An Bhruiséil,17.10.2023

COM(2023) 647 final

2023/0375(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/2394 agus (AE) 2018/1724 a mhéid a bhaineann le deireadh a chur leis an gClár Eorpach ODR

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Sa Teachtaireacht uaidh maidir le hiomaíochas fadtéarmach an Aontais 1 , d’athdhearbhaigh an Coimisiún go bhfuil sé tiomanta scagadh gníomhach a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh i dtéarmaí a hoiriúnachta don fheidhm, go háirithe chun na costais chomhlíontachta do ghnólachtaí agus do riaracháin phoiblí a laghdú. 

Ba in 2013 a glacadh reachtaíocht an Aontais maidir le sásamh tomhaltóirí lasmuigh den chúirt (an Treoir maidir le Réiteach Malartach Díospóide (ADR) 2 agus an Rialachán maidir le Réiteach Díospóidí ar Líne (ODR) 3 ) agus níor leasaíodh í ó shin d’ainneoin go bhfuil athruithe ollmhóra tagtha ar mhargadh na dtomhaltóirí, go háirithe i ndáil leis an ngné dhigiteach atá ag méadú go tapa.

Bunaítear leis an Treoir maidir le ADR creat ginearálta maidir le sásamh tomhaltóirí, agus cuirtear d’oibleagáid léi ar na Ballstáit a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí a ndíospóidí a chur faoi bhráid eintiteas ADR a chomhlíonann critéir choiteanna cháilíochta, agus gur féidir leo díospóidí a réiteach ar bhealach cóir, tapa agus inacmhainne, agus glacadh an Rialachán ODR chun an Clár Eorpach Réitigh Díospóidí ar Líne (an Clár ODR) a bhunú, agus chuige sin amháin, clár lena bhféadfadh tomhaltóirí agus trádálaithe a ndíospóidí maidir le ceannacháin ar líne a chur faoi bhráid eintitis ADR.

Tá an clár ODR ag feidhmiú ó bhí 2016 ann mar bhonneagar digiteach atá go hiomlán ilteangach lenar féidir le tomhaltóirí iarraidh ar thrádálaithe ar líne díospóid a réiteach trí eintiteas ADR a úsáid. D’ainneoin líon mór cuairteanna air, ní chumasaíonn an clár ODR ach láimhseáil 200 cás, ar an meán, ar fud an Aontas ag eintiteas ADR in aghaidh na bliana.

Ní thugann an leibhéal feidhmíochta sin údar maith leis na costais a thabhaíonn an Coimisiún chun an uirlis a choinneáil ar bun, ná leis an gcostas a íocann riaracháin phoiblí agus gnólachtaí ar líne chun a n‑oibleagáidí faoin Rialachán ODR a chomhlíonadh. Is é cuspóir an togra seo, dá bhrí sin, an Rialachán ODR a aisghairm, agus ar an gcaoi sin deireadh a chur leis an gclár ODR agus deireadh a chur leis an oibleagáid atá ar ghnólachtaí ar líne nasc chuig an gclár ODR a chur ar fáil agus seoladh ríomhphoist le haghaidh cumarsáide a bhainistiú.

Comhsheasmhacht le téacsanna dlí eile de chuid an Aontais.

Leasaítear leis an togra freisin an reachtaíocht a thagraíonn faoi láthair don Rialachán ODR mar mhodh cumarsáide féideartha idir tomhaltóirí agus trádálaithe, lena náirítear an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach 4 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 114 CFAE maidir le comhlánú an mhargaidh inmheánaigh an bunús dlí don togra (mar an gcéanna leis an mbunús don Rialachán ODR), agus aird chuí á tabhairt ar Airteagal 169 CFAE 5 . Tugann sé an inniúlacht don Aontas bearta a achtú chun rialacha náisiúnta a chomhfhogasú maidir le bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Bhí údar maith leis an Rialachán ODR mar gheall ar bhreithnithe coimhdeachta: in 2011, nuair a ghlac an Coimisiún é, bhí margaí digiteacha fós ag forbairt, gan aon dearbhú maidir le huirlisí digiteacha leormhaithe príobháideacha nó poiblí chun cúnamh a thabhairt do thrádálaithe ar líne teagmháil a dhéanamh le heintitis ADR. Mar sin féin, d’éirigh na breithnithe sin neamhábhartha mar gheall ar fhorbairt thapa na gcóras láimhseála gearán ar líne ag margaí digiteacha, agus ba thapa a d’éirigh na córais sin chun bheith ar cheann de na príomhbhealaí réitigh díospóidí do FBManna a bhíonn ag trádáil ar líne.

Comhréireacht

Le haisghairm an Rialacháin ODR, cuirtear deireadh leis an ualach atá ann faoi láthair ar ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha.

An rogha ionstraime

Ós rud é gurb é cuspóir an togra seo go príomha an Rialachán ODR a aisghairm, is é Rialachán an rogha iomchuí.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Foráiltear in Airteagal 21 den Rialachán ODR go bhfoilseofar tuarascáil ar fheidhmíocht an chláir gach bliain agus tuarascálacha tréimhsiúla maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin ODR. I bhfianaise na faisnéise atá sna tuarascálacha sin lena léirítear gur fíorbheagán a úsáidtear an clár chun úsáid nósanna imeachta ADR a chur chun cinn i margaí ar líne, níor ghá meastóireacht mhionsonraithe a dhéanamh. In Iarscríbhinn 7 den Mheasúnú Tionchair a rinneadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le ADR, áfach, sonraítear na cúiseanna le feidhmíocht íseal an chláir ODR.

Comhairliúcháin agus staidéir le páirtithe leasmhara

Mar chuid dá iarracht meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir maidir le ADR, chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin fhorleathana le linn 2021 agus 2022, agus bhí roinnt ceisteanna ábhartha maidir leis an Rialachán ODR chomh maith: dhá chomhairliúchán phoiblí ilteangacha ag a raibh cur chuige siarbhreathnaitheach agus cur chuige réamhbhreathnaitheach maidir le ADR agus Glao ar Fhianaise ar a shuíomh gréasáin Cloisimis uait!

Ina theannta sin, reáchtáladh plé rialta le páirtithe leasmhara maidir le feidhmíocht an chláir ODR lena n‑áirítear staidéir chun feabhas a chur ar dhearadh agus ar fheidhmiúlachtaí an chláir, staidéir ina raibh suirbhéanna agus agallaimh le tomhaltóirí, trádálaithe, eintitis ADR agus na pointí teagmhála náisiúnta ODR. Ba dheiseanna iad freisin na himeachtaí seo a leanas chun plé a dhéanamh ar fheidhmíocht an chláir amhail cruinniú na bpointí teagmhála ODR an 13 Meán Fómhair 2022 agus ceardlanna éagsúla lena n‑áirítear tionól na n‑eintiteas ADR a tionóladh in 2021; plé painéil ag Cruinniú Mullaigh na dTomhaltóirí in 2022 agus cruinniú comhchéime faoi ADR trasteorann a tionóladh in 2022 freisin.

Bhí comhdhearcadh ginearálta ann go raibh éifeacht úsáideach an Chláir ODR an‑teoranta agus, dá bhrí sin, nach raibh sé éifeachtach ó thaobh costais de. Measadh, áfach, gur foinse thábhachtach faisnéise é an clár ODR chun liosta a fháil d’eintitis ADR atá creidiúnaithe ag údaráis náisiúnta san Aontas i gcomhréir leis an Treoir maidir le ADR, oibleagáid, áfach, a eascraíonn as an Treoir sin agus a chuireann an Coimisiún chun feidhme ar an gclár ODR agus a choinneofar ar bun dá réir sin. Bhí meas ag páirtithe leasmhara freisin ar an ról atá ag pointí teagmhála ODR maidir le ceannacháin trasteorann. I bhformhór na gcásanna, ghlac na Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí ról na bpointí teagmhála ODR.

Fuair an Coimisiún comhairle inmheánach TF freisin maidir le feabhas a chur ar dhearadh agus ar fheidhmiúlachtaí an chláir ODR, rud a léirigh go raibh gá le hollchóiriú suntasach ar an gclár ODR chun é a thabhairt cothrom le dáta leis na caighdeán TF atá ann faoi láthair.

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le ADR, measúnú ina raibh anailís mhionsonraithe ar fheidhmiú an chláir ODR ina Iarscríbhinn 6.

