíocht a dticéad a fháil nó athródú a fháil faoi choinníollacha sásúla, agus ba cheart cúram leormhaith a dhéanamh díobh le linn dóibh a bheith ag fanacht le nasc níos déanaí.

(13)I gcás ina gcuirfear conradh ilmhódach aonair in áirithe trí idirghabhálaí, ba cheart don idirghabhálaí agus don iompróir conarthach an paisinéir a chur ar an eolas faoin bpróiseas aisíocaíochta. Go sonrach, ba cheart don iompróir conarthach a shonrú go poiblí cé acu a théann nó nach dtéann sé i gcomhar le hidirghabhálaithe chun aisíocaíochtaí a phróiseáil, agus má théann cé na hidirghabhálaithe lena ndéanann sé amhlaidh.

(14)Tá faisnéis cheart a mhéid a bhaineann le seirbhís iompair ilmhódaigh fíor‑riachtanach freisin i gcás ina gceannaíonn paisinéirí ticéid ó idirghabhálaithe. I gcás ina ndéanfaidh idirghabhálaithe ticéid ar leith le haghaidh seirbhísí iompair difriúla a dhíol mar chuach i bhfoirm ticéid ilmhódaigh chomhcheangailte, ba cheart dóibh an paisinéir a chur ar an eolas go soiléir nach dtugtar an leibhéal céanna cosanta leis na ticéid sin agus a thugtar le conarthaí ilmhódacha aonair, agus nár eisigh an t‑iompróir nó na hiompróirí a sholáthraíonn an tseirbhís na ticéid sin mar chonarthaí ilmhódacha aonair. I gcás ina mainneoidh idirghabhálaithe an ceanglas sin a chomhlíonadh, ba cheart aisíocaíocht mhéid an ticéid agus cúiteamh breise atá coibhéiseach le 75 % den mhéid sin a áireamh ina ndliteanas.

(15)I bhfianaise Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus chun deiseanna taistil ilmhódacha atá inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart rialacha a bhunú maidir le neamh‑idirdhealú agus cúnamh le linn a dturais ilmhódaigh. Go sonrach, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhaisnéis a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe maidir le hinrochtaineacht seirbhísí iompair, coinníollacha rochtana feithiclí agus maidir leis na saoráidí ar bord agus iad ag athrú modhanna. Má dhéantar faisnéis a sholáthar i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart í a sholáthar i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme amhail na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 25 . I bhfianaise na dtairbhí atá ann i dtéarmaí slándála, áisiúlachta agus inrochtaineachta, ba cheart do na Ballstáit úsáid na dtiachóg céannachta digití Eorpaí a spreagadh chun críoch sainaitheantais agus fíordheimhniú i gcásanna iompair ilmhódaigh, rud a chabhródh go háirithe le daoine leochaileacha nó daoine faoi mhíchumas.

(16)Ba cheart d’iompróirí agus do bhainisteoirí moil ilmhódaigh dul i gcomhar go gníomhach le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do dhaoine faoi mhíchumas chun feabhas a chur ar cháilíocht inrochtaineachta seirbhísí iompair. Chun rochtain ar sheirbhísí ilmhódacha paisinéara a éascú do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart do na Ballstáit, d’iompróirí agus do bhainisteoirí críochfoirt Pointí Teagmhála Aonair náisiúnta a bhunú chun comhordú a dhéanamh maidir le faisnéis agus cúnamh ag moil ilmhódacha paisinéirí i mórnóid uirbeacha áirithe.

(17)Ina theannta sin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit a cheangal ar iompróirí agus ar bhainisteoirí críochfoirt Pointí Teagmhála Aonair náisiúnta a bhunú chun comhordú a dhéanamh maidir le faisnéis agus cúnamh ag moil ilmhódacha paisinéirí breise.

(18)Ba cheart d’iompróirí agus do bhainisteoirí críochfoirt caighdeáin cáilíochta seirbhíse a shainiú agus bainistíocht agus faireachán a dhéanamh orthu le haghaidh seirbhísí ilmhódacha paisinéara. Ba cheart d’iompróirí faisnéis maidir lena bhfeidhmíocht cáilíochta seirbhíse a chur ar fáil go poiblí freisin.

(19)Níor cheart don Rialacháin seo difear a dhéanamh do chearta paisinéirí gearán a chur faoi bhráid comhlacht náisiúnta nó sásamh dlí a lorg trí nósanna imeachta náisiúnta.

(20)Chun ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a choinneáil san iompar ilmhódach, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe a ainmniú chun faireachán grinn a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus é a fhorfheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart na comhlachtaí sin a bheith in ann bearta forfheidhmiúcháin éagsúla a dhéanamh. Ba cheart paisinéirí a bheith in ann gearán a dhéanamh leis na comhlachtaí sin, nó le haon chomhlacht eile arna ainmniú ag Ballstát chuige sin, maidir le sáruithe líomhnaithe ar an Rialachán. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh comhlacht náisiúnta forfheidhmithe a ainmniú atá ainmnithe freisin mar an comhlacht atá freagrach as rialacha eile an Aontais maidir le cearta paisinéirí a fhorfheidhmiú.

(21)Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. 26 Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta, ní mór í a dhéanamh go háirithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 5(1) agus 6(1) den Rialachán sin. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil na hoibleagáidí chun faisnéis a sholáthar do phaisinéirí maidir lena gcearta gan dochar d’oibleagáid an rialaitheora faisnéis a sholáthar don ábhar sonraí de bhun Airteagail 12, 13 agus 14 de Rialachán (AE) 2016/679.

(22)Chun a áirithiú go bhfaighidh paisinéir faisnéis taistil maidir le turas ilmhódach, roimh an turas sin agus lena linn, d’fhéadfadh sé gur ghá sonraí teagmhála paisinéara a roinnt leis an iompróir. Féadfaidh an t‑iompróir na sonraí teagmhála sin a úsáid go heisiach chun an oibleagáid i leith faisnéise faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus chun oibleagáidí an iompróra faoin dlí is infheidhme de chuid an Aontais maidir le sábháilteacht agus slándáil a chomhlíonadh. Níor cheart na sonraí pearsanta sin a phróiseáil chun aon chríoch eile agus ba cheart iad a scriosadh laistigh de 72 uair an chloig tar éis thabhairt i gcrích an chonartha iompair mura bhfuil údar leis na sonraí teagmhála a choinneáil a thuilleadh chun oibleagáidí a chomhlíonadh i leith cheart an phaisinéara chun athródú, aisíocaíochta nó cúitimh. 

(23)Ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Ba cheart do na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(24)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leormhaith, is iad sin margadh iompair ilmhódaigh paisinéirí an Aontais a fhorbairt agus cearta paisinéirí a bhunú i gcomhthéacs turas ilmhódach, agus ós fearr dá bhrí sin is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(25)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. 27 Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na foirmeacha coiteanna a ghlacadh le haghaidh iarrataí ar aisíocaíocht agus cúiteamh.

(26)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 21, 26, 38 agus 47 maidir le cosc ar idirdhealú de chineál ar bith, lánpháirtíocht daoine faoi mhíchumas, ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a áirithiú, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus trialach córa, faoi seach. Ní mór do chúirteanna na mBallstát an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cearta agus leis na prionsabail seo,

(27)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé tuairim an [ ],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha is infheidhme maidir le hiompar ilmhódach a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)neamhidirdhealú idir paisinéirí i ndáil le coinníollacha iompair agus soláthar ticéad;

(b)faisnéis do phaisinéirí;

(c)cearta paisinéirí i gcás suaití taistil, go háirithe i gcomhthéacs naisc a cailleadh idir modhanna iompair éagsúla;

(d)neamhidirdhealú i gcoinne daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus cúnamh dóibh;

(e)caighdeáin cháilíochta seirbhíse a shainiú agus faireachán a dhéanamh orthu;

(f)láimhseáil gearán;

(g)rialacha ginearálta maidir le forghníomhú;

(h)pionóis.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le turais ilmhódacha, a dtagann na seirbhísí iompair uile a mbaineann leo faoi raon feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le cearta paisinéirí 28 , arna gcur ar fáil ag iompróirí nó idirghabhálaithe do phaisinéirí i bhfoirm na nithe seo a leanas:

(a)conradh ilmhódach aonair,

(b)ticéad ilmhódach comhcheangailte,

(c)ticéid ilmhódacha ar leithligh.

2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiompróirí, idirghabhálaithe agus bainisteoirí críochfoirt. Beidh feidhm aige freisin maidir le bainisteoirí moil ilmhódaigh a oibríonn Pointí Teagmhála Aonair ag moil ilmhódacha paisinéirí sna nóid uirbeacha a liostaítear in Iarscríbhinn I.

3.Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha seo a leanas a leagtar síos le reachtaíocht eile de chuid an Aontais lena rialáiltear gnéithe eile de chosaint paisinéirí, agus comhlánaíonn sé an chosaint sin:

(a)Reachtaíocht an Aontais maidir le cearta paisinéirí;

(b)Reachtaíocht an Aontais maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara 29 ;

(c)Reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí 30 .

