An Bhruiséil,3.4.2024

COM(2023) 514 final/2 DOWNGRADED on 1.4.2024

2023/0313(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an deichiú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe i gCreat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) maidir le Rialú Tobac (FCTC)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.ÁBHAR AN TOGRA

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais ag an deichiú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe i gCreat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac, seisiún a bheidh ar siúl i bPanama ón 20 Samhain go dtí an 25 Samhain 2023.

2.COMHTHÉACS AN TOGRA

2.1.Creat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac

Is é is aidhm do Chreat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac (‘FCTC’ nó ‘an Coinbhinsiún’) an ghlúin seo agus na glúnta atá le teacht a chosaint ar na hiarmhairtí a bhaineann le húsáid tobac trí chreat a chur ar fáil le haghaidh bearta rialaithe tobac atá le cur chun feidhme ag na Páirtithe ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta chun leitheadúlacht úsáid tobac agus nochtadh do dheatach tobac a laghdú. Tháinig sé i bhfeidhm an 27 Feabhra 2005.

Tá an tAontas agus a Bhallstáit ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún 1 .

2.2.Comhdháil na bPáirtithe

Is comhlacht í Comhdháil na bPáirtithe (‘COP’) arna bhunú ag an gCoinbhinsiún a bhfuil sé de chúram air athbhreithniú rialta a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin agus na cinntí is gá a dhéanamh chun cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin a chur chun cinn. Féadfaidh COP prótacail, iarscríbhinní agus leasuithe a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a ghlacadh. Chuige sin, déanann COP, i measc nithe eile, malartú faisnéise agus forbairt agus mionchoigeartú modheolaíochtaí le haghaidh taighde agus bailiú sonraí i réimse an rialaithe tobac, meastóireacht ar straitéisí, pleananna agus cláir, chomh maith le beartais, reachtaíocht agus bearta eile a chur chun cinn trí chinntí a ghlacadh le treoirlínte agus moltaí a fhorbraítear trí phróiseas leathan comhairleach agus idir-rialtasach agus aithníonn na Páirtithe é go ginearálta mar uirlis luachmhar údarásach i gcur chun feidhme an Choinbhinsiúin. Glacann COP tuarascálacha rialta freisin maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin.

Tionóltar seisiúin rialta COP gach 2 bhliain. De réir Rialacha Nós Imeachta COP, ba cheart do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin (an ‘Rúnaíocht’ freisin) an clár oibre sealadach mar aon le doiciméid tacaíochta eile (a bhfuil dréachtchinntí iontu go minic) a chur faoi bhráid na bPáirtithe le haghaidh gach míre ar an gclár oibre 60 lá ar a laghad roimh thús COP 2 . Ag COP, is de chomhthoil a ghlactar cinntí maidir le cúrsaí buiséadacha agus airgeadais. I gcás gach cinneadh eile, ba cheart gach iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú trí chomhthoil. Mar rogha dheireanach, déantar cinntí maidir le hábhair shubstainteacha le vóta tromlaigh trí cheathrú de na Páirtithe atá i láthair agus a chaitheann vóta, agus ba cheart cinntí maidir le hábhair nós imeachta a dhéanamh le vóta tromlaigh na bPáirtithe atá i láthair agus a chaitheann vóta 3 .

2.3.    Gníomhartha atá beartaithe ag an deichiú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe

I mí na Samhna 2023, ag an deichiú seisiún dá chuid (‘COP10’), meastar go mbeidh plé substainteach ag COP agus go nglacfaidh sé cinntí, go háirithe maidir le hítimí a cuireadh siar ón naoú seisiún de COP, mar gheall ar a fhormáid fhíorúil le linn phaindéim COVID‑19.

Ar na hítimí sin a cuireadh siar áirítear cinntí maidir le cur chun feidhme Airteagail 9 agus 10 de FCTC i ndáil le rialáil comhábhar táirgí tobac agus nochtadh maidir le táirgí tobac; maidir le treoirlínte agus moltaí i ndáil le hAirteagal 13 de FCTC a cur chun feidhme i dtaca le fógraíocht trasteorann, cur chun cinn agus urraíocht tobac agus leis an léiriú ar thobac sna meáin shiamsaíochta; agus maidir le táirgí tobac atá núíosach agus atá ag teacht chun cinn.

Meastar freisin go ndéanfar leasú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Rialacha Nós Imeachta COP a phlé agus a chinneadh.

Ina theannta sin, meastar go ndéanfaidh COP10 cinntí a phlé agus a ghlacadh i ndáil le hAirteagal 2.1 de FCTC maidir le bearta réamhbhreathnaitheacha rialaithe tobac; i ndáil le hAirteagal 19 de FCTC maidir le dliteanas; maidir le feabhas a chur ar chóras tuairiscithe FCTC; maidir leis an sásra um athbhreithniú ar chur chun feidhme; agus maidir le rannchuidiú FCTC le cearta an duine a chur chun cinn agus a chomhlíonadh. Thairis sin, faoi chúrsaí buiséadacha agus institiúideacha, meastar go nglacfaidh COP10 cinntí maidir leis an bplean oibre agus an buiséad atá beartaithe don tréimhse airgeadais 2024-2025; maidir le ciste infheistíochta FCTC: maidir le ranníocaíochtaí measúnaithe a íoc agus maidir le bearta chun líon na bPáirtithe i riaráiste a laghdú; maidir leis an athbhreithniú ar chreidiúnú eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil stádas breathnóra acu ag COP; maidir le sineirgí a neartú idir Comhdháil na bPáirtithe agus an Comhthionól Domhanda Sláinte; agus maidir le ceapachán Cheann na Rúnaíochta.

3.NA SEASAIMH ATÁ LE GLACADH THAR CEANN AN AONTAIS

Meastar go ndéanfaidh COP cinntí áirithe a cháilíonn mar ‘chinntí a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ de réir bhrí Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ina theannta sin, meastar go ndéanfaidh COP cinntí eile nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht nós imeachta, tá na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis an dá chineál cinnidh sa togra seo.

Ó tharla gur cuireadh siar cinntí ón naoú seisiún go dtí an deichiú seisiún de COP beidh seasaimh mhionsonraithe de chuid an Aontais maidir le go leor míreanna curtha i láthair cheana féin. Is amhlaidh atá toisc gur dáileadh na doiciméid tacaíochta ghaolmhara roimh an naoú seisiún de COP. Os a choinne sin, i gcás míreanna nár dáileadh doiciméid tacaíochta ina leith go fóill, beartaítear líne níos ginearálta a ghlacadh.

Maidir le cur chun feidhme Airteagail 9 agus 10 de FCTC i ndáil le rialáil comhábhar táirgí tobac agus nochtadh maidir le táirgí tobac, agus i bhfianaise an ghá faireachán leanúnach a dhéanamh ar chomhábhair agus ar astaíochtaí táirgí (nua) tobac, ba cheart don Aontas a chomhaontú leanúint den obair ar leibhéal grúpa saineolaithe, agus fionraíocht shainordú na meithle lena mbaineann a choinneáil ar bun.

Maidir le fógraíocht, cur chun cinn agus urraíocht trasteorann tobac, i gcomhréir le seasaimh an Aontais roimhe seo ar an ábhar seo chun tacú le hAirteagal 13 de FCTC a chur chun feidhme ina iomláine, is iomchuí na treoirlínte sonracha a fhormheas má chomhlíonann siad go cuí an sainordú a tugadh ag an ochtú seisiún de COP.

Maidir le táirgí tobac atá núíosach agus atá ag teacht chun cinn, agus i bhfianaise mhargadh na dtáirgí tobac atá núíosach agus na dtáirgí tobac atá ag teacht chun cinn, margadh atá ag fás go tapa ar cúis imní é sin, agus éifeachtaí na dtáirgí sin ar shláinte an duine, is iomchuí béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé faireachán leanúnach a dhéanamh ar úsáid na dtáirgí sin agus a iarraidh ar an Rúnaíocht agus ar EDS obair leantach a dhéanamh ar a dtuarascálacha.

Ba cheart don Aontas a aithint freisin gur gá comhoibriú go hidirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar rannchuidiú FCTC le cearta an duine a chur chun cinn agus a chomhlíonadh agus ba cheart dó a chomhaontú oibriú ar an leibhéal idirnáisiúnta d’fhonn bearta réamhbhreathnaitheacha rialaithe tobac a phlé i gcomhréir le hAirteagal 2.1 de FCTC.

Is iomchuí freisin go gcomhaontóidh an tAontas comhoibriú agus oibriú i gcomhar leis na Páirtithe uile chun féachaint ar an nasc a d’fhéadfadh a bheith ann idir Airteagal 19 agus Airteagal 5.3 de FCTC maidir le dliteanas thionscal an tobac.

I bhfianaise a thábhachtaí atá córas tuairiscithe FCTC chun cur ar chumas na bPáirtithe foghlaim ó thaithí a chéile maidir le FCTC a chur chun feidhme, ba cheart don Aontas tacú le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcóras sin.

Maidir leis an Sásra um Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme, is iomchuí go gcomhaontóidh an tAontas lena bhunú, agus ag an am céanna, aird a tharraingt ar an easpa cur chun feidhme ina iomláine maidir le hAirteagal 5.3 agus Airteagal 6 de FCTC.

Ba cheart don Aontas tacú leis an bplean oibre agus an buiséad atá beartaithe don tréimhse airgeadais 2024-2025 a ghlacadh freisin agus ba cheart dó a mholadh go bhféachfaí ar choigiltí a d’fhéadfadh a bheith ann chun méaduithe ar na Ranníocaíochtaí Measúnaithe amach anseo a sheachaint.

I gcomhréir le seasaimh an Aontais roimhe seo maidir le Ciste Infheistíochta FCTC 4 , ba cheart don Aontas tacú leis na socruithe dlíthiúla agus riaracháin atá beartaithe don Chiste, de réir mar is iomchuí i bhfianaise na mbunphrionsabal ar tharraing an tAontas agus na Ballstáit aird orthu ag an naoú seisiún de COP.

Ar bhonn na hanailíse ar na tuarascálacha uathu, ba cheart don Aontas tacú le stádas breathnóra 26 eagraíocht neamhrialtasacha maidir le COP a choinneáil ar bun.

Maidir leis an bplé a mheastar a dhéanfar maidir le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Rialacha Nós Imeachta COP, ba cheart don Aontas tacú le leasuithe chun an obair ag COP a shimpliú, chun socruithe a dhéanamh le haghaidh sheisiúin fhíorúla COP, agus chun rannpháirtíocht Bhiúró Chruinniú na bPáirtithe i gceapachán Cheann Rúnaíocht an Choinbhinsiúin a shainiú ar bhealach níos soiléire, chomh maith leis an leasú lena bhforáiltear maidir leis an bhféidearthacht Ceann Rúnaíochta gníomhach a ainmniú, nuair is gá. Ina theannta sin, ba cheart don Aontas a mholadh maidir leis an tréimhse ama a bhíonn ag an Rúnaíocht na doiciméid oifigiúla comhdhála a dháileadh go méadófaí é go dtí 120 lá ar a laghad roimh thús COP, in ionad na 60 lá atá ann faoi láthair. Leis sin tacófar le hullmhúchán cuí le haghaidh sheasaimh an Aontais amach anseo.

Chun sineirgí idir COP agus an Comhthionól Domhanda Sláinte a neartú, ba cheart don Aontas fáilte a chur roimh an deis go gcoinneofar ar an eolas é maidir leis na rúin a ghlacfaidh an Comhthionól Domhanda Sláinte atá ábhartha i dtaca le FCTC a chur chun feidhme.

Maidir le ceapachán Cheann Rúnaíocht an Choinbhinsiúin, ba cheart don Aontas tacú le feabhas a chur ar an bpróiseas chun Ceann na Rúnaíochta a roghnú agus a cheapadh 5 , go háirithe chun an próiseas maidir le hathnuachan aonair an téarma a shimpliú, agus na critéir feidhmíochta oibiachtúla á n‑urramú ag an am céanna. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Aontas tacú le feabhas a chur ar na critéir maidir le hiarrthóirí a roghnú le haghaidh phost Cheann na Rúnaíochta freisin, agus ba cheart na gnéithe a bhaineann leis an bPrótacal a ghabhann le FCTC a áireamh ann chomh maith.

D’fhéadfadh sé gur ghá na seasaimh sin a choigeartú tuilleadh le linn an chomhordaithe ar an bhfód ag an deichiú seisiún de COP i bhfianaise sheasaimh na bPáirtithe eile agus forbairtí gaolmhara ag an COP sin.

4.BUNÚS DLÍ

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Na prionsabail

In Airteagal 218(9) CFAE déantar foráil maidir le cinntí a ghlacadh lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a fhéadfaidh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 6 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é COP a bunaíodh le comhaontú, is é sin Creat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac.

Gníomhartha áirithe a mheastar a ghlacfaidh an deichiú seisiún de COP, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo ós rud é go bhfuil siad ceangailteach nó go bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar reachtaíocht an Aontais, go háirithe Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 7 agus Treoir 2003/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 .

An cinneadh atá beartaithe a bhaineann le fógraíocht, cur chun cinn agus urraíocht tobac, lena n‑áirítear Treoirlínte forlíontacha, sonracha FCTC maidir le hAirteagal 13 a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeacht dhlíthiúil leis toisc gur féidir leis na Treoirlínte sin tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar reachtaíocht an Aontais maidir le rialú tobac.

Sonraítear go soiléir in Airteagal 1 de Threoir 2014/40/AE go bhfuil sé ar cheann de chuspóirí na Treorach ‘oibleagáidí an Aontais faoi Chreat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac (‘FCTC’) a chomhlíonadh’.

Thairis sin, le haithris 7 soiléirítear tuilleadh go bhfuil ‘gá le gníomhaíocht reachtach ar leibhéal an Aontais freisin chun Chreat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac (‘FCTC’) i mí na Bealtaine 2003 a chur chun feidhme, a bhfuil na forálacha de ina gceangal ar an Aontas agus ar a Bhallstáit Is forálacha an‑ábhartha iad forálacha FCTC maidir le rialáil comhábhair táirgí tobac, nochtadh táirgí tobac a rialáil, pacáistiú agus lipéadú táirgí tobac, fógraíocht agus trádáil aindleathach i dtáirgí tobac. Na Páirtithe in FCTC, lena n‑áirítear an tAontas agus a Bhallstáit, ghlac siad sraith treoirlínte maidir le forálacha FCTC a chur chun feidhme de chomhthoil le linn Comhdhálacha éagsúla’.

Ina theannta sin, mar a léirítear in aithrisí 15 agus 24 de Threoir 2014/40/AE, le Treoirlínte FCTC ‘iarradh ar’ roinnt forálacha den Treoir 9 . Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 3(4) agus Airteagal 4(5) de Threoir 2014/40/AE go ndéanfaidh an Coimisiún ‘gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun caighdeáin arna gcomhaontú ag na páirtithe in FCTC a chomhtháthú’ 10 .

Mar sin, maidir le Treoirlínte FCTC, léirítear le Treoir 2014/40/AE go nglacann institiúidí an Aontais leo mar fhoinse dlí, rud a imríonn tionchar cinntitheach ar ábhar reachtaíocht an Aontais i réimse an rialaithe tobac. Le Treoirlínte FCTC táthar in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, agus is amhlaidh atá toisc go mbaineann Treoirlínte FCTC le cur chun feidhme forálacha áirithe den Choinbhinsiún, forálacha atá ina gceangal ar na Páirtithe uile in FCTC. Dá bhrí sin, amach anseo freisin, cuirfidh institiúidí an Aontais cinntí COP ina mbeidh Treoirlínte agus moltaí beartais san áireamh nuair a bheidh reachtaíocht bhreise á forbairt acu maidir le tobac agus táirgí gaolmhara, go háirithe san athbhreithniú atá ar na bacáin ar Threoracha 2014/40/AE agus 2003/33/CE, mar a fógraíodh i bPlean Sáraithe Ailse na hEorpa. Go sonrach, maidir le Treoirlínte sonracha FCTC atá beartaithe i dtaca le hAirteagal 13 de FCTC, beidh ar reachtóirí an Aontais na Treoirlínte sin a chur san áireamh go háirithe nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar straitéisí margaíochta nua agus nuálacha, amhail ar ardáin na meán sóisialta agus ar ardáin chumarsáide eile na meán digiteach, chomh maith le léirithe tobac i meáin shiamsaíochta atá ag éirí níos éagsúla de réir a chéile.

An cinneadh atá beartaithe maidir le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Rialacha Nós Imeachta COP, is gníomh é a mbeidh éifeacht dhlíthiúil leis mar gheall ar chineál ceangailteach na Rialacha Nós Imeachta, agus chomh maith leis sin toisc gur comhlacht é COP a bhfuil cumhachtaí cinnteoireachta aige faoi FCTC 11 . Bheadh modhnuithe ar Rialacha Nós Imeachta COP ina gceangal ar na Páirtithe in FCTC (agus, dá bhrí sin, ar an Aontas freisin) ar bhealach atá coibhéiseach leis an bPríomhchomhaontú.

An cinneadh atá beartaithe a bhaineann leis an leasú ar an nós imeachta maidir le Ceann na Rúnaíochta a cheapadh, is cinneadh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis freisin. Ar an gcéad dul síos, tá raon feidhmeanna Cheann na Rúnaíochta níos leithne ná feidhmeanna riaracháin amháin agus áirítear leo freisin an tionchar a imríonn siad ar bheartas agus obair shubstainteach FCTC. Dá thoradh sin, is cinneadh é ceapachán Cheann na Rúnaíochta a mbeadh éifeachtaí dlíthiúla leis de réir bhrí Airteagal 218(9) CFAE. Sa chonclúid sin cumhdaítear cinntí COP freisin lena leasaítear an nós imeachta um cheapachán an Chinn Rúnaíochta, ar cinntí iad de chineál eagraíochtúil a mbíonn tionchar acu ar phróiseas cinnteoireachta cinntí a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo (i.e. cinntí a bhaineann le ceapachán Cheann na Rúnaíochta).

Na gníomhartha atá beartaithe, ní gníomhartha iad lena ndéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.

Ós rud é go meastar go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla le roinnt de na cinntí a mheastar a ghlacfar ag an deichiú seisiún de COP, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta iomchuí an chinnidh ón gComhairle atá beartaithe lena mbunófar seasaimh an Aontais ag an deichiú seisiún de COP.

Ar mhaithe le héifeachtúlacht an nós imeachta, áirítear sa togra reatha le haghaidh cinneadh ón gComhairle seasaimh an Aontais maidir leis na pléití substainteacha uile agus na cinntí uile a mheastar a dhéanfar ag an deichiú seisiún de COP, gan beann ar cé acu a bheidh nó nach mbeidh éifeachtaí dlíthiúla leo.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Na prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe, baineann siad leis an margadh inmheánach, go háirithe saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine, go háirithe do dhaoine óga mar bhonn aige. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 114 CFAE a bheith ina bhunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2023/0313 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an deichiú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe i gCreat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) maidir le Rialú Tobac (FCTC)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe

Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas Creat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac (‘FCTC’) i gcrích de bhun Chinneadh 2004/513/CE ón gComhairle 12 agus tháinig sé i bhfeidhm an 27 Feabhra 2005.

(2)De bhun Airteagal 23(5) de FCTC, féadfaidh Comhdháil na bPáirtithe (‘COP’) na cinntí is gá a dhéanamh chun cur chun feidhme éifeachtach FCTC a chur chun cinn.

(3)Is é cuspóir Threoir 2014/40/AE 13 comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát maidir le monarú, cur i láthair agus díol tobac agus táirgí gaolmhara chun a áirithiú, i measc nithe eile, go gcomhlíonfaidh an tAontas a oibleagáidí faoi FCTC. Is é cuspóir Threoir 2003/33/CE 14 comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le fógraíocht agus cur chun cinn táirgí tobac.

(4)Ag an deichiú seisiún dá chuid ón 20 go dtí an 25 Samhain 2023, meastar go nglacfaidh COP gníomhartha áirithe a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, lena n‑áirítear gníomh a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais a bhaineann le rialú tobac. Dá bhrí sin, is iomchuí na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an deichiú seisiún de COP a bhunú de bhun Airteagal 218(9) CFAE.

(5)Ós rud é go bhfuil sé tábhachtach faireachán leanúnach a dhéanamh ar chomhábhair agus ar astaíochtaí táirgí tobac, go háirithe táirgí nua, is iomchuí teacht ar chomhaontú go leanfar den obair ar leibhéal grúpa saineolaithe, agus fionraíocht shainordú na meithle lena mbaineann a choinneáil ar bun.

(6)I gcomhréir le seasamh an Aontais a cuireadh in iúl ag an ochtú seisiún de COP, ba cheart don Aontas tacú le glacadh na dtreoirlínte nua atá beartaithe maidir le fógraíocht, cur chun cinn agus urraíocht tobac agus leis an léiriú ar thobac sna meáin shiamsaíochta, i gcomhréir le cuspóir foriomlán an Aontais caitheamh táirgí tobac a laghdú.

(7)Is údar imní é margadh na dtáirgí tobac atá núíosach agus na dtáirgí tobac atá ag teacht chun cinn, margadh atá ag fás go tapa ar cúis imní é sin, agus éifeachtaí na dtáirgí sin ar shláinte an duine, agus is iomchuí béim ar leagan ar a thábhachtaí atá sé faireachán leanúnach a dhéanamh ar úsáid na dtáirgí sin.

(8)Ba cheart don Aontas aitheantas a thabhairt don ghá comhoibriú go hidirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar rannchuidiú FCTC le cearta an duine a chur chun cinn agus a chomhlíonadh agus ba cheart dó a chomhaontú go gcomhoibreoidh sé ar an leibhéal idirnáisiúnta d’fhonn bearta réamhbhreathnaitheacha rialaithe tobac a shainaithint agus a phlé. Ba cheart don Aontas a chomhaontú freisin go n‑oibreoidh sé i gcomhar leis na Páirtithe uile maidir leis an dliteanas i leith na díobhála a bhaineann le tobac

(9)Ba cheart don Aontas tacú le forbairt bhreise a dhéanamh ar chóras tuairiscithe FCTC agus comhaontú le Sásra Athbhreithnithe Cur Chun Feidhme FCTC a bhunú.

(10)Ba cheart don Aontas tacú leis na socruithe dlíthiúla agus riaracháin atá beartaithe do Chiste Infheistíochta FCTC, chomh maith le glacadh an phlean oibre agus an bhuiséid atá beartaithe don tréimhse airgeadais 2024-2025 agus ba cheart dó a mholadh go bhféachfaí ar choigiltí a d’fhéadfadh a bheith ann chun méaduithe ar na Ranníocaíochtaí Measúnaithe amach anseo a sheachaint.

(11)Ba cheart don Aontas tacú le stádas breathnóra 26 eagraíocht neamhrialtasacha maidir le COP a choinneáil ar bun agus fáilte a chur roimh an deis go gcoinneofar ar an eolas é maidir leis na rúin a ghlacfaidh an Comhthionól Domhanda Sláinte atá ábhartha i dtaca le FCTC.

(12)Chun gur féidir ullmhúcháin agus ionadaíocht iomchuí a dhéanamh maidir le seasaimh an Aontais, ba cheart don Aontas leasú ar Rialacha Nós Imeachta COP a mholadh chun a cheangal ar an Rúnaíocht doiciméid oifigiúla na comhdhála a dháileadh 120 lá ar a laghad roimh gach COP.

(13)Chun an obair a dhéantar ag COP a shimpliú agus seisiúin fhíorúla COP a eagrú, agus chun foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht Ceann Rúnaíochta gníomhach a ainmniú, ba cheart don Aontas tacú freisin leis na leasuithe atá beartaithe ar Rialacha Nós Imeachta COP a ngabhann na haidhmeanna sin leo.

(14)Ba cheart don Aontas tacú le feabhas a chur ar an bpróiseas chun Ceann Rúnaíocht an Choinbhinsiúin a roghnú agus a cheapadh, go háirithe chun athnuachan aonair ar an téarma oifige a shimpliú, agus na critéir feidhmíochta oibiachtúla á n‑urramú ag an am céanna,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais ag an deichiú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe i gCreat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac, beidh siad i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Féadfaidh ionadaithe an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le coigeartú a dhéanamh ar na seasaimh dá dtagraítear in Airteagal 1, i bhfianaise na bhforbairtí ag an deichiú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe i gCreat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac, agus an comhaontú sin a dhéanamh i gcomhairle leis na Ballstáit le linn cruinnithe maidir le comhordú ar an láthair, gan cinneadh breise ón gComhairle.

Airteagal 3

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh 2004/513/CE ón gComhairle an 2 Meitheamh 2004 (2004/513/EC) i ndáil le Creat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac a thabhairt i gcrích (IO L 213, 15.6.2004, lch. 8).
(2)    Riail 8 de Rialacha Nós Imeachta Chomhdháil na bPáirtithe (FCTC).
(3)    Riail 50 de Rialacha Nós Imeachta Chomhdháil na bPáirtithe (FCTC).
(4)    Doiciméad st13022/21 ón gComhairle maidir le seasaimh ag an naoú seisiún de COP.
(5)    Bunaíodh an nós imeachta le cinntí FCTC/COP8(8) agus FCTC/MOP1(12).
(6)    Breithiúnas an 7 Deireadh Fómhair 2014 sa chás C-399/12, an Ghearmáin v an Chomhairle, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(7)    Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n‑aisghairtear Treoir 2001/37/CE, IO L 127, 29.4.2014, lch. 1.
(8)    Treoir 2003/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le fógraíocht agus urraíocht a dhéanamh ar tháirgí tobac, (IO L 152, 20.6.2003, lch. 16).
(9)    In Aithris 15 aithnítear ‘go n‑éilítear go háirithe le treoirlínte FCTC maidir le rialáil comhábhair táirgí tobac agus rialáil nochtaí táirgí tobac go mbainfí comhábhair a mhéadaíonn an blastacht, a chruthaíonn an tuiscint go bhfuil tairbhí sláinte ag baint le táirgí tobac, a bhfuil baint acu le fuinneamh agus le beogacht nó a bhfuil airíonna dathaithe acu’. Cé go léirítear in aithris 24 ‘gur gá freisin na forálacha maidir le lipéadú a oiriúnú chun na rialacha a bhfuil feidhm acu ar leibhéal an Aontais a ailíniú le forbairtí idirnáisiúnta. Mar shampla, i dtreoirlínte FCTC maidir le pacáistiú agus lipéadú táirgí tobac, éilítear go mbeidh rabhaidh ann i bhfoirm pictiúir mhóra ar an dá áit is mó taispeána, faisnéis éigeantach maidir le héirí as tobac a chaitheamh agus rialacha dochta maidir le faisnéis mhíthreorach.’
(10)    Le hAirteagal 3(4) foráiltear go nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe ‘chun caighdeáin arna gcomhaontú ag na páirtithe in FCTC nó EDS a chomhtháthú i ndlí an Aontais, ar caighdeáin iad a bhaineann le huasleibhéil astaíochtaí ó thoitíní seachas na hastaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus le hastaíochtaí ó tháirgí tobac seachas toitíní’. Agus le hAirteagal 4(5) foráiltear go nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe ‘chun caighdeáin arna gcomhaontú ag na páirtithe in FCTC nó EDS maidir le modhanna tomhais a chomhtháthú i ndlí an Aontais’.
(11)    Féach roinn 2.2 thuas.
(12)    Cinneadh 2004/513/CE ón gComhairle an 2 Meitheamh 2004 i ndáil le Creat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac a thabhairt i gcrích IO L 213, 15.6.2004, lch. 8.
(13)    Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n‑aisghairtear Treoir 2001/37/CE, IO L 127, 29.4.2014, lch. 1.
(14)    Treoir 2003/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le fógraíocht agus urraíocht táirgí tobac, IO L 152, 20.6.2003, lch. 16.

An Bhruiséil,3.4.2024

COM(2023) 514 final/2 DOWNGRADED on 1.4.2024

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an deichiú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) maidir le Rialú Tobac (FCTC)


IARSCRÍBHINN

Seasaimh an Aontais maidir leis na príomh‑shaincheisteanna a phléifear ag an deichiú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe sa Chreat‑Choinbhinsiún maidir le Rialú Tobac, i bPanama ón 20 go dtí an 25 Samhain 2023.

I.Airteagail 9 agus 10 de Chreat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac a chur chun feidhme (Rialáil an ábhair agus táirgí tobac a nochtadh): tuarascálacha ón mBiúró, ón nGrúpa Saineolaithe agus ón Eagraíochta Domhanda Sláinte (EDS)

Maidir leis na tuarascálacha ón mBiúró agus ón nGrúpa Saineolaithe, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

1.Gabhfaidh sé buíochas as an obair atá déanta ag an ngrúpa saineolaithe agus comhaontóidh sé leis na príomh‑mholtaí maidir leis an méid seo a leanas:

●is uirlis chumhachtach í rialáil táirgí tobac agus ba cheart í a bheith mar chuid d’aon straitéis chuimsitheach rialaithe tobac, go háirithe i bhfianaise mhargadh athraitheach an tobac agus athruithe sa timpeallacht rialála;

●chun aghaidh a thabhairt ar tháirgí nua thobac agus táirgí gaolmhara tá gá le cur chuige ilghnéitheach atá bunaithe ar dhea-chomhordú idir gníomhaithe éagsúla, lena n‑áirítear an Rúnaíocht, na Moil Eolais atá aici cheana, EDS, Grúpa Staidéir EDS maidir le Rialáil Táirgí Tobac, Líonra Saotharlann EDS um Tobac, lárionaid chomhoibritheacha EDS, Fóram Domhanda na Rialtóirí Tobac agus an tsochaí shibhialta; agus chomh maith leis sin

●déanfaidh sé roinnt smaointe suimiúla atá sa tuarascáil sin a thabhairt dá aire, mar atá an moladh gur cheart do Pháirtithe féachaint an bhféadfaí gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme Airteagail 9 agus 10 de FCTC a chistiú trí tháillí arna mbailiú ó oibreoirí eacnamaíocha.

2.Tabharfaidh sé dá aire an moladh maidir le mol eolais a bhunú agus iarrfaidh sé ar an Rúnaíocht agus ar an ngrúpa saineolaithe a thaispeáint a thuilleadh na buntáistí agus an breisluach a bhaineann le mol eolais forlíontach a chruthú agus an chaoi a n‑idirghníomhódh an mol sin leis na struchtúir atá ann cheana.

3.Comhaontóidh sé leanúint leis an obair ar leibhéal an ghrúpa saineolaithe d’fhonn plé a dhéanamh ar chéimeanna amach anseo i dtaca le cur chun feidhme agus forbairt fhéideartha na treorach amach anseo maidir le hAirteagail 9 agus 10, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh, ach go háirithe:

●gach saincheist agus fianaise ábhartha, lena n‑áirítear tionchar táirgí nua agus gnéithe táirgí nua a thiocfaidh isteach sa mhargadh;

●breisluach phríomh‑mholtaí an ghrúpa saineolaithe (i bpointe 1).

4.Comhaontóidh sé maidir le sainordú na meithle chun treoirlínte a fhorbairt chun Airteagail 9 agus 10 de FCTC a chur chun feidhme go leanfar le fionraíocht an tsainordaithe sin go dtí go gcinnfidh COP a mhalairt ag seisiún a thionólfar amach anseo.

Maidir leis an tuarascáil ó EDS, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

1.Cuirfidh sé fáilte roimh an bhfócas atá inti ar Chórais Leictreonacha Seachadta Nicitín (CLSN), lena n‑áirítear córais indiúscartha, Córais Leictreonacha Seachadta Neamh‑Nicitín (CLSNN), ar tháirgí atá ag teacht chun cinn agus ról na mblasanna agus na n‑oibreán blaistithe, agus ar na moltaí gaolmhara do na Páirtithe.

2.Tabharfaidh sé dá aire gur cheart monatóireacht a dhéanamh amach anseo ar CLSN indiúscartha agus ar phúitsí nicitín agus ar tháirgí nicitín eile atá saor ó thobac, agus gur cheart rialáil láidir ar an gcéad dá cheann acu a mheas chun leanaí agus déagóirí a chosaint.

3.Cuirfidh sé fáilte roimh fhorbairt, oiriúnú agus bailíochtú modhanna chun comhábhair agus astaíochtaí ábhartha na dtáirgí tobac agus nicitín, chomh maith le CLSN agus CLSNN, a chinneadh.

4.Aithneoidh sé go bhfuil aeráil ar cheann amháin de roinnt modhanna a mbaineann tionscal an tobac úsáid as chun míne a chothú agus chun táirgí a dhéanamh níos tarraingtí, rud nach mór a chur san áireamh agus iarrachtaí á ndéanamh chun leanaí, déagóirí agus daoine nach gcaitheann tobac a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le caitheamh tobac, agus a dhéanann difear do chruinneas na dtorthaí a fhaightear ó mheaisín.

5.Athdhearbhóidh sé gur cheart do EDS agus eintitis ghaolmhara leanúint den obair theicniúil.

II.Fógraíocht, cur chun cinn agus urraíocht tobac: an léiriú ar thobac sna meáin shiamsaíochta: tuarascáil ón Meitheal Oibre

Déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

1.Tacóidh sé le treoirlínte sonracha maidir le fógraíocht, cur chun cinn agus urraíocht trasteorann tobac a ghlacadh lena dtugtar aghaidh inter alia ar straitéisí margaíochta nua agus nuálacha, amhail úsáid mhéadaitheach ardáin na meán sóisialta, agus léirithe ar thobac sna meáin shiamsaíochta, lena n‑áirítear scannáin, cluichí ríomhaireachta, cláir theilifíse agus sruthaithe, ceol, físeáin, etc.

2.Ba cheart na treoirlínte sin an méid seo a leanas a dhéanamh:

●na Treoirlínte atá ann cheana maidir le hAirteagal 13 de FCTC a fhorlíonadh, agus gan iad a ionadú ar bhealach ar bith ná teacht ina n‑ionad;

●a áirithiú go mbeidh ról ríthábhachtach ag an tsochaí shibhialta maidir lena bhforfheidhmiú agus a gcur chun feidhme a áirithiú;

●ardáin chumarsáide sna meáin dhigiteacha a chumhdach ar an mbealach is leithne is féidir, lena n‑áirítear spásanna ar líne atá inrochtana ar an idirlíon inar féidir le húsáideoirí breathnú ar inneachar, nó é a phostáil, a cheannach, a chomhroinnt, a chruthú, a uaslódáil, a shruthú nó idirghníomhú leis, mar shampla aon chineál meán leictreonach amhail físeán digiteach, fuaim, pictiúir, na meáin shóisialta, aipeanna, cluichí, leathanaigh ghréasáin agus na meáin idirghníomhacha;

●a áirithiú go ndéanfar toirmisc maidir le fógraíocht, cur chun cinn agus urraíocht tobac a fhorfheidhmiú go héifeachtach trí iarraidh ar Pháirtithe obair a dhéanamh go comhoibríoch agus go córasach chun faireachán a dhéanamh ar fhógraíocht, cur chun cinn agus urraíocht trasteorann tobac, iad a shainaithint, a bhaint agus a chosc agus an méid céanna a dhéanamh maidir le fógraíocht, cur chun cinn agus urraíocht trasteorann tobac ar fud ardáin chumarsáide na meán digiteach;

●toirmeasc cuimsitheach a mholadh ar fhógraíocht, cur chun cinn agus urraíocht táirgí tobac atá núíosach agus táirgí tobac atá ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear na gairis a úsáidtear leo, arb é is feidhm dóibh tomhaltas na dtáirgí sin a chumasú;

●oibleagáidí ar leith, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a fhorchur ar óstaigh ábhair chun fógraíocht, cur chun cinn agus urraíocht tobac a shainaithint agus a bhaint anuas ar a laghad nuair a thugann na húdaráis inniúla nó an tsochaí shibhialta fógra maidir le fógraíocht, cur chun cinn agus urraíocht tobac.

III.Táirgí tobac atá núíosach agus táirgí tobac atá ag teacht chun cinn: tuarascálacha ón Rúnaíocht agus ó EDS

Maidir leis na tuarascálacha ón Rúnaíocht agus ó EDS, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas :

1.Tabharfaidh sé dá aire, agus é ina ábhar imní dó, margadh na dtáirgí tobac atá núíosach agus na dtáirgí tobac atá ag teacht chun cinn, ar margadh é atá ag fás go tapa, lena n‑áirítear táirgí tobac téite .

2.Léireoidh sé an t‑aiféala atá air gur cuireadh siar an plé substainteach ar an mír sin ar an gclár oibre, rud a chuir ar a gcumas thionscal an tobac láithreacht sa mhargadh táirgí tobac atá núíosach agus táirgí tobac atá ag teacht chun cinn a mhéadú tuilleadh idir an dá linn. D’fhéadfadh sé gur fhág sé sin go raibh moill ar ullmhúchán agus cur chun feidhme beart éifeachtach rialaithe tobac maidir leis na táirgí sin, lena n‑áirítear táirgí tobac téite.

3.Tabharfaidh sé dá aire go n‑aithnítear go bhfuil táirgí tobac atá núíosach agus táirgí tobac atá ag teacht chun cinn faoi réir fhorálacha FCTC, agus sa tuarascáil ón Rúnaíocht maidir leis na dúshláin a bhaineann le táirgí tobac núíosacha agus táirgí tobac atá ag teacht chun cinn agus maidir lena n‑aicmiú, thángthas ar an gconclúid go bhféadfar gach airteagal de FCTC agus a dtreoirlínte cur chun feidhme a chur i bhfeidhm maidir le táirgí tobac atá núíosach agus táirgí tobac atá ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear táirgí tobac téite, agus i gcás inarb iomchuí, gur cheart iad a leathnú chuig na gairis a bhfuil gá lena n‑úsáid mura gcumhdaítear iad leis an reachtaíocht náisiúnta.

4.Cuirfidh sé in iúl gur cúis bhuartha dó nár thángthas ar aon chonclúid shimplí maidir le nuashonrú agus forbairt bhreise ar threoirlínte reatha FCTC chun táirgí tobac atá núíosach agus táirgí tobac atá ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear táirgí tobac téite, a chur san áireamh go sainráite.

5.Tabharfaidh sé dá aire na conclúidí maidir le deatach, conclúidí atá ábhartha don phlé a bhaineann le tobac ar an leibhéal idirnáisiúnta agus tabharfaidh sé dá aire go bhfuil an tuarascáil neamhchonclúideach maidir le cé acu a bhíonn nó nach mbíonn dóchán ann nuair a bhíonn táirgí tobac téite á n‑úsáid.

6.Cuirfidh sé i dtábhacht gur uirlis thábhachtach i gcomhthéacs na straitéise rialaithe tobac í cáin iomchuí a ghearradh ar tháirgí tobac téite agus iad ina n‑ionadach ar tháirgí tobac eile.

7.Measfaidh sé go bhfuil sé tábhachtach faireachán leanúnach a dhéanamh ar úsáid táirgí tobac atá núíosach agus táirgí tobac atá ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear táirgí tobac téite, go háirithe ag daoine óga, chomh maith le faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i gcomhlachtaí idirnáisiúnta eile, amhail an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim, chun a sheiceáil a mhéid a bheidh gnéithe sláinte le cur san áireamh agus aicmiú custaim nua á chur chun feidhme maidir le táirgí tobac atá núíosach agus táirgí tobac atá ag teacht chun cinn agus táirgí nicitín.

IV.Bearta réamhbhreathnaitheacha rialaithe tobac (i ndáil le hAirteagal 2.1 de Chreat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac)

Déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

1.Tabharfaidh sé dá aire go ndéantar le hAirteagal 2.1 de FCTC na Páirtithe a spreagadh chun bearta a chur chun feidhme, ar bearta iad a théann thar a n‑éilítear in FCTC.

2.Comhaontóidh sé, i ndáil leis sin, comhoibriú le Páirtithe eile agus oibriú le chéile (e.g., ar leibhéal an ghrúpa saineolaithe) d’fhonn bearta réamhbhreathnaitheacha tobac a shainaithint agus a phlé laistigh de raon feidhme Airteagal 2.1 de FCTC, mar atá beartaithe, molta nó glactha i dtíortha éagsúla.

V.Cur chun feidhme Airteagal 19 de Chreat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac: Dliteanas

Déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

1.Meabhróidh sé dó, le hAirteagal 19 de FCTC go gceanglaítear ar na Páirtithe breithniú ar ghníomhaíocht reachtach a dhéanamh nó ar na dlíthe atá acu cheana a chur chun cinn, i gcás inar gá, chun déileáil le dliteanas coiriúil agus sibhialta, lena n‑áirítear cúiteamh i gcás inarb iomchuí.

2.Tabharfaidh sé aitheantas do shineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir Airteagal 19 agus Airteagal 5.3 de FCTC, agus comhaontóidh sé comhoibriú le Páirtithe eile agus oibriú le chéile (e.g., ar leibhéal an ghrúpa saineolaithe) d’fhonn féachaint ar na sineirgí agus ar na modhanna iomchuí sin chun tacú leis na Páirtithe, arna iarraidh sin dóibh, ina ngníomhaíochtaí reachtacha, forfheidhmithe agus eile, chun cuntasacht agus díspreagadh a áirithiú, chomh maith le rochtain ar cheartas agus ar leigheasanna éifeachtacha a áirithiú dóibh siúd a ndéanann díobháil tobac difear dóibh.

VI.Córas tuairiscithe Chreat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac a fheabhsú

Déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

1.Aithneoidh sé luach na dtuarascálacha tréimhsiúla maidir le cur chun feidhme an Choinbhinsiúin arna gcur isteach ag gach Páirtí.

2.Gabhfaidh sé buíochas leis an Rúnaíocht as iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí feabhas a chur ar chóras tuairiscithe FCTC agus tacú lena fhorbairt bhreise.

VII.An Sásra um Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme

Maidir leis an tuarascáil ón Rúnaíocht i ndáil leis an Sásra um Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

1.Cuirfidh sé fáilte roimh an tuarascáil agus gabhfaidh sé buíochas leis an Rúnaíocht, leis na saineolaithe agus leis na Páirtithe saorálaíochta as an treoirthionscadal a chur i gcrích go rathúil.

2.Comhaontóidh sé an Sásra um Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme agus um Tacaíocht a bhunú agus a théarmaí tagartha agus an straitéis chostáilte chun costáil mhionsonraithe a fhorbairt i leith a thacaíochta a ghlacadh.

3.Iarrfaidh sé ar an Rúnaíocht soiléiriú a dhéanamh ar na chéad chéimeanna eile maidir le seoladh an tSásra um Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme agus um Thacaíocht.

VIII.Rannchuidiú Chreat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac le cearta an duine a chur chun cinn agus a chomhlíonadh

Déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

1.Aithneoidh sé gné thacúil fhrithpháirteach FCTC agus chearta an duine agus an gá feasacht a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann le FCTC a chur chun feidhme chun cearta an duine a chomhlíonadh agus a chosaint.

2.Aithneoidh sé an gá comhoibriú go hidirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar an méadú ar thomhaltas tobac, tríd an gcreat um chearta an duine agus na hiarrachtaí maidir le rialú tobac a nascadh.

IX.An Plean Oibre agus an Buiséad atá beartaithe don tréimhse airgeadais 2024-2025

Déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

1.Tacóidh sé leis an bPlean Oibre agus an Buiséad atá beartaithe don tréimhse 2024-2025 a ghlacadh, de réir an struchtúir bhunaithe ó na tréimhsí roimhe sin.

2.Léireoidh sé gur díol sásaimh dóibh é nach bhfuil aon mhéadú beartaithe ar Ranníocaíochtaí Measúnaithe (AC) agus tacóidh sé leis na hiarrachtaí a rinne an Rúnaíocht chun na coigiltis a d’fhéadfadh a bheith ann a fhiosrú.

3.Tabharfaidh sé tacaíocht agus spreagadh maidir le ranníocaíochtaí buiséadacha breise chun tacú le cur chun feidhme leanúnach FCTC.

4.Tacóidh sé leis an gcaoi a bhfuil costais tosaigh bhainistíochta agus riaracháin an Chiste Infheistíochta á gcumhdach le ranníocaíochtaí buiséadacha breise.

X.Ciste Infheistíochta Chreat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac

Maidir leis an tuarascáil ón Rúnaíocht, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

1.Gabhfaidh sé buíochas leis an Rúnaíocht as na socruithe a dhéanamh chun Ciste Infheistíochta Chreat‑Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac a sheoladh, mar a iarradh le cinneadh COP FCTC/COP9(13).

2.Athdhearbhóidh sé na prionsabail maidir le seoladh agus oibriú an Chiste Infheistíochta mar a cuireadh i láthair le linn COP9, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas :

●Ba cheart an ranníocaíocht leis an gCiste Infheistíochta a bheith deonach i gcónaí agus níor cheart aon iarmhairt a bheith ann i gcás na bPáirtithe a chinneann gan infheistíocht a dhéanamh san ionstraim airgeadais thiomnaithe sin.

●Ba cheart na cistí a bheith comhlántach i gcónaí agus níor cheart an acmhainn bhreise a ghintear a úsáid chun teacht in ionad Ranníocaíochtaí Measúnaithe neamhíoctha nó chun deontóirí a atreorú ó Ranníocaíochtaí Seachbhuiséadacha a sholáthar nuair is iomchuí.

●Ba cheart measúnú agus faireachán a dhéanamh go cúramach ar na costais a bhaineann le hoibriú na gCistí Infheistíochta, sineirgí a lorg agus an t‑ualach oibre breise agus na costais bhreise a íocann an Rúnaíocht a theorannú.

●Ba cheart na gníomhaíochtaí a bheidh le cistiú ag an gCiste Infheistíochta a bheith mionsonraithe agus measúnaithe go soiléir, agus is iad COP agus MOP na príomhchomhlachtaí a bheidh i dteideal cinntí a dhéanamh maidir le leithdháileadh an Chiste.

●Níor cheart aon acmhainn de chuid na Rúnaíochta atá tiomnaithe don Chiste Infheistíochta dochar a dhéanamh do chomhlíonadh a príomhchuspóirí ag an Rúnaíocht.

●Áiritheofar go gcomhlíonfar Airteagal 5.3 de FCTC.

3.Tacóidh sé le Coiste Maoirseachta aonair a bhunú, a mbeidh a théarmaí tagartha iomchuí ag baint leis, a fhónfaidh do FCTC agus do Chistí Infheistíochta an Phrótacail, chun tacaíocht do COP agus MOP agus dá mBiúrónna maidir le rialachas na gCistí.

XI.Ranníocaíochtaí measúnaithe a íoc agus bearta chun líon na bPáirtithe i riaráiste a laghdú

Déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

1.Cuirfidh sé fáilte roimh an nglanadh riaráistí a rinne roinnt Páirtithe, mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí na Rúnaíochta a rinneadh chun íocaíocht Ranníocaíochtaí Measúnaithe a spreagadh agus chun líon na bPáirtithe i riaráiste a laghdú.

2.Tabharfaidh sé dá aire nach mór leanúint de ghníomhaíochtaí sin na Rúnaíochta chun aon mhéadú breise ar mhéid iomlán na Ranníocaíochtaí Measúnaithe gan íoc a sheachaint.

3.Iarrfaidh sé ar na Páirtithe a ngealltanais airgeadais don Choinbhinsiún a chomhlíonadh agus na Páirtithe uile a bhfuil Ranníocaíochtaí Measúnaithe gan íoc acu a spreagadh chun a rannchuidiú a dhéanamh i gcomhréir le FCTC a luaithe is féidir.

XII.Athbhreithniú ar chreidiúnú eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil stádas breathnóra acu ag Comhdháil na bPáirtithe

Déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

1.Gabhfaidh sé buíochas le Rúnaíocht an Choinbhinsiúin as an tuarascáil ar an mír seo a ullmhú agus tabharfaidh sé chun suntais, maidir leis na 26 eagraíocht neamhrialtasacha (ENRanna) atá creidiúnaithe mar bhreathnóirí ag COP, gur thug gach eagraíocht acu freagra ar an gceistneoir ar líne roimh an spriocdháta a bhí leagtha síos. Níor dearbhaíodh aon choinbhleachtaí leasa in aon cheann de thuarascálacha ENR.

2.Tacóidh sé leis go bhfuil stádas breathnóra na 26 eagraíocht neamhrialtasacha sin á choinneáil ar bun.

XIII.Leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Rialacha Nós Imeachta Chomhdháil na bPáirtithe

Déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

1.Molfaidh sé leasú ar Riail 8 lena gcuirtear oibleagáid ar an Rúnaíocht faoi láthair an clár oibre sealadach, mar aon le doiciméid chomhdhála eile, a dháileadh ar na Páirtithe 60 lá ar a laghad roimh lá tosaigh an tseisiúin. Ba cheart an tréimhse sin a leathnú go 120 lá roimh oscailt an tseisiúin ionas go mbeidh eagraíochtaí réigiúnacha um lánpháirtiú eacnamaíoch agus tíortha cónaidhme in ann a seasaimh a ullmhú agus a bhunú i gceart. Ba cheart an tréimhse sin a áirithiú ar a laghad maidir le doiciméid chomhdhála le haghaidh cinntí COP atá ceangailteach ó thaobh dlí de ar na Páirtithe nó a bhfuil impleachtaí tábhachtacha beartais nó dlíthiúla leo.

2.Tacóidh sé leis na leasuithe atá beartaithe chun an obair a dhéantar ag COP a shimpliú agus a réasúnú, amhail formheas na dtaifid focal ar fhocal a ghlacadh tar éis dheireadh an tseisiúin nó an fhéidearthacht ghinearálta a thabhairt isteach míreanna de chláir oibre sheisiúin COP a chraoladh beo ar an ngréasán, faoi réir fhormheas COP ag tús gach seisiúin.

3.Comhaontóidh sé soiléiriú a dhéanamh, gan Rialacha Nós Imeachta COP a leasú, go dtuigtear go n‑áirítear comhaid fuaime i dtaifid focal ar fhocal de chruinnithe iomlánacha.

4. Tacóidh sé leis an leasú a bhaineann le socrú a dhéanamh do sheisiúin fhíorúla COP; mar sin féin, níor cheart seisiúin fhíorúla a bheith teoranta go docht d’imthosca eisceachtúla, agus ar an gcaoi sin, nuair is féidir, cuirfear san áireamh an gá cothromaíocht a bhaint amach maidir leis na costais chomhshaoil a bhaineann le seisiúin ar an láthair a reáchtáil.

5.Tacóidh sé leis an leasú chun rannpháirtíocht chomhaltaí Bhiúró Chruinniú na bPáirtithe (MOP) i gceapachán Cheann na Rúnaíochta a shainiú níos soiléire, chomh maith leis an leasú lena bhforáiltear maidir leis an bhféidearthacht Ceann Rúnaíochta gníomhach a ainmniú, nuair is gá.

6. Tacóidh sé leis an leasú a bhaineann le meáin chreidiúnaithe a bheith i láthair i seisiúin phoiblí, ós rud é go mbeidh comhsheasmhacht níos fearr idir Riail 2 agus Riail 32 mar thoradh ar an leasú sin.

XIV.Sineirgí idir Comhdháil na bPáirtithe agus an Comhthionól Domhanda Sláinte a neartú: tuarascáil ó Ard‑Stiúrthóir EDS maidir le rúin agus cinntí an Chomhthionóil Dhomhanda Sláinte

Déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

1.Tabharfaidh sé dá aire an tuarascáil ó Ard‑Stiúrthóir EDS maidir le torthaí an 75ú agus an 76ú Comhthionól Domhanda Sláinte (CDS) agus ó Choistí Réigiúnacha EDS atá ábhartha do chur chun feidhme FCTC.

2.Cuirfidh sé fáilte roimh an deis a bheith curtha ar an eolas maidir leis na rúin a thógfaidh CDS atá ábhartha do FCTC.

XV.Ceapachán Cheann Rúnaíocht an Choinbhinsiúin: tuarascáil ón mBiúró

Déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

1.Tacóidh sé le feabhas a chur ar an bpróiseas chun Ceann na Rúnaíochta a roghnú agus a cheapadh, próiseas a bunaíodh le cinntí FCTC/COP8(8) agus FCTC/MOP1(12), lena n‑áirítear modhnuithe chun athnuachan aonair ar théarma oifige Cheann na Rúnaíochta go ceann 4 bliana eile a shimpliú, ar choinníoll go ndéanfar meastóireacht ar a fheidhmíocht roimh ré agus gur measúnú dearfach a bheidh ann.

2.Tacóidh sé le feabhas a chur ar na critéir maidir leis na hiarrthóirí don phost mar Cheann na Rúnaíochta a roghnú; ach iarrfaidh sé go ndéanfaí gnéithe a bhaineann leis an bPrótacal a ghabhann le FCTC a chur leis na critéir roghnúcháin. Go háirithe, ba cheart cúlra láidir, eolas agus taithí shubstainteach sa chomhrac i gcoinne na trádála aindleathaí a áireamh i gcritéir dhoiciméadacha 1, agus ba cheart taithí sa chomhrac i gcoinne na trádála aindleathaí agus naisc láidre leis an bpobal frithchalaoise idirnáisiúnta a áireamh i gcritéir dhoiciméadacha 2.

* * *