An Bhruiséil,17.10.2023

COM(2023) 660 final

2023/0379(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le raon feidhme na rialacha maidir le tagarmharcanna, úsáid tagarmharcanna san Aontas a sholáthraíonn riarthóir atá suite i dtríú tír, agus ceanglais tuairiscithe áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá an togra seo ina chuid de phacáiste beart chun na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú. Tá sé d’aidhm aige údarú agus clárú a chuíchóiriú agus an t‑ualach ar chuideachtaí an Aontais a mhaolú, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’, is é sin riarthóirí beaga tagarmharcanna agus úsáideoirí beaga tagarmharcanna). Is creat rialála srathach é an ceann a bhfuil feidhm aige maidir leis na cuideachtaí sin. Beidh feidhm ag rialacha agus ceanglais tuairiscithe difriúla ag brath ar an gcineál tagarmhairc a sholáthraítear leo. Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2016/1011 (‘an Rialachán maidir le Tagarmharcanna’ nó ‘BMR’) aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le cruinneas agus sláine tagarmharcanna gan beann ar mhéid agus cineál sistéamach na dtagarmharcanna sin. Is é an cheist atá ann cé acu atá nó nach bhfuil cuid de cheanglais BMR comhréireach, go háirithe i gcás riarthóirí a thairgeann tagarmharcanna a bhfuil a luach tagartha in ionstraimí, conarthaí nó cistí íseal nó nach soláthraíonn innéacsanna ach do líon teoranta úsáideoirí tagarmharcanna i gcomhréir le conarthaí déthaobhacha (innéacsanna saincheaptha). Tá sé éilithe ag rannpháirtithe sa mhargadh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcreat BMR agus go mbeadh na ceanglais rialála spleách ar ábharthacht shistéamach tagarmhairc nó ar thábhacht an róil atá ag tagarmharc chun margaí a oibriú i mBallstát nó ar fud an Aontais.

Sa Teachtaireacht uaidh dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’ ( 1 ), chuir an Coimisiún i dtábhacht a thábhachtaí atá córas rialála lena náirithítear go mbainfear amach na cuspóirí ar an gcostas is ísle. Dá bhrí sin, tá gealltanas tugtha aige iarracht nua a dhéanamh chun na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú agus a shimpliú, agus é ina aidhm dheiridh aige na hualaí riaracháin a laghdú 25 %, gan dochar a dhéanamh do na cuspóirí beartais gaolmhara.

Bíonn ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun faireachán cuí ar an reachtaíocht agus forfheidhmiú ceart na reachtaíochta a áirithiú. Ar an iomlán, déantar a gcostais a fhritháireamh leis an tairbhe a bhaineann leo, go háirithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh príomhbheart beartais agus comhlíonadh na bpríomhbheart sin a áirithiú. Mar sin féin, tá sé tábhachtach na ceanglais sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir dár beartaíodh iad agus chun an t‑ualach riaracháin a theorannú. Is féidir le ceanglais tuairiscithe ualaí díréireacha a chur ar pháirtithe leasmhara, lena n‑áirítear FBManna agus mhicreachuideachtaí, agus i bhfianaise forbairtí eagraíochtúla agus teicneolaíocha freisin a éilíonn go ndéanfaí ceanglais tuairiscithe bhunaidh a choigeartú.

Dá bhrí sin, tugtar tús áite d’oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú agus do na hualaí riaracháin a laghdú.

Leis an togra reachtach seo féachtar le hathbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme BMR agus aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a bhaineann leis, chomh maith le feabhsuithe spriocdhírithe a thabhairt ar an gcaoi a bhfeidhmíonn BMR.

·Comhthéacs polaitiúil agus dlíthiúil

Is éard is tagarmharc ann innéacs ( 2 ) a úsáidtear mar thagairt chun praghas ionstraime airgeadais nó conartha airgeadais a chinneadh nó chun feidhmíocht ciste airgeadais a thomhas. Táirgtear raon leathan tagarmharcanna faoi láthair, lena náirítear tagarmharcanna rátaí úis, amhail EURIBOR, tagarmharcanna cothromais, amhail innéacsanna CAC 40, DAX nó S&P 500 agus tagarmharcanna tráchtearraí, e.g., tagarmharcanna fuinnimh, amhail West Texas Intermediate nó Brent. Le BMR cumhdaítear roinnt cineálacha bunsócmhainní ar leith a chuimsíonn cothromais (agus ionstraimí atá cosúil le cothromas, amhail cistí arna dtrádáil ar an malartán), ionstraimí ioncaim sheasta, ús, creidmheas nó rátaí malairte eachtraí chomh maith le tráchtearraí éagsúla.

Le Táblaí 1-3 léirítear conas a eagraíodh le BMR atá ann faoi láthair na príomhchineálacha tagarmhairc lena gcumhdaítear na príomhchineálacha sócmhainní thart ar thrí ghné: (1) an méid sócmhainní a thagraíonn do thagarmharc; (2) an cineál bunsócmhainní agus (3) cineálacha sonraí ionchuir a úsáidtear chun an tagarmharc a ríomh.


Tábla 1: Reachtaíocht atá ann cheana: idirdhealú a dhéanamh idir tagarmharcanna bunaithe ar an méid úsáide san Aontas

Catagóir

Tairseach chainníochtúil 3

Idirghabháil ar ghá í a aicmiú amhlaidh

Iarmhairtí dlíthiúla

An daonra faoi láthair

Tagarmharcanna criticiúla

-EUR 500 billiún, nó

-EUR 400 billiún + 2 chritéar cháilíochtúla in Airt. 20(1)(c), nó

-Tá an tagarmharc bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí a bhfuil a bhformhór suite i mBallstát amháin agus aithnítear é a bheith criticiúil sa Bhallstát sin

Glacann an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 20(1) BMR (gníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún 4 )

Tá feidhm ag rialacha breise (Airt. 20-23), lena n‑áirítear riarachán sainordaitheach (tá sé de chumhacht ag an údarás inniúil iallach a chur ar an riarthóir leanúint den tagarmharc a fhoilsiú) agus rannchuidiú sainordaitheach (i gcás inar thug an riarthóir fógra don údarás inniúil go bhfuil sé beartaithe ag rannchuiditheoir scor de shonraí ionchuir a rannchuidiú, tá an chumhacht ag an údarás inniúil a cheangal ar an rannchuiditheoir leanúint de shonraí ionchuir a rannchuidiú).

EURIBOR, WIBOR, STIBOR, NIBOR

Tagarmharcanna suntasacha

-Ní tagarmharc criticiúil é an tagarmharc

Agus comhlíonann sé ceachtar de na critéir seo a leanas:

-EUR 50 billiún, nó

-Nach bhfuil ionadaigh oiriúnacha ar bith faoi stiúir an mhargaidh aige, nó gur fíorbheagán ionadach den sórt sin atá aige agus, sa chás go scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar nó go soláthraítear ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán‑ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh ná ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó ar bhonn sonraí ionchuir neamhiontaofa é, go mbeadh tionchair nach beag agus dhíobhálacha ann ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnóthas i mBallstát amháin nó níos mó.

An t‑údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an riarthóir, cinneann sé tagarmharc a aicmiú mar thagarmharc suntasach nó neamhshuntasach.

-Laghduithe spriocdhírithe ar cheanglais i dteideal II de BMR ar bhonn ‘géill nó mínigh’ (féach Airt. 25 BMR)

-Eintitis atá faoi mhaoirseacht cheana féin, ní éilítear go gcláródh siad ach amháin chun tagarmharcanna suntasacha a riar

Ó mhí Mheán Fómhair 2022, bhí thart ar 50 tagarmharc suntasach arna dtairiscint ag 6 riarthóir faoi raon feidhme BMR. 5

Tagarmharcanna neamhshuntasacha 6

Tagarmharc nach gcáilíonn mar thagarmharc criticiúil ná suntasach

-Laghduithe níos forleithne ar cheanglais i dteideal II de BMR ar bhonn ‘géill nó mínigh’ (féach Airt. 26 BMR)

-Ní éilítear ach clárú chun tagarmharc neamhshuntasach a riar.

Gach tagarmharc eile

Tábla 2: Reachtaíocht atá ann cheana: idirdhealú a dhéanamh idir tagarmharcanna bunaithe ar an gcineál bunsócmhainní

An cineál bunsócmhainní

Sainmhíniú

Idirghabháil ar ghá í a aicmiú amhlaidh

Iarmhairtí dlíthiúla

Tagarmharcanna rátaí úis

‘tagarmharc [...] a chinntear ar bhonn an ráta a bhféadfaidh bainc iasachtaí a thabhairt do bhainc eile nó iasachtaí a fháil uathu, nó iasachtaí a thabhairt do ghníomhairí eile seachas bainc nó iasachtaí a fháil uathu, sa mhargadh airgeadais’

Níl gá le hidirghabháil.

An t‑údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an riarthóir, cinneann sé tagarmharc a aicmiú de réir an chineáil sócmhainní a thomhaiseann sé.

Tá tagarmharcanna rátaí úis faoi réir córas sonrach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le BMR

Tagarmharcanna tráchtearraí

‘tagarmharc ar tráchtearra í [...] an bhunsócmhainn [...], agus na lamháltais astaíochtaí á n‑eisiamh [...].’

Tagarmharcanna tráchtearraí, cé is moite de na nithe seo a leanas:

-Tagarmharcanna tráchtearraí agus tromlach d’eintitis faoi mhaoirseacht ag rannchuidiú sonraí ionchuir;

-Tagarmharcanna tráchtearraí ar tagarmharcanna sonraí rialáilte iad freisin;

-Tagarmharcanna tráchtearraí criticiúla agus ór, airgead nó platanam ina mbunsócmhainní

tá siad faoi réir córas sonrach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le BMR.

Eile

(lena n‑áirítear: cothromas, ioncam seasta, fiachas, ráta malairte…)

[aon tagarmharc eile]

Faoi réir chóras ginearálta BMR

Tábla 3: Reachtaíocht atá ann cheana: idirdhealú a dhéanamh idir tagarmharcanna bunaithe ar an gcineál sonraí ionchuir

Cineál sonraí ionchuir

Sainmhíniú

Idirghabháil ar ghá í a aicmiú amhlaidh

Iarmhairtí dlíthiúla

Tagarmharcanna sonraí rialáilte

Tagarmharc arna chinneadh trí fhoirmle ó na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a) sonraí ionchuir arna rannchuidiú go hiomlán ó na nithe seo a leanas:

(i) ionad trádála [...] nó ionad trádála i dtríú tír ar ghlac an Coimisiún [cinneadh coibhéise] ina leith [...];

(ii) socrú foilsiúcháin formheasta (APA) [...] nó soláthraí comhdhlúite téipe [...];

(iii) sásra tuairiscithe formheasta (ARM) [...];

(iv) malartú leictreachais [...];

(v) malartú gáis nádúrtha[…];

(vi) ardán ceantála;

(vii) soláthraí seirbhíse ar chuige a sheachfhoinsigh an riarthóir tagarmhairc an bailiúchán sonraí [...], ar choinníoll go bhfaighidh an soláthraí seirbhíse na sonraí go hiomlán ó eintiteas dá dtagraítear i bpointí (i) go (vi) den phointe seo;

(b) glanluachanna sócmhainní cistí infheistíochta

Níl gá le hidirghabháil.

An t‑údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an riarthóir, cinneann sé tagarmharc a aicmiú de réir an chineáil sonraí ionchuir a úsáidtear.

Tairbhíonn tagarmharcanna sonraí rialáilte de laghduithe móra ar cheanglais maidir le rialuithe ar shonraí ionchuir, tuairisciú ar sháruithe agus rannchuidiú sonraí ionchuir (féach Airt. 17).

Ní féidir tagarmharcanna sonraí rialáilte a ainmniú mar thagarmharcanna criticiúla, fiú má sháraíonn siad na tairseacha cainníochtúla a leagtar amach in Airt. 20.

Aon tagarmharc eile

Aon sonraí ionchuir nach gcáilíonn mar shonraí rialáilte

Faoi réir chóras ginearálta BMR

Is margaí domhanda iad na margaí airgeadais, agus déantar tagarmharcanna a tháirgeadh agus a úsáid go hidirnáisiúnta. Déanann Bainc Eorpacha, cistí infheistíochta agus úsáideoirí eile tagarmharcanna ( 7 ) tagairt do thagarmharcanna AE agus neamh‑AE chun críoch éagsúil, idir a rioscaí féin a fhálú, lena náirítear rioscaí úis, rioscaí creidmheasa, agus rioscaí malairte eachtraí, agus táirgí a thairiscint chun riosca a gcliant a fhálú, agus punann infheistíochta a bhunú ag baint úsáid as an tagarmharc mar theimpléad infheistíochta nó mar thagarmharc feidhmíochta. Le BMR leagtar amach an liosta de chásanna úsáide arna ngabháil leis an Rialachán mar a leanas:

(a)eisiúint ionstraime airgeadais ina dtagraítear d’innéacs nó do theaglaim innéacsanna;

(b)cinneadh faoin méid is iníoctha faoi ionstraim airgeadais nó faoi chonradh airgeadais trí thagairt a dhéanamh d’innéacs nó do theaglaim innéacsanna;

(c)is páirtí i gconradh airgeadais ina dtagraítear d’innéacs nó do theaglaim innéacsanna;

(d)ráta iasachta a sholáthar [...] arna ríomh mar raon nó uasmharcáil thar innéacs nó teaglaim innéacsanna [...];

(e)feidhmíocht an chiste infheistíochta a thomhas trí innéacs nó trí theaglaim innéacsanna [...].

Le BMR freisin rialáiltear úsáid tagarmhairc laistigh den Aontas Eorpach ( 8 ). Dá bhrí sin, is é is cuspóir do BMR feidhmiú cuí mhargaí an Aontais agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí a áirithiú i dtaca le tagarmharcanna ar leibhéal an Aontais mar a chuirtear i dtábhacht in Aithris 6 de BMR. Dá réir sin, le hAirteagal 29 de BMR rialáiltear úsáidí tagarmharcanna san Aontas.

Tháinig BMR i bhfeidhm an 1 Eanáir 2018 agus idirthréimhse ann le haghaidh na dtagarmharcanna atá ann cheana agus le haghaidh na dtagarmharcanna neamh‑AE go dtí an 31 Nollaig 2019. Cuireadh an sprioc‑am le haghaidh tagarmharcanna neamh‑AE siar faoi dhó ina dhiaidh sin; i mí Iúil 2023 ghlac an Coimisiún dréachtrialachán tarmligthe faoi BMR chun síneadh a chur leis an idirthréimhse arís eile go dtí an 31 Nollaig 2025 le haghaidh tagarmharcanna tríú tír arna núsáid ag eintitis faoi mhaoirseacht an Aontais ( 9 ).

Eascraíonn BMR as Prionsabail le haghaidh Tagarmharcanna Airgeadais na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (prionsabail IOSCO) agus as na Prionsabail le haghaidh Gníomhaireachtaí a Thuairiscíonn Praghas na hOla de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna). Forbraíodh an dá shraith prionsabal sin ar an leibhéal idirnáisiúnta in 2012-2013 mar fhreagra ar na nochtuithe éagsúla faoi ionramháil tagarmharcanna agus is pointe fócasach tábhachtach iad do rialacháin maidir le tagarmharcanna ar fud an domhain. Cloíonn formhór na riarthóirí tagarmharcanna gairmiúla leo, ar bhonn féindeimhniúcháin den chuid is mó.

·Forbhreathnú ar an togra

I gcomhréir leis an dá chuspóir a bhaineann le tuairisciú agus an t‑ualach rialála foriomlán a chuíchóiriú agus freagairt do shainordú chun athbhreithniú a dhéanamh ar BMR i dtéarmaí a raoin feidhme agus a rialacha maidir le húsáid tagarmharcanna neamh‑AE, is é is aidhm don togra seo an dá easnamh seo a leanas a leigheas:

(1)Comhréireacht neamh‑leordhóthanach sa BMR atá i bhfeidhm faoi láthair, go háirithe toisc go mbíonn riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha faoi réir ceanglas maidir le clárú ón gcéad úsáid a bhaintear as tagarmharc a thairgeann siad;

(2)Éifeachtaí athchomhairleacha féideartha a bhaineann leis an gceanglas maidir le haitheantas nó formhuiniú a fháil i ndáil le toilteanas riarthóirí tríú tír tagarmharcanna a thairiscint san Aontas. Riarthóirí tagarmharcanna neamh‑AE, ar minic nach mbíonn siad faoi mhaoirseacht ina ndlínse bhaile, is amhlaidh a bhíonn ualach comhlíontachta mór breise rompu maidir le rochtain a fháil ar mhargadh an Aontais trí aitheantas nó trí fhormhuiniú. Tá riosca ag baint leis sin go laghdófar líon agus éagsúlacht na dtagarmharcanna atá ar fáil d’úsáideoirí tagarmharcanna an Aontais.

Ba cheart cuspóirí beartais BMR a bhaint amach fós má dhírítear é ar thagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras. Dá bhrí sin, faoin togra seo níor cheart ach do riarthóirí na gcatagóirí tagarmharcanna sin leanúint de bheith faoi réir an cheanglais maidir le clárú nó údarú agus faoi réir fhormhór na gceanglas substainteach.

Tairbhí an chuíchóirithe

Leis an togra seo déantar raon feidhme BMR a athchalabrú. Cé go bhfanann na rialacha substainteacha mar atá, is amhlaidh a bheidh siad infheidhme maidir le líon níos lú rannpháirtithe sa mhargadh ag cloí le cur chuige bunaithe ar an tábhacht shistéamach a bhaineann le tagarmharcanna. Thairis sin, baineann feabhsuithe incriminteacha ar rialacha nós imeachta leis an togra, lena soiléirítear gnéithe áirithe a bhí fabhrach don éiginnteacht dhlíthiúil sa chleachtas, go háirithe ó thaobh úsáideoirí tagarmharcanna de.

Leis an togra seo laghdófar an t‑ualach a bhaineann le clárú agus leis an maoirseacht ghaolmhar a dhéantar ar riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha. Is iad na riarthóirí sin atá i bhformhór mór (thart ar 90 %) na riarthóirí iomlána, ach fós féin ní bhaineann an tábhacht eacnamaíoch chéanna leis an úsáid a bhaineann siad as tagarmharcanna.

Ina theannta sin, léirítear le cuntas teiste BMR nár fhorchuir údarás náisiúnta inniúil ach fíneáil amháin le linn 4 bliana d’fheidhm a bheith aige. Ba é BaFin, arb é an tÚdarás Maoirseachta um Sheirbhísí Airgeadais na Gearmáine é, a d’fhorchuir an fhíneáil sin in 2021, i leith rialuithe eintitis faoi mhaoirseacht maidir lena rannchuidiú le tagarmharc criticiúil ( 10 ). Faoin togra seo, an ghníomhaíocht a bhaineann le rannchuidiú le tagarmharc criticiúil, leanfaidh sí de bheith faoi réir an ghrinnscrúdaithe maoirseachta chéanna.

I gcás eintitis atá faoi mhaoirseacht an Aontais a úsáideann tagarmharcanna, leis an togra seo bhainfí na srianta úsáide atá sa chaibidil tríú tír de BMR atá i bhfeidhm faoi láthair, a sainaithníodh mar bhac ar úsáid fhormhór na dtagarmharcanna neamh‑AE ( 11 ). Is é is aidhm don togra seo freisin na hualaí comhlíontachta atá ann faoi láthair ar úsáideoirí tagarmharcanna an Aontais a chuíchóiriú, amhail an gá atá le stádas rialála na ninnéacsanna ar mian leo a úsáid mar thagarmharcanna a fhíorú ceann ar cheann trí shuíomhanna gréasáin agus cláir phoiblí a cheadú. I láthair na huaire, eascraíonn an laghdú ualaigh sin as an bhfíoras gur gá tagarmharcanna a fhormheas lena núsáid mar réamhshocrú. Faoin togra, ba cheart gur leor dul i gcomhairle le clár Airt. 36 chun a fhíorú nach bhfuil tagarmharc faoi réir fógra poiblí lena dtoirmisctear a úsáid. Chun trédhearcacht iomlán a chumasú, ba cheart gach cinneadh ábhartha ó na húdaráis mhaoirseachta a chur ar fáil go poiblí agus iad a bhailiú i gclár Airt. 36 agus sa bhunachar sonraí faoin Rialachán maidir leis an Ionad Eorpach Ilfhreastail Aonair (‘ESAP’) freisin. Thairis sin, i gcás ina dtiocfadh údarás inniúil nó ESMA ar an gconclúid nár chomhlíon riarthóir tagarmharcanna a oibleagáidí, thabharfaí rabhadh le fógra poiblí d’úsáideoirí tagarmharcanna an Aontais nach bhfuil tagarmharc ar leith oiriúnach lena úsáid san Aontas agus go dtoirmiscfí úsáid bhreise a bhaint as an tagarmharc sin.

Roghanna beartais eile ar a ndearnadh machnamh

D’fhéadfaí a áireamh ar na roghanna beartais malartacha an raon feidhme le haghaidh tagarmharcanna neamh‑AE a athchalabrú, nó na ceanglais shubstainteacha ar na riarthóirí uile a laghdú gan raon feidhme an rialacháin a leasú. Cuireadh an chéad rogha ar ceal ar an mbonn go gcuirfeadh sí cothrom na Féinne as a riocht chun aimhleasa riarthóirí atá bunaithe san Aontas; leis an dara ceann, d’fhéadfadh sé go laghdófaí an t‑ualach ar riarthóirí an Aontais ach is amhlaidh nach dtabharfaí aghaidh go cuí ar an ualach riaracháin iomarcach atá ar riarthóirí an Aontais maidir le tagarmharcanna neamhshuntasacha agus an riosca a bhaineann le rialacha tríú tír le haghaidh rochtain úsáideoirí an Aontais ar thagarmharcanna neamh‑AE, agus d’fhéadfaí an cuspóir beartais chun tagarmharcanna sábháilte agus ardcháilíochta a áirithiú a chur i mbaol.

Ar deireadh, in éagmais athruithe ar an gcreat rialála atá i bhfeidhm faoi láthair, bheadh feidhm ag BMR maidir leis na tagarmharcanna uile a úsáideann rannpháirtithe i margadh airgeadais an Aontais i gcónaí, lena náirítear tagarmharcanna tríú tír. Mar a thuairiscítear sa tuarascáil ón gCoimisiún a foilsíodh an 14 Iúil 2023 ( 12 ), leanfadh na rialacha maidir le húsáid tagarmharcanna tríú tír de bheith ag gníomhú mar dhídhreasacht i leith tagarmharcanna a thairiscint do chustaiméirí AE ó thríú tíortha, rud a d’fhágfadh nach mbeadh ach líon teoranta tagarmharcanna iomchuí ar fáil, chomh maith le costais a d’fhéadfadh a bheith níos airde, le haghaidh úsáideoirí deiridh an Aontais. Dá thoradh sin, bheadh an riosca ann go gcaillfeadh úsáideoirí tagarmharcanna an Aontais amhail bainc agus gnólachtaí infheistíochta rochtain ar chuid mhór d’innéacsanna an domhain, ar innéacsanna iad a úsáideann siad mar thagarmharcanna le haghaidh ionstraimí airgeadais nó mar rátaí tagartha i gconarthaí airgeadais. Chiallódh sé sin nach mbeidís in ann táirgí infheistíochta nó fálaithe a thairiscint a thuilleadh, ar táirgí iad a thagraíonn d’innéacsanna an‑choiteann neamh‑AE fiú. Bheadh ar infheisteoirí agus cuideachtaí an Aontais dul i muinín idirghabhálaithe neamh‑AE ansin le haghaidh na mbunseirbhísí sin agus bheadh an riosca ann go níocfaidís biseach astu. De thoradh an lín níos lú tagarmharcanna tríú tír a bheith ar fáil san Aontas, is amhlaidh a d’fhéadfaí iomaíocht theoranta agus riosca sistéamach féideartha a bheith ann ansin.


Tábla 4 - Achoimre ar an athchóiriú atá beartaithe

Cineálacha tagarmharcanna suntasacha

Tagarmharcanna suntasacha de réir dlí - tagarmharcanna ar tháinig an riarthóir ar an gconclúid ina leith go dtagraíonn ionstraimí airgeadais agus conarthaí don innéacs, nó go n‑úsáidtear an t‑innéacs mar thagarmharc feidhmíochta, agus níos mó ná EUR 50 billiún san iomlán de shócmhainní tagartha i gceist.

Tagarmharcanna suntasacha de réir ainmniúcháin - tagarmharcanna nár bhain amach an tairseach EUR 50 billiún ach a bhfuil ról nach beag acu maidir le hoibriú margaidh (miondíola) náisiúnta amháin nó níos mó ( 13 ).

Cé hé a dhéanann an t‑ainmniú?

Meastar tagarmharcanna den sórt sin a bheith suntasach go huathoibríoch (níl gá le hainmniú). Ní mór do riarthóirí fógra a thabhairt dá n‑údarás náisiúnta inniúil nuair a shroicheann siad an tairseach.

Is féidir le ESMA agus le húdaráis náisiúnta inniúla ráiteas a eisiúint lena sonraítear gur sháraigh tagarmharc an tairseach thuas ach nár thug a riarthóir fógra dá údarás inniúil.

Tagarmharcanna an Aontais: déanfaidh an t‑údarás náisiúnta inniúil an méid seo a leanas

Téitear i gcomhairle le ESMA roimh an ainmniúchán agus eisíonn sé comhairle maidir le hainmniúchán beartaithe an údaráis inniúil chun comhsheasmhacht na n‑ainmniúchán náisiúnta a áirithiú.

Tagarmharcanna neamh‑AE: ESMA, arna iarraidh sin d’údarás náisiúnta inniúil (Airteagal 24 de BMR)

Oibleagáidí rialála

·le haghaidh riarthóirí atá suite san Aontas:: údarú nó clárú i gcomhréir le hAirteagal 34 de BMR;

·le haghaidh riarthóirí tríú tír: aitheantas faoi Airteagal 32 de BMR le ESMA nó formhuiniú faoi Airteagal 33 de BMR, seachas más rud é gur glacadh cinneadh coibhéise leis an tríú tír.

Trédhearcacht le haghaidh úsáideoirí tagarmharcanna

Cé hé a fhoilsíonn an t‑ainmniúchán?

Níl ann d’aon ainmniúchán foirmiúil.

Eisíonn údaráis náisiúnta inniúla agus ESMA ráiteas poiblí i gcás ina dtugann riarthóir fógra faoina thagarmharc mar thagarmharc suntasach, nó i gcás ina mbíonn foras soiléir agus inléirithe ag an údarás inniúil sin nó ag ESMA chun tagarmharc a mheas mar thagarmharc suntasach.

I gclár ESMA, foilsítear ainmneacha tagarmharcanna atá faoi réir an dá chineál ráiteas, mar aon le nasc chuig an ráiteas sin.

Cé hé a fhoilsíonn an t‑ainmniúchán?

Foilsítear an cinneadh ainmniúcháin ó údarás náisiúnta inniúil de réir dhlíthe náisiúnta an údaráis sin. Tugtar fógra do ESMA faoin ainmniúchán sin agus foilsíonn sé ainm an tagarmhairc sin mar aon le nasc chuig an gcinneadh ainmniúcháin i gclár Airt. 36.

Foilsítear an cinneadh ainmniúcháin ó ESMA ar shuíomh gréasáin ESMA. Áirítear ainm an tagarmhairc mar aon le nasc chuig an gcinneadh ainmniúcháin i gclár Airt. 36.

Faisnéis maidir le stádas rialála riarthóirí tagarmharcanna suntasacha

Leis an gclár arna choimeád ag ESMA i gcomhréir le hAirt. 36( 14 ) liostaítear:

-riarthóirí arna núdarú nó arna gclárú san Aontas;

-riarthóirí neamh‑AE arna naithint nó arna bhformhuiniú san Aontas;

-tagarmharcanna atá faoi réir ráiteas poiblí ó údarás inniúil nó ó ESMA lena dtoirmisctear iad a úsáid san Aontas, mar aon le naisc chuig ráitis den sórt sin;

-liosta atá ar fáil lena úsáid san Aontas de Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus de Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras .

Faoin togra, dhíreofaí leis an rialachán ar thagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, Tagarmharcanna atá ailínithe le Comhaontú Pháras agus Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide, bíodh an riarthóir san Aontas nó i dtríú tír ( 15 ).


Chun comhleanúnachas an ainmniúcháin náisiúnta a áirithiú ach chun solúbthacht leordhóthanach a choinneáil ar bun, déantar foráil leis an togra seo maidir le córas comhordaithe idir ainmniúcháin ag údaráis náisiúnta agus ag ESMA. Is iad seo a leanas a phríomhphrionsabail:

·Ní féidir le húdarás inniúil tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach ach amháin i gcás nár ainmnigh aon údarás inniúil eile é roimhe seo.

·Sula ndéanfaidh údarás inniúil an tainmniúchán, ba cheart dó iarraidh ar an riarthóir, agus, i gcás ainmniúchán trasteorann, ar údarás náisiúnta inniúil Bhallstát an riarthóra, aon fhaisnéis úsáideach a sholáthar.

·Sula ndéanfaidh údarás inniúil an tainmniúchán, ba cheart dó dul i gcomhairle le ESMA.

·Ba cheart do ESMA comhairle a thabhairt i ndáil le cur i bhfeidhm ceart na gcritéar maidir leis an ainmniúchán náisiúnta agus scrúdú a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh an tagarmharc cáiliú mar thagarmharc suntasach i mBallstáit eile.

·I gcás ina bhféadfadh níos mó ná údarás amháin tagarmharc a ainmniú, ba cheart dóibh teacht ar chomhaontú maidir leis an údarás a dhéanfaidh amhlaidh.

·I gcás nach dtagtar ar aon chomhaontú, cumhachtaítear do ESMA an teasaontas a réiteach.

Ar deireadh, leis an togra seo cuirtear san áireamh sainiúlachtaí Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras. Féadfaidh soláthraithe tagarmharcanna rogha dheonach a dhéanamh tagarmharcanna a lipéadú mar Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó mar Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, ach tá ceanglais shonracha i gceist faoin BMR chun déanamh amhlaidh. Dá bhrí sin, maidir le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, ní fhéadfaidh ach riarthóirí tagarmharcanna atá bunaithe san Aontas agus atá údaraithe nó cláraithe iad a sholáthar. Thairis sin, soláthar Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, gan beann ar a méid, ba cheart é a rialáil ar an mbealach céanna le soláthar tagarmharcanna suntasacha faoi BMR.


·Tionchair an chuíchóirithe

Leis na leasuithe atá beartaithe féachtar le BMR a chuíchóiriú bunaithe ar an mbonn go bhfuil an t‑ualach rialála atá ann faoi láthair scaipthe go cothrom ar na riarthóirí uile atá faoi réir BMR, gan beann ar an suntas eacnamaíoch a bhaineann leo. Os a choinne sin, an is fothacar teoranta é fothacar na riarthóirí a sholáthraíonn na tagarmharcanna is suntasaí go heacnamaíoch. Go sonrach, tá oibleagáid ar riarthóirí tagarmharcanna iarratas a dhéanamh ar chlárú ón nóiméad a úsáidtear tagarmharc aonair in ionstraim nó conradh airgeadais.

Leis an togra bhainfí an ceanglas maidir le húdarú nó clárú (riarthóirí AE) nó formhuiniú nó aitheantas (riarthóirí tríú tír) le haghaidh riarthóirí tagarmharcanna a riarann tagarmharcanna neamhshuntasacha amháin. Tá méideanna na sócmhainní tagartha le haghaidh tagarmharcanna neamhshuntasacha íseal, agus mar sin ní bhíonn aon riosca sistéamach ag baint leis na cineálacha tagarmharcanna sin. Mar thoradh air sin, comhlíonadh sainordaitheach na gceanglas eagraíochtúil, maidir le (i) rialachas agus coinbhleachtaí leasa, (ii) feidhm formhaoirseachta agus ordlathas agus faireachán ar shonraí ionchuir; (iii) cóid iompair a bhunú a mhéid a bhaineann le sonraí ionchuir; (iv) sáruithe a thuairisciú, agus (v) nochtuithe maidir le ráitis mhodheolaíochta agus tagarmharcanna ní bheadh feidhm aige maidir le riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha a thuilleadh. Ba cheart a mheabhrú, áfach, go leanfadh na ceanglais dá ndéantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (‘an Rialachán maidir le Drochúsáid Mhargaidh’) d’fheidhm a bheith acu ( 17 ). Ar deireadh, ba cheart a aithint freisin go bhfuil cleachtas margaidh seanbhunaithe ann go bhfeidhmeodh riarthóirí tagarmharcanna i gcomhréir le Prionsabail ábhartha IOSCO.

Bosca 1

Tagarmharcanna suntasacha i gcomparáid le tagarmharcanna neamhshuntasacha

Liostaítear 73 riarthóir tagarmharcanna AE i gclár ESMA faoi láthair. As na tagarmharcanna atá in úsáid san Aontas faoi láthair, níor ainmníodh ach ceann amháin (EURIBOR) mar thagarmharc criticiúil faoi mhaoirseacht ESMA ( 18 ). Is tagarmharcanna criticiúla faoi mhaoirseacht náisiúnta iad trí cinn - Ráta Tairgthe Idirbhainc Stócólm (STIBOR), Ráta Tairgthe Idirbhainc na hIorua (NIBOR) agus Ráta Tairgthe Idirbhainc Vársá (WIBOR)( 19 ). Is tagarmharcanna rátaí úis iad na tagarmharcanna criticiúla seo go léir, agus tá gach ceann acu á riar ag riarthóir AE éagsúil.

Léiríodh i suirbhé neamhfhoirmiúil a rinne ESMA ar mhaoirseoirí náisiúnta go raibh seisear riarthóirí tagarmharcanna faoi mhaoirseacht Eorpach i mí Mheán Fómhair 2022 (triúr riarthóirí ón Aontas agus triúr ó thíortha lasmuigh den Aontas ( 20 )) ag tairiscint tagarmharc suntasach amháin nó níos mó ( 21 ). Is tagarmharcanna neamhshuntasacha amháin a sholáthraíonn na 66 riarthóir eile.

Is é an toradh a bheidh ar an gcuíchóiriú seo go spriocdhíreofar ar bhealach níos fearr ar iarrachtaí maoirseachta ar na catagóirí ábhartha tagarmharcanna criticiúla nó suntasacha, arna sainiú mar thagarmharcanna a thagraíonn d’ionstraimí airgeadais agus do chonarthaí airgeadais nó do chistí infheistíochta ar mhéid iomlán níos mó ná EUR 500 billiún (criticiúil) nó EUR 50 billiún (suntasach), nó mar thagarmharcanna a bhfuil ról mór acu, bunaithe ar mheasúnú náisiúnta nó uile‑Aontais, i margadh (miondíola) i mBallstáit ar leith nó i margadh ar fud roinnt Ballstát.

Leis an togra tá coinne leis go laghdófar an líon eintiteas de chuid an Aontais a thagann faoi raon feidhme BMR. As na 73 riarthóir AE atá faoi mhaoirseacht faoi láthair, thiocfadh 66 riarthóir lasmuigh den raon feidhme, mura n‑ainmneofaí go sonrach mar riarthóirí suntasacha iad. Comhfhreagraíonn sé sin do laghdú suas le 90 % ar an daonra atá faoi réir comhlíontacht shainordaitheach. Le haghaidh impleachtaí costais, féach an roinn maidir le REFIT thíos.

·Impleachtaí ar riarthóirí tríú tír

Is prionsabal treorach den togra seo é cóir chomhionann riarthóirí a áirithiú, gan beann ar an áit a bhfuil siad. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme chur i bhfeidhm BMR a mhéid a bhaineann le riarthóirí AE a bheith comhionann leis an raon feidhme is infheidhme maidir le riarthóirí tríú tír.

Measaimid go bhfuil thart ar 273 riarthóir tagarmharcanna tríú tír ann ( 22 ). Faoi na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, níor mhór dóibh uile rochtain ar mhargadh an Aontais a áirithiú trí choibhéis, aitheantas nó formhuiniú chun go leanfadh a dtagarmharcanna de bheith ar fáil lena núsáid ag eintitis faoi mhaoirseacht an Aontais. I láthair na huaire, as an líon sin, tá beirt cumhdaithe ag cinneadh coibhéise ( 23 ), tá beirt eile aitheanta ag eintiteas faoi mhaoirseacht an Aontais ( 24 ) agus tá deichniúr aitheanta ag ESMA ( 25 ). Féadfaidh na 259 riarthóir atá fágtha a dtagarmharcanna a thairiscint gan srian san Aontas go dtí an 1 Eanáir 2026 i gcomhréir leis an idirthréimhse faoi Airteagal 51(5) de BMR. Ciallaíonn sé sin nár úsáid ach 5 % de riarthóirí tríú tír ceann de na trí ‘bhealach rochtana’ atá ar fáil chuig margadh an Aontais go rathúil.

A mhéid a bhaineann le tagarmharcanna suntasacha, meastar go soláthraíonn seisear riarthóirí neamh‑AE ar a laghad tagarmharc amháin ar a laghad lena sáraítear an tairseach úsáide EUR 50 billiún san Aontas. As an seisear sin, tá aitheantas nó formhuiniú faighte san Aontas ag triúr acu faoi láthair. I bhfianaise go ndéantar foráil leis an togra seo maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfadh ESMA tuilleadh tagarmharcanna neamh‑AE a ainmniú mar thagarmharcanna suntasacha, ba cheart an seisear riarthóirí neamh‑AE sin a riarann tagarmharcanna suntasacha a mheas mar an daonra íosta a bheidh fós faoi réir an chórais tríú tír.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo ina chuid de phacáiste beart chun na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú. Is céim é seo i bpróiseas leanúnach ina mbreathnaítear go grinn ar na ceanglais tuairiscithe atá ann cheana, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a n‑ábharthacht leanúnach agus iad a dhéanamh níos éifeachtúla.

Is é is aidhm don togra seo an líon tagarmharcanna faoi raon feidhme dhlí an Aontais a laghdú go mór agus, dá dheasca sin, an t‑ualach rialála ar fhormhór na riarthóirí tagarmharcanna agus ar úsáideoirí a laghdú freisin. An tráth céanna, leis an mbéim mhéadaithe ar iarrachtaí comhlíontachta agus maoirseachta ar na tagarmharcanna sin is suntasaí go heacnamaíoch, áiritheofar go mbainfear amach na cuspóirí beartais atá mar bhonn taca faoi BMR.

Ina theannta sin, leis an athchóiriú sin ar BMR rannchuideofar le cuspóirí ginearálta bheartais seirbhísí airgeadais an Aontais, arb é is aidhm dóibh cobhsaíocht airgeadais a chosaint. Leis an togra rannchuideofar le cuspóirí Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil freisin, a bhfuil sé d’aidhm aige margaí caipitil an Aontais a dhoimhniú agus an geilleagar Eorpach agus cuideachtaí Eorpacha a dhéanamh níos iomaíche.

Ba cheart an cur chuige arna ghlacadh sa togra seo a chur i gcodarsnacht leis an gcur chuige atá beartaithe ag an gCoimisiún sa togra uaidh maidir le trédhearcacht agus sláine na ngníomhaíochtaí rátála Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais ( 26 ). Tá an tionscnamh um rátálacha comhshaoil, sóisialta agus rialachais bunaithe ar phrionsabail agus bunaithe go mór ar mholtaí a d’fhoilsigh IOSCO i mí na Samhna 2021. Dlínsí eile atá ag obair ar fheabhas a chur ar thrédhearcacht agus sláine rátálacha comhshaoil, sóisialta agus rialachais, tá siadsan ag bunú a gcuid oibre ar mholtaí IOSCO freisin, agus mar thoradh air sin, ba cheart ailíniú leathan a bheith ann ar fud an domhain ar an mbealach a gcaitear leis na soláthraithe sin. Ar an mbonn sin, is cur chuige cuimsitheach i leith rialáil na ngníomhaíochtaí rátála comhshaoil, sóisialta agus rialachais a ghlactar leis an togra um rátálacha comhshaoil, sóisialta agus rialachais, lena náirítear córas tríú tír, ach is amhlaidh atá difríocht mhór ann idir é agus BMR sa mhéid nach rialáiltear úsáid rátálacha comhshaoil, sóisialta agus rialachais leis. Ina theannta sin, tá an margadh le haghaidh rátálacha comhshaoil, sóisialta agus rialachais ag céim nach bhfuil chomh forbartha céanna, agus is lú a bhíonn úsáideoirí rátálacha comhshaoil, sóisialta agus rialachais faoi réir cumhacht mhargaidh soláthraithe sonracha, agus é á thabhairt faoi deara freisin gur infheisteoirí institiúideacha den chuid is mó iad úsáideoirí rátálacha comhshaoil, sóisialta agus rialachais agus féadfaidh siad an tionchur a fhaightear a chomhlánú lena nanailís dhílis, sula gcinneann siad ar straitéis infheistíochta ar leith. Ar an gcúis sin, níor cheart coinne a bheith leis go ndéanfaí dochar d’úsáideoirí leis an gcóras rátálacha comhshaoil, sóisialta agus rialachais ar an mbealach céanna a dhéanfaí leis an gcóras tríú tír in BMR in éagmais idirghabháil reachtach.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Faoin gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), áirithíonn an Coimisiún go bhfuil a reachtaíocht oiriúnach dá feidhm, go bhfuil sí dírithe ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara agus go n‑íoslaghdaíonn sí ualaí agus a cuspóirí á mbaint amach an tráth céanna. Dá bhrí sin, tá na tograí seo mar chuid de chlár REFIT, rud a laghdaíonn castacht na n‑ualaí tuairiscithe a eascraíonn as timpeallacht dhlíthiúil an Aontais.

Cé go bhfuil ceanglais tuairiscithe áirithe fíor‑riachtanach, ní mór iad a bheith chomh héifeachtúil agus is féidir. Ba cheart forluití a sheachaint leo, ualaí nach bhfuil gá leo a bhaint agus réitigh dhigiteacha agus idir‑inoibritheacha a úsáid a mhéid is féidir.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airt. 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Le Rialachán (AE) 2016/1011 baineadh bacainní le trádáil ar bhonn Airt. 114 de CFAE. Dá bhrí sin, féadfaidh reachtóir an Aontais a bheith ag brath ar an mbunús dlí céanna chun Rialachán (AE) 2016/1011 a oiriúnú anois. Tá sé sin i gcomhréir le réasúnaíocht na Cúirte i gcás C‑58/08 Vodafone agus Eile [2010] I‑04999, mír 34, inar luaigh an Chúirt: ‘I gcás inar baineadh aon bhacainn ar thrádáil cheana le gníomh bunaithe ar Airteagal 95 CE sa réimse a chomhchuibhítear ann, ní féidir an fhéidearthacht a shéanadh ar reachtóir an Aontais an gníomh sin a oiriúnú d’aon athrú in imthosca ná i bhforbairt eolais ag féachaint dá chúram a bhaineann leis na leasanna ginearálta a aithnítear leis an gConradh a chosaint (chuige sin, féach British American Tobacco (Investments) agus Imperial Tobacco, míreanna 77 agus 78).’

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Urramaítear prionsabal na coimhdeachta leis an togra seo. Ainmniú na dtagarmharcanna atá ábhartha do mhargadh i mBallstát, tá an cúram sin de dhualgas ar an údarás inniúil is gaire don mhargadh ábhartha sin. Mar shampla, más oibreoirí i margadh (náisiúnta) ar leith is minice a úsáideann tagarmharc ar leith, tá sé de dhualgas ar an údarás inniúil sin an tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach, gan beann ar an áit a bhfuil sainchónaí ar riarthóir an tagarmhairc sin. Má riartar an tagarmharc sin i mBallstát eile, ba cheart maoirseacht shaoráideach ar an tagarmharc sin a áirithiú le comhar idir údaráis inniúla. I bhfianaise na rioscaí a bhainfeadh don chobhsaíocht airgeadais agus a chasta a bheadh na nósanna imeachta agus i bhfianaise na gcaillteanas a d’fhéadfadh tarlú de bharr éagobhsaíocht airgeadais, meastar go bhfuil na costais mhaoirseachta sin comhréireach. Ina theannta sin, áirítear le bearta chun ilroinnt agus éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint ról comhordaithe agus idirghabhála ESMA roimh ainmniúcháin náisiúnta agus rialacha maidir le marthanacht a bhaineann le riarthóirí tagarmharcanna a bhfuil údarú faighte acu cheana féin nó atá cláraithe le húdarás náisiúnta inniúil.

Comhréireacht

Tugtar cur chuige níos cuíchóirithe agus níos comhréirí isteach leis an togra seo i leith rialáil tagarmharcanna. Tá an togra teoranta do na hathruithe siúd a bhfuil gá leo chun creat a bhaint amach a oibríonn do rannpháirtithe i margadh an Aontais. Ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach. Tá sé comhoiriúnach le prionsabal na comhréireachta, agus cuirtear san áireamh ann an chothromaíocht cheart idir caomhnú na cobhsaíochta airgeadais agus sláine na margaí Eorpacha, chomh maith le costéifeachtúlacht an bhirt.

Leis na leasuithe rialála atá beartaithe laghdófar éiginnteacht dhlíthiúil le haghaidh eintitis atá faoi mhaoirseacht an Aontais agus áiritheofar gur féidir leo úsáid a bhaint as an raon is leithne is féidir de thagarmharcanna AE agus neamh‑AE. Thairis sin, tá dáileadh soiléir inniúlachtaí ann idir údaráis náisiúnta ábhartha, ESMA agus an Coimisiún a mhéid a bhaineann le tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc criticiúil nó suntasach. Leagtar amach leis an togra freisin léiriú soiléir ar na hiarmhairtí dlíthiúla atá ar na riarthóirí a sholáthraíonn tagarmharcanna a ainmnítear mar thagarmharcanna criticiúla nó suntasacha.

I gcomparáid le BMR atá ann cheana, leis an togra seo méadaítear deimhneacht dhlíthiúil freisin a mhéid a bhaineann le stádas rialála tagarmharcanna a ainmnítear mar thagarmharcanna suntasacha – tá sainordú ag na heintitis ainmniúcháin (údaráis inniúla) chun stádas rialála tagarmhairc arna ainmniú a chur in iúl go soiléir. Thairis sin, beidh na cinntí sin ar fáil go héasca san Ionad Eorpach Ilfhreastail Aonair agus sa chlár arna choinneáil ar bun ag ESMA.

An rogha ionstraime

Leis an togra tugtar leasuithe isteach ar an rialachán atá ann cheana bunaithe ar Airteagal 114 de CFAE agus dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina rialachán freisin.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Leis an athbhreithniú spriocdhírithe, dírítear ar an méid seo a leanas a dhéanamh:

a áirithiú gur féidir le húsáideoirí tagarmharcanna an Aontais úsáid a bhaint as an raon is leithne is féidir de thagarmharcanna AE agus neamh‑AE agus go leanfaidh siad de bheith iomaíoch sna margaí caipitil domhanda;

an tualach rialála a laghdú le haghaidh riarthóirí ón Aontas a riarann tagarmharcanna agus a bhfuil tionchar eacnamaíoch teoranta acu agus an tráth céanna, maoirseacht leormhaith a choinneáil ar bun ar thagarmharcanna criticiúla agus suntasacha, ar Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus ar Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras.

Bhailigh ranna an Choimisiúin sonraí go díreach ó na rannpháirtithe sa mhargadh agus reáchtáil siad cruinnithe leis na páirtithe leasmhara maidir lena staid faoi láthair, a n‑ábhair imní agus a smaointe faoin gcaoi le BMR agus, go háirithe, an chaibidil tríú tír a fheabhsú agus a athchóiriú. D’fhoilsigh sé glao ar fhianaise ar feadh 4 seachtaine freisin agus bhailigh sé tuairimí ó rannpháirtithe an mhargaidh.

Comhairliúchán leis na Ballstáit eile

Chuaigh ranna an Choimisiúin i gcomhairle le saineolaithe na mBallstát maidir le foirm an rialacháin Eorpaigh maidir le tagarmharcanna amach anseo ag na cruinnithe de Ghrúpa Saineolaithe an Choiste Eorpaigh um Urrúis an 22 Meitheamh 2023 agus an 21 Meán Fómhair 2023 faoi seach.

D’aontaigh formhór na mBallstát nár cheart ach tagarmharcanna suntasacha a bheith faoi raon feidhme an rialacháin agus gur cheart tagarmharcanna a sháraíonn tairseach úsáide EUR 50 billiún a bheith faoin raon feidhme go huathoibríoch. An tráth céanna, d’áitigh roinnt Ballstát i bhfabhar an ghá atá le discréid náisiúnta chun innéacsanna áirithe a mheas mar innéacsanna suntasacha, fiú má úsáidtear an tagarmharc sin i mBallstát amháin go príomha nó murar comhlíonadh na tairseacha arna gcomhaontú lena n‑ainmniú mar thagarmharcanna atá ábhartha don Aontas. I bplé a rinneadh ina dhiaidh sin ar chomhrianta scéime ainmniúcháin náisiúnta, chuir formhór na mBallstát in iúl go ndéanfaidís machnamh ar líon teoranta tagarmharcanna a ainmniú, arna soláthar ag riarthóirí atá suite sa Bhallstát sin go príomha.

Measann formhór na mBallstát gurb iomchuí an tairseach nó na critéir ainmniúcháin a chur i bhfeidhm ar an mbealach céanna maidir le tagarmharcanna a riartar laistigh den Aontas Eorpach agus maidir leis na cinn siúd a riartar lasmuigh den Aontas araon.

Gan beann ar an gcur chuige a roghnaítear chun an tairseach a chinneadh maidir le tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach, is mian le formhór na mBallstát a chuir tuairim in iúl ar an tsaincheist sin tagarmharcanna tráchtearraí arna soláthar ag gníomhaireachtaí tuairiscithe praghsanna a choinneáil faoi raon feidhme BMR agus na rialacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le BMR a chur i bhfeidhm maidir leis an gcatagóir tagarmharcanna sin.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh an comhairliúchán spriocdhírithe i dtaca leis ‘an gcóras is infheidhme maidir le húsáid na dtagarmharcanna a riartar i dtríú tír’ idir an 20 Bealtaine agus an 12 Lúnasa 2022. Fuarthas 64 fhreagra ar an gceistneoir ar líne. Áiríodh achoimre mhionsonraithe ar na freagraí a fuarthas sa tuarascáil ón gCoimisiún ar úsáid tagarmharcanna tríú tír san Aontas ( 27 ).

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Sainaithníodh na tograí seo tar éis próiseas grinnscrúdaithe inmheánaigh ar na hoibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana agus tá siad bunaithe ar an taithí a fuarthas agus reachtaíocht ghaolmhar á cur chun feidhme. Ós rud é gur céim é sin i bpróiseas an mheasúnaithe leanúnaigh ar cheanglais tuairiscithe a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais, leanfar den ghrinnscrúdú ar ualaí den sórt sin agus ar a dtionchar ar pháirtithe leasmhara.

Measúnú tionchair

Níor ullmhaíodh aon mheasúnú tionchair don togra seo de bharr an mhéid seo a leanas:

Leis an togra tugtar aghaidh ar dhá chuspóir beartais shonracha lena gcinntear, den chuid is mó, an rogha beartais a chuirtear i láthair sa togra seo.

Is éard atá sa togra seo athchalabrú spriocdhírithe ar raon feidhme BMR agus feabhsú ar ghnéithe comhréireachta; ní mhodhnaítear na rialacha substainteacha ná an modh maoirseachta leis. Cé go ndéantar an tidirdhealú idir tagarmharcanna neamhshuntasacha agus tagarmharcanna eile a choinneáil ar bun leis, ar an mbonn atá ann cheana in BMR inniu, déantar an creat rialála a ailíniú ar bhonn níos dlúithe le rialacháin maidir le tagarmharcanna i ndlínsí eile, atá bunaithe go ginearálta ar ainmniú na ninnéacsanna a bhfuil an tionchar eacnamaíoch is mó acu.

Thairis sin, cuireadh bonn eolais faoin togra seo le measúnú tionchair a rinneadh in 2020 ( 28 ) agus le tuarascáil ón gCoimisiún a cuireadh i láthair do na comhreachtóirí in 2023 ( 29 ), lena náirítear dhá chomhairliúchán phoiblí ( 30 ). Fógraíodh i nglao ar fhianaise arna fhoilsiú ón 1 Márta go dtí an 29 Márta 2023 go raibh sé beartaithe dul ar aghaidh leis an tionscnamh seo gan measúnú tionchair a dhéanamh ( 31 ).

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Is togra REFIT é seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an reachtaíocht a shimpliú agus na hualaí ar pháirtithe leasmhara a laghdú. Tá coinne leis go ndéanfar coigilteas costais leis an togra reachtach seo le haghaidh soláthraithe tagarmharcanna AE nach soláthraíonn tagarmharcanna suntasacha chomh maith le gach úsáideoir Eorpach tagarmharcanna.

Cé nárbh fhéidir meastacháin bheachta a tháirgeadh ( 32 ), tá coinne leis go nginfear coigilteas costais leis an togra seo le haghaidh riarthóirí tagarmharcanna, úsáideoirí tagarmharcanna agus údaráis náisiúnta inniúla a bhfuil sé de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar riarthóirí tagarmharcanna.

I ngach cás, sábhálfaidh riarthóirí tagarmharcanna ar chostais chomhlíontachta, go háirithe costais a ghintear trí cheanglais tuairiscithe. Na riarthóirí siúd nach soláthraíonn ach tagarmharcanna neamhshuntasacha, sábhálfaidh siad ar an gcostas comhlíontachta chun a socrú eagraíochtúil a áirithiú agus chun a áirithiú go gcomhlíonann a soláthar tagarmharcanna ceanglais mhionsonraithe bhreise BMR de bhreis ar a sonraítear le Prionsabail IOSCO ( 33 ), agus sábhálfaidh siad ar tháillí maoirseachta bliantúla freisin ( 34 ). Thairis sin, sábhálfaidh iontrálaithe nua ar an táille chlárúcháin tosaigh. I gcás riarthóirí a sholáthraíonn tagarmharcanna atá suntasach nó criticiúil nó a sholáthraíonn Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, ní dócha go mbeidh coigilteas costais ann. Mar sin féin, féadfaidh na riarthóirí sin tairbhiú de choigilteas freisin a mhéid a sholáthraíonn siad tagarmharcanna neamhshuntasacha freisin.

Tá coinne leis go dtairbheoidh úsáideoirí tagarmharcanna de níos mó tagarmharcanna AE agus neamh‑AE a bheith ar fáil, de thimpeallacht rialála atá, trí chuíchóiriú na gceanglas rialála, níos oscailte don nuálaíocht, agus d’iomaíocht mhéadaithe sa mhargadh le haghaidh tagarmharcanna. Ar ndóigh, d’fhéadfadh coigilteas costais tábhachtach a bheith ag baint le hinfhaighteacht leanúnach tagarmharcanna neamh‑AE. Sholáthair mór‑institiúid creidmheasa amháin meastachán go bhfuil ioncam a bhaineann le seirbhísí a sholáthar trí thagarmharcanna neamh‑AE a úsáid sa raon idir EUR 100 - 150 milliún. Is ioncam é sin a bheadh faoi riosca dá mba rud é nach mbeadh roinnt tagarmharcanna neamh‑AE ná na tagarmharcanna sin uile ar fáil lena núsáid san Aontas.

Feicfidh údaráis inniúla san Aontas laghdú mór ar an líon tagarmharcanna agus ar an líon riarthóirí tagarmharcanna atá faoina maoirseacht. Cé nach féidir glacadh leis go mbeidh an coigilteas líneach leis an laghdú ar an daonra faoi mhaoirseacht, ós rud é gurb iad na riarthóirí a bheidh fós faoi mhaoirseacht na daoine siúd a bheidh freagrach as tagarmharcanna ag a mbeidh tionchar eacnamaíoch níos mó, ba cheart laghdú mór a bheith ann ar chostais chomh maith le deis chun acmhainneacht mhaoirseachta a dhíriú ar thagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras.

Cearta bunúsacha

Seasann an togra le cearta bunúsacha agus leis na prionsabail arna n‑aithint ag Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, go háirithe an tsaoirse fiontraíochta (Airteagal 16). Is é is aidhm don tionscnamh seo a áirithiú gur féidir le húsáideoirí tagarmharcanna an Aontais an raon is leithne is féidir de thagarmharcanna AE agus neamh‑AE a úsáid agus cruthófar timpeallacht mhargaidh leis chun go bhféadfaidh úsáideoirí tagarmharcanna an Aontais dul in iomaíocht lena gcontrapháirtithe lasmuigh den Aontas. Dá bhrí sin, cuideofar leis chun feabhas a chur ar an gceart chun fiontraíocht a dhéanamh gan srian. Níl coinne leis go mbeidh tionchar diúltach ag na leasuithe atá beartaithe ar BMR ar chosaint tomhaltóirí ós rud é, leis an athbhreithniú, go ndéanfar na tagarmharcanna criticiúla agus suntasacha is forleithne a úsáidtear agus is ábhartha maidir le cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí a choimeád laistigh den raon feidhme.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní mheastar go mbeidh aon tionchar airgeadais ag an tionscnamh ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Léirítear leis na sonraí tosaigh go dtiocfadh laghdú ar an líon tagarmharcanna agus riarthóirí tagarmharcanna atá faoi mhaoirseacht ESMA nó, ag brath ar fheidhmiú na gcumhachtaí ainmniúcháin, go bhfanfadh sé gan athrú. Thabharfaí le tuiscint leis sin go mbeadh níos lú foirne de dhíth ar ESMA, ag brath ar fheidhmiú na gcumhachtaí ainmniúcháin, chun go bhféadfadh sé maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar riarthóirí tagarmharcanna.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá sé beartaithe go ndéanfar meastóireacht 5 bliana tar éis chur chun feidhme an bhirt agus i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr. Is é is aidhm don mheastóireacht a mheas, i measc nithe eile, a éifeachtaí agus a éifeachtúla a bhí an Rialachán maidir le baint amach na gcuspóirí beartais agus cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil gá le bearta nó leasuithe nua.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Airteagal 1 – Leasuithe ar an Rialachán maidir le Tagarmharcanna

Le hAirteagal 2(1) den Rialachán maidir le Tagarmharcanna leagtar amach raon feidhme an Rialacháin. Leasaítear Airteagal 1(1) leis an togra chun an cur chuige nua a léiriú agus cuirtear mír (1a) nua isteach leis. Sainmhínítear leis freisin an cineál tagarmharcanna a bhfuil feidhm ag Teidil shonracha i Rialachán (AE) 2016/1011 maidir leo. Is tagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras iad sin. Riarthóirí tagarmharcanna nach meastar a bheith criticiúil i gcomhréir le hAirteagal 20(1) den Rialachán, bíonn siad laistigh den raon feidhme a luaithe a thairgeann siad tagarmharc amháin nó níos mó a ainmnítear mar thagarmharcanna suntasacha i gcomhréir leis an Airteagal 24 nua. Dá bhrí sin, ní cheanglaítear ar thagarmharcanna neamhshuntasacha na ceanglais faoi Theidil II (Sláine agus iontaofacht tagarmharcanna), III (Ceanglas maidir le cineálacha éagsúla tagarmharcanna), IV (Trédhearcacht agus cosaint tomhaltóirí) agus VI (Údarú, Clárú agus Maoirseacht ar Riarthóirí) a chur i bhfeidhm a thuilleadh (mír 3 nua in Airteagal 2).

In Airteagal 3(1), pointe 26 leasaítear an sainmhíniú ar a bhfuil i gceist le tagarmharc suntasach.

Chun sláine an lipéid a chosaint agus foráil a dhéanamh maidir le maoirseacht éifeachtach, riarthóirí Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras nó Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE, fanann siad faoi raon feidhme BMR, gan beann ar a suntas, faoi réir a n‑údaraithe nó a gcláraithe san Aontas.

I gcomhréir leis an raon feidhme arna n‑oiriúnú, rialacha speisialta maidir le ‘hainmniú diúltach’ le haghaidh tagarmharcanna malairte eachtraí agus tagarmharcanna neamhshuntasacha, is amhlaidh nach bhfuil feidhm acu a thuilleadh agus is féidir iad a aisghairm.

Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras agus Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE

In Airteagal 19a, cuirtear mír 4 nua isteach chun sláine an lipéid a chosaint agus foráil a dhéanamh maidir le maoirseacht éifeachtach. Riarthóirí Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras nó Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE, fanann siad faoi raon feidhme BMR, gan beann ar a suntas, faoi réir a n‑údaraithe nó a gcláraithe san Aontas.

Tagarmharcanna suntasacha

Is leasuithe ar Airteagal 24 atá i gcroílár an togra seo. Lena chéad mhír rialaítear an cinneadh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil tagarmharc suntasach ar bhonn tairseach uimhriúil shimplí: cé acu a úsáidtear nó nach n‑úsáidtear tagarmharcanna den sórt sin mar thagairt do shócmhainní a sáraíonn a luach carnach EUR 50 billiún.

Le hAirteagal 24(2) leagtar amach an oibleagáid, a chuirtear ar gach riarthóir tagarmharcanna arna n‑úsáid ag eintitis faoi mhaoirseacht san Aontas, fógra a thabhairt don Choimisiún nuair a sháraíonn ceann amháin nó níos mó de na tagarmharcanna a riarann siad tairseach úsáide EUR 50 billiún. Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir le riarthóir atá suite san Aontas agus maidir le riarthóir atá suite i dtríú tír. I gcomhréir le hAirteagal 2(1)de BMR, ba cheart an tairseach úsáide a ríomh bunaithe ar úsáid tagarmhairc laistigh den Aontas Eorpach.

A luaithe a fhaightear an fógra, meastar na tagarmharcanna sin a bheith suntasach agus ní mór dóibh na ceanglais is infheidhme maidir le tagarmharcanna suntasacha a chomhlíonadh (Airteagal 24a, mír 1).

De réir Airteagal 24, féadfaidh údarás náisiúnta inniúil cinneadh a eisiúint freisin lena sonrófar, maidir le tagarmharc nach mó a úsáid laistigh den Aontas Eorpach ná EUR 50 billiún, go gcomhlíonann sé na coinníollacha cáilíochtúla maidir le suntas a leagtar amach in Airteagal 24, mír 1, pointe (b), i dtaca lena Bhallstát (‘ainmniúchán an údaráis náisiúnta inniúil’). Ba cheart teorainn a bheith le hainmniúcháin den sórt sin agus ba cheart iad a spreagadh i gcinneadh réasúnaithe ón údarás inniúil, lena leagtar amach i dtéarmaí soiléire na cúiseanna ar tagarmharc suntasach é tagarmharc faoi phointe (b) sa Bhallstát sin.

Ba cheart do na húdaráis inniúla cinntí ainmniúcháin a fhoilsiú, agus ba cheart do ESMA na cinntí ainmniúcháin uile arna n‑eisiúint acu a thiomsú. Leis sin ceadaítear d’úsáideoirí fíorú a dhéanamh go héasca ar stádas ainmniúcháin na dtagarmharcanna a bheartaíonn siad a úsáid. Ba cheart a chur d’oibleagáid ar eintitis faoi mhaoirseacht na foinsí sin a cheadú go tráthrialta chun seiceáil a dhéanamh ar stádas ainmniúcháin aon tagarmhairc a bheartaíonn siad a úsáid.

In Airteagal 24(6) leagtar síos córas comhthreomhar chun tagarmharcanna neamh‑AE a ainmniú mar thagarmharcanna suntasacha i gcomhréir le critéir cháilíochtúla. Tugtar an fhreagracht sa chás sin do ESMA, ag gníomhú dó ar iarraidh ó údarás inniúil amháin nó níos mó. Tá na critéir cháilíochtúla cosúil leis na critéir sin a bhaineann le tagarmharcanna AE a ainmniú, mar atá na bearta chun trédhearcacht na n‑ainmniúchán a áirithiú.

Déantar foráil le hAirteagal 2 go dtarlaíonn an teacht i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá an fhoilsithe. Cuirtear cur i bhfeidhm an ghnímh seo siar go dtí an 1 Eanáir 2026.

2023/0379 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le raon feidhme na rialacha maidir le tagarmharcanna, úsáid tagarmharcanna san Aontas a sholáthraíonn riarthóir atá suite i dtríú tír, agus ceanglais tuairiscithe áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 35 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 36 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 37 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Bíonn ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun faireachán cuí ar an reachtaíocht agus forfheidhmiú ceart na reachtaíochta a áirithiú. Mar sin féin, tá sé tábhachtach na ceanglais sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir dár beartaíodh iad agus chun an tualach riaracháin a theorannú.

(2)Faoi Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 , gach riarthóir tagarmharcanna, gan beann ar ábharthacht shistéamach na dtagarmharcanna sin nó ar an méid ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais a úsáideann na tagarmharcanna sin mar rátaí tagartha nó mar thagarmharcanna feidhmíochta, ní mór dóibh roinnt ceanglais an‑mhionsonraithe a chomhlíonadh, lena náirítear ceanglais maidir lena neagraíocht, a rialachas agus coinbhleachtaí leasa, maidir le feidhmeanna formhaoirseachta, maidir le sonraí ionchuir, maidir le cóid iompair, maidir le sáruithe a thuairisciú, agus maidir le nochtuithe i dtaobh ráitis modheolaíochta agus tagarmharcanna. Leis na ceanglais an‑mhionsonraithe sin, cuireadh ualach rialála díréireach ar riarthóirí tagarmharcanna beaga san Aontas nuair a chuirtear aidhmeanna Rialachán (AE) 2016/1011 san áireamh, is é sin cobhsaíocht airgeadais a chosaint agus iarmhairtí eacnamaíocha diúltacha a leanann as neamhiontaofacht tagarmharcanna a sheachaint. Dá bhrí sin, is gá an tualach rialála sin a laghdú trí dhíriú ar na tagarmharcanna sin a ngabhann an ábharthacht eacnamaíoch is mó dóibh do mhargadh an Aontais, i.e. tagarmharcanna suntasacha agus criticiúla, agus ar na tagarmharcanna sin a rannchuidíonn chun príomhbheartais an Aontais a chur chun cinn, i.e. Aistriú Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras. Ar an gcúis sin, ba cheart raon feidhme chur i bhfeidhm Theidil II, III, IV agus VI de Rialachán (AE) 2016/1011 a laghdú chuig na tagarmharcanna sonracha sin.

(3)Faoi Airteagal 18a de Rialachán (AE) 2016/1011, is féidir leis an gCoimisiún spot‑tagarmharcanna malairte eachtraí áirithe a dhíolmhú ó raon feidhme an Rialacháin sin chun a áirithiú go mbeidh siad ar fáil lena núsáid san Aontas i gcónaí. I bhfianaise an ghá atá le fócas athbhreithnithe agus níos cúinge ar Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le tagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, níl gá leis an gcóras díolúine sonrach le haghaidh spot‑tagarmharcanna malairte eachtraí a thuilleadh.

(4)De bhun Airteagal 19d de Rialachán (AE) 2016/1011, ceanglaítear ar riarthóirí tagarmharcanna suntasacha féachaint le Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a sholáthar faoin 1 Eanáir 2022. Ós rud é go bhfuil an dáta sin imithe thart, is iomchuí an fhoráil sin a scriosadh.

(5)Na critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil tagarmharc ina thagarmharc suntasach, leagtar síos faoi láthair in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2016/1011 iad. Measfar tagarmharcanna a bheith suntasach, inter alia, i gcás ina gcomhlíonann siad an tairseach a leagtar síos in Airteagal 24(1), pointe (a), den Rialachán sin.

(6)Is iad riarthóirí tagarmharcanna is fearr chun faireachán a dhéanamh ar úsáid na dtagarmharcanna a sholáthraíonn siad san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart dóibh fógra a thabhairt don údarás inniúil lena mbaineann nó don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), ag brath ar an áit a bhfuil an riarthóir sin suite, gur sháraigh úsáid chomhiomlán ceann dá dtagarmharcanna an tairseach a leagtar síos in Airteagal 24(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/1011. Chun a áirithiú go mbeidh am leordhóthanach ag riarthóirí tagarmharcanna chun oiriúnú a dhéanamh do na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le tagarmharcanna suntasacha, níor cheart iad a bheith faoi réir na gceanglas sin ach laistigh de 60 lá oibre tar éis fógra den sórt sin a chur isteach. Ina theannta sin, ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna an fhaisnéis uile is gá chun measúnú a dhéanamh ar úsáid chomhiomlán an tagarmhairc sin san Aontas a sholáthar do na húdaráis inniúla lena mbaineann nó do ESMA, arna iarraidh sin dóibh. I gcás nach ndéanann nó ina ndiúltaíonn riarthóir tagarmharcanna fógra a thabhairt gur sháraigh úsáid ceann dá thagarmharcanna an tairseach a leagtar síos in Airteagal 24(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/1011, agus i gcás ina bhfuil foras soiléir agus inléirithe ag údaráis inniúla chun a mheas gur sáraíodh an tairseach, ba cheart do na húdaráis inniúla lena mbaineann nó do ESMA, de réir mar is iomchuí, a bheith in ann a dhearbhú gur sáraíodh an tairseach, tar éis deis a thabhairt don riarthóir ar dtús éisteacht a fháil. Le dearbhú den sórt sin, ba cheart na hoibleagáidí céanna a spreagadh don riarthóir tagarmharcanna agus a spreagfaí le fógra ón riarthóir tagarmharcanna. Ba cheart é sin a bheith gan dochar do chumas ESMA ná na núdarás inniúil smachtbhannaí riaracháin a fhorchur ar na riarthóirí sin nach dtugann fógra gur sháraigh ceann dá dtagarmharcanna an tairseach is infheidhme.

(7)Forbraítear margaí, praghsanna agus an timpeallacht rialála le himeacht ama. Chun na forbairtí sin a chur san áireamh, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún an mhodheolaíocht a bheidh le húsáid ag riarthóirí agus ag údaráis inniúla a shonrú a thuilleadh chun luach iomlán ionstraimí airgeadais, conarthaí airgeadais nó cistí infheistíochta a thagraíonn do thagarmharc a ríomh.

(8)I gcásanna eisceachtúla, áfach, d’fhéadfadh tagarmharcanna a bheith ann a bhfuil a núsáid chomhiomlán faoi bhun na tairsí a leagtar síos in Airteagal 24(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/1011, ach mar sin féin, de bharr an cháis shonraigh i margadh Ballstáit, tá siad chomh tábhachtach sin don Bhallstát sin go mbeadh tionchar inchomparáide ag aon easpa iontaofachta agus a bheadh ag tagarmharc a sáraíonn a úsáid an tairseach sin. Ar an gcúis sin, ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit sin a bheith in ann tagarmharc den sórt sin a ainmniú, i gcás inar riarthóir ón Aontas a sholáthraíonn an tagarmharc sin, mar thagarmharc suntasach ar bhonn tacar critéar cáilíochtúil. I gcás tagarmharcanna arna soláthar ag riarthóir neamh‑AE, ba cheart gurb é ESMA, arna iarraidh sin d’údarás inniúil amháin nó níos mó, a ainmníonn tagarmharc den sórt sin mar thagarmharc suntasach.

(9)Chun comhsheasmhacht agus comhordú ainmniúcháin náisiúnta na dtagarmharcanna mar thagarmharcanna suntasacha a áirithiú, údaráis inniúla a bhfuil sé beartaithe acu tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach, ba cheart dóibh dul i gcomhairle le ESMA. Ar an gcúis chéanna, údarás inniúil Ballstáit a bhfuil sé beartaithe aige tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá suite i mBallstát eile a ainmniú mar thagarmharc suntasach, ba cheart dó dul i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit eile sin freisin. I gcás ina neasaontaíonn údaráis inniúla faoi cé acu díobh ar cheart dó tagarmharc a ainmniú agus a mhaoirsiú, ba cheart do ESMA an teasaontas sin a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 39 .

(10)Chun an ceart chun éisteacht a fháil a urramú, sula nainmníonn údarás inniúil nó ESMA tagarmharc mar thagarmharc suntasach, ba cheart dóibh a cheadú do riarthóir an tagarmhairc sin aon fhaisnéis úsáideach is ábhartha maidir lena ainmniú a sholáthar.

(11)Chun go mbeidh an tainmniúchán mar thagarmharc suntasach chomh trédhearcach agus is féidir, ba cheart d’údaráis inniúla nó do ESMA cinneadh ainmniúcháin a eisiúint ina mbeadh na cúiseanna a mheastar an tagarmharc sin a bheith suntasach. Ba cheart d’údaráis inniúla an cinneadh ainmniúcháin a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt do ESMA faoin gcinneadh sin. Ar na cúiseanna céanna, i gcás ina nainmníonn ESMA tagarmharc mar thagarmharc suntasach arna iarraidh sin d’údarás inniúil, ba cheart do ESMA an cinneadh ainmniúcháin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus ba cheart dó fógra a thabhairt don údarás inniúil iarrthach faoi sin.

(12)Is catagóirí sonracha tagarmharcanna iad Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, arna sainiú ag a gcomhlíontacht le rialacha lena rialaítear a modheolaíocht agus na nochtuithe nach mór dá riarthóirí a dhéanamh. Ar an gcúis sin, agus chun cosc a chur ar éilimh a d’fhéadfadh a thabhairt le fios d’úsáideoirí go gcomhlíonann na tagarmharcanna sin na caighdeáin a ghabhann leis na lipéid sin, is gá na tagarmharcanna sin a chur faoi réir clárú nó údarú sainordaitheach, de réir mar is iomchuí, agus faoi réir maoirseachta.

(13)Chun tús tráthúil na maoirseachta ar thagarmharcanna suntasacha a áirithiú, riarthóirí tagarmharcanna a tháinig chun bheith suntasach tríd an tairseach chainníochtúil is infheidhme a bhaint amach nó trí ainmniú, ba cheart a cheangal orthu údarú nó clárú a lorg, laistigh de 60 lá oibre, nó, i gcás tagarmharcanna arna soláthar ag riarthóir atá suite i dtríú tír, formhuiniú nó aitheantas a lorg.

(14)Chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le húsáid tagarmharcanna a d’fhéadfadh a bheith neamhshábháilte lena núsáid san Aontas, agus chun rabhadh a thabhairt d’úsáideoirí féideartha, ba cheart d’údaráis inniúla agus do ESMA a bheith in ann rabhadh a eisiúint i bhfoirm fógra poiblí nach gcomhlíonann riarthóir tagarmhairc shuntasaigh na ceanglais is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na hoibleagáide go mbeadh an riarthóir tagarmharcanna údaraithe, cláraithe, formhuinithe nó aitheanta, de réir mar is infheidhme. A luaithe a eiseofar rabhadh den sórt sin, níor cheart d’eintitis faoi mhaoirseacht a bheith in ann tagairtí nua do thagarmharcanna den sórt sin nó do theaglaim tagarmharcanna a chur isteach a thuilleadh. Ar an gcaoi chéanna, chun cosc a chur ar na rioscaí a bhaineann le húsáid tagarmharcanna lena néilítear go gcomhlíontar na lipéid Aistrithe Aeráide AE agus na lipéid AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras gan bheith faoi réir maoirseacht leormhaith, níor cheart d’eintitis faoi mhaoirseacht a bheith in ann tagairtí nua a chur le Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE ná le Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras ná le teaglaim de thagarmharcanna den sórt sin san Aontas i gcás nach náirítear riarthóir na dtagarmharcanna sin i gclár riarthóirí agus tagarmharcanna ESMA.

(15)Chun míshocracht sa mhargadh a d’fhéadfadh a bheith iomarcach a sheachaint tar éis úsáid tagarmhairc a thoirmeasc, ba cheart d’údaráis inniúla nó do ESMA a bheith in ann úsáid leanúnach shealadach tagarmhairc den sórt sin a cheadú. Chun leibhéal leordhóthanach trédhearcachta agus cosanta a áirithiú vis‑à‑vis infheisteoirí deiridh, úsáideoirí na dtagarmharcanna sin atá faoi réir rabhaidh i bhfoirm fógra poiblí, ba cheart dóibh rogha mhalartach oiriúnach a shainaithint chun tagarmharcanna nua a chur in ionad na dtagarmharcanna sin laistigh de 6 mhí tar éis an fógra poiblí sin a bheith foilsithe, nó ba cheart dóibh a áirithiú ar bhealach eile go gcuirfear cliaint ar an eolas go hiomchuí maidir le heaspa tagarmhairc mhalartaigh.

(16)Faoi Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/1011, is bealach sealadach chun rochtain a fháil ar mhargadh an Aontais é riarthóirí tagarmharcanna atá suite i dtríú tír a aithint go dtí go nglacfaidh an Coimisiún cinneadh coibhéise. Mar sin féin, i bhfianaise an lín an‑teoranta tagarmharcanna tríú tír a chumhdaítear le cinntí coibhéise, ba cheart aitheantas den sórt sin teacht chun bheith ina bhealach buan chun rochtain a fháil ar mhargadh an Aontais le haghaidh na riarthóirí tagarmharcanna sin.

(17)Tagarmharcanna a chumhdaítear le cinneadh coibhéise, meastar go ndéantar iad a rialáil agus a mhaoirsiú ar bhealach coibhéiseach le tagarmharcanna de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, an oibleagáid a bhaineann le formhuiniú nó aitheantas a lorg, níor cheart feidhm a bheith aici maidir le riarthóirí tagarmharcanna suntasacha atá suite i dtríú tír a thairbhíonn de chinneadh coibhéise.

(18)Ar mhaithe le trédhearcacht agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, údaráis inniúla a ainmníonn tagarmharc mar thagarmharc suntasach, ba cheart dóibh na srianta úsáide féideartha a shonrú, ar srianta iad a eascraíonn i gcás nach bhfuil riarthóir an tagarmhairc sin údaraithe nó cláraithe nó nach gcomhlíonann sé na ceanglais maidir le formhuiniú ná aitheantas, de réir mar is infheidhme.

(19)Chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le húsáid tagarmharcanna suntasacha faoi mhaoirseacht neamhleor, i gcás nach lorgaíonn riarthóir tagarmhairc a thagann chun bheith ina thagarmharc suntasach údarú, clárú, aitheantas ná formhuiniú laistigh den teorainn ama a leagtar amach, nó i gcás ina dteipeann ar an údarú, an clárú, an taitheantas nó an formhuiniú do riarthóir tagarmharcanna den sórt sin, nó i gcás ina dtarraingíonn riarthóir a údarú, clárú, formhuiniú nó aitheantas siar, ba cheart don údarás inniúil nó do ESMA, de réir mar is infheidhme, fógra poiblí a eisiúint lena sonraítear nach bhfuil na tagarmharcanna suntasacha arna soláthar ag an riarthóir sin oiriúnach lena núsáid sa Aontas.

(20)Bíonn úsáideoirí tagarmharcanna ag brath ar thrédhearcacht maidir le stádas rialála na dtagarmharcanna a úsáideann siad nó a bheartaíonn siad a úsáid. Ar an gcúis sin, na tagarmharcanna siúd atá faoi réir na gceanglas is mionsonraithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/1011, ba cheart do ESMA iad a liostú i gclár na riarthóirí agus na dtagarmharcanna, toisc go bhfuil a núsáid san Aontas os cionn na tairsí arna leagan síos le haghaidh tagarmharcanna suntasacha, toisc gur ainmnigh maoirseoir náisiúnta nó ESMA mar thagarmharcanna suntasacha iad, nó toisc gur tagarmharcanna criticiúla iad. Ar an gcúis chéanna, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras arna soláthar ag riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe, ba cheart do ESMA iad a liostú sa chlár sin freisin. Ar deireadh, na tagarmharcanna ar eisigh údarás inniúil nó ESMA fógra poiblí ina leith lena dtoirmisctear úsáid a bhaint as an tagarmharc sin a thuilleadh, ba cheart do ESMA iad a liostú sa chlár freisin. Chun an tualach ar úsáideoirí a laghdú a thuilleadh, ba cheart an fhaisnéis sin uile a chur ar fáil go héasca san Ionad Eorpach Ilfhreastail Aonair (ESAP) freisin.

(21)Chun aistriú saoráideach chuig na rialacha arna dtabhairt isteach faoin Rialachán seo a áirithiú agus chun nach mbeidh ar riarthóirí dul trí nós imeachta um chlárú nó údarú níos mó ná uair amháin, ba cheart d’údaráis inniúla agus do ESMA nósanna imeachta um iarratas nach bhfuil an tualach céanna ag baint leo a sholáthar do riarthóirí atá údaraithe, cláraithe, formhuinithe nó aitheanta cheana féin agus a dhéanann iarratas ar údarú, clárú, formhuiniú nó aitheantas nua laistigh de 2 bhliain ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo.

(22)Chun an tam is gá a thabhairt do na húdaráis inniúla agus do ESMA chun faisnéis a bhailiú maidir le tagarmharcanna suntasacha féideartha agus chun an bonneagar atá ann cheana a oiriúnú don chreat nua atá beartaithe faoin Rialachán leasaitheach seo, ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar.

(23)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/1011 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/1011

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

‘1a.    Níl feidhm ag Teidil II, III, IV agus VI ach amháin i leith tagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras.’;

(b)i mír 2, scriostar pointí (g) agus (i);

(2)in Airteagal 3, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)scriostar pointe (22a);

(b)scriostar pointe (27);

(3)Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)i mír 5, an dara fomhír, scriostar an abairt dheireanach;

(b)scriostar mír 6;

(4)Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)i mír 5, an chéad fhomhír, scriostar an abairt dheireanach;

(b)scriostar mír 6;

(5)Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)i mír 3, an chéad fhomhír, scriostar an abairt dheireanach;

(b)scriostar mír 4;

(6)Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)i mír 5, an dara fomhír, scriostar an abairt dheireanach;

(b)scriostar mír 6;

(7)i dTeideal III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 2:

Tagarmharcanna rátaí úis’;

(8)Scriostar Airteagal 18a;

(9)in Airteagal 19a, cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:

‘4.    Riarthóirí nach bhfuil údaraithe ná cláraithe de bhun Airteagal 34, ní dhéanfaidh siad na nithe seo a leanas:

(a) Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a sholáthar;

(b) a léiriú nó a thabhairt le fios, in ainm na dtagarmharcanna a chuireann siad ar fáil lena n‑úsáid san Aontas nó sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta le haghaidh na dtagarmharcanna sin, go gcomhlíonann na tagarmharcanna a chuireann siad ar fáil na ceanglais is infheidhme maidir le soláthar Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras.’;

(10)Scriostar Airteagal 19d;

(11)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

Airteagal 24

Tagarmharcanna suntasacha

1.    Tagarmharc nach tagarmharc criticiúil é, is tagarmharc suntasach a bheidh ann i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a) an tagarmharc a úsáidtear go díreach nó go hindíreach i dteaglaim de thagarmharcanna laistigh den Aontas mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas, ag a bhfuil meánluach iomlán EUR 50 billiún ar a laghad, ar bhonn raon iomlán aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme, in imeacht tréimhse 6 mhí;

(b) ainmníodh an tagarmharc mar thagarmharc suntasach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i míreanna 3, 4 agus 5 nó leis an nós imeachta a leagtar síos i mír 6.

2.    Tabharfaidh riarthóir fógra láithreach d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé suite nó, má tá sé suite i dtríú tír, do ESMA, i gcás ina sáraíonn ceann amháin nó níos mó de thagarmharcanna an riarthóra sin an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a). Tar éis an fógra sin a fháil, foilseoidh an túdarás inniúil nó ESMA, de réir mar is iomchuí, ráiteas ar a shuíomh gréasáin lena sonrófar go bhfuil an tagarmharc sin suntasach.

Arna iarraidh sin do riarthóir, soláthróidh sé faisnéis d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé suite nó, má tá sé suite i dtríú tír, do ESMA, a mhéid a bhaineann le cé acu a sáraíodh nó nár sáraíodh an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) go héifeachtach.

I gcás ina bhfuil foras soiléir agus inléirithe ag údarás inniúil nó, i gcás riarthóir tríú tír, ag ESMA, chun a mheas go sáraíonn tagarmharc an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), féadfaidh an t‑údarás inniúil nó ESMA fógra a eisiúint lena gcuirtear an fíoras sin in iúl. Le fógra den sórt sin, spreagfar na hoibleagáidí céanna don riarthóir tagarmharcanna agus a spreagfaí le fógra dá dtagraítear i mír 2. 10 lá oibre ar a laghad sula n‑eiseofar fógra den sórt sin, cuirfidh an t‑údarás inniúil nó ESMA riarthóir an tagarmhairc lena mbaineann ar an eolas faoina thorthaí, agus iarrfaidh sé ar an riarthóir sin aon bharúil a chur faoina bhráid.

3.    Féadfaidh údarás inniúil, tar éis dul i gcomhairle le ESMA i gcomhréir le mír 4 agus an chomhairle uaidh a chur san áireamh, tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá suite san Aontas nach gcomhlíonann an coinníoll a leagtar síos i mír 1, pointe (a), a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcás ina gcomhlíonfaidh an tagarmharc sin na coinníollacha seo a leanas uile:

níl ionadach oiriúnach ar bith ag an tagarmharc, nó tá fíorbheagán ionadach oiriúnach aige, atá faoi stiúir an mhargaidh;

(b) i gcás ina scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán‑ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó gur ar bhonn sonraí ionchuir neamhiontaofa a sholáthraítear é, bheadh tionchair nach beag agus dhíobhálacha ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnóthas i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit;

(c) níor ainmnigh údarás inniúil Ballstáit eile an tagarmharc.

I gcás ina dtagann údarás inniúil ar an gconclúid go gcomhlíonann tagarmharc na critéir a leagtar amach sa chéad fhomhír, ullmhóidh an t‑údarás inniúil dréachtchinneadh chun an tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin don riarthóir lena mbaineann agus d’údarás inniúil Bhallstát baile an riarthóra i gcás inarb ábhartha. Rachaidh an t‑údarás inniúil lena mbaineann i gcomhairle le ESMA maidir leis an dréachtchinneadh freisin.

Beidh 15 lá oibre ón dáta a thabharfar fógra faoin dréachtchinneadh ón údarás inniúil ainmniúcháin lena mbaineann ag na riarthóirí lena mbaineann agus ag údarás inniúil Bhallstát baile an riarthóra chun barúlacha agus tuairimí a sholáthar i scríbhinn. Cuirfidh an t‑údarás inniúil ainmniúcháin lena mbaineann ESMA ar an eolas faoi na barúlacha agus na tuairimí a gheofar agus déanfaidh sé na barúlacha agus na tuairimí sin a mheas go cuí sula nglacfaidh sé cinneadh críochnaitheach.

Tabharfaidh an t‑údarás inniúil ainmniúcháin fógra do ESMA faoina chinneadh, agus foilseoidh sé an cinneadh, lena n‑áirítear na cúiseanna ar lena n‑aghaidh a ndearnadh é agus iarmhairtí an ainmniúcháin sin, ar a shuíomh gréasáin gan moill mhíchuí.’;

4.    I gcás ina rachaidh údarás inniúil i gcomhairle le ESMA maidir lena rún tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcomhréir le mír 3, an chéad fhomhír, déanfaidh ESMA, laistigh de 3 mhí, comhairle a eisiúint lena gcuirfear na tosca seo a leanas san áireamh, i bhfianaise shaintréithe sonracha an tagarmhairc lena mbaineann:

(a) cé acu atá nó nach bhfuil cuí‑réasúnú leormhaith déanta ag an údarás inniúil a théann i gcomhairle le ESMA ar a mheasúnú go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír á gcomhlíonadh;

(b) i gcás ina scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar, nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán‑ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó atá neamhiontaofa a sholáthraítear é, cé acu a bheadh nó nach mbeadh tionchair mhóra agus dhíobhálacha ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí i mBallstáit seachas Ballstát an údaráis inniúil a théann i gcomhairle le ESMA.

Chun críocha phointe (b), tabharfaidh ESMA aird chuí, i gcás inarb ábhartha, ar an bhfaisnéis arna soláthar ag an údarás a rachaidh i gcomhairle leis de bhun an tríú fomhír de mhír 3.

5.    I gcás ina suífidh ESMA go gcomhlíonann tagarmharc na coinníollacha faoi mhír 3, an chéad mhír, pointí (a) go (c), i níos mó ná Ballstát amháin, cuirfidh sé údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar an eolas faoi sin. Tiocfaidh siad ar chomhaontú faoi cé acu díobh a ainmneoidh an tagarmharc lena mbaineann mar thagarmharc suntasach.

I gcás ina n‑easaontaíonn údaráis inniúla faoin ábhar dá dtagraítear sa chéad fhomhír, treoróidh siad an t‑ábhar chuig ESMA agus socróidh ESMA an t‑easaontas sin i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.    Tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá suite i dtríú tír nach gcomhlíonann an tairseach a leagtar síos i mír 1, pointe (a), féadfaidh ESMA, arna iarraidh sin d’údarás inniúil, é a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcás ina gcomhlíonfaidh an tagarmharc sin na coinníollacha seo a leanas uile:

níl ionadach oiriúnach ar bith ag an tagarmharc, nó tá fíorbheagán ionadach oiriúnach aige, atá faoi stiúir an mhargaidh;

(b) i gcás ina scoirfeadh an tagarmharc de bheith á sholáthar, nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán‑ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh ná ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó atá neamhiontaofa a sholáthrófar é, bheadh tionchair mhóra agus dhíobhálacha ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit.

Roimh an gcinneadh ainmniúcháin agus a luaithe is féidir, cuirfidh ESMA riarthóir an tagarmhairc ar an eolas faoina rún, agus iarrfaidh sé ar an riarthóir sin ráiteas réasúnaithe a sholáthar do ESMA laistigh de 15 lá oibre ina mbeidh aon fhaisnéis ábhartha chun críocha an mheasúnúcháin a bhaineann le hainmniúchán an tagarmhairc mar thagarmharc suntasach.

I gcás inarb infheidhme, iarrfaidh ESMA, a luaithe is féidir, ar údarás inniúil na dlínse ina bhfuil an riarthóir suite aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar chun críocha an mheasúnúcháin a bhaineann le hainmniúchán an tagarmhairc.

Tabharfaidh ESMA cúis le haon chinneadh ainmniúcháin agus cuirfidh sé san áireamh cé acu atá nó nach bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á gcomhlíonadh, i bhfianaise shaintréithe sonracha an tagarmhairc lena mbaineann.

Foilseoidh ESMA an cinneadh réasúnaithe uaidh ar a shuíomh gréasáin agus tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil iarrthach nó do na húdaráis inniúla iarrthacha gan moill mhíchuí.

7.    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun tuilleadh sonraíochtaí a thabhairt maidir leis an modh ríomha a úsáidfear chun an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) den Airteagal seo a chinneadh i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus i bpraghsanna agus i bhfianaise forbairtí rialála.

(12)cuirtear isteach an tAirteagal 24a seo a leanas:

Airteagal 24a

Ceanglais maidir le riarthóirí tagarmharcanna suntasacha

(1)Laistigh de 60 lá oibre tar éis an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 24(2), riarthóir tagarmhairc a chomhlíonann an critéar dá dtagraítear i mír (1), pointe (a), den Airteagal sin, lorgóidh sé údarú nó clárú le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé suite. I gcás ina bhfuil an riarthóir sin suite i dtríú tír agus mura rud é go gcumhdaítear an tagarmharc lena mbaineann le cinneadh coibhéise arna ghlacadh de bhun Airteagal 30, lorgóidh an riarthóir sin ceachtar de na nithe seo a leanas laistigh de 60 lá oibre tar éis an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 24(2):

(a)aitheantas le ESMA de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 32;

(b)formhuiniú de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 33.

(2)Laistigh de 60 lá oibre tar éis ainmniúchán dá dtagraítear in Airteagal 24(3), lorgóidh riarthóir an tagarmhairc lena mbaineann údarú nó clárú leis an údarás inniúil ainmniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 34, mura rud é go bhfuil an riarthóir sin údaraithe nó cláraithe cheana féin.

(3)Laistigh de 60 lá oibre tar éis ainmniúchán dá dtagraítear in Airteagal 24(6), lorgóidh riarthóir an tagarmhairc lena mbaineann ceachtar de na nithe seo a leanas, mura rud é go gcumhdaítear an tagarmharc lena mbaineann le cinneadh coibhéise arna ghlacadh de bhun Airteagal 30:

(a) aitheantas le ESMA de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 32;

(b)formhuiniú de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 33.

(4)Bainfidh ESMA nó údaráis inniúla úsáid as na cumhachtaí maoirseachta agus smachtbhannaí a chuirtear ar a niontaoibh faoin Rialachán seo chun a áirithiú go gcomhlíonann na riarthóirí ábhartha a noibleagáidí.

(5)Eiseoidh an túdarás inniúil nó ESMA fógra poiblí lena sonrófar nach gcomhlíonann tagarmharc suntasach arna sholáthar ag riarthóir an Rialachán seo agus gur cheart d’úsáideoirí staonadh ón tagarmharc sin a úsáid i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)laistigh de 60 lá oibre tar éis an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 24(2), tar éis an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(3) nó tar éis an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(6), níor thionscain an riarthóir lena mbaineann nósanna imeachta chun mír 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh;

(b)theip ar na nósanna imeachta um údarú, clárú, aitheantas nó formhuiniú;

(c)Tharraing ESMA clárú an riarthóra siar i gcomhréir le hAirteagal 31;

(d)Rinne ESMA aitheantas an riarthóra lena mbaineann a tharraingt siar nó a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 34(6);

(e)tá formhuiniú an riarthóra lena mbaineann imithe in éag;

(f)rinne an túdarás inniúil údarú nó clárú an riarthóra lena mbaineann a tharraingt siar nó a chur ar fionraí.

Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ESMA faoi gach fógra poiblí arna eisiúint gan moill mhíchuí. Foilseoidh ESMA gach fógra poiblí arna eisiúint ar a shuíomh gréasáin. Bainfidh ESMA nó an t‑údarás inniúil an fógra poiblí gan moill mhíchuí a luaithe nach mbeidh an chúis ar eisíodh é bailí a thuilleadh.

(13)i dTeideal III, scriostar Caibidil 6;

(14)Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Úsáid tagarmharcanna suntasacha, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras‘;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

   ‘1.    Ní chuirfidh eintiteas faoi mhaoirseacht tagairtí nua le tagarmharc suntasach nó le teaglaim de thagarmharcanna den sórt sin san Aontas i gcás ina bhfuil an tagarmharc sin nó an teaglaim de thagarmharcanna sin ina ábhar d’fhógra poiblí arna eisiúint ag ESMA nó ag údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 24a(5). Ní chuirfidh eintiteas faoi mhaoirseacht tagairtí nua le Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE ná le Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras ná le teaglaim de thagarmharcanna den sórt sin san Aontas i gcás nach náirítear riarthóir na dtagarmharcanna sin sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36.

Ceadóidh eintitis faoi mhaoirseacht an tIonad Eorpach Ilfhreastail Aonair (ESAP) dá dtagraítear in Airteagal 28a, nó clár ESMA dá dtagraítear in Airteagal 36, go tráthrialta chun fíorú a dhéanamh ar stádas rialála na riarthóirí a riarann tagarmharcanna suntasacha, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a bheartaíonn siad a úsáid.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh ESMA nó an t‑údarás inniúil, de réir mar is iomchuí, úsáid tagarmhairc a cheadú faoi réir fógra poiblí arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 24a(5) go ceann tréimhse 6 mhí tar éis an fógra poiblí a bheith foilsithe, agus é in‑athnuaite uair amháin, i gcás inar gá chun míshocracht thromchúiseach sa mhargadh a sheachaint.’

(c)cuirtear isteach mír 1a nua:

‘1a. Eintiteas faoi mhaoirseacht a úsáideann tagarmharc i gconarthaí airgeadais nó ionstraimí airgeadais atá ann cheana atá faoi réir fógra poiblí faoi Airteagal 24a(5), cuirfidh sé rogha mhalartach iomchuí in ionad an tagarmhairc sin laistigh de 6 mhí tar éis an fógra sin a bheith foilsithe, nó eiseoidh agus foilseoidh sé ráiteas ar a shuíomh gréasáin lena gcuirfear a chliaint ar an eolas nach bhfuil rogha mhalartach iomchuí ann.’;

(15)Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

(a)scriostar mír 1;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.    Riarthóir atá suite i dtríú tír a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil dá dtagraítear in Airteagal 24a(1) agus (3), comhlíonfaidh sé an Rialachán seo, cé is moite d’Airteagal 11(4) agus d’Airteagail 16, 20, 21 agus 23. Féadfaidh an riarthóir atá suite i dtríú tír an coinníoll sin a chomhlíonadh trí phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna a chur i bhfeidhm, de réir mar is infheidhme, ar choinníoll go bhfuil cur i bhfeidhm den sórt sin coibhéiseach le comhlíonadh an Rialacháin seo, cé is moite d’Airteagal 11(4), agus d’Airteagail 16, 20, 21 agus 23.

   Le linn do ESMA a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chomhlíonadh agus le linn dó measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó phrionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, féadfaidh sé na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

(a)measúnú ar an riarthóir atá suite i dtríú tír ag iniúchóir seachtrach neamhspleách;

(b)deimhniúchán arna sholáthar ag údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an riarthóir sin suite.

   I gcás ina bhfuil riarthóir tríú tír in ann a léiriú, agus a mhéid atá sé in ann a léiriú, gurb é atá i dtagarmharc a sholáthraíonn sé tagarmharc sonraí rialáilte nó tagarmharc tráchtearraí nach bhfuil bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí arb eintitis faoi mhaoirseacht a bhformhór, ní chuirfear d’oibleagáid ar an riarthóir na ceanglais nach infheidhme maidir le soláthar tagarmharcanna sonraí rialáilte agus tagarmharcanna tráchtearraí, de bhun Airteagal 17 agus Airteagal 19(1), a chomhlíonadh.

3.    Beidh ionadaí dlíthiúil ag riarthóir atá suite i dtríú tír a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil. Is é a bheidh san ionadaí dlíthiúil duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe san Aontas, agus arna cheapadh go sainráite ag an riarthóir sin chun gníomhú thar ceann an riarthóra sin a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí an riarthóra faoin Rialachán seo. Déanfaidh an tionadaí dlíthiúil, i gcomhar leis an riarthóir, an fheidhm formhaoirseachta a chomhall maidir le soláthar na dtagarmharcanna a dhéanann an riarthóir faoin Rialachán agus, ar an gcaoi sin, beidh sé cuntasach do ESMA.’;

(c)i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Aon riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil, dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas le ESMA. Soláthróidh an riarthóir is iarratasóir an fhaisnéis uile is gá chun go bhféadfaidh ESMA a bheith deimhin de go mbeidh bunaithe aige, tráth an aitheantais, na socruithe uile is gá chun na ceanglais a leagtar síos i mír 2 a chomhlíonadh i ndáil lena thagarmharcanna nó le tagarmharcanna a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 24. I gcás inarb infheidhme, tabharfaidh an riarthóir is iarratasóir le fios an t‑údarás inniúil sa tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh air.

Laistigh de 15 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ESMA measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an t‑iarratas comhlánaithe ina iomláine agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir dá réir. I gcás ina bhfuil an t‑iarratas neamhiomlán, cuirfidh an t‑iarratasóir isteach an fhaisnéis bhreise atá de dhíth ar ESMA. Beidh feidhm ag an teorainn ama dá dtagraítear san fhomhír seo ón dáta a sholáthraíonn an t‑iarratasóir an fhaisnéis bhreise sin.’;

(16)Leasaítear Airteagal 34 mar a leanas,

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

   ‘1.    Aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe san Aontas agus a bhfuil sé ar intinn aige gníomhú mar riarthóir, déanfaidh sé iarratas chuig an údarás inniúil atá ainmnithe faoi Airteagal 40 den Bhallstát ina bhfuil an duine sin lonnaithe, chun go bhfaighidh an duine sin:

(a)údarú i gcás ina soláthraíonn sé innéacsanna nó i gcás ina bhfuil sé ar intinn aige iad a sholáthar, ar innéacsanna iad a úsáidtear nó atá beartaithe lena núsáid mar thagarmharcanna criticiúla, mar thagarmharcanna suntasacha, mar Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó mar Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras;

(b)clárú i gcás inar eintiteas faoi mhaoirseacht é, seachas riarthóir, a sholáthraíonn innéacsanna nó a bhfuil sé ar intinn aige iad a sholáthar, ar innéacsanna iad a úsáidtear mar thagarmharcanna suntasacha nó atá beartaithe lena núsáid mar thagarmharcanna suntasacha, mar Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, ar choinníoll nach bhfuil gníomhaíocht an tsoláthair tagarmhairc faoi chosc ag an disciplín earnálach is infheidhme i leith an eintitis faoi mhaoirseacht agus nach gcáileodh aon cheann de na hinnéacsanna a sholáthraítear mar thagarmharc criticiúil.’;

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. An t‑iarratas dá dtagraítear i mír 1, déanfar é laistigh de 30 lá oibre ó aon chomhaontú a dhéanfaidh eintiteas faoi mhaoirseacht chun innéacs arna sholáthar ag an iarratasóir a úsáid mar thagairt d’ionstraim airgeadais nó do chonradh airgeadais nó chun feidhmíocht ciste airgeadais a thomhas, nó laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 24a(2) agus (3), de réir mar is infheidhme.’;

(17)in Airteagal 36(1), cuirtear na pointí (e) go (j) seo a leanas leis:

‘(e)    na tagarmharcanna atá faoi réir ráiteas arna fhoilsiú ag ESMA nó ag údarás inniúil de bhun Airteagal 24(2), agus na hipearnaisc chuig ráitis den sórt sin;

(f)    na tagarmharcanna atá faoi réir ainmniúcháin ag údaráis inniúla a dtugtar fógra fúthu do ESMA de bhun Airteagal 24(4), agus na hipearnaisc chuig ainmniúcháin den sórt sin;

(g)    na tagarmharcanna atá faoi réir ainmniúcháin ag ESMA, agus na hipearnaisc chuig ainmniúcháin den sórt sin;

(h)    na tagarmharcanna atá faoi réir fógraí poiblí arna neisiúint ag ESMA agus ag údaráis inniúla de bhun Airteagal 24a(5), agus na hipearnaisc chuig fógraí poiblí den sórt sin.;

(i)    an liosta de Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus de Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras atá ar fáil lena núsáid san Aontas;

(j)    an liosta de thagarmharcanna criticiúla.’;

(18)in Airteagal 41(1), cuirtear na pointí (k) agus (l) seo a leanas leis:

‘(k)    tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach de bhun Airteagal 24(3);

(l)    i gcás foras réasúnach le bheith in amhras faoi shárú ar aon cheann de na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil 3A, a cheangal go scoirfidh riarthóir de na nithe seo a leanas a dhéanamh go ceann uastréimhse 12 mhí:

(i)    Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a sholáthar;

(ii)    tagairt a dhéanamh do Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó do Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras in ainm na dtagarmharcanna a chuireann siad ar fáil lena núsáid san Aontas, nó sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta le haghaidh na dtagarmharcanna sin;

(iii)    tagairt a dhéanamh do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir le soláthar na dtagarmharcanna sin in ainm na dtagarmharcanna a chuireann siad ar fáil lena núsáid san Aontas, nó sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta le haghaidh na dtagarmharcanna sin;’;

(19)Leasaítear Airteagal 42 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) aon sárú ar Airteagail 4 go 16, ar Airteagail 19a, 19b, 19c agus 21, ar Airteagail 23 go 29 nó ar Airteagal 34 i gcás ina bhfuil feidhm ag na hAirteagail sin; agus’;

(b)leasaítear mír 2 mar a leanas

(i)    i bpointe (g), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)    i gcás sáruithe ar Airteagail 4 go 10, ar Airteagal 11(1), pointí (a), (b), (c) agus (e), ar Airteagal 11(2) agus 3, ar Airteagail 12 go 16, ar Airteagal 21, ar Airteagail 23 go 29 agus ar Airteagal 34, EUR 500 000 nó sna Ballstáit sin nach é an euro an tairgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 31 Nollaig 2023; nó;

(ii)    i bpointe (h), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

‘(i)    i gcás sáruithe ar Airteagail 4 go 10, ar Airteagal 11(1), pointí (a), (b), (c) agus (e), ar Airteagal 11(2) agus 3, ar Airteagail 12 go 16, ar Airteagal 21, ar Airteagail 23 go 29 agus ar Airteagal 34, EUR 1 000 000 nó, sna Ballstáit sin nach é an euro an tairgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 31 Nollaig 2023, nó 10 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, cibé acu is airde; nó’;

(20)Leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.    Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 13(2a), 19a(2), 19c(1), 20(6), 24(7), 27(2b), 33(7), 51(6) agus 54(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 30 Meitheamh 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2028, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí breise comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

‘3.    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 13(2a), 19a(2), 19c(1), 20(6), 24(7), 27(2b), 30(2a), 30(3a), 33(7), 48i(10), 48l(3), 51(6) agus 54(3) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sin difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.’;

(b)cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:

‘6.    Aon ghníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3(2), 13(2a), 19a(2), 19c(1), 20(6), 24(7), 27(2b) 30(2a), 30(3a), 33(7), 48i(10), 48l(3), 51(6) nó 54(3), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbíonn aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’.

(21)in Airteagal 51, cuirtear isteach an mhír 4c seo a leanas:

‘4c. Áiritheoidh údaráis inniúla agus ESMA, maidir le riarthóirí tagarmharcanna a údaraíodh, a cláraíodh, a formhuiníodh nó a aithníodh an [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], go bhféadfaidh siad tairbhiú de nós imeachta simplithe i gcás ina ndéanfaidh siad iarratas ar údarú, clárú, aitheantas nó formhuiniú de bhun Airteagal 24a(1), (2), nó (3), de réir mar is infheidhme, faoin … [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo + 2 bhliain]’;

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    COM(2023)168.
(2)    Is ionann innéacs agus aonad tomhais staidrimh, ar phraghas nó ar chainníocht de ghnáth, arna ríomh nó arna chinneadh ó thacar ionadaíoch sonraí foluiteacha.
(3)    Ríomh bunaithe ar luach iomlán na nionstraimí airgeadais, na gconarthaí airgeadais nó na gcistí infheistíochta san Aontas a núsáidtear an tagarmharc ina leith mar thagairt arna cinneadh ag an riarthóir tagarmharcanna.
(4)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1368 ón gCoimisiún, arna leasú.
(5)    Ní áirítear leis sin líon anaithnid tagarmharcanna suntasacha arna dtairiscint ag riarthóirí neamh‑AE nach raibh aitheantas ná formhuiniú faighte acu an tráth sin.
(6)    Comhfhreagraíonn an áit scáthlínithe do thagarmharcanna nach gceanglófaí ar an riarthóir a bheith cláraithe ina leith a thuilleadh; Féach thíos.
(7)    Sainmhínítear eintitis faoi mhaoirseacht in Airteagal 3(1)(17) den BMR.
(8)    Airteagal 2(1) de BMR. Le BMR rialáiltear úsáid tagarmhairc ag eintitis faoi mhaoirseacht an Aontais, ar a dtugaimid ‘úsáideoirí tagarmhairc’. Cliaint na neintiteas sin faoi mhaoirseacht, infheisteoirí agus gnólachtaí a lorgaíonn neamhchosaint ar thagarmharcanna trí cheann de na cásanna a liostaítear thuas, is mar ‘úsáideoirí deiridh’ tagarmharcanna a thagrófar dóibh.
(9)    Féach https://webgate.ec.europa.eu/regdel/#/delegatedActs/2036?lang=ga  
(10)    Féach tuarascáil 2021 ESMA ar smachtbhannaí arna bhforchur faoin Rialachán maidir le Tagarmharcanna https://www.esma.europa.eu/document/report-sanctions-imposed-under-benchmarks-regulation-in-2021.
(11)    COM(2023) 455 final
(12)    Ibid
(13)    D’fhéadfadh morgáistí nó cistí infheistíochta a bhfuil an‑tóir orthu a bheith ina samplaí de mhargadh miondíola ábhartha.
(14)    An fhaisnéis uile a áirítear i gclár Airt. 36, beidh rochtain uirthi tríd an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) freisin.
(15)    Chun sláine agus clú na ‘lipéad AE’ gaolmhar a chosaint, d’fhanfadh Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras agus Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE sa raon feidhme agus ní fhéadfaidh ach riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe san Aontas iad a sholáthar.
(16)    I gcomhréir leis an sainmhíniú ar ‘úsáid tagarmhairc’ in Airteagal 2(1) de BMR.
(17)    Tá feidhm ag an Rialachán maidir le Drochúsáid Mhargaidh maidir leis an iompraíocht i ndáil le tagarmharcanna de bhun Airteagal 2. Le hAirteagal 12 den Rialachán maidir le Drochúsáid Mhargaidh, déantar foráil go gcuimsítear le cúbláil mhargaidh freisin an ghníomhaíocht chun faisnéis atá bréagach nó míthreorach a tharchur nó ionchuir atá bréagach nó míthreorach a thabhairt i dtaca le tagarmharc i gcás ina raibh a fhios ag an duine a rinne an tarchur nó a sholáthair an tionchur, nó gur cheart go mbeadh a fhios aige, go raibh sé bréagach nó míthreorach, nó aon iompraíocht eile lena ndéantar ríomh tagarmhairc a chúbláil. Sa togra reachtach ‘an Gníomh um Liostú’, mhol an Coimisiún go ndéanfaí an Rialachán maidir le Drochúsáid Mhargaidh a leasú chun riarthóirí agus rannchuiditheoirí tagarmharcanna a thabhairt faoi raon feidhme an chórais um smachtbhannaí riaracháin trí Airteagal 30(2), litir (e) go (g) a leasú. Leis na leasuithe atá beartaithe ar Airteagal 23 is amhlaidh a fheabhsaítear freisin cumhacht na núdarás inniúil maidir le riarthóirí tagarmharcanna.
(18)    Airteagal 20(1)(a) BMR, lena gceanglaítear go ndéanfar tagairt do thagarmharc le méid iomlán conarthaí airgeadais agus ionstraimí airgeadais dar luach EUR 500 billiún ar a laghad.
(19)    Airteagal 20(1)(b) BMR.
(20)    Tar éis rochtain a fháil ar mhargadh an Aontais trí aitheantas nó trí fhormhuiniú. Tá sé seo sa bhreis ar líon anaithnid riarthóirí neamh‑AE a thairgeann tagarmharcanna suntasacha san Aontas faoi na forálacha idirthréimhseacha.
(21)     Tagarmharcanna dá dtagraítear le méid iomlán conarthaí airgeadais agus ionstraimí airgeadais de bhreis ar EUR 50 billiún, nó [nach bhfuil] aon ionadach oiriúnach nó fíorbheagán ionadach oiriúnach acu atá faoi stiúir an mhargaidh agus [a bhféadfadh] tionchar nach beag agus díobhálach a bheith acu ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnóthas i mBallstát amháin nó níos mó.
(22)    Ba é ESMA a thuairiscigh na sonraí uile sa roinn seo, lena náirítear ar bhonn bunachar sonraí tráchtála ( www.rimes.com ).
(23)    ABS Benchmarks Administration CO PTE. LTD. (Singeapór) agus ASX Benchmarks Limited (an Astráil).
(24)    S&P Dow Jones Indices, LLC (SAM) agus SIX Index AG (an Eilvéis).
(25)    Hedge Fund Research, Inc. (SAM), ICAP information Services Limited (an Ríocht Aontaithe), Invesco Indexing LLC (SAM), JPX Market Innovation & Research, Inc. (an tSeapáin), Leonteq Securities AG (an Eilvéis), LPX AG (an Eilvéis), Nikkei Inc. (an tSeapáin), Scientific Infra Pte Ltd (Singeapór), STOXX Ltd. (an Eilvéis), WisdomTree, Inc. (SAM).
(26)    COM(2023) 314 final; Is ‘tuairimí’ ó sholáthraí rátálacha iad rátálacha comhshaoil, sóisialta agus rialachais nár cheart a léirmhíniú mar chineál lipéadaithe ná mar chineál deimhniúcháin.
(27)    COM(2023) 455 final.
(28)    SWD(2020) 147 final.
(29)    COM(2023) 455 final.
(30)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12016-Report-pursuant-to-Article-54-of-the-Benchmark-Regulation/public-consultation_ga agus https://finance.ec.europa.eu/regulation-and-supervision/consultations/finance-2022-benchmarks-third-country_ga .
(31)     https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13762-Review-of-the-scope-and-third-country-regime-of-the-Benchmark-Regulation_ga .
(32)    Bhí ceisteanna sa chomhairliúchán spriocdhírithe a rinneadh le linn shamhradh 2022 a bhain do chostais ach is amhlaidh nár tháinig ach faisnéis starógach as.
(33)    Mheas mór‑riarthóir tagarmharcanna amháin gurb é EUR 2-3 mhilliún an costas socraithe ilghnéitheach mar riarthóir tagarmharcanna arna údarú ag an Aontas, agus gurb é idir EUR 1,5 agus 2 mhilliún an costas maoirseachta leanúnach bliantúil.
(34)    Bíonn éagsúlacht mhór sna táillí sin, idir táillí comhréidhe bliantúla ar chúpla céad EUR arna ngearradh ag údaráis náisiúnta áirithe agus táillí atá bunaithe ar an gcaiteachas ama iarbhír ar mhaoirseacht.
(35)    IO C , , , lch.
(36)    IO C , , , lch.
(37)    IO C , , , lch.
(38)    Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).
(39)    Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena naisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).