An Bhruiséil,17.10.2023

COM(2023) 591 final

2023/0361(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 80/2009, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe i réimsí an iompair de bhóthar agus na heitlíochta

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Sa Teachtaireacht uaidh dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’( 1 ) , leag an Coimisiún béim ar an tábhacht a bhaineann le córas rialála lena náirithítear go mbainfear amach na cuspóirí ar an gcostas is ísle. Dá bhrí sin, tá gealltanas tugtha aige iarracht nua a dhéanamh chun na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú agus a shimpliú, agus é ina aidhm dheiridh ualaí den sórt sin a laghdú 25 %, gan dochar a dhéanamh do na cuspóirí beartais gaolmhara.

Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun forfheidhmiú ceart na reachtaíochta agus faireachán cuí ar an reachtaíocht a áirithiú. Ar an iomlán, déantar a gcostais a fhritháireamh tríd an tairbhe a bhaineann leo, go háirithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bpríomhbheart beartais agus comhlíonadh na bpríomhbheart sin a áirithiú. Mar sin féin, is féidir le ceanglais tuairiscithe ualaí díréireacha a chur ar pháirtithe leasmhara, rud a dhéanann difear go háirithe do FBManna agus do mhicreachuideachtaí, agus i bhfianaise forbairtí eagraíochtúla agus teicneolaíocha a éilíonn go ndéanfaí ceanglais tuairiscithe bhunaidh a choigeartú. Is féidir le carnadh na gceanglas sin le himeacht ama a bheith ina chúis le hoibleagáidí iomarcacha, oibleagáidí dúblála nó oibleagáidí atá imithe i léig, minicíocht agus uainiú neamhéifeachtúil, nó modhanna bailiúcháin neamhleora.

Dá bhrí sin, is tosaíocht é oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú agus ualaí riaracháin a laghdú. Sa chomhthéacs sin, tá sé d’aidhm ag an togra seo simpliú a dhéanamh ar thionscnaimh i réimse beartais an iompair agus tionchar a imirt go háirithe ar an iompar de bhóthar agus ar an eitlíocht.

Leis an togra, déanfar oibleagáidí sonracha tuairiscithe ar na húdaráis phoiblí a bhaint nó a chuíchóiriú mar a leanas:

·Leis an togra, cuirtear deireadh leis an oibleagáid faoi Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 maidir le díoltóirí córas áirithinte ar ríomhairí (CARanna) tuarascálacha a thíolacadh ina sonraítear an struchtúr úinéireachta agus na samhlacha rialachais gach 4 bliana agus arna iarraidh sin don Choimisiún. Is é is aidhm don oibleagáid tuairiscithe sin faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Airteagal 10 den Rialachán sin, lena leagtar síos rialacha sonracha le haghaidh máthair-iompróirí, arb é is aidhm dóibh go háirithe cosc a chur ar na hiompróirí sin idirdhealú a dhéanamh in aghaidh CARanna iomaíocha, agus cosc a chur ar CARanna atá faoi úinéireacht na niompróirí sin idirdhealú a dhéanamh in aghaidh mháthair-iompróirí CARanna eile. Tugadh le fios i meastóireacht 2020 ar an Rialachán sin 3 go ndealraíonn sé go bhfuil an fhoráil sin iomarcach toisc nach bhfuil CARanna faoi úinéireacht aerlínte a thuilleadh agus, dá bhrí sin, nach bhfuil údar a thuilleadh le tíolacadh na tuarascála iniúchta. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún an chumhacht atá aige cheana a choinneáil chun tuarascálacha den sórt sin a iarraidh, ionas go mbeidh sé in ann Airteagal 10 a fhorfheidhmiú go héifeachtach, i gcás ina mbeidh leas ag aerlíne in CAR amach anseo. Baintear freisin an fhoráil lena gceanglaítear ar dhíoltóirí céannacht an iniúchóra a chur in iúl don Choimisiún sula ndeimhneoidh sé a cheapachán agus lena gceadaítear don Choimisiún a iarraidh go gcuirfí duine eile ina ionad.

·Scriostar an oibleagáid faoi Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 athbhreithniú sábháilteachta a fhoilsiú ar an leibhéal náisiúnta. Tá an oibleagáid sin iomarcach anois i bhfianaise an athbhreithnithe bhliantúil sábháilteachta a d’fhoilsigh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA).

