AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,6.9.2023
COM(2023) 511 final
2023/0310(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta i dtaca le glacadh beartaithe cinnidh a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 go dtí an 31 Nollaig 2024.
2.Comhthéacs an mholta
2.1.An Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992
Is é is aidhm don Chomhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (‘an Comhaontú’) go mbeidh comhar idirnáisiúnta feabhsaithe ann maidir le cúrsaí siúcra ar fud an domhain agus saincheisteanna gaolmhara, go gcuirfear fóram ar fáil le haghaidh comhairliúcháin idir-rialtasacha maidir le siúcra agus bealaí chun feabhas a chur ar gheilleagar domhanda an tsiúcra, go n‑éascófar trádáil trí fhaisnéis ar mhargadh domhanda an tsiúcra agus milseoirí eile a bhailiú agus a roinnt agus go spreagfar éileamh méadaithe ar shiúcra, go háirithe ar úsáidí neamhthraidisiúnta. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1993.
Is páirtí é an tAontas Eorpach sa Chomhaontú.
2.2.An Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta
Is í an Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta (‘ISC’) an comhlacht atá freagrach as feidhmiú na bhfeidhmeanna uile is gá chun forálacha an Chomhaontaithe a chomhlíonadh. Glacann sí rialacha agus rialacháin lena n‑áirítear rialacha nós imeachta le haghaidh ISC agus a cuid coistí agus rialacháin airgeadais agus foirne na hEagraíochta Idirnáisiúnta Siúcra (‘ISO’). Coimeádann ISC na taifid riachtanacha agus foilsíonn sé tuairisc bhliantúil agus eolas eile má mheastar é a bheith iomchuí.
Tá 2000 vóta san iomlán ag comhaltaí an Chomhaontaithe. Tá méid áirithe vótaí ag gach comhalta den Chomhaontú, méid a choigeartaítear go bliantúil agus critéir réamhshainithe sa Chomhaontú á leanúint. Déanfar cinntí uile ISC de chomhthoil, i bprionsabal, ach amháin má leagtar síos a mhalairt sa Chomhaontú. I gcás nach bhfuil comhthoil ann, déanfar cinntí agus moltaí trí vóta tromlaigh shimplí, ach amháin má fhoráiltear maidir le vóta speisialta sa Chomhaontú.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhairle Siúcra Idirnáisiúnta
An 24 Samhain 2023, le linn an 63ú seisiún de ISC, glacfaidh sé cinneadh maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú (‘an gníomh atá beartaithe’).
Tugadh i gcrích an Comhaontú le haghaidh tréimhse 3 bliana go dtí an 31 Nollaig 1995 i dtosach agus ó shin i leith, cuireadh síneadh leis go tráthrialta le haghaidh tréimhsí breise 2 bhliain, mar a fhoráiltear le hAirteagal 45 den Chomhaontú. Glacadh an síneadh deireanach i mí na Samhna 2021 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2023.
Tar éis na caibidlíochta idir comhaltaí ISO, mhol an Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra leasuithe ar an gComhaontú ina 59ú seisiún. Baineann na leasuithe sin le hAirteagal 25 den Chomhaontú, lena rialaítear glacadh an bhuiséid riaracháin agus ranníocaíochtaí na mball chomh maith leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 de ISA, tosaíochtaí oibre an Chomhaontú faoi Airteagal 32, Airteagal 33 agus Airteagal 34 an Chomhaontaithe, agus na rialacha maidir le ceapadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a leagtar amach in Airteagal 23 an Chomhaontaithe. I gcomhréir le Cinneadh 2021/1851 ón gComhairle, vótáil an tAontas i bhfabhar an Comhaontú a leasú i mí na Samhna 2021.
De réir na pleanála bunaidh, bheadh go dtí an 30 Meitheamh 2023 ag na Comhaltaí chun a n‑ionstraim ghlactha a thaisceadh. Thiocfadh na leasuithe ar an gComhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024 ar choinníoll go ndéanfadh comhaltaí a bhfuil dhá thrian ar a laghad de na vótaí acu an ionstraim ghlactha a thaisceadh. Le linn an 62ú Seisiún den Chomhairle a reáchtáladh i mí an Mheithimh 2023, chomhaontaigh an ISC síneadh a chur leis an tréimhse ina bhféadfadh na Comhaltaí a n‑ionstraim ghlactha a thaisceadh go dtí an 30 Aibreán 2024 agus cuireadh ar atráth teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe leasaithe go dtí an 1 Eanáir 2025. Dá thoradh sin, ní mór síneadh bliana a chur leis an gComhaontú reatha, go dtí an 31 Nollaig 2024. Dá bhrí sin, déanfar ranníocaíocht an Aontais le buiséad ISO do 2024 a ríomh trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle atá ann faoi láthair faoi Airteagal 25 den Chomhaontú.
Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe é a chur ar a cumas do ISO leanúint dá cuid oibre ar feadh bliain bhreise.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Thug an tAontas an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 i gcrích le Cinneadh 92/580/CEE agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1993 le haghaidh tréimhse 3 bliana go dtí an 31 Nollaig 1995. Cuireadh síneadh leis go tráthrialta ó shin i leith le haghaidh tréimhsí breise 2 bhliain, é i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2023.
Ba chomhalta gníomhach den ISO é an tAontas riamh agus is chun leas an Aontais é síneadh breise a chur leis an gComhaontú. Is mórtháirgeoir siúcra é an tAontas agus tá sé ar cheann de na comhpháirtithe trádála siúcra is mó dá bhfuil ag comhaltaí ISO.
Is comhalta amháin den Chomhaontú é an tAontas Eorpach. Le haghaidh nósanna imeachta buiséadacha (féach Airteagal 25 den Chomhaontú), i.e. chun ranníocaíochtaí bliantúla airgeadais na gComhaltaí a shocrú, leithdháiltear 508 vóta ar an Aontas amach as 2000 ar an iomlán. Tá ualú £745 ag gach vóta le haghaidh bhuiséad riaracháin 2023 agus, dá bhrí sin, is é an ranníocaíocht atá dlite do 2023 £378,460. Déantar na figiúirí seo a choigeartú ar bhonn bliantúil.
Tá cinneadh foirmiúil maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú go dtí an 31 Nollaig 2024 sceidealaithe don 63ú seisiún den Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a thionólfar an 24 Samhain 2023 i Londain.
Is é is cuspóir don togra seo údarú na Comhairle a lorg don Choimisiún chun vótáil sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta, thar ceann an Aontais, i bhfabhar síneadh a chur leis an gComhaontú go dtí an 31 Nollaig 2024.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí nós imeachta
4.1.1.Na prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Bunaíodh an Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta le hAirteagail 3 agus 8 den Chomhaontú, agus féadfar dul ar a hiontaoibh chun cinntí áirithe a ghlacadh.
Is í an éifeacht atá ag an ngníomh atá beartaithe, lena dtugtar cumhacht don Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta faoi Airteagal 45(2) den Chomhaontú, síneadh a chur le bailíocht an Chomhaontaithe, ar comhaontú idirnáisiúnta é atá ina cheangal ar an Aontas. Dá bhrí sin, tá éifeachtaí dlíthiúla leis an ngníomh atá beartaithe.
Ní fhorlíonann ná ní leasaíonn an gníomh atá beartaithe creat institiúideach an Chomhaontaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós don imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús substaintiúil dlí
4.2.1.Na prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is le comhbheartas tráchtála (trádáil i dtáirgí talmhaíochta) a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 207 CFAE a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.FOILSIÚ AN GHNÍMH ATÁ BEARTAITHE
Ós rud é go leasófar an Comhaontú le gníomh ón gComhairle Siúcra Idirnáisiúnta , is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2023/0310 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Rinne an tAontas an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (‘an Comhaontú’) a thabhairt i gcrích le Cinneadh 92/580/CEE ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1993. Tugadh an Comhaontú i gcrích le haghaidh tréimhse 3 bliana go dtí an 31 Nollaig 1995.
(2)De bhun Airteagail 3 agus 8 den Chomhaontú, bunaíodh an Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta (ISC) chun cinntí áirithe a ghlacadh. De bhun Airteagal (45)2 den Chomhaontú, féadfaidh ISC síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh tréimhsí comhleanúnacha nach rachaidh thar 2 bhliain gach uair. Ó tugadh an Comhaontú i gcrích, cuireadh síneadh leis go tráthrialta ar feadh tréimhsí breise 2 bhliain. Cuireadh an síneadh deireanach leis an gComhaontú le cinneadh ó ISC i mí na Samhna 2021 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2023.
(3)In 2021, chomhaontaigh ISC an Comhaontú a leasú agus go háirithe Airteagail 1, 23, 25, 32, 33, agus 34 de. Bhí na leasuithe ar an gComhaontú beartaithe lena dteacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024. Le linn an 62ú Seisiún de ISC, chomhaontaigh sé síneadh a chur leis an tréimhse ina bhféadfadh na Baill a n‑ionstraim ghlactha a thaisceadh go dtí an 30 Aibreán 2024 agus cuireadh ar atráth teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe leasaithe go dtí an 1 Eanáir 2025. I bhfianaise an méid sin, ní mór síneadh a chur le bailíocht an Chomhaontaithe san fhoclaíocht atá an faoi láthair.
(4)Le linn an 63ú seisiún de ISC a thionólfar an 24 Samhain 2023, glacfaidh sé cinneadh maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú san fhoclaíocht atá ann faoi láthair go dtí an 31 Nollaig 2024.
(5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 63ú seisiún de ISC a bhunú, óir is chun leas an Aontais é síneadh a chur leis an gComhaontú,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Vótáil i bhfabhar síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992, ar feadh tréimhse breise 1 bhliain ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024, is é sin an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais ag an 63ú seisiún den Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta.
Airteagal 2
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
|
RÁITEAS AIRGEADAIS
|
FinancSt/10/
PS/nd/xxxxxx
|
|
|
6.22.2023.1
|
|
|
DÁTA: 14.06.2023
|
|
1.
|
CEANNTEIDEAL BUISÉID:
14 20 03 06 Eagraíochtaí agus Comhaontuithe Idirnáisiúnta
|
LEITHREASAÍ:
DB2024 4 861 000 EUR
|
|
2.
|
TEIDEAL:
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992.
|
|
3.
|
BUNÚS DLÍ: Airteagal 207 i gcomhar le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
|
|
4.
|
AIDHMEANNA:
Síneadh bliana a chur leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra atá ann faoi láthair (1 Eanáir 2024 - 31 Nollaig 2024).
|
|
5.
|
IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS
|
TRÉIMHSE 12 MHÍ
(EUR milliún)
|
AN BHLIAIN AIRGEADAIS REATHA
2023
(EUR milliún)
|
AN CHÉAD BHLIAIN AIRGEADAIS EILE
2024
(EUR milliún)
|
|
5.0
|
CAITEACHAS
-
ARNA MHUIREARÚ AR BHUISÉAD AN AONTAIS
(AISÍOCAÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLACHA)
-
ÚDARÁIS NÁISIÚNTA
-
EILE
|
|
|
|
|
5.1
|
IONCAM
-
ACMHAINNÍ DÍLSE AN AONTAIS
(TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM)
-
NÁISIÚNTA
|
|
|
|
|
5.0.1
|
CAITEACHAS MEASTA
|
|
|
0.55
|
|
5.1.1
|
IONCAM MEASTA
|
|
|
|
|
5.2
|
MODHANNA RÍOMHA: Bunaithe ar thoimhdí ar líon measta vótaí (508) an Aontais, ar mhéid measta atá le híoc in aghaidh an vóta in GBP (745). Déantar na figiúirí a choigeartú ar bhonn bliantúil.
|
|
6.0
|
AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ Ó LEITHREASUITHE A CUIREADH ISTEACH SA CHAIBIDIL ÁBHARTHA DEN BHUISÉAD REATHA?
|
IS FÉIDIR
|
|
6.1
|
AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ TRÍ AISTRIÚ A DHÉANAMH IDIR CAIBIDLÍ AN BHUISÉID REATHA?
|
-
|
|
6.2
|
AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH?
|
-
|
|
6.3
|
AN mBEIDH GÁ LE LEITHREASUITHE A CHUR ISTEACH I mBUISÉID AMACH ANSEO?
|
BEIDH
|
|
BARÚLACHA:
Is féidir an méid iarbhír atá le híoc a bheith éagsúil ag brath ar líon deiridh na vótaí a leithdháiltear ar an Aontas, ar an méid atá le híoc in aghaidh an vóta in GBP agus ar an ráta malairte EUR/GBP. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go n‑athródh méid ranníocaíochta an Aontais le haghaidh 2024 i gcás athruithe ar bhallraíocht ISC.
|