An Bhruiséil,17.10.2023

COM(2023) 584 final

2023/0356(COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2007/2/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe le haghaidh bonneagair d’fhaisnéis spásúil

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’ 1 , leag sé béim ar a thábhachtaí atá córas rialála lena náirithítear go mbaintear cuspóirí amach ar an gcostas is ísle. Dá bhrí sin, tá gealltanas tugtha aige iarracht nua a dhéanamh na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú agus a shimpliú, agus é ina aidhm dheiridh aige ualaí gaolmhara a laghdú 25 %, gan dochar a dhéanamh do na cuspóirí beartais gaolmhara.

Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun forfheidhmiú ceart na reachtaíochta agus faireachán cuí ar an reachtaíocht a áirithiú. Ar an iomlán, déantar a gcostais a fhritháireamh tríd an tairbhe a bhaineann leo, go háirithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bpríomhbheart beartais agus comhlíonadh na bpríomhbheart sin a áirithiú. Mar sin féin, is féidir le ceanglais tuairiscithe ualaí díréireacha a chur ar pháirtithe leasmhara, rud a dhéanann difear go háirithe do FBManna agus do mhicreachuideachtaí, agus i bhfianaise forbairtí eagraíochtúla agus teicneolaíocha lena n‑éilítear go ndéanfar ceanglais tuairiscithe bhunaidh a choigeartú. Is féidir le carnadh na gceanglas sin le himeacht ama a bheith ina chúis le hoibleagáidí iomarcacha, oibleagáidí dúblála nó oibleagáidí atá imithe i léig, minicíocht agus uainiú neamhéifeachtúil, nó modhanna bailiúcháin neamhleora. Ar an gcúis sin, áirítear tairseacha sonracha do chuideachtaí beaga i roinnt ionstraimí de chuid an Aontais lena gcruthaítear oibleagáidí tuairiscithe.

Dá bhrí sin, is tosaíocht é oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú agus ualaí riaracháin a laghdú. Sa chomhthéacs sin, tá sé d’aidhm ag an togra seo tionscnamh a shimpliú ar tionscnamh é a áirítear i bpríomhuaillmhianta, is iad sin an Comhaontú Glas don Eoraip agus Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach i réimse beartais an Chomhshaoil agus a bhfuil tionchar aige ar na hearnálacha seo a leanas: seirbhísí poiblí agus seirbhísí gairmiúla.

Leis an togra, déanfar na hoibleagáidí tuairiscithe faoi Threoir 2007/2/CE a chuíchóiriú trí mhinicíocht na gceanglas tuairiscithe a laghdú.

Baineann cuíchóiriú na n‑oibleagáidí tuairiscithe a dtugtar aghaidh orthu sa togra seo le húdaráis phoiblí, agus d’fhéadfadh sé go laghdófaí an t‑ualach ar ghnólachtaí go hindíreach dá bharr. Go sonrach, le tuairisciú nach bhfuil chomh minic céanna, laghdófar an t‑ualach ar thionscail agus ar fhóntais a bhfuil ceangal orthu tacair sonraí arna sainaithint sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir a roinnt, amhail líonraí fóntais, suíomh an táirgthe agus na saoráidí tionsclaíocha, etc. Ní chuirtear aon oibleagáid nua leis. Leanfaidh an oibleagáid tuairiscithe a ndéanfaidh an togra seo difear di timthriall débhliantúil seachas timthriall bliantúil.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra chun Treoir 2007/02/CE a leasú mar chuid den chéad phacáiste beart chun na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú. Is céim é seo i bpróiseas ina mbreathnaítear go cuimsitheach ar na riachtanais tuairiscithe atá ann cheana, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a n‑ábharthacht leanúnach agus iad a dhéanamh níos éifeachtúla.

Ní dhéanfaidh an cuíchóiriú a thugtar isteach leis na bearta sin difear diúltach do bhaint amach na gcuspóirí sa réimse beartais, ós rud é gur féidir treochtaí cur chun feidhme agus éabhlóidí sna Ballstáit a ghabháil fós agus timthriall tuairiscithe débhliantúil a leanúint seachas timthriall tuairiscithe bliantúil.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Faoin gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT), áirithíonn an Coimisiún go bhfuil a reachtaíocht oiriúnach dá feidhm, go bhfuil sí dírithe ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara agus go n‑íoslaghdaíonn sí ualaí agus a cuspóirí á mbaint amach aici an tráth céanna. Dá bhrí sin, tá an togra seo mar chuid de chlár REFIT, rud a laghdaíonn castacht na n‑ualaí tuairiscithe a eascraíonn as timpeallacht dhlíthiúil an Aontais.

Cé go bhfuil ceanglais tuairiscithe áirithe fíor-riachtanach, ní mór dóibh a bheith chomh héifeachtúil agus is féidir, forluí a sheachaint, ualaí neamhriachtanacha a bhaint agus réitigh dhigiteacha agus idir-inoibritheacha a úsáid a mhéid is féidir.

Leis an togra seo, déantar na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú, rud a fhágann go mbeidh baint amach chuspóirí na reachtaíochta níos éifeachtúla agus go mbeidh ualach níos lú ar údaráis phoiblí.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh is bunús dlí do Threoir 2007/2/CE. Foráiltear le hAirteagal 192(1) an bunús dlí do bhearta chun an comhshaol a chosaint, lena n‑áirítear úsáid na sonraí atá ar fáil chun bonn eolais a chur faoi ullmhúchán beartas comhshaoil.

Coimhdeacht

Déantar na ceanglais tuairiscithe lena mbaineann a fhorchur le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, is fearr iad a chuíchóiriú ar leibhéal an Aontais chun cobhsaíocht an dlí agus comhsheasmhacht tuairiscithe a áirithiú. Áiritheofar leis sin cothrom iomaíochta do riaracháin phoiblí ar fud an Aontais, riaracháin a bhainfidh leas as cuíchóiriú na gceanglas tuairiscithe a eascraíonn as an togra seo.

Coimhdeacht

Le cuíchóiriú na gceanglas tuairiscithe, déantar an creat dlíthiúil a shimpliú trí athruithe íosta a thabhairt isteach ar na ceanglais atá ann cheana nach ndéanann difear do bhunús an chuspóra beartais níos leithne. Dá bhrí sin, tá an togra teoranta do na hathruithe sin a bhfuil gá leo chun tuairisciú éifeachtúil a áirithiú gan aon cheann de na gnéithe substaintiúla den reachtaíocht lena mbaineann a athrú.

An rogha ionstraime

Ós rud é go mbaineann an leasú atá le déanamh ar Threoir 2007/2/CE le soláthar faisnéise don Choimisiún ag na Ballstáit, ní gá é a thrasuí. Sa chás áirithe seo, is iomchuí, dá bhrí sin, cinneadh a úsáid le haghaidh leasú den sórt sin.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Fuarthas amach i meastóireacht 2022 ar an Treoir maidir le Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal 2 (INSPIRE), gur féidir an tualach tuairiscithe a laghdú a thuilleadh i bhfeidhmiú ailíniú fhorálacha INSPIRE le forálacha tuairiscithe rialála i rialacháin eile maidir leis an gcomhshaol. Thairis sin, trí INSPIRE a dhéanamh níos éifeachtúla go teicniúil, is féidir tacú le laghdú breise a dhéanamh ar an ualach riarachán INSPIRE.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach

Bailiú agus úsáid saineolais

Sainaithníodh an togra seo tar éis próiseas grinnscrúdaithe inmheánaigh ar na hoibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana agus bunaithe ar an taithí a fuarthas ón reachtaíocht ghaolmhar a chur chun feidhme. Ós rud é gur céim é seo i bpróiseas an mheasúnaithe leanúnaigh ar cheanglais tuairiscithe a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais, leanfar den ghrinnscrúdú ar ualaí den sórt sin agus ar a dtionchar ar pháirtithe leasmhara.

Measúnú tionchair

Baineann an togra le hathruithe teoranta agus spriocdhírithe ar an reachtaíocht d’fhonn na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú. Tá siad bunaithe ar thaithí a fuarthas ó reachtaíocht a chur chun feidhme. Ní bhíonn tionchar mór ag na hathruithe ar an mbeartas, ní áirithítear leo ach cur chun feidhme níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí. Mar gheall ar chineál spriocdhírithe na n‑athruithe agus easpa roghanna beartais ábhartha, ní gá measúnú tionchair a dhéanamh.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Is togra REFIT é seo arb é is aidhm dó reachtaíocht a shimpliú agus ualaí ar pháirtithe leasmhara a laghdú.

Leis an togra, simplítear an tuairisciú faoi Threoir 2007/2/CE a thuilleadh agus tá sé ann i gcomhthráth le tionscnaimh shimplithe eile (i.e ar rialacha maidir le hidir-inoibritheacht sonraí agus seirbhísí líonra) agus leis an ailíniú le reachtaíocht sonraí eile (an Treoir maidir le Sonraí Oscailte).

   Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Neamhbhainteach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ós rud é go mbaineann an leasú atá le déanamh ar Threoir 2007/2/CE le soláthar faisnéise don Choimisiún ag na Ballstáit, ní gá é a thrasuí.