Déantar athbhreithniú san Iarscríbhinn sin ar na staitisticí maidir le húsáid an chláir ODR ó cuireadh tús leis in 2016 d’fhonn a thuiscint cén fáth a ndéileálann comhlachtaí ADR lena laghad sin cásanna (níos lú ná 200 in aghaidh na bliana ar fud an Aontais). Léirítear san anailís go dtugann idir dhá nó trí mhilliún cuairteoir cuairt ar an gclár in aghaidh na bliana. Cinneann mionlach (thart ar 2 %) de na cuairteoirí sin, áfach, dul i dteagmháil leis an trádálaí lena mbaineann chun moladh a dhéanamh tús a chur le próiseas ADR. Fágann formhór na gcuairteoirí an clár tar éis cúpla soicind. D’ainneoin feabhas a cuireadh ar leathanach baile an chlár (faisnéis agus córas idirghníomhach ceisteanna agus freagraí a chur ar fáil), níor tháinig méadú ar líon na n‑iarrataí ar phróiseas ADR ach a mhalairt, tháinig laghdú ar an líon nuair a bhí tomhaltóirí níos eolaí ar chuspóirí agus ar fheidhmiú an chórais. A luaithe a dhéanfaidh an tomhaltóir iarratas, beidh 30 lá ag an trádálaí le comhaontú tús a chur leis an bpróiseas ADR. Ní aontaíonn ach 2 % de na trádálaithe é sin a dhéanamh, téann thart ar 40 % de na trádálaithe i dteagmháil leis na tomhaltóirí go díreach lasmuigh den chlár chun an t‑ábhar a réiteach agus fanann tromlach na dtrádálaithe ina dtost toisc nach bhfuil sé éigeantach a bheith rannpháirteach. Déanann comhlachtaí ADR tástáil incháilitheachta ar na cásanna a thagann chucu (thart ar 400 in aghaidh na bliana) agus ní choimeádann siad ach leath de na hiarrataí ar an meán. Dá bhrí sin, tá drochthorthaí an chláir ODR mar thoradh ar roinnt gnéithe atá nasctha le heaspa faisnéise roimh ré ag cuairteoirí maidir leis an gcaoi a n‑oibríonn ADR, an leas an‑teoranta atá ag trádálaithe ann agus iomláine nó ábharthacht mhíchothrom na ngearán tomhaltóirí i ndáil leis na critéir incháilitheachta arna leagan síos ag eintitis ADR.

Mar thoradh ar an úsáid theoranta sin a baineadh as an gclár ODR, rinne an Coimisiún staidéar ar réitigh éagsúla chun feabhas a chur ar an nglacadh a bhí ag trádálaithe agus tomhaltóirí araon leis, ach níor thángthas ar aon chonclúid leis na staidéir sin, áfach, maidir leis na modhanna lena bhféadfaí úsáid an chláir a mhéadú.

Os a choinne sin, dá gcuirfí deireadh leis an gclár ODR shábhálfaí thart ar EUR 500 000 in aghaidh na bliana don Choimisiún 6 , i.e. EUR 4,4 milliún i gceann 10 mbliana 7 . Maidir leis an gceanglas atá ar thrádálaithe faoi láthair an nasc ODR a nochtadh go soiléir ar a suíomhanna gréasáin, léiríodh i staidéar iompraíochta a rinneadh ar riachtanais faisnéise ADR 8 nach bhfuil tionchar dearfach ag an gceanglas sin ar rún tomhaltóirí nós imeachta ADR a úsáid. Dá bhrí sin, ní bheadh aon tionchar diúltach ar rannpháirtíocht tomhaltóirí in ADR dá mbainfí an nasc sin.

Tionchar ar FBManna: Ní bheadh ar ghnólachtaí a oibríonn ar líne, ar FBManna iad a bhformhór acu, seoladh ríomhphoist a choinneáil ar bun le haghaidh comhfhreagras ODR, rud a shábhálfadh EUR 100 in aghaidh na bliana 9 . Dá bhrí sin, shábhálfadh gnólachtaí an Aontais EUR 370 milliún in aghaidh na bliana.

Tionchair shóisialta: Ní bheadh aon tionchar sóisialta ag ionadú an Chláir ODR ar fhostaíocht ós rud é go rachadh pointí teagmhála na mBallstát (thart ar 50 FTE ar fud an Aontais) isteach in Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí nó i gcomhlachtaí eile a bhfuil sé de chúram orthu comhairle a thabhairt maidir le ADR trasteorann agus maidir le féidearthachtaí sásaimh eile.

Tionchair comhshaoil: dá gcuirfí deireadh leis an gclár ODR, laghdófaí lorg carbóin digiteach an Choimisiúin Eorpaigh.

Cearta bunúsacha

Tugtar aird chuí sa togra ar na cearta a bhaineann le sonraí pearsanta trí dháta soiléir a chur ar fáil maidir le deireadh a chur leis an gclár (agus dáta níos luaithe nuair a oibreoidh an clár fós, ach nuair nach féidir aon ghearáin nua a chur isteach). Áirithítear leis an togra go scriosfar na sonraí pearsanta uile a luaithe a chuirfear deireadh leis an gclár, chun an baol a íoslaghdú go ndéanfar sáruithe ar shonraí.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Mar is léir sa mheastóireacht in Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair ar an Treoir maidir le ADR, d’fhéadfaí costais a laghdú do ghnólachtaí, do na Ballstáit agus don Choimisiún dá gcuirfí deireadh leis an gclár ODR, cé nach mbeadh tionchar ar an gcostas a bheadh ann d’eintitis ADR. Dá bhrí sin, níl aon impleacht diúltach buiséadach ag baint le deireadh a chur leis an gclár.

5.EILIMINTÍ EILE

neamhbhainteach

2023/0375 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/2394 agus (AE) 2018/1724 a mhéid a bhaineann le deireadh a chur leis an gClár Eorpach ODR

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 , bunaíodh agus tugadh sainordú don Choimisiún an Clár Eorpach um Réiteach Díospóidí Ar Líne (‘ODR’) a fhorbairt agus a choimeád ar bun ar leibhéal an Aontais, lena gcuirtear aon phointe amháin iontrála ar fáil do thomhaltóirí agus do thrádálaithe atá ag iarraidh díospóidí a eascraíonn as idirbhearta ar líne a réiteach lasmuigh den chúirt.

(2)Is éard atá sa chlár ODR suíomh gréasáin idirghníomhach ar ar féidir le tomhaltóirí iarraidh ar thrádálaithe teacht ar chomhaontú maidir le comhlacht um réiteach malartach díospóidí (ADR) a úsáid atá liostaithe ar an gclár, agus a chomhlíonann Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 .

(3)Le Rialachán (AE) Uimh. 524/2013, ceanglaítear ar thrádálaithe ar líne agus ar ionaid mhargaidh ar líne nasc chuig an gclár ODR atá inrochtana go héasca a chur ar fáil ar a suíomh gréasáin. Thug an oibleagáid sin, mar aon le feachtais faisnéise ar thug an Coimisiún agus páirtithe leasmhara náisiúnta fúthu, idir dhá mhilliún agus trí mhilliún cuairteoir chuig suíomh gréasáin an chláir gach bliain.

(4)Mar sin féin, ní úsáideann ach mionlach cuairteoirí an clár chun tús a chur le gearán, agus ní fhaigheann ach 2 % díobh siúd freagra dearfach ó thrádálaithe ionas gur féidir a niarratas a chur ar aghaidh chuig comhlacht ADR atá liostaithe ar an gclár. Ar an iomlán, is ionann sin agus thart ar 200 cás ar fud an Aontais. D’fhoilsigh an Coimisiún glao ar fhianaise maidir le réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a chur in oiriúint do mhargaí digiteacha, glao a bhí ar oscailt ón 28 Meán Fómhair go dtí an 21 Nollaig 2022 agus tháinig sé ar an gconclúid nár úsáid ach 5 % de thomhaltóirí a d’fhreagair an glao an clár, agus mheas tromlach na bhfreagróirí gur cheart feabhas suntasach a chur ar an gclár nó deireadh a chur leis toisc nach raibh sé costéifeachtach.

(5)Tugtar le fios go láidir leis an bhfianaise nach gcomhfhreagraíonn coinneáil an Chláir Eorpaigh ODR ar bun a thuilleadh do phrionsabail na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 , toisc nach naistrítear níos mó ná 200 cás in aghaidh na bliana chuig eintiteas ADR leis.

(6)Ba cheart deireadh a chur leis an gclár ODR agus ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 a aisghairm. Ba cheart am iomchuí a chur ar fáil chun a áirithiú gur féidir cásanna atá ar siúl faoi láthair ar an gclár a chur i gcrích go leormhaith.

(7)Le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 524/2013, bunaítear an riail maidir le próiseáil na sonraí pearsanta a bhaineann le díospóid agus a stóráiltear i mbunachar sonraí an chláir ODR arna choimeád ar bun ag an gCoimisiún.

(8)De bhun Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) Uimh. 524/2013, coinnítear sonraí pearsanta a bhaineann le díospóid sa bhunachar sonraí ar feadh na tréimhse ama is gá chun na cuspóirí dar tiomsaíodh na sonraí sin a ghnóthú agus chun a áirithiú gur féidir leis na daoine is ábhar do na sonraí rochtain a fháil ar a gcuid sonraí pearsanta d’fhonn a gcearta a fheidhmiú. Ba cheart na sonraí sin a scriosadh go huathoibríoch, 6 mhí ar a dhéanaí tar éis an dáta a dtabharfar chun críche an díospóid a cuireadh ar aghaidh chuig an gclár ODR. Ba cheart don Choimisiún úsáideoirí an chláir ag a bhfuil cásanna oscailte ADR a chur ar an eolas faoi dhúnadh an chláir in am trátha, agus in aon chás ar a laghad 4 mhí sula gcuirfear deireadh leis an gclár. Ba cheart don Choimisiún cúnamh a thairiscint d’úsáideoirí an chláir ar mian leo a gcuid sonraí cáis a aisghabháil.

(9)Ós rud é go dtagraítear i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais don chlár ODR mar chlár lena gcuirtear ar a gcumas do thomhaltóirí iarraidh ar thrádálaithe teacht ar chomhaontú maidir le réiteach díospóide lasmuigh den chúirt, ba cheart na gníomhartha sin a leasú chun tagairtí don chlár sin a bhaint. Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (AE) 2017/2394 13 agus (AE) 2018/1724 14 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú dá réir sin.

(10)Tá tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 i dTreoracha áirithe. Dá bhrí sin, de bharr a haisghairthe, is gá Treoracha (AE) 2015/2302 15 , (AE) 2019/2161 16 agus (AE) 2020/1828 17 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú, leasú atá le déanamh i dTreoir [xxx/xxx] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/11/AE maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais[ 18 ],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 le héifeacht [cuir isteach an dáta 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Airteagal 2

1.Cuirfear deireadh leis an gClár Eorpach ODR.

2.Cuirfear deireadh le cur isteach gearán an [cuir isteach an dáta 2 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo/4 mhí roimh aisghairm an Rialacháin seo].

3.Cuirfidh an Coimisiún úsáideoirí an chláir ag a bhfuil cásanna oscailte ADR ar an eolas faoi dheireadh a bheith á chur leis an gclár faoin [cuir isteach an dáta 2 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo/4 mhí roimh aisghairm an Rialacháin seo] agus tabharfaidh sé cúnamh dóibh chun sonraí cáis a bhfuil rochtain acu orthu a aisghabháil más mian leo sin a dhéanamh.

4.Ón [ll/mm/bb, i.e. 6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí, scriosfar an fhaisnéis go léir, lena náirítear sonraí pearsanta a bhaineann leis na díospóidí sa chlár ODR.

Airteagal 3
Leasú ar Rialachán (AE) 2017/2394

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2394, scriostar pointe 22.

Airteagal 4
Leasú ar Rialachán (AE) 2018/1724

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:

‘Liosta na neintiteas um réiteach malartach díospóide tomhaltais arna bhunú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20(4) de Threoir 2013/11/AE’ 19 .

Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030, an Bhruiséil, 16.3.2023, COM(2023) 168 final, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:52023DC0168&qid=1698668912775  
(2)    Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí)
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) IO L 165, 18.6.2013, lgh. 1–12
(4)    Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE.) IO L 295, 21.11.2018, lgh. 1–38.
(5)    Luaitear in Airteagal 169 CFAE gur féidir na cuspóirí a bhaint amach maidir le leasanna tomhaltóirí a chur chun cinn agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú trí bhearta a ghlactar de bhun Airteagal 114 CFAE.
(6)    Féach Iarscríbhinn 7 chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chostais an Chláir ODR. Cuirtear san áireamh san fhigiúr sin freisin na costais a bhaineann le huirlisí comharthaíochta a chur in ionad an chláir ODR, ar costais iad a mheastar a bheith cothrom le 100 000 ar a mhéad.
(7)    Shábhálfaí EUR 600 000 gach bliain dá stadfaí den chlár ODR a choinneáil ar bun, lúide EUR 100 000 gach bliain le haghaidh réitigh fhorbartha eile chun tomhaltóirí a atreorú chuig an eintiteas ADR ceart (e.g. botaí dlí/comhrá arna gcumhachtú leis an intleacht shaorga).
(8)    Staidéar iompraíochta ar nochtadh faisnéise ADR do thomhaltóirí ag trádálaithe agus ag eintitis ADR.
(9)    Glactar leis gurb é EUR 0,5 in aghaidh an lae oibre an meánchostas a bhaineann leis an seoladh ríomhphoist seo a choinneáil ar bun, i bhfianaise an díchill chuí a bhaineann le gnó a dhéanamh a d’fhágfadh gur gá an comhfhreagras a léamh ar bhonn laethúil. Ní shroichfeadh iarratais fhéideartha ar dhíospóidí ADR (400 000 in aghaidh na bliana) bosca poist gnó ach ó am go chéile (tá thart ar 3 700 000 miondíoltóir ag feidhmiú ar líne, Eurostat).
(10)    Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1).
(11)    Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).
(12)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena naisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(13)    Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).
(14)    Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le tairseach aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
(15)    Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1).
(16)    Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoracha 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí (IO L 328, 18.12.2019, lch. 7).
(17)    Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena naisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).
(18)    [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt do COM(2023) 649]
(19)    Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).