AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,5.9.2023
COM(2023) 515 final
2023/0314(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 agus (AE) 2018/1724 a mhéid a bhaineann le húsáid Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus na Pointe Rochtana Aonair Digitigh chun críocha ceanglais áirithe a leagtar síos le Treoir (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha (COM(2023)516))
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
Féach Treoir COM(2023)516.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 21(2) CFAE agus Airteagal 114 CFAE.
Leis an togra seo, leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (‘Rialachán IMI’) atá bunaithe ar Airteagal 114 CFAE.
Leis an togra seo, leasaítear freisin Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le phointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 atá bunaithe ar Airteagal 21(2) CFAE agus ar Airteagal 114(1) CFAE.
A mhéid a bhaineann le hAirteagal 114 CFAE, leagtar síos ann go nglacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta maidir le comhfhogasú na bhforálacha a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit, arb é is cuspóir dóibh bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an togra leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 lena mbunaítear IMI a bhfuil tionchar díreach aige ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí chomhar idir na Ballstáit a éascú agus trí aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí idir forálacha na mBallstát a chuireann bac ar shaoirsí bunúsacha, is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí iomchuí.
Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an togra seo raon feidhme Rialachán (AE) 2018/1724 a shoiléiriú agus a leasú chun rochtain níos fearr ar líne ar fhaisnéis agus ar nósanna imeachta a sholáthar do shaoránaigh, gnólachtaí agus daoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad atá ag feidhmiú na gceart atá acu faoi dhlí an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh, de réir bhrí Airteagal 26(2) CFAE, nó a bhfuil rún acu na cearta sin a fheidhmiú, éascófar leis feidhmiú chearta shaoránaigh an Aontais chun gluaiseachta agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith bunaithe ar Airteagal 21(2) CFAE.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Féach Treoir COM(2023)516.
•Comhréireacht
Féach Treoir COM(2023)516.
•An rogha ionstraime
Leagtar síos in Airteagal 114 CFAE go nglacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta maidir le comhfhogasú na bhforálacha a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit, arb é is cuspóir dóibh bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Ós rud é go leasófaí dhá rialachán leis an togra seo, is é rialachán an ionstraim dlí iomchuí.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Féach Treoir COM(2023)516.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Féach Treoir COM(2023)516.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Féach Treoir COM(2023)516.
•Measúnú tionchair
Féach Treoir COM(2023)516.
•Cearta bunúsacha
Féach Treoir COM(2023)516.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Féach Treoir COM(2023)516.
5.EILIMINTÍ EILE
Féach Treoir COM(2023)516.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
Féach Treoir COM(2023)516.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Is de chineál teicniúil an Rialachán seo atá beartaithe agus gabhann sé le Treoir COM(2023)516. Leasaítear leis Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 lenar bunaíodh Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) d’fhonn a áirithiú go n‑oibreoidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhar le chéile agus go malartóidh siad faisnéis trí IMI nuair a chuireann siad na rialacha náisiúnta i bhfeidhm a thrasuitear i gcomhréir le forálacha Threoir COM(2023)516 (Airteagal 1). Leasaítear leis freisin Rialachán (AE) 2018/1724 lenar bunaíodh an pointe rochtana aonair digiteach, chun a áirithiú go dtabharfaidh na Ballstáit rochtain ar líne ar fhaisnéis faoi chomhlachais trasteorann Eorpacha agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus go n‑éascóidh siad malartú fianaise idir údaráis inniúla sna nósanna imeachta a leagtar síos i dTreoir COM(2023)516 (Airteagal 2). Tríd an méid sin a dhéanamh,tá sé d’aidhm ag an leasú seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú maidir le faisnéis a sholáthar agus maidir le nósanna imeachta.
2023/0314 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 agus (AE) 2018/1724 a mhéid a bhaineann le húsáid Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus na Pointe Rochtana Aonair Digitigh chun críocha ceanglais áirithe a leagtar síos le Treoir (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha (COM(2023)516))
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 21(2) agus Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Treoir (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha (COM(2023)516), leagtar síos bearta lena gcomhordaítear na coinníollacha maidir le ‘comhlachais trasteorann Eorpacha’ a bhunú agus a oibriú, agus é d’aidhm aici feidhmiú éifeachtach saorghluaiseachta eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a éascú, ar eagraíochtaí neamhbhrabúsacha iad atá ag feidhmiú sa mhargadh inmheánach.
(2)De bhun Airteagal 30(2) de Threoir COM(2023)516, tá an comhar riaracháin agus an malartú faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát le cur chun feidhme trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘córas IMI’) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chuige sin, ba cheart na nósanna imeachta um chomhar riaracháin is gá a bhunú i gcóras IMI.