4.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le ticéid ilmhódacha chomhcheangailte i gcás ina gcomhcheanglaíonn eagraí iad mar chuid de thuras láneagraithe faoi Threoir (AE) 2015/2302 31 .

5.Beidh feidhm ag mír 1, pointe (a) d’Airteagal 7 maidir le paisinéirí a bhfuil a gconarthaí ilmhódacha aonair mar chuid de thuras láneagraithe, ach amháin i gcás ina n‑éireoidh ceart chun aisíocaíochta faoi Threoir (AE) 2015/2302 32 .

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: 

(1)ciallaíonn ‘turas ilmhódach’ turas paisinéara idir pointe imeachta agus ceann scríbe deiridh lena gcumhdaítear dhá sheirbhís iompair ar a laghad agus dhá mhodh iompair ar a laghad;

(2)ciallaíonn ‘iompróir’ duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas idirghabhálaí, a chuireann seirbhísí iompair ar fáil don phobal i gcoitinne, lena n‑áirítear:

(a)aeriompróirí oibriúcháin mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004;

(b)gnóthais iarnróid mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/782;

(c)iompróirí mar a shainmhínítear i bpointe (d) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010;

(d)iompróirí mar a shainmhínítear i bpointe (e) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 181/2011;

(3)ciallaíonn ‘díoltóir ticéad’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas iompróir, a ghníomhaíonn thar ceann iompróra nó paisinéara chun conarthaí iompair a dhéanamh;

(4)ciallaíonn ‘idirghabhálaí’ díoltóir ticéad, eagraí nó miondíoltóir mar a shainmhínítear i bpointí (8) agus (9) faoi seach d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/2302 seachas iompróir;

(5)ciallaíonn ‘ticéad’ fianaise bhailí, gan beann ar a foirm, gur tugadh conradh iompair i gcrích;

(6)ciallaíonn ‘conradh iompair’ conradh iompair idir iompróir agus paisinéir chun seirbhís iompair amháin nó níos mó a sholáthar;

(7)ciallaíonn ‘conradh ilmhódach aonair’ conradh iompair le haghaidh turas ilmhódach ina bhfuil seirbhísí iompair comhleanúnacha arna n‑oibriú ag iompróir amháin nó níos mó;

(8)ciallaíonn ‘ticéad ilmhódach comhcheangailte’ ticéad nó ticéid le haghaidh turas ilmhódach ar conarthaí iompair ar leithligh iad a chomhcheanglaíonn iompróir nó idirghabhálaí ar a thionscnamh féin, agus a cheannaíonn an paisinéir trí bhíthin íocaíocht amháin;

(9)ciallaíonn ‘ticéid ilmhódacha ar leithligh’ ticéid le haghaidh turas ilmhódach ar conarthaí iompair ar leithligh iad a chuireann iompróir nó idirghabhálaí ar fáil in éineacht, agus a cheannaíonn an paisinéir trí bhíthin íocaíochtaí ar leithligh;

(10)ciallaíonn ‘seirbhís iompair’ seirbhís iompair paisinéirí a oibrítear idir críochfoirt de réir amchláir, lena n‑áirítear seirbhísí iompair a chuirtear ar fáil i gcás athródú;

(11)ciallaíonn ‘comhlacht bainistithe aerfoirt’ comhlacht mar a shainmhínítear i bpointe (f) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006;

(12)ciallaíonn ‘aerfort’ aerfort mar a shainmhínítear i bpointe (j) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006;

(13)ciallaíonn ‘bainisteoir stáisiúin iarnróid’ bainisteoir stáisiúin mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/782;

(14)ciallaíonn ‘stáisiún iarnróid’ stáisiún mar a shainmhínítear i bpointe (22) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/782;

(15)ciallaíonn ‘críochfort calafoirt’ críochfort mar a shainmhínítear i bpointe (k) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010;

(16)ciallaíonn ‘oibreoir críochfoirt calafoirt’ oibreoir críochfoirt mar a shainmhínítear i bpointe (s) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010;

(17)ciallaíonn ‘críochfort bus nó cóiste’ críochfort mar a shainmhínítear i bpointe (m) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 181/2011;

(18)ciallaíonn ‘comhlacht bainistithe críochfoirt bus’ eintiteas mar a shainmhínítear i bpointe (o) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 181/2011;

(19)ciallaíonn ‘críochfort’ aerfort, stáisiún iarnróid, críochfort calafoirt nó críochfort bus nó cóiste;

(20)ciallaíonn ‘bainisteoir críochfoirt’ comhlacht bainistithe aerfoirt, bainisteoir stáisiúin iarnróid, oibreoir críochfoirt calafoirt nó comhlacht bainistithe críochfoirt bus

(21)ciallaíonn ‘mol ilmhódach paisinéirí’ pointe nasctha idir dhá mhodh iompair le haghaidh paisinéirí ar a laghad, ina n‑áirithítear rochtain ar iompar poiblí agus aistrithe idir modhanna, lena n‑áirítear stáisiúin Pháirceála agus Taistil agus modhanna gníomhacha, agus a fheidhmíonn mar chomhéadan idir nóid uirbeacha agus gréasáin iompair níos faide;

(22)ciallaíonn ‘bainisteoir moil ilmhódaigh’ bainisteoir críochfoirt atá freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar mhol ilmhódach paisinéirí;

(23)ciallaíonn ‘nasc a cailleadh le linn turas ilmhódach’ cás ina gcailleann paisinéir seirbhís iompair amháin nó níos mó le linn turas ilmhódach, de thoradh moill nó cealú seirbhíse iompair amháin nó níos mó roimhe sin, nó de thoradh imeacht seirbhíse iompair roimh an am imeachta sceidealaithe;

(24)ciallaíonn ‘duine faoi mhíchumas’ agus ‘duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe’ aon duine ar a bhfuil mallachar fisiceach, meabhrach, intleachta nó céadfach, buan nó sealadach, a d’fhéadfadh, ar idirghníomhú le bacainní éagsúla dó nó di, bac a chur air nó uirthi úsáid iomlán agus éifeachtach a bhaint as córacha iompair ar bhonn comhionann le paisinéirí eile nó a bhfuil a shoghluaisteacht nó a soghluaisteacht laghdaithe le linn córacha iompair a úsáid dó nó di de thoradh aoise;

(25)ciallaíonn ‘fiontair bheaga agus mheánmhéide’ nó ‘FBManna’ gnóthais a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún;

CAIBIDIL II

CONARTHAÍ IOMPAIR AGUS FAISNÉIS

Airteagal 4

Coinníollacha conarthacha agus taraifí neamh‑idirdhealaitheacha

1.Gan dochar do tharaifí sóisialta, cuirfidh iompróirí nó idirghabhálaithe coinníollacha conarthacha agus taraifí i gcomhair turais ilmhódacha ar fáil don phobal i gcoitinne gan idirdhealú, díreach ná indíreach, ar bhonn náisiúntacht an phaisinéara nó ar bhonn na háite laistigh den Aontas ina bhfuil an t‑iompróir nó an t‑idirghabhálaí bunaithe.  

2.Beidh taraifí sóisialta inghlactha ar choinníoll nach ndéanfaidh siad idirdhealú ar bhonn náisiúntacht an phaisinéara.

Airteagal 5

Faisnéis taistil do phaisinéirí

1.Iompróirí agus idirghabhálaithe a chuireann conarthaí iompair ar fáil thar ceann iompróra amháin nó níos mó, soláthróidh siad faisnéis don phaisinéir roimh an gceannach maidir le cé acu conradh ilmhódach aonair, ticéad ilmhódach comhcheangailte nó ticéid ilmhódacha ar leithligh atá sa ticéad nó sna ticéid a chuirtear ar fáil le haghaidh turas ilmhódach, agus maidir leis na cearta atá bainteach leis an gcineál sin conartha nó ticéid. 

2.Roimh an gceannach, déanfaidh iompróirí agus idirghabhálaithe a chuireann conarthaí iompair ar fáil thar ceann iompróra amháin nó níos mó chun críche turais ilmhódaigh treoraíocht ghinearálta a sholáthar don phaisinéir maidir leis na tréimhsí íosta nasc‑ama idir na cineálacha éagsúla seirbhísí iompair a chuirtear ar fáil i dturas ilmhódach.

3.Soláthróidh bainisteoirí moil ilmhódaigh freisin treoraíocht ghinearálta maidir leis na tréimhsí íosta nasc‑ama idir na cineálacha éagsúla seirbhísí iompair a oibrítear ag an mol ilmhódach.

4.Déanfaidh iompróirí agus idirghabhálaithe a chuireann conarthaí iompair ar fáil thar ceann iompróra amháin nó níos mó chun críche turais ilmhódaigh an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don phaisinéir roimh an turas ilmhódach: 

(a)coinníollacha ginearálta is infheidhme ar an gconradh; 

(b)sceidil ama agus coinníollacha le haghaidh an turais is tapa i gcomhair an turais ilmhódaigh; 

(c)sceidil ama agus coinníollacha le haghaidh na dtáillí uile atá ar fáil i gcomhair an turais ilmhódaigh, lena gcuirtear na táillí is ísle i dtábhacht; 

(d)suaití agus moilleanna a dhéanann difear don turas ilmhódach, de réir am pleanáilte agus fíor‑ama; 

(e)nósanna imeachta chun gearáin a chur isteach faoi Airteagal 18. 

