An Bhruiséil,25.8.2023

COM(2023) 495 final

2023/0304(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Rialachán (AE) 2023/194 1 ón gComhairle socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige. Leasaítear na deiseanna iascaireachta sin roinnt uaireanta le linn na tréimhse ina bhfuil feidhm acu chun an chomhairle eolaíoch agus na forbairtí is déanaí a chur san áireamh.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh (‘CBI’).

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá na bearta atá beartaithe comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe leis na beartais i réimse an chomhshaoil.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) bunús dlí an togra seo.

Coimhdeacht

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Leis an togra, déantar deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh 2 . De bhun Airteagail 16 agus 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, déanfaidh na Ballstáit cinneadh maidir leis an gcaoi a bhféadfar na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh a chionroinnt ar shoithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu i gcomhréir le critéir áirithe maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta. Dá bhrí sin, agus na Ballstáit ag dáileadh na ngabhálacha iomlána incheadaithe cionroinnte (TACanna), bíonn an corrlach lánroghnach is gá acu i gcomhréir leis an tsamhail shóisialta/eacnamaíoch chun na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh a shaothrú.

An rogha ionstraime

Rialachán.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, go háirithe trí na Comhairlí Comhairleacha, agus leis na Ballstáit maidir leis an gcur chuige atá aige i leith na dtograí éagsúla le haghaidh deiseanna iascaireachta, ar bhonn na Teachtaireachta bliantúla uaidh ‘I dtreo iascaireacht níos inbhuanaithe san Aontas Eorpach: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2023’ (COM(2022) 253 final).

I bhfreagraí na bpáirtithe leasmhara ar an Teachtaireacht bhliantúil sin, leagadh amach na tuairimí a bhí acu maidir le meastóireacht an Choimisiúin ar staid na n‑acmhainní agus maidir leis an bhfreagairt iomchuí bhainistíochta. Chuir an Coimisiún na freagraí san áireamh agus an togra seo á cheapadh aige.

Bailiú agus úsáid saineolais

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (‘ICES’) maidir leis an modheolaíocht atá le húsáid. Tá comhairle eolaíoch ó ICES bunaithe ar chreat arna fhorbairt ag a chuid grúpaí saineolaithe agus comhlachtaí cinnteoireachta, agus eisítear í i gcomhréir lena chreat-chomhaontú comhpháirtíochta leis an gCoimisiún.

Measúnú tionchair

Cuireann Airteagal 43(3) de CFAE teorainn le raon feidhme an togra seo.

Leis an togra seo féachtar le cur chuige gearrthéarmach a sheachaint ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht fhadtéarmach. Dá bhrí sin, cuirtear tionscnaimh ó na páirtithe leasmhara agus ó na Comhairlí Comhairleacha san áireamh ann más rud é go ndearna ICES agus/nó an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (‘STECF’) athbhreithniú dearfach orthu. Bhí an togra ón gCoimisiún maidir le CBI a athchóiriú bunaithe ar mheasúnú tionchair (SEC(2011) 891) inar measadh, cé gur coinníoll riachtanach é an cuspóir maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach chun inbhuanaitheacht comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a áirithiú, nach féidir na trí chuspóir sin a bhaint amach astu féin.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Leis an togra seo urramaítear cearta bunúsacha, agus go háirithe na cearta sin a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh impleachtaí buiséadacha ag na bearta atá beartaithe.

5.EILIMINTÍ EILE

   Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leis an togra, féachtar le Rialachán (AE) 2023/194 a mhodhnú mar a thuairiscítear thíos.

Le Rialachán (AE) 2023/194, arna leasú le Rialachán (AE) 2023/1324 ón gComhairle 3 , socraítear TAC i gcomhair ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES (uiscí na hIbéire agus uiscí timpeall ar na hAsóir) agus in uiscí an Aontais i roinn 34.1.1 (lastoir de Mhaidéara agus de na hOileáin Chanáracha) den Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair 2023, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024, agus ceadaítear leis go leanfar d’iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin.

Tar éis an chomhairle sin 4 a fhoilsiú an 21 Meitheamh 2023, ba cheart an TAC cinntitheach le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 a shocrú. Ba cheart an TAC a shocrú ar leibhéal 20 555 thona, i gcomhréir leis an gcomhairle sin.

2023/0304 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2023/194 5 ón gComhairle socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad.

(2)Le Rialachán (AE) 2023/194, arna leasú le Rialachán (AE) 2023/1324 ón gComhairle 6 , socraítear gabháil iomlán incheadaithe shealadach (‘TAC’) i gcomhair ainseabhaithe i bhfolimistéir 9 agus 10 de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (‘ICES’) agus in uiscí an Aontais i roinn 34.1.1 de Choiste Iascaigh an Atlantaigh Thoir Láir (‘CECAF’) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair 2023, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024, agus ceadaítear leis go leanfar d’iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin. Tar éis an chomhairle sin 7 a fhoilsiú an 21 Meitheamh 2023, ba cheart an TAC cinntitheach le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 a shocrú ar leibhéal 20 555 thona, i gcomhréir leis an gcomhairle sin.

(3)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/194 a leasú dá réir.

(4)I bhfianaise a phráinne atá sé cur isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(5)Ba cheart feidhm a bheith ag an TAC le haghaidh ainseabhaithe i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais i roinn 34.1.1 de CECAF ón 1 Iúil 2023. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint mar go méadaítear na deiseanna iascaireachta lena mbaineann leis an leasú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) 2023/194

Leasaítear Iarscríbhinn IA a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/194 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2023.


Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(3)    Rialachán (AE) 2023/1324 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus Rialachán (AE) 2023/194 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 166, 30.6.2023, lch. 50).
(4)     https://doi.org/10.17895/ices.advice.21907911.v1  
(5)    Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1).
(6)    Rialachán (AE) 2023/1324 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus Rialachán (AE) 2023/194 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 166, 30.6.2023, lch. 50).
(7)     https://doi.org/10.17895/ices.advice.21907911.v1 .

An Bhruiséil,25.8.2023

COM(2023) 495 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann le

Togra le haghaidh

COUNCIL REGULATION

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige









IARSCRÍBHINN

I gCuid A d’Iarscríbhinn IA, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara tábla:

Speiceas:

An t‑ainseabhaí

 

 

Limistéar:

9 agus 10; Uiscí an Aontais de CECAF 34.1.1

 

Engraulis encrasicolus

 

 

(ANE/9/3411)

 

An Spáinn

 

9 831

(1)

TAC réamhchúraim

 

 

An Phortaingéil

10 724

(1)

An tAontas

20 555

(1)

TAC

 

20 555

(1)

 

 

 

 

(1)

Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024.

’.