·Cuirtear deireadh leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit faoi Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiún maidir le liosta na gceardlann a fhéadfaidh suiteálacha, seiceálacha agus deisiúcháin a dhéanamh ar thacagraif agus leis an oibleagáid atá ar an gCoimisiún na liostaí sin a fhoilsiú. Bhí sé de mhíbhuntáiste ag na liostaí sin nár thug siad ach spléachadh ar na ceardlanna ceadaithe. Ina nionad sin, cuirtear oibleagáid ar na Ballstáit an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin atá ar fáil go poiblí agus í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach agus cuirtear oibleagáid ar an gCoimisiún liosta na suíomhanna gréasáin sin a fhoilsiú.

 

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra mar chuid den chéad phacáiste beart chun na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú. Is céim é seo i bpróiseas leanúnach ina mbreathnaítear go cuimsitheach ar na ceanglais tuairiscithe atá ann cheana, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a n‑ábharthacht leanúnach agus iad a dhéanamh níos éifeachtúla.

An cuíchóiriú a thugtar isteach leis na bearta sin, ní dhéanfaidh sé difear do ghnóthú na gcuspóirí sa réimse beartais, toisc nach gcuireann siad isteach ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí foluití ag na Ballstáit.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Faoin gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), áirithíonn an Coimisiún go bhfuil a reachtaíocht oiriúnach dá feidhm, go bhfuil sí dírithe ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara agus go n‑íoslaghdaíonn sí ualaí agus a cuspóirí á mbaint amach an tráth céanna. Dá bhrí sin, tá na tograí seo mar chuid de chlár REFIT, rud a laghdaíonn castacht na n‑ualaí tuairiscithe a eascraíonn as timpeallacht dhlíthiúil an Aontais.

Cé go bhfuil ceanglais tuairiscithe áirithe fíor-riachtanach, ní mór dóibh a bheith chomh héifeachtúil agus is féidir, forluí a sheachaint, ualaí neamhriachtanacha a bhaint agus réitigh dhigiteacha agus idir-inoibritheacha a úsáid a mhéid is féidir.

Leis na togra seo, déantar na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú, rud a fhágann go mbeidh baint amach chuspóirí na reachtaíochta níos éifeachtúla agus go mbeidh ualach níos lú ar na húdaráis phoiblí agus ar chuideachtaí.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is iad Airteagal 71 agus Airteagal 80(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arb iad Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) faoi seach anois iad, bunús dlí Rialachán (CE) Uimh. 80/2009, agus is é Airteagal 91 CFAE bunús dlí Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus is é Airteagal 100(2) CFAE bunús dlí Rialachán (AE) Uimh. 996/2010. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) CFAE a bheith mar bhunús dlí Rialacháin atá beartaithe.

Coimhdeacht

Forchuirtear na ceanglais tuairiscithe lena mbaineann le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, is fearr iad a chuíchóiriú ar leibhéal an Aontais chun deimhneacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht tuairiscithe a áirithiú. Áiritheofar leis sin cothrom iomaíochta do chuideachtaí agus do riaracháin phoiblí ar fud an Aontais, cuideachtaí agus riaracháin a thairbheoidh de chuíchóiriú na gceanglas tuairiscithe a eascraíonn as na tograí seo.

Coimhdeacht

Le cuíchóiriú na gceanglas tuairiscithe, déantar an creat dlíthiúil a shimpliú trí na hathruithe is lú a thabhairt isteach ar na ceanglais atá ann cheana nach ndéanann difear do bhunús an chuspóra beartais níos leithne. Dá bhrí sin, tá an togra teoranta do na hathruithe sin a bhfuil gá leo chun tuairisciú éifeachtúil a áirithiú gan aon cheann de na heilimintí substaintiúla den reachtaíocht lena mbaineann a athrú.

An rogha ionstraime

Leis an Rialachán atá beartaithe leasaítear trí Rialachán a bhfuil bunús dlí comhoiriúnach acu agus ní dhéantar amhlaidh ach amháin i ndáil le ceanglais tuairiscithe. Dá bhrí sin, tá na leasuithe sin oiriúnach lena gcur san áireamh i dtogra reachtach aonair.  

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach

Bailiú agus úsáid saineolais

Sainaithníodh na tograí seo tar éis próiseas grinnscrúdaithe inmheánaigh ar na hoibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana agus bunaithe ar an taithí a fuarthas ón reachtaíocht ghaolmhar a chur chun feidhme. Ós rud é gur céim é seo i bpróiseas an mheasúnaithe leanúnaigh ar cheanglais tuairiscithe a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais, leanfar den ghrinnscrúdú ar ualaí den sórt sin agus ar a dtionchar ar pháirtithe leasmhara.

Measúnú tionchair

Baineann an togra le hathruithe teoranta agus spriocdhírithe ar an reachtaíocht d’fhonn na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú. Tá siad bunaithe ar thaithí a fuarthas ó reachtaíocht a chur chun feidhme. Ní bhíonn tionchar mór ag na hathruithe ar an mbeartas, ní dhéanann siad ach cur chun feidhme níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a áirithiú. Mar gheall ar chineál spriocdhírithe na n‑athruithe agus an easpa roghanna beartais ábhartha, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Is togra de chuid an Chláir um Oiriúnacht agus Feidhmíochta Rialála é seo a bhfuil sé d’aidhm aige reachtaíocht a shimpliú agus ualaí ar pháirtithe leasmhara a laghdú, na húdaráis phoiblí go háirithe.

Leis an togra chun Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 a leasú, scaoilfear díoltóirí CARanna ón oibleagáid, agus, dá bhrí sin, ó na costais a bhaineann léi, tuarascálacha iniúchta a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach 4 bliana. An oibleagáid tuarascálacha den sórt sin a thíolacadh i gcás ina n‑iarrfaidh an Coimisiún é, leanfaidh sé sin de bheith infheidhme, ach níl sé faoi réir na hoibleagáide atá ar na cuideachtaí sin céannacht an iniúchóra a réamhfhógairt don Choimisiún roimh an gceapachán ná faoi réir na féidearthachta go bhféadfadh an Coimisiún athrú ar an iniúchóir a iarraidh, toisc go raibh na hoibleagáidí sin ina n‑oibleagáidí troma agus costasacha araon.

Leis an togra chun deireadh a chur leis an oibleagáid atá ar riaracháin náisiúnta athbhreithniú sábháilteachta bliantúil a dhéanamh i réimse na heitlíochta, táthar á scaoileadh ón ualach riaracháin.

A mhéid a bhaineann leis an oibleagáid tuairiscithe i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 lena gceanglaítear ar na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar cheardlanna ceadaithe a fhéadfaidh tacagraif a shuiteáil, a sheiceáil nó a dheisiú — agus ar na cártaí arna n‑eisiúint chuig na ceardlanna sin — tá an córas atá beartaithe níos réasúnaí agus níos éifeachtúla toisc go ndéanfar liosta na gceardlann sin a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach, chun tairbhe na n‑údarás forfheidhmiúcháin agus na n‑oibreoirí. Go deimhin, ní thugann an córas tuairiscithe reatha ach spléachadh ar na ceardlanna ceadaithe, agus go háirithe ar na cártaí arna n‑eisiúint chucu. Ós rud é nach bhfuil na cártaí arna n‑eisiúint chuig na ceardlanna bailí ach ar feadh aon bhliain amháin, téann na liostaí a sheolann na Ballstáit chuig an gCoimisiún as dáta de réir a chéile le linn na bliana dár gcionn, sula dtéann siad as dáta nach mór go hiomlán an bhliain ina dhiaidh sin. Trí na liostaí cothrom le dáta a choinneáil ar fáil don phobal, laghdaítear na costais cur chun feidhme agus forfheidhmiúcháin le haghaidh tiománaithe agus oibreoirí, trína áirithiú go mbeidh rochtain acu ar na ceardlanna agus na feisteoirí ceadaithe, go háirithe i mBallstáit eile, agus le haghaidh na n‑údarás forfheidhmiúcháin a mbeadh orthu na liostaí sin a sheiceáil chun críoch forfheidhmiúcháin murach sin. Ní fheicfidh na Ballstáit a bhfuil suíomh gréasáin den sórt sin acu cheana aon athrú ar ualach riaracháin an togra seo.

   Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Neamhbhainteach

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Airteagal 1 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 80/2009

Foráiltear faoi láthair le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 nach mór do dhíoltóirí CARanna tuarascáil iniúchta neamhspleách a thíolacadh gach 4 bliana nó arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, ina mbeidh tuairisc ar an struchtúr úinéireachta agus ar an múnla rialachais. Thairis sin, ní mór dóibh céannacht an iniúchóra a chur in iúl don Choimisiún agus féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go gcuirfí iniúchóir eile ina ionad. Faoin togra leasaithe, ní cheanglófar ar dhíoltóirí tuarascáil arna hiniúchadh go neamhspleách a thíolacadh ach amháin arna iarraidh sin don Choimisiún.

Airteagal 2 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010

Faoi láthair, le hAirteagal 4(5) de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ceanglaítear ar na Ballstáit athbhreithniú sábháilteachta bliantúil a fhoilsiú. Scriostar an fhoráil sin le hAirteagal 2 den togra ar an bhforas gurb é Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) a fhoilsíonn an t‑athbhreithniú sábháilteachta bliantúil anois.

Airteagal 3 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 165/2014

Faoi láthair, le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ceanglaítear ar na Ballstáit liosta na gceardlann ceadaithe agus na gcártaí arna n‑eisiúint chucu a chur chuig an gCoimisiún ar bhonn bliantúil agus ceanglaítear ar an gCoimisiún na liostaí sin a fhoilsiú freisin. In Airteagal 3 den togra cuirtear mír in ionad na míre sin lena gceanglaítear ar na Ballstáit liostaí na gceardlann ceadaithe agus na gcártaí arna n‑eisiúint chucu a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin atá ar fáil go poiblí agus na liostaí sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach. Ceanglaítear leis ar an gCoimisiún freisin liosta na suíomhanna gréasáin náisiúnta sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.



2023/0361 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 80/2009, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe i réimsí an iompair de bhóthar agus na heitlíochta

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 6 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 7 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun faireachán cuí ar an reachtaíocht agus forfheidhmiú ceart na reachtaíochta a áirithiú. Mar sin féin, tá sé tábhachtach na ceanglais sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir dár beartaíodh iad agus chun an tualach riaracháin a theorannú.

(2)I Rialacháin (CE) Uimh. 80/2009 8 , (AE) Uimh. 996/2010 9 agus (AE) Uimh. 165/2014 10 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tá roinnt ceanglas tuairiscithe i réimsí an iompair de bhóthar agus na heitlíochta, rud ba cheart a shimpliú, dá bhrí sin, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’  11 .

(3)Go sonrach, ceanglaítear le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 ar gach díoltóir córais córas áirithinte ar ríomhairí (‘CARanna’) tuarascáil iniúchta neamhspleách a thíolacadh ina mbeidh tuairisc ar an struchtúr úinéireachta agus ar an múnla rialachais gach 4 ceithre bliana, agus, ina theannta sin, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún.

(4)Tá sé beartaithe go gcuirfidh an oibleagáid iniúchóireachta agus tuairiscithe sin ar a chumas don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 80/2009, lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le máthair-iompróirí. Tá sé d’aidhm ag na rialacha sin, go háirithe, cosc a chur ar mháthair-iompróirí idirdhealú a dhéanamh in aghaidh CARanna iomaíocha agus cosc a chur ar CARanna atá faoi úinéireacht na niompróirí sin idirdhealú a dhéanamh in aghaidh iompróirí eile. Tugadh le fios sa mheastóireacht ar Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 a rinneadh in 2020 12 go bhféadfadh na forálacha sin maidir le máthair-iompróirí a bheith iomarcach toisc nach bhfuil CARanna faoi úinéireacht aerlínte a thuilleadh, agus nach bhfuil aon fhianaise ann go bhféachfaidís lena bhfáil mura mbeadh na rialacha sin ann. Dá bhrí sin, níl údar a thuilleadh le tuarascálacha iniúchta a thíolacadh gach 4 bliana. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún an chumhacht a choinneáil chun na tuarascálacha iniúchta a iarraidh nuair is gá, ionas go mbeidh sé in ann na rialacha maidir le máthair-iompróirí a fhorfheidhmiú go héifeachtach más gá.