5.Iompróirí a chuireann conarthaí ilmhódacha aonair agus ticéid ilmhódacha chomhcheangailte ar fáil agus, i gcás inar féidir, idirghabhálaithe a chuireann ticéid ilmhódacha chomhcheangailte ar fáil, soláthróidh siad an fhaisnéis seo a leanas don phaisinéir le linn an turais: 

(a)briseadh, amhail cealuithe agus moilleanna (am pleanáilte agus fíor‑am); 

(b)príomh‑nascsheirbhísí iompair; 

(c)fadhbanna sábháilteachta agus slándála a tharlaíonn ar bord na seirbhíse iompair agus ag críochfoirt. 

6.Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 5 san fhormáid is iomchuí, lena n‑áirítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí cumarsáide iomchuí. Soláthrófar an fhaisnéis sin i bhformáid inrochtana.

7.Soláthrófar an fhaisnéis do phaisinéirí trí mheán leictreonach freisin, i gcás inar féidir go teicniúil. I gcás ina soláthraítear faisnéis trí mheán leictreonach cumarsáide, áiritheoidh iompróirí agus idirghabhálaithe gur féidir leis an bpaisinéir aon chomhfhreagras i scríbhinn a choimeád, lena n‑áirítear dáta agus am an chomhfhreagrais sin, ar mheán marthanach. Le gach modh cumarsáide cuirfear ar a chumas don phaisinéir teagmháil a dhéanamh leo go tapa agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach.

8.I gcás nach bhfaighidh an paisinéir conradh ilmhódach aonair go díreach ón iompróir, ach trí idirghabhálaí, soláthróidh an t‑idirghabhálaí sin sonraí teagmhála an phaisinéara agus sonraí na háirithinte do na hiompróirí lena mbaineann. Ní fhéadfaidh an t‑iompróir na sonraí teagmhála sin a úsáid ach a mhéid is gá chun a oibleagáidí i leith soláthar faisnéise, soláthar cúraim, aisíocaíochta, athródú agus cúitimh faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, agus chun oibleagáidí an iompróra faoin dlí is infheidhme de chuid an Aontais maidir le sábháilteacht agus slándáil a chomhlíonadh. Scriosfaidh an t‑iompróir na sonraí teagmhála laistigh de 72 uair an chloig tar éis thabhairt i gcrích an chonartha iompair mura bhfuil údar leis na sonraí teagmhála a choinneáil a thuilleadh chun oibleagáidí a chomhlíonadh i leith cheart an phaisinéara chun athródú, aisíocaíochta nó cúitimh.

9.Beidh iompróirí agus idirghabhálaithe ar FBManna iad díolmhaithe ó na forálacha maidir le faisnéis fíor‑ama faoin Airteagal seo.

Airteagal 6

Rochtain ar fhaisnéis taistil ag iompróirí agus idirghabhálaithe

1.Gan dochar d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2021/782, déanfaidh iompróirí a chuireann conarthaí ilmhódacha aonair ar fáil rochtain ar an bhfaisnéis taistil a leagtar amach in Airteagal 5(2) go (5) a sholáthar d’iompróirí agus idirghabhálaithe eile a dhíolann a gconarthaí.

2.Iompróirí a chuireann conarthaí ilmhódacha aonair ar fáil, dáilfidh siad an fhaisnéis sin agus deonóidh siad rochtain uirthi ar bhealach neamh‑idirdhealaitheach agus gan moill mhíchuí. Beidh iarraidh aonuaire leordhóthanach chun rochtain leanúnach a bheith ar fhaisnéis. An t‑iompróir ar a bhfuil sé d’oibleagáid faisnéis a chur ar fáil i gcomhréir le mír 1, féadfaidh sé a iarraidh go dtabharfaí conradh nó socrú eile i gcrích, ar ar a bhonn a dháiltear faisnéis nó a dheonaítear rochtain uirthi. Le téarmaí agus coinníollacha aon chonartha nó socraithe le haghaidh úsáid na faisnéise, ní chuirfear srian gan ghá le féidearthachtaí chun í a athúsáid. Ní úsáidfear na téarmaí agus coinníollacha chun srian a chur leis an iomaíocht. Féadfaidh iompróir a chuireann conarthaí ilmhódacha aonair ar fáil cúiteamh airgeadais cothrom, réasúnach agus comhréireach a éileamh ar iompróirí agus idirghabhálaithe eile as na costais arna dtabhú chun an rochtain a sholáthar.

3.Dáilfear faisnéis agus cuirfear rochtain uirthi ar fáil trí mhodhanna teicniúla iomchuí, amhail comhéadain feidhmchláir. Áiritheofar go mbeidh na comhéadain feidhmchláir sin i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar faoi Threoir (AE) 2016/797.

4.I gcás ina ndéanfar an fhaisnéis a chumhdaítear le mír 1 a sholáthar i gcomhréir le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, go háirithe Treoir (AE) 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 , comhlíontar chomh maith céanna na hoibleagáidí comhfhreagracha faoin Airteagal seo.

CAIBIDIL III

NAISC A CAILLEADH

Airteagal 7

Aisíocaíocht agus athródú

1.I gcás ina gcailltear nasc le seirbhís iompair ina dhiaidh sin le linn turas ilmhódach, arna dhéanamh faoi chonradh ilmhódach aonair, nó ina bhfuil coinne réasúnach leis go gcaillfear é mar gheall ar mhoill nó cealú seirbhíse iompair roimhe sin faoin gconradh céanna sin, cuirfidh an t‑iompróir conarthach na roghanna seo a leanas ar fáil don phaisinéir láithreach chun ceann amháin díobh a roghnú:

(a)aisíocaíocht chostas iomlán an ticéid, ar na coinníollacha céanna ar ceannaíodh é, don chuid nó do na codanna de thuras an phaisinéara nach ndearnadh agus don chuid nó do na codanna a rinneadh cheana mura bhfónann an turas a thuilleadh do phlean taistil tosaigh an phaisinéara, maille le seirbhís fillte, nuair is ábhartha, chuig an gcéad áit imeachta a luaithe is féidir;

(b)leanúint nó athródú, ar choinníollacha iompair inchomparáide, chuig an gceann scríbe deiridh a luaithe is féidir;

(c)leanúint nó athródú, ar choinníollacha iompair inchomparáide, chuig an gceann scríbe deiridh ar dháta níos déanaí de réir mar is áisiúil don phaisinéir.

Déanfaidh an t‑iompróir conarthach na socruithe is gá le haghaidh rogha an phaisinéara.

2.Más rud é, chun críoch phointí (b) agus (c) de mhír 1, inarb é an t‑iompróir céanna a bheidh ag oibriú athródú inchomparáide nó ina gcoimisiúnaítear iompróir eile an t‑athródú a dhéanamh, ní bheidh costais bhreise ar an bpaisinéir. Tá feidhm ag an gceanglas sin freisin nuair a bhíonn úsáid iompair de ghrád seirbhíse níos airde agus modhanna malartacha iompair i gceist leis an athródú. Déanfaidh iompróirí iarracht réasúnta naisc bhreise a sheachaint, sa chaoi go mbeidh an mhoill ar an am taistil iomlán chomh gearr agus is féidir.

3.Agus seirbhís mhalartach á cur ar fáil ag soláthraithe seirbhísí athródaithe iompair, soláthróidh siad do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe leibhéal cúnaimh agus inrochtaineachta atá inchomparáide leis an leibhéal sa tseirbhís iompair a cailleadh. Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí athródaithe iompair aird ar leith ar sheirbhísí malartacha atá iomchuí do riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a sholáthar dóibh, ar seirbhísí iad atá difriúil leis na cinn a chuirtear ar fáil do phaisinéirí eile.

4.Íocfar an aisíocaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 laistigh de 14 lá tar éis an iarraidh sin a fháil. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar iompróirí conarthacha glacadh leis na hiarrataí sin trí mhodhanna áirithe cumarsáide, ar choinníoll nach gcruthaíonn an ceanglas éifeachtaí idirdhealaitheacha. Féadfaidh an aisíocaíocht a bheith i bhfoirm airgead, dearbháin nó seirbhísí eile a sholáthar ar choinníoll go bhfuil téarmaí na ndearbhán agus na seirbhísí sin solúbtha go leordhóthanach, go háirithe maidir leis an tréimhse bhailíochta agus leis an gceann scríbe, agus go gcomhaontaíonn an paisinéir go sainráite glacadh leis na dearbháin agus na seirbhísí sin. Ní asbhainfear den aisíocaíocht ar phraghas an ticéid costais idirbheart airgid amhail táillí, costais teileafóin nó stampaí.

