An Bhruiséil,19.9.2023

COM(2023) 536 final

2023/0324(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia den pháirt eile, a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn XXII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia i ndáil le Cinneadh a bheartaítear a ghlacadh a bhaineann le hIarscríbhinn XXII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia a leasú. Baineann an Iarscríbhinn XXII seo le cánachas.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát de pháirt amháin, agus an tSeoirsia den pháirt eile

Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát de pháirt, agus an tSeoirsia den pháirt eile (‘an Comhaontú’) caidreamh polaitiúil agus eacnamaíoch a dhoimhniú idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia, trí Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (DCFTA) a chruthú freisin. Soláthraítear leis creat chun comhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch a bhaint amach de réir a chéile idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia. Soláthraítear leis gealltanais chun earnálacha de gheilleagar na Seoirsia a athchóiriú i gcomhréir le acquis an Aontais, lena n-áirítear an cuspóir maidir le comhtháthú margaidh a mhéadú agus comhfhogasú rialála do phríomhghnéithe acquis an Aontais a bhaineann leis an gcomhshaol; gníomhú ar son na haeráide; dlí na gcuideachtaí, an chuntasaíocht agus an t-iniúchadh agus an rialachas corparáideach; beartas tomhaltóirí; agus earnálacha sláinte poiblí, bunaithe ar acquis an Aontais. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

2.2.An Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia

Is í an Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia an institiúid fhoirmiúil is airde a bunaíodh faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe a mhaoirsiú agus déanann sí athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú an Chomhaontaithe i bhfianaise a chuspóirí. Bunaíodh í i gcomhréir le hAirteagal 404 den Chomhaontú.

Tagann an Chomhairle Comhlachais le chéile ar leibhéal na n-airí agus go tráthrialta, ar a laghad uair sa bhliain, agus nuair is gá de réir na n-imthosca. Tá sí comhdhéanta de chomhaltaí de Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus de chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh ar thaobh amháin, agus de chomhaltaí Rialtas na Seoirsia ar an taobh eile.

Déanann ionadaí ón Aontas agus ionadaí ón tSeoirsia cathaoirleacht uirthi ar bhonn idirmhalartach. Tá de chumhacht ag an gComhairle Comhlachais cinntí a ghlacadh laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe. Tá na cinntí ina gceangal ar na Páirtithe, a ghlacfaidh bearta iomchuí i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe chun na cinntí a dhéantar a chur chun feidhme. Féadfaidh sí moltaí a ghlacadh freisin. Glactar na cinntí nó na moltaí sin trí chomhaontú idir na Páirtithe, tar éis na nósanna imeachta inmheánacha faoi seach a thabhairt chun críche.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhairle Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia

an Coimisiún Eorpach le togra a ghlacadh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena mbunófar seasamh an Aontais maidir leis an gcinneadh a ghlacfar sa Chomhairle Comhlachais i dtaca le leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XXII (comhfhogasú na reachtaíochta Cánach).

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe leasú ar Iarscríbhinn XXII a ghabhann leis an gComhaontú a mholadh.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 406 den Chomhaontú, lena bhforáiltear an méid seo a leanas: Chun cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach, tabharfar de chumhacht don Chomhairle Comhlachais cinntí a ghlacadh laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe sin. Beidh na cinntí ina gceangal ar na Páirtithe, a ghlacfaidh bearta iomchuí, lena n-áirítear, más gá, gníomhaíocht ag comhlachtaí arna mbunú faoin gComhaontú seo, i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo chun na cinntí a dhéantar a chur chun feidhme.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Bunaítear leis an togra seo le haghaidh Cinneadh ón gComhairle seasamh an Aontais maidir leis an gcinneadh a ghlacfar sa Chomhairle Comhlachais a bunaíodh leis an gComhaontú i ndáil le leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XXII (comhfhogasú na reachtaíochta cánach) a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais.

An gníomh a iarrtar ar an gComhairle Comhlachais a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 406 den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát de pháirt, agus an tSeoirsia den pháirt eile.

Tá gá le hIarscríbhinn XXII a leasú chun léiriú a dhéanamh ar fhorbairt reachtaíocht náisiúnta na Seoirsia a rinneadh i réimsí cánachais ó tháinig deireadh leis an gcaibidlíocht i ndáil leis an gComhaontú i mí na Samhna 2013.

Forbróidh an dá pháirtí an comhar atá eatarthu agus comhchuibheoidh siad beartais maidir le gníomhú agus comhrac in aghaidh na calaoise agus smuigleáil táirgí inmháil. Áireofar sa chomhar sin, inter alia, rátaí dleachta máil ar tháirgí tobac a chomhfhogasú de réir a chéile.

Tá an togra comhsheasmhach le hoibleagáidí na bPáirtithe a leagtar amach in Airteagal 283 agus in Airteagal 285 den Chomhaontú.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Cumhdaítear i gcoincheap na ‘ngníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 1 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht í an Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát de pháirt amháin, agus an tSeoirsia den pháirt eile.

Foráiltear in Airteagal 406(3) den Chomhaontú go mbeidh de chumhacht ag an gComhairle Comhlachais na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú sin a nuashonrú nó a leasú.

Foráiltear le hAirteagal 283 den Chomhaontú go bhforbróidh na Páirtithe an comhar atá eatarthu agus go gcomhchuibheoidh siad beartais maidir le gníomhú agus comhrac in aghaidh na calaoise agus smuigleáil táirgí inmháil. Áireofar sa chomhar seo, inter alia, rátaí dleachta máil ar tháirgí tobac a chomhfhogasú de réir a chéile, a mhéid is féidir, agus na srianta a bhaineann leis an gcomhthéacs réigiúnach á gcur san áireamh, agus i gcomhréir le Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Sláinte Domhanda um Rialú Tobac. Chuige sin, féachfaidh na Páirtithe lena gcomhar a neartú laistigh den chomhthéacs réigiúnach.

Foráiltear le hAirteagal 285 den Chomhaontú go ndéanfaidh an tSeoirsia a cuid reachtaíochta a chomhfhogasú do ghníomhartha an Aontais Eorpaigh agus d’ionstraim idirnáisiúnta dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXII a ghabhann leis an gComhaontú seo i gcomhréir leis na forálacha san Iarscríbhinn sin.

An gníomh a iarrtar ar an gComhairle Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. 

Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 406 den Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát de pháirt amháin, agus an tSeoirsia den pháirt eile.

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an Chomhaontaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is é príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XXII (comhfhogasú na reachtaíochta cánach) maidir le rátaí dleachta máil ar tháirgí tobac i gcomhréir le gealltanais na Seoirsia a cuid reachtaíochta a chomhfhogasú don Chomhaontú seo.

Dá bhrí sin, tá na forálacha seo a leanas i mbunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe: Airteagal 207 i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 285 den Chomhaontú a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 207 agus le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.FOILSIÚ AN GHNÍMH ATÁ BEARTAITHE

Ós rud é go leasófar Iarscríbhinn XXII le gníomh na Comhairle Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2023/0324 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia den pháirt eile, a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn XXII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rinneadh an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, ar thaobh amháin, agus an tSeoirsia, ar an taobh eile (‘an Comhaontú’) a thabhairt chun críche le Cinneadh 2014/494/AE ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)De bhun Airteagal 406(3) den Chomhaontú, tá de chumhacht ag an gComhairle Comhlachais na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a nuashonrú nó a leasú.

(3)De bhun Airteagal 283 den Chomhaontú forbróidh na Páirtithe an comhar atá eatarthu agus comhchuibheoidh siad beartais maidir le gníomhú agus comhrac in aghaidh na calaoise agus smuigleáil táirgí inmháil. Áireofar sa chomhar seo, inter alia, rátaí máil ar tháirgí tobac a chomhfhogasú de réir a chéile, a mhéid is féidir, agus na srianta a bhaineann leis an gcomhthéacs réigiúnach á gcur san áireamh, agus i gcomhréir le Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Sláinte Domhanda um Rialú Tobac. Chuige sin, féachfaidh na Páirtithe lena gcomhar a neartú laistigh den chomhthéacs réigiúnach.

(4)De bhun Airteagal 285 den Chomhaontú, déanfaidh an tSeoirsia a cuid reachtaíochta a chomhfhogasú do ghníomhartha an Aontais Eorpaigh agus d’ionstraim idirnáisiúnta dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXII a ghabhann leis an gComhaontú sin i gcomhréir leis na forálacha san Iarscríbhinn sin.

(5)Glacfaidh an Chomhairle, le linn a hochtú seisiún/cruinniú, cinneadh maidir le hIarscríbhinn XXII a leasú.

(6)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh atá beartaithe ina cheangal ar an Aontas.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an ochtú seisiún nó cruinniú den Chomhairle Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia, bunófar é ar an dréacht-iarscríbhinn atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, mír 61 go mír 64.

An Bhruiséil,19.9.2023

COM(2023) 536 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia den pháirt eile, a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn XXII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais


IARSCRÍBHINN

CINNEADH UIMH. .../2023 ÓN gCOMHAIRLE COMHLACHAIS IDIR AN tAONTAS AGUS AN tSEOIRSIA

lena leasaítear Iarscríbhinn XXII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile

TÁ AN CHOMHAIRLE COMHLACHAIS IDIR AN tAONTAS AGUS AN tSEOIRSIA,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 406 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An Comhaontú Comhlachais (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, síníodh é an 16 Meitheamh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)Aithnítear sa Bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú tiomantas na Seoirsia maidir lena reachtaíocht a chomhfhogasú in earnálacha ábhartha de réir a chéile do reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis an gComhaontú sin agus chun é a chur chun feidhme go héifeachtach. Aithníodh freisin sa Bhrollach tiomantas na bPáirtithe prionsabail na forbartha inbhuanaithe a urramú, an comhshaol a chosaint agus an t-athrú aeráide a mhaolú, rialachas comhshaoil a fheabhsú go leanúnach agus riachtanais chomhshaoil a chomhlíonadh, lena n-áirítear comhar trasteorann agus cur chur chun feidhme comhaontuithe iltaobhacha idirnáisiúnta, chomh maith lena dtoilteanas feabhas a chur ar leibhéal na sábháilteachta sláinte poiblí agus ar chosaint sláinte an duine mar ghné fhíor-riachtanach don fhorbairt inbhuanaithe agus don fhás eacnamaíoch. Chuir na Páirtithe in iúl gur mheas siad go gcruthófar leis an gComhaontú timpeallacht nua don chaidreamh eacnamaíoch idir na Páirtithe agus thar aon ní eile d'fhorbairt na trádála agus na hinfheistíochta, agus go spreagfar iomaíocht leis, ar tosca iad atá ríthábhachtach maidir le hathstruchtúrú agus nuachóiriú eacnamaíoch.

(3)In Airteagal 1 den Chomhaontú, déantar tagairt don chuspóir tacú le hiarrachtaí na Seoirsia a hacmhainn eacnamaíoch a fhorbairt trí chomhar idirnáisiúnta, lena n-áirítear a reachtaíocht a chomhfhogasú do reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.

(4)Leagtar amach le hAirteagal 283 den Chomhaontú go bhforbróidh na Páirtithe an comhar atá eatarthu agus go gcomhchuibheoidh siad beartais maidir le gníomhú agus comhrac in aghaidh na calaoise agus smuigleáil táirgí inmháil. Áireofar sa chomhar seo, inter alia, rátaí máil ar tháirgí tobac a chomhfhogasú de réir a chéile, a mhéid is féidir, agus na srianta a bhaineann leis an gcomhthéacs réigiúnach á gcur san áireamh, agus i gcomhréir le Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Sláinte Domhanda um Rialú Tobac.

(5)Leagtar amach le hAirteagal 285 den Chomhaontú go ndéanfaidh an tSeoirsia a cuid reachtaíochta a chomhfhogasú do ghníomhartha an Aontais Eorpaigh agus d’ionstraim idirnáisiúnta dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXII a ghabhann leis an gComhaontú seo i gcomhréir leis na forálacha san Iarscríbhinn sin.

(6)De bhun Airteagal 406(1) agus Airteagal 406(3) den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle Comhlachais cinntí a ghlacadh, chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach. Go sonrach, féadfaidh sí na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú, agus forbairt dhlí an Aontais á cur san áireamh, mar aon leis na caighdeáin is infheidhme a leagtar amach in ionstraimí idirnáisiúnta a mheasann na Páirtithe a bheith ábhartha.

(7)Dá bhrí sin, tá an Chomhairle Comhlachais le hIarscríbhinn XXII a ghabhann leis an gComhaontú a leasú.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcomhréir le hIarscríbhinn XXII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia chomh maith le Treoir 2011/64/AE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011 maidir le struchtúr agus rátaí dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe, faoi dheireadh na bliana 2026 ní bheidh an dleacht mháil fhoriomlán (nach mór comhpháirt shonrach ar fiú idir 7,5 % agus 76,5 % den mhuirir cánach iomlán é a bheith inti - arna shloinneadh mar mhéid seasta in aghaidh an 1 000 toitín, agus nach mór comhpháirt ad valorem a bheith inti - arna shloinneadh mar chéatadán den uasphraghas miondíola) sa tSeoirsia níos lú ná EUR 90 in aghaidh an 1 000 toitín ná níos lú ná 60 % den mheánphraghas miondíola ualaithe. Áiritheoidh an tSeoirsia go mbainfear an spriocráta dleachta máil amach tríd an ráta a mhéadú de réir a chéile go dtí 2026.

Airteagal 2

I gcomhréir le hIarscríbhinn XXII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia chomh maith le Treoir 2011/64/AE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011 maidir le struchtúr agus rátaí dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe, faoi dheireadh na bliana 2026 ní bheidh an dleacht mháil fhoriomlán (dleacht shonrach agus dleacht ad valorem de réir mar is iomchuí) sa tSeoirsia níos lú ná 5 % den phraghas miondíola nó EUR 12 in aghaidh an 1 000 mír nó in aghaidh an chileagraim do thodóga agus do thodóigíní, 50 % den mheánphraghas miondíola ualaithe nó EUR 60 in aghaidh an chileagraim do thobac mínghearrtha lena chaitheamh atá beartaithe le haghaidh toitíní a rolladh, 20 % den phraghas miondíola nó EUR 22 in aghaidh an chileagraim le haghaidh tobac eile lena chaitheamh. Áiritheoidh an tSeoirsia go mbainfear na spriocrátaí dleachta máil amach trí na rátaí a mhéadú de réir a chéile go dtí 2026.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann na Comhairle Comhlachais

An Cathaoirleach