AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,19.9.2023
COM(2023) 546 final
2023/0331(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Le linn na chéad seachtainí d’ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, cláraíodh buaiceanna de thart ar 200 000 iontráil san Aontas in aghaidh an lae. I bhfianaise scála agus dhéine an insreabhaidh ollmhóir, mhol an Coimisiún don Chomhairle Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 (‘an Treoir um Chosaint Shealadach’) a chur i ngníomh, ós rud é gurb í an ionstraim is iomchuí de chuid an Aontais í, dar leis, chun freagairt don chás sin, toisc go soláthraíonn sé leibhéal leordhóthanach cosanta do na daoine lena mbaineann agus go n-áirithítear léi san am céanna nach gclisfear ar chórais tearmainn na mBallstát mar gheall ar líon suntasach na ndaoine ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin.
An 4 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 agus chuir sí an Treoir um Chosaint Shealadach i ngníomh le haghaidh catagóirí áirithe daoine a easáitíodh an 24 Feabhra 2022 nó ina dhiaidh sin, mar thoradh ar an ionradh míleata a rinne fórsaí armtha na Rúise a thosaigh ar an dáta sin. De bhun Airteagal 4(1) den Treoir um Chosaint Shealadach, bliain amháin is ea ré tosaigh na cosanta sealadaí, agus féadfar é a fhadú go huathoibríoch ar feadh sé thréimhse mhíosúla suas le bliain amháin ar a mhéad. Cuireadh síneadh bliana leis an gcosaint shealadach go huathoibríoch agus tá sí i bhfeidhm faoi láthair go dtí an 3 Márta 2024.
Is é is cuspóir don togra seo síneadh breise bliana a chur leis an gcosaint shealadach a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 ón gComhairle. Beidh sé d’éifeacht aige sin go leanfar de chosaint shealadach a thabhairt i leith na gcatagóirí daoine a shainaithnítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2022/382 ón gComhairle, le haghaidh na tréimhse ón 4 Márta 2024 go dtí an 3 Márta 2025.
Is é cuspóir na Treorach um Chosaint Shealadach caighdeáin íosta a bhunú maidir le cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ó thríú tíortha nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Bhallstáit ó thaobh na ndaoine sin a ghlacadh agus ó thaobh déileáil leis na hiarmhairtí a thagann as sin. Le gníomhachtú na Treorach um Chosaint Shealadach, cuireadh ar chumas daoine ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin leas a bhaint as sraith de chearta comhchuibhithe ar fud an Aontais, lena n-áirítear cearta cónaithe, an deis a bheith acu páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí fostaíochta nó féinfhostaíochta, rochtain ar chóiríocht oiriúnach, rochtain ar oideachas do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois, an cúnamh leasa shóisialaigh is gá, cúnamh leighis nó cúnamh eile, agus cóir mhaireachtála, agus caomhnóireacht dhlíthiúil do mhionaoisigh neamhthionlactha.
Fónann sé freisin don chuspóir tábhachtach maolú a dhéanamh ar an riosca nach mbeadh na córais tearmainn in ann an t-insreabhadh a phróiseáil gan éifeachtaí díobhálacha ar a n-oibriú éifeachtúil. Leis an rochtain láithreach ar na cearta a dheonaítear faoi chosaint shealadach, cuireadh ar chumas na mBallstát foirmiúlachtaí a laghdú a mhéid is féidir, rud a chuir ar a gcumas dóibh freagairt níos tapúla do phráinn an cháis. Is í an dlúthpháirtíocht an ghné shainithe d’fhreagairt an Aontais ar fhogha na Rúise faoin Úcráin agus is léiriú soiléir í ar aontacht an Aontais. Go háirithe, dhearbhaigh na Ballstáit go raibh siad toilteanach cur i bhfeidhm Airteagal 11 den Treoir um Chosaint Shealadacha a tharscaoileadh, rud a d’fhág gur tugadh an deis do dhaoine a bhfuil cosaint shealadach acu i mBallstát amháin bogadh go Ballstáit eile chun leas a bhaint as cosaint shealadach iontu.
Díreach tar éis ghníomhachtú na Treorach um Chosaint Shealadach, bhí sé fíor-riachtanach Ardán ad hoc a chur ar bun a chuirfeadh ar chumas na mBallstát faisnéis a roinnt faoi na daoine atá cláraithe mar thairbhithe de chosaint shealadach i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 27 den Treoir. D’fhorbair an Coimisiún an tArdán um Chlárúchán le haghaidh Cosaint Shealadach laistigh de 6 seachtaine agus tá sé i bhfeidhm ó bhí an 31 Bealtaine 2022 ann. Is é is cuspóir don Ardán ligean do na páirtithe faisnéis a mhalartú chun a áirithiú gur féidir le daoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta tairbhe éifeachtach a bhaint as a gcearta i ngach Ballstát agus teorainn á chur le mí-úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe trína chur ar a gcumas do na Ballstáit clárúcháin dhúbailte a bhrath. Leanfaidh an tArdán dá chuid oibríochtaí a dhéanamh fad a bheidh cosaint shealadach i bhfeidhm agus fad nach mbeidh aon leasú ar a fheidhmiú de dhíth faoin togra reatha maidir le síneadh a chur le cosaint shealadach.
Ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise, i gcomparáid leis an 4,1 milliún clárúchán le haghaidh cosaint shealadach do dhaoine a easáitíodh ar a dteitheadh ón Úcráin, níor chuir náisiúnaigh na hÚcráine isteach ach 39 560 iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstáit an Aontais, san Iorua agus san Eilvéis, a bhformhór acu a cuireadh isteach le linn na chéad cúpla seachtain tar éis ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, i gcomparáid le meastachán tosaigh go gcuirfeadh idir 1,2 milliún duine agus 3,2 milliún duine iarratas isteach. Léiríonn líon teoranta na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta go bhfuil cosaint shealadach tar éis a cuspóir a chomhlíonadh, lena n-áirítear cliseadh ar chórais tearmainn na mBallstát a chosc.
Faoi Airteagal 4(2) den Treoir um Chosaint Shealadach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, síneadh suas le bliain amháin a chur leis an gcosaint shealadach, i gcás ina bhfuil cúiseanna le cosaint shealadach fós ann. Ina Theachtaireacht maidir le bliain amháin de chosaint shealadach, d’fhógair an Coimisiún go raibh sé réidh chun togra a dhéanamh maidir le fadú más gá.
Sa lá atá inniu ann, tá cosaint shealadach san Aontas ag thart ar 4,1 milliún duine a easáitíodh ón Úcráin, lena n-áirítear beagnach an cúigiú cuid de leanaí na hÚcráine, agus is iad an Ghearmáin, an Pholainn agus an tSeicia na tíortha a bhfuil an líon is mó daoine easáitithe á n-óstáil acu (thart ar 1 mhilliún sa Ghearmáin agus sa Pholainn, breis agus leathmhilliún sa tSeicia). Ó cuireadh an Treoir um Chosaint Shealadach i ngníomh, lean na Ballstáit, go háirithe iad siúd is mó a ndéanann an t-oll-easáitiú daoine difear dóibh, de leibhéal ard dlúthpháirtíochta a léiriú, ní hamháin trí dhaoine a óstáil, ach freisin trí iarrachtaí nithiúla a dhéanamh chun a gcuimsiú sa tsochaí óstach a éascú agus trí thacú leo an féintuilleamaí a bhaint amach. Ní féidir leis na daoine sin filleadh ar an Úcráin, ós rud é nach bhfuil an staid sa tír fabhrach go fóill chun a áirithiú gur féidir leo filleadh i ndálaí sábháilte marthanacha.
Go deimhin, measann an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM), amhail an 25 Bealtaine 2023, go bhfuil 5,1 milliún duine easáitithe ina dtír féin laistigh den Úcráin. Thuairiscigh níos mó ná leath de na daoine a easáitíodh ina dtír féin go raibh siad easáitithe ar feadh bliain amháin nó níos mó. Measann Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, amhail ó mhí an Mheithimh 2023, go bhfuil an líon céanna daoine easáitithe san Úcráin agus go bhfuil cúnamh daonnúil práinneach de dhíth ar 17 milliún duine sa tír. I mí an Mheithimh 2023, i bhfianaise na staide sa tír ag an am, d’athdhearbhaigh Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe a seasamh maidir le fillteacha ar an Úcráin a cuireadh in iúl i mí an Mhárta 2022, inar iarradh ar Stáit gan náisiúnaigh agus iar-ghnáthchónaitheoirí na hÚcráine a fhilleadh go héigeantach, lena n-áirítear iad siúd ar diúltaíodh dá n-éilimh ar thearmann.
Thairis sin, líon na gclárúchán seachtainiúil i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2011/55/CE ón gComhairle maidir le daoine a bhfuil cosaint shealadach acu, tháinig laghdú ar an líon sin tar éis na chéad mhíonna de chogadh foghach na Rúise ó 60 000 clárúchán sheachtainiúla i mí an Mheithimh 2022 go thart ar 20 000 clárúchán nua ar an meán in aghaidh na seachtaine i mí an Mhárta 2023, agus lean sé de bheith ag laghdú de réir a chéile. Dá bhrí sin, d’fhan líon foriomlán na gclárúchán de dhaoine a bhfuil cosaint shealadach acu cobhsaí ag thart ar 4.1 milliún duine, agus is beag duine a thuairiscigh go ndeachaigh sé abhaile chun na hÚcráine ar bhonn buan. Léiríonn na forbairtí sin go bhfuil an staid san Úcráin luaineach i gcónaí ar fud chríoch iomlán na hÚcráine mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise. Leanann diantrodaíocht agus ionsaithe ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar ar aghaidh in go leor áiteanna agus tá baol an ghéaraithe ann i gcónaí. D’fhéadfadh an méid sin, mar aon leis an gcruachás daonnúil san Úcráin, a bheith ina chúis, ina theannta sin, le méadú tobann breise ar theacht isteach san Aontas, rud a d’fhéadfadh leibhéal an insreabhaidh ollmhóir a bhaint amach.
Léiríonn an éiginnteacht agus an luaineacht atá san Úcráin faoi láthair nach bhfuil aon réiteach i ndán do na tairbhithe de chosaint shealadach atá i mBallstáit an Aontais faoi láthair. Ní mór na daoine sin a chosaint fós laistigh den Aontas. Ar an gcaoi chéanna, dá dtiocfadh deireadh go luath leis an gcosaint shealadach agus dá n-iarrfadh na daoine sin go léir cosaint idirnáisiúnta san am céanna, fágtar go mbeadh oibriú éifeachtúil na gcóras náisiúnta tearmainn i mbaol freisin.
I bhfianaise na gcúinsí thuas, measann an Coimisiún go bhfuil na cúiseanna le cosaint shealadach ann i gcónaí agus gur cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an gcosaint shealadach mar fhreagairt riachtanach agus iomchuí ar an staid reatha. Ba cheart an síneadh ama a ghlacadh a luaithe is féidir agus go ceann bliana eile, i.e. don tréimhse ón 4 Márta 2024 go dtí an 3 Márta 2025, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Treoir um Chosaint Shealadach. Is é is aidhm don mhéid sin a áirithiú go gcuirfear an oiread cobhsaíochta agus ionchais agus is féidir ar fáil do dhaoine a easáitíodh ón Úcráin agus atá á n-óstáil i mBallstáit an Aontais faoi na cúinsí atá ann faoi láthair. Ina theannta sin, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit tabhairt faoi na céimeanna riaracháin agus dlíthiúla is gá (amhail ceadanna cónaithe a athnuachan) go tráthúil chun ullmhú do shíneadh na cosanta sealadaí. Tá gá freisin le soiléireacht agus le cinnteacht chun go ndéanfaidh údaráis na mBallstát pleanáil agus foráil éifeachtach don chosaint shealadach.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo ag teacht go hiomlán le acquis tearmainn an Aontais Eorpaigh ós rud é gur dlúthchuid den Chomhchóras Eorpach Tearmainn í an Treoir um Chosaint Shealadach agus rinneadh foráil dó chun aghaidh a thabhairt ar chás urghnách d’imsreabhadh ollmhór daoine easáitithe mar atá faoi láthair de bharr ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin. Tá sé go hiomlán comhsheasmhach freisin le cuspóir an Aontais Eorpaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú a bheadh ar oscailt dóibh siúd, nach bhfuil an dara rogha acu, a lorgaíonn cosaint go dlisteanach san Aontas Eorpach.
Tá eilimintí an togra comhsheasmhach freisin leis an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, Meán Fómhair 2020 agus leis na tograí reachtacha a ghabhann leis. Tá sé cruthaithe gur ionstraim fíor-riachtanach í an Treoir um Chosaint Shealadach chun cosaint láithreach a thabhairt san Aontas agus tá sí fós ar an ionstraim is iomchuí ag an bpointe seo chun aghaidh a thabhairt ar an easáitiú arb é an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin is cúis leis. Ar thaobh amháin, fágtar leis nach gclisfeadh ar chórais tearmainn na mBallstát mar gheall ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus, ar an taobh eile, foráiltear leis do shraith chomhchuibhithe ceart do dhaoine a easáitítear ar fud an Aontais, rud lena n-áirithítear cosaint leordhóthanach. Ina theannta sin, déantar tairbhithe de chosaint shealadach a eisiamh ó raon feidhme acquis reatha na himirce dleathaí,. Mheas an Coimisiún, ina Theachtaireacht maidir le bliain amháin de chosaint shealadach, gur cheart go leanfadh an Treoir um Chosaint Shealadach de bheith mar chuid den bhosca uirlisí atá ar fáil don Aontas Eorpach amach anseo.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo go hiomlán comhsheasmhach leis an ngá atá ann ligean do na Ballstáit iarratais ionchasacha ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil ar bhealach ordúil nach bhfágfadh go gclisfear ar a gcórais tearmainn agus leanúint d’fhoráil a dhéanamh do na bearta is gá i gcás insreabhadh ollmhór Úcránach easáitithe lena seachnófar cliseadh ar chórais tearmainn na mBallstát. Tá sé comhsheasmhach freisin le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais. Tá an togra seo comhsheasmhach freisin le bearta sriantacha an Aontais agus le gníomhaíochtaí eile. Is cuid é an togra seo de shraith chuimsitheach gníomhaíochtaí de chuid an Aontais lena bhfreagraítear ar an gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 4(2) de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe an bunús dlí don togra, ós rud é gurb ann go fóill do na cúiseanna le cosaint shealadach. Fágann sé sin gur féidir bearta a dhéanamh lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Bhallstáit ó thaobh na ndaoine sin a ghlacadh agus ó thaobh déileáil leis na hiarmhairtí a thagann as sin.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Le Teideal V de CFAE maidir leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, tugtar cumhachtaí áirithe don Aontas Eorpach i leith na gcúrsaí sin. Ní mór na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i.e. murar féidir, agus a mhéid nach féidir, leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a ghnóthú go leordhóthanach ina n-aonar, agus dá bhrí sin, gur fearr is féidir leis an Aontas Eorpach iad a ghnóthú de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe.
An staid san Úcráin mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise, tá tionchar aici ar an Aontas ina iomláine. Mar gheall air sin, thug an tAontas Eorpach freagairt aontaithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Léiríonn sé sin go bhfuil gá fós le réitigh ón Aontas agus le tacaíocht ón Aontas chomh maith le comhordú láidir ar leibhéal an Aontais, ós rud é go bhfuil gá leanúnach ann do na Ballstáit uile freagairt go héifeachtach don staid le chéile agus a áirithiú go gcuirfear na caighdeáin chéanna agus sraith chomhchuibhithe de chearta i bhfeidhm ar fud an Aontais le haghaidh an 4.1 milliún duine a óstáiltear san Aontas faoi láthair agus i gcás insreabhadh ollmhór de dhaoine easáitithe mar gheall ar an luaineacht leanúnach. Is léir nach leor bearta a ghlacfadh Ballstáit aonair chun freagairt go sásúil don ghá atá le cur chuige coiteann ar fud an Aontais maidir le fadhb ar léir gur fadhb choiteann í don Aontas ar fad.
Ní féidir leis na Ballstáit cur chuige coiteann den sórt sin a bhaint amach go leordhóthanach ina n‑aonar agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo ón gComhairle atá beartaithe, is fearr is féidir é a bhaint amach agus a chomhordú ar leibhéal an Aontais, mar atá curtha in iúl ag na Ballstáit féin freisin. Dá bhrí sin ní mór don Aontas gníomhú, agus féadfaidh sé bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
•Comhréireacht
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach é, foráiltear sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle atá beartaithe do shíneadh ar an gcosaint shealadach don tréimhse teoranta ama, i.e. bliain amháin maidir leis an ngrúpa sonrach daoine a bhfuil feidhm aige maidir leis cheana féin.
Tá an beart atá beartaithe teoranta don mhéid is gá i bhfianaise scála agus thromchúis na staide san Úcráin, staid a fhágann nach bhfuil thart ar 4.1 milliún duine easáitithe atá i mBallstáit an Aontais faoi láthair in ann filleadh ar an Úcráin i ndálaí sábháilte marthanacha. Ina theannta sin, is freagairt chomhréireach é an síneadh sin freisin i bhfianaise na staide reatha, ós rud é gur áirithíodh leis an gcosaint shealadach nár chlis ar chóras tearmainn na mBallstát mar gheall ar líon suntasach daoine a bheith ar a dteitheadh chuig Ballstáit an Aontais.
•An rogha ionstraime
Le hAirteagal 4(2) den Treoir um Chosaint Shealadach, ní mór Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle a ghlacadh chun síneadh suas le bliain amháin a chur leis an gcosaint shealadach, i gcás ina bhfuil cúiseanna le cosaint shealadach fós ann.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Ceapadh beartas fianaise-bhunaithe
Díreach tar éis chur i ngníomh na Treorach um Chosaint Shealadach, bhunaigh an Coimisiún Líonra an Treoirphlean um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce agus béim aige ar an Úcráin, líonra atá ag cur feasacht choiteann staide ar fáil maidir leis na himpleachtaí imirce a eascraíonn as ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin agus ar ullmhacht an Aontais agus na mBallstát ina leith sin. Ina theannta sin, leis an Ardán Dlúthpháirtíochta leis an Úcráin, áirithítear freagairt chomhordaithe ar an ngéarchéim agus soláthraítear creat, i measc nithe eile, le haghaidh malartuithe rialta agus chun ullmhacht fhoriomlán a mhéadú ar leibhéal an Aontais. Bailíodh faisnéis agus sonraí faoin staid reatha agus faoi ghluaiseachtaí daoine sa dá fhóram. Thairis sin, chuir an tArdán um Chlárúchán le haghaidh Cosaint Shealadach ar chumas na mBallstát rannpháirteach faisnéis a mhalartú maidir le tairbhithe de chosaint shealadach agus tairbhithe de chosaint leordhóthanach atá ar fáil faoin dlí náisiúnta, agus, san am céanna, clárúcháin dhúbailte a bhrath laistigh den Bhallstát céanna agus ar fud Bhallstáit an Aontais.
Ina theannta sin, déanann an Coimisiún Eorpach, institiúidí eile amhail an Banc Domhanda agus na Náisiúin Aontaithe, chomh maith le Rialtas na hÚcráine measúnú rialta ar an staid san Úcráin. Foilsíonn an Banc Domhanda tuarascálacha ar Mear-mheasúnú ar Dhamáiste agus ar Riachtanais na hÚcráine.
Ó thosaigh an cogadh, tá obair déanta ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce chun tuiscint níos fearr a chur ar fáil ar chás na ndaoine easáitithe agus chun easáitiú inmheánach san Úcráin agus sreafaí soghluaisteachta a rianú, chomh maith le faireachán a dhéanamh trí shuirbhéanna ar a bhfuil ar intinn acu siúd atá ag teitheadh ón gcogadh agus iad siúd a thrasnaíonn an teorainn ar ais go dtí an Úcráin. Tá faisnéis á foilsiú go rialta ag UNHCR maidir lena bhfuil ar intinn ag daoine a easáitíodh ón Úcráin agus a bpeirspictíochtaí (tá daoine a easáitíodh go hinmheánach san áireamh san fhaisnéis sin freisin). Léiríonn suirbhéanna agus cáipéisí ó na heagraíochtaí idirnáisiúnta thuasluaite go bhfuil an staid reatha fós luaineach agus éiginnte, rud a fhágann nach féidir filleadh i ndálaí sábháilte marthanacha. Leis an meastachán ar dhaoine a bhfuil cosaint á lorg acu a cuireadh ar fáil tráth a cuireadh an Treoir um Chosaint Shealadach i ngníomh (Márta 2022), léiríodh gur dócha go nglacfaidh na líonraí diaspóra suntasacha atá ann ar fud an Aontais le tuairim agus leath na ndaoine easáitithe, go príomha i dtíortha cinn scríbe ‘traidisiúnta’ (an Pholainn, Poblacht na Seice, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Spáinn), ach ní sna tíortha sin amháin. Is léir ó na clárúcháin le haghaidh cosaint shealadach a taifeadadh go dtí seo gur deimhníodh an meastachán sin. Ag deireadh 2022, bhí beagnach leath de líon iomlán na dtairbhithe reatha de chosaint shealadach (3.8 milliún) á n-óstáil sa Ghearmáin agus sa Pholainn, agus ina dhiaidh sin, sa tSeicia, san Iodáil agus sa Spáinn. Amhail mí an Mheithimh 2023, measann UNHCR go ndearnadh 6.3 milliún duine a theith ón Úcráin a thaifeadadh ar fud an domhain.
•Comhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus saineolas a bhailiú agus a úsáid
Chun faisnéis atá bunaithe ar fhianaise a bhailiú, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go tráthrialta leis an Líonra AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce, le húdaráis Bhallstáit an Ardáin Dlúthpháirtíochta, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus le Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, le húdaráis na hÚcráine agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus malartuithe á gcoinneáil ar bun acu le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ag an am céanna.
Bhí plé sonrach ag an gCoimisiún san Ardán Dlúthpháirtíochta maidir le síneadh a chur leis an gcosaint shealadach. Chuir na Ballstáit in iúl d’aon toil san fhóram sin agus i Socruithe Comhtháite an Aontais maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IPCR) gur gá síneadh a chur leis an gcosaint shealadach go ceann bliana breise chun freagairt choiteann Eorpach a choinneáil ar bun, chun soiléireacht a thabhairt do thairbhithe agus chun é a chur ar a gcumas do na Ballstát tabhairt faoi na céimeanna riaracháin agus dlíthiúla is gá ar an leibhéal náisiúnta (amhail ceadanna cónaithe a athnuachan). Ag an am céanna, bhí teagmháil tráthrialta ann le húdaráis na hÚcráine chun faisnéis a bhailiú faoin staid mar atá ar an láthair. Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit sa Choiste Straitéiseach um Inimirce, Teorainneacha agus Tearmann (SCIFA) i mí Iúil 2023, áit inar leag siad béim ar an ngá atá le cosaint shealadach a fhadú. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir um Chosaint Shealadach, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go sonrach le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, a rinne measúnú ar an staid agus a chuir ionchur ábhartha ar fáil, agus a rinne suirbhéanna ar a bhfuil ar intinn ag daoine easáitithe. D’fhoilsigh UNHCR páipéar seasaimh le déanaí inar leagadh béim ar an bhfíoras nár cheart fillteacha neamhdheonach ar an Úcráin a dhéanamh. I mí na Bealtaine 2023, d’fhoilsigh 59 n-eagraíocht de chuid na sochaí sibhialta, faoi stiúir na Comhairle Eorpaí um Dhídeanaithe agus um Dheoraithe (ECRE) ráiteas comhpháirteach agus iad ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach togra a ullmhú le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle maidir le síneadh a chur leis an gcosaint shealadach go dtí mí an Mhárta 2025 mar ábhar práinne.
•Cearta bunúsacha
Leis an togra seo, urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear Coinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 maidir le stádas dídeanaithe, arna leasú le Prótacal Nua-Eabhraic an 31 Eanáir 1967.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ó thosaigh an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin, na riachtanais chistiúcháin a bhaineann le cur i bhfeidhm na Treorach um Chosaint Shealadach, rinneadh freastal orthu laistigh de bhuiséad na n-ionstraimí cistiúcháin AE atá ann cheana faoin tréimhse 2014-2020 agus 2021-2027, go háirithe faoin mBeartas Comhtháthaithe.
