An Bhruiséil,8.11.2023

COM(2023) 681 final

2023/0386(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh a bhaineann le Cinneadh ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Albáin lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Chuir údaráis na hAlbáine in iúl gur spéis leo dhá Chomhchoiste Comhairliúcháin a bhunú le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Coiste na Réigiún.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún i bhfabhar creat institiúideach a chur ar fáil don idirphlé beartais leis an Albáin i gcomhthéacs a réimsí inniúlachta faoi seach.

Is é is aidhm do na Comhchoistí Comhairliúcháin idirphlé agus comhar a eagrú idir a gcomhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe eile na sochaí sibhialta agus a núdaráis réigiúnacha agus áitiúla.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

I gcomhthéacs na caibidlíochta aontachais leis an Albáin ar cuireadh tús léi le déanaí, maidir le dlús an idirphlé beartais i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais, rachaidh sin chun tairbhe do dhul chun cinn na hAlbáine maidir lena conair lánpháirtíochta san Eoraip, go háirithe tríd an gcaidreamh idir páirtithe leasmhara ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil mar aon le comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta a neartú.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Eoraip níos láidre sa domhan mór:

Tacaíonn an Coimisiún Eorpach leis an iltaobhachas agus le hord domhanda atá bunaithe ar rialacha trí ról níos gníomhaí agus guth níos láidre a thabhairt don Aontas ar fud an domhain. Rud eile atá sa cheannaireacht Eorpach oibriú go dlúth le tíortha comharsanachta, straitéis chuimsitheach a thabhairt isteach maidir leis an Afraic agus peirspictíocht Eorpach thíortha na mBalcán Thiar a athdhearbhú. Féachann an Coimisiún le cur chuige comhordaithe i leith na gníomhaíochta seachtraí – idir chomhar forbartha agus an comhbheartas eachtrach agus slándála – sa chaoi go mbeidh guth níos láidre agus níos aontaithe ag an Eoraip sa domhan.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Chomh maith leis an Albáin agus leis na Ballstáit uile, tá an tAontas ina pháirtí sa Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais (CCC) leis an Albáin freisin. Rinneadh tabhairt i gcrích CCC a fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 2009/332/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún. Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin is é Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 2 den Chinneadh ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2009 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile, is bunús dlí le bunú Sheasamh an Aontais maidir le Cinneadh ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Albáin chun coistí speisialta eile a chur ar bun (Airt. 116, 117(2), 120(4) CCC). Dá bhrí sin, tá gá le cinneadh ón gComhairle.

Ag féachaint don mhéid seo a leanas:

An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 217 agus 218, mír 9 de,

Airteagal 2 den Chinneadh ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2009 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine den pháirt eile (dá ngairtear ‘an Albáin’ anseo feasta)

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Maidir leis an ngné Eorpach den togra, ghlac an Coimisiún Eorpach teachtaireacht le déanaí (COM(2023) 40 final) ina dírítear ar an idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach. Léirítear go láidir inti gurb iad príomhchuspóirí an Aontais feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre agus is bealaí bunúsacha iad an tidirphlé sóisialta agus an chómhargáil chun é sin a dhéanamh, rud a chuireann le táirgiúlacht níos airde agus a áirithíonn cothroime shóisialta, timpeallacht oibre ar ardchaighdeán agus daonlathas ag an obair san am céanna. Tá sé beartaithe gurb é a bheidh sna Comhchoistí Comhairliúcháin atá beartaithe fóraim don idirphlé agus don chomhar idir na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san Aontas Eorpach agus san Albáin, rud lenar féidir rannchuidiú go mór le forbairt a gcaidreamh agus le lánpháirtiú na hEorpa.

Maidir leis an ngá atá leis na Comhchoistí Comhairliúcháin, beartaítear leis an idirphlé agus an comhar sin an bealach a ullmhú faoi chuimsiú an Aontais don obair a dhéanfar amach anseo le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Coiste na Réigiún agus do bhallraíocht na hAlbáine san Aontas Eorpach; malartú faisnéise maidir le saincheisteanna leasa fhrithpháirtigh atá ann faoi láthair a éascú, go háirithe staid na himeartha atá cothrom le dáta maidir le beartas eacnamaíoch, sóisialta agus réigiúnach an Aontais agus maidir leis an bpróiseas aontachais; malartú faisnéise a spreagadh i gcur chun feidhme praiticiúil phrionsabal na coimhdeachta i ngach gné den saol ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil; plé a dhéanamh ar aon ábhar ábhartha eile a mholtar ar thaobh ar bith, de réir mar a thiocfaidh siad chun cinn i gcomhthéacs chur chun feidhme an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais agus faoi chuimsiú na Straitéise Réamhaontachais.

Ar deireadh, is é breisluach na gComhchoistí Comhairliúcháin go bhféadfaidh an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais dul i gcomhairle, chomh maith, leis na Comhchoistí Comhairliúcháin atá beartaithe sula nglacfaidh sí cinntí i réimsí ábhartha. Beidh comhairliúchán leis na coistí fós faoi rogha na Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, áfach).

Comhréireacht

Leagtar síos prionsabal na comhréireachta in Airteagal 5 (4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Féachann sé le gníomhartha a dhéanann institiúidí an Aontais Eorpaigh laistigh de theorainneacha sonraithe a shocrú.

Is é príomhchuspóir na gcomhchoistí comhairliúcháin faireachán a dhéanamh ar bhealach na hAlbáine i dtreo an Aontais, agus moltaí a ghlacadh le cur faoi bhráid rialtas na hAlbáine agus institiúidí an Aontais. Is é ról na gcomhchoistí comhairliúcháin chomh maith é a chur ar a gcumas d’ionadaithe eagraíochtaí sochaí sibhialta na hAlbáine eolas a chur ar an bpróiseas comhairliúcháin san Aontas, chomh maith le ligean d’ionadaithe ar an Aontas eolas a chur ar struchtúir shóisialta agus ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta na nathchóirithe san Albáin. Pléann na comhchoistí comhairliúcháin réimse leathan ábhar (neamh-uileghabhálach), lena náirítear comhar idir an Albáin agus an tAontas i réimsí éagsúla amhail an imirce, fuinneamh, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gairmoiliúint.

I gcomhthéacs na caibidlíochta aontachais leis an Albáin ar cuireadh tús léi le déanaí, maidir le dlús an idirphlé beartais i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais, rachaidh sin chun tairbhe do dhul chun cinn na hAlbáine maidir lena conair lánpháirtíochta san Eoraip, go háirithe tríd an gcaidreamh idir páirtithe leasmhara ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil mar aon le comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta a neartú.

Cé go gcomhlánaíonn na comhchoistí comhairliúcháin le dearcadh na sochaí sibhialta creat institiúideach an Aontais a bhaineann leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an Albáin, fágtar an raon feidhme is gá ag an tír chun na moltaí a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Cuireann na comhinstitiúidí sin ar chumas eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an dá thaobh faireachán a dhéanamh ar chaibidlíocht aontachais na tíre. Is éard atá sna comhinstitiúidí ardán chun saincheisteanna leasa choitinn a phlé agus chun an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi na dúshláin a bheidh ann le linn na tréimhse aontachais

An rogha ionstraime

Leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais, tugtar an deis comhlachtaí comhpháirteacha a bhunú chun comhar idir an tAontas agus an tír chomhlachaithe a éascú. Is cleachtas seanbhunaithe é Comhchoistí Comhairliúcháin a bhunú le Coiste na Réigiún agus le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoi na Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais agus tá roinnt samplaí dearfacha ann cheana féin i réigiún na mBalcán Thiar.

Chomh maith leis an Albáin agus leis na Ballstáit uile, tá an tAontas ina pháirtí sa Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais (CCC) leis an Albáin. Rinneadh tabhairt i gcrích CCC a fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 2009/332/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún. Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin is é Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh is bunús dlí le bunú Sheasamh an Aontais maidir le Cinneadh ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Albáin chun coistí speisialta eile a chur ar bun (Airt. 116, 117(2), 120(4) CCC). Dá bhrí sin, tá gá le cinneadh ón gComhairle.

Ní gá bearta tacaíochta a éascú chun an Cinneadh a chur chun feidhme, ós rud é go leagtar amach san airteagal aonair agus san iarscríbhinn an seasamh atá le glacadh ag an Aontas laistigh den Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais maidir leis na leasuithe ar a Rialacha Nós Imeachta chun na Comhchoistí Comhairliúcháin a chur ar bun.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní bhaineann le hábhar

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Ní bhaineann le hábhar

Bailiú agus úsáid saineolais

Ní bhaineann le hábhar

Measúnú tionchair

Ní bhaineann le hábhar mar gheall ar an méid seo a leanas:

Leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais, tugtar an deis comhlachtaí comhpháirteacha a bhunú chun comhar idir an tAontas agus an tír chomhlachaithe a éascú. Is cleachtas seanbhunaithe é Comhchoistí Comhairliúcháin a bhunú le Coiste na Réigiún agus le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoi na Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais agus tá roinnt samplaí dearfacha ann cheana féin i réigiún na mBalcán Thiar.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní bhaineann le hábhar mar gheall ar an méid seo a leanas:

Baineann an leasú le Rialacha Nós Imeachta Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais gan costais bhreise a chruthú ach comhar le tír chaibidlíochta a fheabhsú

Cearta bunúsacha

Ní bhaineann le hábhar

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar airgeadais ag bunú na gComhchoistí Comhairliúcháin atá beartaithe ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh toisc gurb iad rannpháirtithe na hAlbáine atá freagrach as a gcostais féin agus go gcumhdaítear na speansais ar thaobh na ninstitiúidí Eorpacha le buiséad an Aontais Eorpaigh

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ní bhaineann le hábhar

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Ní bhaineann le hábhar

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá i gceangal leis seo téacs an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir leis an seasamh atá le glacadh ag an Aontas Eorpach sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, dá bhforáiltear le hAirteagal 2(1) den chinneadh ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2009 maidir leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais thuasluaite a thabhairt i gcrích.

2023/0386 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh a bhaineann le Cinneadh ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Albáin lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 217 agus 218, mír 9 de,

Ag féachaint do Chinneadh ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2009 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine (dá ngairtear ‘an Albáin’ anseo feasta), den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 2, mír 1, de,

Ag féachaint d’oscailt na caibidlíochta aontachais idir an tAontas Eorpach agus an Albáin, a bhí ar siúl an 19 Iúil 2022,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le hAirteagal 116 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais bunaítear Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais.

(2)Foráiltear le hAirteagal 117 (2) den Chomhaontú sin go mbunóidh an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais a rialacha nós imeachta.

(3)Foráiltear le hAirteagal 120(4) den Chomhaontú sin go bhféadfaidh an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais cinneadh a dhéanamh coistí nó comhlachtaí speisialta eile a bhunú a bheidh in ann cabhrú léi a cuid dualgas a chomhlíonadh. Foráiltear freisin leis an bhforáil chéanna den Chomhaontú sin go gcinnfidh an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, ina rialacha nós imeachta, comhdhéanamh agus dualgais na gcoistí nó na gcomhlachtaí sin agus an chaoi ina bhfeidhmeoidh siad,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh ag an Aontas laistigh den Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú le hAirteagal 116 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Albáin, den pháirt eile, i ndáil leis an gComhchoiste Comhairliúcháin a bhunú le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus leis an gComhchoiste Comhairliúcháin le Coiste na Réigiún agus le leasú rialacha nós imeachta na Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais sin dá bhforáiltear in Airteagal 120(4) den Chomhaontú sin, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, atá i gceangal leis an gCinneadh seo. Féadfar glacadh le mionleasuithe ar an dréachtchinneadh seo gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2 

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán


An Bhruiséil,8.11.2023

COM(2023) 681 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le TOGRA ón gCOIMISIÚN le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE Uimh. X/2023

maidir leis an seasamh ata le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le Cinneadh ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Albáin lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta

EMPTY


IARSCRÍBHINN

TÁ AN CHOMHAIRLE Cobhsaíochta agus Comhlachais,

Ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAlbáine (dá ngairtear ‘an Albáin’ anseo feasta), den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 120 (4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le hidirphlé agus comhar idir na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta chomh maith le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla san Aontas Eorpach agus iad siúd san Albáin is féidir rannchuidiú go mór le forbairt a gcaidreamh agus le lánpháirtiú na hEorpa.

(2)Dealraíonn sé gurb iomchuí an comhar sin a eagrú trí bhíthin dhá Chomhchoiste Comhairliúcháin a bhunú;

(a)comhchoiste amháin idir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, de pháirt amháin, agus comhpháirtithe sóisialta na hAlbáine agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta den pháirt eile;

(b)agus comhchoiste eile idir Coiste na Réigiún de pháirt amháin agus ionadaithe tofa údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hAlbáine, den pháirt eile.

(3)Dá bhrí sin, is gá rialacha nós imeachta na Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais, arna nglacadh le Cinneadh Uimh. 1/2009, a leasú dá réir sin.

TAR ÉIS A CINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Leasófar Cinneadh Uimh. 1/2009 trí na hAirteagail seo a leanas a chur leis:

Airteagal 14

An Comhchoiste Comhairliúcháin le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

(1)Bunaítear leis seo Comhchoiste Comhairliúcháin le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus é de chúram air cabhrú leis an gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais d’fhonn idirphlé agus comhar a chur chun cinn idir na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta, san Aontas Eorpach agus san Albáin. Cuimseofar san idirphlé agus sa chomhar sin gach gné ábhartha den chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Albáin, de réir mar a thagann siad chun cinn i gcomhthéacs chur chun feidhme an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais. Díreofar an tidirphlé agus an comhar sin go háirithe ar na nithe seo a leanas:

(a)Fostóirí, oibrithe agus eagraíochtaí sochaí sibhialta eile na hAlbáine a ullmhú le haghaidh gníomhaíochta faoi chuimsiú bhallraíocht an Aontais Eorpaigh amach anseo;

(b)Fostóirí, oibrithe agus eagraíochtaí sochaí sibhialta eile na hAlbáine a ullmhú dá rannpháirtíocht in obair Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tar éis aontachas na hAlbáine;

(c)Faisnéis a mhalartú maidir le saincheisteanna leasa fhrithpháirtigh, go háirithe maidir le staid na himeartha atá cothrom le dáta i ndáil leis an bpróiseas aontachais chomh maith le fostóirí, oibrithe agus eagraíochtaí sochaí sibhialta eile na hAlbáine a ullmhú don phróiseas sin;

(d)Malartuithe taithí agus idirphlé struchtúrtha a spreagadh idir A) fostóirí na hAlbáine, oibrithe agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta agus B) fostóirí, oibrithe agus eagraíochtaí sochaí sibhialta eile na mBallstát, lena náirítear trí líonrú i réimsí sonracha ina bhféadfadh teagmhálacha díreacha agus comhar a bheith ar an mbealach is éifeachtaí chun fadhbanna ar leith a réiteach;

(e)Aon ábhar eile a thagann chun cinn i gcomhthéacs chur chun feidhme an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais a phlé, lena náirítear i ndáil le próiseas aontachais na hAlbáine leis an Aontas Eorpach.

(2)Beidh an Comhchoiste Comhairleach le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa comhdhéanta de sheisear ionadaithe ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus seisear ionadaithe ar chomhpháirtithe sóisialta na hAlbáine agus ar eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta. Is féidir iarraidh ar bhreathnóirí páirt a ghlacadh ann freisin.

(3)Déanfaidh an Comhchoiste Comhairleach le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a chúraimí a chomhall ar bhonn comhairliúcháin ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais nó, maidir le hagallamh idir lucht eacnamaíoch agus sóisialta a chur ar aghaidh, ar a thionscnamh féin.

(4)Roghnófar na comhaltaí chun a áirithiú go mbeidh an Comhchoiste Comhairliúcháin le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa chomh dílis agus is féidir leis na comhpháirtithe sóisialta éagsúla agus le heagraíochtaí eile na sochaí sibhialta, san Aontas Eorpach agus san Albáin araon. Déanfaidh rialtas na hAlbáine ainmniúcháin oifigiúla chomhaltaí na hAlbáine ar bhonn moltaí ó na comhpháirtithe sóisialta agus ó eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta. Beidh na moltaí sin bunaithe ar nósanna imeachta roghnúcháin cuimsitheacha trédhearcacha i measc na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta.

(5)Beidh an Comhchoiste Comhairliúcháin le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa comhdhéanta de sheisear ionadaithe ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus seisear ionadaithe ar chomhpháirtithe sóisialta na hAlbáine agus ar eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta.

(6)Glacfaidh an Comhchoiste Comhairliúcháin le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a rialacha nós imeachta féin.

(7)Íocfaidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar thaobh amháin, agus Rialtas na hAlbáine, ar an taobh eile, as na speansais a thabhóidh siad mar gheall ar a dtoscairí a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Chomhchoiste Chomhairligh agus a mheithleacha maidir le caiteachas foirne, taistil agus cothaithe.

(8)Is ar an bPáirtí a óstálfaidh na cruinnithe a thitfidh aon chostas eile a bhaineann le heagrú ábhartha na gcruinnithe.

Airteagal 15

An Comhchoiste Comhairliúcháin le Coiste na Réigiún

(1)Bunaítear leis seo Comhchoiste Comhairliúcháin le Coiste na Réigiún agus é de chúram air cabhrú leis an gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais d’fhonn idirphlé agus comhar a chur chun cinn idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san Aontas Eorpach agus iad siúd san Albáin. Díreofar an tidirphlé agus an comhar sin go háirithe ar na nithe seo a leanas:

(a)Údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hAlbáine a ullmhú le haghaidh gníomhaíochta faoi chuimsiú bhallraíocht an Aontais Eorpaigh amach anseo;

(b)Údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hAlbáine a ullmhú dá rannpháirtíocht in obair Choiste na Réigiún tar éis aontachas na hAlbáine;

(c)Faisnéis a mhalartú maidir le saincheisteanna leasa fhrithpháirtigh atá ann faoi láthair, go háirithe maidir le staid na himeartha atá cothrom le dáta i ndáil le beartas réigiúnach Eorpach agus leis an bpróiseas aontachais chomh maith le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na hAlbáine a ullmhú do na beartais sin;

(d)Idirphlé struchtúrtha iltaobhach a spreagadh idir A) údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hAlbáine agus B) údaráis áitiúla agus réigiúnacha na mBallstát, lena náirítear trí líonrú i réimsí sonracha ina bhféadfadh teagmhálacha díreacha agus comhar idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hAlbáine agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha na mBallstát a bheith ar an mbealach is éifeachtaí chun aghaidh a thabhairt ar ábhair shonracha leasa fhrithpháirtigh;

(e)Malartú rialta faisnéise a sholáthar maidir le comhar idir-réigiúnach idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hAlbáine agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha na mBallstát;

(f)Malartú taithí agus eolais i réimse an bheartais réigiúnaigh agus idirghabhálacha struchtúracha a spreagadh, idir A) údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hAlbáine agus B) údaráis áitiúla agus réigiúnacha na mBallstát, go háirithe fios gnó agus teicnící a bhaineann le pleananna nó straitéisí forbartha áitiúla agus réigiúnacha a ullmhú agus an úsáid is éifeachtúla is féidir a bhaint as na Cistí réamhaontachais agus struchtúracha;

(g)Cúnamh a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hAlbáine trí bhíthin malartú faisnéise, go háirithe cur chun feidhme phrionsabal na coimhdeachta i ngach gné den saol ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;

(h)Aon ábhar eile a thagann chun cinn i gcomhthéacs chur chun feidhme an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais a phlé, lena náirítear i ndáil le próiseas aontachais na hAlbáine leis an Aontas Eorpach.

(2)Beidh ar an gComhchoiste Comhairliúcháin le Coiste Réigiúin an Aontais Eorpaigh ochtar ionadaithe ar Choiste na Réigiún, ar thaobh amháin, agus ochtar ionadaithe tofa ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hAlbáine, ar an taobh eile. Féadfaidh an Comhchoiste Comhairliúcháin cinneadh a dhéanamh le tromlach dá chomhaltaí ó Choiste na Réigiún agus le tromlach dá chomhaltaí ón Albáin chun an líon ionadaithe a athrú. Beidh an líon ionadaithe ar Choiste na Réigiún agus ar an Albáin fós comhionann agus ní rachaidh an líon ionadaithe thar trí dhuine déag faoi seach. Ceapfar an líon céanna comhaltaí malartacha.

(3)Déanfaidh an Comhchoiste Comhairliúcháin le Coiste na Réigiún a ghníomhaíochtaí a chur i gcrích ar bhonn comhairliúcháin ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais nó, a mhéid a bhaineann leis an gcomhphlé idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn, ar a thionscnamh féin.

(4)Féadfaidh an Comhchoiste Comhairliúcháin le Coiste na Réigiún moltaí a chur faoi bhráid na Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais.

(5)Roghnófar na comhaltaí chun a áirithiú go mbeidh an Comhchoiste Comhairliúcháin le Coiste na Réigiún ina léiriú chomh dílis agus is féidir ar na comhpháirtithe sóisialta éagsúla agus ar eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta, san Aontas Eorpach agus san Albáin araon. Déanfaidh rialtas na hAlbáine ainmniúcháin oifigiúla chomhaltaí na hAlbáine ar bhonn moltaí ó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha san Albáin agus lena náiritheofar iolrachas polaitiúil agus cothromaíocht inscne. Beidh na moltaí sin bunaithe ar nósanna imeachta roghnúcháin cuimsitheacha trédhearcacha a dhéanfaidh ionadaithe a bhfuil sainorduithe áitiúla nó réigiúnacha acu.

(6)Glacfaidh an Comhchoiste Comhairliúcháin le Coiste na Réigiún a rialacha nós imeachta féin.

(7)Déanfaidh comhalta de Choiste na Réigiún agus ionadaí ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hAlbáine comhchathaoirleacht ar an gComhchoiste Comhairliúcháin le Coiste Réigiún.

(8)Íocfaidh Coiste na Réigiún, ar thaobh amháin, agus Rialtas na hAlbáine, ar an taobh eile, na speansais arna dtabhú de bharr rannpháirtíocht a dtoscairí agus a bhfoirne tacaíochta i gcruinnithe an Chomhchoiste Comhairliúcháin le Coiste na Réigiún, go háirithe maidir le caiteachas taistil agus cothaithe.

(9)Is ar an bPáirtí a óstálfaidh na cruinnithe a thitfidh aon chostas eile a bhaineann le heagrú ábhartha na gcruinnithe.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den dara mí tar éis dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh

Thar ceann na Comhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais

An Cathaoirleach