AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.10.2023
COM(2023) 592 final
2023/0362(COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoracha 2009/12/CE, 2009/33/CE agus (AE) 2022/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/67/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe tuairiscithe i réimsí an iompair de bhóthar agus na heitlíochta
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Sa Teachtaireacht uaidh dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’() , leag an Coimisiún béim ar an tábhacht a bhaineann le córas rialála lena n‑áirithítear go mbainfear amach na cuspóirí ar an gcostas is ísle. Dá bhrí sin, tá gealltanas tugtha aige iarracht nua a dhéanamh chun na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú agus a shimpliú, agus é ina aidhm ualaí den sórt sin a laghdú 25 %, gan dochar a dhéanamh do na cuspóirí beartais gaolmhara.
Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun forfheidhmiú ceart na reachtaíochta agus faireachán cuí ar an reachtaíocht a áirithiú. Ar an iomlán, déantar a gcostais a fhritháireamh tríd an tairbhe a bhaineann leo, go háirithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bpríomhbheart beartais agus comhlíonadh na bpríomhbheart sin a áirithiú. Mar sin féin, is féidir le ceanglais tuairiscithe ualaí díréireacha a chur ar pháirtithe leasmhara, rud a dhéanann difear go háirithe do FBManna agus do mhicreachuideachtaí, agus i bhfianaise forbairtí eagraíochtúla agus teicneolaíocha a éilíonn go ndéanfaí ceanglais tuairiscithe bhunaidh a choigeartú. Is féidir le carnadh na gceanglas sin le himeacht ama a bheith ina chúis le hoibleagáidí iomarcacha, oibleagáidí dúblála nó oibleagáidí atá imithe i léig, minicíocht agus uainiú neamhéifeachtúil, nó modhanna bailiúcháin neamhleora.
Dá bhrí sin, is tosaíocht é oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú agus ualaí riaracháin a laghdú. Sa chomhthéacs sin, tá sé d’aidhm ag an togra seo simpliú a dhéanamh ar cheanglais i réimse beartais an iompair agus tionchar a imirt go háirithe ar an iompar de bhóthar agus ar an eitlíocht agus cuirfidh sé leis an bpríomh‑uaillmhian ‘Geilleagar a fhóireann do dhaoine’.
Leis an togra, déanfar na hoibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú trí mheascán beart, go háirithe trí mhinicíocht na gceanglas tuairiscithe a laghdú agus trí eilimintí áirithe a bhaint de na hoibleagáidí tuairiscithe.
Tá na ceanglais tuairiscithe infheidhme maidir leis na húdaráis phoiblí agus baineann siad leis an méid seo a leanas:
·Tuairisciú ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún maidir le feithiclí glana arna soláthar faoi Threoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus tuairisciú ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, tharlódh sé sin gach 5 bliana seachas gach 3 bliana.
·Dhéanfaí simpliú ar an oibleagáid atá ar na Ballstáit faoi Threoir (CE) 2022/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle sonraí a bhaineann le hiompar earraí contúirteacha a thuairisciú don Choimisiún. Ina theannta sin, bheadh orthu na sonraí sin a thuairisciú gach 2 bhliain, seachas gach bliain. Chuirfeadh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle gach 4 bliana, seachas gach 3 bliana, agus ar an gcaoi sin dhéanfadh sé obair leantach ar dhá shraith tuarascálacha a fuarthas ó na Ballstáit.
·Scriosfaí an oibleagáid atá ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoin liosta aerfort atá faoi réir na hoibleagáide na rialacha maidir le seirbhísí láimhseála ar an talamh a chur i bhfeidhm faoi Threoir 96/67/CE ón gComhairle, mar aon leis an oibleagáid atá ar an gCoimisiún an liosta sin a fhoilsiú.
·Scriosfaí an oibleagáid atá ar na Ballstáit an liosta aerfort atá faoi réir na rialacha maidir le muirir aerfoirt faoi Threoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fhoilsiú.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra mar chuid den chéad phacáiste beart chun na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú. Is céim é seo i bpróiseas leanúnach ina mbreathnaítear go cuimsitheach ar na ceanglais tuairiscithe atá ann cheana, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a n‑ábharthacht leanúnach agus iad a dhéanamh níos éifeachtúla.
An cuíchóiriú a thugtar isteach leis na bearta sin, ní dhéanfaidh sé difear do ghnóthú na gcuspóirí sa réimse beartais, toisc nach gcuireann siad isteach ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí foluití ag na Ballstáit.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Faoin gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), áirithíonn an Coimisiún go bhfuil a reachtaíocht oiriúnach dá feidhm, go bhfuil sí dírithe ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara agus go n‑íoslaghdaíonn sí ualaí agus a cuspóirí á mbaint amach an tráth céanna. Dá bhrí sin, tá na tograí seo mar chuid de chlár REFIT, rud a laghdaíonn castacht na n‑ualaí tuairiscithe a eascraíonn as timpeallacht dhlíthiúil an Aontais.
Cé go bhfuil ceanglais tuairiscithe áirithe fíor-riachtanach, ní mór dóibh a bheith chomh héifeachtúil agus is féidir, forluí a sheachaint, ualaí neamhriachtanacha a bhaint agus réitigh dhigiteacha agus idir-inoibritheacha a úsáid a mhéid is féidir.
Leis an togra seo, déantar na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú, rud a fhágann go mbeidh baint amach chuspóirí na reachtaíochta níos éifeachtúla agus go mbeidh ualach níos lú ar na húdaráis phoiblí agus, go hindíreach, ar chuideachtaí.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 175(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (CCE), arb é Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) anois é, bunús dlí Threoir 2009/33/CE. Is é Airteagal 84(2) CCE bunús dlí Threoir 96/67/CE agus is é Airteagal 80(2) CCE bunús dlí Threoir 2009/12/CE, arb iad Airteagal 100(2) CFAE anois iad. Is é Airteagal 91 CFAE bunús dlí Threoir (AE) 2022/1999. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 91, Airteagal 100(2) agus Airteagal 192(1) CFAE a bheith mar bhunúis dlí an Chinnidh leasaithigh seo.
•Coimhdeacht
Forchuirtear na ceanglais tuairiscithe lena mbaineann le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, is fearr iad a chuíchóiriú ar leibhéal an Aontais chun deimhneacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht tuairiscithe a áirithiú. Áiritheofar leis sin cothrom iomaíochta go hindíreach do chuideachtaí agus go príomha do riaracháin phoiblí ar fud an Aontais, riaracháin a thairbheoidh de chuíchóiriú na gceanglas tuairiscithe a eascraíonn as an togra seo.
•Coimhdeacht
Le cuíchóiriú na gceanglas tuairiscithe, déantar an creat dlíthiúil a shimpliú trí na hathruithe is lú a thabhairt isteach ar na ceanglais atá ann cheana nach ndéanann difear do bhunús an chuspóra beartais níos leithne. Dá bhrí sin, tá an togra teoranta do na hathruithe sin a bhfuil gá leo chun tuairisciú éifeachtúil a áirithiú gan aon cheann de na heilimintí substaintiúla den reachtaíocht lena mbaineann a athrú.
•An rogha ionstraime
Leis an gCinneadh atá beartaithe leasaítear ceithre Threoir a bhfuil bunús dlí comhoiriúnach acu, agus dá bhrí sin, tá na leasuithe sin oiriúnach lena gcur san áireamh i dtogra reachtach aonair. Ós rud é nach mbaineann na leasuithe ach le hoibleagáidí ar na Ballstáit sonraí a sholáthar, rud nach gá do na Ballstáit aon trasuí a dhéanamh ina leith, meastar gurb é Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ionstraim dlí is iomchuí.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
•Bailiú agus úsáid saineolais
Sainaithníodh na tograí seo tar éis próiseas grinnscrúdaithe inmheánaigh ar na hoibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana agus bunaithe ar an taithí a fuarthas ón reachtaíocht ghaolmhar a chur chun feidhme. Ós rud é gur céim é seo i bpróiseas an mheasúnaithe leanúnaigh ar cheanglais tuairiscithe a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais, leanfar den ghrinnscrúdú ar ualaí den sórt sin agus ar a dtionchar ar pháirtithe leasmhara.