Ó bhí mí an Mhárta 2022 ann, rinneadh athbhreithniú roinnt uaireanta ar na rialacha lena rialaítear an beartas comhtháthaithe tríd an bpacáiste um Ghníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit ciste de suas le EUR 17 billiún nár úsáideadh a ath-leithdháileadh ó imchlúdach 2014-2020 agus leachtacht bhreise a sholáthar ón imchlúdach nua freisin (is é sin 2021-2027). Chuir an pacáiste CARE le solúbthacht na rialacha atá ann cheana; chuir sé EUR 13.6 billiún de leachtacht bhreise ar fáil chun riachtanais phráinneacha a mhaoiniú agus rinne sé simpliú ar an tuairisciú do na húdaráis bhainistíochta. Faoi na Cistí Gnóthaí Baile, i mí an Mhárta 2022, cuireadh síneadh bliana le tréimhse cur chun feidhme na dtrí Chiste (i.e. an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), an Ciste Slándála Inmheánaí (CSI) – Teorainneacha agus Víosaí, agus an Ciste Slándála Inmheánaí (CSI) – Póilíní). Chuir sé sin ar chumas na mBallstát rochtain a bheith acu ar chistí nár caitheadh agus iad a atreorú go pras faoi na cláir atá ann cheana i dtreo riachtanais phráinneacha imirce agus bainistithe teorann a eascraíonn as an líon mór daoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh. Ina theannta sin, tháinig an t-údarás buiséadach ar chomhaontú treisiú spriocdhírithe EUR 152 mhilliún agus úsáideadh é mar chuid den phacáiste cúnaimh éigeandála dar luach EUR 400 milliún chun tacú leis na Ballstáit is mó a bhí buailte le riachtanais ghlactha tosaigh a bhí nasctha leis an sreabhadh ard daoine easáitithe ón Úcráin. Ar deireadh, san athscrúdú meántéarma a rinne sé ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) an 20 Meitheamh 2023, mhol an Coimisiún EUR 2 bhilliún a chur leis na hacmhainní le haghaidh Cheannteideal 4 don tréimhse 2025-2027. Tá gá leis na hacmhainní breise sin chun tacú leis na Ballstáit an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme, leanúint de thacaíocht struchtúrach a thabhairt do na Ballstáit a bhfuil teorainn sheachtrach acu agus a bhfuil brú eisceachtúil orthu, agus freagairtí éifeachtúla agus tapa a chaomhnú i leith géarchéimeanna agus éigeandálaí. D’fhéadfaí iad a úsáid freisin chun aghaidh a thabhairt ar an iliomad tosaíochtaí i réimse an tearmainn, na himirce agus an bhainistithe teorainneacha, lena n-áirítear tairbhithe de chosaint shealadach a ghlacadh.
5.EILIMINTÍ EILE
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Le hAirteagal 1 bunaítear an síneadh bliana amháin (ón 4 Márta 2024 go dtí an 3 Márta 2025) a chuirfear le cosaint shealadach do dhaoine a easáitítear ón Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle.
Le hAirteagal 2, bunaítear an dáta óna mbeidh feidhm ag an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, i.e. an 4 Márta 2024.
2023/0331 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Bhallstáit ó thaobh na daoine sin a ghlacadh agus ó thaobh déileáil leis na hiarmhairtí a thagann as sin, agus go háirithe Airteagal 4(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Treoir 2001/55/CE, bunaítear caighdeáin íosta maidir le cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ó thríú tíortha nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Bhallstáit ó thaobh na daoine sin a ghlacadh agus ó thaobh déileáil leis na hiarmhairtí a thagann as sin.
(2)An 4 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach.
(3)I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Threoir 2001/55/CE, bhí feidhm ag an gcosaint shealadach den chéad uair ar feadh tréimhse tosaigh bliana, go dtí an 3 Márta 2023, agus ansin cuireadh síneadh bliana breise léi go huathoibríoch go dtí an 3 Márta 2024.
(4)I gcomhthéacs a chur i ngníomh, chomhaontaigh na Ballstáit gan Airteagal 11 de Threoir 2001/55/CE a chur i bhfeidhm maidir le daoine a bhfuil cosaint shealadach acu i mBallstát ar leith i gcomhréir leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, agus a bhogann go dtí Ballstát eile gan údarú, ach amháin má chomhaontaíonn na Ballstáit a mhalairt ar bhonn déthaobhach.
(5)Tá thart ar 4,1 milliún duine easáitithe ag baint tairbhe as cosaint shealadach san Aontas faoi láthair. Ní fhágann an staid san Úcráin gur féidir leo filleadh ar an Úcráin i ndálaí sábháilte marthanacha. Measann an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, amhail an 25 Bealtaine 2023, go bhfuil 5,1 milliún duine easáitithe ina dtír féin laistigh den Úcráin. Thuairiscigh níos mó ná leath de na daoine a easáitíodh ina dtír féin go raibh siad easáitithe ar feadh bliain amháin nó níos mó. Mheas Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe go bhfuil níos mó ná 5 mhilliún duine easáitithe laistigh den Úcráin agus go bhfuil cabhair dhaonnúil phráinneach de dhíth ar 17 milliún duine. I mí an Mheithimh 2023, i bhfianaise na staide reatha san Úcráin, d’athdhearbhaigh Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe an seasamh a bhí aige roimhe seo maidir le fillteacha ar an Úcráin, inar iarradh ar Stáit gan náisiúnaigh agus iar-ghnáthchónaitheoirí na hÚcráine a fhilleadh go héigeantach, lena n-áirítear iad siúd ar diúltaíodh dá n-éilimh ar thearmann.
(6)D’fhan líon foriomlán na gclárúchán de dhaoine a bhfuil cosaint shealadach acu cobhsaí ag thart ar 4,1 milliún duine, agus is beag duine a thuairiscigh go ndeachaigh sé abhaile chun na hÚcráine ar bhonn buan. Thairis sin, tá baol ann i gcónaí go dtarlóidh insreabhadh ollmhór agus easáitiú tuilleadh daoine ar a dteitheadh ón Úcráin go dtí an tAontas Eorpach amach anseo mar gheall ar luaineacht agus éiginnteacht na staide san Úcráin mar thoradh ar ghníomhaíochtaí naimhdeacha ag an Rúis. Leanann diantrodaíocht in go leor áiteanna. Tá baol ann go dtiocfaidh géarú ar chúrsaí fós. D’fhéadfadh an méid sin, mar aon leis an gcruachás daonnúil san Úcráin, a bheith ina chúis, ina theannta sin, le méadú tobann breise ar theacht isteach san Aontas, rud a d’fhéadfadh leibhéal an insreabhaidh ollmhóir a bhaint amach. An tráth céanna, dá dtiocfadh deireadh go luath leis an gcosaint shealadach agus dá ndéanfadh na daoine sin go léir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta san am céanna, fágtar go mbeadh oibriú éifeachtúil na gcóras náisiúnta tearmainn i mbaol.
(7)Ós rud é nach dócha go dtiocfaidh laghdú ar líon ard na ndaoine easáitithe san Aontas a thairbhíonn de chosaint shealadach fad a leanfaidh an cogadh in aghaidh na hÚcráine ar aghaidh, is gá síneadh a chur leis an gcosaint shealadach chun aghaidh a thabhairt ar chás na ndaoine sin a thairbhíonn de chosaint shealadach san Aontas faoi láthair nó a mbeidh cosaint den sórt sin de dhíth orthu amhail ón 4 Márta 2024, toisc go bhforáiltear léi do chosaint láithreach agus do rochtain láithreach ar thacar comhchuibhithe ceart agus, ag an am céanna, go laghdaítear léi foirmiúlachtaí a mhéid is féidir i gcás insreabhadh ollmhór san Aontas. Le síneadh a chur leis an gcosaint shealadach, cuideofar freisin lena áirithiú nach gclisfear ar chórais tearmainn na mBallstát mar gheall ar mhéadú suntasach ar líon na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a d’fhéadfadh daoine a thairbhíonn de chosaint shealadach go dtí an 3 Márta 2024 a chur isteach, dá dtiocfadh deireadh le cosaint shealadach faoin am sin nó a d’fhéadfadh daoine ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin a thiocfadh isteach san Aontas tar éis an dáta sin agus roimh an 4 Márta 2025 a chur isteach.
(8)Dá bhrí sin, i bhfianaise gurb ann fós do na cúiseanna leis an gcosaint shealadach, ba cheart síneadh a chur leis an gcosaint shealadach do na catagóirí de dhaoine easáitithe dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 go dtí an 3 Márta 2025.
(9)Urramaíonn an Cinneadh seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
(10)I gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn, trí litir dar dáta an 11 Aibreán 2003, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm Threoir 2001/55/CE. Dá bhrí sin, tá Éire faoi cheangal ag an gCinneadh seo.
(11)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An chosaint shealadach a thugtar do dhaoine a easáitíodh ón Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle, cuirtear síneadh bliana féilire amháin léi ón 4 Márta 2024.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 4 Márta 2024.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán