An Bhruiséil,14.8.2023

COM(2023) 486 final

2023/0298(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (CSI) a mhéid a bhaineann le moltaí ó pháirtithe éagsúla na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais ag an 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (‘an Coinbhinsiún’) i ndáil le glacadh na gcinntí atá beartaithe a bhaineann leis an leasú ar na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Coinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (CSI)

Is é is aidhm don Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine speicis imirceacha talún, speicis imirceacha mhara agus speicis imirceacha éan a chaomhnú i ngach cuid dá raon. Is conradh idir-rialtasach é a tugadh i gcrích faoi choimirce Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, agus is le caomhnú fiadhúlra agus gnáthóga ar scála domhanda a bhaineann sé. I bhFoscríbhinn I (speicis atá i mbaol) agus Foscríbhinn II (speicis atá le bheith mar ábhair comhaontuithe) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, liostaítear na speicis atá le caomhnú. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Samhain 1983.

Is páirtí é an tAontas Eorpach sa Choinbhinsiún 1 . Tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún.

2.2.Comhdháil na bPáirtithe

Is í Comhdháil na bPáirtithe príomhchomhlacht cinnteoireachta an Choinbhinsiúin. Liostaítear a cuid feidhmeanna in Airteagal VII den Choinbhinsiún, lena n‑áirítear cumhachtaí chun stádas caomhantais speiceas imirceach a mheas agus, dá réir sin, chun Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú. Le cinneadh a dhéanamh ag cruinniú de chuid Chomhdháil na bPáirtithe is gá tromlach dhá thrian de na Páirtithe atá i láthair agus ag vótáil, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa Choinbhinsiún.

Tionólfar an 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe in Samarkand (an Úisbéiceastáin) go luath in 2024.

2.3.Na gníomhartha atá beartaithe ó Chomhdháil na bPáirtithe

Le linn an 14ú cruinniú, tá Comhdháil na bPáirtithe chun cinntí a ghlacadh maidir le leasuithe ar na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún (‘na gníomhartha atá beartaithe’).

Is é is cuspóir do na ngníomhartha atá beartaithe Foscríbhinn I agus Foscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú, rud dá bhforáiltear in Airteagal XI den Choinbhinsiún.

I gcomhréir le hAirteagal III den Choinbhinsiún, liostófar i bhFoscríbhinn I den Choinbhinsiún na speicis imirceacha atá i mbaol ar speicis iad a bhféachfaidh Páirtithe atá ina Stáit Raoin de chuid na speiceas sin le bearta caomhnaithe éagsúla a ghlacadh ina leith agus ar speicis iad a gcuirfidh na Páirtithe sin toirmeasc ar ghabháil ainmhithe de na speicis sin ina gcás.

Sonraítear in Airteagal IV den Choinbhinsiún go liostófar i bhFoscríbhinn II speicis imirceacha a bhfuil stádas caomhantais neamhfhabhrach acu agus a dteastaíonn comhaontuithe idirnáisiúnta ina leith chun iad a chaomhnú agus a bhainistiú, chomh maith leis na speicis imirceacha sin a bhfuil stádas caomhantais acu a rachadh an comhar idirnáisiúnta a d’fhéadfaí a bhaint amach le comhaontú idirnáisiúnta go mór chun tairbhe dóibh. I gcásanna inar gá, féadfaidh speiceas imirceach a liostú i bhFoscríbhinn I agus Foscríbhinn II araon.

I gcomhréir le hAirteagal XI den Choinbhinsiún, féadfaidh aon Pháirtí tograí le haghaidh leasuithe a dhéanamh. Tiocfaidh leasú ar na Foscríbhinní i bhfeidhm i gcás gach Páirtí nócha lá tar éis an chruinnithe de chuid Chomhdháil na bPáirtithe ag a nglacfar an leasú, ach amháin i gcás na Páirtithe sin a bhfuil forchoimeádas déanta acu.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Maidir leis an 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, agus i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2023/1034 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2023 2 , molann an tAontas an Coinbhinsiún a leasú mar a leanas:

leasú ar Fhoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún chun pobal muc mhara Cheartlimistéar Mhuir Bhailt, Phocoena phocoena, a áireamh.

Tá tograí curtha isteach ag Páirtithe eile sa Choinbhinsiún chun Foscríbhinn I a leasú chun na speicis agus na fospeicis seo a leanas a áireamh inti: Lynx lynx balcanicus, Tursiops truncatus gephyreus, Pelecanus thagus, Pluvianellus socialis, pobal Dheisceart na hAfraice de Gypaetus barbatus meridionalis, Carcharias taurus, pobal na Meánmhara de Glaucostegus cemiculus, pobal na Meánmhara de Aetomylaeus bovinus, pobal na Meánmhara de Rhinoptera marginata.

Tá tograí curtha isteach ag Páirtithe eile sa Choinbhinsiún chun Foscríbhinn II a leasú chun na speicis seo a leanas a áireamh inti: Lynx lynx, Felis manul, Lama guanicoe, Tursiops truncatus gephyreus, Pelecanus thagus, Carcharias taurus, Glaucostegus cemiculus, Aetomylaeus bovinus, Rhinoptera marginata, Brachyplatystoma rousseauxii, Brachyplatystoma vaillantii.

Dá bhrí sin, is gá go ndéanfadh an Chomhairle cinneadh chun an seasamh a bhunú a ghlacfar thar ceann an Aontais ag féachaint don 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe maidir le gach togra ar leasuithe.

Ba ceart don Aontas tacú leis na tograí thuasluaite uile toisc go bhfuil siad bunaithe ar an eolaíocht agus i gcomhréir le tiomantas an Aontais don chomhar idirnáisiúnta ar son chosaint na bithéagsúlachta, lena n‑áirítear breithniú ar conas an leas is fearr a bhaint as an bhfaisnéis eolaíoch a bhaineann le gnéithe bitheolaíocha agus pointí tagartha bitheolaíocha iascaigh araon.

Dá gcuirfí na speicis sin le Foscríbhinn I nó le Foscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, mar a mholtar, ní theastódh aon athrú ar dhlí an Aontais, seachas maidir le Carcharias taurus a áireamh i bhFoscríbhinn I, pobal na Meánmhara de Aetomylaeus bovinus a áireamh i bhFoscríbhinn I, agus pobal na Meánmhara de Rhinoptera marginata a áireamh i bhFoscríbhinn I, ós rud é nach gcomhlíontar ceanglais Airteagal III(5) den Choinbhinsiún leis an leibhéal cosanta atá ann faoi láthair san Aontas i leith na speiceas sin.

Cumhdaítear an lincse Eoráiseach, Lynx lynx, le Treoir an Aontais maidir le Gnáthóga 3 . Ba cheart tacú leis an speiceas sin a chur le Foscríbhinn II, agus an fospeiceas Lynx lynx balcanicus a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

Ní stát raoin é an tAontas Eorpach i gcás na speiceas agus na bhfospeiceas Tursiops truncatus gephyreus, Pelecanus thagus, Pluvianellus socialis, Gypaetus barbatus meridionalis, agus dá bhrí sin ní theastódh aon athrú ar dhlí an Aontas chun na speicis agus na fospeicis sin a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

Ní stát raoin é an tAontas Eorpach i gcás na speiceas Felis manul, Lama guanicoe, Tursiops truncatus gephyreus, Pelecanus thagus, agus dá bhrí sin ní theastódh aon ghníomhaíocht ón Aontas chun na speicis agus na fospeicis sin a chur le Foscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

Tá an speiceas Glaucostegus cemiculus faoi dhianchosaint faoi Choinbhinsiún Barcelona 4 . Thairis sin, tá toirmeasc ar an speiceas sin a choinneáil ar bord soithí iascaireachta faoi Rialachán (AE) 1343/2011 5 . Dá bhrí sin, ba cheart tacú leis an speiceas sin a chur le Foscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus pobal Meánmhara an speicis sin a chur le Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

Níl na speicis Brachyplatystoma rousseauxii agus Brachyplatystoma vaillantii le fáil san Aontas ach i nGuáin na Fraince, áit nach bhfuil feidhm ag reachtaíocht an Aontais maidir leis an dúlra. Ba cheart tacú leis na speicis sin a chur le Foscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunófar ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a fhéadfaidh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh 6 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht í Comhdháil na bPáirtithe a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin an Coinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine.

Na gníomhartha a iarrtar ar Chomhdháil na bPáirtithe a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Na gníomhartha atá beartaithe, beidh siad ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal XI den Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine.

Ní dhéantar creat institiúideach an Choinbhinsiúin a fhorlíonadh ná a leasú de thoradh na ngníomhartha atá beartaithe.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chuid de ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na codanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomhchuid agus an ceann eile mar aidhm nó cuid theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear faoin bpríomhaidhm nó faoin bpríomhchuid.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar na ngníomhartha atá beartaithe le cosaint an chomhshaoil.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 192(1) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 192(1) CFAE a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine leis na gníomhartha ó Chomhdháil na bPáirtithe, is iomchuí iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a nglactha.

2023/0298 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (CSI) a mhéid a bhaineann le moltaí ó pháirtithe éagsúla na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin a leasú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas an Coinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh 82/461/CEE ón gComhairle 7 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Samhain 1983.

(2)De bhun Airteagal XI den Choinbhinsiún, féadfaidh Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún (‘Comhdháil na bPáirtithe’) cinntí a ghlacadh chun na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú.

(3)Glacfaidh Comhdháil na bPáirtithe, le linn an 14ú cruinniú a bheidh aici go luath in 2024, cinntí chun na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú.

(4)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinniú Chomhdháil na bPáirtithe a bhunú mar beidh na cinntí lena leasaítear na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún ceangailteach i leith an Aontais.

(5)Thíolaic an tAontas togra maidir le pobal muc mhara Cheartlimistéar Mhuir Bhailt, phocoena, a áireamh i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Ba cheart don Aontas tacú lena thogra féin. Ní theastódh aon athrú ar dhlí an Aontais mar gheall ar an leasú sin atá beartaithe.

(6)Thíolaic páirtithe eile tograí maidir le Lynx lynx balcanicus, Tursiops truncatus gephyreus, Pelecanus thagus, Pluvianellus socialis, pobal Dheisceart na hAfraice de Gypaetus barbatus meridionalis, Carcharias taurus, pobal na Meánmhara de Glaucostegus cemiculus, pobal na Meánmhara de Aetomylaeus bovinus, pobal na Meánmhara de Rhinoptera marginata a áireamh i bhFoscríbhinn I agus maidir le Lynx lynx, Felis manul, Lama guanicoe, Tursiops truncatus gephyreus, Pelecanus thagus, Carcharias taurus, Glaucostegus cemiculus, Aetomylaeus bovinus, Rhinoptera marginata, Brachyplatystoma rousseauxii, Brachyplatystoma vaillantii a áireamh i bhFoscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

(7)Ba cheart don Aontas tacú leis na tograí thuasluaite uile toisc go bhfuil siad bunaithe ar an eolaíocht, i gcomhréir le tiomantas an Aontais don chomhar idirnáisiúnta ar son chosaint na bithéagsúlachta i gcomhréir le hAirteagal 5 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, agus i gcomhréir le cinntí a glacadh ag Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún sin.

(8)Theastódh athrú ar dhlí an Aontais leis na tograí maidir leis an speiceas Carcharias taurus agus pobail na Meánmhara de Aetomylaeus bovinus agus Rhinoptera marginata a áireamh i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, ós rud é nach gcomhlíontar ceanglais Airteagal III(5) den Choinbhinsiún leis an leibhéal cosanta atá ann faoi láthair san Aontas. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún, thar ceann an Aontais, le forchoimeádas a chur isteach de bhun Airteagal XI(6) den Choinbhinsiún maidir leis na speicis sin a áireamh i bhFoscríbhinn I.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe:

(1)tacú leis na speicis nó na fospeicis seo a leanas a chur le Foscríbhinn I:

(1)Lynx lynx balcanicus

(2)Pelecanus thagus

(3)Pluvianellus socialis

(4)Pobal Dheisceart na hAfraice de Gypaetus barbatus meridionalis

(5)Pobal Cheartlimistéar Mhuir Bhailt de Phocoena phocoena 

(6)Tursiops truncatus gephyreus

(7)Pobal na Meánmhara de Glaucostegus cemiculus 

(2)tacú leis na speicis seo a leanas a chur le Foscríbhinn I, faoi réir forchoimeádas arna chur isteach ag an gCoimisiún thar ceann an Aontais:

(1)Carcharias taurus

(2)Pobal na Meánmhara de Aetomylaeus bovinus

(3)Pobal na Meánmhara de Rhinoptera marginata

(3)tacú leis na speicis seo a leanas a chur le Foscríbhinn II:

(1)Lynx lynx

(2)Felis manul

(3)Lama guanicoe

(4)Tursiops truncatus gephyreus

(5)Pelecanus thagus

(6)Carcharias taurus

(7)Glaucostegus cemiculus

(8)Aetomylaeus bovinus

(9)Rhinoptera marginata

(10)Brachyplatystoma rousseauxii

(11)Brachyplatystoma vaillantii

Airteagal 2

Féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit le linn cruinnithe comhordúcháin ar an láthair, teacht ar chomhaontú maidir le mionchoigeartú ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, i bhfianaise na bhforbairtí ag an 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine, gan cinneadh breise ón gComhairle.

Airteagal 3

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh 82/461/CEE ón gComhairle an 24 Meitheamh 1982 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine, IO L 210, 19.7.1982, lch. 10.
(2)    Cinneadh (AE) 2023/1034 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2023 maidir le togra a thíolacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, chun Foscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine a leasú, ag féachaint don 14ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, IO L 139; 26.5.2023, lch. 47.
(3)    Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le Gnáthóga, IO L 206, 22/7/1992, lgh. 7 – 50.
(4)    An Coinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara.
(5)    Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir. IO L 347, 30/12/2011, lch. 44, Leagan comhdhlúite an 10/7/2019.
(6)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(7)    Cinneadh 82/461/CEE ón gComhairle an 24 Meitheamh 1982 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le caomhnú na speiceas imirceach ainmhithe fiáine (IO L 210, 19.7.1982, lch. 10).