•Measúnú tionchair
Baineann an togra le hathruithe teoranta agus spriocdhírithe ar an reachtaíocht d’fhonn na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú. Tá siad bunaithe ar thaithí a fuarthas ó reachtaíocht a chur chun feidhme. Ní bhíonn tionchar mór ag na hathruithe ar an mbeartas, ní dhéanann siad ach cur chun feidhme níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a áirithiú. Mar gheall ar chineál spriocdhírithe na n‑athruithe agus an easpa roghanna beartais ábhartha, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Is togra de chuid an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíochta Rialála é seo a bhfuil sé d’aidhm aige reachtaíocht a shimpliú agus ualaí ar pháirtithe leasmhara a laghdú, na húdaráis phoiblí go háirithe.
Leagtar síos i dTreoir 2009/33/CE spriocanna íosta soláthair d’fheithiclí glana, arna sloinneadh mar chéatadáin íosta d’fheithiclí glana i líon iomlán na bhfeithiclí iompair de bhóthar a chumhdaítear le conarthaí arna ndámhachtain le linn dhá thréimhse thagartha 5 bliana. Tá sé níos réasúnta a cheangal ar na Ballstáit na sonraí sin a thuairisciú tar éis tréimhse thagartha, agus, dá bhrí sin, gach 5 bliana. Mar thoradh air sin, ní bheidh an tuairisciú chomh minic céanna agus, dá bhrí sin, beidh ualach níos lú ar na riaracháin náisiúnta.
Le Treoir (AE) 2022/1999, ceanglaítear ar na Ballstáit sonraí áirithe a sholáthar gach bliain maidir le hiompar earraí contúirteacha. Is é is aidhm don togra an oibleagáid sin a shimpliú trí dheireadh a chur leis an gceanglas atá ar na Ballstáit an méid earraí contúirteacha a iompraítear de bhóthar, a taifeadadh nó a measadh, a sholáthar, más féidir. Ní dhéanann na Ballstáit na sonraí sin a bhailiú ná a thuairisciú go comhsheasmhach agus in aon chás tá rochtain ag an gCoimisiún ar shonraí comhchosúla arna soláthar ag Eurostat. Fiú má chuirtear na sonraí sin ar fáil faoi réir chumas na mBallstát iad a fháil, tríd an bhforáil sin a bhaint scaoilfear an riarachán náisiúnta ón gceanglas iarracht a dhéanamh iad a fháil agus d’fhéadfadh sé go scaoilfí cuideachtaí ón oibleagáid na sonraí sin a thuairisciú dá n‑údaráis náisiúnta féin. Thairis sin, faoin togra seo, bheadh ar na Ballstáit na sonraí simplithe maidir le hiompar earraí contúirteacha a thuairisciú gach 2 bhliain, lena gcumhdófaí gach ceann den 2 bhliain sa tréimhse thuairiscithe sin. Mar thoradh air sin, beidh ar riaracháin náisiúnta an cleachtadh tuairiscithe sin a dhéanamh gach 2 bhliain seachas gach bliain, rud nach gcuirfidh an t‑ualach céanna orthu.
Faoi Threoir 96/67/CE, ní mór do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas go bliantúil faoi na haerfoirt a thagann faoina raon feidhme, rud a braitheann ar a leibhéil tráchta bhliantúil i gcás gluaiseachtaí paisinéirí agus tonaí lasta. Cuirtear an fhaisnéis sin maidir le trácht bliantúil ar fáil go poiblí do pháirtithe leasmhara, go háirithe do sholáthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh, agus is féidir í a aisghabháil go díreach agus go héasca ó aerfoirt, ó chomhlachais aerfoirt nó ó Eurostat. Dá bhrí sin, is féidir na Ballstáit a scaoileadh ón ualach a bhaineann leis an liosta sin d’aerfoirt a thuairisciú don Choimisiún ar bhonn bliantúil.
Ar an gcaoi chéanna, faoi Threoir 2009/12/CE, ní mór do na Ballstáit liosta de na haerfoirt ar a gcríoch a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leo a fhoilsiú (is é sin aerfoirt ina bhfuil os cionn cúig mhilliún gluaiseacht phaisinéara nó an t‑aerfort ina bhfuil an líon is airde gluaiseachtaí paisinéirí). Ar na cúiseanna céanna a bhaineann le Treoir 96/67/CE, tá rochtain éasca ag páirtithe leasmhara, agus go háirithe ag aerlínte nó comhlachais aerlínte, ar na sonraí sin toisc go bhfoilsíonn aerfoirt iad ar a suíomhanna gréasáin féin agus go n‑áiríonn siad na sonraí go tráthrialta ina dtuarascálacha bliantúla, ar tuarascálacha iad atá ar fáil go poiblí. Dá bhrí sin, is féidir na Ballstáit a scaoileadh ón ualach a bhaineann leis an liosta sin de na haerfoirt a fhoilsiú.