(5)Ceanglaítear le hAirteagal 4(5) de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 go bhfoilseofar athbhreithniú sábháilteachta ar an leibhéal náisiúnta ar bhonn bliantúil, chun an pobal a chur ar an eolas faoin leibhéal ginearálta sábháilteachta eitlíochta. Bhí sé beartaithe leis an oibleagáid sin trédhearcacht a áirithiú maidir le staid fhoriomlán na sábháilteachta eitlíochta sna Ballstáit, agus go háirithe an méid a chuireann gníomhaíochtaí imscrúdaithe tionóiscí leis sin i bhfianaise chomhthéacs an Rialacháin seo. Mar sin féin, tá sí iomarcach anois i bhfianaise an athbhreithnithe bhliantúil sábháilteachta a d’fhoilsigh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 72(7) de Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 lena gcumhdaítear córas eitlíochta iomlán an Aontais, lena náirítear imscrúduithe tionóiscí.

(6)Le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ceanglaítear ar údaráis inniúla na mBallstát liostaí na bhfeisteoirí agus na gceardlann ceadaithe a fhéadfaidh suiteálacha, seiceálacha, cigireachtaí agus deisiúcháin a dhéanamh ar thacagraif agus na gcártaí arna neisiúint chucu a chur chuig an gCoimisiún, ar bhonn bliantúil agus go leictreonach, más féidir. Ní mór don Choimisiún ansin na liostaí sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.

(7)Ós rud é go bhfuil cártaí ceardlainne bailí ar feadh aon bhliain amháin agus nach dtugann an teachtaireacht ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún ach spléachadh ar na ceardlanna ceadaithe agus na cártaí bailí arna neisiúint chucu, ní bheidh sciar méadaitheach de na cártaí ceardlainne a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin bailí a thuilleadh le linn na bliana dár gcionn. Dá bhrí sin, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit an fhaisnéis sin a fhoilsiú agus í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach ar shuíomh gréasáin atá ar fáil go poiblí. Ba cheart don Choimisiún liosta na suíomhanna gréasáin uile na mBallstát ar a bhfuil an fhaisnéis sin le fáil a fhoilsiú. Tá suíomhanna gréasáin den sórt sin ag roinnt Ballstát cheana. Dá bhrí sin, bheadh ualach riaracháin laghdaithe ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon mar thoradh ar an oibleagáid sin, agus laghdófaí na costais forfheidhmiúcháin do pháirtithe leasmhara, trína áirithiú go ndéanfaí faisnéis a dháileadh ar bhealach níos cothroime le dáta agus níos éifeachtaí.

(8)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (CE) Uimh. 80/2009, (AE) Uimh. 996/2010 agus (AE) Uimh. 165/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 80/2009

Déantar an méid seo a leanas a chur in ionad Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 80/2009:

Airteagal 12

Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar aon díoltóir córais tuarascáil arna hiniúchadh go neamhspleách a thíolacadh ina sonrófar an struchtúr úinéireachta agus an tsamhail rialachais. Is é an díoltóir córais a íocfaidh na costais a bhaineann leis an tuarascáil arna hiniúchadh.’

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 996/2010

In Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, scriostar mír 5.

Airteagal 3

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014

In Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5. Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát liostaí na bhfeisteoirí agus na gceardlann ceadaithe agus na gcártaí arna n‑eisiúint chucu a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin atá ar fáil go poiblí, agus áiritheoidh siad go gcoimeádfar na liostaí sin cothrom le dáta. Foilsíodh an Coimisiún liosta na suíomhanna gréasáin náisiúnta sin ar a shuíomh gréasáin.’

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    COM(2023)168.
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le Cód Iompraíochta i dtaca le córais áirithinte ar ríomhairí agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 ón gComhairle, IO L 35, 4.2.2009, lch. 47
(3)     https://ec.europa.eu/transparency/documents‑register/detail?ref=SWD(2020)9&lang=ga
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena naisghairtear Treoir 94/56/CE, IO L 295, 12.11.2010, lch. 35.
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar, IO L 60, 28.2.2014, lch. 1.
(6)    IO C , , lch. .
(7)    IO C , , lch. .
(8)    Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le Cód Iompraíochta i dtaca le córais áirithinte ar ríomhairí agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 ón gComhairle (IO L 35, 4.2.2009, lch. 47).
(9)    Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena naisghairtear Treoir 94/56/CE (IO L 295, 12.11.2010, lch. 35).
(10)    Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).
(11)    COM(2023)168.
(12)     https://ec.europa.eu/transparency/documents‑register/detail?ref=SWD(2020)9&lang=ga
(13)    Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).