An Bhruiséil,10.10.2023

COM(2023) 578 final

2023/0350(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (Bunrialachán CBI) 1 , féachtar lena áirithiú go saothraítear acmhainní bitheolaíocha na mara faoi dhálaí inbhuanaithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta. Tá socrú bliantúil na ndeiseanna iascaireachta ina uirlis thábhachtach sa chomhthéacs sin. I ngach rialachán maidir le deiseanna iascaireachta, ní mór teorainn a chur le saothrú stoc éisc ar leibhéil atá ag teacht le cuspóirí foriomlána an Comhbheartais Iascaigh (CBI).

Is é socrú na ndeiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc áirithe sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh cuspóir an togra seo.

I gcomhréir leis an bplean ilbhliantúil le haghaidh stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar, 2 moltar leis an togra seo deiseanna iascaireachta a shocrú, arna sloinneadh i dtéarmaí uasiarracht iascaireachta incheadaithe agus uasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí, maidir leis na Ballstáit lena mbaineann (an Spáinn, an Fhrainc agus an Iodáil).

Beartaítear leis an togra seo freisin deiseanna iascaireachta a shocrú de bhun comhaontuithe atá tugtha i gcrích faoi chuimsiú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM), eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh atá freagrach as caomhnú agus bainistiú beo-acmhainní muirí sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh. Tá an tAontas Eorpach ina chomhalta de CGIM, mar aon leis an mBulgáir, an Chróit, an Chipir, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, Málta, an Rómáin, an tSlóivéin agus an Spáinn. Tá na bearta arna nglacadh faoi chuimsiú CGIM ina gceangal ar a chomhaltaí sin.

Ar deireadh, beartaítear leis an togra seo cuóta uathrialach a shocrú maidir leis an salán mhuir mheoid ionas nach méadófar an leibhéal básmhaireachta iascaireachta atá ann faoi láthair. Déantar leis an ghabháil iomlán incheadaithe (TAC) agus cuótaí le haghaidh an turbaird a chur chun feidhme freisin i ndlí an Aontais, mar a bhunaítear le CGIM.

Is é cuspóir deiridh an togra leibhéil stoic a thabhairt go dtí leibhéil lena bhféadfar uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) a chur ar fáil, agus iad a choinneáil ar na leibhéil sin. Is é is aidhm don phlean ilbhliantúil maidir le stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar go mbainfear amach uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) i dtaca le básmhaireacht iascaireachta ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 i gcás inar féidir agus faoin 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá na bearta atá beartaithe ceaptha i gcomhréir le cuspóirí agus rialacha CBI.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá na bearta a mholtar comhsheasmhach le beartais eile an Aontais, go háirithe leis na beartais i réimse an chomhshaoil.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Comhlíontar leis an togra prionsabal na comhréireachta ós rud é gur comhbheartas é CBI ionas go mbeidh gach imchuach farraige réigiúnach an Aontais (e.g. Muir Bhailt, an Mheánmhuir) ina chuspóir ag Rialachán maidir le Deiseanna Iascaireachta lena n‑áirithítear cothrom iomaíochta i gcur chun feidhme CBI. Ceanglaítear le hAirteagal 43(3) CFAE ar an gComhairle bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt.

Leis an togra déantar deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit. Faoi Airteagail 16(6) agus (7) agus Airteagal 17 de Bhunrialachán CBI, tá de shaoirse ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi a bhféadfar na deiseanna iascaireachta a chionroinntear orthu a chionroinnt ar shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu i gcomhréir le critéir áirithe a leagtar amach sna hAirteagail sin. Dá bhrí sin, tá an corrlach lánroghnach is gá ag na Ballstáit agus na deiseanna iascaireachta cionroinnte á ndáileadh acu i gcomhréir lena samhlacha sóisialta agus eacnamaíocha.

An rogha ionstraime

Meastar gurb é rialachán an ionstraim is iomchuí toisc gur féidir ceanglais a leagan síos leis a bhaineann go díreach leis na Ballstáit agus le hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha. Cuideoidh sé sin lena áirithiú go gcuirfear na ceanglais chun feidhme ar bhealach tráthúil agus comhchuibhithe, rud a mbeidh níos mó deimhneachta dlíthiúla mar thoradh air.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuathas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara tríd an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal Iascaireacht inbhuanaithe san Aontas: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2024(COM(2023) 303 final).

Bailiú agus úsáid saineolais

Tá an measúnú ar staid na stoc sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh bunaithe ar an obair is déanaí a rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach agus Coiste Comhairleach Eolaíoch CGIM maidir le hIascaigh.

Measúnú tionchair

Le hAirteagal 43(3) CFAE cuirtear teorainn le raon feidhme na rialachán maidir le deiseanna iascaireachta.

Leis an bplean ilbhliantúil le haghaidh iascaigh ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar, tugadh isteach córas iarrachta iascaireachta chun dul i ngleic le fadhb na ró-iascaireachta ar iascaigh ghrinnill na Meánmhara thiar. Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 7(3)(b) den phlean ilbhliantúil maidir leis an bhféidearthacht go bhféadfar an laghdú ar an iarracht iascaireachta a fhorlíonadh le haon bheart teicniúil ábhartha nó aon bheart caomhnúcháin eile a ghlactar i gcomhréir le dlí an Aontais, chun luach na básmhaireachta iascaireachta measta a bhaint amach, le patrún iascaireachta ar leith agus faoi mheándálaí comhshaoil reatha, lena dtugtar leis an uastáirgeacht fhadtéarmach (Fmsy) faoin 1 Eanáir 2025. Bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch, le Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle (Rialachán 2022 maidir le Deiseanna Iascaireachta) 3 , tugadh isteach córas iarrachta le haghaidh soithí spiléireachta agus teorainneacha gabhála le haghaidh na séaclaí agus le Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle (an Rialachán maidir le Deiseanna Iascaireachta 2023) 4 coinníodh an córas sin ar bun.

A mhéid a bhaineann leis na deiseanna iascaireachta arna mbunú ag CGIM sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, moltar leis an togra seo bearta a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a chur chun feidhme. Déileáiltear le haon ghné a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na deiseanna iascaireachta le linn ullmhú agus sheoladh na caibidlíochta idirnáisiúnta agus ar faoina cuimsiú a dhéantar deiseanna iascaireachta an Aontais a chomhaontú le tríú páirtithe.

Is léiriú é an togra ní hamháin ar an imní ghearrthéarmach ach chomh maith leis sin, ar chur chuige níos fadtéarmaí lena ndéantar iarracht iascaireachta a choigeartú de réir leibhéil inbhuanaithe fadtéarmacha de réir a chéile.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Leis an togra seo urramaítear cearta bunúsacha, agus go háirithe na cearta sin a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfar faireachán agus comhlíontacht a áirithiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle 5 .

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Beartaítear leis an togra deiseanna iascaireachta le haghaidh 2024 a shocrú maidir le stoic áirithe agus grúpaí stoc áirithe sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

A.    Plean Bainistíochta Ilbhliantúil na Meánmhara Thiar a chur chun feidhme

Faoin bplean ilbhliantúil le haghaidh iascaigh ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar, socróidh an Chomhairle uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh soithí tráil a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar, le haghaidh gach grúpa iarrachta iascaireachta de réir an Bhallstáit agus le haghaidh na stocghrúpaí in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bplean.

In 2022, mhol an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) agus Coiste Comhairleach Eolaíoch CIGM araon gur cheart gníomhaíocht ghasta a dhéanamh agus fíor-laghduithe ar bhásmhaireacht iascaireachta a ghlacadh, chun uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) a bhaint amach le haghaidh stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar. Rinneadh róshaothrú ar stoic amháin colmóirí agus séaclaí domhainmhara chomh mór sin gur mheas STECF iad a bheith ar leibhéal faoi bhun Blim, is é sin an pointe tagartha teorann, arna shloinneadh i dtéarmaí bithmhais stoic sceite agus dá bhforáiltear sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe ó STECF, nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách den chineál céanna arna shainaithint ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar faoina bhun is féidir laghdú a bheith ar acmhainneacht atáirgthe na stoc éisc

Mhol STECF (STECF-22-11 agus PLEN‑22-03) go raibh gá le cur chuige iomlánaíoch, lena gcomhcheanglófaí bearta iarrachta le haghaidh trálaer agus soithí spiléireachta araon agus teorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí domhainmhara, chun básmhaireacht iascaireachta a laghdú go práinneach, go háirithe i gcás stoc colmóirí agus séaclaí domhainmhara. Cuireadh an cur chuige sin chun feidhme le Rialacháin 2022 agus 2023 maidir le Deiseanna Iascaireachta, agus tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leanúint den chur chuige sin a chur chun feidhme in 2024.

Cuimsítear leis an togra seo sraith ‘pro memoria’ (pm) don leibhéal iarrachta iascaireachta, chomh maith le leibhéal na ngabhálacha, agus tabharfar chun críche í ag céim níos déanaí, nuair a bheidh an chomhairle ó STECF ar fáil.

Thairis sin, chun úsáid roghnaíocht an trealaimh a chur chun cinn agus chun limistéir choiscthe éifeachtúla a bhunú chun ógánaigh agus sceithirí a chosaint, choinnigh Rialachán 2023 maidir le Deiseanna Iascaireachta an sásra cúitimh ar bun, sásra a leagadh síos i Rialachán 2022 maidir le Deiseanna Iascaireachta i ndáil leis an gcóras iarrachta le haghaidh trálaer. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an sásra sin a choinneáil ar bun in 2024.

B.    Bearta CGIM is infheidhme sa Mheánmhuir

Teorainneacha saothraithe iascaireachta agus teorainneacha ar an líon údaruithe iascaireachta maidir leis an gcoiréalach dearg sa Mheánmhuir ina hiomláine (FLGanna 1 go 27)

Uasteorainneacha gabhála le haghaidh rós-séaclaí domhainmhara agus uasiarracht incheadaithe iascaireachta le haghaidh colmóirí i gCaolas na Sicile agus acmhainneacht chabhlaigh le haghaidh colmóirí (FLG 12 go 16)

Uasacmhainneacht cabhlaigh agus teorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga i gCaolas na Sicile (FLGanna 12 go 16), sa Mhuir Iónach (FLGanna 19 go 21), agus i Muir na Leiveainte (FLGanna 24 go 27)

An tuasleibhéal gabhálacha agus an tuaslíon spiléir agus línte láimhe le haghaidh an deargáin i Muir Alboran (FLGanna 1 go 3)

Bearta maidir le stoic peiligeach beag faoi phlean bainistíochta ilbhliantúil CIGM 2021 le haghaidh speicis pheiligeacha bheaga i Muir Aidriad (FLGanna 17 agus 18)

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leanúint d’fhorálacha an phlean a chur chun feidhme in 2024, plean ina bhfuil cur chuige dhá chéim, is é sin go mbeidh idirthréimhse 3 bliana ann agus bearta fadtéarmacha 5 bliana ina dhiaidh sin.

Is é 2024 an tríú bliain den idirthréimhse agus tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leanúint de chur chun feidhme na dteorainneacha gabhála leis an sciar inmheánach idirthréimhseach idir an Iodáil agus an Chróit agus leis an gcúltaca idirthréimhseach don tSlóivéin, chomh maith leis an uasteorainn acmhainneachta cabhlaigh le haghaidh soithí peas-saighne agus le haghaidh trálaeir pheiligeacha atá ag díriú ar stoic pheiligeacha bheaga. Ba cheart an uasteorainn acmhainneachta sin a bheith mar an gcéanna leis an uasteorainn acmhainneachta sin atá i Rialachán 2023 maidir le Deiseanna Iascaireachta agus bunaithe ar an acmhainneacht a tuairiscíodh do CIGM in 2014.

Bearta maidir le stoic ghrinnill faoi phlean bainistíochta ilbhliantúil CIGM 2019 le haghaidh speicis ghrinnill i Muir Aidriad (FLGanna 17 agus 18):

Ag an 46ú seisiún bliantúil a bheidh aige i mí na Samhna 2023, ba cheart do CIGM moladh nua a ghlacadh lena laghdófar, le haghaidh 2024, an iarracht iascaireachta le haghaidh tráil dobharchú (OTB) agus le haghaidh trálaeir bhíoma (TBB). Tabharfar an togra cothrom le dáta trí bhíthin páipéar leathoifigiúil ina mbeidh leibhéil an laghdaithe, tar éis sheisiún bliantúil CIGM.

Ba cheart an uasacmhainneacht cabhlaigh ó Rialachán 2023 maidir le Deiseanna Iascaireachta a bheith i bhfeidhm le haghaidh 2024.

Áirítear sa togra sraith ionadchoinneálaithe, le haghaidh stoc éisc ina bhfuil bearta idirthréimhseacha CIGM ag dul in éag ag deireadh 2023 agus ar cheart do CIGM bearta nua a ghlacadh ina leith ag an 46ú seisiún bliantúil a bheidh aige i mí na Samhna 2023, mar atá an dorád. Tabharfar an togra cothrom le dáta trí bhíthin páipéar leathoifigiúil ina mbeidh bearta nua, tar éis sheisiún bliantúil CIGM.

C.    Bearta CGIM is infheidhme sa Mheánmhuir

Cuóta uathrialaitheach le haghaidh an tsaláin, ar bhonn comhairle eolaíoch

An ghabháil iomlán incheadaithe agus an chionroinnt cuótaí le haghaidh an turbaird faoin phlean bainistíochta ilbhliantúil CGIM 2017 i ndáil le hiascaigh turbard lena gcuirtear chun feidhme Moladh CGIM/43/2019/3 (FLG 29)

Maidir le leibhéil TAC agus na gcuótaí le haghaidh an turbaird, déanfar an togra a thabhairt cothrom le dáta tar éis an 46ú seisiún bliantúil CGIM i mí na Samhna 2023.

Go dtí 2017, cuireadh moltaí CIGM chun feidhme i ndlí an Aontais de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 (arna leasú) 6 agus chuir an Coimisiún togra chun cinn chun na Moltaí a ghlac CIGM in 2018 agus 2019 a chur chun feidhme (COM/2021/434 final), ar tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an gcomhad ina leith i mí Iúil 2023 7 .

Na bearta atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta, amhail cosc le linn an tséasúir sceite, tá siad ina gcuid den togra seo, ós rud é nach bhféadfaí na deiseanna iascaireachta a bhunú ar an leibhéal céanna gan na tréimhsí coiscthe sin (mar shampla le haghaidh an turbaird sa Mhuir Dhubh). D’fhéadfadh éagsúlacht a bheith ann maidir le raon feidhme na tréimhse coiscthe, ag brath ar staid na stoc arna measúnú leis an gcomhairle eolaíoch.

Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 8 ón gComhairle, leagtar síos coinníollacha breise maidir le deiseanna iascaireachta a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena náirítear, faoi Airteagail 3 agus 4 dá chuid, forálacha solúbthachta le haghaidh stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim agus anailíseacha, faoi seach. In Airteagal 2 dá chuid, ordaítear go mbíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus na TACanna á socrú aici, cé na stoic nár cheart feidhm a bheith ag Airteagail 3 ná 4 maidir leo, go háirithe bunaithe ar stádas bitheolaíoch na stoc. Leagtar síos freisin in Airteagal 15(9) de BhunRialachán CBI sásra solúbthachta ó bhliain go bliain le haghaidh na stoc uile atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá bhrí sin, agus chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach acmhainní bitheolaíocha na mara a d’fhágfadh go mbeadh sé deacair cuspóirí CBI a bhaint amach, ba cheart a shoiléiriú nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ach amháin i gcás nach mbaineann na Ballstáit leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de BhunRialachán CBI.

2023/0350 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ceanglaítear, le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 , go nglactar bearta caomhnaithe agus aird á tabhairt ar an gcomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch a bhíonn ar fáil, lena náirítear, i gcás inarb ábhartha, tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) chomh maith le haon chomhairle a fhaightear ó chomhairlí comhairleacha.

(2)Tá an Chomhairle le bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, lena náirítear, coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta sin, de réir mar is iomchuí. Faoi Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, socrófar deiseanna iascaireachta i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) de réir mar a leagtar amach in Airteagal 2(2) den Rialachán sin. Foráiltear le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 gur cheart deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit ar dhóigh lena náirithítear cobhsaíocht choibhneasta gníomhaíochtaí iascaireachta gach Ballstáit le haghaidh gach stoic éisc nó iascaigh. 

(3)Dá bhrí sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a shocrú ar bhonn na comhairle eolaíche dá bhfuil ar fáil agus gnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha á gcur san áireamh agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú san am céanna, chomh maith leis na tuairimí a cuireadh in iúl le linn na gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara.

(4)Le Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 bunaíodh plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar (an plean). Is é is aidhm don phlean a áirithiú go ndéanfar an uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) a bhaint amach agus a choinneáil ar bun maidir le spriocstoc, rud a áirithíonn go ndéantar le saothrú acmhainní bitheolaíocha na mara pobail na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a choinneáil ar bun os cionn leibhéil atá in ann an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh.

(5)I gcomhréir le hAirteagal 4(1) den phlean, déanfar deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic a liostaítear in Airteagal 1 den Rialachán sin a shocrú chun go mbainfear amach uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) maidir le básmhaireacht iascaireachta ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 más féidir, agus faoin 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí. Ba cheart deiseanna iascaireachta a shloinneadh mar uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh trálaer agus báid spiléireachta agus ba cheart iad a shocrú i gcomhréir leis an gcóras iarrachta iascaireachta a leagtar síos in Airteagal 7 den phlean, agus ba cheart iad a shloinneadh chomh maith le huasteorainneacha gabhála don séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) agus don séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) in uiscí doimhne i gcomhréir le comhairle eolaíoch agus le hAirteagal 7(3), pointe (b), den phlean.

(6)[ionadchoinneálaí go dtí go bhfaighfear comhairle ó STECF] Bunaithe ar chomhairle den sórt sin, ba cheart dá bhrí sin uasiarracht iascaireachta incheadaithe trálaer sa Mheánmhuir Thiar a laghdú pm % le haghaidh 2024 i gcomparáid leis an mbunlíne idir 2015 agus 2017, méid a bheidh le baint den uasiarracht iascaireachta incheadaithe a socraíodh le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle 11 .

(7)[ionadchoinneálaí go dtí go bhfaighfear comhairle ó STECF]. Bunaithe ar chomhairle den sórt sin, ba cheart, dá bhrí sin, gurb é pm uasiarracht iascaireachta incheadaithe na spiléir le haghaidh 2024, i gcomparáid leis an mbonnlíne idir 2015 agus 2017.

(8)[ionadchoinneálaí go dtí go bhfaighfear comhairle ó STECF] I bhfianaise na comhairle eolaíche, ba cheart, dá bhrí sin, na huasteorainneacha gabhála le haghaidh an séacla gorm agus dearg in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7 a shocrú ag pm % le haghaidh 2024.

(9)[ionadchoinneálaí go dtí go bhfaighfear comhairle ó STECF] I bhfianaise na comhairle eolaíche, ba cheart na huasteorainneacha gabhála le haghaidh an séacla gorm agus dearg in FLGanna 8, 9, 10 agus 11 a shocrú ag pm % le haghaidh 2024.

(10)[ionadchoinneálaí go dtí go bhfaighfear comhairle chríochnaitheach ó STECF] I gcomhréir le hAirteagal 7(3), pointe (b), den phlean, is iomchuí, dá bhrí sin, leanúint d’uasteorainneacha gabhála a shocrú chun an córas iarrachta trálaeireachta a chomhlánú le huasteorainneacha gabhála. I bhfianaise na comhairle eolaíoche, le haghaidh 2024, ba cheart pm % a bheith sna huasteorainneacha gabhála le haghaidh an tséacla mhóir dheirg in FLGanna 8, 9, 10, agus 11.

(11)Ag an 43ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2019, ghlac sé Moladh CGIM/43/2019/5 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le hiascaigh ghrinnill inbhuanaithe i Muir Aidriad (folimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18) 12 , moladh lenar tugadh isteach, ó 2020 go 2026, córas iarrachta iascaireachta agus uasteorainn acmhainneachta cabhlaigh maidir le stoic ghrinnill áirithe. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta sin le haghaidh 2024 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(12)[ionadchoinneálaí do bhearta nua le haghaidh stoic ghrinnill i Muir Aidriad ón 46ú seisiún bliantúil CGIM]

(13)Ag an 44ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2021, ghlac sé Moladh CGIM/44/2021/20 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil le haghaidh saothrú inbhuanaithe stoc peiligeach beag i Muir Aidriad (folimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18) 13 , moladh lenar tugadh isteach, ó 2022 go 2029 uasleibhéal gabhálacha agus uasteorainn ghaolmhar acmhainneachta cabhlaigh le haghaidh soithí peas-saighne agus trálaeir pheiligeacha a dhíríonn ar pheiligigh bheaga, lena ngabhann maolú maidir le cabhlaigh náisiúnta ina bhfuil níos lú ná 10 soitheach idir soithí peas-saighne nó trálaeir pheiligeacha a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach le haghaidh peiligigh bheaga. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta sin le haghaidh 2024 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(14)[ionadchoinneálaí do bhearta nua le haghaidh stoic pheiligeacha bheaga i Muir Aidriad ón 46ú seisiún bliantúil CGIM]

(15)Agus saintréithe chabhlach na Slóivéine agus an tionchar beag atá aige ar stoic pheiligeacha bheaga agus stoic ghrinnill, agus i gcomhréir le mír 33 de Mholadh CIGM/44/2021/20 agus le mír 13 de Mholadh CIGM/43/2019/5, is iomchuí na patrúin iascaireachta atá ann cheana a chaomhnú agus rochtain chabhlach na Slóivéine a áirithiú ar íosmhéid speiceas peiligeach beag agus leithdháiladh íosta iarrachta le haghaidh stoic ghrinnill.

(16)[ionadchoinneálaí do bhearta nua le haghaidh an choiréalaigh dheirg ón 46ú seisiún bliantúil CGIM]

(17)[ionadchoinneálaí do bhearta nua le haghaidh an doráid choitinn ón 46ú seisiún bliantúil CGIM]

(18)Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/4 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le saothrú inbhuanaithe stoc grinnill i gCaolas na Sicile (folimistéir gheografacha 12 go 16) 14 , lena naisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/12 agus CGIM/42/2018/5. Le Moladh CIGM/45/2022/4, tugadh isteach córas iarrachta do cholmóirí agus teorainneacha gabhála le haghaidh rós-séaclaí domhainmhara chomh maith le reo acmhainneachta iascaireachta. Le haghaidh 2024, déantar foráil sa Mholadh sin maidir le laghdú 3 % ar na teorainneacha gabhála le haghaidh rós-séaclaí domhainmhara. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart 3 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála incheadaithe le haghaidh rós-séaclaí domhainmhara a leagtar síos le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle.

(19)Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/5 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le saothrú inbhuanaithe stoc séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga i gCaolas na Sicile (folimistéir gheografacha 12 go 16) 15 , lena naisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/7 agus CGIM/43/2019/6. Le Moladh CIGM/45/2022/5, tugadh isteach teorainn ghabhála agus reo acmhainneachta iascaireachta. Le haghaidh 2024, déantar foráil sa mholadh sin maidir le laghdú 3 % de na teorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart 3 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála incheadaithe maidir leis an séacla mór dearg agus an séacla gorm agus dearg a leagtar síos le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle.

(20)Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/6 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le saothrú inbhuanaithe stoc séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga sa Mhuir Iónach (folimistéir gheografacha 19 go 21) 16 , lena naisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/8 agus CGIM/42/2018/4. Le Moladh CIGM/45/2022/6, tugadh isteach teorainn gabhála agus reo acmhainneachta iascaireachta. Le haghaidh 2024, déantar foráil sa Mholadh sin maidir le laghdú 3 % ar na teorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart 3 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála incheadaithe maidir leis an séacla mór dearg agus an séacla gorm agus dearg a leagtar síos le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle.

(21)Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/7 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le saothrú inbhuanaithe stoc séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga i Muir na Leiveainte (folimistéir gheografacha 24 go 27) 17 , lena naisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/8 agus CGIM/42/2018/4. Le Moladh CGIM/45/2022/7, tugadh isteach teorainn gabhála agus reo acmhainneachta iascaireachta. Le haghaidh 2024, déantar foráil sa Mholadh sin maidir le laghdú 3 % de na teorainneacha gabhála maidir leis an séacla mór dearg agus an séacla gorm agus dearg. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart 3 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála incheadaithe maidir leis an séacla mór dearg agus an séacla gorm agus dearg a leagtar síos le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle.

(22)Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/3 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le saothrú inbhuanaithe deargán i Muir Alboran (folimistéir gheografacha 1 go 3) 18 , lena naisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/4, CGIM/43/2019/2 agus CGIM/41/2017/2. Le Moladh CIGM/45/2022/3, tugadh isteach uasleibhéil gabhálacha le haghaidh 2023, 2024 agus 2025, líon uasta spiléar agus línte láimhe údaraithe agus bearta nua le haghaidh iascaigh áineasa. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart 7 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála incheadaithe a leagtar síos le haghaidh deargán le haghaidh 2023 le Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle.

(23)Ag an 43ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2019, ghlac sé Moladh CGIM/43/2019/3 19 lena leasaítear Moladh CGIM/41/2017/4 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil le haghaidh iascaigh turbard sa Mhuir Dhubh (folimistéar geografach CGIM 29). Tugadh isteach le Moladh CGIM/43/2019/3, ó 2020 go 2024, TAC réigiúnach uasdátaithe agus scéim coinroinnte cuótaí maidir leis an turbard chomh maith le bearta caomhnaithe, go háirithe tréimhse choiscthe 2 mhí agus teorainn 180 lá sa bhliain leis an líon laethanta iascaireachta. I gcomhréir leis an Moladh GFCM/43/2019/3, tá na bearta caomhnaithe breise sin nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta, toisc, mura bhfuil na bearta sin i bhfeidhm, níor mhór na leibhéil TAC maidir leis an turbard a laghdú chun athbhunú na stoc a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(24)[ionadchoinneálaí don chinneadh tar-rollta maidir leis an gcuóta turbard ón 46ú seisiún bliantúil CGIM]

(25)[ionadchoinneálaí don chinneadh maidir leis an gcuóta turbard a thabhairt anonn ón 46ú seisiún bliantúil CGIM]

(26)Bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch a chuir Meitheal CGIM maidir leis an Muir Dhubh ar fáil, ba cheart an leibhéal básmhaireachta iascaireachta salán atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun chun inbhuanaitheacht na stoc salán sa Mhuir Dhubh a áirithiú. Is iomchuí, mar sin, leanúint de chuóta uathrialach a shocrú maidir leis na stoic sin.

(27)Tá úsáid na ndeiseanna iascaireachta atá ar fáil do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 20 ón gComhairle, agus go háirithe Airteagail 33 agus 34 den Rialachán sin, maidir le gabhálacha agus iarracht iascaireachta a thaifeadadh agus maidir le fógra a thabhairt faoi shonraí i ndáil le hídiú deiseanna iascaireachta. Is gá, dá bhrí sin, na cóid atá le húsáid ag na Ballstáit a shonrú agus sonraí á gcur chuig an gCoimisiún maidir le stoic éisc a thabhairt i dtír atá faoi réir an Rialacháin seo.

(28)Chun úsáid roghnaíocht an trealaimh a chur chun cinn agus chun limistéir choiscthe éifeachtúla a bhunú chun ógánaigh agus sceithirí a chosaint, le Rialachán (AE) 2022/110 bunaíodh sásra cúitimh i ndáil leis an gcóras iarrachta le haghaidh trál. Ós rud é go leanann STECF de bheith ag moladh in 2024 go ndéanfaí tuilleadh feabhais ar roghnaíocht agus ar limistéir choiscthe éifeachtúla chun éisc óga a chosaint, is iomchuí pm % de na laethanta iascaireachta a leithdháileadh.

(29)Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 21 ón gComhairle, déantar forail maidir le coinníollacha breise maidir le TACanna a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena náirítear, faoi Airteagail 3 agus 4 de, forálacha solúbthachta le haghaidh TACanna réamhchúraim agus anailíseacha. Faoi Airteagal 2 den Rialachán sin, bíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus TACanna á mbunú aici, cé na stoic nach mbeidh faoi réir Airteagail 3 agus 4 den Rialachán sin, go háirithe ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc. Dá bhrí sin, chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara, a chuirfeadh bac ar chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint amach agus a chuirfeadh meath ar stádas bitheolaíoch na stoc, ba cheart a chur in iúl go ríshoiléir nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3(2), 3(3) agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le TACanna anailíseacha ach amháin i gcás nach mbaintear leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(30)Ionas nach gcuirfí isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus chun slí bheatha iascairí an Aontais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh. Ar chúiseanna práinne, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Raon Feidhme

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a fheidhmíonn sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh agus a shaothraíonn na stoic éisc seo a leanas:

(a)an coiréalach dearg (Corallium rubrum) agus an dorád coiteann (Coryphaena hippurus) sa Mheánmhuir;

(b)an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea), an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) agus an lannach riabhach (Mullus barbatus) sa Mheánmhuir Thiar;

(c)an tainseabhaí (Engraulis encrasicolus) agus an sairdín (Sardina pilchardus) i Muir Aidriad;

(d)an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), an sól coiteann (Solea solea), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), an lannach riabhach (Mullus barbatus) i Muir Aidriad;

(e)An colmóir Eorpach (Merluccius merluccius) agus an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) i gCaolas na Sicile;

(f)an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile, sa Mhuir Iónach agus i Muir na Leiveainte;

(g)an deargán (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran;

(h)an salán (Sprattus sprattus) agus an turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh.

2.Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais, lena náirítear iascaigh áineasa, i gcás ina dtagraítear go sainráite do na hiascaigh sin sna forálacha ábhartha.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4(1) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Sa bhreis air sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn ‘uiscí idirnáisiúnta’ uiscí atá lasmuigh de cheannasacht nó de dhlínse aon Stáit;

(b)ciallaíonn ‘iascaigh áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála, lena saothraítear beo-acmhainní uisceacha muirí, le haghaidh áineasa, turasóireachta nó spóirt;

(c)ciallaíonn ‘gabháil iomlán incheadaithe’ nó ‘TAC’:

(i)in iascaigh atá faoi réir na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15(4) go (7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, an chainníocht éisc a fhéadtar a thabhairt i dtír as gach stoc gach bliain;

(ii)i ngach iascach eile, an chainníocht éisc a fhéadtar a ghabháil as gach stoc thar thréimhse bliana;

(d)ciallaíonn ‘cuóta’ cion de TAC a chionroinntear ar an Aontas nó ar Bhallstát;

(e)ciallaíonn ‘cuóta uathrialach de chuid an Aontais’ teorainn ghabhála a chionroinntear go huathrialach ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in éagmais TAC chomhaontaithe;

(f)ciallaíonn ‘cuóta anailíseach’ cuóta uathrialach de chuid an Aontais ar ina leith atá measúnú anailíseach ar fáil;

(g)ciallaíonn ‘measúnú anailíseach’ meastóireacht chainníochtúil ar threochtaí i gcás stoc ar leith, bunaithe ar shonraí maidir le bitheolaíocht agus saothrú an stoic sin, a sonraíodh le hathbhreithniú eolaíoch na sonraí sin go raibh siad de cháilíocht leordhóthanach chun comhairle eolaíoch a sholáthar i ndáil le roghanna maidir le gabhálacha amach anseo;

(h)ciallaíonn ‘feiste comhthiomsaithe éisc’ nó ‘FAD’ aon trealamh ar ancaire atá ar snámh ar dhromchla na farraige arb é is aidhm dó éisc a mhealladh.

Airteagal 3
Limistéir iascaireachta

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas ar limistéir gheografacha:

(a)ciallaíonn ‘folimistéir gheografacha CGIM’ na limistéir a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 ;

(b)ciallaíonn ‘an Mheánmhuir’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1 go 27 mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(c)ciallaíonn ‘an Mheánmhuir Thiar’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(d)ciallaíonn ‘Muir Aidriad’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(e)ciallaíonn ‘Caolas na Sicile’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 12, 13, 14, 15, agus 16, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(f)ciallaíonn ‘An Mhuir Iónach’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 19, 20 agus 21, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(g)ciallaíonn ‘Muir na Leiveainte’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 24, 25, 26 agus 27, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(h)ciallaíonn ‘Muir Alboran’ uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1 go 3, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(i)ciallaíonn ‘an Mhuir Dhubh’ uiscí i bhfolimistéar geografach CGIM 29, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011.

TEIDEAL II
DEISEANNA IASCAIREACHTA

CAIBIDIL I
An Mheánmhuir

Airteagal 4
An coiréalach dearg

1.Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais i ndáil le saothrú an choiréalaigh dheirg (Corallium rubrum), is iad sin iascaigh spriocdhírithe agus áineasa sa Mheánmhuir.

2.Le haghaidh iascaigh spriocdhírithe, maidir leis an líon uasta údaruithe iascaireachta agus uaschainníochtaí stoc coiréalach dearg a bhaineann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus a bhaintear trí ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais, ní rachaidh an líon sin thar na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

3.Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais atá faoi réir mhír 2 an coiréalach dearg a thrasloingsiú ar muir.

4.Maidir le hiascaigh áineasa, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun toirmeasc a chur ar an gcoiréalach dearg a ghabháil agus a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír.

Airteagal 5
An dorád coiteann

[Ionadchoinneálaí le haghaidh bearta nua]

CAIBIDIL II
An Mheánmhuir Thiar

Airteagal 6
Stoic ghrinnill

1.Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar stoic ghrinnill dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/1022, sa Mheánmhuir thiar.

2.Leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo an uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh trálaer agus báid spiléireachta. Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1022 agus le hAirteagal 26 go 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

3.Leagtar amach in Iarscríbhinn III an chionroinnt uasteorainneacha gabhála ar na Ballstáit do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí an Aontais sa Mheánmhuir Thiar.

4.Leis an gcionroinnt deiseanna iascaireachta a dhéanfaidh na Ballstáit, mar a leagtar amach iad san Airteagal seo agus in Iarscríbhinn III, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)beidh sí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán(AE) Uimh. 1380/2013;

(b)beidh sí gan dochar do na nithe seo a leanas:

(i)malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(ii)asbhaintí agus ath-chionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE)Uimh. 1224/2009;

(iii)gabhálacha breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle nó faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(iv)cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó arna naistriú faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(v)asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagal 105, Airteagal 106 agus Airteagal 107 de Rialachán (CE) Uimh.1224/2009.

Airteagal 7 
Sásra cúitimh

1.Maidir leis an roinn cabhlaigh lena mbaineann, féadfaidh Ballstát cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta a dheonú, in 2024, do shoithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu de pm % arna ríomh ón mbonnlíne idir 2015 agus 2017 ón mBallstát sin mar a leagtar amach i mír 4.

2.Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an liosta de na soithí iascaireachta lena mbaineann cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta den sórt sin, chomh maith leis an líon gaolmhar laethanta iascaireachta.

3.Ríomhfar an chionroinnt bhreise ón uasiarracht a ceadaíodh sa bhonnlíne idir 2015 agus 2017 do roinn cabhlaigh ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann, ón 1 Eanáir 2024.

4.Féadfaidh Ballstát an chionroinnt bhreise laethanta iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 a dheonú, ar choinníoll go gcomhlíonann soitheach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)go núsáideann an soitheach sin trál a bhfuil soc-fhoirceann a bhfuil mogallmhéid chearnógach 45 mm aige chun gabhálacha colmóirí óga a laghdú 25 % ar a laghad;

(b)go núsáideann an soitheach sin trál a bhfuil soc-fhoirceann a bhfuil mogallmhéid chearnógach 50 mm aige d’iascaigh dhomhainfharraige chun gabhálacha séaclaí gorma agus dearga ag a bhfuil fad carapáis níos lú ná 25 mm i bhfolimistéir gheografacha 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11 a laghdú 25 % ar a laghad agus gabhálacha séaclaí móra dearga ag a bhfuil fad carapáis níos lú ná 35 mm sna folimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 a laghdú 25 % ar a laghad;

(c)go núsáideann na soithí sin trealamh anroghnaíoch rialáilte, agus is é an toradh a bheidh ar na sonraíochtaí teicniúla sin, i gcomhréir leis an staidéar eolaíoch a rinne STECF, laghdú 25 % ar a laghad de ghabhálacha iasc óg de gach speiceas grinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceithirí gach speiceas grinnill i gcomparáid le 2020, amhail greille shórtála ag a bhfuil spásáil 20 mm ar a laghad;

(d)tá limistéir choiscthe shealadacha bunaithe ag an mBallstát lena mbaineann chun gabhálacha iasc óg de gach speiceas grinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceitheacha de gach speiceas grinnill a laghdú faoi 25 % ar a laghad;

(e)gur ghlac an Ballstát lena mbaineann íosmhéid tagartha caomhnaithe nua do cholmóirí de 26 cm ar a laghad, agus go bhfuil sé cinntithe aige go bhforfheidhmeofar bearta teicniúla iomchuí chun an tíosmhéid tagartha caomhnaithe sin a chomhlíonadh, chun an fad a bhaint amach de réir a chéile tráth na chéad aibíochta agus chun stádas stoc colmóirí a fheabhsú;

(f)gur ghlac an Ballstát lena mbaineann íosmhéid tagartha caomhnaithe nua maidir leis an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) 25 mm CL ar a laghad agus maidir leis an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) 35 mm CL ar a laghad, agus tá forfheidhmiú beart teicniúil iomchuí daingnithe aige chun na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe sin a chomhlíonadh, chun an fad a bhaint amach de réir a chéile tráth na chéad aibíochta agus chun stádas na stoc a fheabhsú;

(g)tá tréimhse choiscthe 4 seachtaine leanúnacha ar a laghad socraithe ag na Ballstáit lena mbaineann le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta le trálaeir sna limistéir agus sna tréimhsí a aithnítear a bheith tábhachtach, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, chun sceithirí stoc colmóirí a chosaint. Leis na limistéir sin cuirfear san áireamh freisin patrúin spásúla maidir le dáileadh sceithirí, lena náirítear doimhneachtaí ó 150 m go 500 m.. Is ó mhí Feabhra go mí an Mhárta agus ó mhí Dheireadh Fómhair go mí na Samhna a bheidh na tréimhsí coiscthe iascaireachta sealadacha. 

5.Chomh maith leis sin, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra ar leithligh don Choimisiún gach mí maidir leis an iarracht a rinneadh agus atá le ríomh in aghaidh na cionranna breise dá dtagraítear i mír 1, trí úsáid a bhaint as na cóid tuairiscithe shonracha don chionroinnt sin.

6.Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí, gach faisnéis atá ar fáil a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) go (g).

Airteagal 8
Taifeadadh agus tarchur sonraí 

1.Déanfaidh na Ballstáit an iarracht iascaireachta a thaifeadadh agus a tharchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/1022.

2.Nuair a chuirfidh an Ballstáit sonraí iarrachta iascaireachta faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun an Airteagail seo, úsáidfidh siad cóid na ngrúpaí iarrachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

CAIBIDIL III
Muir Aidriad

Airteagal 9
Stoic pheiligeacha bheaga 

1.Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar an sairdín (Sardina pilchardus) agus an tainseabhaí (Engraulis encrasicolus) i Muir Aidriad.

2.Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

3.Leagtar amach in Iarscríbhinn IV uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh in kW, olltonnáiste (GT) agus líon soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic pheiligeacha bheaga.

4.Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina núsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 10
Stoic ghrinnill 

1.Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), an sól coiteann (Solea solea), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) agus an lannach riabhach (Mullus barbatus) i Muir Aidriad.

2.Leagtar amach in Iarscríbhinn IV an uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh stoic ghrinnill agus an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta faoi raon feidhme an Airteagail seo.

3.Féadfaidh Ballstát a chionroinnt iarrachta iascaireachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a leasú trí laethanta iascaireachta a aistriú idir grúpaí iarrachta iascaireachta ón limistéar geografach céanna agus/nó den chineál céanna trealaimh, ar choinníoll go gcuirfidh sé i bhfeidhm fachtóir coinbhéartachta náisiúnta lena dtacaíonn an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil.

4.Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 11
Tarchur sonraí

Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír na gcainníochtaí stoc arna ngabháil, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

CAIBIDIL IV
Caolas na Sicile

Airteagal 12
Stoic ghrinnill 

1.Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius) agus an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) i gCaolas na Sicile.

2.Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha rós-séaclaí domhainmhara na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

3.Leagtar amach in Iarscríbhinn V an uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh colmóirí Eorpacha agus an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill faoi raon feidhme an Airteagail seo.

4.Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 13
Séaclaí domhainmhara

1.Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile.

2.Leagtar amach in Iarscríbhinn V an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill faoi raon feidhme an Airteagail seo.

3.Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Airteagal 14
Tarchur sonraí

Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír na gcainníochtaí stoc arna ngabháil, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

CAIBIDIL V

An Mhuir Iónach agus Muir na Leiveainte

Airteagal 15
Séaclaí domhainmhara

1.Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) sa Mhuir Iónach agus i Muir na Leiveainte.

2.Leagtar amach in Iarscríbhinn VI an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill.

3.Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

CAIBIDIL VI

Muir Alboran

Article 16
An deargán

1.Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le hiascaireacht tráchtála agus áineasa le spiléir agus línte láimhe a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais lena ngabhtar an deargán (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran.

2.Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

3.Leagtar amach in Iarscríbhinn VII an líon uasta spiléar agus línte láimhe atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar dheargáin.

4.I gcás gníomhaíochtaí iascaireachta áineasa, beidh an líon uasta gabhálacha teoranta d’aon iasc amháin in aghaidh an iascaire in aghaidh an lae. Beidh feidhm ag an íosmhéid tagartha caomhnaithe 40 cm le haghaidh an deargáin (Pagellus bogaraveo) maidir le hiascaigh áineasa i Muir Alboran. Toirmeascfar iascaireacht áineasa ar an speiceas seo le linn na tréimhse coiscthe d’iascaigh thráchtála arna socrú ar an leibhéal náisiúnta.

CAIBIDIL VII
An Mhuir Dhubh

Airteagal 17
Deiseanna iascaireachta le haghaidh an tsaláin a chionroinnt 

1.Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar an salán (Sprattus sprattus) sa Mhuir Dhubh.

2.Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII cuóta uathrialach an Aontais i dtaca leis an salán, cionroinnt an chuóta sin i measc na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis sin.

3.Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina núsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 18
Deiseanna iascaireachta le haghaidh an turbaird a chionroinnt

1.Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar an turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh.

2.Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII an ghabháil iomlán incheadaithe le haghaidh an turbaird is infheidhme in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh, cionroinnt na gabhála iomláine incheadaithe sin i measc na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis sin.

3.Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina núsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 19
Bainistíocht iarrachta iascaireachta maidir leis an turbard

Maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar thurbaird faoi chuimsiú Airteagal 19, gan beann ar fhad foriomlán na soithí, ní rachaidh siad thar 180 lá iascaireachta in aghaidh na bliana.

Airteagal 20
Tréimhse choiscthe maidir leis an turbard

Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais aon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanamh, lena n‑áirítear an turbard a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a thabhairt i dtír agus a dhíol den chéad uair, in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh.

Airteagal 21
Forálacha speisialta maidir le cionrannta deiseanna iascaireachta sa Mhuir Dhubh

Déanfar deiseanna iascaireachta i measc na mBallstát a chionroinnt mar a leagtar amach in Airteagail 18 agus 19 gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a)malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)asbhaintí agus ath-chionroinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(c)asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 22
Tarchur sonraí

Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír chainníochtaí stoc salán agus stoc turbard arna ngabháil in Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

TEIDEAL III
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 23
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 ón agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(2)    Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (IO L 172, 26.6.2019, lch. 1).
(3)    Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 21, 31.1.2022, lch. 165).
(4)    Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 28, 31.1.2023, lch. 220).
(5)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1-50)
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (an Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistithe do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).
(7)     eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CONSIL:ST_11623_2023_INIT  
(8)     http://data.europa.eu/eli/reg/1996/847/oj  
(9)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 ón agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).    
(10)    Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (IO L 172, 26.6.2019, lch. 1).
(11)    Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 28, 31.1.2023, lch. 220).
(12)     Compliance Committee (CoC) Portal - REC.CM_GFCM_43_2019_5-e.pdf - All Documents (sharepoint.com)
(13)     Compliance Committee (CoC) Portal - REC.CM_GFCM_44_2021_20-e.pdf - All Documents (sharepoint.com)
(14)     Compliance Committee (CoC) Portal – REC.CM_GFCM_45_2022_4-e.pdf – All Documents (sharepoint.com)
(15)     Compliance Committee (CoC) Portal - REC.CM_GFCM_45_2022_5-e.pdf - All Documents (sharepoint.com)  
(16)     Compliance Committee (CoC) Portal - REC.CM_GFCM_45_2022_6-e.pdf - All Documents (sharepoint.com)
(17)     Compliance Committee (CoC) Portal - REC.CM_GFCM_45_2022_7-e.pdf - All Documents (sharepoint.com)
(18)     Compliance Committee (CoC) Portal - REC.CM_GFCM_45_2022_3-e.pdf - All Documents (sharepoint.com)
(19)     Compliance Committee (CoC) Portal - REC.CM_GFCM_45_2022_9-e.pdf - All Documents (sharepoint.com)
(20)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(21)    Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3).
(22)    Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le    forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir)    agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta    do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347,    30.12.2011, lch. 44.

An Bhruiséil,10.10.2023

COM(2023) 578 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh


IARSCRÍBHINN I

NA DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS PHLEAN BAINISTÍOCHTA ILBHLIANTÚIL AN CHOIMISIÚIN GHINEARÁLTA IASCAIGH DON MHEÁNMHUIR MAIDIR LEIS AN gCOIRÉALACH DEARG SA MHEÁNMHUIR

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an líon uasta údaruithe iascaireachta incheadaithe agus uasleibhéal cainníochtaí saothraithe le haghaidh an choiréalaigh dheirg sa Mheánmhuir.

Is tagairtí do FLGanna CGIM é tagairt do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód Alpha-3

Gnáthainm

Corallium rubrum

COL

An coiréalach dearg

Tábla 1

An líon uasta údaruithe iascaireachta 1  

Na Ballstáit

An coiréalach dearg

COL

An Ghréig

12

An Spáinn

0( 2 )

An Fhrainc

32

An Chróit

28

An Iodáil

40

Tábla 2

Uasleibhéal cainníochtaí saothraithe arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

An coiréalach dearg

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mheánmhuir - FLGanna 1-27

Corallium rubrum

COL/GF1-27

An Ghréig

1,844

An Spáinn

0 (2)

An Fhrainc

1,400

An Chróit

1,226

An Iodáil

1,378

An tAontas

5,848

TAC

Ní bhaineann le hábhar

IARSCRÍBHINN II

AN DORÁD COITEANN SA MHEÁNMHUIR

[ionadchoinneálaí le haghaidh bearta nua]

IARSCRÍBHINN III

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS BHAINISTIÚ NA STOC GRINNILL SA MHEÁNMHUIR THIAR

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an uasiarracht iascaireachta incheadaithe (in aghaidh laethanta iascaireachta) de réir stocghrúpaí, mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (13) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1022, agus na huasteorainneacha gabhála agus fad foriomlán na soithí le haghaidh gach cineál tráil 3 agus báid spiléireachta grinnill lena ndéantar iascaireacht ar na stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1022 agus in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) 1224/2009.

Is tagairt do FLGanna CGIM é tagairt do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód Alpha-3

Gnáthainm

Aristaeomorpha foliacea

ARS

An séacla mór dearg

Aristeus antennatus

ARA

An séacla gorm agus dearg

Lophiidae

HKE

An colmóir Eorpach

Mullus barbatus

MUT

An milléad riabhach

Nephrops norvegicus

NEP

Gliomach na hIorua

Parapenaeus longirostris

DPS

An rós-séacla domhainmhara

1.    An uasiarracht iascaireachta incheadaithe in aghaidh laethanta iascaireachta

(a)

An líon laethanta iascaireachta le haghaidh trálaeir i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7)

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

Cód comhroinnte breise

An milléad riabhach in FLGanna 1, 5, 6 agus 7; an colmóir in FLGanna 1, 5, 6 agus 7; an rós-séacla domhainmhara in FLGanna 1, 5 agus 6; Gliomach na hIorua in FLGanna 5 agus 6

< 12 m

pm

pm

pm

EFF1/MED1_TR1

EFF1/MED1_TR1_AA

≥ 12 m agus < 18 m

pm

pm

pm

EFF1/MED1_TR2

EFF1/MED1_TR2_AA

≥ 18 m agus < 24 m

pm

pm

pm

EFF1/MED1_TR3

EFF1/MED1_TR3_AA

≥ 24 m

pm

pm

pm

EFF1/MED1_TR4

EFF1/MED1_TR4_AA

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

Cód comhroinnte breise

An séacla gorm agus dearg in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7

< 12 m

pm

pm

pm

EFF2/MED1_TR1

EFF2/MED1_TR1_AA

≥ 12 m agus < 18 m

pm

pm

pm

EFF2/MED1_TR2

EFF2/MED1_TR2_AA

≥ 18 m agus < 24 m

pm

pm

pm

EFF2/MED1_TR3

EFF2/MED1_TR3_AA

≥ 24 m

pm

pm

pm

EFF2/MED1_TR4

EFF2/MED1_TR4_AA

(b)

An líon laethanta iascaireachta le haghaidh trálaeir ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8, 9, 10 agus 11)

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

Cód comhroinnte breise

An milléad riabhach in FLGanna 8, 9, 10 agus 11; an colmóir in FLGanna 8, 9, 10 agus 11; an rós-séacla domhainmhara in FLGanna 9, 10 agus 11; Gliomach na hIorua sna FLGanna 9 agus 10

< 12 m

pm

pm

pm

EFF1/MED2_TR1

EFF1/MED2_TR1_AA

≥ 12 m agus < 18 m

pm

pm

pm

EFF1/MED2_TR2

EFF1/MED2_TR2_AA

≥ 18 m agus < 24 m

pm

pm

pm

EFF1/MED2_TR3

EFF1/MED2_TR3_AA

≥ 24 m

pm

pm

pm

EFF1/MED2_TR4

EFF1/MED2_TR4_AA

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

Cód comhroinnte breise

An séacla mór dearg in FLGanna 8, 9, 10 agus 11

< 12 m

pm

pm

pm

EFF2/MED2_TR1

EFF2/MED2_TR1_AA

≥ 12 m agus < 18 m

pm

pm

pm

EFF2/MED2_TR2

EFF2/MED2_TR2_AA

≥ 18 m agus < 24 m

pm

pm

pm

EFF2/MED2_TR3

EFF2/MED2_TR3_AA

≥ 24 m

pm

pm

pm

EFF2/MED2_TR4

EFF2/MED2_TR4_AA

(c)

An líon laethanta iascaireachta le haghaidh báid spiléireachta grinnill i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7)

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An colmóir in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7

< 12 m

pm

pm

pm

EFF1/MED1_LL1

≥ 12 m agus < 18 m

pm

pm

pm

EFF1/MED1_LL2

≥ 18 m agus < 24 m

pm

pm

pm

EFF1/MED1_LL3

≥ 24 m

pm

pm

pm

EFF1/MED1_LL4

(d)

(d) An líon laethanta iascaireachta le haghaidh báid spiléireachta grinnill ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8, 9, 10 agus 11)

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

An Spáinn

An Fhrainc

An Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An colmóir in FLGanna 8, 9, 10 agus 11

< 12 m

pm

pm

pm

EFF1/MED2_LL1

≥ 12 m agus < 18 m

pm

pm

pm

EFF1/MED2_LL2

≥ 18 m agus < 24 m

pm

pm

pm

EFF1/MED2_LL3

≥ 24 m

pm

pm

pm

EFF1/MED2_LL4

2.    Uasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí domhainmhara

(a)

Deiseanna iascaireachta le haghaidh an tséacla ghoirm agus dheirg (Aristeus antennatus) i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

An séacla gorm agus dearg

Aristeus antennatus

Limistéar:

FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7

(ARA/GF1-7)

An Spáinn

pm

An Fhrainc

pm

An Iodáil

pm

An tAontas

pm

TAC

Ní bhaineann le hábhar

Uasleibhéal gabhálacha

(b)

Deiseanna iascaireachta le haghaidh an tséacla ghoirm agus dheirg (Aristeus antennatus) agus le haghaidh an tséacla mhóir dheirg (Aristaeomorpha foliacea) ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, sa Mhuir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8, 9, 10 agus 11) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

An séacla gorm agus dearg

Aristeus antennatus

Limistéar:

FLGanna 8, 9, 10 agus 11

(ARA/GF8-11)

An Spáinn

pm

An Fhrainc

pm

An Iodáil

pm

An tAontas

pm

TAC

Ní bhaineann le hábhar

Uasleibhéal gabhálacha

Speiceas:

An séacla mór dearg

Aristaeomorpha foliacea

Limistéar:

FLGanna 8, 9, 10 agus 11

(ARS/GF8-11)

An Spáinn

pm

An Fhrainc

pm

An Iodáil

pm

An tAontas

pm

TAC

Ní bhaineann le hábhar

Uasleibhéal gabhálacha

IARSCRÍBHINN IV

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR AIDRIAD

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo na deiseanna iascaireachta de réir stoic nó grúpaí iarrachta soithí agus na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo, i gcás inarb iomchuí, lena n‑áirítear líon uasta soithí iascaireachta an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar pheiligigh bheaga.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Is tagairt do FLGanna CGIM é tagairt do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:

Ainm eolaíoch

Cód Alpha-3

Gnáthainm

Engraulis encrasicolus

ANE

An t‑ainseabhaí

Lophiidae

HKE

An colmóir Eorpach

Mullus barbatus

MUT

An milléad riabhach

Nephrops norvegicus

NEP

Gliomach na hIorua

Parapenaeus longirostris

DPS

An rós-séacla domhainmhara

Sardina pilchardus

PIL

An sairdín

Solea solea

SOL

An sól coiteann

1. Stoic pheiligeacha bheaga – FLGanna 17 agus 18

Uasleibhéal gabhálacha arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

Speicis pheiligeacha bheaga (an t‑ainseabhaí agus an sairdín)

Engraulis encrasicolus agus Sardina pilchardus

Limistéar:

Uiscí an Aontais agus uiscí Idirnáisiúnta folimistéir CGIM 17 agus 18

(SP1/GF1718)

An Iodáil

pm

(*)

Uasleibhéal gabhálacha

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Chróit

pm

TAC

Ní bhaineann le hábhar

(*) Maidir leis an tSlóivéin, tá na cainníochtaí bunaithe ar leibhéal na ngabhálacha a rinneadh in 2014, suas le méid nár cheart dó dul thar 300 tona.

Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na dtrálaer agus na soithí peas-saighne a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach le haghaidh pheiligigh bheaga

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

GT

An Chróit

PS

249

77 145,52

18 537,72

An Iodáil

PTM, OTM agus PS

685

134 556,7

25 852

An tSlóivéin (*)

PS

4

433,7

38,5

(*) Ní bheidh feidhm ag an bhforáil faoi mhír 28 de CGIM/44/2021/20 maidir le cabhlaigh náisiúnta ina bhfuil níos lú ná 10 soitheach idir soithí peas-saighne nó trálaeir pheiligeacha a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach le haghaidh peiligigh bheaga, mar a taifeadadh i gcláir náisiúnta agus i gcláir CGIM araon in 2014. Sa chás sin, féadfaidh méadú nach mó ná 50 %teacht ar acmhainneacht an chabhlaigh ghníomhaigh i dtaca le líon na soithí agus le holltonnáiste (OT) olltonnáiste cláraithe (OTC) agus kW.

2. Stoic ghrinnill – FLGanna 17 agus 18

An uasiarracht iascaireachta incheadaithe (in aghaidh laethanta iascaireachta) de réir cineálacha tráil agus roinn cabhlaigh lena ndéantar iascaireacht ar stoic ghrinnill in FLGanna 17 agus 18 (Muir Aidriad).

Laethanta Iascaireachta 2024

An cineál trealaimh

Limistéar geografach

An stoc lena mbaineann

Fad foriomlán na soithí

Cód an ghrúpa iarrachta

AN IODÁIL

AN CHRÓIT

AN tSLÓIVÉIN (*)

Tráil (OTB)

Folimistéir CGIM 17 agus 18

An milléad riabhach; an colmóir; an rós-séacla domhainmhara; agus gliomach na hIorua

< 12 m

EFF/MED3_OTB_TR1

pm

pm

≥ 12 m agus < 24 m

EFF/MED3_OTB_TR2

pm

pm

≥ 24 m

EFF/MED3_OTB_TR3

pm

pm

Tráil bhíoma (TBB)

Folimistéar CGIM 17

An sól coiteann

< 12 m

EFF/MED3_TBB_TR1

pm

pm

≥ 12 m agus < 24 m

EFF/MED3_TBB_TR2

pm

pm

≥ 24 m

EFF/MED3_TBB_TR3

pm

pm

(*) Ní sháróidh an tSlóivéin an teorainn iarrachta 3 000 lá iascaireachta in aghaidh na bliana i gcomhréir le mír 13 de CGIM/43/2019/5.

Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na soithí tráil ghrinnill agus tráil bhíoma atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

GT

An Chróit

OTB

495

79 867,99

13 267,99

An Iodáil

OTB agus TBB

1 363

260 618,37

47 148

An tSlóivéin (*)

OTB

11

1 813,00

168,67

(*) Ní bheidh feidhm ag forálacha mhíreanna 9(c) agus 28 de CGIM/43/2019/5 maidir le cabhlaigh náisiúnta ag a mbíonn tráil (OTB) á n‑oibriú acu agus a bhíonn ag iascaireacht ar feadh níos lú ná 1 000 lá le linn na tréimhse tagartha atá luaite i mír 9(c). Ní thiocfaidh méadú níos mó ná 50 faoin gcéad, maidir leis an tréimhse thagartha, ar acmhainneacht iascaireachta an chabhlaigh ghníomhaigh ag a mbíonn tráil (OTB) á n‑oibriú acu.

IARSCRÍBHINN V

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCAOLAS NA SICILE

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo na deiseanna iascaireachta de réir stoic nó grúpaí iarrachta soithí agus na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo, i gcás inarb iomchuí, lena n‑áirítear líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar speicis ghrinnill agus ar shéaclaí domhainmhara.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Is tagairtí do FLGanna CGIM iad tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:

Ainm eolaíoch

Cód Alpha-3

Gnáthainm

Lophiidae

HKE

An colmóir Eorpach

Parapenaeus longirostris

DPS

An rós-séacla domhainmhara

Aristaeomorpha foliacea

ARS

An séacla mór dearg

Aristeus antennatus

ARA

An séacla gorm agus dearg

1. Stoic Ghrinnill

(a) An uasacmhainneacht cabhlaigh arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic grinnill i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16)

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

GT

An Chipir

OTB

1

265

105

An Spáinn

OTB

1

100

118

An Iodáil

OTB

594

144 175

36 856

Málta

OTB

15

5 562

2 007

(b) Uasleibhéal iarrachta iascaireachta, arna shloinneadh i líon na laethanta iascaireachta, le haghaidh soithí tráil grinnill a dhíríonn ar an gcolmóir Eorpach (Merluccius merluccius) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16)

An Ballstát

Trealamh

Fad an tsoithigh

Cód an ghrúpa iarrachta

Laethanta Iascaireachta 2024

CYP

OTB

T‑12

EFF4/MED4_OTB4

51

ITA

OTB

T‑07

EFF4/MED4_OTB1

90

ITA

OTB

T‑10

EFF4/MED4_OTB2

188

ITA

OTB

T‑11

EFF4/MED4_OTB3

19 366

ITA

OTB

T‑12

EFF4/MED4_OTB4

3 657

MLT

OTB

T‑11

EFF4/MED4_OTB3

338

MLT

OTB

T‑12

EFF4/MED4_OTB4

165

(c) Uasleibhéal gabhálacha séaclaí domhainmhara (Parapenaeus longirostris) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16) arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain

Speiceas:

An rós-séacla domhainmhara

Parapenaeus longirostris

Limistéar: FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16

(DPS/GF12-16)

An Chipir

1

Uasteorainn gabhála

An Iodáil

2083

Málta

6

An tAontas

2090

TAC

Ní bhaineann le hábhar

2. An séacla domhainmhara

(a) An uasacmhainneacht cabhlaigh arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic séaclaí domhainmhara i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13 14, 15 agus 16)

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

GT

An Chipir

OTB

1

265

105

An Spáinn

OTB

2

440,56

218,78

An Iodáil

OTB

320

93 756

26 076

Málta

OTB

15

5 562

2 007

(b) Uasleibhéal gabhálacha séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

An séacla mór dearg

Aristaeomorpha foliacea

Limistéar: FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16

(ARS/GF12-16)

An Spáinn

1

Uasteorainn gabhála

An Iodáil

844

An Chipir

0

Málta

36

An tAontas

881

TAC

Ní bhaineann le hábhar

(c) Uasleibhéal gabhálacha séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

An séacla gorm agus dearg

Aristeus antennatus

Limistéar: FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16

(ARA/GF12-16)

An Spáinn

1

Uasteorainn gabhála réamhchúramach

An Iodáil

98

An Chipir

0

Málta

2

An tAontas

101

TAC

Ní bhaineann le hábhar



IARSCRÍBHINN VI

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR IÓNACH AGUS I MUIR NA LEIVEAINTE

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill sa Mhuir Iónach agus i Muir na Leiveainte. Is tagairtí do FLGanna CGIM iad tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód Alpha-3

Gnáthainm

Aristaeomorpha foliacea

ARS

An séacla mór dearg

Aristeus antennatus

ARA

An séacla gorm agus dearg

1. An Mhuir Iónach

(a) An uasacmhainneacht cabhlaigh arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic séaclaí domhainmhara sa Mhuir Iónach (FLGanna 19, 20 agus 21)

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

GT

An Ghréig

OTB

240

69 281

23 101

An Iodáil

OTB

410

95 996

22 252

Málta

OTB

15

5 562

2 007

(b) Uasleibhéal gabhálacha séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) sa Mhuir Iónach (FLGanna 19, 20 agus 21) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

An séacla mór dearg

Aristaeomorpha foliacea

Limistéar: FLGanna 19, 20 agus 21 (ARS/GF19-21)

An Ghréig

33

Uasteorainn gabhála

An Iodáil

303

Málta

45

An tAontas

381

TAC

Ní bhaineann le hábhar

(c) Uasleibhéal gabhálacha séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) sa Mhuir Iónach (FLGanna 19, 20 agus 21) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

An séacla gorm agus dearg

Aristeus antennatus

Limistéar: FLGanna 19, 20 agus 21 (ARA/GF19-21)

An Ghréig

14,5

Teorainn anailíseach ghabhála

An Iodáil

242,5

Málta

0

An tAontas

257

TAC

Ní bhaineann le hábhar

2. Muir na Leiveainte

(a) An uasacmhainneacht cabhlaigh arna sloinneadh i líon soithí, kW agus olltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic séaclaí domhainmhara i Muir na Leiveainte (FLGanna 24, 25, 26 agus 27)

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

GT

An Chipir

OTB

6

2 048

618

An Iodáil

OTB

80

37 192

13 199

(b) Uasleibhéal gabhálacha séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) i Muir na Leiveainte (FLGanna 24, 25, 26 agus 27) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

An séacla mór dearg

Aristaeomorpha foliacea

Limistéar: FLGanna 24, 25, 26 agus 27 (ARS/GF24-27)

An Iodáil

46,4

Uasteorainn gabhála réamhchúramach

An Chipir

11,3

An tAontas

57,7

TAC

Ní bhaineann le hábhar

(c) Uasleibhéal gabhálacha séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) i Muir na Leiveainte (FLGanna 24, 25, 26 agus 27) arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

An séacla gorm agus dearg

Aristeus antennatus

Limistéar: FLGanna 24, 25, 26 agus 27 (ARA/GF24-27)

An Iodáil

9

Uasteorainn gabhála réamhchúramach

An Chipir

6

An tAontas

15

TAC

Ní bhaineann le hábhar



IARSCRÍBHINN VII

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR ALBORAN

(a) Uasleibhéal gabhálacha a dhéanfar le spiléir agus le línte láimhe, arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain

Speiceas:

An deargán

Pagellus bogaraveo

Limistéar: Uiscí an Aontais i Muir Alboran – FLGanna 1, 2 agus 3 (SBR/GF1-3)

An Spáinn

29,76

Uasleibhéal gabhálacha

An tAontas

29,76

TAC

Ní bhaineann le hábhar

(b) An líon uasta spiléar agus línte láimhe a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh i Muir Alboran (FLGanna 1, 2 agus 3)

An Ballstát

An deargán in FLGanna 1, 2 agus 3

An Spáinn

82

IARSCRÍBHINN VIII

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR DHUBH

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo TACanna agus cuótaí arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain de réir stoic agus, i gcás inarb iomchuí, de réir na gcoinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Is tagairt do FLGanna CGIM é tagairt do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:

Ainm eolaíoch

Cód Alpha-3

Gnáthainm

Sprattus sprattus

SPR

An salán

Scophthalmus maximus

TUR

An turbard

Speiceas:

An salán

Sprattus sprattus

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh – FLG 29

(SPR/F3742C)

An Bhulgáir

8 032,50

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Rómáin

3 442,50

An tAontas

11 475

TAC

Ní bhaineann le hábhar

Speiceas:

An turbard

Scophthalmus maximus

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh – FLG 29

(TUR/F3742C)

An Bhulgáir

pm

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Rómáin

pm

An tAontas

pm

(*1)

TAC

pm

(1)  Ní cheadófar aon ghníomhaíocht iascaireachta, lena náirítear trasloingsiú, coinneáil ar bord, tabhairt i dtír agus céad díol ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh 2024.

(1)    Líon na soithí nó tumairí, nó iad araon, nó péire is tumaire amháin ag a bhfuil soitheach amháin, atá údaraithe chun an coiréalach dearg a shaothrú.
(2)    I gcomhréir leis an toirmeasc ama maidir le hiascaigh an choiréalaigh dheirg atá bunaithe in uiscí na Spáinne.
(3)    TBB, OTB, PTB, TBN, TBS, TB, OTM, PTM, TMS, TM, OTT, OT, PT, TX, OTP agus TSP.