•Cearta bunúsacha
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Airteagal 1 lena leasaítear Treoir 2009/12/CE
Scriostar Airteagal 1(3) de Threoir 2009/12/CE maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit liosta de na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin a fhoilsiú ar bhonn bliantúil.
Airteagal 2 lena leasaítear Airteagal 10 de Threoir 2009/33/CE.
Foráiltear faoi láthair le hAirteagal 10(2) de Threoir 2009/33/CE nach mór do na Ballstáit tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Aibreán 2026 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin. Faoi Airteagal 1 den togra, bheadh orthu é sin a dhéanamh gach 5 bliana ina dhiaidh sin. Le hAirteagal 10(3) ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle faoin 18 Aibreán 2027 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin. Faoin togra, bheadh air é sin a dhéanamh gach 5 bliana ina dhiaidh sin.
Airteagal 3 lena leasaítear Airteagal 9 de Threoir (AE) 2022/1999.
Foráiltear in Airteagal 9(1) faoi láthair nach mór do na Ballstáit tuarascáil bhliantúil a sholáthar ina mbeidh liosta sonraí maidir le hiompar earraí contúirteacha, lena n‑áirítear, faoi phointe (a) ‘más féidir, an méid earraí contúirteacha a iompraítear de bhóthar, i dtonaí arna n‑iompar nó i dtonaí/ciliméadair;’ Faoi Airteagal 3(1) den togra, scriostar an pointe (a) sin. Thairis sin, bheadh ar na Ballstáit na tuarascálacha sin ina bhfuil na sonraí simplithe sin a chur ar fáil gach 2 bhliain, le haghaidh gach bliana den tréimhse thuairiscithe sin. Foráiltear in Airteagal 9(2) nach mór don Choimisiún tuarascáil a sheoladh chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle gach 3 bliana. Arís faoi Airteagal 3(1) den togra, bheadh air sin a dhéanamh gach 4 bliana ó 2025 ar aghaidh.
Le hAirteagal 2(2) den togra leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir, tríd an tagairt do chainníocht iomlán mheasta na n‑earraí contúirteacha a iompraítear de bhóthar a bhaint.
Airteagal 4 lena leasaítear Treoir 96/67/CE
Scriostar Airteagal 1(4) de Threoir 96/67/CE maidir leis an oibleagáid ar na Ballstáit an liosta de na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin a thuairisciú don Choimisiún agus ar an gCoimisiún an liosta sin a fhoilsiú.
2023/0362 (COD)
Togra le haghaidh
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Treoracha 2009/12/CE, 2009/33/CE agus (AE) 2022/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/67/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe tuairiscithe i réimsí an iompair de bhóthar agus na heitlíochta
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 91, Airteagal 100(2) agus Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun faireachán cuí ar an reachtaíocht agus forfheidhmiú ceart na reachtaíochta a áirithiú. Mar sin féin, tá sé tábhachtach na ceanglais sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir dár beartaíodh iad agus chun an t‑ualach riaracháin a theorannú.
(2)I dTreoracha 2009/12/CE, 2009/33/CE agus (AE) 2022/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir 96/67/CE ón gComhairle tá roinnt ceanglas tuairiscithe i réimsí an iompair de bhóthar agus na heitlíochta, rud ba cheart a shimpliú, dá bhrí sin, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’.
(3)Le hAirteagal 1(3) de Threoir 2009/12/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit liosta de na haerfoirt ar a gcríoch a bhfuil feidhm ag an Treoir sin maidir leo a fhoilsiú, ar bhonn bliantúil. Tá feidhm ag Treoir 2009/12/CE maidir le haerfoirt tráchtála ina bhfuil os cionn cúig mhilliún gluaiseacht phaisinéara agus maidir le haerfoirt ina bhfuil an líon is airde gluaiseachtaí paisinéirí i ngach Ballstát. Ós rud é go bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí agus go bhfuil rochtain éasca ag páirtithe leasmhara ó aerfoirt, ó chomhlachais aerfoirt agus ó Eurostat uirthi, agus chun an t‑ualach riaracháin a laghdú, is iomchuí an oibleagáid sin maidir le foilsiú a bhaint.
(4)Leagtar síos i dTreoir 2009/33/CE spriocanna íosta soláthair d’fheithiclí glana, arna sloinneadh mar chéatadáin íosta d’fheithiclí glana i líon iomlán na bhfeithiclí iompair de bhóthar a chumhdaítear le conarthaí arna ndámhachtain le linn dhá thréimhse thagartha. Mairfidh an chéad cheann de na tréimhsí tagartha sin ón 2 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Nollaig 2025, agus an dara ceann ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2030.
(5)Le hAirteagal 10(2) de Threoir 2009/33/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach sin faoin 18 Aibreán 2026, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin. Áireofar i dtuarascálacha na mBallstát figiúirí maidir le líon agus catagóirí na bhfeithiclí arna soláthar faoi raon feidhme Threoir 2009/33/CE. Le hAirteagal 10(4) de Threoir 2009/33/CE, ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach sin faoin 18 Aibreán 2027 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, bunaithe ar na tuarascálacha arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 10(2).
(6)Chun ualaí riaracháin a laghdú agus an sceideal tuairiscithe a chuíchóiriú, is iomchuí minicíocht thuairisciú na mBallstát faoi Threoir 2009/33/CE a laghdú, agus í a ailíniú go hiomlán leis na tréimhsí tagartha 5 bliana dá bhforáiltear sa Treoir sin. Ós rud é go gcuireann tuairisciú ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle le tuarascálacha náisiúnta ó na Ballstáit, ba cheart minicíocht an tuairiscithe sin a oiriúnú dá réir sin.
(7)Le hAirteagal 9(1) de Threoir (AE) 2022/1999, ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2022/1999 le haghaidh gach bliana féilire. I bhfianaise na dtairbhí teoranta a bhaineann le tuairisciú bliantúil agus infhaighteacht faisnéise eile, agus chun ualaí riaracháin a laghdú agus an sceideal tuairiscithe a chuíchóiriú, is iomchuí minicíocht na dtuarascálacha sin a laghdú go dtí gach dara bliain féilire.
(8)A mhéid a bhaineann le hábhar tuarascálacha den sórt sin, ceanglaítear le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2022/1999 ar na Ballstáit a chur san áireamh, más féidir, an méid earraí contúirteacha a iompraítear de bhóthar, i dtonaí arna n‑iompar nó i dtonaí/ciliméadar a taifeadadh nó a measadh. Mar gheall ar chineál roghnach an cheanglais sin, ní bhailítear sonraí ábhartha nó ní dhéanann na Ballstáit iad a thuairisciú go comhsheasmhach. Idir an dá linn, cuireann Eurostat sonraí soiléire agus comhsheasmhacha ar fáil maidir le hiompar earraí contúirteacha, ar sonraí iad a bhíonn an Coimisiún ag brath orthu chun an tuarascáil thríbhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a tharraingt suas. Ós rud é go bhfuil rochtain ag an gCoimisiún ar na sonraí sin cheana féin, is iomchuí an oibleagáid maidir le tuairisciú ar mhéid iomlán na n‑earraí contúirteacha a iompraítear de bhóthar sa Bhallstát a scriosadh chun ualaí riaracháin a laghdú.
(9)Le hAirteagal 9(2) de Threoir (AE) 2022/1999, ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, den chéad uair in 1999 agus gach 3 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin, maidir lena cur i bhfeidhm ag na Ballstáit. Chun ualaí riaracháin a laghdú agus chun an sceideal tuairiscithe a chuíchóiriú, is iomchuí a cheangal go seolfar an tuarascáil sin gach 4 bliana.
(10)Faoi Airteagal 1(4) de Threoir 96/67/CE,ceanglaítear ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas go bliantúil faoi na haerfoirt a thagann faoina raon feidhme, rud a braitheann ar a leibhéil tráchta bhliantúil i gcás gluaiseachtaí paisinéirí agus tonaí lasta. Ceanglaítear leis ar an gCoimisiún freisin an liosta de na haerfoirt sin a fhoilsiú. Ós rud é go bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí agus go bhfuil rochtain éasca ag páirtithe leasmhara ó aerfoirt, ó chomhlachais aerfoirt nó ó Eurostat uirthi, agus chun an t‑ualach riaracháin a laghdú, is iomchuí deireadh a chur leis an oibleagáid sin maidir le tuairisciú agus foilsiú.
(11)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 2009/12/CE, 2009/33/CE, (AE) 2022/1999 agus 96/67/CE a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Threoir 2009/12/CE
In Airteagal 1 de Threoir 2009/12/CE, scriostar mír 3.
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2009/33/CE
Leasaítear Airteagal 10 de Threoir 2009/33/CE mar a leanas:
(1) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Faoin 18 Aibreán 2026, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil maidir le cur chun feidhme na Treorach seo faoi bhráid an Choimisiúin.’;
(2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Faoin 18 Aibreán 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina sonrófar na bearta a bheidh déanta ag na Ballstáit ina leith sin, tar éis na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 2.’
Airteagal 3
Leasuithe ar Threoir (AE) 2022/1999
Leasaítear Treoir (AE) 2022/1999 mar a leanas:
(1) Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
(a) i mír 1, cuirtear an fomhír seo a leanas isteach:
‘Déanfar an tuarascáil deiridh de bhun na chéad fhomhíre a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2024 ar a dhéanaí agus cumhdóidh sí an tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.’;
(b) cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:
‘1a. Ón 1 Eanáir 2024, cuirfear na tuarascálacha le haghaidh gach bliain féilire dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, faoi bhráid an Choimisiúin gach 2 bhliain, tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dheireadh an dara bliain agus beidh na sonraí seo a leanas san áireamh iontu:
(a)
líon na seiceálacha a rinneadh;
(b)
líon na bhfeithiclí a seiceáladh de réir áit chlárúcháin (feithiclí atá cláraithe ar an leibhéal náisiúnta, i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha);
(c)
líon na sáruithe arna dtaifeadadh de réir na catagóire riosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn II;
(d)
cineál agus líon na bpionós arna bhforchur.
Tíolacfar an chéad tuarascáil de bhun na chéad fhomhíre faoin 31 Nollaig 2026 ar a dhéanaí.’;
(c) i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
‘Ó 2025 ar aghaidh, seolfaidh an Coimisiún an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gach 4 bliana ar a laghad.’
(2) Déantar an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur in ionad Iarscríbhinn III.
Airteagal 4
Leasú ar Threoir 96/67/CE
In Airteagal 1 de Threoir 96/67/CE, scriostar mír 4.
Airteagal 5
Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.10.2023
COM(2023) 592 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann le
Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
lena leasaítear Treoracha 2009/12/CE, 2009/33/CE agus (AE) 2022/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/67/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe tuairiscithe i réimsí an iompair de bhóthar agus na heitlíochta
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN III
An fhoirm chaighdeánach don tuarascáil atá le cur chuig an gCoimisiún maidir le sáruithe agus pionóis
Tír: _____________________ Bliain: ________________
SEICEÁLACHA AR IOMPAR EARRAÍ CONTÚIRTEACHA DE BHÓTHAR
|
|
Áit/tír chlárúcháin na bhfeithiclí (1)
|
Líon iomlán
|
|
|
Tír na seiceála
|
Ballstáit eile den Aontas
|
Tríú tíortha
|
|
|
Líon na n‑aonad iompair arna seiceáil ar bhonn inneachar an lóid (agus ADR)
|
|
|
|
|
|
Líon na n‑aonad iompair nach bhfuil i gcomhréir le ADR
|
|
|
|
|
|
Líon na n‑aonad iompair a bhfuil bac gluaiseachta orthu
|
|
|
|
|
|
Líon na sáruithe a sonraíodh de réir na catagóire riosca (2)
|
Catagóir riosca I
|
|
|
|
|
|
|
Catagóir riosca II
|
|
|
|
|
|
|
Catagóir riosca III
|
|
|
|
|
|
Líon na bpionós a forchuireadh, de réir chineál an phionóis
|
Rabhadh
|
|
|
|
|
|
|
Fíneáil
|
|
|
|
|
|
|
Eile
|
|
|
|
|
Fonótaí:
(1) Chun críoch na hIarscríbhinne seo is í an tír chlárúcháin an tír inar cláraíodh an mhótarfheithicil.
(2) I gcás roinnt sáruithe in aghaidh an aonaid iompair, ní chuirfear i bhfeidhm ach an chatagóir riosca is tromchúisí i gcomhréir le hIarscríbhinn II.’