Airteagal 8

Aisíocaíocht i gcás inar cuireadh an conradh ilmhódach aonair in áirithe trí idirghabhálaí

1.I gcás inar cheannaigh an paisinéir an conradh ilmhódach aonair trí idirghabhálaí, féadfaidh an t‑iompróir conarthach an aisíocaíocht dá dtagraítear in Airteagal 7(1) pointe (a) a dhéanamh tríd an idirghabhálaí sin i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.Cuirfidh an t‑idirghabhálaí agus an t‑iompróir conarthach an paisinéir ar an eolas maidir leis an bpróiseas aisíocaíochta dá ndéantar foráil san Airteagal seo ar bhealach atá soiléir, cuimsitheach agus inrochtana go héasca tráth na háirithinte agus ar dheimhniú na háirithinte.

3.Beidh aisíocaíocht tríd an idirghabhálaí saor in aisce le haghaidh na bpaisinéirí agus na bpáirtithe uile eile lena mbaineann.

4.Luafaidh an t‑iompróir go poiblí, ar bhealach atá soiléir, cuimsitheach agus inrochtana go héasca, an gcomhaontaíonn sé le haisíocaíochtaí a phróiseáil trí idirghabhálaithe, agus cé na hidirghabhálaithe lena nglacann sé leis déanamh amhlaidh.

5.Beidh feidhm ag na nithe seo a leanas i gcás aisíocaíochta trí idirghabhálaithe a d’íoc an t‑iompróir conarthach as an gconradh ilmhódach aonair óna chuntais féin:

(a)aisíocfaidh an t‑iompróir conarthach an t‑idirghabhálaí laistigh de 7 lá, in idirbheart amháin tríd an modh íocaíochta céanna a úsáideadh tráth na háirithinte, agus an íocaíocht á nascadh leis an tagairt áirithinte bhunaidh. Tosóidh an tréimhse 7 lá an dáta a roghnaíonn an paisinéir aisíocaíocht a fháil i gcomhréir le hAirteagal 7(1), pointe (a), den Rialachán seo. Aisíocfaidh an t‑idirghabhálaí an paisinéir tríd an modh íocaíochta bunaidh, ar a dhéanaí laistigh de 7 lá breise, agus cuirfidh sé an paisinéir agus an t‑iompróir ar an eolas maidir leis sin;

(b)mura bhfaigheann an paisinéir an aisíocaíocht laistigh de 14 lá ón dáta a roghnaítear aisíocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 7(1), pointe (a) den Rialachán seo, déanfaidh an t‑iompróir conarthach teagmháil leis an bpaisinéir ar a dhéanaí an lá tar éis dhul in éag na tréimhse 14 lá chun na sonraí íocaíochta a fháil le haghaidh na haisíocaíochta. Ar na sonraí íocaíochta sin a fháil, aisíocfaidh an t‑iompróir conarthach an paisinéir laistigh de 14 lá agus cuirfidh sé an paisinéir agus an t‑idirghabhálaí ar an eolas maidir leis sin.

Airteagal 9

Cúnamh

1.I gcás ina gcailltear nasc le seirbhís iompair ina dhiaidh sin le linn turas ilmhódach, arna dhéanamh faoi chonradh ilmhódach aonair, mar gheall ar mhoill nó cealú seirbhíse iompair roimhe sin faoin gconradh céanna sin, cuirfidh an t‑iompróir conarthach na nithe seo a leanas ar fáil do na paisinéirí saor in aisce:

(a)béilí agus deochanna i gcomhréir réasúnta leis an tréimhse fanachta, má bhíonn siad ar fáil ar an tseirbhís iompair nó sa chríochfort, nó más féidir iad a sholáthar go réasúnta, ag cur san áireamh critéir amhail an fad ón soláthróir, an t‑am is gá don seachadadh agus an costas;

(b)cóiríocht óstáin nó eile, agus iompar idir an críochfort agus an t‑ionad cóiríochta, i gcásanna ina dtiocfaidh fanacht oíche amháin nó níos mó ná oíche amháin nó fanacht breise chun bheith riachtanach, i gcás inar féidir agus nuair is féidir go fisiceach. I gcásanna ina mbeidh gá le fanacht den sórt sin i ngeall ar na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 19(10) de Rialachán (AE) 2021/782, féadfaidh an t‑iompróir fad na cóiríochta a theorannú go 3 oíche ar a mhéad. Cuirfear san áireamh riachtanais rochtana daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus madraí cuidithe, nuair is indéanta.

2.Agus mír 1 á chur i bhfeidhm aige, tabharfaidh an t‑iompróir a oibríonn an tseirbhís aird ar leith ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, chomh maith le riachtanais aon duine a bheidh á dtionlacan agus madraí cuidithe.

Airteagal 10

Dliteanas i leith ticéid ilmhódacha chomhcheangailte

1.Iompróir nó idirghabhálaí a dhíolann ticéad ilmhódach comhcheangailte, beidh sé faoi dhliteanas an méid iomlán a íocadh ar an ticéad sin a aisíoc agus, thairis sin, cúiteamh is ionann le 75 % den mhéid sin a íoc i gcás ina gcaillfidh an paisinéir nasc amháin nó níos mó. Beidh an ceart chun aisíocaíochta nó chun cúitimh gan dochar don dlí náisiúnta is infheidhme lena ndeonaítear cúiteamh breise do phaisinéirí i leith damáiste.

2.Ní bheidh feidhm ag an dliteanas a leagtar amach i mír 1 má luaitear é go sainráite agus go soiléir ar na ticéid, nó ar dhoiciméad eile nó go leictreonach sa chaoi go bhféadfaidh an paisinéir an fhaisnéis a atáirgeadh lena ceadú amach anseo, gur conarthaí iompair ar leithligh atá sa ticéad ilmhódach comhcheangailte agus nach ngabhann aon cheart chun aisíocaíochta, athródú, cúnaimh ná cúitimh leis faoin Rialachán seo i gcás ina gcaillfear naisc, agus má cuireadh an méid sin in iúl go soiléir don phaisinéir sular ceannaíodh é. Is ar an iompróir nó ar an idirghabhálaí a dhíol an ticéad ilmhódach comhcheangailte a bheidh an dualgas a chruthú gur soláthraíodh an fhaisnéis don phaisinéir.

Is ar an iompróir nó ar an idirghabhálaí a dhíol an ticéad ilmhódach comhcheangailte a bheidh an dualgas a chruthú gur soláthraíodh an fhaisnéis don phaisinéir.

3.Beidh na hiompróirí nó na hidirghabhálaithe a dhíol an ticéad ilmhódach comhcheangailte freagrach as iarrataí agus gearáin fhéideartha ón bpaisinéir a láimhseáil faoi mhír 1.

4.Íocfar an aisíocaíocht agus an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 14 lá tar éis an iarraidh a fháil.

Airteagal 11

Foirm choiteann le haghaidh iarrataí ar aisíocaíocht agus cúiteamh

1.Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear foirm choiteann le haghaidh iarrataí ar chúiteamh agus aisíocaíocht faoin Rialachán seo. Bunófar an fhoirm choiteann sin i bhformáidí inrochtana. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

2.Beidh de cheart ag an bpaisinéir a n‑iarrataí a chur isteach ag baint úsáid as an bhfoirm dá dtagraítear i mír 1. Ní dhiúltóidh iompróirí agus idirghabhálaithe iarraidh ar aisíocaíocht ná cúiteamh ar an bhforas nár bhain an paisinéir úsáid as an bhfoirm sin, agus ar an bhforas sin amháin. Mura bhfuil iarraidh beacht go leordhóthanach, iarrfaidh na hiompróirí agus na hidirghabhálaithe ar an bpaisinéir an iarraidh a shoiléiriú agus tabharfaidh siad cúnamh don phaisinéir sin a dhéanamh.

3.Soláthróidh iompróirí agus idirghabhálaithe mionsonraí ar a suíomh gréasáin amhail seoladh ríomhphoist, a bhféadfar iarrataí faoi mhír 1 a sheoladh chuige trí mheán leictreonach. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin i gcás ina mbeidh meáin leictreonacha chumarsáide eile ar fáil lenar féidir le paisinéirí aisíocaíocht nó cúiteamh a iarraidh, amhail foirm ar shuíomh gréasáin nó feidhmchláir mhóibíleacha, ar choinníoll go dtairgtear leis na meáin sin an rogha agus an fhaisnéis a leagtar amach san fhoirm choiteann agus go bhfuil siad ar fáil freisin i dteanga oifigiúil den Aontas agus sa teanga a nglactar léi go hidirnáisiúnta sa réimse sin. Le linn na meáin sin a úsáid, ní chuirfear cosc ar phaisinéirí faisnéis a sholáthar in aon cheann de theangacha an Aontais.

4.Cuirfidh an Coimisiún an fhoirm choiteann ar fáil i dteangacha uile an Aontais ar a shuíomh gréasáin. Áiritheoidh an comhlacht nó na comhlachtaí arna ainmniú nó arna n‑ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagail 20(1) agus 21(1) go mbeidh rochtain ag paisinéirí ar an bhfoirm choiteann.

CAIBIDIL IV

DAOINE FAOI MHÍCHUMAS AGUS DAOINE A BHFUIL A SOGHLUAISTEACHT LAGHDAITHE

Airteagal 12

An ceart chun iompair

1.Iompróirí a chuireann conarthaí ilmhódacha aonair ar fáil agus bainisteoirí moil ilmhódaigh, leagfaidh siad síos rialacha rochtana neamh‑idirdhealaitheacha maidir le daoine faoi mhíchumas a iompar, agus maidir le daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a iompar. Comhlíonfaidh na rialacha sin na forálacha ábhartha maidir leis an teorannú ar iompar daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i ndlí an Aontais maidir le cearta paisinéirí.

2.Déanfar áirithintí agus ticéid le haghaidh turais ilmhódacha, bídís i bhfoirm conartha ilmhódaigh aonair, ticéid ilmhódaigh chomhcheangailte nó ticéad ilmhódach ar leithligh, a chur ar fáil gan costas breise do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Ní fhéadfaidh iompróir nó idirghabhálaí diúltú áirithint a ghlacadh ó dhuine faoi mhíchumas nó ó dhuine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe ná diúltú ticéad a eisiúint chuige nó ní fhéadfaidh gnóthas iarnróid a éileamh go dtionlacfadh duine eile an duine sin mura mbeidh dianghá leis sin chun na rialacha rochtana dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.

3.Na rialacha rochtana dá dtagraítear i mír 1, beidh na heagraíochtaí ionadaíocha do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus, i gcás inarb ábhartha, ionadaithe ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe rannpháirteach go gníomhach ina leagan síos.

4.Iompróirí a chuireann conarthaí ilmhódacha aonair ar fáil agus bainisteoirí moil ilmhódaigh, foilseoidh siad na rialacha rochtana dá dtagraítear i mír 1 agus soláthróidh siad iad, arna iarraidh sin, i bhformáid inrochtana.

5.I gcás ina gceanglóidh iompróir go mbeidh duine faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe faoi thionlacan duine eile atá in ann an cúnamh is gá a sholáthar i gcomhréir le mír 2, beidh an duine tionlacain i dteideal taisteal saor in aisce agus suí, más indéanta, taobh leis an duine faoi mhíchumas nó taobh leis an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe.

6.I gcás ina mbainfidh iompróir nó idirghabhálaí úsáid as an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 12 (2), cuirfidh sé an duine faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe lena mbaineann ar an eolas, arna iarraidh sin, i scríbhinn nó, i gcás inar gá, in aon fhormáid inrochtana maidir leis na cúiseanna le húsáid an mhaolaithe sin laistigh de 5 lá oibre ón dáta a dhiúltaigh sé glacadh leis an áirithint nó an ticéad a eisiúint nó ón dáta a d’fhorchuir sé an coinníoll go ndéanfaí an duine a thionlacan. Déanfaidh an t‑iompróir nó an t‑idirghabhálaí iarracht réasúnta modh iompair malartach inghlactha a mholadh don duine i gceist agus a riachtanais inrochtaineachta á gcur san áireamh.

Airteagal 13

Faisnéis maidir le hinrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

Iompróirí agus idirghabhálaithe a chuireann conarthaí iompair ar fáil thar ceann iompróra amháin nó níos mó, agus bainisteoirí moil ilmhódaigh, déanfaidh siad faisnéis maidir le hinrochtaineacht an mhoil ilmhódaigh agus maidir le saoráidí agus seirbhísí atá bainteach leis a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Soláthrófar an fhaisnéis sin i bhformáid inrochtana arna iarraidh sin.

Airteagal 14

Cúnamh le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

I gcomhthéacs conarthaí ilmhódacha aonair, rachaidh iompróirí, bainisteoirí críochfoirt agus idirghabhálaithe i gcomhar le chéile chun cúnamh a sholáthar saor in aisce do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, i gcomhréir leis na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 12(1), agus cuirfidh siad sásra fógartha aonair ar fáil, i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:

(a)soláthrófar cúnamh i gcás ina dtabharfar fógra don iompróir, don idirghabhálaí ónar ceannaíodh an conradh ilmhódach aonair, don bhainisteoir críochfoirt nó don Phointe Teagmhála Aonair dá dtagraítear in Airteagal 15, i gcás inarb infheidhme, faoin gcúnamh sin a bheith ag teastáil ón bpaisinéir 48 n‑uair an chloig ar a laghad sula mbeidh gá leis an gcúnamh; beidh gá le fógra amháin in aghaidh an turais; cuirfear an fógra ar aghaidh chuig na hiompróirí, na bainisteoirí críochfoirt agus na Pointí Teagmhála Aonair uile a bhfuil baint acu leis an turas;

(b)glacfar leis an bhfógra sin gan costais bhreise, gan beann ar an modh cumarsáide atá á úsáid;

(c)iompróirí, bainisteoirí críochfoirt agus idirghabhálaithe na bearta uile is gá chun fógraí a fháil; i gcás ina bhfuil díoltóirí ticéad in ann na fógraí sin a phróiseáil, cuirfidh siad díolphointí malartacha nó modhanna malartacha in iúl chun an fógra a thabhairt;

(d)má thabharfar an fógra i gcomhréir le pointe (a), soláthróidh iompróirí agus bainisteoirí críochfoirt cúnamh sa chaoi go mbeidh an duine in ann leas a bhaint as na seirbhísí iompair a bhfuil áirithint aige lena n‑aghaidh mar chuid den chonradh ilmhódach aonair;

(e)mura dtabharfar an fógra i gcomhréir le pointe (a), nó mura dtabharfar aon fhógra den sórt sin, déanfaidh na hiompróirí agus na bainisteoirí críochfoirt gach iarracht réasúnta cúnamh a sholáthar sa chaoi go bhféadfaidh an duine faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe taisteal;

(f)ceadófar do mhadra cuidithe a bheith i gcuideachta duine faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir le haon dlí ábhartha de chuid an Aontais 34 nó aon dlí ábhartha náisiúnta.

Airteagal 15

Pointí teagmhála aonair le haghaidh cúnaimh ag moil ilmhódacha paisinéirí

1.Áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh bainisteoirí críochfoirt agus iompróirí atá ar a gcríoch i gcomhar le chéile chun pointí teagmhála aonair le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a bhunú agus a oibriú ag moil ilmhódacha paisinéirí sna nóid uirbeacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I. Bunófar téarmaí oibríochta na bpointí teagmhála aonair sna rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 12(1). Beidh na pointí teagmhála aonair sin freagrach as na nithe seo a leanas:

(a)glacadh le hiarrataí ar chúnamh ag críochfoirt;

(b)iarrataí aonair ar chúnamh a chur in iúl d’oibreoirí críochfoirt agus d’iompróirí.

2.Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar bhainisteoirí críochfoirt agus ar iompróirí atá ar a gcríoch dul i gcomhar le chéile chun pointí teagmhála aonair a bhunú agus a oibriú ag moil ilmhódacha paisinéirí seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 16 

Cúiteamh i leith trealamh soghluaisteachta, feistí cúnta agus madraí cuidithe 

1.Bainisteoirí críochfoirt agus iompróirí a thugann cúnamh do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus na daoine sin ag athrú ó sheirbhís iompair amháin go nasc‑sheirbhís iompair, i gcomhthéacs conartha ilmhódaigh aonair nó ag mol ilmhódach paisinéirí, i gcás inar cúis iad na bainisteoirí críochfoirt nó na hiompróirí sin le caillteanas trealaimh soghluaisteachta, lena n‑áirítear cathaoireacha rothaí agus feistí cúnta, nó le damáiste do na nithe sin, nó le caillteanas nó díobháil madraí cuidithe arna n‑úsáid ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, beidh siad faoi dhliteanas i leith an chaillteanais, an damáiste nó na díobhála sin, agus soláthróidh siad cúiteamh gan moill mhíchuí. Is éard a bheidh sa chúiteamh sin:

(a)an costas a ghabhann le hathsholáthar nó deisiú an trealaimh soghluaisteachta nó na bhfeistí cúnta a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh;

(b)an costas athsholáthair nó an costas a bhaineann le cóir leighis don ghortú a bhain do mhadra cuidithe a cailleadh nó a gortaíodh;

(c)costais réasúnta an athsholáthair shealadaigh le haghaidh trealamh soghluaisteachta, feistí cúnta nó madraí cuidithe i gcás nach soláthraíonn an t‑iompróir nó an bainisteoir críochfoirt an t‑athsholáthar sin nó nach bhfuil sé le hathsholáthar i gcomhréir le mír 2.

2.I gcás ina mbeidh feidhm ag mír 1, déanfaidh iompróirí agus bainisteoirí críochfoirt gach iarracht réasúnta go pras earraí ionaid sealadacha a bhfuil gá leo láithreach a sholáthar le haghaidh trealamh soghluaisteachta agus feistí cúnta. Ceadófar don duine faoi mhíchumas nó don duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe an trealamh sealadach athsholáthair nó an fheiste shealadach athsholáthair sin a choimeád go dtí go n‑íocfar an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1.

3.I gcás ina n‑íocfaidh iompróir nó bainisteoir críochfoirt cúiteamh faoi mhír 1, ní fhéadfar aon fhoráil den Rialachán seo a léirmhíniú ar bhealach a gcuirfeadh srian lena gceart cúiteamh a lorg ó aon duine, lena n‑áirítear tríú páirtithe, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

CAIBIDIL V

CÁILÍOCHT SEIRBHÍSE AGUS GEARÁIN

Airteagal 17

Caighdeáin um cháilíocht seirbhíse

1.Iompróirí a chuireann conarthaí ilmhódacha aonair ar fáil, bunóidh siad caighdeáin cáilíochta seirbhíse agus cuirfidh siad córas bainistíochta cáilíochta chun feidhme chun cáilíocht seirbhíse a choinneáil ar bun. Leis na caighdeáin cáilíochta seirbhíse cumhdófar ar a laghad na míreanna a liostaítear in Iarscríbhinn II.

2.Iompróirí a chuireann conarthaí ilmhódacha aonair ar fáil, déanfaidh siad faireachán ar a bhfeidhmíocht mar a léirítear sna caighdeáin cáilíochta seirbhíse. Foilseoidh siad tuarascáil maidir lena bhfeidhmíocht cáilíochta seirbhíse ar a suíomh gréasáin faoi [2 bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin. Ní bheidh sonraí pearsanta sa tuarascáil sin.

3.Bunóidh bainisteoirí moil ilmhódaigh atá lonnaithe i mBallstát caighdeáin cáilíochta seirbhíse bunaithe ar na míreanna ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn II. Déanfaidh siad faireachán ar a bhfeidhmíocht de bhun na gcaighdeán sin agus tabharfaidh siad rochtain ar an bhfaisnéis faoina bhfeidhmíocht do na húdaráis phoiblí náisiúnta, arna iarraidh sin.

Airteagal 18

Gearáin

1.Gach iompróir a chuireann conarthaí ilmhódacha aonair nó ticéid ilmhódacha chomhcheangailte ar fáil, gach idirghabhálaí a chuireann ticéid ilmhódacha chomhcheangailte ar fáil agus gach bainisteoir moil ilmhódaigh, bunóidh siad sásra láimhseála gearán maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a chumhdaítear leis an Rialachán seo ina réimsí freagrachta faoi seach. Cuirfidh siad a sonraí teagmhála agus a dteanga oibre, nó a dteangacha oibre, i bhfios go forleathan do phaisinéirí.

2.Beidh rochtain ag an bpobal, lena n‑áirítear ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar mhionsonraí an phróisis láimhseála gearán. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil, arna iarraidh sin, i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an t‑iompróir, an t‑idirghabhálaí nó an bainisteoir moil ilmhódaigh ag oibriú.

CAIBIDIL VI

FAISNÉIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 19

Faisnéis do phaisinéirí maidir lena gcearta

1.Agus ticéid le haghaidh turas ilmhódach á ndíol ag iompróirí agus idirghabhálaithe, cuirfidh siad paisinéirí ar an eolas maidir lena gcearta agus a n‑oibleagáidí faoin Rialachán seo. Chun an ceanglas sin maidir le faisnéis a chomhlíonadh, féadfaidh siad úsáid a bhaint as achoimre d’fhorálacha an Rialacháin seo a ullmhóidh an Coimisiún i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus a chuirfear ar fáil don phobal.

2.Iompróirí agus idirghabhálaithe a chuireann turais ilmhódacha ar fáil, cuirfidh siad paisinéirí ar an eolas freisin maidir le sonraí teagmhála an chomhlachta nó na gcomhlachtaí arna ainmniú nó arna n‑ainmniú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 20(1), ar bord agus ar a suíomh gréasáin.

3.Cuirfidh iompróirí agus idirghabhálaithe an fhaisnéis faoin Airteagal seo ar fáil, i bhformáid pháipéir nó leictreonach nó ar aon mheán eile, lena n‑áirítear i bhformáidí inrochtana. I gcás cealú nó i gcás ina gcaillfear nasc nó ina mbeidh moill fhada ann, sonróidh siad áit ar féidir teacht ar an bhfaisnéis sin.

Airteagal 20

Comhlacht náisiúnta forfheidhmiúcháin

1.Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht nó comhlachtaí a bheidh freagrach as forfheidhmiú an Rialacháin seo. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit comhlacht a ainmniú atá freagrach cheana féin as dlí an Aontais maidir le cearta paisinéirí a fhorfheidhmiú. Glacfaidh gach comhlacht na bearta is gá chun a áirithiú go n‑urramaítear cearta na bpaisinéirí.

2.Cuirfidh na Ballstáit an comhlacht nó na comhlachtaí a ainmneofar i gcomhréir leis an Airteagal seo agus a dhualgais nó a ndualgais faoi seach in iúl don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún agus na comhlachtaí atá ainmnithe an fhaisnéis sin ar a suíomhanna gréasáin.

3.Faoin 1 Meitheamh XXXX [2 bhliain tar éis don Rialachán teacht chun bheith infheidhme] agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta tuarascáil ar a ngníomhaíocht sa 2 bhliain féilire roimhe sin a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin, ar tuarascáil í ina mbeidh, go háirithe, tuairisc ar ghníomhaíochtaí a rinneadh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus staidreamh maidir le gearáin agus maidir leis na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm.

Airteagal 21

Gearáin á láimhseáil ag na húdaráis inniúla agus ag comhlachtaí eile

1.Ainmneoidh na Ballstáit an comhlacht forfheidhmithe náisiúnta nó aon chomhlacht eile mar an t‑eintiteas atá freagrach as gearáin a láimhseáil faoi mhír 2 den Airteagal seo.

2.I gcás ina mbeidh comhlachtaí éagsúla arna n‑ainmniú faoi mhír 1 agus Airteagal 20(1), bunófar sásraí tuairiscithe malartú faisnéise eatarthu a áirithiú chun cuidiú leis an gcomhlacht forfheidhmithe náisiúnta a chúraimí maoirseachta agus forfheidhmithe a dhéanamh, agus chun é a chur ar a chumas don chomhlacht láimhseála gearán arna ainmniú faoin mír seo an fhaisnéis is gá chun scrúdú a dhéanamh ar ghearáin aonair a bhailiú.

3.Gan dochar don fhéidearthacht go lorgódh tomhaltóirí sásamh malartach de bhun Threoir 2013/11/AE, tar éis dóibh gearán a dhéanamh, gan sásamh a fháil, leis an iompróir, leis an idirghabhálaí nó leis an mbainisteoir moil ilmhódaigh de bhun Airteagal 18, féadfaidh paisinéirí gearán maidir le sárú líomhnaithe ar an Rialachán seo a dhéanamh leis an gcomhlacht a ainmnítear faoi mhír 1.

4.Is é an comhlacht a ainmnítear faoi mhír 1, ar comhlacht é den Bhallstát ina bhfuil an t‑iompróir conarthach bunaithe, a láimhseálfaidh gearáin paisinéirí maidir le teagmhas i gcomhthéacs conartha ilmhódaigh aonair.

5.Is é a láimhseálfaidh gearáin paisinéirí maidir le teagmhas i gcomhthéacs ticéid ilmhódaigh chomhcheangailte arna chur ar fáil ag iompróirí comhlacht a ainmnítear faoi mhír 1, ar comhlacht é den Bhallstát ina bhfuil an t‑iompróir a chuireann an ticéad sin ar fáil bunaithe, nó, má tá an t‑iompróir bunaithe lasmuigh den Aontas, ar comhlacht é den Bhallstát ina bhfuil an duine dlítheanach nó nádúrtha a ghníomhaíonn mar a ionadaí dlíthiúil bunaithe. Mura bhfuil ionadaí den sórt sin ag an iompróir, is é an comhlacht a ainmnítear faoi mhír 2, ar comhlacht é den Bhallstát ina dtosaíonn nó ina gcríochnaíonn an turas, a láimhseálfaidh na gearáin.

6.Gan dochar do mhíreanna 3 agus 4, is é a láimhseálfaidh gearáin paisinéirí maidir le hidirghabhálaí an comhlacht a ainmnítear faoi mhír 1, ar comhlacht é den Bhallstát ina bhfuil an t‑idirghabhálaí bunaithe, nó, má tá an t‑idirghabhálaí bunaithe lasmuigh den Aontas, ar comhlacht é den Bhallstát ina bhfuil an duine dlítheanach nó nádúrtha a ghníomhaíonn mar a ionadaí dlíthiúil bunaithe. Mura bhfuil ionadaí den sórt sin ag an idirghabhálaí, is é an comhlacht a ainmnítear faoi mhír 2, ar comhlacht é den Bhallstát ina dtosaíonn nó ina gcríochnaíonn an turas, a láimhseálfaidh na gearáin.

7.I gcás ina mbainfidh gearán le sáruithe a líomhnaítear a rinne bainisteoirí moil ilmhódaigh, is é an comhlacht a ainmnítear faoi mhír 1, ar comhlacht é den Bhallstát ar ar a chríoch a tharla an teagmhas, a láimhseálfaidh an gearán.

Airteagal 22

Cuir chuige rioscabhunaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht le cearta paisinéirí

1.Forbróidh na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta clár faireacháin ar chomhlíontacht chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo ar bhonn measúnaithe riosca. Leis an gclár déanfar foráil maidir le neamh‑chomhlíontacht athfhillteach i gcur chun feidhme ceart paisinéirí a bhrath agus a cheartú. Leis an gclár faireacháin ar chomhlíontacht áireofar sampla ionadaíoch de ghníomhaíochtaí faireacháin.

2.Beidh an measúnú riosca bunaithe ar mheasúnú fíorasach lena gcuirtear san áireamh gearáin arna ndéanamh ag paisinéirí leis na comhlachtaí sin, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, ar thorthaí na ngníomhaíochtaí faireacháin arna ndéanamh ag na comhlachtaí sin, ar fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 23 (1) agus (3) agus ar fhoinsí eile faisnéise a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar chríoch an Bhallstáit ábhartha.

3.Déanfar an measúnú riosca den chéad uair faoin 30 Meitheamh XXXX [1 bhliain amháin tar éis don Rialachán teacht chun bheith infheidhme], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.

4.Beidh gníomhaíochtaí faireacháin ar chomhlíontacht bunaithe ar an measúnú ar rioscaí agus déanfar iad trí bhíthin iniúchtaí, cigireachtaí, agallamh, fíorúchán agus scrúdú ar dhoiciméid de réir mar is iomchuí. Orthu sin áireofar gníomhaíochtaí a fógraíodh agus gníomhaíochtaí nár fógraíodh araon. Beidh na gníomhaíochtaí faireacháin comhréireach leis na rioscaí a sainaithníodh.

5.Áiritheoidh comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta ceartúchán tapa ar neamh‑chomhlíontacht iompróirí agus bainisteoirí críochfoirt mar a sainaithníodh le linn a ngníomhaíochtaí faireacháin. Ceanglóidh siad ar iompróirí plean gníomhaíochta a chur isteach chun go leigheasfar neamh‑chomhlíontacht, de réir mar is iomchuí.

6.An clár faireacháin ar chomhlíontacht faoi mhír 1, an measúnú riosca faoi mhír 2 chomh maith lena dtorthaí, cuirfear in iúl don Choimisiún iad faoin 30 Meitheamh XXXX [2 bhliain tar éis don Rialachán teacht chun bheith infheidhme], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin. I gcás inarb infheidhme, áireofar iad sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 20 (3).

Airteagal 23

Comhroinnt faisnéise le comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe

1.Soláthróidh iompróirí, idirghabhálaithe, bainisteoirí críochfoirt agus bainisteoirí moil ilmhódaigh na doiciméid agus an fhaisnéis ábhartha do na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta arna iarraidh sin dóibh gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh de 1 mhí amháin ón iarraidh a fháil.

2.I gcásanna casta, féadfaidh an comhlacht náisiúnta forfheidhmithe síneadh a chur leis an tréimhse seo ar feadh uastréimhse ná trí mhí tar éis an iarraidh a fháil.

3.Ar chomhlíonadh a bhfeidhmeanna dóibh, cuirfidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe san áireamh an fhaisnéis arna cur faoina mbráid ag an gcomhlacht arna ainmniú chun gearáin a láimhseáil, más comhlacht eile é sin.

Airteagal 24

Comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún

1.Seolfaidh na Ballstáit faisnéis ábhartha go tráthrialta chuig an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus cuirfidh sé an fhaisnéis seo ar fáil i bhfoirm leictreonach do na Ballstáit eile.

2.Arna iarraidh sin don Choimisiún, déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe imscrúdú ar chleachtais amhrasta shonracha neamhchomhlíontachta leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, ar neamhchomhlíontacht í ag iompróir, bainisteoir críochfoirt nó idirghabhálaí amháin nó ag roinnt díobh í, agus tuairisceoidh siad a dtorthaí don Choimisiún laistigh de 4 mhí ón iarraidh a fháil.’

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 25

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear do na rialacha nó do na bearta sin.

Airteagal 26

Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh an coiste a bhunaítear le hAirteagal 38 de Rialachán (AE) 2021/782 cúnamh don Choimisiún.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 27

Tuarascáil

Faoi XXX [5 bliana tar éis dháta a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 28], tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus na torthaí a bheidh air.

Beidh an tuarascáil bunaithe ar fhaisnéis a chuirfear ar fáil de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 28

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó [1 bhliain amháin tar éis a theacht i bhfeidhm].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future’ [An Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a sheoladh ar bhealach a leasa don todhchaí], COM/2020/789 final, 9.12.2020.
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1); Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe le linn dóibh a bheith ag taisteal le (IO L 204, 26.7.2006, lch. 1); Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (athmhúnlú) (IO L 172, 17.5.2021, lch. 1); Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1); Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch 1).
(3)    COM(2023)753 final an 29.11.2023.
(4)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2017 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise ar an iompar ilmhódach ar fud an Aontais (IO L 272, 21.10.2017, lch. 1).
(5)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12912-EU-wide-multimodal-travel-new-specifications-for-information-services_en .
(6)    Togra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir 2010/40/AE maidir leis an gcreat um Chórais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair ar bóthar agus um chomhéadain le modhanna eile iompair, COM(2021)813 final - 2021/0419 (COD) - (Tháinig PE agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir leis an téacs sealadach i mí an Mheithimh 2023).
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Spás coiteann Eorpach do shonraí soghluaisteachta a chruthú, COM(2023)751 final an 29.11.2023.
(8)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An Gníomh um Shonraí), COM(2023) 68 final an 23.2.2022.
(9)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí, COM(2021)281 an 3.6.2021.
(10)    Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1).
(11)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2015/2302 chun cosaint taistealaithe a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun gnéithe áirithe den Treoir a shimpliú agus a shoiléiriú, COM(2023)905 final an 29.11.2023.
(12)    Togra lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 261/2004, (CE) Uimh. 1107/2006, (AE) Uimh. 1177/20, (AE) Uimh. 181/2011 agus (AE) 2021/782 a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú ceart paisinéirí san Aontas, COM(2023)753 final an 29.11.2023.
(13)    Féach fonóta 2 thuas.
(14)    Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara, féach an tuarascáil achoimre in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair SWD(2023)386.
(15)     https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/f176da6f-d9ca-11e9-9c4e-01aa75ed71a1 .
(16)    SWD(2023) 386, Iarscríbhinn 1.
(17)    COM(2023)168.
(18)    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras‑Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1153 agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 1315/2013, COM/2021/812 final an 14.12.2021 - 2021/0420(COD).
(19)    IO C […], […], lch. […].
(20)    IO C […], […], lch. […].
(21)    Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/261/oj; Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe le linn dóibh a bheith ag taisteal le haerlíne IO L 204, 26.7.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1107/oj; Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (athmhúnlú) IO L 172, 17.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/782/oj; Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, IO L 334, 17.12.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1177/oj; Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, IO L 55, 28.2.2011, lch 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/181/oj.
(22)    Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2302/oj ).
(23)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2017 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise ar an iompar ilmhódach ar fud an Aontais (IO L 272, 21.10.2017, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/1926/oj ).
(24)    Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach don mhargadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2014/651/oj ).
(25)    Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70), ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj.
(26)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj ).
(27)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj ).
(28)    Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1,) ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/261/oj; Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe le linn dóibh a bheith ag taisteal le haerlíne, (IO L 204, 26.7.2006, lch. 1,) ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1107/oj; Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (athmhúnlú), (IO L 172, 17.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/782/oj); Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1177/oj); Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, (IO L 55, 28.2.2011, lch 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/181/oj.)
(29)    Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2302/oj ).
(30)    Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2394/oj ,); Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha’) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2005/29/oj ); Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2013/11/oj ); Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1 ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2020/1828/oj ,); Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1993/13/oj).
(31)    Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2302/oj ).
(32)    Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2302/oj ).
(33)    Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadain le modhanna eile iompair (IO L 207, 6.8.2010, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2010/40/oj ). 
(34)    Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 178, 28.6.2013, lch. 1.

An Bhruiséil,29.11.2023

COM(2023) 752 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cearta paisinéirí i gcomhthéacs turas ilmhódach

{SEC(2023) 392 final} - {SWD(2023) 386 final} - {SWD(2023) 387 final} - {SWD(2023) 389 final}


IARSCRÍBHINN I

Liosta de nóid uirbeacha

An Bheilg

Antuairp

Arlon

Brugge

Bruxelles/An Bhruiséil

Charleroi

Gent

Hasselt

Lováin

Liège

Namur

Ottignies‑Louvain‑la-Neuve

An Bhulgáir

Burgas

Plovdiv

Ruse

Sóifia

Stara Zagora

Varna

Vidin

Poblacht na Seice

Brno

České Budějovice

Hradec Králové

Liberec

Olomouc

Ostrava

Pardubice

Plzeň

Prág

Ústí nad Labem

An Danmhairg

Aalborg

Århus

Cóbanhávan

Odense

An Ghearmáin

Aachen

Augsburg

Beirlín

Bielefeld

Bochum

Bonn

Bottrop

Braunschweig

Bremen

Bremerhaven

Chemnitz

Darmstadt

Dortmund

Dresden

Duisburg

Düsseldorf

Erfurt

Erlangen

Essen

Frankfurt am Main

Freiburg im Breisgau

Fürth

Gelsenkirchen

Giessen

Göttingen

Gütersloh

Hagen

Halle (Saale)

Hamburg

Hamm

Hannover

Heidelberg

Heilbronn

Herne

Hildesheim

Ingolstadt

Jena

Kaiserslautern

Karlsruhe

Kassel

Kiel

Koblenz

Köln

Krefeld

Landshut

Leipzig

Leverkusen

Lübeck

Ludwigshafen am Rhein

Magdeburg

Mainz

Mannheim

Mönchengladbach

Mülheim an der Ruhr

München

Münster

Neuss

Nürnberg

Oberhausen

Offenbach am Main

Oldenburg (Oldenburg)

Osnabrück

Paderborn

Pforzheim

Potsdam

Recklinghausen

Regensburg

Rostock

Saarbrücken

Siegen

Solingen

Stuttgart

Trier

Ulm

Wiesbaden

Wolfsburg

Wuppertal

Würzburg

An Eastóin

Taillinn

Tartu

Éire

Corcaigh

Baile Átha Cliath

Gaillimh

 

An Ghréig

Alexandroupolis

An Aithin

Chalkida

Chania

Heraklion

Ioannina

Kerkyra

Kozani

Lamia

Larisa

Mytilini

Patras

Rodos

Syros

Thessaloniki

Volos

An Spáinn

A Coruña

Albacete

Algeciras

Alicante

Almería

Badajoz

Limistéar Cathrach Barcelona

Limistéar Cathrach Bilbao

Burgos

Caceres

Cádiz

Cartagena

Castelló

Ceuta

Córdoba

Elche

Ferrol

Gijón

Gerona

Granada

Huelva

Jaén

Jerez

Limistéar Cathrach Las Palmas de Gran Canaria

León

Lérida

Logroño

Lugo

Limistéar Cathrach Mhaidrid

Málaga

Marbella

Melilla

Murcia

Ourense

Oviedo

Palma de Mallorca

Pamplona

Salamanca

San Sebastián‑Donostia

Limistéar Cathrach Santa Cruz de Tenerife

Santander

Santiago de compostela

Limistéar Cathrach Sevilla

Limistéar Cathrach Tarragona-Reus

Valencia

Valladolid

Vigo

Vitoria-Gasteiz

Zaragoza

An Fhrainc

Aix-en‑Provence

Ajaccio (an Chorsaic)

Amiens

Angers

Annecy

Besançon

Bordeaux

Brest

Caen

Cayenne

Clermont‑Ferrand

Dijon

Grenoble

Guadeloupe

Le Havre

Le Mans

Lille

Limoges

Limistéar Cathrach Lyon

Martinique

Marseille

Mayotte

Metz

Montpellier

Mulhouse

Nancy

Nantes

Nice

Nimes

Orléans

Limistéar Cathrach Pháras

Perpignan

Poitiers

La Réunion

Reims

Rennes

Rouen

Saint‑Étienne

Strasbourg

Toulon

Toulouse

Tours

An Chróit

Osijek

Rijeka

Split

Varaždin

Ságrab

An Iodáil

Ancona

Andria

Aosta

Bari

Bergamo

Bologna

Bolzano

Brescia

Cagliari

Campobasso

Catania

Ferra

Firenze

Foggia

Forlì

Genova

Latina

Lecce

Livorno

Messina

Milano

Modena

Monza

Napoli

Novara

Padova

Palermo

Parma

Perugia

Pescara

Piacenza

Potenza

Prato

Ravenna

Reggio Calabria

Reggio Emilia

Rimini

An Róimh

Salerno

Sassari

Siracusa

Taranto

Terni

Torino

Trento

Trieste

Udine

Venezia

Verona

Vicenza

An Chipir

Lefkosia

Lemesos

Larnaka

An Laitvia

Ríge

An Liotuáin

Kaunas

Klaipėda

Panevėžys

Šiauliai

Vilnias

Lucsamburg

Lucsamburg

An Ungáir

Búdaipeist

Debrecen

Győr

Kecskemét

Miskolc

Nyíregyháza

Pécs

Szeged

Székesfehérvár

Málta

Vaileite

An Ísiltír

Alkmaar

Almere

Amersfoort

Amstardam

Apeldoorn

Arnhem

Breda

Den Bosch

an Háig

Dordrecht

Eindhoven

Emmen

Enschede

Groningen

Haarlem

Leeuwarden

Leiden

Maastricht

Middelburg

Nijmegen

Rotterdam

Tilburg

Utrecht

Venlo

Zoetermeer

Zwolle

An Ostair

Bregenz

Eisenstadt

Graz

Innsbruck

Klagenfurt

Linz-Wels

Salzburg

Sankt Pölten

Vín

An Pholainn

Białystok

Bielsko-Biała

Bydgoszcz

Częstochowa

Elbląg

Gorzów Wielkopolski

Kalisz

Ceantar Cathrach Katowice / Górnośląska

Kielce

Koszalin

Kraków

Legnica

Lublin

Łódź

Olsztyn

Opole

Płock

Poznań

Radom

Rybnik

Rzeszów

Szczecin‑ Świnoujście

Tarnów

Toruń

Tricity

Wałbrzych

Vársá

Włocławek

Wrocław

Zielona Góra

An Phortaingéil

Barcelos

Braga

Coimbra

Évora

Faro-Loulé

Guimarães

Maidéara

Leiria

Limistéar Cathrach Liospóin

Ponta Delgada (na hAsóir)

Limistéar Cathrach Porto

Vila Nova de Famalicão

Viseu

An Rómáin

Arad

Bacău

Baia Mare

Botoşani

Brăila

Braşov

Búcairist

Buzău

Cluj-Napoca

Constanța

Craiova

Galați

Iaşi

Oradea

Piatra Neamt

Piteşti

Ploieşti

Râmnicu Vâlcea

Satu Mare

Sibiu

Târgu Mureş

Timişoara

An tSlóivéin

Liúibleána

Maribor

An tSlóvaic

An Bhratasláiv

Košice

Nitra

Žilina

An Fhionlainn

Heilsincí

Jyväskylä

Kuopio

Lahti

Oulu

Tampere

Turku-Naantali

An tSualainn

Borås

Eskilstuna

Gävle

Göteborg

Halmstad

Helsingborg

Jönköping

Linköping

Lund

Malmö

Norrköping

Örebro

Södertälje

Stócólm

Sundsvall

Umeå

Uppsala

Västerås

IARSCRÍBHINN II

Íoschaighdeáin um cháilíocht seirbhíse

Faisnéis le haghaidh paisinéirí maidir lena gcearta mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo (ar bhealach trédhearcach, inrochtana, neamh‑idirdhealaitheach, éifeachtach agus comhréireach), agus ticéid

Poncúlacht seirbhísí, agus prionsabail ghinearálta chun déileáil le suaití seirbhísí

An líon nasc a cailleadh

An céatadán nasc a cailleadh

Glaineacht an mhodha iompair paisinéirí agus na saoráidí críochfoirt (cáilíocht an aeir agus rialú teochtaí laistigh, sláinteachas saoráidí sláintíochta, etc.)

Torthaí an tsuirbhé nó na suirbhéanna maidir le sástacht na gcustaiméirí

Láimhseáil gearán 

i.    an líon gearán,

ii.    cineálacha gearán agus

iii.    toradh na ngearán,

iv.    aisíocaíochtaí agus

v.    cúiteamh as neamh‑chomhlíontacht caighdeán cáilíochta seirbhíse

Cúnamh a sholáthraítear do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (PRM)

i.    an líon seirbhísí iompair a séanadh le haghaidh PRM, agus an chúis leis sin;

ii.    a madra cuidithe aitheanta nó a dtrealamh soghluaisteachta agus na cúiseanna leis sin,

iii.    an líon cásanna a bhaineann le caillteanas nó damáistí trealaimh soghluaisteachta agus a dtoradh,

iv.    an líon cásanna inar chuir an t‑iompróir d’oibleagáid ar dhuine faoi mhíchumas nó ar dhuine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe a áirithiú go mbeidh duine á thionlacan chun na ceanglais sábháilteachta a chomhlíonadh,

v.    pléití maidir leis an gcúnamh sin le heagraíochtaí ionadaíocha agus, i gcás inarb ábhartha, ionadaithe PRM

vi.    cur chun feidhme na hoiliúna maidir le feasacht ar mhíchumas agus cúnamh lena aghaidh