(3)I gcomhréir le hAirteagail 2 agus 3 de Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leis an bpointe rochtana aonair digiteach, tabharfar rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna do shaoránaigh an Aontais, do dhaoine nádúrtha a chónaíonn i mBallstát agus do dhaoine dlítheanacha a bhfuil a n‑oifig chláraithe acu i mBallstát. Ba cheart an chuid oibríochtúil agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724 a leasú chun a áirithiú nach dtuigfear go bhfuil an raon feidhme teoranta do shaoránaigh agus do ghnólachtaí agus go mbaineann sé le daoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad, amhail comhlachais trasteorann Eorpacha.
(4)I Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lenar bunaíodh an pointe rochtana aonair digiteach, déantar foráil maidir le rialacha ginearálta i ndáil le faisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh atá ábhartha i leith fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a sholáthar ar líne. Ba cheart ceanglais Rialachán (AE) 2018/1724 a chomhlíonadh leis na nósanna imeachta a chumhdaítear leis an Rialachán seo chun a áirithiú gur féidir le haon chomhlachas trasteorann Eorpach tairbhe a bhaint as nósanna imeachta atá go hiomlán ar líne agus as malartú uathoibríoch trasteorann fianaise, i gcomhréir le prionsabal na haonuaire. Leis na nósanna imeachta sin, cuimsítear an t‑iarratas ar chomhlachas trasteorann Eorpach a chlárú agus an nós imeachta chun oifig chláraithe comhlachais trasteorann Eorpaigh a aistriú.
(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 1024/2012 agus (AE) 2018/1724 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, cuirtear isteach an pointe (16) nua seo a leanas:
‘16. Treoir (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha (COM(2023)516) *: Airteagal 19(2), Airteagal 19(4), Airteagal 23(5), Airteagal 23(6), Airteagal 23(7), Airteagal 24(3), Airteagal 25(6), agus Airteagal 27.’
____________________
*(Tagairt IO).
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1724
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 mar a leanas:
(1)in Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a) pointe rochtana aonair digiteach a bhunú agus a oibriú chun rochtain éasca a thabhairt do shaoránaigh, gnólachtaí agus daoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad ar fhaisnéis ardcháilíochta, ar nósanna imeachta éifeachtúla agus ar sheirbhísí éifeachtacha cúnaimh agus réitigh fadhbanna i dtaca le rialacha an Aontais agus leis na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le saoránaigh, gnólachtaí agus daoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad atá ag feidhmiú na gceart atá acu faoi dhlí an Aontais i réimse an mhargaidh inmheánaigh, de réir bhrí Airteagal 26(2) CFAE, nó a bhfuil rún acu na cearta sin a fheidhmiú;’
(2)in Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
‘(b) úsáid nósanna imeachta ag úsáideoirí trasteorann agus cur chun feidhme phrionsabal na haonuaire a bhaineann leis na nósanna imeachta a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i dTreoracha 2005/36/CE, 2006/123/CE, 2014/24/AE, 2014/25/AE agus .../...*;’
____________________
‘* Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an .... Maidir le comhlachais trasteorann Eorpacha (tagairt IO).’
(3)in Airteagal 2(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
‘(c) faisnéis faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna agus naisc leo, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III nó dá dtagraítear in Airteagal 7, ar féidir le saoránaigh, gnólachtaí agus daoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad dul ina muinín má tá ceisteanna nó fadhbanna acu maidir leis na cearta, na hoibleagáidí nó na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo.’
(4)in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Ar mhaithe le fianaise a mhalartú le haghaidh na nósanna imeachta ar líne a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear i dTreoracha 2005/36/CE, 2006/123/CE, 2014/24/AE, 2014/25/AE agus .../.../..., cuirfidh an Coimisiún córas teicniúil ar bun i gcomhar leis na Ballstáit le haghaidh malartú fianaise uathoibríoch idir údaráis inniúla i mBallstáit éagsúla (‘an córas teicniúil’).’
(5)Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1724 mar a leanas:
(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘Liosta de réimsí faisnéise atá ábhartha do shaoránaigh, gnólachtaí agus daoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad a bhfuil a n‑oifig chláraithe acu i mBallstát atá ag feidhmiú a gceart i ndáil leis an margadh inmheánach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2).’
(b)cuirtear isteach na réimsí faisnéise seo a leanas:
‘Réimsí faisnéise a bhaineann le daoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad a bhfuil a n‑oifig chláraithe acu i mBallstát:
|
AA. Duine dlítheanach nach gnólacht é a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh
|
1. duine dlítheanach nach gnólacht é a chlárú, foirm dlí an duine dhlítheanaigh sin a athrú nó an duine dlítheanach sin a dhúnadh (nósanna imeachta um chlárú agus foirm dlí)
2. duine dlítheanach nach gnólacht é a aistriú go Ballstát eile
3. cearta maoine intleachtúla (iarratas a dhéanamh ar phaitinn, trádmharc, líníocht nó dearadh a chlárú, ceadúnas atáirgthe a fháil)
4. cothroime agus trédhearcacht i gcleachtais tráchtála, lena n‑áirítear cearta tomhaltóirí agus ráthaíochtaí a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a dhíol
5. saoráidí ar líne a thairiscint le haghaidh íocaíochtaí trasteorann nuair atáthar ag díol earraí agus seirbhísí ar líne
6. cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as dlí na gconarthaí, lena n‑áirítear ús ar riaráistí
7. imeachtaí dócmhainneachta agus leachtú daoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad
8. árachas creidmheasa
9. cumaisc duine dlítheanaigh nach gnólacht é, nó é a dhíol
10. dliteanas sibhialta stiúrthóirí duine dlítheanaigh nach gnólacht é
11. rialacha agus oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil
|
|
AB. Fostaithe
|
1. téarmaí fostaíochta a shonraítear i ndlíthe nó in ionstraim reachtúil (lena n‑áirítear uaireanta oibre, saoire íoctha, teidlíochtaí saoire, cearta agus oibleagáidí maidir le ragobair, scrúduithe sláinte, foirceannadh conarthaí, briseadh as post agus iomarcaíochtaí)
2. cearta agus oibleagáidí slándála sóisialta san Aontas (clárú mar fhostóir, fostaithe a chlárú, fógra a thabhairt d’fhostaí faoi dheireadh conartha, ranníocaíochtaí slándála sóisialta a íoc, cearta agus oibleagáidí a bhaineann le pinsin)
3. oibrithe a fhostú i mBallstáit eile (oibrithe a phostú, rialacha maidir le saoirse chun seirbhísí a chur ar fáil, ceanglais chónaithe d’oibrithe)
4. cóir chomhionann (rialacha lena dtoirmeasctar idirdhealú san áit oibre, rialacha maidir le pá comhionann d’fhir agus do mhná agus le pá comhionann d’fhostaithe ar chonarthaí téarma sheasta nó fostaíochta buaine)
5. rialacha maidir le hionadaíocht foirne
|
|
AC. Cánacha
|
1. CBL: faisnéis faoi na rialacha ginearálta, rátaí agus díolúintí, clárú le haghaidh CBL agus CBL a íoc, aisíocaíocht a fháil
2. dleachtanna máil: faisnéis faoi na rialacha ginearálta, rátaí agus díolúintí, clárú chun críoch cánach máil agus íocaíocht cánach máil, aisíocaíocht a fháil
3. dleachtanna custaim agus cánacha agus dleachtanna eile a bhailítear i leith allmhairí
4. nósanna imeachta custaim le haghaidh allmhairí agus onnmhairí faoi Chód Custaim an Aontais
5.·cánacha eile: íocaíocht, rátaí, tuairisceáin chánach
|
|
AD. Earraí
|
1. marcáil CE a fháil
2. rialacha agus ceanglais táirgí
3. caighdeáin is infheidhme a shainaithint, sonraíochtaí teicniúla, agus táirgí a dheimhniú
4. aitheantas frithpháirteach do tháirgí nach bhfuil faoi réir shonraíochtaí an Aontais
5. ceanglais maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú ceimiceán guaiseach
6. ciandíol/díol seacháitribh: faisnéis nach mór a thabhairt do chustaiméirí roimh ré, an conradh a dheimhniú i scríbhinn, aistarraingt ó chonradh, na hearraí a sheachadadh, oibleagáidí sonracha eile
7. táirgí lochtacha: cearta agus ráthaíochtaí tomhaltóirí, freagrachtaí iardhíola, modhanna sásaimh duine dhíobhálaithe
8. deimhniúchán, lipéid (EMAS, lipéid fuinnimh, éicidhearthóireacht, éicilipéad AE)
9. athchúrsáil agus bainistiú dramhaíola
|
|
AE. Seirbhísí
|
1. ceadúnais, údaruithe nó ceadanna a fháil d’fhonn duine dlítheanach nach gnólacht é a thosú agus a fheidhmiú
2. fógra a thabhairt do na húdaráis faoi ghníomhaíochtaí trasteorann
3. aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla, lena n‑áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint
|
|
AF. Duine dlítheanach nach gnólacht é a chistiú
|
1. rochtain a fháil ar mhaoiniú ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear cláir chistiúcháin agus deontais ghnó an Aontais
2. rochtain a fháil ar mhaoiniú ar an leibhéal náisiúnta
3. tionscnaimh atá dírithe ar dhaoine dlítheanacha nach gnólachtaí iad (malartuithe, cláir mheantóireachta, etc.)
|
|
AG. Conarthaí poiblí
|
1. páirt a ghlacadh i dtairiscintí poiblí: rialacha agus nósanna imeachta
2. tairiscint a chur isteach ar líne mar fhreagairt do ghlao poiblí ar thairiscintí
3. neamhrialtachtaí a thuairisciú maidir leis an bpróiseas tairisceana
|
|
AH. Sláinte agus sábháilteacht ag an obair
|
1. oibleagáidí sláinte agus sábháilteachta maidir le cineálacha difriúla gníomhaíochta, lena n‑áirítear rioscaí a chosc, faisnéis agus oiliúint’
|
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán