An Bhruiséil,7.11.2023

COM(2023) 702 final

2023/0396(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 92/106/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le creat tacaíochta um iompar idirmhódúil earraí agus Rialachán (AE) 2020/1056 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coigilteas costas seachtrach a ríomh agus sonraí comhiomlánaithe a ghiniúint

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2023) 373 final} - {SWD(2023) 351 final} - {SWD(2023) 352 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ordaítear leis an Dlí Aeráide Eorpach gur gá don Aontas Eorpach na hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) ar fud a gheilleagar a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990 agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 1 . Leis an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip 2 cuireadh in iúl an gá le laghdú 90 % a dhéanamh ar astaíochtaí GCT an iompair faoi 2050 chun an aeráidneodracht a bhaint amach. Leis an bPlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer Agus Ithir Saor ó Thruailliú 3 cuirtear an t‑aistriú chuig an iompar níos glaine chun cinn chun an truailliú aeir agus torainn a laghdú. Thairis sin, chun a spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, is gá don Aontas feabhas a chur ar a éifeachtúlacht fuinnimh freisin, mar a cuireadh i dtábhacht i bpacáiste REPowerEU 4 , lena liostaítear an t‑athbhreithniú ar an Treoir maidir le hIompar Comhcheangailte (‘CTD’ nó ‘an Treoir’ anseo feasta) 5 mar uirlis thábhachtach i dtaca leis sin 6 .

Is gá cur chuige cuimsitheach le haghaidh an aistrithe i dtreo an iompair lasta ísealastaíochtaí agus ísil ídithe fuinnimh. Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (SSMS) 7 , cuirtear i dtábhacht nach mór leas a bhaint as na seifteanna beartais uile chun móid níos inbhuanaithe a dhéanamh de na móid iompair uile, roghanna malartacha inbhuanaithe a chur ar fáil go forleathan i gcóras iompair ilmhódúil, agus na dreasachtaí cearta a chur i bhfeidhm chun an t‑aistriú a bhrú ar aghaidh. Iarrtar gníomhaíochtaí cinntitheacha leis an Straitéis i dtreo úsáid a bhaint as móid iompair inbhuanaithe, go háirithe trí mhéid substaintiúil lasta a aistriú chuig an iarnród, uiscebhealaí intíre, agus an loingseoireacht ghearrthurais. De réir na ngarspriocanna atá in SSMS, ba cheart an trácht lasta iarnróid a dhúbailt agus méadú 50 % teacht ar an trácht lastais ar uiscebhealaí intíre agus leis an loingseoireacht ghearrthurais faoi 2050. Ar an gcaoi chéanna, leis an gComhaontú Glas don Eoraip, iarradh go n‑aistreofaí cuid shubstaintiúil den 75 % de lasta intíre a iompraítear ar bóthar sa lá atá inniu ann chuig an iarnród agus chuig uiscebhealaí intíre.

An t‑iompar lasta idirmhódúil lena n‑áirítear an t‑iompar traschórais 8 (dá ngairtear araon le chéile ‘an t‑iompar idirmhódúil’ anseo feasta), tá sé fíor‑riachtanach chun leibhéil ghlactha níos airde a chumasú ó thaobh an iompair lasta iarnróid agus an uisce‑iompair lasta de, modhanna nach soláthraíonn réitigh iompair ó dhoras go doras ach go fíorannamh. An tráth céanna, tá an meánchostas seachtrach le haghaidh an iompair iarnróid agus uiscebhealaí intíre in aghaidh an tona‑km (tkm) beagnach a thrí oiread níos ísle, sin é EUR 0,013 in aghaidh an tkm agus EUR 0,019 in aghaidh an tkm, faoi seach, i gcomparáid leis an meánchostas seachtrach le haghaidh Feithiclí Earraí Troma (HGV), sin é EUR 0,042 in aghaidh an tkm. Leis an iompar idirmhódúil, lena n‑áirítear céimeanna bóthair friothálacha ag tús agus/nó ag deireadh na hoibríochta, comhcheanglaítear an fheidhmíocht chomhshaoil agus an éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr a bhaineann leis na móid iompair neamhbhóthair sin le hinrochtaineacht agus le solúbthacht an iompair ar bóthar. Cumasaítear leis an iompar idirmhódúil úsáid a bhaint as meascadh éifeachtúil na mód iompair, agus cuirtear chun cinn go háirithe na móid sin ag a bhfuil loirg chomhshaoil níos ísle ar bhonn comparáideach, rud lena mbarrfheabhsaítear úsáid an ghréasáin iompair agus na hacmhainní atá ann cheana agus lena laghdaítear astaíochtaí agus an t‑ídiú fuinnimh.

Dá bhrí sin, tá baint ríthábhachtach ag an iompar idirmhódúil le huaillmhian SSMS agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip araon a bhaint amach. Fógraíodh dá réir sin le SSMS, chun tacú le hoibríochtaí lasta san Eoraip a ghlasú, gur gá athchóiriú substaintiúil a dhéanamh ar an gcreat atá ann cheana um an iompar idirmhódúil agus nach mór uirlis éifeachtach a dhéanamh de.

Fiú má tá méadú substaintiúil tagtha ar an bhfeidhmíocht le 30 bliain anuas ó thaobh mhéideanna an iompair idirmhódúil de, is ag an iompar ar bóthar atá an lámh in uachtar ar an iompar lasta san Aontas fós, toisc gur minic nach mbíonn an t‑iompar idirmhódúil iomaíoch leis an iompar nach dtéann ach ar bhóithre amháin i ngeall ar thosca éagsúla. Ar dtús, braitheann rath an iompair idirmhódúil ar fheidhmíocht (infhaighteacht, iontaofacht, poncúlacht, luas) agus ar chostas gach coda den slabhra, i.e., na seirbhísí a chuirtear ar fáil leis an iompar iarnróid agus leis an uisce‑iompar, le críochfoirt trasloingsithe mar aon leis an iompar ar bóthar go feadh na ‘míle deiridh’. Tá bearnaí feidhmíochta sna heilimintí uile sin is gá aghaidh a thabhairt orthu le hiarrachtaí reachtaíochta earnálaí agus le hiarrachtaí ón tionscal faoi seach. An dara pointe, fad a bhíonn leibhéal inmheánaithe na gcostas seachtrach idir na móid difriúil, níl an t‑iompar neamhbhóthair ná an t‑iompar idirmhódúil ar achair mheánaistir iomaíoch ó thaobh praghais de le hoibríochtaí nach dtéann ach ar bhóithre amháin. Sonraíodh le SSMS gur gá tacar cuimsitheach beart chun praghsáil chothrom agus éifeachtúil a sholáthar sna móid iompair uile. Is ansin amháin a ghlacfadh truaillitheoirí agus úsáideoirí lánfhreagracht as na costais a ghineann siad, rud a d’fhágfadh go mbeidh úsáideoirí in ann roghanna a dhéanamh a bheadh ailínithe leis an rud is fearr don tsochaí. Le SSMS, tá coinne leis freisin go mbeidh inmheánú iomlán na gcostas seachtrach curtha i gcrích laistigh den Aontas Eorpach faoi 2050, rud a fhágann go bhfuil sé fíor‑riachtanach gníomhaíocht bhreise a dhéanamh roimh an tráth sin, chun na cuspóirí comhshaoil ar a dtugtar tuairisc thuas a chomhlíonadh faoi 2050.

Ó bhí 1975 ann, bhí ionstraim ag an Aontas 9 chun tacú le hoibríochtaí iompair idirmhódúil incháilithe (i.e. an t‑iompar traschórais) agus é de chuspóir léi iomaíochas an iompair traschórais vis‑à‑vis an t‑iompar lasta nach dtéann ach ar bhóithre amháin a mhéadú agus leis sin, leibhéil ghlactha níos airde ó thaobh an iompair traschórais de a bhaint amach.

In 1992, cuireadh Treoir 92/106/CEE ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh cineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (CTD) in ionad na hionstraime sin. Is é cuspóir CTD beartais idirmhódúla eile a chomhlánú chun iompar níos iomaíche a dhéanamh den iompar idirmhódúil lena mbaineann an t‑iarnród, uiscebhealaí intíre agus an loingseoireacht ghearrthurais, measctha le céimeanna bóthair teoranta. Is í CTD an t‑aon ionstraim dlí de chuid an Aontas a thacaíonn leis an iompar idirmhódúil go díreach agus dá bhrí sin, a dhreasaíonn an t‑aistriú ón iompar lasta ar bóthar chuig móid iompair lena mbaineann astaíochtaí níos ísle.

Chun éifeachtacht CTD a mhéadú, rinne an Coimisiún togra in 1998 chun í a leasú, ach toisc nár tháinig aon toradh as an gcaibidlíocht, tharraing sé an Treoir siar in 2001.

In 2016, rinne an Coimisiún meastóireacht REFIT 10 . Fuarthas amach leis an meastóireacht gurb ionstraim ábhartha fós í CTD chun tacú leis an iompar traschórais, ach go bhfuil deis shuntasach ann chun tuilleadh feabhais a chur ar éifeachtacht na Treorach toisc go bhfuil cuid áirithe dá forálacha as dáta nó míshoiléir. Ar na heasnaimh, áirítear critéir chúnga incháilitheachta, tacaíocht eacnamaíoch neamh‑leordhóthanach agus úsáid na ndoiciméad páipéir. Dá éis sin, rinne an Coimisiún togra nua in 2017. Tarraingíodh an togra sin siar in 2020 toisc gur tháinig toradh as an gcaibidlíocht idir na comhreachtóirí lena laghdófaí uaillmhian CTD tráth arbh amhlaidh, ó thaobh na gcuspóirí polaitíochta de, mar a léirítear sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip 11 , gur ghá a mhalairt a dhéanamh.

Chun na hionchais sin a chomhlíonadh, tá togra nua ullmhaithe ag an gCoimisiún chun CTD a leasú. Is é cuspóir an tionscnaimh sin fócas an chreata tacaíochta a chruthaítear leis an Treoir seo a athdhíriú, agus leis sin, iomaíochas an iompair idirmhódúil i gcomparáid leis an iompar cianaistir ar bóthar a mhéadú chun an t‑aistriú ón iompar lasta ar bóthar chuig móid iompair eile a spreagadh, agus leis sin, costais sheachtracha a laghdú.

Tá feidhm ag an Treoir leasaithe maidir leis an iompar idirmhódúil uile a mhéid a bhaineann sí leis na creataí beartais náisiúnta, agus leis an Treoir bunaítear creat tacaíochta tiomnaithe le haghaidh an fhothacair den iompar idirmhódúil lena ndéantar leibhéal áirithe de chostais sheachtracha a choigilt. An fothacar deiridh sin den iompar idirmhódúil, is é an t‑iompar traschórais atá á thabhairt air fós.

Na ceachtanna a foghlaimíodh ó na tograí a rinneadh in 1998 agus in 2017 agus ó thorthaí na caibidlíochta, cuireadh san áireamh iad agus an togra seo á dhearadh. Go sonrach, is iad seo a leanas na ceachtanna sin:

An gá le cur chuige a bheadh go hiomlán difriúil i leith na gcoinníollacha faoina bhféadfaí tacaíocht a dheonú. Sainítear na coinníollacha in CTD atá i bhfeidhm faoi láthair i dtéarmaí fhad na gcéimeanna difriúla iompair ar bóthar agus neamhbhóthair agus na n‑achar ó chríochfoirt oiriúnacha, rud nach léiríonn na dálaí geografacha iarbhír i gcónaí agus a fhágann go dtagann deacrachtaí chun cinn i gcur chun feidhme na Treorach. Rud is tábhachtaí ná sin, is é nach léiríonn na critéir sin feidhmíocht chomhshaoil na hoibríochta iarbhír, rud a fhágann nach ndírítear tacaíocht ar oibríochtaí a áirithíonn coigilteas costas seachtrach.

Na forálacha maidir le hinfheistíochtaí chun toilleadh críochfoirt leordhóthanach a bhaint amach, cé gur gá iad, ní maith a thagann siad le raon feidhme na Treorach agus chuir roinnt mhaith Ballstát ina n‑aghaidh. Dá bhrí sin, tá aghaidh tugtha orthu sin sa togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán TEN‑T 12 .

Úsáid na réiteach digiteach le haghaidh seiceálacha agus fhorfheidhmiú na comhlíontachta, rud lenar féidir an rochtain a éascú ar shonraí faoi fheidhmiú an mhargaidh freisin agus faoi fheabhas a chur ar éifeachtacht na mbeart tacaíochta eacnamaí.

Cásanna difreáilte sna Ballstáit a fhágann gur gá cuir chuige dhifriúla i leith bearta tacaíochta.

Chun aghaidh a thabhairt ar a chuspóirí, tá struchtúr an tionscnaimh seo bunaithe ar cheithre réimse:

Coinníollacha maidir le tacaíocht agus cruthúnas comhlíontachta

Na coinníollacha faoina dtagann oibríochtaí idirmhódúla faoi raon feidhme na tacaíochta a sholáthraítear leis an Treoir seo, tá siad cuíchóirithe chun sciar níos mó den iompar idirmhódúil a chumhdach, chun deireadh a chur le débhríochtaí agus le féidearthachtaí go mbainfear míléiriú as an Treoir agus go mbeidh láimhseáil neamh‑chomhionann ann agus chun bonn soiléir a leagan síos maidir le cinntí comhlíontachta. Áirítear leis sin coinníollacha maidir leis an raon feidhme geografach, aonaid luchtaithe agus a gcóras aitheantais, láimhseáil na gcoimeádán folamh, an t‑íoschoigilteas costas seachtrach atá le baint amach, an gá le rialacha maidir le coigilteas costas seachtrach a ríomh, agus na hinneachair agus na rialacha i dtaca leis an gcruthúnas comhlíontachta.

Creataí tacaíochta

Is é réasúnaíocht na Treorach ar fad foráil a dhéanamh maidir le creat tacaíochta um an iompar idirmhódúil lena n‑áirítear bearta rialála agus/nó eacnamaíocha iomchuí. Mar sin féin, de réir mheastóireacht REFIT, an creat tacaíochta a bunaíodh leis an Treoir chun iomaíochas coibhneasta an iompair traschórais a fheabhsú, is neamh‑leordhóthanach an tionchar a bhí air. Go deimhin, dheimhnigh 70 freagairt den 100 freagairt a tugadh ar an gcomhairliúchán poiblí oscailte gurbh amhlaidh gur fadhb é sin 13 . Ba é conclúid na tuarascála speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ar an iompar idirmhódúil le déanaí freisin nach raibh tacaíocht don iompar idirmhódúil sách éifeachtach toisc nach raibh aon chothroime iomaíochta ann fós i gcás an iompair lasta idirmhódúil san Aontas 14 . Leis na rialacha nua tugtar an méid seo a leanas isteach sa bhreis ar an tacaíocht atá ann cheana:

1.díolúine rialála nua ar fud an Aontais ó thoirmisc thiomána náisiúnta;

2.oibleagáid ar na Ballstáit anailís a dhéanamh ar na bearta atá i bhfeidhm cheana acu agus creataí beartais náisiúnta a leathnú nó cinn a bhunú - lena n‑áirítear bearta iomchuí de chineál rialála agus/nó eacnamaíoch - chun tacú le glacadh an iompair idirmhódúil;

3.cuspóir go mbainfear laghdú foriomlán 10 % amach ar na costais le haghaidh an iompair traschórais i ngach Ballstát, chun uasghráduithe teicneolaíocha a bheidh ábhartha don iompar idirmhódúil a éascú agus chun naisc nua a bhunú idir críochfoirt nach raibh nasctha roimhe.

Trédhearcacht fheidhmiú an mhargaidh

Mar a fuarthas amach le meastóireacht REFIT, tá easpa trédhearcachta ann a mhéid a bhaineann leis na bearta náisiúnta agus le staid an mhargaidh atá ann cheana, rud a d’fhágfadh go mbeifí in ann measúnú a dhéanamh cé acu atá nó nach bhfuil tacaíocht saincheaptha de réir na staide iarbhír. D’aontaigh 18 bhfreagróir de 49 bhfreagróir an tsuirbhé 15 , nó d’aontaigh siad go láidir leis, go bhfuil bonn eimpíreach in easnamh chun leibhéal oiriúnach na tacaíochta a chinneadh. Ó thaobh an tuairiscithe ón gCoimisiún, beidh sé fós ann, ach na sonraí agus tréimhsí tuairiscithe tugtha cothrom le dáta, agus oibleagáid á chomhlánú, a bheidh ar na Ballstáit chun trédhearcacht a áirithiú ó thaobh na gcreataí beartais náisiúnta ilmhódúla atá á gcur chun feidhme acu chun tacú leis an iompar traschórais. Naisc leis na creataí beartais náisiúnta agus leis na bearta náisiúnta uile, foilseofar iad i dtairseach lárnach a bheidh faoi bhainistíocht an Choimisiúin. Thairis sin, tá clásal athbhreithniúcháin chun athmheasúnú a dhéanamh ar chreat tacaíochta sin an Aontais ann freisin.

Ceanglais trédhearcachta na gcríochfort

Leis an togra seo tugtar ceanglais trédhearcachta choiteanna isteach maidir le críochfoirt, rud lena n‑áirithítear go gcuirfidh na críochfoirt uile sonraí ar fáil go poiblí faoi shaoráidí agus faoi sheirbhísí na gcríochfort. Ina theannta sin, déantar foráil leis an togra maidir leis an bhféidearthacht chun creat catagóirí críochfoirt a bhunú, bunaithe ar leibhéil seirbhíse, i gcás seirbhísí agus saoráidí atá ar fáil. Tá na bearta sin comhlántach leis an athbhreithniú atá beartaithe a dhéanamh ar Rialachán TEN‑T, rud lena dtugtar aghaidh ar thoilleadh agus ar cháilíocht na gcríochfort ar ghréasán TEN‑T. 

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Ní mór an tionscnamh seo a chur i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 16 agus na Teachtaireachta maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip 17 , a leagtar spriocanna síos leo araon chun astaíochtaí GCT a laghdú. Thairis sin, i gcomhthéacs phacáiste REPowerEU 18 a bhfuil sé d’aidhm aige feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh an Aontais agus an t‑athbhreithniú ar CTD a shainaithint mar uirlis thábhachtach ina leith sin 19 , agus an Phlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer Agus Ithir Saor ó Thruailliú 20 rud lena gcuirtear an t‑aistriú chuig iompar níos glaine chun cinn chun an truailliú aeir agus torainn a laghdú. Chomh maith leis sin, iarrtar gníomhaíocht chinntitheach le SSMS chun an t‑iompar lasta a aistriú chuig móid iompair níos inbhuanaithe.

Ba cheart a thabhairt faoi deara go raibh dálaí beartais sonracha a bhí ábhartha don iompar traschórais ann cheana féin roimhe seo. In 1992 d’fhoilsigh an Coimisiún Páipéar Bán maidir le hIompar mar aon le pacáiste reachtach a bhí ag gabháil leis, rud as ar eascair CTD an lae atá inniu ann, lenar léirscaoileadh go hiomlán margadh an iompair traschórais san Aontas agus lena soláthraítear creat tacaíochta an lae atá inniu ann. In 1997, d’fhoilsigh an Coimisiún straitéis thiomnaithe maidir leis an iompar idirmhódúil san Eoraip 21 . Leis an bPáipéar Bán maidir le hIompar ó 2011 22 , leagadh síos an sprioc shonrach chun 30 % den iompar lasta cianaistir ar bóthar (breis agus 300 km) a aistriú chuig an iompar iarnróid nó chuig an uisce‑iompar faoi 2030, agus breis agus 50 % de faoi 2050.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Comhlánaíonn an togra beartais iompair eile, (a) lena ndírítear ar fheidhmíocht chomhshaoil na mód aonarach, (b) lena ndéantar costais sheachtracha a inmheánú trí na prionsabail ‘údar an truaillithe a íocfaidh as’ agus ‘íoc mar a úsáidtear’ a chur i bhfeidhm, agus (c) lena soláthraítear trédhearcacht faoi na seirbhísí atá ar fáil agus na rialacha is infheidhme maidir leis an earnáil nó le codanna di.

Móid níos inbhuanaithe a dhéanamh de mhóid aonaracha i dtéarmaí a n‑éifeachtúlachta fuinnimh agus úsáid na mbreoslaí inbhuanaithe, rud lena laghdaítear dá réir sin costais sheachtracha an iompair, tugadh aghaidh ar na nithe sin le raon uirlisí beartais, amhail caighdeáin feidhmíochta CO2 i gcás feithiclí saothair throm 23 , an Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh Inathnuaite (RED II) 24 , agus an Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha.

Ar an gcaoi chéanna, díríonn raon beart ar inmheánú na gcostas seachtrach cheana féin, agus é d’aidhm acu ligean don tsochaí na roghanna cearta a dhéanamh. Áirítear orthu sin an phraghsáil carbóin, muirir bhonneagair, agus cánacha fuinnimh agus feithicle, a ndéantar iad a choigeartú agus a thabhairt isteach de réir a chéile. Sa deireadh thiar thall, ní mór dóibh teacht le chéile i mbeartas a bheidh comhleanúnach, comhlántach agus comhoiriúnach ar bhonn frithpháirteach, ach de réir SSMS áfach, d’fhéadfadh tréimhse go dtí 2050 a bheith i gceist leis sin 25 .

Cé go bhfuil oibleagáidí trédhearcachta agus tuairiscithe éagsúla i reachtaíocht a bhaineann le móid shonracha cheana, is amhlaidh gur annamh go maith a chumhdaítear an tuairisciú trasmhódúil ná an malartú faisnéise (rud atá ábhartha don iompar idirmhódúil). Thairis sin, braitheann breisluach agus tarraingteacht an iompair idirmhódúil ar fheidhmíocht na mód aonarach agus an toillte bonneagair atá ar fáil. Dá bhrí sin, tá an tionscnamh seo forbartha i ndlúthchomhar le reachtaíocht agus le tograí reachtacha eile iompair, lena n‑áirítear an reachtaíocht agus na tograí sin atá laistigh den Phacáiste um Iompar a Ghlasú, ar páirt de an tionscnamh seo.

Tá naisc láidre ag an tionscnamh seo le codanna eile den phacáiste sin freisin, go háirithe an tionscnamh chun sciar an iarnróid san iompar idirnáisiúnta a mhéadú 26 agus an t‑athbhreithniú ar an Treoir maidir le Meáchain agus Toisí 27 , ar an iompar ar bóthar, agus tá an tionscnamh agus an Treoir araon tábhachtach chun deireadh a chur le bacainní roimh an iompar idirmhódúil a bhaineann le móid shonracha.

Thairis sin, creat coiteann nua an Aontais um Chuntasaíocht na n‑astaíochtaí GCT san iompar agus sa lóistíocht (CEEU) agus cur chun feidhme an Rialacháin maidir le Faisnéis Leictreonach faoi Iompar Lastais (eFTI) 28 , cuireann siad leis an gcreat teicniúil chun CTD athbhreithnithe a chur chun feidhme.

Tá an t‑athbhreithniú i gcomhréir freisin le Teachtaireacht Naiades 29 a glacadh le déanaí, lena n‑iarrtar go ndéanfaí uiscebhealaí intíre a chomhtháthú níos mó i gcóras iompair idirmhódúil tras‑Eorpach nua‑aimseartha.

Ina theannta sin, réamhchoinníoll chun an t‑iompar idirmhódúil agus ilmhódúil a úsáid is é infhaighteacht an bhonneagair iomchuí agus toilleadh leordhóthanach a bheith i gceist. Léirigh an staidéar a rinneadh le déanaí ar theicneolaíochtaí an trasloingsithe 30 go bhfuil easnaimh ar ghréasán TEN‑T i gcás an iompair idirmhódúil, agus go bhfuil an toilleadh trasloingsithe atá ann cheana neamh‑leordhóthanach i gcás an iompair iarnróid agus an uisce‑iompair. Fadhb thoilleadh na gcríochfort, tugadh aghaidh uirthi sa togra ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar Rialachán TEN‑T 31 , lena n‑áirítear oibleagáid ar na Ballstáit den chéad uair chun toilleadh ilmhódúil leordhóthanach i gcríochfoirt lasta a áirithiú bunaithe ar anailís agus ar phlean gníomhaíochta tiomnaithe. Is féidir coinne a bheith leis go soláthrófar toilleadh bonneagair níos fearr i gcás an iompair idirmhódúil de bharr na mbeart sin i gcaitheamh na chéad deacáide eile.

Na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo, tá siad gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha ábhartha maidir leis an Státchabhair. Leis an Treoir seo, saineofar na critéir le haghaidh catagóir oibríochtaí ag a bhfuil an acmhainneacht is airde chun costais sheachtracha san iompar a laghdú agus leagfar cuspóirí beartais síos chun an fothacar oibríochtaí sin a chur chun cinn. Féadfaidh na Ballstáit cuimhneamh ar bhearta Státchabhrach a thabhairt isteach inter alia chun na cuspóirí beartais in CTD athbhreithnithe a bhaint amach. Mura ndéantar ach bearta a chuimsiú i gcreata beartais náisiúnta a achtaítear bunaithe ar an Treoir seo, ní fhágann sé sin go mbeidh na Ballstáit díolmhaithe ón measúnú comhoiriúnachta, rud a thagann faoi inniúlacht eisiach an Choimisiúin.

Tá an togra seo i gcomhréir le tograí deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa freisin, go háirithe Togra 3 maidir leis an athrú aeráide, fuinneamh agus iompar, togra lena n‑iarrtar go rachfaí i ngleic leis an athrú aeráide agus go n‑urramófaí na spriocanna aeráide domhanda.

Ar deireadh, ba cheart é a thabhairt faoi deara gur tharraing páirtithe leasmhara áirithe nasc idir CTD agus an cabatáiste bóthair anuas. Tá sé ábhartha agus tábhachtach fós go leanfar den iompar traschórais idirnáisiúnta agus den iompar idirnáisiúnta ar bóthar a láimhseáil ar bhealach comhionann a mhéid a bhaineann le tarlóirí neamhchónaitheacha a úsáid, dá ndéantar foráil in Airteagal 4 de CTD. San athbhreithniú ar Rialachán (AE) 1072/2009 in 2020 32 , rinne na comhreachtóirí foráil maidir le maolú ó Airteagal 4 de CTD (ach díreach i gcás ina mbaintear mí‑úsáid as) agus dheimhnigh siad, an tráth céanna, go raibh Airteagal 4 úsáideach agus fós i bhfeidhm 33 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

An bunús dlí

Le Teideal VI (Airteagail 90-100) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), bunaítear sainphribhléid an Aontais chun forálacha a dhéanamh maidir leis an gcomhbheartas iompair. Déantar foráil le hAirteagal 91(1), pointe (c), CFAE go bhfuil inniúlacht ag an Aontas i réimse an iompair chun bearta a leagan síos chun feabhas a chur ar shábháilteacht an iompair, agus le hAirteagal 91(1), pointe (d), CFAE déantar foráil maidir leis an inniúlacht chéanna a mhéid a bhaineann le ‘haon fhoráil iomchuí eile’.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach) 

Gné den fhadhb a bhaineann leis an Aontas Eorpach

Faoi phrionsabal na coimhdeachta, i réimsí nach dtagann faoi réim inniúlacht eisiach an Aontais, ní féidir leis gníomhú ach mura féidir, agus a mhéid nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta molta a ghnóthú go leordhóthanach. Is fadhbanna trasteorann iad costais sheachtracha an iompair, go háirithe na costais sin a bhaineann leis an athrú aeráide, agus fadhbanna nach féidir a réiteach le gníomhaíochtaí náisiúnta ná áitiúla amháin. Baineann an gá práinneach le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí GCT a tháirgeann an t‑iompar lasta le hoibríochtaí trasteorann ach an oiread chéanna le hoibríochtaí intíre. Dá réir sin, is ar leibhéal an Aontais Eorpaigh nach mór aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb atá sainaitheanta, toisc go bhfuil gné thrasteorann i gceist.

Gníomhaíocht bhreisluacha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh

Is éard is aidhm don tionscnamh leibhéil ghlactha an iompair idirmhódúil a chur chun cinn ar fud an Aontais, arb iompar idir na Ballstáit atá in 81 % den iompar céanna, trí bhearta tacaíochta atá bunaithe ar choinníollacha incháilitheachta coiteanna. Ó thaobh cúrsaí beartais agus an mhargaidh inmheánaigh de, tá sé tábhachtach a áirithiú gurb infheidhme ar bhealach comparáideach ar fud an Aontais ar fad iad na tairbhí dá ndéantar foráil. Mar gheall ar chineál teoranta CTD atá i bhfeidhm faoi láthair, dhear Ballstáit áirithe tacaíocht dhifreáilte d’oibríochtaí iompair idirmhódúil i bhfoirm tacaíocht rialála neamh‑chomhchuibhithe mar aon le tacaíocht atá faoi na rialacha maidir leis an Státchabhair. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé nach mbeadh faisnéis faoi infhaighteacht na mbeart tacaíochta sin chomh hinrochtana céanna do na hoibreoirí uile, go háirithe i gcás oibríochtaí trasteorann. D’fhéadfadh buntáiste iomaíoch a bheith faighte ag oibreoirí áirithe, agus tionchair lasmuigh dá dteorainn náisiúnta féin i gceist leis an mbuntáiste céanna. Tá sé d’aidhm ag gníomhaíocht an Aontais cuidiú leis an láimhseáil inchomparáide a chruthú i gcás oibreoirí ar fud an Aontais, rud lena ndéantar nósanna imeachta riaracháin a shimpliú don tionscal, do na Ballstáit agus don Choimisiún agus feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ní féidir é sin a bhaint amach trí reachtaíocht a dhéanamh ar leibhéal na mBallstát amháin.

Comhréireacht

Rinneadh roghanna maidir leis na bearta beartais ábhartha agus leis an rogha beartais atá mar struchtúr don tionscnamh seo agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta, agus mar thoradh air sin bhí an cur chuige chomh cothrom agus ab fhéidir. Cé go gcuirtear oibleagáid ar na Ballstáit leis an togra tacaíocht a sholáthar do chineálacha áirithe oibríochtaí iompair idirmhódúil, léirigh an measúnú tionchair nach mbeidh an rogha beartais nach bhfuil i gceist léi ach tacaíocht dheonach na mBallstát agus é sin amháin, leordhóthanach chun an cuspóir a bhaint amach. Leis an rogha beartais atá roghnaithe, áirithítear aistriú módúil leordhóthanach ar chostas réasúnach.

An rogha ionstraime

Leis an rogha ionstraime, fágann an leasú ar an Treoir atá ann cheana go mbainfear an cuspóir amach go sásúil, is é sin, feabhas a chur ar iomaíochas an iompair idirmhódúil, agus é á áirithiú go gcloífear le prionsabail na coimhdeachta an tráth céanna. Chun an tacaíocht a áirithiú, beidh sé de shaoirse ag na Ballstáit a gcreataí beartais féin a chur ar bun agus na bearta tacaíochta is ábhartha i gceist.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinneadh meastóireacht 34 ar CTD in 2014-2016 agus fuarthas amach go bhfuil an Treoir ina hionstraim ábhartha fós chun tacú leis an iompar lasta lena gcomhcheanglaítear móid difriúla. Measadh maidir leis an aistriú ón iompar ar bhóithre amháin chuig an iompar idirmhódúil, go bhfuarthas coigilteas bliantúil suas le EUR 2,1 billiún i gcostais sheachtracha in 2011 dá thoradh. Cé nach féidir an coigilteas sin ar fad a shannadh do CTD, suíodh gurbh amhlaidh gan ghníomhaíocht ón Aontas, gur dhócha go mbeadh bacainní roimh sheirbhísí iompair traschórais trasteorann mar gheall ar chórais dlí dhifriúla, rud a d’fhágfadh nach mbeadh seirbhísí iompair traschórais chomh tarraingteach céanna agus go mb’fhéidir nach mbeidís indéanta fiú.

Mar sin féin, roinnt forálacha de CTD, e.g. an ceanglas maidir le doiciméid pháipéir a úsáid, tá siad as dáta toisc go léiríonn siad staid an mhargaidh a bhí ann in 1992. Tá forálacha eile sa Treoir thíos le trasuí agus le cur chun feidhme éagsúil ar leibhéal na mBallstát, rud atá ina údar fadhbanna coincréiteacha don tionscal ar bhonn laethúil agus dá bhrí sin, níl na forálacha sin iomlán éifeachtach. Thairis sin, tá na bearta tacaíochta eacnamaíocha an‑teoranta agus níl tionchar suntasach acu dá bhrí sin ar iomaíochas na n‑oibríochtaí idirmhódúla. Sa chomhairliúchán poiblí, léirigh idir an tionscal agus riaracháin phoiblí go bhfuil na bearta beartais comhréireach chun cuspóirí an bheartais a bhaint amach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go gníomhach le páirtithe leasmhara agus rinne sé comhairliúcháin chuimsitheacha le linn phróiseas an mheasúnaithe tionchair.

Tharla gníomhaíochtaí comhairliúcháin in 2021 agus 2022, idir fhoilsiú an Mheasúnaithe ar Thionchar Tionscanta (IIA) i mí Lúnasa 2021, agus an comhairliúchán spriocdhírithe a dúnadh i mí Lúnasa 2022.

Ba iad seo a leanas cuspóirí na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin:

·faisnéis agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara a bhailiú faoi na príomhfhadhbanna agus na spreagthaí bainteacha, sainiú chuspóirí ábhartha na mbeartas atá nasctha leis na fadhbanna sin, agus sainaithint, sainiú agus scagadh na mbeart beartais a d’fhéadfaí a mheas sa mheasúnú tionchair;

·faisnéis agus tuairimí a bhailiú faoi thionchair dhóchúla na mbeart agus na roghanna beartais.

Mar chuid den sásra aiseolais tosaigh, bhí an fhéidearthacht ag páirtithe leasmhara aiseolas a sholáthar faoi IIA ó 19 Lúnasa go dtí 16 Meán Fómhair 2021. Fuarthas 62 fhreagairt aonaracha san iomlán.

Dá éis sin, bhí comhairliúchán poiblí oscailte inrochtana ar an suíomh gréasáin ‘Cloisimis uait!’ ón 7 Márta go dtí 30 Bealtaine 2022. San iomlán, fuarthas 101 fhreagairt ó pháirtithe leasmhara difriúla. Sholáthair páirtithe leasmhara áirithe páipéir sheasaimh in éineacht lena bhfreagairtí ar an gcomhairliúchán freisin.

Ar deireadh, rinneadh na gníomhaíochtaí comhairliúcháin spriocdhírithe seo a leanas:

·Suirbhé spriocdhírithe ar líne arbh é ab aidhm dó sainiú na faidhbe agus cuspóirí na roghanna beartais a bhailíochtú, ionchur a fháil chun na bearta/roghanna beartais a shainiú ar leibhéal níos mionsonraithe, agus sonraí a sholáthar ar ghá iad chun tacú leis an measúnú ar thionchar na mbeart agus ar na costais lena bhfuil coinne. Ritheadh an suirbhé ón 16 Bealtaine go dtí an 24 Meitheamh 2022 agus fuarthas 59 bhfreagairt.

·Ritheadh agallaimh spriocdhírithe le 29 bpáirtí leasmhara idir mí na Bealtaine agus mí Lúnasa 2022 (lena n‑áirítear trí agallamh thaiscéalaíocha i mí Feabhra 2022).

·Reáchtáladh aon chruinniú le páirtithe leasmhara saineolacha ón tionscal an 25 Deireadh Fómhair 2022. Bhí 60 rannpháirtí ann, arbh ionadaithe ar son 55 eagraíocht iad.

Nochtadh leis na gníomhaíochtaí comhairliúcháin go raibh cuid mhór de na páirtithe leasmhara ar aon tuairim le chéile sa mhéid gur chreid siad go bhfuil na fadhbanna agus cuspóirí an tionscnaimh ábhartha ar mhaithe leis an iompar idirmhódúil a fhorbairt.

Le comhairliúchán IIA agus leis an gcomhairliúchán poiblí oscailte, díríodh ar an bhfadhb ar leibhéal ní b’airde, agus dá éis sin, bhí cur chuige ní ba mhionsonraithe agus ní ba chórasaí i gceist leis an suirbhé agus leis na hagallaimh i leith an fhadhb a shonrú mar aon le cuspóir bainteach le haghaidh an athbhreithnithe ar CTD. Téama coiteann san aiseolas faoi IIA ab ea easpa na soiléireachta maidir leis an sainiú in CTD atá i bhfeidhm faoi láthair, agus tugadh le fios i bhfreagairtí eile gur cheart fócas níos mó a bheith i gceist le CTD ar an iompar ar uiscebhealaí intíre agus ar an loingseoireacht ghearrthurais sa bhreis ar an iompar ar bóthar agus ar iarnród.

A mhéid a bhaineann le sainiú na faidhbe, léirigh an comhairliúchán go bhfuil comhdhearcadh cuibheasach forleathan i measc na bpáirtithe leasmhara uile, is é sin, i gcás nach soláthraítear aon tacaíocht, nach raibh an t‑iompar idirmhódúil iomaíoch ach i gcásanna áirithe san Aontas leis an iompar nach dtéann ach ar bhóithre amháin (63 de 95, 66 %). Bhí oibreoirí críochfort ní b’éadóchasaí fós, agus triúr as gach cúigear á mheas nach raibh an t‑iompar idirmhódúil iomaíoch riamh nó beagnach riamh leis an iompar nach dtéann ach ar bhóithre amháin, mura dtacaítear leis. D’aontaigh formhór mór ghrúpaí na bpáirtithe leasmhara tionscail go raibh easpa iomaíochais praghsanna ina chonstaic roimh fhorbairt an iompair idirmhódúil, cé is moite d’eagraithe lasta (e.g. oibreoirí lóistíochta, seoltóirí lastais a bhíonn gníomhach san iompar ar bóthar go príomha), a bhí ní b’amhrasaí ina leith sin go ginearálta.

Shainaithin freagróirí sé thoisc lena ndéantar difear d’iomaíochas an iompair idirmhódúil i gcomparáid leis an iompar nach dtéann ach ar bhóithre amháin: costais trasloingsithe (87 de 94; 93 %) agus easpa críochfort oiriúnach ar na cóngair (85 de 95; 89 %) – sin iad na tosca ba shuntasaí. I gcás an dá thoisc sin, d’aontaigh 75 % d’fhreagróirí ar a laghad ó gach cineál páirtí leasmhair agus ó gach fochatagóir tionscail gur thosca ábhartha iad sin. mheas 80 % de na freagróirí go raibh ceithre thoisc bhreise ábhartha, i.e.: go bhfuil an t‑iompar ar bóthar níos saoire ná an t‑iompar idirmhódúil i gcás oibríochtaí ó dhoras go doras (78 de 94; 83 %); an nós nach mbaintear úsáid ach as an iompar ar bóthar amháin (78 de 94; 83 %); easpa seirbhísí oiriúnacha a bheith ar fáil i gcríochfoirt ar na cóngair (76 de 95; 80 %); agus moill/ aga trasdula níos faide i gcomparáid leis an iompar ar bóthar amháin (73 de 92; 79 %). Maidir le gach ceann díobh sin, bhí na tosca sin ábhartha dar le leath na bhfreagróirí ar a laghad ó gach cineál páirtí leasmhair agus fochatagóir tionscail, agus i measc eagraithe iompair, níor thoisc ábhartha é an t‑iompar ar bóthar a bheith níos saoire ná an t‑iompar idirmhódúil/ilmhódúil i gcás oibríochtaí ó dhoras go doras ach dar le 3 eagraí de 7 díobh.

thug 80 freagróir de 100 (80 %) le tuiscint go raibh difríochtaí in iomaíochas an iompair idirmhódúil i mBallstáit dhifriúla, agus luadh difríochtaí sa bhonneagar agus sna seirbhísí a bhí ar fáil mar chúiseanna coiteanna, mar aon le difríochtaí sa tacaíocht a sholáthraítear.

A mhéid a bhaineann leis an bhfadhb agus le tiománaithe, d’aontaigh 26 fhreagróir de 49 bhfreagróir ar an suirbhé ar pháirtithe leasmhara, nó d’aontaigh siad go láidir, go bhfuil na critéir incháilitheachta atá i bhfeidhm faoi láthair róchúng toisc nach gcumhdaítear ach oibríochtaí idir na Ballstáit, nach mór aonaid luchtaithe a bheith ar íosmhéid chun bheith incháilithe, agus toisc go bhfuil feidhm ag coinníollacha incháilitheachta difriúla maidir le meascáin mhódúla dhifriúla. Thairis sin, chreid 24 fhreagróir de 49 bhfreagróir ar an suirbhé nach bhfuil na critéir incháilitheachta atá i bhfeidhm faoi láthair iomlán ábhartha do ghlacadh an iompair idirmhódúil a chur chun cinn agus le seachtrachtaí a laghdú. Mheas 25 fhreagróir de 49 bhfreagróir ar an suirbhé agus 15 agallaí de 29 n‑agallaí gur féidir léirmhínithe difriúla a bhaint as an sainmhíniú ar an incháilitheacht atá ann faoi láthair.

D’aontaigh 18 bhfreagróir de 49 bhfreagróir ar an suirbhé, nó d’aontaigh siad go láidir, go bhfuil bonn eimpíreach in easnamh chun leibhéal oiriúnach na tacaíochta a chinneadh, toisc go bhfuarthas amach cheana féin leis an meastóireacht ar REFIT go bhfuil creat éifeachtach um fhorbhreathnú ar an margadh in easnamh in CTD a d’fhágfadh go mbeifí in ann bearta tacaíochta a shaincheapadh de réir an cháis iarbhír ar leibhéal an Aontais nó an Bhallstáit. Thacaigh 20 freagróir de 49 bhfreagróir ar an suirbhé leis an gcuspóir feabhas a chur ar shonraí, ar anailís agus ar thuairisciú stádas an iompair idirmhódúil.

De réir na meastóireachta ar REFIT, na bearta tacaíochta leagadh síos le CTD chun iomaíochas coibhneasta an iompair traschórais a mhéadú, tá siad an‑teoranta. D’aontaigh 70 freagairt den 100 freagairt a tugadh ar an gcomhairliúchán poiblí oscailte gurbh amhlaidh gur fadhb é sin, agus d’aontaigh 19 bhfreagróir de 49 bhfreagróir ar an suirbhé ar pháirtithe leasmhara, nó d’aontaigh siad go láidir leis, gur fadhb iad na bearta tacaíochta neamhéifeachtúla, neamhéifeachtacha agus ísle.

Sainaithnítear le SSMS an gá chun feabhas a chur ar an idirmhalartú ilmhódúil sonraí agus ar an mbainistíocht tráchta chliste chun na socruithe casta rialála, riaracháin agus gnó a shimpliú. Úsáideann oibreoirí córais difriúla, agus tá an‑chuid comhéadan, ceanglas maidir le tacair sonraí agus séimeantaice éagsúla ann. D’aontaigh 13 fhreagróir de 49 bhfreagróir ar an suirbhé ar pháirtithe leasmhara go bhfuil easpa idir‑inoibritheachta ann, agus go bhfuil ilroinnt na gcóras comhroinnte sonraí difriúla ina fadhb theorantach thábhachtach. A mhéid a bhaineann leis na neamhéifeachtúlachtaí oibríochtúla i gcríochfoirt, mheas 37 bhfreagróir as 100 freagróir ar an gcomhairliúchán poiblí oscailte gur thoisc é droch‑cháilíocht na seirbhíse i gcríochfoirt lena ndéantar dochar d’iomaíochas an iompair idirmhódúil.

Bailiú agus úsáid saineolais

Rinne conraitheoir seachtrach staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair is bonn faoin togra (Nollaig 2021 - Meitheamh 2023). Sholáthair sé léargas luachmhar, go háirithe a mhéid a bhaineann sé leis na roghanna beartais a dhearadh, measúnú a dhéanamh ar na tionchair lena bhfuil coinne, agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara a n‑imrítear tionchar díreach orthu a bhailiú.

Measúnú tionchair 

Tá na bearta beartais atá cuimsithe sa togra seo bunaithe ar na torthaí ó mheasúnú tionchair. Fuair an tuarascáil ar an measúnú tionchair [SWD(2023)351] tuairim dhiúltach ó Bhord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin i dtosach báire [SEC(2023)373]. Cuireadh an tuarascáil faoi bhráid an Bhoird an athuair ansin é agus fuarthas tuairim dhearfach le hamhrais. Tá aghaidh tugtha ar na moltaí a fuarthas ón mBord agus soláthraítear achoimre ar an gcaoi a ndearnadh é sin in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair.

Measadh cúig rogha beartais i gcomhthéacs an mheasúnaithe tionchair chun na cuspóirí sainaitheanta a bhaint amach. Tugann na cúig rogha sin uile aghaidh ar na saincheisteanna seo a leanas:

·raon oibríochtaí níos leithne a chumhdach faoi choinníollacha comhlíontachta éifeachtacha

·an t‑iomaíochas a mhéadú trí chreat tacaíochta

·an trédhearcacht, an comhar agus an simpliú maidir leis an iontráil sa mhargadh

·feabhas a chur ar an tuairisciú agus ar an bhfaisnéis ar fheidhmiú an mhargaidh.

Is é rogha beartais A an rogha lena mbaineann an idirghabháil is boige ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Tá feidhm ag an rogha sin maidir leis an iompar idirmhódúil uile laistigh den Aontas. Bheadh an incháilitheacht bunaithe ar thacar seachtrachtaí níos leithne, agus bheadh gá le coigilteas 40 % ar a laghad de chostais sheachtracha, agus modheolaíocht leagtha síos a bheadh bunaithe ar na luachanna aonaid ón Lámhleabhar maidir le costais sheachtracha an iompair 35 . Leagfaí an treoraíocht maidir le ríomhanna síos i ngníomh cur chun feidhme 36 . Dhéanfaí athbhreithniú ar na sonraí a bheadh le soláthar chun an incháilitheacht a chruthú agus bheadh na sonraí ceangailte le hardáin eFTI 37 . In ionad na hoibleagáide tuairiscithe débhliantúla atá ar an gCoimisiún faoi láthair, chuirfí glao go ndéanfadh na Ballstáit anailís agus pleanáil straitéiseach go tráthrialta le haghaidh móid iompair inbhuanaithe chun tacaíocht iomchuí a roghnú. I gcás rogha beartais PO‑A, cé nach gcuireann sí d’oibleagáid ar na Ballstáit aon tacaíocht a sholáthar, soláthraítear Bosca uirlisí léi ina bhfuil uirlisí tacaíochta réamhshainithe as ar féidir uirlisí a roghnú. Ar mhaithe le trédhearcacht agus le comhar na gcríochfort, thabharfaí rialacha trédhearcachta coiteanna isteach in éineacht le gníomh cur chun feidhme.

Is é rogha beartais B an rogha lena gcomhcheanglaítear oibleagáidí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh leis an tsolúbthacht chun cásanna náisiúnta sonracha a chur san áireamh. Cuireann an rogha d’oibleagáid ar na Ballstáit tacú leis an iompar idirmhódúil ach tugtar de shaoirse dóibh a rogha a dhéanamh as measc na n‑uirlisí tacaíochta difriúla a liostaítear sa Bhosca uirlisí, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin i gcórais iompair náisiúnta. Tá an rogha beartais sin foroinnte ina trí fhorogha lena ngabhann raon feidhme agus coinníollacha incháilitheachta difriúla. Tá feidhm ag rogha beartais B1 agus le rogha beartais B2a maidir leis na hoibríochtaí idirmhódúla uile laistigh den Aontas, agus níl feidhm ag rogha beartais B2b ach maidir le hoibríochtaí trasteorann laistigh den Aontas agus leo sin amháin. I rogha beartais B1, tá an incháilitheacht bunaithe ar choigilteas GCT agus tairseach 25 % á ríomh trí úsáid a bhaint as modheolaíocht Chomhchreat an Aontais um Chuntasaíocht na n‑astaíochtaí GCT san iompar agus sa lóistíocht (togra CountEmissions an Aontais). I roghanna beartais B2a agus B2b, tá an incháilitheacht bunaithe ar thacar seachtrachtaí níos leithne agus é de cheanglas iontu go mbeidh tairseach choigiltis 40 % i gceist, mar is amhlaidh i rogha A. I bhforoghanna uile rogha beartais B, dhéanfaí athbhreithniú ar na sonraí a bheadh le soláthar chun an incháilitheacht a chruthú agus cheanglófaí le hardáin eFTI iad. I gcás na hanailíse agus an tuairiscithe margaidh, bheadh foroghanna uile rogha beartais B ag brath ar an oibleagáid atá ar an gCoimisiún faoi láthair chun tuarascálacha a ullmhú gach 5 bliana le cúnamh ó na Ballstáit agus trí úsáid a bhaint as staidéir thiomanta anailíse margaidh. I bhforoghanna uile rogha beartais B, bheadh sé de cheangal ar na Ballstáit laghdú foriomlán ar chostais a bhaint amach mar aon le méadú ar uasghráduithe teicneolaíocha, agus é de chead acu roghnú ó Bhosca uirlisí chun a dtacaíocht a oiriúnú d’imthosca náisiúnta laistigh de na teorainneacha ar leith. Thairis sin, iarrtar ar na Ballstáit tionscnamh bealaí idirmhódúla nua a éascú. Ar fhoroghanna uile rogha beartais B, d’áireofaí tairbhe rialála lena ndéanfaí céimeanna bóthair d’oibríochtaí incháilithe a dhíolmhú ó thoirmisc thiomána náisiúnta. Ar mhaithe le trédhearcacht agus comhar na gcríochfort, tá na bearta mar an gcéanna leis na bearta i rogha beartais A.

Is le rogha beartais C a leagtar síos an idirghabháil is láidre ar leibhéal an Aontais. Tá feidhm ag an rogha sin maidir leis na hoibríochtaí uile laistigh den Aontas. Tá an incháilitheacht mar an gcéanna leis an incháilitheacht i gcás rogha beartais A agus fhoroghanna rogha beartais B2, bunaithe ar thacar níos leithne seachtrachtaí lena ngabhann tairseach 40 %. Mar is amhlaidh sna roghanna eile, dhéanfaí athbhreithniú ar na sonraí a bheadh le soláthar chun an incháilitheacht a chruthú agus bheadh na sonraí ceangailte le hardáin eFTI. In ionad oibleagáid tuairiscithe dhébhliantúil an Choimisiúin, chuirfí oibleagáid ar na Ballstáit anailís agus pleanáil straitéiseach a dhéanamh go tráthrialta, lena gcumhdófaí an córas iompair iomlán agus lena n‑áireofaí anailís thrasmhódúil. I gcás uirlisí tacaíochta, cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit tacaíocht chomhchuibhithe a sholáthar chun costas na n‑oibríochtaí incháilithe (an chuid incháilithe díobh) a laghdú, ar oibríochtaí iad a tharlaíonn ina gcríoch ar leibhéal lena spreagtar glacadh an iompair idirmhódúil. Measúnaítear gurb é atá i gceist leis an leibhéal tacaíochta sin 10 % den chostas iomlán ó dhoras go doras a bhaineann leis an oibríocht don seoltóir. Chomh maith leis sin, d’áireofaí tairbhe rialála comhchuibhithe leis an rogha beartais sin lena ndéanfaí céimeanna bóthair d’oibríochtaí incháilithe a dhíolmhú ó thoirmisc thiomána náisiúnta. Le rogha beartais C, ba ghá tacar sonraí thairis sin a leagan síos agus baineann an oibleagáid léi go n‑úsáidfear tacair sonraí agus prótacail malartaithe sonraí choiteanna. Tá na bearta ar mhaithe le trédhearcacht na gcríochfort, mar an gcéanna leis na bearta i roghanna beartais A agus B.

Bunaithe ar an measúnú, sainaithnítear rogha beartais B2a mar an rogha beartais ab fhearr. Comhlíontar an cuspóir léi tríd an aistriú módúil is airde agus coigilteas costas seachtrach is airde a áirithiú agus cóimheas maith i gceist idir costais agus tairbhí, agus comhleanúnachas agus comhlíontacht le prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta á n‑áirithiú an tráth céanna.

Tá coinne leis go mbeidh coigilteas suntasach i gceist leis an rogha beartais ab fhearr i dtaca le costais riaracháin athfhillteacha i gcás gnólachtaí a oibríonn san earnáil idirmhódúil. An coigilteas i dtaca le costais athfhillteacha i gcás oibreoirí a ghabhann don iompar idirmhódúil mar gheall ar úsáid na sonraí leictreonacha agus ardáin eFTI, meastar gur EUR 430 milliún in aghaidh na bliana é an coigilteas sin. An tráth céanna, thabhódh críochfoirt costais riaracháin as an bhfaisnéis is gá a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin a thabhairt cothrom le dáta. An meánchostas bliantúil athfhillteach i gcás na gcríochfort uile in 2025-2035, meastar gur thart faoi EUR 6 100 é. I gcoitinne, is mó iad an coigilteas costas riaracháin ná na costais dhiomaibhseacha, agus meastar gur thart faoi EUR 430 milliún in aghaidh na bliana é an glanchoigilteas costas riaracháin i gcás gnólachtaí.

Chun a áirithiú gur fearr a chomhlíonfar prionsabal na coimhdeachta, lasmuigh de thoradh an mheasúnaithe tionchair, fágtar an tsolúbthacht iomlán ag na Ballstáit chun cineál na mbeart a chuirfidís chun feidhme a roghnú, agus is gá dóibh sprioc 10 % an laghdaithe ar chostais a chomhlíonadh fós. Chun cinntí eolasacha agus baint amach na spriocanna a áirithiú, áirítear oibleagáid leis an rogha beartais ab fhearr ar gach Ballstát chun meastóireacht a dhéanamh ar na bearta atá i bhfeidhm cheana acu agus a d’fhéadfadh a bheith ann, agus na bearta uile a chomhdhlúthú chun Creat Beartais Náisiúnta aonair a dhéanamh. Tá sé sin comhchosúil leis an oibleagáid maidir le hanailís a dhéanamh ar straitéisí trasmhódúla faoi rogha beartais PO‑C, ach níl sé chomh dian céanna. Meastar go mbeidh tionchar beag ar chostais ag an rogha beartais sin (costais bhreise aonuaire suas le EUR 1,1 milliún móide EUR 1.6 milliún de chostais athfhillteacha gach 5 bliana). Leis na hathruithe sin, ní dhéantar athrú suntasach ar rangú na roghanna ná roghnú na rogha beartais ab fhearr.

Cearta bunúsacha

Tá an togra i gcomhréir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Leis an togra, déantar EUR 2 mhilliún d’ardú ar ghlanchostais i gcaitheamh na tréimhse 2025-2050 i gcás Bhuiséad an Aontais. Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar thionchar buiséadach an togra sa Ráiteas Airgeadais Reachtach atá i gceangal leis an togra seo.

Is i bhfoirm forbhreathnaithe tháscaigh a thugtar tuairisc ar an tionchar ar an mbuiséad i ndiaidh an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) atá i bhfeidhm faoi láthair, gan dochar do Chomhaontú CAI amach anseo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ceanglaítear ar na Ballstáit a gCreataí Beartais Náisiúnta (NPF) a ghlacadh agus a fhoilsiú, rud lena dtiomsófar bearta atá ann cheana agus bearta nua, ar bearta iad a bhfuil tionchar ar an iompar idirmhódúil acu, 2 bhliain ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an leasaithe seo agus lena ndéantar measúnú ar thionchar na NPFanna dá gcuid gach 5 bliana dá éis sin. Ní mór dóibh fógra a thabhairt faoi na NPFanna dá gcuid don Choimisiún mar aon le torthaí a meastóireachtaí.

Coinneoidh an Coimisiún súil ar chur chun feidhme, torthaí agus tionchair an togra seo trí oibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos faoin togra seo. 1 bhliain amháin roimh chur i bhfeidhm na Treorach, leagfaidh sé síos an cás bonnlíne ar an margadh agus ansin, 5 bliana tar éis chur i bhfeidhm na Treorach, agus gach 5 bliana dá éis sin, tarraingeoidh sé tuarascáil suas faoi fhorbairt eacnamaíoch an iompair idirmhódúil san Aontas. Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dó leis an bhfaisnéis is gá a bhailiú, agus tabharfaidh sonraí comhiomlánaithe ó ardáin eFTI cúnamh dó freisin. Leis na tuarascálacha, tabharfar aghaidh go háirithe ar mhéid tráchta an iompair idirmhódúil san Aontas, príomhchonairí an iompair idirmhódúil, na príomhbhacainní roimh ghlacadh an iompair idirmhódúil a mhéadú, iomaíochas an iompair idirmhódúil i gcomparáid le hiompar nach dtéann ach ar bhóithre amháin (lena n‑áirítear anailís ar an tacaíocht arna soláthar ag na Ballstáit ina NPFanna) agus forbairtí i dtoilleadh na gcríochfort.

Ar a dhéanaí, tar éis 10 mbliana, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht cé acu an iomchuí nó nach iomchuí é leanúint den chóras tacaíochta faoin Treoir seo.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá teideal na Treorach coigeartaithe chun an raon feidhme leathnaithe a léiriú, tríd an bhfoclaíocht ‘idir na Ballstáit’ a bhaint amach agus ‘iompar idirmhódúil’ a chur in ionad ‘iompar traschórais’.

Le hAirteagal 1 den Treoir leasaitheach, déantar foráil maidir leis na leasuithe seo a leanas ar Threoir 92/106/CEE:

·Le hAirteagal 1 den Treoir atá i bhfeidhm faoi láthair, rinneadh foráil maidir le raon feidhme CTD trí choinníollacha a leagan síos a bhí le comhlíonadh chun cáiliú don chreat tacaíochta ar mhaithe leis an ‘iompar traschórais’. Sa Treoir athbhreithnithe, chun an tsoiléireacht a áirithiú, cuirtear dhá Airteagal isteach lena dtugtar tuairisc ar an raon feidhme (Airteagal 1a) agus lena ndéantar foráil maidir le sainmhínithe (Airteagal 1b), agus Airteagal 1c nua dá éis sin lena ndéantar foráil maidir leis na coinníollacha chun go mbeidh oibríochtaí cáilithe mar ‘iompar traschórais’.

·Cuirtear friotal atá tugtha cothrom le dáta in ionad Airteagal 2, chun an spriocdháta in 1993, atá as dáta, a bhaint amach.

·Cuirtear coinníollacha atá tugtha cothrom le dáta in ionad Airteagal 3 maidir leis an gcomhlíontacht a chruthú.

·Cuirtear Airteagal 3a isteach, lena gcuirtear oibleagáid ar na Ballstáit Creataí Beartais Náisiúnta a ghlacadh, a fhoilsiú, a chur chun feidhme agus meastóireacht a dhéanamh orthu, ar creataí iad chun tacú leis an iompar idirmhódúil.

·Cuirtear friotal atá tugtha cothrom le dáta maidir leis an tuairisciú ón gCoimisiún in ionad Airteagal 5.

·Cuirtear friotal atá tugtha cothrom le dáta in ionad Airteagal 6.1 chun comhlíontacht na rialacha maidir leis an Státchabhair a áirithiú.

·Scriostar Airteagal 7.

·Cuirtear friotal nua in ionad Airteagal 9 chun tagairtí atá as dáta a thabhairt cothrom le dáta agus chun an friotal a shimpliú.

·Cuirtear Airteagal 9a isteach ar Airteagal é lena leagtar síos oibleagáid chun céimeanna bóthair an iompair traschórais a dhíolmhú ó thoirmisc thiomána náisiúnta le linn an deiridh seachtaine agus laethanta saoire.

·Cuirtear Airteagal 9b isteach, chun ceanglais trédhearcachta a leagan síos i gcás críochfort lasta idirmhódúil.

·Cuirtear Airteagal 9c isteach, chun na coinníollacha a leagan síos lena dtugtar cumhachtaí tarmligthe don Choimisiún faoin Treoir seo.

·Cuirtear Airteagal 9d isteach, chun an nós imeachta coiste a leagan síos maidir le feidhmiú na cumhachta a tugadh don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

·Scriostar Airteagal 10.

·Cuirtear iarscríbhinn isteach, lena soláthraítear liosta táscach de bhearta tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3a.

Le hAirteagal 2 den Treoir leasaitheach, leasaítear Rialachán (AE) 2020/1056 chun oibleagáid a thabhairt isteach a bheidh ar ardáin eFTI feidhmiúlacht a sholáthar chun an coigilteas costas seachtrach a ríomh agus chun sonraí comhiomlánaithe ar mhéideanna bliantúla an iompair traschórais a ghiniúint.

Le hAirteagal 3 den Treoir leasaitheach, leagtar síos an oibleagáid maidir le trasuí agus le cur chun feidhme iarchurtha.

Le hAirteagal 4 den Treoir leasaitheach, leagtar síos dáta theacht i bhfeidhm agus chur i bhfeidhm na Treorach seo.

Le hAirteagal 5 den Treoir leasaithe, leagtar síos na seolaithe.

2023/0396 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 92/106/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le creat tacaíochta um iompar idirmhódúil earraí agus Rialachán (AE) 2020/1056 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coigilteas costas seachtrach a ríomh agus sonraí comhiomlánaithe a ghiniúint

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 38 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 39 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 laghdú 55 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí an Aontais ar fud an gheilleagair faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990 agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. I gcás an iompair, ciallaíonn an sprioc sin laghdú 90 % a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2050. Thairis sin, chun a spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, is gá don Aontas feabhas a chur ar a éifeachtúlacht fuinnimh freisin, mar a cuireadh i dtábhacht i bpacáiste REPowerEU 41 agus aistriú chuig iompar níos glaine chun an truailliú aeir agus torainn a laghdú, rud dá ndéantar foráil sa Phlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú 42 .

(2)Leis an iompar idirmhódúil comhcheanglaítear an fheidhmíocht chomhshaoil agus an éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr atá ag an iompar iarnróid agus ag an uisce‑iompar le hinrochtaineacht agus le solúbthacht an iompair ar bóthar, agus tá sé fíorthábhachtach dá réir sin chun leibhéil ghlactha níos airde a chumasú i dtaca leis an iompar lasta iarnróid agus leis an uisce‑iompar lastais. Leis an iompar idirmhódúil freisin, cumasaítear méideanna a shannadh i measc móid iompair ar bhealach níos éifeachtúla agus téitear i ngleic go héifeachtach leis na costais sheachtracha sin a bhaineann leis an iompar ar bóthar, ar costais iad is deacair a inmheánú go hiomlán, go hairithe brú tráchta agus timpistí. Mar sin féin, ní léiríonn praghsanna an iompair sa lá atá inniu ann iomlán na dtionchar diúltach ar móid dhifriúla is cúis leo, agus cuireann sé sin bac ar laghdú éifeachtach a dhéanamh ar thionchair na seachtrachtaí trí roghanna níos inbhuanaithe a ghlacadh i gcás an iompair lasta.

(3)Le Treoir 92/106/CEE ó gComhairle 43 , bunaíodh síos chun forbairt an iompair idirmhódúil a spreagadh, agus go háirithe oibríochtaí iompair traschórais. Tacaíonn sé le hoibríochtaí iompair idirmhódúil a théann in iomaíocht le hiompar aonmhódúil ar bóthar, agus is é príomhghníomh reachtach an Aontais é chun an t‑aistriú ón iompar lasta ar bóthar chuig móid iompair, lena mbaineann astaíochtaí níos lú, a dhreasú, amhail uiscebhealaí intíre, an loingseoireacht ghearrthurais agus iarnróid. Cé gur chuir Treoir 92/106/CEE le forbairt bheartas an Aontais maidir leis an aistriú módúil, laghdaíodh a héifeachtacht mar gheall ar an raon feidhme teoranta a bhain léi, tacaíocht neamh‑leordhóthanach agus easnaimh sa chur chun feidhme. Dá bhrí sin is gá a áirithiú maidir le hoibríochtaí iompair idirmhódúil san Aontas, ar oibríochtaí iad lena laghdaítear na costais sheachtracha trí bheith níos neamhdhíobhalaí don chomhshaol, níos sábháilte, níos tíosaí ar fhuinneamh agus ina n‑údar le brú tráchta níos lú ná an t‑iompar ar bóthar, go mbeadh na hoibríochtaí sin tarraingteach do sheoltóirí.

(4)Ní eascraíonn coigilteas costas seachtrach ach as oibríochtaí iompair idirmhódúil lena ngabhann rogha mhalartach ar an iompar aonmhódúil ar bóthar atá inmharthana ó thaobh tráchtála. Níl aon rogha mhalartach ar oibríochtaí idirmhódúla lena nasctar oileáin agus mórthír, ach is féidir coigilteas costas seachtrach a bhaint amach trí bhealaí difriúla a úsáid, is é sin, úsáid a bhaint as céimeanna níos faide sa loingseoireacht ghearrthurais nó as céimeanna difriúla loingseoireachta gearrthurais, ar céimeanna iad a fhágann gur féidir meascán den iompar iarnróid agus d’uiscebhealaí intíre a úsáid.

(5)Is laistigh de Bhallstát aonair go heisiach a bhíonn thart faoin gcúigiú cuid d’oibríochtaí iompair idirmhódúil. Mar sin féin, bíonn tionchar lasmuigh de theorainneacha náisiúnta ag éifeacht dhiúltach na n‑oibríochtaí náisiúnta iompair de bhóthar, mar atá astaíochtaí gás ceaptha teasa agus plódú go háirithe. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go láimhseálfar ar an mbealach céanna na hoibríochtaí uile a chuireann leis an laghdú ar chostais sheachtracha, is gá oibríochtaí iompair idirmhódúil, idir chinn idirnáisiúnta agus náisiúnta, a dhreasú ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear meascáin mhódúla dhifriúla.

(6)Tá sé fíor‑riachtanach go mbeidh críochfoirt trasloingsithe ar fáil chun an t‑iompar idirmhódúil a fhorbairt. Mar sin féin, níor cheart bearta tacaíochta a chumhdach leis an Treoir seo ar bearta iad chun toilleadh na gcríochfort a mhéadú, toisc go gcuimsítear iad in [cuir tagairt isteach don Rialachán TEN‑T athbhreithnithe, a bhfuil caibidlíocht á déanamh ina leith ag na comhreachtóirí faoi láthair].

(7)Tá an incháilitheacht do na tairbhí ó Threoir 92/106/CEE bunaithe ar theorainneacha faid a bhaineann le codanna difriúla oibríochta. An cur chuige sin i leith ‘oibríochtaí iompair traschórais’ a shainiú, níl tacaíocht leordhóthanach i gceist leis don chuspóir chun costais sheachtracha a laghdú, toisc nach bhfuil an cur chuige sin sách spriocdhírithe. Thairis sin, ní léiríonn sé go hoibiachtúil na dálaí agus na himthosca i réigiúin dhifriúla agus déanann sé neamhaird ar shaintréithe fheidhmíocht chomhshaoil na hoibríochta iarbhír, lena n‑áirítear an cineál feithicle agus breosla a úsáidtear, mar shampla. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an tacaíocht dá ndéantar foráil ach amháin le hoibríochtaí iompair idirmhódúil a áirithíonn leibhéal leordhóthanach de choigilteas costas seachtrach agus a fhágann gur féidir úsáid bharrfheabhsaithe a bhaint as an ngréasán iompair. Chun na hoibríochtaí sin a chuimsiú, ba cheart tairseach choigiltis a leagan síos, ar tairseach choigiltis ó chostais sheachtracha a bheadh i gceist le hoibríocht iompair idirmhódúil, lena n‑áirítear astaíochtaí gáis ceaptha teasa (‘GCT’), an truailliú aeir, gortuithe agus básanna, an truailliú agus brú tráchta, i gcomparáid leis an oibríocht iompair aonmhódúil mhalartach ar bóthar atá inmharthana ó thaobh tráchtála. Leis an tairseach, ba cheart na meascáin mhódúla uile a bheith in ann tairbhiú di, agus a áirithiú go mbeadh céimeanna iarnróid, ar uiscebhealaí intíre agus na loingseoireachta gearrthurais ina gcuid mhór d’oibríocht idirmhódúil. Thairis sin, is gá costais sheachtracha codanna uile na hoibríochta iompair idirmhódúil, ar dlúthpháirt den oibríocht sin iad, a chur san áireamh agus an coigilteas costas seachtrach á ríomh chun go mbeifear in ann comparáid chothrom a dhéanamh le roghanna eile iompair.

(8)I gcás na n‑oibríochtaí a gcuirtear tús nó deireadh leo lasmuigh den Aontas, nó a gcuirtear tús agus deireadh araon leo lasmuigh den Aontas, nó a gcuirtear tús agus deireadh leo laistigh den Aontas, ach a théann trí thríú tír, an chuid den oibríocht iompair idirmhódúil sin a tharlaíonn san Aontas, ba cheart í a bheith faoi raon feidhme na Treorach seo, má chomhlíonann an chuid sin den oibríocht na coinníollacha a leagtar amach sa Treoir seo, i bhfianaise go mbaineann an t‑aistriú módúil laistigh den Aontas léi.

(9)Is féidir leis na hoibríochtaí iompair idirmhódúil a bheith iontach difriúil ó chéile a mhéid a bhaineann le meascán na mód agus leis an líon codanna difriúla oibríochtúla, lena n‑áirítear an líon difriúil céimeanna iompair. Oibríochtaí iompair traschórais a dtacaítear leo faoin Treoir seo, d’fhéadfadh aon chéim bhóthair amháin a bheith i gceist leo nó dhá chéim bhóthair agus céim amháin nach céim bhóthair í nó roinnt céimeanna den sórt sin. I bhfianaise nach dtarlódh ceann ar bith de na céimeanna difriúla iompair a bhíonn i gceist le hoibríocht iompair traschórais gan na céimeanna eile in éineacht léi, agus i gcomhréir le cásdlí na Cúirte, is é aon oibríocht iompair dhodheighilte aonair atá in oibríocht ó sheoltóir chuig faighteoir críochnaitheach 44 . Dá bhrí sin, bacainní roimh aon chuid den oibríocht idirmhódúil, dhéanfaidís dochar d’inmharthanacht na hoibríochta idirmhódúla iomláine agus is é úsáid mhéadaithe as an iompar aonmhódúil ar bóthar an toradh a bheadh ar na bacainní sin.

(10)Chun go mbeifear in ann aonaid luchtaithe idirmhódúla a leanúint tríd an slabhra idirmhódúil agus é de chuspóir na hoibríochtaí iompair idirmhódúil a leagan síos, ar oibríochtaí iad lenar féidir tairbhiú den chreat tacaíochta faoin Treoir seo, tá sé fíor‑riachtanach go mbainfeadh na haonaid luchtaithe idirmhódúla sna hoibríochtaí uile sin úsáid as modhanna aitheantais agus marcála atá ann cheana agus as a mbaintear úsáid go forleathan. Leis an aitheantas caighdeánach, ba cheart dlús a chur le láimhseáil na n‑aonad luchtaithe idirmhódúil i gcríochfoirt freisin agus sreabhadh na n‑oibríochtaí iompair idirmhódúil a éascú.

(11)San iompar coimeádán, d’fhéadfadh sé gur ghá coimeádán folamh a bhailiú nó a thabhairt ar ais in iosta coimeádán sula n‑úsáidtear é nó dá éis sin i gcás oibríocht iompair idirmhódúil. I gcás ina ndéantar turais iosta den sórt sin agus coimeádáin fholmha thiomnaithe i gceist agus ina gcumhdaítear na turais le conradh iompair na hoibríochta iompair idirmhódúla nó le cuid de, ba cheart a mheas gur dlúthchuid d’oibríocht iompair idirmhódúil iad.

(12)Chun a áirithiú nach dtairbheoidh ach oibríochtaí iompair idirmhódúil incháilithe den chreat tacaíochta a bhunaítear leis an Treoir seo, tá sé tábhachtach a bheith in ann comhlíontacht aon oibríochta leis na coinníollacha a leagtar amach leis an gcreat tacaíochta a fhíorú. Is féidir le huirlisí digiteacha nua‑aimseartha ríomh an choigiltis costas seachtrach a dhéanamh agus cúnamh a thabhairt leis an gcomhlíontacht a fhíorú. Na hardáin le haghaidh sonraí iompair digiteacha arna leagan síos de bhun Rialachán (AE) 1056/2020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 (‘ardáin eFTI’), soláthraíonn siad uirlis oiriúnach toisc gur tógadh iad chun an fhaisnéis rialála is gá a chuimsiú, lena n‑áirítear coigilteas costas seachtrach a ríomh. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith éigeantach úsáid a bhaint as ardán eFTI i gcás na n‑oibríochtaí uile is mian leo tairbhiú den chreat tacaíochta.

(13)Modheolaíocht ríomha chomhchuibhithe choiteann lena ngabhann luachanna tagartha na gcostas seachtrach nó foinsí na luachanna tagartha sin, is gá í a leagan síos agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, chun coimeád céim ar chéim leis an bhforbairt a thagann ar an mbonn eolais agus fianaise. Dá bhrí sin, ba cheart an mhodheolaíocht bheacht a leagan síos trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, arna ríomh i gcomhréir leis na luachanna aonaid a leagtar síos sa Lámhleabhar maidir le costais sheachtracha an iompair 46 , sa leagan den Lámhleabhar is déanaí a tugadh cothrom le dáta.

(14)An fhaisnéis iompair a theastaíonn, ba cheart í a thaifeadadh in ardáin eFTI sula gcuirtear tús le hoibríocht agus ba cheart í a bheith teoranta go docht do na sonraí agus na ríomhanna is gá chun an chomhlíontacht a chruthú. Chun ualaí riaracháin a sheachaint, níor cheart d’údaráis inniúla náisiúnta aon fhaisnéis bhreise a iarraidh chun críche seiceálacha comhlíontachta.

(15)Chun go mbeidh an Coimisiún in ann a oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach leis an Treoir seo a chomhlíonadh, sonraí áirithe ar oibríochtaí iompair traschórais a thaifeadtar ar ardáin eFTI, ba cheart iad a chur ar fáil don Choimisiún go bliantúil, i bhfoirm chomhiomlánaithe.

(16)Is féidir le húsáid an iompair idirmhódúil a bheith cost‑iomaíoch leis an iompar aonmhódúil ar bóthar agus achair níos faide i gceist toisc go mbíonn costais iompair na mód iompair neamhbhóthair níos ísle in aghaidh an aonaid de ghnáth. Mar sin féin, agus achair mheánacha agus níos giorra i gceist, is minic a roghnaíonn seoltóirí agus eagraithe iompair an t‑iompar aonmhódúil ar bóthar i ngeall ar bhrúnna na hiomaíochta, toisc nach leordhóthanach na costais iompair níos ísle in aghaidh an aonaid agus achair níos giorra den sórt sin i gceist chun bheith ina gcúiteamh sna costais eagrúcháin agus trasloingsithe bhreise a dhíorthaíonn as roinnt mód iompair a bheith i gceist leis an iompar idirmhódúil. I gcás achair mheánacha, is é 10 % ar an meán an difríocht sin san iomaíochas costais. Dá bhrí sin, chun méadú mear ar leibhéil ghlactha an iompair idirmhódúil a spreagadh agus achair mheánacha i gceist, ba cheart do na Ballstáit beartais náisiúnta a choigeartú agus na bearta rialála agus neamhrialála is gá a dhéanamh ar bearta iad a chuireann feabhas ar iomaíochas an iompair idirmhódúil.

(17)Tá beartais náisiúnta ag Ballstáit áirithe chun an t‑iompar idirmhódúil iarnróid, uiscebhealaí intíre nó loingseoireachta gearrthurais a chur chun cinn, arb é is aidhm dóibh laghdú a dhéanamh ar an difríocht chostais idir an t‑iompar ar bóthar agus roghanna iompair malartacha. Mar sin féin, ní bhíonn na beartais mhódúla sin ailínithe idir na móid ná idir na Ballstáit chomharsanacha i gcónaí. Thairis sin, níl aon bheart tacaíochta i bhfeidhm ag Ballstáit áirithe. An ilroinnt arb é cur chuige neamh‑chomhordaithe is cúis léi, laghdaíonn sí éifeachtacht na tacaíochta atá ann cheana agus fágtar easpa cothroime iomaíochta idir na móid agus na Ballstáit dá thoradh sin. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit uile creataí beartais náisiúnta a bhunú agus a chur chun feidhme chun tacú le glacadh an iompair idirmhódúil, agus acmhainneacht gach meascáin mód á mheas go cuimsitheach mar aon le hidirghníomhaíochtaí na mód uile; Ba cheart do na Ballstáit athmheasúnú a dhéanamh go tráthrialta ar éifeachtacht agus ar ábharthacht na mbeart náisiúnta.

(18)Ar na creataí beartais náisiúnta, ba cheart idir bhearta rialála agus neamhrialála atá ann cheana agus atá beartaithe a áireamh, ar bearta iad a bhfuil tionchar acu ar iomaíochas an iompair idirmhódúil a úsáideann Ballstát, amhail díolúintí rialála nó córacha fabhracha; muirir, cánacha, táillí agus tobhaigh, lena n‑áirítear bonneagar, costas seachtrach agus muirir brú tráchta mar aon leis na bearta sin ag a bhfuil feidhm maidir leis an iompar lasta aonmhódúil ar bóthar; agus scéimeanna tacaíochta iompair lasta ag a bhfuil feidhm maidir le móid aonaracha nó leis an iompar idirmhódúil, lena n‑áirítear na bearta sin ag a bhfuil feidhm maidir leis an iompar lasta aonmhódúil ar bóthar nó le codanna sonracha de. Ba cheart feidhm chomhionann a bheith ag bearta tacaíochta maidir leis na hoibríochtaí uile a chomhlíonann na coinníollacha chun go measfar mar oibríochtaí iompair traschórais iad. I gcás inar gá, ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhar leis na Ballstáit chomharsanacha eile, trí bhíthin an chomhairliúcháin nó trí chreataí beartais comhpháirteacha. Comhordú na gcreataí beartais náisiúnta sin agus a gcomhleanúnachas ar leibhéal an Aontais, ba cheart tacú leis sin le hanailís mhargaidh agus le tuairisciú ón gCoimisiún.

(19)Chun go n‑éireodh oibríochtaí idirmhódúla d’achar meánach cost‑iomaíoch i gcomparáid le hoibríochtaí aonmhódúla ar bóthar agus chun seoltóirí a spreagadh a n‑oibríochtaí a aistriú chuig an iompar idirmhódúil, ba cheart na creataí beartais náisiúnta cur le laghdú carnach ginearálta 10 % ar a laghad a bhaint amach ó thaobh na gcostas ó dhoras go doras de a bhaineann le hoibríochtaí iompair idirmhódúil sa mheántéarma. Ar bhearta chun laghdú den sórt sin a bhaint amach, is féidir coigeartuithe agus socruithe eacnamaíocha, fioscacha nó riaracháin a áireamh. Féadfaidh na Ballstáit na hioncaim arna nginiúint a úsáid de réir Threoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 chun leasa na n‑oibríochtaí iompair idirmhódúil a chumhdaítear leis an Treoir seo. Faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le cláir shonracha, is féidir an tacaíocht a chistiú ó ionstraimí airgeadais de chuid an Aontais atá ann cheana freisin.

(20)Thairis sin, chun úsáid an iompair idirmhódúil a chumasú, tá sé tábhachtach go mbeidh tacaíocht thiomnaithe ann le haghaidh infheistíochtaí a fhágann gur féidir uasghráduithe riachtanacha a dhéanamh ar theicneolaíochtaí idirmhódúla. Leis an tacaíocht sin, is féidir aghaidh a thabhairt ar riachtanais theicneolaíocha i gcríochfoirt nó in aon cheann de na móid a bhíonn i gceist leis an iompar idirmhódúil.

(21)I gcás nach mbeidh aon nasc ann seachas naisc bhóthair idir críochfoirt áirithe nó ar na cóngair, d’fhéadfadh gá a bheith le tacaíocht ‘nuathionscanta’ chun naisc idirmhódúla nua a oscailt toisc go mb’fhéidir nach mbeidh an t‑éileamh ar sheirbhísí ag céim a nuathionscanta leordhóthanach chun brabúsacht na seirbhísí sin a áirithiú.

(22)Is féidir leis na Ballstáit bearta Státchabhrach a thabhairt isteach chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Dlí Aeráide a bhaint amach, ar choinníoll go mbeidh na bearta sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

(23)D’fhéadfadh bearta tacaíochta a thugtar isteach i gcreataí beartais náisiúnta a bheith ina Státchabhair. Nuair a leagann Ballstát bearta síos ina gcreat beartais náisiúnta, ba cheart dó measúnú a dhéanamh má tá aon cheann de na bearta sin ina Státchabhair, go bhfuil sé gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 CFAE. I gcás inar Státchabhair é beart, beidh feidhm ag na rialacha nós imeachta agus substainteacha maidir le Státchabhair i dtaca leis. Tuigtear go dtagann an measúnú comhoiriúnachta ar bhearta Státchabhrach faoi inniúlacht eisiach an Choimisiúin de bhun Airteagal 108 CFAE.

(24)A mhéid a bhaineann le faisnéis choincréiteach faoi bhearta tacaíochta atá ar fáil agus á gcur chun feidhme ag na Ballstáit, chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis sin inrochtana go héasca, go poiblí agus saor in aisce do na hoibreoirí uile san Aontas, ba cheart é a bheith inrochtana ar leathanach gréasáin tiomnaithe in áit lárnach a fhágfaidh go mbeidh na gnóthais a eagraíonn oibríochtaí idirnáisiúnta in ann í a aimsiú go héasca.

(25)Tá sé tábhachtach forbhreathnú ar fhorbairtí margaidh agus ar thionchar na mbeart tacaíochta ar leibhéil ghlactha an iompair idirmhódúil a bheith ann. Le forbhreathnú den sórt sin ar an margadh, ba cheart an inchomparáideacht ar fud an Aontais a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún leanúint de na forbairtí margaidh a thuairisciú le cúnamh ó na Ballstáit. Ar an gcéad dul síos le tuarascáil den sórt sin, ba cheart an bhonnlíne le haghaidh iomaíochas costais an iompair idirmhódúil leis an iompar ar bóthar a leagan síos, agus an tuarascáil a dhéanamh gach 5 bliana ansin chun go mbeidh tréimhse leordhóthanach ann go dtiocfaidh éifeachtaí ar aon bheart tacaíochta.

(26)Le forálacha rialála ar leibhéal an Aontais a thugann aghaidh ar chásanna sonracha san iompar idirmhódúil, is féidir tacú le leibhéil ghlactha agus le héifeachtúlacht an iompair idirmhódúil. Chun úsáid éifeachtúil thoilleadh na gcríochfort agus an iompair neamhbhóthair a áirithiú, tá sé tábhachtach nach mbeidh teorainneacha ar an am tiomána ar chéimeanna bóthair ina mbac ar oibriú na gcríochfort ná an iompair neamhbhóthair.

(27)Chun a áirithiú go mbeidh faisnéis faoi sheirbhísí agus faoi shaoráidí atá ar fáil in aon chríochfort trasloingsithe idirmhódúil inrochtana go héasca ag na hoibreoirí agus ag na heagraithe iompair uile san Aontas, ba cheart d’oibreoirí críochfoirt an fhaisnéis sin a fhoilsiú saor in aisce ar a leathanach gréasáin. Chun creat a sholáthar um leibhéal seirbhíse na gcríochfort trasloingsithe idirmhódúil san Aontas a shainaithint, ba cheart liosta mionsonraithe ar an bhfaisnéis sin a leagan síos i ngníomh cur chun feidhme.

(28)Ba cheart inchomparáideacht na leibhéal seirbhíse i gcríochfoirt dhifriúla san Aontas a áirithiú trí chatagóiriú a leagan síos le haghaidh críochfoirt trasloingsithe idirmhódúil. Leis an gcatagóiriú sin, ba cheart castacht agus ualaí iomarcacha a sheachaint agus dá bhrí sin ba cheart é a bheith bunaithe ar fhaisnéis atá foilsithe cheana féin.

(29)Ní gá tacaíocht thiomnaithe don iompar idirmhódúil ach go dtí go léireoidh an praghas margaidh costas iomlán na n‑oibríochtaí iompair éagsúla don tsochaí. Dá bhrí sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh tar éis 10 mbliana chun measúnú a dhéanamh an bhfuil an tacaíocht sin fós ábhartha agus má tá, na coigeartuithe a d’fhéadfadh a bheith riachtanach a shainaithint.

(30)Chun go mbeifear in ann an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart feidhmiúlachtaí a sholáthar le hardáin eFTI chun coigilteas costas seachtrach a ríomh agus sonraí comhiomlánaithe a ghiniúint.

(31)Chun é a chur san áireamh gur de chineál teicniúil iad ceanglais áirithe, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith an Treoir seo a fhorlíonadh le liosta na sonraí breise is gá chun coigilteas costas seachtrach oibríochta iompair idirmhódúil a ríomh, rud is gá chun comhlíontacht leis an Treoir seo a léiriú mar aon le rialacha maidir leis na sonraí comhiomlánaithe bliantúla ar oibríochtaí iompair traschórais a chur ar fáil ar mhaithe le hanailís mhargaidh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 48 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(32)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, go háirithe na rialacha mionsonraithe maidir le costais sheachtracha a ríomh, liosta na mbealaí oibriúcháin idirmhódúla malartacha réamhshainithe i gcás naisc idir oileáin agus an mhórthír agus an fhaisnéis atá le soláthar le haghaidh na seirbhísí atá ar fáil i gcríochfoirt agus catagóiriú na gcríochfort, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 .

(33)Is é cuspóir na Treorach seo aistriú an iompair lasta ón iompar ar bóthar chuig móid iompair atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a chur chun cinn a thuilleadh, d’fhonn costais sheachtracha chóras iompair an Aontais a laghdú. I bhfianaise gur de chineál idirnáisiúnta é an t‑iompar idirmhódúil go príomha agus de chineál idirnasctha é an bonneagar, ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach astu féin ach is fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a dhéanamh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(34)Chun go mbeifear in ann leanúint d’oibríochtaí iompair trasteorann rianúla san Aontas, cur i bhfeidhm na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin náisiúnta is gá chun an Treoir seo a thrasuíomh, ba cheart é a iarchur go dtí go mbeidh ardáin eFTI ar fáil. Ba cheart an cur i bhfeidhm iarchurtha sin a bheith gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát a bhaineann leis an teorainn ama chun an Treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta.

(35)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 50 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuí, ar doiciméid iad ina mínítear an gaol idir comhpháirteanna de threoir agus codanna comhfhreagracha na n‑ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(36)Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 92/106/CE agus Rialachán (AE) 2020/1056 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 92/106/CEE

Leasaítear Treoir 92/106/CEE mar a leanas:

(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le creat tacaíochta a bhunú le haghaidh an iompair idirmhódúil earraí’;

(2)Scriostar Airteagal 1;

(3)cuirtear Airteagal 1a, 1b agus 1c seo a leanas isteach:

‘Airteagal 1a

Leis an Treoir seo, bunaítear creat tacaíochta le haghaidh oibríochtaí iompair idirmhódúil a dhéantar i gcríoch an Aontais go hiomlán nó go páirteach. Leagtar rialacha síos leis an Treoir freisin maidir le ceanglais trédhearcachta i dtaca le críochfoirt trasloingsithe idirmhódúla.

Airteagal 1b

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘oibríocht iompair idirmhódúil’ iompar aonaid luchtaithe idirmhódúil aonair idir a phointe luchtaithe agus díluchtaithe in imeacht dhá chéim iompair nó níos mó, i gcás inar d’iarnród, uiscebhealaí intíre nó loingseoireacht ghearrthurais í aon chéim amháin ar a laghad den iompar sin agus gur ar bóthar í an chéim tosaigh nó deiridh, nó an dá chéim, gan na hearraí a láimhseáil le linn an trasloingsithe idir na céimeanna iompair difriúla, cibé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear le conradh iompair ilmhódúil aonair nó le conarthaí iompair a bhaineann le móid shonracha leantacha an chéim nó na céimeanna sin;

(2)ciallaíonn ‘oibríocht iompair traschórais’ oibríocht iompair idirmhódúil a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 1c(2) laistigh de chríoch an Aontais;

(3)ciallaíonn ‘aonad luchtaithe idirmhódúil’ coimeádán, cabhail shoghluaiste nó leathleantóir nó feithicil bhóthair nó cónasc feithiclí a úsáidtear san iompar idirmhódúil;

(4)ciallaíonn ‘pointe luchtaithe’ an suíomh ag a luchtaítear na hearraí in aonad luchtaithe idirmhódúil;

(5)ciallaíonn ‘pointe díluchtaithe’ an suíomh ag a ndíluchtaítear na hearraí ó aonad luchtaithe idirmhódúil;

(6)ciallaíonn ‘costais sheachtracha’ costais a ghineann úsáideoirí iompair nach n‑iompraíonn siadsan ach a n‑iompraíonn an tsochaí ar fad iad, go háirithe na costais sin a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, truailliú aeir, gortuithe agus básanna, torann agus brú tráchta;

(7)ciallaíonn ‘oibríocht iompair aonmhódúil mhalartach ar bóthar’ oibríocht den aonad luchtaithe idirmhódúil is oibríocht iompair aonmhódúil í atá inmharthana ó thaobh tráchtála agus a bheartaítear go fíorúil inarb ar bóthar atá an t‑iompar ar fad idir an túsphointe agus an críochphointe céanna leis na pointí sin den oibríocht iompair traschórais iarbhír;

(8)ciallaíonn ‘oibríocht idirmhódúil mhuirí mhalartach’ oibríocht iompair ilmhodúil atá inmharthana ó thaobh tráchtála agus a bheartaítear go fíorúil a úsáideann ceann de na céimeanna muirí sa liosta a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 1.c(7) chun an t‑aonad luchtaithe idirmhódúil a iompar idir an túsphointe agus an críochphointe céanna leis na pointí sin den oibríocht iompair traschórais lena mbaineann;

(9)ciallaíonn ‘críochfort trasloingsithe idirmhódúil’ críochfort lasta idirmhódúil ag a bhfuil struchtúr ina bhfuil trealamh chun aonaid luchtaithe idirmhódúla a thrasloingsiú idir ar a laghad dhá mhód iompair nó idir dhá fheithicil nó dhá shoitheach dhifriúla, amhail críochfoirt i gcalafoirt intíre nó mhuirí, ar feadh uiscebhealaí intíre agus in aerfoirt, mar aon le críochfoirt iarnróid agus bóthair;

(10)ciallaíonn ‘túsphointe na céime iompair’ an suíomh mar a gcuirtear tús le hoibríocht iompair traschórais an aonaid luchtaithe idirmhódúil ar an mód iompair áirithe;

(11)ciallaíonn ‘críochphointe na céime iompair’ an suíomh mar a gcuirtear deireadh le hoibríocht iompair traschórais an aonaid luchtaithe idirmhódúil ar an mód iompair áirithe;

(12)ciallaíonn ‘túsphointe na hoibríochta iompair traschórais’ an suíomh mar a luchtaítear an t‑aonad luchtaithe idirmhódúil ar an bhfeithicil nó ar an soitheach a iompraíonn an chéad chéim iompair den oibríocht iompair traschórais san Aontas agus i gcás ina gcuirtear tús leis an oibríocht iompair traschórais lasmuigh de chríoch an Aontais, pointe isteach an aonaid luchtaithe idirmhódúil i gcríoch an Aontais;

(13)ciallaíonn ‘críochphointe na hoibríochta iompair traschórais’ an suíomh mar a ndíluchtaítear an t‑aonad luchtaithe idirmhódúil ón bhfeithicil nó ón soitheach a iompraíonn an chéim iompair deiridh den oibríocht iompair traschórais san Aontas agus i gcás ina gcuirtear deireadh leis an oibríocht iompair traschórais lasmuigh de chríoch an Aontais, pointe amach an aonaid luchtaithe idirmhódúil ó chríoch an Aontais.

(14)ciallaíonn ‘bearta tacaíochta’ bearta agus gníomhaíochtaí de chineál eacnamaíoch, rialála, riaracháin nó d’aon chineál eile arb é is aidhm dóibh glacadh an iompair idirmhódúil a chur chun cinn.

Airteagal 1c 

1.Tairbheoidh na hoibríochtaí iompair traschórais uile de na bearta tacaíochta dá dtagraítear in Airteagail 2, 3a, 4, 6, 8, 9 agus in Airteagal 9a, de réir mar is infheidhme.

2.Comhlíonfaidh oibríocht iompair traschórais na coinníollacha seo a leanas:

(a)cé is moite d’oibríochtaí dá dtagraítear i bpointe (b), táirgtear ar a laghad 40 % níos lú de chostais sheachtracha leis an oibríocht ná an oibríocht aonmhódúil mhalartach ar bóthar;

(b)i gcás na nasc idir oileán agus an mhórthír gan aon rogha mhalartach ar bóthar ann, táirgtear ar a laghad 40 % níos lú de chostais sheachtracha leis an oibríocht ná an oibríocht mhuirí aonmhódúil mhalartach;

(c)an t‑aonad luchtaithe idirmhódúil in iompar neamhthionlactha, tá tagairt uathúil aige i gcomhréir leis an gcóras aitheantais agus marcála atá leagtha síos de bhun na leaganacha atá cothrom le dáta de chaighdeáin idirnáisiúnta ISO6346 nó EN13044.

3.Coimeádán folamh a iompar ar bóthar, ar coimeádán folamh é a úsáidtear le haghaidh oibríocht faoi leith ó iosta coimeádán nó chuige roimh an bpointe luchtaithe nó an pointe díluchtaithe nó ina dhiaidh, i gcás ina bhfuil an t‑iompar sin faoi réir an chonartha iompair chéanna, measfar é a bheith ina chuid lárnach den oibríocht iompair traschórais. Aon ghluaiseacht eile d’fheithiclí bóthair roimh an bpointe luchtaithe nó an pointe díluchtaithe nó ina dhiaidh, ní mheasfar í a bheith mar chuid den oibríocht iompair traschórais.

4.Cuirfear ríomh na gcostas seachtrach dá dtagraítear i mír 2 gach cuid den oibríocht san áireamh, lena n‑áirítear oibríochtaí críochfoirt, a tharlaíonn san Aontas, lena n‑áirítear iompar an choimeádáin fholaimh dá dtagraítear i mír 3.

5.Cuirfear bearta tacaíochta dá dtagraítear in Airteagail 2, 3a, 4, 6, 8, 9 agus 9a i bhfeidhm ar bhealach neamh‑idirdhealaitheach maidir le gach oibríocht iompair traschórais a dhéantar go hiomlán nó i bpáirt ar chríoch an Aontais gan beann ar thionscnamh an ghnóthais lena n‑eagraítear an oibríocht nó lena ndéantar an oibríocht ar fad nó cuid den oibríocht.

6.Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le ríomh na gcostas seachtrach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9d(2).

7.Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos liosta de ghné mhuirí réamhshainithe na n‑oibríochtaí idirmhódúla muirí malartacha dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9d(2).’;

(4)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 2 agus 3:

Airteagal 2

Ní bheidh feidhm ag aon chóras cuótaí ná aon chóras údaruithe maidir le hoibríochtaí iompair idirmhódúil.

Airteagal 3

1.Chun tairbhiú den chreat tacaíochta arna bhunú leis an Treoir seo, déanfaidh an gnóthas, a eagraíonn an oibríocht iompair traschórais, an fhaisnéis iompair a thaifeadadh agus a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* maidir le hardán leictreonach faisnéise an iompair lastais (‘ardán eFTI’).

2.Déanfar an fhaisnéis iompair dá dtagraítear i mír 1 a thaifeadadh roimh thús na hoibríochta iompair traschórais lena mbaineann agus cumhdófar léi gach cuid den oibríocht sin. Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis iompair sin:

(a)ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an ghnóthais a eagraíonn an oibríocht iompair traschórais;

(b)ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an ghnóthais a fhaigheann an t‑aonad luchtaithe idirmhódúil ag críochphointe na hoibríochta iompair traschórais;

(c)ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an chríochfoirt nó na gcríochfort trasloingsithe idirmhódúil le haghaidh na hoibríochta iompair traschórais sin;

(d)cineál an aonaid luchtaithe idirmhódúil a iompraítear agus tagairt an aonaid i gcomhréir le hAirteagal 1c(2), pointe (c);

(e)suíomh bailithe nó seachadta an choimeádáin fholaimh mar a léirítear sa chonradh iompair dá dtagraítear in Airteagal 1c(3), i gcás inarb ábhartha;

(f)maidir le gach céim iompair, suíomhanna thúsphointí agus chríochphointí gach céim iompair d’oibríocht iompair traschórais san Aontas, an dáta tosaigh agus dáta deiridh faoi seach lena bhfuil coinne, agus modh an iompair a úsáidtear do gach céim;

(g)faisnéis iompair bhreise a cheanglaítear chun costais sheachtracha na hoibríochta iompair traschórais a ríomh mar a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 1c(6).

3.Úsáidfear faisnéis iompair a taifeadadh de bhun mhír 2, trí fheidhmiúlachtaí tiomnaithe na n‑ardán eFTI, chun:

(a)na coigiltis costas seachtrach dá dtagraítear in Airteagal 1c(2), pointe (a) a ríomh;

(b)sonraí comhiomlánaithe bliantúla a ghiniúint maidir le hoibríochtaí iompair traschórais dá dtagraítear in Airteagal 5(4) pointí (a), (b) agus (c).

Déanfar an ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo, i gcomhréir leis na rialacha arna leagan síos sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 1c(6).

An comhiomlán dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo, déanfar é i gcomhréir leis na rialacha arna leagan síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 7.

4.Faisnéis iompair dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus torthaí ríomha na gcoigilteas costas seachtrach a bheidh sa chruthúnas ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 1c(2). An cruthúnas sin ar chomhlíonadh, beidh sé ar fáil d’údaráis inniúla agus do na páirtithe a bhaineann leis an oibríocht iompair traschórais sin chomh maith ar an ardán eFTI céanna inar taifeadadh an fhaisnéis iompair agus na torthaí ríomha. Chun críche seiceálacha comhlíontachta leis an Treoir seo, ní iarrfar aon fhaisnéis bhreise.

5.Faoin 28 Feabhra gach bliain, na soláthraithe seirbhíse eFTI nó na gnóthais a bhfuil na hardáin eFTI faoina n‑úinéireacht nó a dhéanann bainistíocht ar na hardáin eFTI le haghaidh a ngníomhaíochtaí dílse, cuirfidh siad na sonraí comhiomlánaithe dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo ar fáil don Choimisiún, chun oibleagáidí tuairiscithe an Choimisiúin de bhun Airteagal 5(4) pointí (a), (b) agus (c) a chomhlíonadh.

6.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 9c, chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí thuilleadh mionsonraí a leagan síos maidir le faisnéis iompair dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (f), den Airteagal seo, agus an liosta d’fhaisnéis iompair bhreise a cheanglaítear dá dtagraítear i mír 2, pointe (g) den Airteagal seo.

7.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 9c chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí liosta de na sonraí comhiomlánaithe bliantúla a leagan síos dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo, rialacha mionsonraithe chun na sonraí sin a ghiniúint agus coinníollacha maidir leis na sonraí sin a chur ar fáil don Choimisiún.

8.I gcás seiceálacha cois bóthair, ceadófar neamhréireacht idir an oibríocht iompair traschórais agus an fhaisnéis a sholáthraítear, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointí (c) agus (f), i gcás cuí‑réasúnaithe agus de bharr imthosca eisceachtúla agus imthosca gan choinne lasmuigh de smacht an iompróra. Chun go soláthrófar an cruthúnas a cheanglaítear, ceadófar don tiománaí dul i dteagmháil leis an gceannoifig, leis an mbainisteoir iompair, leis an gcoinsíneoir nó le gnóthas eile a eagraíonn an oibríocht iompair traschórais lena mbaineann, nó le haon duine eile nó eintiteas a bhfuil sé de chumas orthu réasúnú breise a sholáthar maidir leis an neamhréireacht sin.

_________

*    Rialachán (AE) 1056/2020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (IO L 249, 31.7.2020, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1056/oj).’;

(5)cuirtear an tAirteagal 3a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 3a

1.Faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta: 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], glacfaidh gach Ballstát creat beartais náisiúnta maidir le glacadh an iompair idirmhódúil agus, go háirithe, na n‑oibríochtaí iompair traschórais. Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa chreat sin:

(a)forbhreathnú ar bhearta rialála agus neamhrialála ábhartha atá ann cheana a bhfuil tionchar orthu ar iomaíochas oibríochtaí iompair na modhanna difriúla, lena n‑áirítear iad siúd a thagann faoi raon feidhme Airteagail 4, 6 agus 9a, chomh maith le measúnú ar an tionchar atá acu ar oibríochtaí iompair traschórais;

(b)liosta de bhearta is gá chun bearna iomaíochais na n‑oibríochtaí iompair idirmhódúil a laghdú i gcomparáid le hoibríochtaí iompair aonmhódúil ar bóthar, rud a leagtar síos ar bhonn an fhorbhreathnaithe agus an mheasúnaithe dá dtagraítear i bpointe (a); leagtar liosta táscach de bhearta oiriúnacha amach san Iarscríbhinn.

2.Féachfar leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach nuair a dhéantar comparáid leis an measúnú bonnlíne a áirítear sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 5(1):

(a)laghdú foriomlán 10 % ar a laghad ar chostais iomlána na n‑oibríochtaí iompair traschórais ina gcríoch a íocann na gnóthais a eagraíonn oibríochtaí iompair traschórais faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta: 90 mí, i.e. 7 mbliana agus 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo]; 

(b)uasghrádú nó glacadh méadaithe na dteicneolaíochtaí lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht na n‑oibríochtaí iompair idirmhódúil; agus

(c)i gcás inarb ábhartha, naisc nua iarnróid, uiscebhealaí intíre nó loingseoireachta gearrthurais a bhunú idir críochfoirt trasloingsithe idirmhódúil nach raibh nasctha roimhe sin.

3.Ní bheidh tabhairt isteach na mbeart dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcreat beartais náisiúnta ina léiriú ar a gcomhoiriúnacht le dlí an Aontais ná ar a mhalairt de chás. I gcás inarb ionann na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus Státchabhair, comhlíonfaidh siad na rialacha nós imeachta agus substainteacha is infheidhme maidir leis an Státchabhair, lena n‑áirítear iad siúd i leith fógra, foilsiú agus tarchur faisnéise chuig an gCoimisiún.

4.Foilseofar Ballstáit a gcreataí beartais náisiúnta ar an idirlíon agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiúin fúthu gan mhoill agus tráth nach déanaí ná 1 mhí tar éis ghlacadh na gcreataí in éineacht le nasc chuig an bhfoilseachán sin agus chuig aon mheasúnú foluiteach nó staidéir arna ndéanamh, lena n‑áirítear ar rannchuidiú na mbeart sin maidir leis na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo a bhaint amach. a mhéid a bhaineann le bearta arb ionann iad agus Státchabhair agus nach gcumhdaítear le rialachán rialála blocdhíolúine iad, beidh an oibleagáid um fhoilsiú agus um fhógra a sholáthraítear le haghaidh na gcreataí bearta náisiúnta ann i dteannta leis an oibleagáid um fhógra roimhe sin agus an oibleagáid um neamhghníomhaíocht faoi rialacha maidir leis an Státchabhair a leagtar amach in Airteagal 108(3) CFAE.

5.Cuirfidh Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1 chun feidhme. Foilseoidh siad an fhaisnéis phraiticiúil amhail coinníollacha, nós imeachta iarratais agus aon fhaisnéis eile atá ábhartha do thairbhithe ionchasacha na mbeart sin i ndiaidh ghlacadh ach roimh chur i bhfeidhm na mbeart sin ar an idirlíon ar bhealach atá inrochtana go héasca agus saor in aisce. Soláthróidh siad, an tráth céanna, nasc chuig an bhfaisnéis sin don Choimisiún.

6.I gcás inar gá, rachaidh Ballstáit i gcomhar chun éifeacht na mbearta dá dtagraítear i mír 1 a uasmhéadú maidir le hoibríochtaí iompair idirmhódúil trasteorann.

7.Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar ghlacadh agus ar thionchar na mbeart ina gcreataí beartais náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, lena n‑áirítear a gcuid éifeachtachta agus ábharthachta i dtéarmaí costas seachtrach agus i dtéarmaí na gcuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, gach 5 bliana ar a laghad. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, oiriúnóidh siad a gcreataí beartais náisiúnta mar is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Cuirfidh Ballstáit torthaí a measúnaithe agus a gcreataí beartais náisiúnta nuashonraithe in iúl don Choimisiúin gan mhoill, chun cúnamh a thabhairt dó maidir leis na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagail 5(2) a ullmhú, agus foilseoidh siad na creataí beartais náisiúnta nuashonraithe sin ar an idirlíon.

8.Foilseoidh an Coimisiún, gan mhoill, na naisc chuig an bhfaisnéis náisiúnta a sholáthraíonn na Ballstáit dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 7 ar a leathanach gréasáin tiomnaithe chun tacú le bearta faoin Treoir seo.

(6)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

1.Faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta: 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, lena ndéantar measúnú ar iomaíochas an iompair traschórais i gcomparáid le hiompar aonmhódúil ar bóthar i mBallstát, lena n‑áirítear anailís ar chostais iomlána dhoras go doras phríomhchatagóirí na n‑oibríochtaí iompair idirmhódúil, lena n‑áirítear oibríochtaí iompair traschórais.

2.Faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta: 90 mí, i.e. 7 mbliana agus 6 mhí, tar éis ghlacadh na Treorach seo] agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tarraingeoidh an Coimisiún tuarascáil suas chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le forbairt eacnamaíoch an iompair idirmhódúil, lena n‑áirítear oibríochtaí iompair traschórais, san Aontas.

3.Agus na tuarascálacha meastóireachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 á dtarraingt suas ag an gCoimisiún, tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dó chun an fhaisnéis a bhailiú a bhfuil gá léi chun na críche sin.

4.Déanfar cur i láthair agus anailís sna tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar fhorbairtí a bhaineann le hoibríochtaí iompair idirmhódúil, lena n‑áirítear oibríochtaí iompair traschórais. Go háirithe, cumhdóidh siad na nithe seo a leanas:

(a)méid na n‑oibríochtaí idirmhódúla san Aontas in aghaidh an mheascáin mhódaigh, na deighleoige margaidh, na teicneolaíochta trasloingsithe agus in aghaidh an chineáil aonad luchtaithe idirmhódúil a úsáidtear agus in aghaidh an chumhdaigh gheografaigh (náisiúnta agus laistigh den Aontas);

(b)na príomhchonairí iompair ina n‑úsáidtear iompar idirmhódúil agus na príomhlimistéir san Aontas nach n‑úsáidtear é, agus na cúiseanna leo araon;

(c)líon, dlús suímh agus cineál na gcríochfort trasloingsithe a sholáthraíonn seirbhísí d’oibríochtaí iompair traschórais

(d)na príomhbhacainní a shainaithin na húsáideoirí maidir le glacadh na n‑oibríochtaí iompair idirmhódúil a mhéadú;

(e)forbairtí sa toilleadh atá ar fáil maidir le críochfoirt trasloingsithe idirmhódúla agus limistéir ina bhfuil gá le forbairtí breise;

(f)infhaighteacht, éascaíocht rochtana agus iomláine faisnéise maidir le críochfoirt trasloingsithe idirmhódúla;

(g)anailís ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na tacaíochta a sholáthraíonn Ballstáit i gcomhthéacs a gcreataí beartais náisiúnta dá ndéantar foráil in Airteagal 3a(1) agus (2);

(h)iomaíochas an iompair idirmhódúil i gcomparáid le hiompar aonmhódúil ar bóthar;

(i)tairbhí comhshaoil an iompair idirmhódúil, go háirithe i bhfianaise éabhlóidiú fheidhmíocht chomhshaoil, éifeachtúlachta fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa na modhanna difriúla iompair.

5.Moltar sna tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, i gcás inarb iomchuí, réitigh chun feabhas a chur ar infhaighteacht na faisnéis ina dhiaidh sin agus na bearta chun feabhas a chur ar an gcás in earnáil an iompair idirmhódúil.

6.Ar bhonn mhíreanna 1 agus 2 na dtuarascálacha, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, gach 10 mbliana ar a laghad, ar éifeachtacht agus ábharthacht fhorálacha na Treorach seo maidir le hoibríochtaí iompair traschórais a éascú.’;

(7)In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

1.    Féadfaidh Ballstát na bearta is gá a dhéanamh, i gcomhréir le Dlí an Aontais, chun a áirithiú go ndéanfar na cánacha a liostaítear i mír 3 atá infheidhme maidir le feithiclí bóthair (leoraithe, tarracóirí, leantóirí nó leathleantóirí) nuair a úsáidtear in iompar traschórais iad a laghdú nó a aisíoc ar mhéid caighdeánach, nó i gcomhréir leis na turais a dhéanann na feithiclí sin ar iarnród sa Bhallstát lena mbaineann. Is é an Ballstát ina gcláraítear na feithiclí a dheonóidh laghduithe nó aisíocaíochtaí den sórt sin. I gcás inarb ionann na bearta sin agus Státchabhair, comhlíonfaidh siad na rialacha ábhartha nós imeachta agus substainteacha maidir le Státchabhair.

2.    Féadfar feithiclí a úsáidtear go heisiach le haghaidh chéimeanna bóthair tosaigh nó deiridh an iompair traschórais, nó iad araon, a dhíolmhú, i gcás ina ngearrtar cáin orthu ar leithligh, ó na cánacha a liostaítear i mír 3, i gcomhréir le dlí an Aontais. Go háirithe, i gcás inarb ionann bearta den sórt sin agus Státchabhair, comhlíonfaidh siad na rialacha ábhartha nós imeachta agus substainteacha maidir le Státchabhair. ’

(8)Scriostar Airteagal 7;

(9)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

Leantóir nó leathleantóir atá faoi úinéireacht an ghnóthais is seoltóir nó is faighteoir, i gcás ina n‑úsáidtear é in oibríocht iompair traschórais agus ina n‑iompraítear ar chéim bhóthair é agus tarracóir á úsáid atá faoi úinéireacht an ghnóthais lena mbaineann nó i gcás ina gceannaíonn nó ina bhfruilíonn an gnóthas lena mbaineann an tarracóir ar théarmaí iarchurtha de bhun Threoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* , measfar go gcomhlíonann an chéim bhóthair sin coinníollacha Airteagal 1(5), pointe (d) de Rialachán (AE) 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**.

*    Treoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le húsáid feithiclí a fhruilítear gan tiománaithe le hearraí a iompar de bhóthar (IO L 33, 4.2.2006, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/1/oj).

**    Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1072/oj).’;

(10)cuirtear na hAirteagail 9a, 9b, 9c agus 9d seo a leanas isteach:

‘Airteagal 9a

Feithiclí a dhéanann céimeanna bóthair d’oibríochtaí iompair traschórais, díolmhófar iad ó thoirmisc thiomána le linn an deiridh seachtaine, le linn na hoíche agus le linn laethanta saoire, coisc nach bhfuil feidhm acu ach maidir le feithiclí earraí troma amháin. Ní bheidh feidhm ag an díolúine i gcás toirmisc thiomána ghinearálta is infheidhme maidir le gach feithicil a úsáidtear chun críoch príobháideach.

Airteagal 9b

1.Cuirfidh gach oibreoir na gcríochfort trasloingsithe idirmhódúil faisnéis ar fáil, go poiblí agus saor in aisce, ar a leathanach gréasáin, faoi sheirbhísí agus saoráidí atá ar fáil i gcríochfort.

2.Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta mionsonraithe den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9d(2).

3.Chun creat a sholáthar maidir le leibhéal seirbhíse na gcríochfort trasloingsithe idirmhódúil san Aontas a shainaithint, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos critéir maidir le catagóirí críochfort trasloingsithe idirmhódúil. Leagfar síos critéir den sórt sin ach leibhéil seirbhísí a shainaithint maidir le seirbhísí agus saoráidí atá ar fáil ón liosta arna leagan síos i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9d(2).

4.I gcás ina mbunófar creat maidir le leibhéil seirbhíse na gcríochfort trasloingsithe idirmhódúil san Aontas, foilseofar oibreoirí críochfort trasloingsithe idirmhódúil na leibhéil seirbhíse is infheidhme de bhun mhír 1.

Airteagal 9c

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus 3(7) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse ama neamhchinntithe amhail ón [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus 3(7) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(6) agus 3(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 9d

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011*.

2.I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

_________

*    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(11)déantar an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a chur léi mar an Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2020/1056

Leasaítear Rialachán (AE) 2020/1056 mar a leanas:

In Airteagal 9(1), cuirtear an pointe (l) seo a leanas isteach:

‘(l) ríomh na gcostas seachtrach, dá dtagraítear in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (a) de Threoir 92/106/CEE, déantar amhlaidh i gcomhréir leis an modheolaíocht arna leagan síos sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 1c(6) den Treoir sin.

(m) déantar giniúint na sonraí comhiomlánaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) ), an chéad fhomhír, pointe (b) de Threoir 92/106/CEE, i gcomhréir leis na rialacha arna leagan síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3(7) den Treoir sin.’.

Airteagal 3

Trasuí

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach 30 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán



RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

Ábhar

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

An bunús dlí

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Comhréireacht

An rogha ionstraime

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Bailiú agus úsáid saineolais

Measúnú tionchair

Cearta bunúsacha

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ar a dhéanaí, tar éis 10 mbliana, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht cé acu an iomchuí nó nach iomchuí é leanúint den chóras tacaíochta faoin Treoir seo.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

1.    LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 92/106/CEE an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a leagan síos le haghaidh cineálacha áirithe iompair traschórais earraí idir na Ballstáit.

1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann 

Soghluaisteacht agus Iompar

1.3.    Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 51  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.    Cuspóirí

1.4.1.    Cuspóirí ginearálta

Is é is cuspóir ginearálta don Treoir seo méadú ar an iompar idirmhódúil a éascú maidir le hiompar lasta laistigh den Aontas san iomlán, chun costais sheachtracha agus ídiú fuinnimh an iompair lasta a laghdú. Rannchuideoidh an Treoir le SDG 13 (Gníomhú go práinneach chun an t‑athrú aeráide agus a thionchar a chomhrac), SDG 9 (Bonneagar athléimneach a thógáil, tionsclaíocht ionchuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn agus an nuálaíocht a chothú) agus SDG 11 (Cathracha agus lonnaíochtaí do dhaoine a dhéanamh cuimsitheach, sábháilte, athléimneach agus inbhuanaithe).

1.4.2.    Cuspóirí sonracha

Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha na Treorach:

-    Tacaíocht a chur ar fáil do raon níos leithne oibríochtaí idirmhódúla faoi choinníollacha comhlíontachta éifeachtacha

-    Tacaíocht níos fearr a áirithiú trí fheabhas a chur ar thuairisciú ar iompar idirmhódúil

-    Iomaíochas an iompair idirmhódúil a mhéadú chun costais sheachtracha a laghdú

-    Feabhas a chur ar thrédhearcacht agus dul isteach sa mhargadh a shimpliú

1.4.3.    An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar ba cheart a bheith ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Tá coinne leis go gcuirfear méadú leis an togra ar iomaíochas an iompair idirmhódúil vis‑à‑vis iompar aonmhódúil ar bóthar agus go gcuirfear chun cinn úsáid an iompair idirmhódúil dá bharr, rud a fhágann go mbeidh laghdú ar na costais sheachtracha.

1.4.4.    Táscairí feidhmíochta

Cinnfear éifeachtacht na Treorach atá beartaithe, maidir le Cuspóir Sonrach 1, bunaithe ar an táscaire seo a leanas:

- méid na n‑oibríochtaí iompair idirmhódúil san Aontas, in aghaidh an mheascáin mhódaigh, in aghaidh na deighleoige margaidh, in aghaidh na teicneolaíochta trasloingsithe agus in aghaidh an chineáil aonad luchtaithe;

- na príomhchonairí ina n‑úsáidtear iompair idirmhódúil agus iad siúd nach n‑úsáidtear é agus na cúiseanna leis sin.

Cinnfear éifeachtacht na Treorach a bheartaítear, maidir le Cuspóir Sonrach 2, bunaithe ar na táscairí seo a leanas:

-    tuarascáil a chur ar fáil sna heatraimh arna sonrú sa Treoir maidir le forbairt eacnamaíoch an iompair idirmhódúil san Aontas.

Cinnfear éifeachtacht na Treorach a bheartaítear, maidir le Cuspóir Sonrach 3, bunaithe ar na táscairí seo a leanas:

- iomaíochas an iompair idirmhódúil i gcomparáid le hiompar aonmhódúil ar bóthar agus éabhlóidiú na tacaíochta a sholáthraíonn na Ballstáit.

- athruithe do chion módach an iompair idirmhódúil.

Cinnfear éifeachtacht na Treorach a bheartaítear, maidir le Cuspóir Sonrach 4, bunaithe ar na táscairí seo a leanas:

-    forbairtí i dtoilleadh an chríochfoirt trasloingsithe;

-    infhaighteacht, éascaíocht rochtana agus iomláine faisnéise ar chríochfoirt idirmhódúla.    

1.5.    Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.    Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Soláthrófar creat tacaíochta sa togra chun iomaíochas an iompair idirmhódúil vis‑à‑vis iompar aonmhódúil ar bóthar a mhéadú chun glacadh an iompair idirmhódúil a spreagadh agus costais sheachtracha an iompar lasta a laghdú dá bharr. Áirítear ann:

- coinníollacha comhchoiteanna agus éifeachtacha maidir le comhlíontacht agus rialacha i leith cruthú comhlíontachta;

- bearta eacnamaíocha agus rialála a chuideoidh le iomaíochas an iompair idirmhódúil a mhéadú;

- ceanglais chun trédhearcacht críochfort maidir le saoráidí agus seirbhísí a áirithiú;

- rialacha agus clár maidir le tuarascálacha margaidh agus clásal athbhreithniúcháin chun úsáidí an chreata tacaíochta a athmheas tar éis tráth áirithe.

Ba cheart na forálacha sin uile a bheith infheidhme go hiomlán 30 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

Baineann an ráiteas airgeadais reachtach seo le staidéar atá le déanamh chun a mheas cé acu atá nó nach bhfuil gá le creat catagóirithe/lipéadaithe críochfort a fhorbairt, faoi réir thoradh an staidéir maidir leis an ngá atá le creat den sórt sin a fhorbairt, agus chun staidéir a mhargú mar ionchur le haghaidh na dtuarascálacha atá le cur ar bun.

1.5.2.    Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach (ex‑ante)

Trí rialacha comhchuibhithe a sholáthar le haghaidh (a) coinníollacha comhlíontachta éifeachtacha agus a gcruthú agus (b) le haghaidh cineálacha tacaíochta, cuideoidh sé sin leis an láimhseáil inchomparáide a chruthú i gcás oibreoirí ar fud an Aontais, rud lena ndéantar nósanna imeachta riaracháin á simpliú don tionscal, do na Ballstáit agus don Choimisiún agus feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Faoi láthair, mar gheall ar easnamh in CTD, ní fhéadfaí leibhéal sin an chomhchuibhithe a bhaint amach.

An breisluach ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex‑post)

Tá gné thrasteorann láidir ag earnáil iompair an Aontais, agus tá ról tábhachtach aici maidir le saorshreabhadh daoine agus earraí ar mhargadh inmheánach an Aontais. Tá seirbhísí éifeachtúla iompair ríthábhachtach maidir le feidhmiú na slabhraí soláthair agus fás gheilleagar an Aontais. Tá an t‑iompar, lena bhfuil coinne go méadóidh sé a thuilleadh, fós ar cheann de na hastaírí is mó astaíochtaí GCT agus cruthaíonn sé costais sheachtracha shuntasacha eile a bhaineann le plódú, timpistí agus torann.

Déantar an Treoir seo go soiléir mar ionstraim chun costais sheachtracha an iompair a laghdú trí iomaíochas an iompair idirmhódúil vis‑à‑vis iompar aonmhódúil ar bóthar agus glacadh an iompair idirmhódúil a chur chun cinn dá bharr.

1.5.3.    Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart 

Tá stair seanbhunaithe san Aontas maidir le haistriú módach i dtreo modhanna iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a thacú agus más féidir, na modhanna iompair difriúla á n‑úsáid sa mheascán is fearr, chun an córas iompair agus líonra a bharrfheabhsú agus chun costais sheachtracha a laghdú.

Ó bhí 1975 ann, tá ionstraim i bhfeidhm ag an Aontas chun oibríochtaí iompair traschórais incháilithe a thacú mar fho‑fhoirm an iompair idirmhódúil. In 1992, cuireadh an Treoir Iompair Traschórais (CTD) atá i bhfeidhm faoi láthair in áit na hionstraime sin.

Chun éifeachtacht CTD a mhéadú, rinne an Coimisiún togra in 1998 chun CTD a leasú, inar moladh leathnú ar incháilitheacht d’oibríochtaí bóthair intíre, teorann ar chéim bhóthair bunaithe ar sciar oibríochta 20 % san iomlán, eisiamh an iompair ar oileán, agus díolúine iompair traschórais ó thoirmisc thiomána le linn an deiridh seachtaine. De bharr nach bhféadfaí teacht ar chomhaontú le linn na gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha, tharraing an Coimisiún an togra siar in 2001.

In 2016, rinne an Coimisiún meastóireacht REFIT, ina bhfuarthas amach gurbh ionstraim ábhartha fós é CTD chun tacú leis an iompar traschórais, ach go raibh féidearthacht nach beag ann chun tuilleadh feabhais a chur ar éifeachtacht CTD mar bhí cuid d’fhorálacha CTD as dáta nó míshoiléir, rud a fhágann gur féidir léirmhíniú débhríoch a dhéanamh ar an Treoir agus go bhfuil an cur chun feidhme neamh‑chomhchuibhithe dá bhrí sin.

Ina dhiaidh sin rinne an Coimisiún togra nua in 2017 chun CTD a leasú agus béim á leagan ar an sainmhíniú a shoiléiriú i bhfianaise an chásdlí atá ann cheana agus gearán gan an cur chuige bunaithe ar achair sheasta maidir le codanna difriúla na n‑oibríochta a athrú. Bheartaigh sé chomh maith chun infheistíochtaí i mbonneagar críochfort a chur chun cinn agus feabhas mór a chur ar uirlisí tacaíochta fioscacha agus eacnamaíocha.

Cé gur chuir na Ballstáit uile fáilte roimh an leasú agus gur thug siad tacaíocht don chuspóir maidir feabhas a chur ar iomaíochas an iompair traschórais, bhí frithsheasmhacht ann i leith togra ar bith chun an incháilitheacht a leathnú, agus go háirithe an raon feidhme a leathnú chuig oibríochtaí sna Ballstáit. Ar an gcaoi chéanna, bhí roinnt mhaith Ballstát in aghaidh oibleagáide chun méadú ar thoilleadh críochfort a éascú, cé go raibh siad in ann teacht ar chomhaontú maidir le hoibleagáid chun infheistíochtaí críochfort a chur chun cinn. A mhéid a bhaineann le tacaíocht mhéadaithe d’oibríochtaí iompair traschórais, bhí éagsúlacht ann i measc tuairimí na mBallstát, rud a fhágann nár thug siad a dtacaíocht do thacaíocht éigeantach chomhchuibhithe, ach d’oibleagáid chun tacaíocht a thabhairt nuair ba faoi na Ballstáit a bhí an rogha uirlise tacaíochta. Ullmhaíodh an togra atá ann faoi láthair agus ábhair imní siúd na mBallstát siúd á gcur san áireamh.

Thacaigh Parlaimint na hEorpa go mór leis an togra, bheartaigh sí tuilleadh uaillmhéine a mhéid a bhaineann le tacaíocht eacnamaíoch, ach d’iarr sí roinnt díolúintí chomh maith. Modhnaíodh an togra le roinnt leasuithe a thug na comhreachtóirí isteach ar bhealach, dá nglacfaí leo, a chuirfeadh laghdú nach beag ar uaillmhian agus éifeachtacht an togra ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, tharraing an Coimisiún a thogra siar.

1.5.4.    Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Is bunsprioc inghnóthaithe í an Treoir a mholtar ón Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, lena leagtar amach fís an Aontais i dtaca le córas iompar na todhchaí. Fógraíodh leis an straitéis go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat rialála maidir le hiompar idirmhódúil, lena n‑áirítear Treoir maidir le hIompar Comhcheangailte (faoi Shuaitheanta 4 – Iompar Lasta a Ghlasú).

Cruthófar leis an Treoir sineirgí le beartais iompair eile agus píosaí de chreat rialála an Aontais a spriocdhíreofar ar fheidhmíocht chomhshaoil na mód aonair agus an chórais iompair nó ar inmheánú na gcostas seachtrach. A mhéid a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil, áirítear leis na píosaí sin Rialachán (AE) 2019/1242, COM(2021) 557 agus COM(2021) 559 go háirithe. Áirítear le bearta a spriocdhírítear ar inmheánú na gcostas seachtrach praghsáil carbóin, muirir bhonneagair, cánacha fuinnimh agus feithicle.

Tá an togra comhoiriúnach leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil. Ceanglaítear leis an tionscnamh cistiú chun trí staidéar mhargaidh ar a laghad a mhaoiniú chun na hoibleagáidí tuairiscithe arna leagan síos faoin Treoir a chomhlíonadh mar aon le staidéar chun a mheas cé acu atá nó nach bhfuil gá le creat catagóirithe/lipéadaithe críochfort mar a shonraítear leis an Treoir.

1.5.5.    Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Déileáiltear le himpleachtaí buiséadacha an togra seo faoin ráiteas airgeadais reachtach seo. Ó thaobh caiteachais de, tá tionchar buiséadach sonrach an tionscnaimh seo teoranta do leithreasuithe le haghaidh staidéar mar a luaitear faoi 1.5.4. Ní cheanglaítear le forghníomhú na ngníomhaíochtaí sin méadú ar acmhainní daonna an Choimisiúin Eorpaigh. Laistigh de CAI atá ann faoi láthair, is féidir na riachtanais a chomhlíonadh trí athshannadh laistigh de líne bhuiséid shainphribhléide an iompair dar luach EUR 0,4 milliún. Ní dhéantar foráil maidir le haon chostas breise laistigh de CAI atá ann faoi láthair. In CAI tar éis 2027, beartaítear go ndéanfaí costais a mhaoiniú trí CAI ina dhiaidh sin, gan teacht roimh an gcomhaontú maidir le CAI agus leis na cláir.

1.6.    Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cur chun feidhme le tréimhse tosaithe ó 2027-2037

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.    Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 

Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

 ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

 tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

 eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

 BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

 comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

 comhlachtaí dlí phoiblí;

 comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

 comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

 comhlachtaí nó daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

N/B

2.    BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Beidh an Coimisiún freagrach ar an bhforiomlán as an Treoir a bheartaítear a chur chun feidhme agus as tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle (a) maidir le hiomaíochas an iompair idirmhódúil i gcomparáid le hiompar aonmhódúil ar bóthar roimh chur i bhfeidhm na Treorach agus ina dhiaidh sin (b) gach 5 bliana maidir le forbairt eacnamaíoch an iompair idirmhódúil san Aontas. I ndiaidh 10 mbliana déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil gá fós leis an scéim tacaíochta.

Maidir leis na cúraimí a dhéanfaidh AS MOVE go díreach, leanfaidh siad timthriall bliantúil na pleanála agus an fhaireacháin, arna chur chun feidhme sa Choimisiún agus sna gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, lena n‑áirítear na torthaí a thuairisciú trí Thuarascáil Bhliantúil AS MOVE ar Ghníomhaíochtaí.

2.2.    Córais bhainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.    An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Déanfaidh an Coimisiún agus go sonrach, AS MOVE, bainistíocht ar chur chun feidhme na Treorach atá beartaithe. Soláthrófar cistiú trí comhaontuithe soláthair. Cuirfear an caiteachas chun feidhme trí sholáthar a bhainistítear go díreach, agus forálacha an Rialacháin Airgeadais á gcur i bhfeidhm ina n‑iomláine. Áirítear leis an straitéis rialaithe le haghaidh soláthairtí agus deontais in AS MOVE rialuithe sonracha ex ante dlíthiúla, oibriúcháin agus airgeadais maidir leis na nósanna imeachta chomh maith leis an síniú conarthaí agus comhaontuithe. Ina theannta sin, beidh caiteachas arna dhéanamh chun earraí agus seirbhísí a sholáthar faoi réir rialuithe ex ante agus, nuair is gá, faoi réir rialuithe ex post airgeadais. 

2.2.2.    Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Tá coinne leis go bhfanfaidh an riosca earráide tráth na híocaíochta agus tráth an dúnta faoi bhun 2 %.

Na rioscaí féideartha a bhaineann le soláthar seirbhíse a bhfuil an luach sin orthu, meastar iad a bheith íseal.

Baineann na rioscaí sin le húsáid na nósanna imeachta soláthair: moilleanna, infhaighteacht sonraí, faisnéis thráthúil chuig an margadh, etc. Chumhdófaí na rioscaí sin leis na sásraí atá ann cheana den Rialachán Airgeadais agus mhaolófaí iad trí shraith rialuithe inmheánacha a chuirtear in úsáid ag AS MOVE (rialuithe córasacha ex ante dlíthiúla agus airgeadais roimh fhoilsiú an ghlao ar thograí agus roimh dheonú an chonartha, faireachán agus measúnú ar tháirgí insoláthartha, iniúchtaí caiteachais ex post mar a shainmhínítear sna pleananna oibre iniúchta bliantúla).

2.2.3.    Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

I bhfianaise raon feidhme agus mhéid teoranta chistiú an Aontais atá le deonú, agus toisc go meastar gur rioscaí ísle iad tairbhithe chistí an Aontais, tá coinne leis nach nginfear leis na cúraimí a bheidh de thoradh na Treorach a bheartaítear costas rialaithe breise thar chostais rialaithe AS MOVE atá ann cheana.

2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Bheadh feidhm ag bearta coisctheacha agus cosanta an Choimisiúin maidir leis an méid seo a leanas, go sonrach:

- Déanann foireann an Choimisiúin seiceáil ar íocaíochtaí le haghaidh aon seirbhíse sula ndéantar íocaíocht, agus aon oibleagáid chonarthach, prionsabal eacnamaíoch agus dea‑chleachtas airgeadais nó bainistíochta á gcur san áireamh. Áireofar forálacha frithchalaoise (maoirseacht, ceanglais tuairiscithe, etc.) sna comhaontuithe agus sna conarthaí uile a thugtar i gcrích idir an Coimisiún agus faighteoirí aon íocaíochtaí.

- Chun an chalaois, an t‑éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) arna leagan síos le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle.

Thairis sin, coinníonn an Coimisiún straitéis láidir frithchalaoise, CAFS, ar bun, straitéis atá á hathbhreithniú faoi láthair.

Ina theannta sin, ghlac AS MOVE Straitéis Frithchalaoise athbhreithnithe in 2020. Tá Straitéis Frith‑Chalaoise AS MOVE bunaithe ar Straitéis Frith‑Chalaoise an Choimisiúin agus ar mheasúnú riosca sonrach arna dhéanamh go hinmheánach chun na réimsí is leochailí ó thaobh calaoise de a shainaithint, maille leis na rialuithe atá i bhfeidhm cheana agus na bearta atá riachtanach chun feabhas a chur ar chumas AS MOVE calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú. 

Áirithítear leis na forálacha conarthacha is infheidhme maidir le soláthar poiblí, gur féidir le ranna an Choimisiúin, lena n‑áirítear OLAF, iniúchtaí agus seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, agus úsáid á baint as na forálacha caighdeánacha a mholann OLAF. 

3.    AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a nimreofar tionchar 

Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN 52

ó thíortha de chuid CSTE 53

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 54

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

1

02.20.04.01

LD

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

3.2.    An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.    Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

1

An Margadh Aonair, an Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

Ard‑Stiúrthóireacht: MOVE

Bliain
2027

IOMLÁN 55

□ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 02.20.04.01

Gealltanais

(1a)

0.4

0.4

Íocaíochtaí

(2a)

0.4

0.4

IOMLÁN na leithreasuithe
i gcomhair AS MOVE

Gealltanais

0.4

0.4

Íocaíochtaí

0.4

0.4



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

0.4

0.4

Íocaíochtaí

(5)

0.4

0.4

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

0.4

0.4

Íocaíochtaí

0.4

0.4

□ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

0.4

0.4

Íocaíochtaí

(5)

0.4

0.4

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6
den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Méid tagartha)

Gealltanais

= 4+ 6

0.4

0.4

Íocaíochtaí

= 5+ 6

0.4

0.4





Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil

7

"Caiteachas riaracháin"

Ba cheart an chuid seo a líonadh isteach ag úsáid na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis na rialacha inmheánacha i ndáil le cur chun feidhme roinn an Choimisiúin de bhuiséad ginearálta an Aontais), agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: <…….>

□ Acmhainní daonna

□ Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN Ard‑Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2027

Bliain
2032

Bliain
2037

Bliain
le deimhniú

IOMLÁN

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

0.4

0.6

0.7

0,3

2,0

Íocaíochtaí

0.4

0.6

0.7

0,3

2,0

3.2.2.    An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 56

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 57

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁN

3.2.3.    Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 58

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 59
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.    Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain 2027

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

□ Poist le haghaidh an phlean bunaíochta (oifigigh agus baill foirne shealadacha)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01  (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 60

20 02 01 (CA, SNE, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

0

0

0

0

20 02 03 (CA, LA, SNE, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz   61

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (CA, SNE, INT – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

0

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.4.    Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Maoinítear an tionscnamh leis an líne bhuiséid tacaíochta don bheartais iompair (02.20.04.01), ní cheanglaítear aon ath‑chlársceidealú.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.    Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   ní dhéantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 62

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe




3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 63

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)

   Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) IO L 243, 9.7.2021, lgh. 1-17.

(2)

   COM(2019)640 final.

(3)

   COM(2021) 400 final.

(4)

   REPowerEU: https://commission.europa.eu/strategy-andpolicy/priorities2019-2024/europeangreendeal/repowereu-affordable-secure-andsustainable-energy-europe_ga

(5)

   Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú do chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit

(6)

   Plean an Aontais maidir le ‘Fuinneamh a Choigilt’ COM(2022) 240 final..

(7)

   COM(2020) 789 final.

(8)

   Is éard atá san iompar traschórais fothacar den iompar idirmhódúil a chomhlíonann an sainmhíniú in CTD.

(9)

   Treoir 75/130/CEE ón gComhairle an 17 Feabhra 1975 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh cineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit, IO L 48, 22.2.1975

(10)

   SWD(2016) 140 final.

(11)    COM(2019) 640 final.
(12)

   COM(2021) 812 final

(13)

   Orthu sin, áiríodh freagairtí ó 11 údarás phoiblí (CZ, dhá údarás phoiblí ó BE, AT, ó thrí údarás phoiblí ó FR, NO, IT, DE, SE), freagairtí ó 49 bpáirtí leasmhara tionscail, ceithre fhreagairt ó shaoránaigh agus sé fhreagairt faoin gcatagóir ‘eile’.

(14)

   Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (2023), op. cit.

(15)

   14 fhreagróir de 31 fhreagróir ón tionscal agus 4 fhreagróir as 8 n‑údarás.

(16)

   Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) IO L 243, 9.7.2021, lgh. 1-17.

(17)

   COM(2019)640 final.

(18)

   REPowerEU: https://commission.europa.eu/strategy-andpolicy/priorities2019-2024/europeangreendeal/repowereu-affordable-secure-andsustainable-energy-europe_ga

(19)

   Plean an Aontais maidir le ‘Fuinneamh a Choigilt’ COM(2022) 240 final..

(20)

   COM(2021) 400 final.

(21)

   COM(97) 243 final.

(22)

   COM(2011) 144 final.

(23)

   Rialachán (AE) 2019/1242

(24)

   COM(2021) 557 final

(25)

   Leagtar garsprioc síos le SSMS le haghaidh chostais sheachtracha uile an iompair laistigh den Aontas Eorpach, is é sin, gur na húsáideoirí iompair a chumhdóidh iad faoi 2050 ar a dhéanaí.

(26)

   https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13134-Iompar-idirnaisiunta-lasta-aguspaisineiri-sciar-antrachta-iarnroida-mheadu_ga

(27)

   Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal, IO L 235, 17.9.1996, lgh. 59–75. Leis an Treoir sin, ceadaítear feithiclí níos troime agus níos faide a úsáid san iompar idirmhódúil, lena n‑áirítear céimeanna bóthair den iompar traschórais.

(28)

   Rialachán (AE) 2020/1056

(29)

    COM(2021) 324 final.

(30)

   Comparative analysis of transhipment technologies for intermodal transport and their costs, PWC, KombiConsult 2022, https://transport.ec.europa.eu/news/study-analysestranshipmentoptionsmore-competitive-intermodal-transportandterminal-capacity-ten2022-05-05_en  

(31)

   COM(2021) 812 final. 

(32)

   Rialachán (AE) 1055/2020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009 agus (AE) Uimh. 1024/2012 chun go n‑oiriúnófar iad d’fhorbairtí in earnáil an iompair de bhóthar, IO L 249, 31.7.2020, lch. 17-32.

(33)

   Tá caingean le haghaidh neamhniú i leith na forála sin taiscthe leis an gCúirt Bhreithiúnais ag Ballstáit áirithe (C-542/20, An Liotuáin v. An Pharlaimint agus an Chomhairle, C-545/20, An Bhulgáir v. An Pharlaimint agus an Chomhairle, C-547/20, An Rómáin v. An Pharlaimint agus an Chomhairle agus C-554/20, An Pholainn v. An Pharlaimint agus an Chomhairle).

(34)    SWD (2016) 140 final
(35)

   CE Delft (2019).

(36)

   Chun a áirithiú go ndéanfaí comparáid sách beacht idir oibríochtaí, ba ghá leanúint den Lámhleabhar a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta, agus an fhianaise eolaíoch is déanaí á cur san áireamh. Ina theannta sin, ní mór an chomhsheasmhacht agus an chomhlántacht le CEEU atá ar na bacáin a áirithiú.

(37)    Tá ardáin le haghaidh malartú leictreonach sonraí ó ghnólachtaí chuig údaráis (B2A) le bunú de réir Rialachán (AE) 2020/1056.
(38)    IO C , , lch. .
(39)    IO C , , lch. .
(40)    Rialachán (AE)2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj).
(41)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gComhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – An Plean REPowerEU, COM/2022/230 final.
(42)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All EU Action Plan: Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil [Conair chuig Pláinéad Sláintiúil do Chách, Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú], COM(2021) 400 final.
(43)

   Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú do chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/106/oj).

(44)

   Breithiúnas an 7 Bealtaine 1991, An Coimisiún / An Iodáil, (C-45/89, ECR 1991 lch. I-2053) ECLI:EU:C:1991:185.

(45)

   Rialachán (AE) 1056/2020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (IO L 249, 31.7.2020, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1056/oj).

(46)

   Lámhleabhar maidir le costais sheachtracha an iompair. An Coimisiún Eorpach. Leagan 2019 – 1.1, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, ISBN 978-92-76-18184-2

(47)

   Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirear a ghearradh ar fheithiclí as bonneagair bhóthair a úsáid (IO L 187, 20.7.1999, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1999/62/oj).

(48)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(49)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1313, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(50)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(51)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(52)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(53)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(54)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(55)    I ndiaidh 2027, meastar go mbeidh costas an togra ag EUR 0,6 milliún in 2032, EUR 0,7 milliún in 2037 agus costas deiridh breise EUR 0,3 milliún níos déanaí, rud a fhágann go mbeidh na costais iomlána le haghaidh bhuiséad an Aontais ag EUR 2 mhilliún, a bheartaítear a mhaoiniú trí CAInna ina dhiaidh sin, gan an comhaontú maidir leis na CAInna agus cláir a réamh‑mheas.
(56)    Is éard is aschuir ann táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(57)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóir(í) sonrach(a)...’
(58)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(59)    Cúnamh teicniúil agus/nó riaracháin agus caiteachas ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(60)    AC= Baill Foirne ar Conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(61)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(62)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(63)    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis do 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,7.11.2023

COM(2023) 702 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 92/106/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le creat tacaíochta um iompar idirmhódúil earraí agus Rialachán (AE) 2020/1056 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coigilteas costas seachtrach a ríomh agus sonraí comhiomlánaithe a ghiniúint













{SEC(2023) 373 final} - {SWD(2023) 351 final} - {SWD(2023) 352 final}


IARSCRÍBHINN

Liosta táscach de bhearta tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3a

Cuid I: Bearta tacaíochta chun bearna iomaíochais na n‑oibríochtaí iompair traschórais i gcomparáid le hoibríochtaí iompair aonmhódúil ar bóthar a laghdú

Bearta chun feabhas a chur ar iomaíochas na n‑oibríochtaí iompair traschórais a chuireann leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3a(2), pointe (a), is féidir iad a chur chun feidhme trí choigeartuithe agus trí dhreasachtaí rialála agus neamhrialála in ionstraimí riaracháin agus eacnamaíocha náisiúnta ag a bhfuil tionchar ar iomaíochas na n‑oibríochtaí iompair traschórais. Ní mór é a bheith d’aidhm ag na coigeartuithe agus ag na dreasachtaí sin iompar níos tarraingtí a dhéanamh den iompar traschórais do na gnóthais a dhéanann cinneadh faoi na móid a roghnaítear, is é sin, seoltóirí nó gnóthais a eagraíonn na hoibríochtaí iompair traschórais.

Coigeartuithe agus dreasachtaí, is féidir bearta ag a bhfuil tionchar ar na nithe seo a leanas a áireamh orthu:

(a)eagrú oibríochtaí iompair traschórais agus codanna de, lena n‑áirítear toilleadh bonneagair agus críochfoirt agus tosaíocht a shannadh don iompar idirmhódúil; bainistíocht fheabhsaithe ar shuaitheadh le linn oibreacha tógála bonneagair, lena n‑áirítear comhar idir na Ballstáit maidir leis na hábhair sin; simpliú na nósanna imeachta riaracháin náisiúnta agus áitiúla, lena n‑áirítear na nósanna imeachta sin is infheidhme i gcéim ullmhúcháin oibríochta agus le linn na hoibríochta chomh maith;

(b)iomaíochas costais na hoibríochta idirmhódúla, lena n‑áirítear muirir bhóthair agus muirir, tobhaigh, cánacha nó táillí eile i ndáil le húsáid an iompair agus an bhonneagair idirmhódúil, agus muirir brú tráchta;

(c)muirir costas seachtrach, arna shainmhíniú in Airteagal 2 de Threoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 i gcás feithiclí saothair throm astaíochtaí nialasacha agus ísle, arna sainmhíniú in Airteagal 3(11) agus (12) de Rialachán 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 san iompar idirmhódúil,

(d)bearta chun iontráil sa mhargadh idirmhódúil a éascú le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide, amhail ligean ar cíos nó ligean ar léas na n‑aonad luchtaithe idirmhódúla a éascú, lena n‑áirítear trí ráthaíochtaí; úsáid na n‑ardán pleanála idirmhódúla nó na n‑ardán comhdhlúthaithe lasta a éascú, lena n‑áirítear trí fheachtais oiliúna agus feasachta;

(e)coinníollacha pleanála agus léasaithe le haghaidh na talún atá oiriúnach d’fhorbairt críochfoirt trasloingsithe idirmhódúil.

Cuid II: Bearta tacaíochta chun uasghrádú nó leibhéil ghlactha na dteicneolaíochtaí a mhéadú, ar teicneolaíochtaí iad a chuireann feabhas ar éifeachtúlacht na n‑oibríochtaí iompair idirmhódúil

Bearta chun tacú le huasghrádú nó le leibhéil ghlactha na dteicneolaíochtaí a mhéadú, ar teicneolaíochtaí iad a chuireann feabhas ar éifeachtúlacht na n‑oibríochtaí iompair idirmhódúil a leagtar amach in Airteagal 3a(2), pointe (b), is féidir iad a chur chun feidhme trí na nithe seo a leanas a éascú, nó trí thacaíocht dóibh mar shampla:

(a)na leathleantóirí a úsáidtear san iompar traschórais a shainaithint i gcomhréir leis an gcóras aitheantais a leagtar síos de bhun chaighdeáin idirnáisiúnta ISO6346 nó EN13044;

(b)na leantóirí nach bhfuil inaistrithe le craein a threisiú chun go mbeidh siad ina leantóirí atá inaistrithe le craein nó cúnamh chun leathleantóirí a fháil atá inaistrithe le craein;

(c)táillí clárúcháin feithiclí agus cánacha feithicle na leathleantóirí atá inaistrithe le craein agus ar mhéid chaighdeánach a tharscaoileadh;

(d)comhtháthú na gcóras nasctha agus uathoibriú na n‑oibríochtaí san iompar traschórais, lóistíocht dhigiteach, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide gaolmhara agus córais iompair chliste is gá ar mhaithe le feidhmiú rianúil na n‑oibríochtaí iompair idirmhódúil amhail tacaíocht d’infheistíochtaí i bhfótaigheataí agus i mbothanna uathoibríocha teachta/imeachta ag críochfoirt trasloingsithe idirmhódúla;

(e)bearta chun tabhairt isteach bhille iompair idirmhódúil ar a gcríoch a éascú;

(f)na feithiclí nó soithí nó trealamh trasloingsithe astaíochtaí ísle agus nialasacha san iompar traschórais;

(g)gabhálais le haghaidh na teicneolaíochta atá ann cheana chun coimeádáin a thrasloingsiú chun go mbeifear in ann leathleantóirí a thrasloingsiú amhail géaga tógála craenacha droichid chun leathleantóirí a thrasloingsiú go hingearach.’

(1)    Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirear a ghearradh ar fheithiclí as bonneagair bhóthair a úsáid (IO L 187, 20.7.1999, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1999/62/oj).
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) Uimh. 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1242/oj).