AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,6.10.2023
COM(2023) 556 final
2023/0339(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an tríú tráthchuid le haghaidh 2023
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Baineann an togra le dréacht‑Chinneadh ón gComhairle maidir leis an tríú tráthchuid de na ranníocaíochtaí airgeadais leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta (‘CEF’) in 2023.
Is faoin tacar rialacha seo a leanas a bhainistítear an 11ú CEF agus cistí eile CEF atá fós oscailte (eadhon an 9ú agus an 10ú CEF):
(a)an Comhaontú Comhpháirtíochta atá ann faoi láthair idir Comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (‘ACC’) de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile (an ‘Comhaontú Comhpháirtíochta ACC‑AE’) arna leasú go deireanach;
(b)an Comhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad le chéile i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC‑AE, agus maidir le leithdháileadh an chúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis (‘Comhaontú Inmheánach’ an 11ú CEF);
(c)Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (‘Rialachán Airgeadais an 11ú CEF’).
(d)Cinneadh Uimh. 1/2022 ó Choiste Ambasadóirí ACC‑AE an 21 Meitheamh 2022 chun Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC‑AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) den Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC‑AE chun síneadh breise a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta ACC‑AE go dtí an 30 Meitheamh 2023, nó go dtí go dtiocfaidh comhaontú nua i bhfeidhm, nó go dtí go ndéanfar an Comhaontú nua a chur i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas agus Stáit ACC, cibé acu is túisce;
(e)Cinneadh (AE) 2020/2233 ón gComhairle a bhaineann le gealltanas na gcistí a eascraíonn ó athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC maidir le hoibríochtaí faoin 9ú, 10ú agus 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta;
(f)Cinneadh (AE) 2022/1223 ón gComhairle maidir le leithdháileadh cistí saortha ó thionscadail faoin 10ú agus faoin 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta chun críche gníomhaíochtaí maoinithe lena dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na slándála bia agus ar an turraing eacnamaíoch i dtíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) tar éis chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine.
Is éard atá sna doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) gealltanais ilbhliantúla ó na páirtithe chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do chisteán CEF. Déantar foráil i Rialachán Airgeadais an 11ú CEF maidir le ranníocaíochtaí tráthrialta atá le déanamh ag na páirtithe le cisteán CEF in aghaidh gealltanais airgeadais réamhchinnte. Is de bharr Cinntí teicniúla ón gComhairle a dhéantar na ranníocaíochtaí tráthrialta, agus cuirtear san áireamh sna Cinntí sin cur chun feidhme na ngealltanas airgeadais a cinneadh cheana.
Dá bhrí sin, níl roinnt ceannteideal sa mheabhrán míniúcháin infheidhme maidir le glaonna ar ranníocaíochtaí tráthrialta amhail an ceann seo.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
I gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán Airgeadais an 11ú CEF, ní mór don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin togra seo tráth nach déanaí ná 21 lá féilire tar éis don Choimisiún Eorpach, ag feidhmiú dó thar ceann an Aontais Eorpaigh, an togra seo a chur i láthair.
2023/0339 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an tríú tráthchuid le haghaidh 2023
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad le chéile i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta ACC‑AE, agus maidir le leithdháileadh an chúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis, agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhar le hAirteagal 14(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323, agus go háirithe Airteagal 19(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, maidir lena mheastacháin nuashonraithe i ndáil le gealltanais agus íocaíochtaí faoi na hionstraimí a ndéanann sé bainistíocht orthu, tá siad le seoladh ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (‘BEI’) chuig an gCoimisiún.
(2)I gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle, tá an Coimisiún le togra a chur i láthair faoin 10 Deireadh Fómhair 2023 lena sonrófar méid an tríú tráthchuid den ranníocaíocht le haghaidh 2023.
(3)De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, le glaonna ar ranníocaíochtaí, ídeofar ar dtús na méideanna dá bhforáiltear i gCistí Eorpacha Forbraíochta (‘CEF’) a bhí ann roimhe sin. Ba cheart, dá bhrí sin, glao ar chistí a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1877 le haghaidh BEI agus le haghaidh an Choimisiúin.
(4)De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um tharraingt siar’), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) chun leanúint de bheith ina páirtí in CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 153 den chomhaontú um tharraingt siar, níl sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020, nó faoi CEFanna roimhe sin le hathúsáid.
(5)Le Cinneadh (AE) 2022/2242 ón gComhairle, socraítear méid bliantúil na ranníocaíochta atá le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2023 ag EUR 1 800 000 000 le haghaidh an Choimisiúin agus ag EUR 300 000 000 le haghaidh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.
(6)Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Socraítear leis seo ag EUR 500 000 000 méid bliantúil na ranníocaíochtaí atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta mar an tríú tráthchuid le haghaidh 2023. Déanfar é a roinnt ina EUR 400 000 000 don Choimisiún, agus EUR 100 000 000 do BEI.
Airteagal 2
Déanfaidh na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta ranníocaíochtaí aonair an Chiste Eorpaigh Forbraíochta a íoc leis an gCoimisiún agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta mar an tríú tráthchuid le haghaidh 2023, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán