An Bhruiséil,6.9.2023

COM(2023) 508 final

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí a aistriú ón Aontas chuig an Íoslainn ar mhaithe le cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN MHOLTA

1 2 Tá sé fíor-riachtanach an comhar idirnáisiúnta maidir le forfheidhmiú an dlí, lena náirítear malartú faisnéise, a neartú chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht agus le coireanna tromchúiseacha trasnáisiúnta. Sa tuarascáil dheireanach a d’fhoilsigh Europol maidir leis an Measúnú ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe (SOCTA), léirítear an ghné idirnáisiúnta a bhaineann le gníomhaíochtaí na neagraíochtaí coireachta is tromchúisí. Sa bhreis air sin, sa Tuarascáil dheireanach uaidh maidir le Staid agus Treochtaí Sceimhlitheoireachta, cuirtear i dtábhacht na naisc dhíreacha idir an taisteal trasnáisiúnta agus eagrú na ngníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta agus coireachta tromchúisí, mar aon leis an tábhacht a bhaineann le cionta coiriúla tromchúiseacha eile a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtúil ar mhaithe le cionta sceimhlitheoireachta a chosc agus a bhrath.

Is é atá i gceist le sonraí as an taifead ainmneacha paisinéirí (PNR), faisnéis a sholáthraíonn paisinéirí, agus a dhéanann córais rialaithe áirithinte agus imeachta na n‑aeriompróirí a bhailiú agus a choinneáil ar mhaithe lena gcuspóirí tráchtála féin. Bíonn inneachar sonraí PNR ag athrú ag brath ar an bhfaisnéis a thugtar le linn an phróisis cur in áirithint agus seiceáil isteach agus d’fhéadfadh sé gurbh é atá i gceist léi, mar shampla, dátaí taistil agus plean taistil iomlán an phaisinéara nó an ghrúpa paisinéirí atá ag taisteal le chéile, sonraí teagmhála amhail seoladh agus uimhir theileafóin, faisnéis íocaíochta, uimhir shuíocháin agus faisnéis bhagáiste.

Trí shonraí PNR a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu, is féidir eilimintí tábhachtacha a sholáthar do na húdaráis trínar féidir leo patrúin taistil amhrasacha a bhrath agus comhghleacaithe coirpeach agus sceimhlitheoirí a shainaithint, go háirithe iad siúd nach raibh na húdaráis forfheidhmithe dlí ar an eolas fúthu roimhe seo. Dá réir sin, tá próiseáil sonraí PNR anois ina huirlis forfheidhmithe dlí a mbaintear úsáid aisti go forleathan san Aontas agus lasmuigh de, chun an sceimhlitheoireacht agus cineálacha eile coireachta tromchúisí a bhrath agus chun iad a chosc freisin, cuir i gcás cionta a bhaineann le drugaí, gáinneáil ar dhaoine agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí. Tá sé cruthaithe freisin gur foinse thábhachtach faisnéise í chun tacú le himscrúdú a dhéanamh ar chásanna ina ndearnadh gníomhaíochtaí mídhleathacha den sórt sin agus chun ionchúiseamh a dhéanamh ina leith 3 .

Cé go bhfuil sé ríthábhachtach chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach a chomhrac, is cur isteach ar chosaint chearta na ndaoine aonair maidir lena gcuid sonraí pearsanta é aistriú na sonraí PNR chuig tríú tír tíortha mar aon lena bpróiseáil ag údaráis na dtíortha sin. Ar an gcúis sin, tá bunús dlí ag teastáil ina leith faoi dhlí an Aontais agus ní mór dó a bheith riachtanach, comhréireach agus faoi réir teorainneacha dochta agus coimircí éifeachtacha mar a rathaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe in Airteagail 6, 7, 8, 21, 47 agus 52 de. Chun na cuspóirí tábhachtacha sin a bhaint amach, tá gá le cothromaíocht chóir a aimsiú idir an cuspóir dlisteanach maidir leis an tslándáil phoiblí a chaomhnú agus an ceart atá ag gach duine tairbhiú de chosaint a shonraí phearsanta agus a shaoil phríobháidigh.

Is sa chomhthéacs sin a leag an Coimisiún amach ar dtús imlínte leathana bheartas seachtrach an Aontais maidir le PNR i dTeachtaireacht uaidh ó 2003 4 maidir le cur chuige an Aontais i leith sonraí PNR a aistriú ón Aontas chuig tríú tíortha, imlínte a ndearnadh athbhreithniú orthu i dTeachtaireacht a glacadh in 2010 5 . Faoi láthair tá trí chomhaontú idirnáisiúnta i bhfeidhm idir an tAontas agus tríú tíortha, is é sin an Astráil 6 , na Stáit Aontaithe (2012) 7 agus an Ríocht Aontaithe (2020) 8 , a chumhdaíonn aistriú agus próiseáil sonraí PNR ón Aontas. Tar éis na Tuairime ón gCúirt in 2017 maidir leis an gComhaontú atá beartaithe idir an tAontas agus Ceanada 9 , tá caibidlíocht PNR ar siúl faoi láthair le Ceanada go háirithe 10 .

Idir an dá linn, in 2016 ghlac Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh Treoir (AE) 2016/681 maidir le húsáid sonraí PNR chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (‘Treoir PNR’) 11 . Leis an Treoir sin, rialaítear aistriú agus próiseáil sonraí PNR san Aontas Eorpach agus leagtar síos coimircí tábhachtacha chun cearta bunúsacha a chosaint, go háirithe an ceart chun príobháideachais agus an ceart chun cosanta sonraí pearsanta. I mí an Mheithimh 2022, dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh bailíocht agus comhlíontacht na Treorach sin i leith na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i leith Chonarthaí an Aontais sa bhreithiúnais uaithi i gCás C-817/19 12 .

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá méadú tagtha ar líon na dtríú tíortha atá tar éis tosú ar a gcumais a fhorbairt chun sonraí PNR a bhailiú ó aeriompróirí. Spreagtar an treocht sin freisin mar gheall ar Rúin a ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (in 2017 agus 2019) lenar ceanglaíodh ar gach Stát an cumas a fhorbairt sonraí PNR a bhailiú agus a úsáid 13 , ar ar a mbonn sin a ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) Caighdeáin agus Cleachtais Mholta maidir le PNR (SARPanna) in 2020 trí bhíthin Leasú 28 ar Iarscríbhinn 9 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, rud a tháinig i bhfeidhm i mí Feabhra 2021 14 . 

Le seasamh an Aontais, arna bhunú le Cinneadh (AE) 2021/121 ón gComhairle, cuirtear fáilte roimh SARPanna ICAO maidir le PNR ós rud é go leagtar síos iontu coimircí uaillmhianacha maidir le cosaint sonraí, rud a chumasaítear dul chun cinn suntasach a dhéanamh ar an leibhéal idirnáisiúnta. An tráth céanna, measadh sa Chinneadh sin ón gComhairle, trí bhíthin ceangal a chur ar na Ballstáit difríocht a chlárú, go bhfuil na ceanglais a eascraíonn as dlí an Aontais (lena náirítear cásdlí ábhartha) níos éilithí ná caighdeáin áirithe ICAO, agus go bhfuil gá le bunús dlí le haghaidh aistrithe ón Aontas chuig tríú tíortha lena mbunófaí rialacha soiléire beachta agus coimircí i ndáil le húdaráis inniúla de chuid tríú tír sonraí PNR a úsáid 15 .

Sa chomhthéacs seo, cé go mbaineann an Moladh seo go sonrach le caibidlíocht leis an Íoslainn, is cuid d’iarracht níos leithne ón gCoimisiún é freisin cur chuige comhsheasmhach agus éifeachtach a shaothrú maidir le haistriú sonraí PNR chuig tríú tíortha, mar a fógraíodh sa Straitéis um an Aontas Slándála 2020-2025 16 , rud atá ag cur le SARPanna ICAO maidir le PNR, agus atá i gcomhréir le dlí an Aontais agus le cásdlí. D’iarr an Chomhairle cur chuige den sórt sin freisin sna Conclúidí uaithi ó mhí an Mheithimh 2021 17 . Leis seo, tá an Coimisiún ag iarraidh freisin freagairt do ghlaonna ó aeriompróirí maidir le soiléireacht dhlíthiúil agus tuarthacht níos fearr a áirithiú i ndáil le haistrithe PNR chuig tríú tíortha 18 .

Chuige sin, measann an Coimisiún, más rud é go léirítear comhlíontacht le Caighdeáin ICAO maidir le PNR, gur gné thábhachtach é sin atá le cur san áireamh ó thaobh dul i mbun idirphlé PNR le tríú tír ar bith. Beidh an t‑idirphlé PNR a tharlaíonn ansin dírithe ar bhunús dlí a bhunú lena gcuirfear ar a gcumas d’aeriompróirí sonraí PNR a aistriú ón Aontas chuig údarás inniúil ábhartha na tíre sin agus lena n‑áiritheofar go mbeidh úsáid sonraí PNR a fhaightear ón Aontas faoi réir coimircí iomchuí mar a cheanglaítear le dlí an Aontais.

CUSPÓIRÍ AN MHOLTA

Tá freagracht chomhroinnte ar an Íoslainn agus ar Bhallstáit den Aontas ar Páirtithe Conarthacha iad i gCoinbhinsiún Schengen, an tslándáil inmheánach a áirithiú laistigh de limistéar coiteann gan rialuithe teorann inmheánaí, lena n‑áirítear trí fhaisnéis ábhartha a mhalartú.

Léiríodh trí shonraí PNR a phróiseáil go bhfuil an fhéidearthacht ann slándáil limistéar Schengen a mhéadú trí fheabhas a chur ar chosc agus brath na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta ag na teorainneacha seachtracha agus trí chur chuige rioscabhunaithe sonraíthiomáinte a sholáthar a fhéadfaidh Ballstáit a úsáid laistigh de limistéar Schengen mar bheart cúiteach as an easpa rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha 19 .

In 2016, le Treoir PNR, bunaíodh córas uile-Aontais mar uirlis thábhachtach i measc na mBallstát chun cuidiú le slándáil inmheánach an Aontais a fheabhsú. Níl an Íoslainn faoi cheangal ag an Treoir sin ós rud é nach forbairt í ar acquis Schengen agus nach réimse í a chumhdaítear le raon feidhme Chomhaontú LEE, ar Páirtí ann í an Íoslainn in éineacht le Ballstáit an Aontais agus dhá Stát eile de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa.

Ar bhonn réamh‑mhalartuithe ar an leibhéal teicniúil, shonraigh an Íoslainn go bhfuil reachtaíocht intíre maidir le PNR glactha aici agus gur bhunaigh sí go hoifigiúil i mí na Samhna 2021 údarás inniúil atá ainmnithe chun sonraí PNR a phróiseáil agus a bhailiú maidir le heitiltí a thuirlingíonn isteach chun a haerfort nó a imíonn uathu.

Faoi dhlí an Aontais, ní fhéadfar sonraí pearsanta a aistriú ón Aontas chuig tríú tír ach amháin má áirithíonn an tír sin leibhéal cosanta do shonraí pearsanta atá coibhéiseach go bunúsach leis an leibhéal cosanta a ráthaítear laistigh den Aontas. 

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach tríú tír í an Íoslainn de réir bhrí Chaibidil V de Rialachán 2016/679 20 , ós rud é gur ionchorpraíodh an Rialachán sin le hoiriúnuithe in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). Mar sin féin, níl feidhm ag creat na rialacha a leagtar amach sa Rialachán sin maidir le próiseáil sonraí pearsanta, lena náirítear sonraí PNR, ag údaráis forfheidhmithe dlí na hÍoslainne ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena náirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus cosc a chur ar na bagairtí sin. Thairis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, agus í ag trasuí a rialacha ina hord intíre féin maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme acquis Schengen, níl an Íoslainn faoi cheangal ag Treoir (AE) 2016/680 21 ó tharla nach Ballstát den Aontas í.

Sna himthosca sin, is é sin le rá, in éagmais coimircí iomchuí i ndáil le próiseáil shonrach sonraí PNR, coimircí atá le bunú trí bhíthin bunús dlí bailí mar a cheanglaítear le dlí an Aontais, ní fhéadfaidh an Íoslainn sonraí PNR maidir le heitiltí a oibríonn aeriompróirí idir an tAontas agus an Íoslainn a fháil ná a phróiseáil go dleathach.

Dá bhrí sin, tá gá le réiteach chun an bhearna slándála sin i limistéar Schengen a líonadh, agus chun aistriú sonraí PNR ón Aontas chuig an Íoslainn a chumasú mar aitheantas ar an ngá atá le sonraí PNR a úsáid mar uirlis riachtanach sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus cineálacha eile coireachta tromchúisí.

Agus é sin i gcuimhne, is é is aidhm do chomhaontú a thabhairt i gcrích maidir le PNR an Íoslainn a chumasú chun sonraí PRN a fháil go dleathach ón Aontas agus chun cead a thabhairt dá húdarás inniúil ainmnithe úsáid a bhaint as na sonraí sin ar bhealach a n‑áirithíonn slándáil na ndaoine aonair a ghluaiseann laistigh de limistéar coiteann gan rialuithe teorann inmheánaí mar aon le cosaint na sonraí pearsanta a bhaineann leis na daoine aonair sin.

Le blianta beaga anuas, léirigh an Íoslainn gur spéis léi sonraí PNR a fháil maidir le heitiltí ón Aontas agus tús a chur le caibidlíocht ar mhaithe le Comhaontú PNR a thabhairt i gcrích leis an Aontas. Sa chomhthéacs sin, roinn an Íoslainn faisnéis ábhartha maidir lena dlí PNR intíre, agus maidir lena chomhlíontacht le Caighdeáin ICAO i leith PNR go háirithe.

Ar na cúiseanna sin, measann an Coimisiún gur tosaíocht é tús a chur le caibidlíocht leis an Íoslainn, go comhthreomhar leis an Iorua agus leis an Eilvéis, le haghaidh comhaontú déthaobhach lena gceadófar don údarás inniúil ainmnithe Íoslannach sonraí PNR ón Aontas a fháil agus a phróiseáil faoi réir coimircí iomchuí. Sa bhreis air sin, bheadh comhaontú den sórt sin ina bhealach chun comhar i bhforfheidhmiú an dlí a chothú trí fheabhas a chur ar na féidearthachtaí sonraí PNR a mhalartú idir údaráis inniúla na hÍoslainne agus údaráis inniúla de chuid Ballstát den Aontas ar mhaithe leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

GNÉITHE DLÍTHIÚLA DEN TOGRA

Is ar mhíreanna 3 agus 4 d’Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá an Moladh seo bunaithe. Sna treoracha caibidlíochta atá i gceangal leis an Moladh seo chun tús a chur le caibidlíocht leis an Íoslainn maidir le Comhaontú PNR, tugtar aird ar an gcreat AE is infheidhme maidir le cosaint sonraí (is é sin Rialachán (AE) 2016/679 22 agus Treoir (AE) 2016/680 23 ), maidir le haistriú agus próiseáil sonraí PNR (is é sin Treoir (AE) 2016/681), arna léirmhíniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcásdlí ábhartha, go háirithe Tuairim 1/15 an 26 Iúil 2017 24 agus an Breithiúnas i gCás C-817/2019 an 21 Meitheamh 2022 25 , mar aon le creat dlíthiúil na gConarthaí agus na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí a aistriú ón Aontas chuig an Íoslainn ar mhaithe le cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn Comhaontú a thabhairt i gcrích idir an Aontas agus an Íoslainn maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí a aistriú ón Aontas chuig an Íoslainn ar mhaithe le cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

(2) Ba cheart don Chomhaontú cearta bunúsacha a urramú, agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, mar atá léirmhínithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a chomhlíonadh, go háirithe an ceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh mar a aithnítear in Airteagal 7 den Chairt, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint mar a aithnítear in Airteagal 8 den Chairt, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach cothroime mar a aithnítear in Airteagal 47 den Chairt. Ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt.

(3) Ba cheart forálacha an Chomhaontaithe a bheith ag cur na gCaighdeán Idirnáisiúnta is infheidhme maidir le PNR chun cinn mar atá sa Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, is é sin in Iarscríbhinn 9 (Éascú), Caibidil 9 (An Córas um Malartú Sonraí Paisinéirí), Roinn D (Sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR)) de 26 .

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Coimisiún Eorpach le tús a chur le caibidlíocht, thar ceann an Aontais, le haghaidh Comhaontú idir an tAontas agus an Íoslainn maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí a aistriú ón Aontas chuig an Íoslainn ar mhaithe le cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. 

Airteagal 2

Leagtar amach na treoracha caibidlíochta san Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Déanfar an chaibidlíocht i gcomhar le [ainm an choiste speisialta le cur isteach ag an gComhairle].

Airteagal 4

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)     An Measúnú ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe (SOCTA) | Europol (europa.eu)
(2)     An Tuarascáil maidir le Staid & Treochtaí Sceimhlitheoireachta san Aontas (TE-SAT) | Europol (europa.eu)
(3)    Féach freisin an Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an athbhreithniú ar Threoir (AE) 2016/681 maidir le húsáid sonraí as an taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh; COM(2020) 305 final (24.7.2020).
(4)    COM(2003) 826 final (16.12.2003).
(5)    COM(2010) 492 final (21.9.2010).
(6)    IO L 186, 14.7.2012, lgh. 4–16.
(7)    IO L 215, 11.8.2012, lgh. 5–14.
(8)    IO L 149, 30.4.2021, lgh. 710 – 735.
(9)    Tuairim 1/15 ón gCúirt (Mór-Dhlísheomra) an 26 Iúil 2017, EU:C:2017:592.
(10)    Glacadh Cinntí ón gComhairle freisin lenar údaraíodh tús a chur le caibidlíocht ar chomhaontuithe maidir le haistriú agus úsáid sonraí PNR idir an tAontas agus Meicsiceo (2015), Ceanada (2017) agus an tSeapáin (2020) faoi seach.
(11)    Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 132–149), ), dá ngairtear ‘Treoir PNR’ anseo feasta nó ‘Treoir (AE) 2016/681’.
(12)    Breithiúnas ón gCúirt (an Mór-Dlísheomra) an 21 Meitheamh 2022 ‘Ligue des droits humains ASBL v Conseil des ministres’, C-817/19, EU:C:2022:491. Bhain an bhreithiúnas le hiarraidh ar réamhrialú ó Cour Constitutionnelle na Beilge. .
(13)    UNSCR 2396 (2017): ‘Tá an Chomhairle Slándála: [..] 12. Tar éis a chinneadh go bhforbróidh na Ballstáit an cumas sonraí maidir le taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) a bhailiú, a phróiseáil agus a anailísiú, ar mhaithe le caighdeáin agus cleachtais mholta ICAO a chur chun cinn, agus chun a áirithiú go núsáideann a núdaráis inniúla náisiúnta uile na sonraí PNR agus go gcomhroinntear leo iad, agus lánurraim á tabhairt do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, chun cionta sceimhlitheoireachta agus taisteal gaolmhar a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, [...]’. Féach freisin UNSCR 2482 (2019).
(14)     Iarscríbhinn 9, Caibidil 9, Roinn D a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (dá ngairtear ‘Coinbhinsiún Chicago’ anseo feasta).
(15)    Cinneadh (AE) 2021/121 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh mar fhreagra ar Litir Stáit ón Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le Leasú 28 ar Roinn D de Chaibidil 9 d’Iarscríbhinn 9 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (IO L 37, 3.2.2021, lgh. 6-9).
(16)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála, COM(2020) 605 final an 24.7.2020: [..] mar ghníomhaíocht lárthéarma, seolfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gcur chuige reatha i leith aistriú sonraí PNR chuig tríú tíortha.’.
(17)    Conclúidí ón gComhairle an 7 Meitheamh 2021 maidir le haistriú sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chuig tríú tíortha, go háirithe an Astráil agus na Stáit Aontaithe, ar mhaithe leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach a chomhrac, Doiciméad 9605/21 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2021: ‘Iarrann sí ar an gCoimisiún cur chuige comhsheasmhach agus éifeachtach a shaothrú maidir le sonraí PNR a aistriú chuig tríú tíortha chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach a chomhrac, ag tógáil ar SARPanna ICAO, agus i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha a bhunaítear faoi dhlí an Aontais.’
(18)    Mar a luann na haeriompróirí, lena náirítear mar fhreagra ar an gcomhairliúchán faoin Treochlár, is mó ná riamh atá siad i staid ‘coinbhleachta dlíthe’ idir dhá chreat rialála éagsúla, atá ar fáil ag <https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12531-Air-travel-sharing-passenger-name-data-withinthe-EU-andbeyondassessment_ga>.
(19)

   Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, ‘Straitéis i dtreo limistéar Schengen atá lánfheidhmiúil agus athléimneach’, COM(2021)277 final, 2.6.2021, leathanach 13.

(20)    IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1–88.
(21)    IO L 119, 4.5.2016, lgh. 89–131.
(22)    Féach fonóta 20.
(23)    Féach fonóta 21.
(24)    Féach fonóta 9.
(25)    Féach fonóta 12.
(26)     Iarscríbhinn 9, Caibidil 9, Roinn D a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta .

An Bhruiséil,6.9.2023

COM(2023) 508 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Moladh le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí a aistriú ón Aontas chuig an Íoslainn ar mhaithe le cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh


IARSCRÍBHINN

Treoracha le haghaidh comhaontú a chaibidliú idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí a aistriú ón Aontas chuig an Íoslainn ar mhaithe le cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh

Ba cheart an chaibidlíocht a bheith dírithe ar na cuspóirí ginearálta seo a leanas a bhaint amach:

(1)Is léiriú é an Comhaontú seo ar an riachtanas agus ar an tábhacht a bhaineann le próiseáil sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) ó thaobh an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac trí aistriú dleathach na sonraí PNR ón Aontas chuig an Íoslainn a chumasú.

(2)Chun ceanglais ábhartha dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena náirítear an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, soláthraítear sa Chomhaontú bunús dlí, coinníollacha agus coimircí le haghaidh aistriú sonraí PNR chuig an Íoslainn agus le haghaidh phróiseáil na sonraí sin ag an Íoslainn, agus áirithítear leis go gcuirtear leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí pearsanta ar fáil.

(3)Leis an gComhaontú, déantar an comhar idir Ballstáit an Aontais agus an Íoslainn a spreagadh agus a éascú trí shocruithe a bhunú le haghaidh malartuithe sonraí PNR agus na dtorthaí ó phróiseáil sonraí PNR, ar malartuithe iad atá tráthúil, éifeachtach agus éifeachtúil.

Ba cheart an chaibidlíocht a bheith dírithe ar an méid seo a leanas a bhaint amach go substainteach:

(4)Sainaithnítear sa Chomhaontú an túdarás inniúil ainmnithe Íoslannach atá freagrach as sonraí PNR a fháil ó aeriompróirí agus próiseáil bhreise a dhéanamh ar na sonraí sin faoin gComhaontú.

(5)Sonraítear go cuimsitheach sa Chomhaontú, ar bhealach soiléir, na heilimintí sonraí PNR atá le haistriú, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2016/681 chomh maith. Déantar aistrithe sonraí a laghad is féidir agus déantar iad i gcomhréir leis an gcuspóir a shonraítear sa Chomhaontú.

(6)Áirithítear leis an gComhaontú go naistrítear sonraí PNR go heisiach ar bhonn córas ‘brú’. Ní chruthaíonn minicíocht agus uainiú na naistrithe sin ualach míréasúnta d’aeriompróirí agus tá siad teoranta go docht go dtí an méid is gá, trí úsáid éifeachtach a bhaint as réitigh theicniúla choiteanna i gcás inarb iomchuí mar shampla.

(7)Áirithítear leis an gComhaontú nach bhfuil sé de cheangal ar aeriompróirí aon sonraí breise a bhailiú ná a aistriú i gcomparáid leis an méid a bhailíonn siad cheana mar chuid dá ngnó.

(8)Áirítear leis an gComhaontú rialacha maidir le slándáil sonraí, go háirithe maidir leis an tslí nach dtabharfar cead ach amháin do líon teoranta daoine cuíúdaraithe ón údarás inniúil ainmnithe Íoslannach rochtain dhíreach a bheith acu ar shonraí PNR, agus maidir le fógraí faoi sháruithe ar shlándáil sonraí a thabhairt do na húdaráis formhaoirseachta Eorpacha atá freagrach as cosaint sonraí.

(9)Sa Chomhaontú, leagtar amach go cuimsitheach na cuspóirí a bhaineann le próiseáil sonraí PNR, go háirithe trína leagan síos go ndéanfar sonraí PNR a aistriú agus a phróiseáil go heisiach ar mhaithe le cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ar bhonn na sainmhínithe a leagtar síos in ionstraimí dlí ábhartha an Aontais.

(10)Foráiltear sa Chomhaontú nach ndéanfar sonraí íogaire de réir bhrí dhlí an Aontais a phróiseáil faoin gComhaontú, lena náirítear sonraí pearsanta a léiríonn bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnachta, ballraíocht ceardchumainn nó sonraí a bhaineann le sláinte, saol gnéis nó gnéaschlaonadh an duine.

(11)Sa Chomhaontú, leagtar amach na módúlachtaí sonracha maidir leis an údarás inniúil ainmnithe Íoslannach sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú a phróiseáil. Áirítear leis coimircí le haghaidh uathphróiseáil sonraí PNR chun a áirithiú go bhfuil an uathphróiseáil sin bunaithe ar chritéir réamhbhunaithe atá neamhidirdhealaitheach, sonrach, oibiachtúil agus iontaofa, agus nach féidir cinntí a dhéanamh ar bhonn uathphróiseáil sonraí PNR amháin más cinntí iad ag a mbeadh éifeacht dhíobhálach ó thaobh an dlí de nó ag a mbeadh éifeacht thromchúiseach ar dhuine. Áirithítear leis freisin nach ndéanfar sonraí PNR a chur i gcomparáid ach amháin leis na bunachair sonraí atá ábhartha le haghaidh na gcuspóirí a chumhdaíonn an Comhaontú agus gur iontaofa agus cothrom le dáta iad na bunachair sonraí sin.

(12)Foráiltear sa Chomhaontú go gcuirfear sonraí PNR a fhaightear faoin gComhaontú faoi réir tréimhsí coinneála atá teoranta, tréimhsí nach faide iad ná an méid is gá le haghaidh an chuspóra atá á shaothrú, agus atá i gcomhréir leis, is é sin, ar mhaithe leis an gcoireacht thromchúiseach agus cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Áirithíonn na tréimhsí coinneála sin, i gcomhréir le cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nach bhféadfar sonraí PNR a choinneáil faoin gComhaontú ach amháin má bhunaítear nasc oibiachtúil idir na sonraí PNR atá le coinneáil agus an cuspóir atá á shaothrú. Ceanglaítear leis an gComhaontú go scriosfar sonraí PNR nuair a théann an tréimhse choinneála ábhartha in éag, sin nó go ndéanfar iad anaithnid sa tslí nach féidir na daoine atá i gceist a shainaithint a thuilleadh. Cuirtear san áireamh go cuí sa Chomhaontú an ceart chun saorghluaiseachta atá ag daoine in LEE, mar a fhoráiltear in Airteagail 1(2), 28 agus 31 de Chomhaontú LEE.

(13)Áirithítear sa Chomhaontú nach bhféadfaidh an túdaráis inniúil ainmnithe Íoslannach sonraí PNR a nochtadh do liosta dúnta d’údaráis inniúla eile de chuid na hÍoslainne nó d’údaráis inniúla de chuid Stát eile, lena náirítear Ballstáit den Aontas nó Tíortha eile atá Comhlachaithe le Schengen, ach amháin ar bhonn cás ar chás agus faoi choinníollacha agus coimircí áirithe. Go háirithe, ní fhéadfar nochtadh den sórt sin a dhéanamh ach amháin má fheidhmíonn an túdarás is faighteoir feidhmeanna a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta nó na coireachta tromchúisí agus má áirithíonn sé na cosaintí céanna agus na cosaintí a leagtar amach sa Chomhaontú. Déantar aistrithe ar aghaidh chuig údaráis inniúla i dtríú tíortha eile a theorannú go dtí na tíortha sin a bhfuil Comhaontú PNR coibhéiseach ag an Aontas leo nó a bhfuil cinneadh leordhóthanachta glactha ag an Aontas ina leith faoina dhlí um chosaint sonraí pearsanta lena gcumhdaítear na húdaráis ábhartha a bhfuil sé beartaithe na sonraí PNR a aistriú chucu.

(14)Áirithítear leis an gComhaontú córas formhaoirseachta a fheidhmíonn údarás poiblí neamhspleách atá freagrach as cosaint sonraí pearsanta, ag a bhfuil cumhachtaí éifeachtachta imscrúdúcháin, idirghabhála agus forfheidhmiúcháin, chun formhaoirseacht a dhéanamh ar na húdaráis inniúla ainmnithe agus údaráis inniúla eile a phróiseálann sonraí PNR faoin gComhaontú. Tá sé de chumhacht ag an údarás poiblí neamhspleách sin éisteacht le gearáin ó dhaoine aonair, go háirithe maidir le próiseáil sonraí PNR a bhaineann leo.

(15)Áirithítear leis an gComhaontú na cearta maidir le leigheas riaracháin agus breithiúnach ar bhonn neamhidirdhealaitheach, gan beann ar náisiúntacht nó ar áit chónaithe, i gcás aon duine ar ina leith a bpróiseáiltear sonraí PNR maidir leis faoin gComhaontú, i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(16)Tá forálacha sa Chomhaontú seo chun faisnéis leormhaith thrédhearcach a áirithiú d’aerphaisinéirí maidir le haistriú agus próiseáil bhreise sonraí PNR a bhaineann leo, mar aon leis an gceart chun fógra aonair a fháil i gcás nochtadh na sonraí PNR sin agus, i gcás inarb infheidhme, an ceart chun ceartaithe agus scriosta, a mhéid nach gcuireann fógra den sórt sin aon imscrúdú atá ar siúl ag na húdaráis inniúla a bhfuil na sonraí PNR in úsáid acu i mbaol.

(17)Cothaítear leis an gComhaontú comhar póilíneachta agus breithiúnach trí mhalartú sonraí PNR nó torthaí ó phróiseáil sonraí PNR idir an túdarás inniúil ainmnithe Íoslannach agus údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha de chuid Ballstát den Aontais, agus idir an túdarás inniúil ainmnithe Íoslannach ar thaobh amháin, agus Europol nó Eurojust laistigh dá gcuid inniúlachtaí féin ar an taobh eile.

(18)Áirítear leis an gComhaontú forálacha maidir le hathbhreithniú coiteann tráthrialta ar gach gné de chur chun feidhme an Chomhaontaithe. Tugtar i gcrích é ar feadh tréimhse ar leith agus áirítear ann foráil lena ndéantar an Comhaontú a athnuachan ar feadh tréimhsí comhchosúla mura dtugann Páirtí fógra faoina chinneadh é a fhoirceannadh. Foráiltear sa Chomhaontú maidir le sásra um réiteach díospóidí i ndáil lena léirmhíniú, lena chur i bhfeidhm agus lena chur chun feidhme.

(19)Tá comhúdarás ag an gComhaontú sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus áireofar clásal teanga ann chuige sin.