Doiciméid mhíniúcháin

Neamhbhainteach.

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Airteagal 1

Le hAirteagal 1, tugtar isteach timthriall tuairiscithe débhliantúil seachas timthriall tuairiscithe bliantúil. Tá an mhinicíocht tuairiscithe sin ailínithe le minicíocht an tuairiscithe faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún maidir le Tacair Sonraí Ardluacha, a bhfuil raon feidhme sonraí forluiteach aici den chuid is mó le Treoir 2007/2/CE.

2023/0356 (COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2007/2/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe le haghaidh bonneagair d’fhaisnéis spásúil

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 3 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún 4 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun faireachán cuí ar an reachtaíocht agus forfheidhmiú ceart na reachtaíochta a áirithiú. Tá sé tábhachtach, áfach, na ceanglais sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir ar beartaíodh iad lena aghaidh agus chun an tualach riaracháin a theorannú.

(2)Is gá minicíocht agus uainiú na noibleagáidí tuairiscithe maidir le cur chun feidhme agus úsáid bhonneagair na mBallstát d’fhaisnéis spásúil a ailíniú le reachtaíocht níos déanaí maidir le sonraí cothrománacha digiteacha chun an tualach riaracháin a laghdú.

(3)I dTreoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 , leagtar síos rialacha ginearálta arb é is aidhm dóibh an Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil a bhunú chun críocha bheartais chomhshaoil an Aontais agus chun críoch beartas nó gníomhaíochtaí a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcomhshaol. Le hAirteagal 21(2) den Treoir sin, ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta, más gá, agus é a fhoilsiú, ar tuarascáil í lena náirítear, i measc nithe eile, tuairisc achomair ar na costais agus ar na sochair a bhaineann leis an Treoir sin a chur chun feidhme faoin 31 Márta gach bliain.

(4)Agus torthaí na tuarascála ón gCoimisiún 6 maidir le Gníomhaíochtaí Chun Tuairisciú Comhshaoil a Chuíchóiriú agus an tSeiceáil Oiriúnachta ar Thuairisciú agus ar Fhaireachán ar Bheartas Comhshaoil an Aontais a ghabhann léi á gcur san áireamh, leasaíodh Treoir 2007/2/CE le Rialachán (AE) 2019/1010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 chun laghdú a dhéanamh ar raon feidhme an tuairiscithe don rialachas le haghaidh a chur chun feidhme agus athúsáid sonraí spásúla poiblí. Sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún ar Threoir 2007/2/CE in 2022, fuarthas amach go bhfuil deis ann í a dhéanamh níos éifeachtúla go teicniúil trí bhíthin an tualach riaracháin a laghdú a thuilleadh.

(5)Chun ualaí riaracháin a laghdú, is iomchuí minicíocht an tuairiscithe faoi Threoir 2007/2/CE a laghdú go huair amháin gach 2 bhliain.

(6)Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2007/2/CE a leasú dá réir.

(7)Ós rud é go mbaineann an leasú atá le déanamh ar Threoir 2007/2/CE le soláthar faisnéise don Choimisiún ag na Ballstáit, ní gá é a thrasuí. Sa chás áirithe seo, is iomchuí, dá bhrí sin, cinneadh a úsáid le haghaidh leasú den sórt sin.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Threoir 2007/2/CE

In Airteagal 21(2) de Threoir 2007/2/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘Tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach 2 bhliain, dar tús an 31 Márta 2025, déanfaidh na Ballstáit an tuarascáil achomair a thabhairt cothrom le dáta más gá. Sna tuarascálacha sin, a chuirfidh seirbhísí an Choimisiúin ar fáil go poiblí, beidh tuairiscí achomair ar na nithe seo a leanas:’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Seolaithe

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    COM(2023)168.
(2)    SWD(2022) 195 final, SWD(2022) 196 final.
(3)    IO C , , lch. .
(4)    IO C , , lch. .
(5)    Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
(6)    COM/2017/0312 final, Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún dar teideal ‘Actions to Streamline Environmental Reporting [Gníomhaíochtaí chun Tuairisciú Comhshaoil a Chuíchóiriú]’
(7)    Rialachán (AE) 2019/1010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 Meitheamh 2019 maidir le hoibleagáidí tuairiscithe a ailíniú i réimse na reachtaíochta a bhaineann leis an gcomhshaol, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 166/2006 agus (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/49/CE, 2004/35/CE, 2007/2/CE, 2009/147/CE agus 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 338/97 agus (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle, agus Treoir 86/278/CEE ón gComhairle (IO L 170, 25.6.2019, lgh. 115).