An Bhruiséil,28.7.2023

COM(2023) 459 final

2023/0288(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le staidreamh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí, lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2023) 295 final} - {SWD(2023) 265 final} - {SWD(2023) 266 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is staidreamh oifigiúil é staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí (LMB) a thugann tuairisc ar fheidhmiú gnólachtaí maidir le margaí saothair. Baineann na réimsí a chumhdaítear le LMB den chuid is mó le leibhéal, comhdhéanamh agus éabhlóid na gcostas saothair, le dáileadh agus struchtúr an tuillimh (lena n‑áirítear an bhearna phá idir inscní), agus staidreamh maidir le folúntais poist.

Tá staidreamh mhargadh saothair na hEorpa maidir le gnólachtaí atá tráthúil, iontaofa agus inchomparáide ag teastáil chun go gcomhlíonfaidh an tAontas na cúraimí a shanntar dó faoi Airteagal 2, Airteagal 3 agus Airteagal 4 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Teastaíonn staidreamh an mhargadh saothair Eorpaigh maidir le gnólachtaí chun beartais an Aontais a dhearadh, a chur chun feidhme agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu, go háirithe comhordú na mbeartas eacnamaíoch agus fostaíochta (Airteagal 2(3)), an bheartais airgeadaíochta (Airteagal 3 (1c)), an bheartais shóisialta (Airteagal 4(2b)), agus an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh (Airteagal 4(2c)), chomh maith le pá comhionann d’oibrithe fireanna agus baineanna (Airteagal 157(1)).

Bailíodh LMB ar leibhéal agus struchtúr na gcostas saothair ó 1959 1 agus tréimhsiúlacht 2 go 4 bliana acu, bunaithe ar reachtaíocht shonrach do gach bailiú sonraí, agus chumhdaigh sé earnálacha eacnamaíocha éagsúla (tionscal, dáileadh mórdhíola agus miondíola, iompar de bhóthar, baincéireacht agus árachas, seirbhísí). Le Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle tugadh isteach bailiúcháin chórasacha sonraí maidir le leibhéal agus comhdhéanamh na gcostas saothair (suirbhé ar chostais saothair) don bhliain 2000 agus ag eatraimh 4 bliana ina dhiaidh sin. Bhunaigh an gníomh céanna an staidreamh maidir le struchtúr agus dáileadh an tuillimh (suirbhé ar struchtúr tuillimh) do 2002 agus do mhí ionadaíoch sa bhliain sin, agus ag eatraimh 4 bliana ina dhiaidh sin. Sular glacadh Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le hinnéacs na gcostas saothair, bailíodh na sonraí faoi éabhlóid na gcostas saothair ar bhonn deonach ó bhí 1996 ann. Ar an gcaoi chéanna, le Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaíodh staidreamh maidir le folúntais poist mar bhailiú sonraí rialáilte. Níos luaithe, ba ghnách iad a bhailiú ar bhonn deonach.

Léiríodh sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí ar an iomlán mar gheall ar chreat dlíthiúil reatha na dtrí ghníomh thuasluaite. Measadh go raibh an staidreamh sin comhleanúnach, éifeachtúil, inchomparáide go ginearálta le himeacht ama agus ar fud thíortha an Aontais, agus go raibh sé iontaofa. Baintear úsáid fhorleathan as ag eagraíochtaí agus ag lucht ceaptha beartas ar gach leibhéal.

Mar sin féin, d’éirigh roinnt teorainneacha ar an staidreamh a aithníodh cheana féin tráth a glacadh na ngníomhartha dlí (codanna den gheilleagar atá ar iarraidh) níos suntasaí de réir mar a d’fhorbair beartais an Aontais, agus bhí táscairí níos cruinne ag teastáil chun faireachán a dhéanamh orthu. Mar shampla, úsáidtear LMB chun faireachán a dhéanamh ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2 , ar straitéis fostaíochta na hEorpa, ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 3 agus ar an Seimeastar Eorpach. Ina theannta sin, sa treoir maidir le pá íosta leordhóthanach a rinneadh le déanaí 4 , treoir maidir le trédhearcacht 5 pá agus an moladh ón gComhairle maidir le bunú bord táirgiúlachta náisiúnta, 6 cuireadh i dtábhacht an gá atá le staidreamh neamhchlaonta agus cuimsitheach i réimse an tuillimh agus na gcostas saothair.

Tá an fhaisnéis a bhailítear i roinnt tacar sonraí LMB claonta mar gheall ar chumhdach neamhiomlán na hearnála poiblí (nó codanna di) agus micrea-ghnólachtaí. I gcás roinnt Ballstát, ní chumhdaítear gnólachtaí ina bhfuil idir fostaí amháin agus naonúr fostaí sa suirbhé ar struchtúr tuillimh ná sa suirbhé ar chostais saothair. Cruthaíonn sé sin claontachtaí i bpríomhstaidreamh amhail an meántuilleamh agus an tuilleamh airmheánach, a úsáidtear chun an bhearna phá idir na hinscní a dhíorthú nó chun leordhóthanacht an phá íosta a mheas. Thairis sin, d’éirigh easpa oibleagáide dlíthiúla chun faisnéis a sholáthar faoin mbearna phá idir na hinscní níos deacra toisc gur ar bhonn deonach a bhailítear sonraí faoi láthair agus ní chumhdaíonn sé gach tír san Aontas ná na hathróga riachtanacha go léir. Cruthaíonn sé sin riosca chun faireachán a dhéanamh ar chomhionannas inscne agus ar dhálaí córa oibre.

Dá bhrí sin, ní féidir leas iomlán a bhaint as na sonraí a chuirtear ar fáil faoi láthair do Eurostat: Ní féidir comhiomláin an Aontais a ríomh don gheilleagar iomlán agus beidh bac ar chomparáidí trastíre i gcónaí go dtí go sínfidh gach tír san Aontas an cumhdach LMB go hiomlán.

Mar thoradh ar an ngeilleagair ar fad a chumhdach, feabhsófar cruinneas roinnt staidrimh a úsáidtear mar phríomhtháscairí eacnamaíocha Eorpacha (innéacs costais saothair, ráta folúntais) nó do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (bearna pá inscne, tuilleamh airmheánach a úsáidtear chun leordhóthanacht pá a mheas). Thairis sin, ba cheart bailiú sonraí bliantúla maidir leis an mbearna pá idir na hinscní a rialáil chun tarchur sonraí amach anseo a áirithiú agus chun a gcáilíocht a fheabhsú. Ar deireadh, ba cheart feabhas a chur ar thráthúlacht roinnt tacar sonraí LMB (e.g. innéacs na gcostas saothair) agus ba cheart roinnt bearnaí faisnéise atá ann cheana a líonadh (e.g. líon na n‑uaireanta a oibríodh).

Tá deiseanna ann freisin maidir le simpliú trí úsáid a bhaint as níos mó sonraí riaracháin agus as foinsí nuálacha (amhail cnuaschóipeáil ón ngréasán) agus comhtháthú níos fearr i measc LMB a luaithe a bheidh an creat dlíthiúil aontaithe.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Le himeacht aimsire, athraíodh an comhthéacs beartais le haghaidh LMB. In 2009, d’fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle lena fhís maidir le modh táirgthe staidreamh an Aontais Eorpaigh do na deich mbliana (2010-2020) 7 . Sa doiciméad sin scrúdaíodh na príomhathruithe i dtimpeallacht ghnó an Chórais Staidrimh Eorpaigh agus na himpleachtaí do cheapadh beartas. Cuireadh i dtábhacht ann an tábhacht a bhaineann le córas comhtháite a chuireann ar a gcumas do thíortha sonraí a bhailiú ó fhoinsí éagsúla, rud a cuireann le hinfhaighteacht agus lucht léite na hanailíse. Chuir sé béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le cáilíocht na sonraí a mhéadú toisc go bhfuil leor foinsí seachtracha ann nach gcomhlíonann na ceanglais lena bhfuil coinne maidir le staidreamh Eorpach.

In 2014, chuir an Coimisiún (Eurostat) tús leis an bpróiseas chun staidreamh sóisialta a nuachóiriú. Mar thoradh air sin, glacadh creat-rialachán le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, agus é bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair a bailíodh ó shamplaí de dhaoine agus de theaghlaigh 8 . Ina theannta sin, an 27 Samhain 2019, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Rialachán maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n‐aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó 9 . Tá an LMB ag crosbhealach an dá réimse, a bhaineann le staidreamh sóisialta ó thaobh an ábhair de a chumhdaítear agus le staidreamh gnó ó thaobh an chineáil freagróirí (fiontair) de. Ba cheart don tionscnamh seo maidir le LMB nuachóiriú an staidrimh shóisialta a thabhairt chun críche.

Leis an gcreat dlíthiúil aontaithe seo soláthrófar tagairtí córasacha do na coincheapa comhfhreagracha a úsáidtear i réimsí dlúthghaolmhara amhail na cuntais náisiúnta agus staidreamh gnó Eorpach. Ó glacadh iad, rinneadh an reachtaíocht sa dá réimse a nuashonrú agus rinneadh athbhreithniú ar a modheolaíocht (Córas Eorpach na gcuntas 2010, Rialachán maidir le Staidreamh Gnó Eorpach). Dá bhrí sin, is gá anois LMB a ailíniú chun comhsheasmhacht a thabhairt ar fud na réimsí agus soiléireacht a thabhairt d’úsáideoirí reachtaíocht LMB, lena n‑áirítear oifigí staidrimh na mBallstát.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Úsáidtear táscairí LMB chun faireachán a dhéanamh ar mhórbheartais Eorpacha, amhail Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna). Táscaire SDG faoi sprioc 5 ‘comhionannas inscne‘ is ea an bhearna phá inscne agus tá sí ina cuid de dheais an Cholúin (prionsabal 2). Tá an ceart chun pá chóir agus pá íosta leordhóthanach liostaithe faoi phrionsabal 6 (‘Pá’).

Soláthraíonn LMB príomhfhaisnéis don bheartas airgeadaíochta (innéacs costais saothair) agus úsáidfear é chun tacú leis an treoir a rinneadh le déanaí maidir le pá íosta leordhóthanach agus an treoir maidir le trédhearcacht pá.

Leis an togra seo, déanfar an creat dlíthiúil le haghaidh LMB a ailíniú tuilleadh leis na beartais agus an reachtaíocht sin de chuid an Aontais sin toisc go bhfuil siad nuacheaptha nó tagtha chun cinn ó glacadh an reachtaíocht reatha LMB.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 338(1) CFAE bunús dlí an togra seo, lena soláthraítear an creat dlíthiúil le haghaidh Staidreamh Eorpach. Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, glacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta le haghaidh táirgeadh staidrimh, i gcás inar gá sin, chun go bhféadfaidh an tAontas Eorpach a ról a fheidhmiú. Leagtar amach in Airteagal 338(2) na ceanglais maidir le staidreamh Eorpach a tháirgeadh, agus sonraítear nach mór caighdeáin neamhchlaontachta, iontaofachta, oibiachtúlachta, neamhspleáchais eolaíochta, chostéifeachtachta, agus rúndachta staidrimh a chomhlíonadh gan ualach iomarcach a chur ar ghnólachtaí, ar údaráis nó ar an bpobal.

Coimhdeacht (i gcás inniúlachta neamheisiaí)

Leis an gCóras Staidrimh Eorpach (CSE) cuirtear bonneagar faisnéise staidrimh ar fáil. Tá an córas ceaptha chun freastal ar riachtanais úsáideoirí iomadúla i sochaithe daonlathacha. I measc na bpríomhchritéar cáilíochta, ní mór don Staidreamh Eorpach a bheith comhsheasmhach agus inchomparáide. Tá inchomparáideacht an-tábhachtach do LMB mar gheall ar a ról ríthábhachtach maidir le tacú le beartais eacnamaíocha, shóisialta agus chomhtháthaithe fianaisebhunaithe. Ní féidir leis na Ballstáit staidreamh comhsheasmhach inchomparáide a tháirgeadh gan creat Eorpach soiléir a bheith ann i bhfoirm reachtaíocht an Aontais ina leagtar amach coincheapa comhchoiteanna staidrimh, formáidí tuairiscithe agus ceanglais cháilíochta. Ní féidir leis na Ballstáit cuspóir an togra atá beartaithe a bhaint amach go sásúil más ag gníomhú leo féin atá siad. Féadfar beart a ghlacadh ar bhealach níos éifeachtaí ar leibhéal an Aontais, trí ghníomh dlí de chuid an Aontais lena n‑áirithítear inchomparáideacht an staidrimh sna réimsí a chumhdaítear faoin ngníomh atá beartaithe. Féadfaidh na Ballstáit sonraí a bhailiú iad féin.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta. Déanfaidh sé cáilíocht agus inchomparáideacht an LMB Eorpaigh a bhailítear agus a thiomsaítear a áirithiú trí na prionsabail chéanna a chur i bhfeidhm ar fud na mBallstát. Áiritheofar leis freisin go mbeidh staidreamh Eorpach LMB ábhartha i gcónaí agus go ndéanfar iad a oiriúnú chun go bhfreagróidh siad do riachtanais úsáideoirí. A bhuí leis an rialachán, beifear in ann staidreamh a tháirgeadh ar bhonn níos éifeachtúla ó thaobh costais de agus sainiúlachtaí chórais staidrimh na mBallstát á n‑urramú ag an am céanna. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní bhaineann an rialachán atá beartaithe ach leis an íosmhéid a theastaíonn chun a chuspóir a bhaint amach agus ní théann sé thar an méid atá riachtanach don chuspóir sin.

An rogha ionstraime

Rialachán an ionstraim atá beartaithe.

De bharr chuspóirí agus ábhar an togra, is é rialachán an ionstraim is iomchuí. Braitheann beartais thábhachtacha an Aontais, amhail cóineasú maicreacnamaíoch, comhtháthú sóisialta, cobhsaíocht praghsanna agus comhionannas inscne go bunúsach ar staidreamh an mhargaidh saothair Eorpaigh maidir le gnólachtaí atá inchomparáide, comhchuibhithe agus ar ardchaighdeán. Is fearr is féidir iad sin a áirithiú trí rialacháin atá infheidhme go díreach sna Ballstáit agus nach gá iad a thrasuí sa dlí náisiúnta ar dtús.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí/seiceálacha oiriúnachta ex post ar an reachtaíocht atá ann cheana

Mar chuid den tionscnamh sin, rinne an Coimisiún meastóireacht ar chreat dlíthiúil reatha LMB ina gcuimsítear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999, Rialachán (AE) Uimh. 450/2003, Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 agus a mbearta cur chun feidhme.

Ar an taobh dearfach, léiríonn an mheastóireacht go gceadaíonn LMB faisnéis ar ardchaighdeán a bhailiú a úsáidtear go forleathan chun na gcríoch atá beartaithe. Baineann láidreachtaí LMB lena gcomhleanúnachas, lena n‑éifeachtúlacht, lena n‑inchomparáideacht agus le bheith seanbhunaithe, iontaofa agus le bheith á n‑úsáid ag eagraíochtaí agus lucht ceaptha beartas go forleathan ar gach leibhéal. Ceann de laigí an chreata dlí reatha is ea nach gcumhdaíonn sé bailiú sonraí ar an mbearna phá idir na hinscní. Tá easpa oibleagáide dlíthiúla chun faisnéis bhliantúil a sholáthar maidir leis an mbearna phá idir na hinscní tar éis éirí níos deacra ó chuireann bailiú deonach na sonraí isteach ar a gcáilíocht agus tarraingíonn sé tosca riosca maidir le hobair leantach ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, faireachán an Aontais ar sprioc 5 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus faireachán a dhéanamh ar an straitéis maidir le comhionannas inscne agus ar an treoir maidir le trédhearcacht pá. Tá roinnt Ballstát nár chuir aon sonraí bliantúla maidir leis an mbearna phá idir na hinscní ar fáil.

Laige eile atá sa chreat dlíthiúil reatha is ea nach ngabhann sé gníomhaithe suntasacha de gheilleagar an Aontais, amhail micrifhiontair. Tá roinnt easnaimh sa LMB a sainaithníodh cheana féin nuair a glacadh na gníomhartha dlíthiúla ann i gcónaí. Tugadh aghaidh ar na heasnaimh sin ar bhealaí éagsúla sa chreat atá ann cheana (trí staidéir indéantachta a éileamh a bhféadfadh leasú ar an reachtaíocht a bheith mar thoradh orthu nó trí thacaíocht airgeadais a sholáthar chun na cumais a theastaíonn a chruthú) ach nár réitíodh le haghaidh bailiúchán sonraí áirithe. Dá bhrí sin, tá an fhaisnéis a bhailítear claonta i roinnt LMBanna, go háirithe mar gheall ar chumhdach neamhiomlán roinnt earnálacha den gheilleagar nó de mhicrifhiontair. Mar thoradh air sin, ní féidir leas iomlán a bhaint as na sonraí a chuirtear ar fáil do Eurostat: Ní féidir comhiomláin an Aontais a ríomh don gheilleagar ar fad, agus tá sé deacair comparáid a dhéanamh idir tíortha.

Thairis sin, d’fhéadfaí feabhas a chur ar thráthúlacht agus minicíocht sonraí LMB. Léiríonn torthaí an chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara nach leor minicíocht an tsuirbhé ar struchtúr tuillimh agus an tsuirbhé ar chostais saothair a thuilleadh do roinnt úsáideoirí. Creideann siad freisin go bhféadfaí an tráthúlacht a fheabhsú don dá shuirbhé chomh maith leis an innéacs costais saothair.

Easnamh eile is ea go raibh LMB ag éirí tábhachtach le himeacht ama le haghaidh anailíse feabhsaithe nuair a díríodh níos mó ar cheapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise. Díríonn an reachtaíocht reatha ar riachtanais sonraí do na tosaíochtaí beartais tráth a forbraíodh an tionscnamh ar dtús. Le himeacht ama, tá na tosaíochtaí sin tagtha chun cinn, agus ní chumhdaíonn an LMB reatha miondealuithe beartais ná athróga go leordhóthanach a thuilleadh. Go sonrach, díríonn na bearnaí a dearbhaíodh sa chomhairliúchán le páirtithe leasmhara ar shraith athróg a d’éascódh anailís níos fearr ar na micreashonraí agus ar an mbearna phá inscne a ghabhann léi, dá gcuimseofaí sa suirbhé ar struchtúr tuillimh iad. Ar deireadh, measadh go raibh gá le tuilleadh sonraí gráinneacha maidir le folúntais.

Laige bhreise atá sa chreat dlíthiúil reatha is ea nach bhfuil sé oiriúnaithe chun foinsí nua a úsáid sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais. Leis na rialacháin LMB ní raibh sé i gceist go n‑úsáidfí sonraí nuálacha mar fhoinse fhéideartha toisc nach raibh siad ar fáil ag an am sin. Dá bhrí sin, níl an creat tuairiscithe cáilíochta reatha oiriúnach chun na foinsí nua sonraí sin a mheas. Thairis sin, bheadh doiciméadú cuí ag teastáil chun úsáid mhéadaithe a bhaint as sonraí riaracháin a breathnaíodh le blianta beaga anuas, rud nach féidir a dhéanamh tríd an tuairisciú cáilíochta atá ann faoi láthair.

Ar deireadh, níl sainmhínithe, coincheapa agus cineálacha cur chuige an chreata i réimsí staidrimh gaolmhara ar aon dul lena chéile. Cé go bhfuil LMB aonair comhleanúnach go hinmheánach, d’fhéadfaí an creat dlíthiúil a shimpliú trí théacs comhdhlúite amháin a chur in ionad na dtrí rialachán creata atá i bhfeidhm faoi láthair chun comhchuibhiú agus comhsheasmhacht iomlán a áirithiú ar fud na mbailiúchán sonraí LMB go léir.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Sa straitéis chomhairliúcháin rinneadh príomhphróifílí páirtithe leasmhara a léarscáiliú i dtrí phríomhghrúpa: (i) soláthraithe sonraí foinse (amhail sealbhóirí sonraí riaracháin) agus freagróirí (soláthraithe sonraí i ngnólachtaí atá rannpháirteach go díreach sa bhailiúchán sonraí); (ii) táirgeoirí staidrimh (institiúidí staidrimh náisiúnta den chuid is mó); agus (iii) úsáideoirí staidrimh.

Áiríodh na gníomhaíochtaí seo a leanas sa chomhairliúchán: comhairliúcháin phoiblí agus comhairliúcháin spriocdhírithe, ceardlann spriocdhírithe, agallaimh le príomhpháirtithe leasmhara agus taighde deisce.

D’éirigh leis an gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara teacht ar na grúpaí páirtithe leasmhara a bhí i gceist (seachas soláthraithe sonraí riaracháin, fiontair aonair a fhostaíonn níos lú ná 10 nduine, agus eagraíochtaí meán). Rinneadh an t‑ualach ar fhiontair a bhaineann le LMB a mheasúnú go hindíreach tríd na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta, agus thug roinnt cumann gnó a dtuairimí freisin. I bhfianaise chineál teicniúil an ábhair, measadh gur leor rannpháirtíocht fhoriomlán na bhfreagróirí chun tacú leis an meastóireacht agus an measúnú tionchair ina dhiaidh ar LMB.

Léiríodh san aiseolas ón gcomhairliúchán tacaíocht do thionscnamh an Choimisiúin agus admhaíodh ann go raibh feabhas suntasach tagtha ar chúrsaí ón ngníomhaíocht beartais roimhe sin maidir le LMB. Mar sin féin, ba chabhair é freisin chun bearnaí staidrimh agus riachtanais staidrimh nua a shainaithint nach féidir a chomhlíonadh faoin gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair. Ba iad seo a leanas na gníomhaíochtaí a mheas na grúpaí páirtithe leasmhara go léir mar thosaíocht: bailiú sonraí ar an mbearna phá idir na hinscní a rialáil, cumhdach LMB a fheabhsú agus tráthúlacht a fheabhsú. Ba é an príomhthogra ar a raibh tuairimí éagsúla ag táirgeoirí agus ag úsáideoirí ná minicíocht na mbailiúchán sonraí a dhéantar gach 4 bliana a mhéadú (suirbhé ar struchtúr tuillimh agus an tsuirbhé ar chostais saothair). Measadh gur chuir sé seo ualach ró-mhór ar na freagróirí (gnólachtaí) agus go raibh sé ró-chostasach d’institiúidí staidrimh náisiúnta. Mar sin féin, measadh go raibh sé ag tabhairt breisluach mór d’úsáideoirí.

Bailiú agus úsáid saineolais

Cuireadh an tathbhreithniú LMB i láthair agus pléadh é le grúpaí saineolaithe an Choimisiúin chun comhairle agus ionchur a lorg maidir le dul chun cinn na meastóireachta agus an mheasúnaithe tionchair. Cruinnithe de ghrúpaí saineolaithe faoi stiúir Eurostat a bhí iontu den chuid is mó le rannpháirtíocht saineolaithe na mBallstát, is é sin, an Mheitheal um Staidreamh an Mhargaidh Saothair agus ( grúpa na Stiúrthóirí Eorpacha um Staidreamh Sóisialta ). Coinníodh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach 10 ar an eolas faoin dul chun cinn freisin.

Ba é Eurostat a rinne an mheastóireacht sin le tacaíocht ó staidéar a rinneadh ar conradh le ICF SA, an Bheilg. Soláthraíodh leis an staidéar tacaíochta seo ullmhúchán na meastóireachta agus na hanailíse tionchair, anailís ar an gcomhairliúchán poiblí, agus eagrú agus anailís ar ghníomhaíochtaí an chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara (seachas an comhairliúchán poiblí a d’ullmhaigh Eurostat).

Measúnú tionchair

Fuarthas tuairim dhearfach sa mheasúnú tionchair don tionscnamh 11 sin mar aon le himní áirithe a chuir an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála in iúl, an 20 Eanáir 2023 tar éis nós imeachta i scríbhinn 12 . D’fhormhuinigh grúpa stiúrtha idirsheirbhíse i scríbhinn leagan athbhreithnithe den tuarascáil ar an measúnú tionchair ina dtugtar aghaidh ar na hábhair imní an 13 Márta 2023.

Is é an cuspóir ginearálta a leagtar amach sa mheasúnú tionchair LMB a tháirgeadh atá cothrom le dáta, ábhartha, cuimsitheach ó thaobh cumhdaigh de ar gach earnáil eacnamaíoch, inchomparáide ar fud na mBallstát agus ar aon dul le réimsí staidrimh gaolmhara. Is féidir é seo a mhiondealú ina thrí chuspóir shonracha atá ailínithe leis na fadhbanna a leagtar amach thuas:

·an creat rialála a oiriúnú ionas go mbeidh solúbthacht ann maidir le freastal ar riachtanais atá ag teacht chun cinn, staidreamh níos tráthúla a fhoilsiú, agus úsáid foinsí agus modhanna nuálacha a chur chun cinn (a ndearnadh measúnú cuí ar a gcáilíocht);

·cumhdach an staidrimh a shíneadh chuig an ngeilleagar ar fad, agus a áirithiú go gcuireann na Ballstáit uile sonraí maidir leis an mbearna pá idir na hinscní ar fáil;

·feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht le réimsí staidrimh gaolmhara.

Forbraíodh roghanna beartais trí bhearta beartais mionsonraithe a ghrúpáil ina dtugtar aghaidh ar na cuspóirí ar leith.

Is é rogha 0 an cás bunlíne.

I rogha 1, déantar na bailiúcháin sonraí a shonraítear sna trí rialachán atá ann cheana a chomhtháthú faoi aon chreat-rialachán amháin nua lena gcumhdaítear an bhearna phá idir na hinscní freisin. Tá sainmhínithe, coincheapa agus cineálacha cur chuige ar aon dul lena chéile, agus bunaítear pleanáil fhoriomlán chun tarchur sonraí a shioncrónú ar shlí níos fearr. Seachas an bunús dlí nua don bhearna phá idir na hinscní, bheadh gach feabhsúchán a théann níos faide ná athmhúnlú ar an reachtaíocht reatha deonach i gcónaí. Mar thoradh air sin, ní thugann rogha 1 aghaidh ar riachtanais atá ag teacht chun cinn. Ní thabharfadh sé aghaidh ach go páirteach ar na bearnaí cumhdaigh atá ann cheana nó chuirfeadh sé feabhas beag ar thráthúlacht na sonraí LMB do roinnt tíortha deonacha.

I rogha 2, síntear an cumhdach chuig micrifhiontair le haghaidh an tsuirbhé ar struchtúr tuillimh (ach amháin chun an phríomhfhaisnéis a bhailiú d’fhonn teorainn a chur ar an ualach), ní le haghaidh an tsuirbhé ar chostais saothair. Leathnaítear raon feidhme an dá shuirbhé sin chuig an chuid de NACE ‘Riarachán poiblí agus cosaint; slándáil shóisialta éigeantach’, agus cumhdaíonn staidreamh maidir le folúntais poist an geilleagar iomlán i ngach tír. Tá feabhas beag tagtha ar thráthúlacht don innéacs costas saothair ráithiúil agus don suirbhé a dhéantar gach 4 bliana ar struchtúr tuillimh ach ní don suirbhé ar chostais saothair. Fanann minicíocht an dá shuirbhé mar atá sí sa bhunlíne. Tá bunús dlí a fhorbairt don bhearna phá idir na hinscní agus riachtanais atá ag teacht chun cinn a chumhdach mar chuid den rogha seo freisin. Áirithítear leis an rogha seo freisin tuairisciú cáilíochta níos fearr do na bailiúcháin sonraí uile agus comhchuibhiú agus pleanáil níos fearr tríd an gcreat-rialachán comhtháite.

Le Rogha 3, téitear i ngleic go cuimsitheach leis an ngá atá leis an LMB uile a fheabhsú agus a chomhchuibhiú de réir mar a chuireann páirtithe leasmhara in iúl é. Áirítear leis na bearta beartais uile a sainaithníodh nó na bearta is uaillmhianaí nuair a bhí bearta malartacha i gceist. Baineann na bearta seo le cumhdach, tráthúlacht agus ardmhinicíocht suirbhéanna ar struchtúr tuillimh agus ar na costais saothair, tuairisciú cáilíochta agus úsáid sonraí riaracháin agus foinsí nuálacha, ailíniú coincheapa ar fud réimsí LMB, bailiú sonraí faoin bhearna phá idir na hinscní a dhéanamh éigeantach agus riachtanais atá ag teacht chun cinn a chumhdach. Ciallaíonn sé sin go síntear cumhdach an dá shuirbhé chuig micrifhiontair agus chuig an chuid de NACE ‘Riarachán poiblí agus cosaint; slándáil shóisialta éigeantach’, agus cumhdaíonn staidreamh maidir le folúntais poist an geilleagar iomlán. Léiríonn tráthúlacht an tsuirbhé ar struchtúr tuillimh feabhas suntasach, agus léiríonn an suirbhé ar chostais saothair feabhas measartha; feabhsaíonn tráthúlacht innéacs na gcostas saothair freisin. Sa rogha seo, baineann LMB leas as tuairisciú cáilíochta níos fearr agus as comhchuibhiú agus pleanáil níos fearr trí chreat-rialachán comhtháite amháin.

Rinneadh measúnú cáilíochtúil ar na ceithre rogha a roghnaíodh don mheasúnú tionchair. Rinneadh measúnú ann ar chomhréireacht, agus ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas ina dhiaidh sin.

De réir na meastachán atá bunaithe ar fhaisnéis ó na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta, cruthaíonn rogha 3 méadú suntasach ar an ualach ar ghnólachtaí, agus mar thoradh air sin tá méadú 88 % ar a gcostais ar suirbhéanna a fhreagairt. Mar thoradh ar rogha 2 tagann méadú 11 % ar an ualach ar ghnólachtaí. I rogha 3, tagann méadú 64 % ar chostais na dtiomsaitheoirí sonraí i gcomparáid le 12 % i rogha 2. Mar thoradh ar rogha 1 tagann méadú fánach ar an ualach agus ar na costais a thiteann ar ghnólachtaí agus ar institiúidí staidrimh náisiúnta.

Áirithítear comhréireacht leis na roghanna uile. Cé go gcumhdaíonn rogha 3 tograí níos uaillmhianaí, amhail minicíocht dhá bhailiúchán sonraí a tharlaíonn gach 4 bliana faoi láthair a dhúbailt, níor measadh gur rogha réalaíoch atá ann i bhfianaise an ghá atá ann faoi láthair costais agus ualach a theorannú. Mar thoradh air sin, ní dócha go bhféadfadh an Córas Staidrimh Eorpach an rogha seo a chur i bhfeidhm faoi láthair. Cé gurb é rogha 3 an ceann is éifeachtaí, is é an ceann is costasaí é freisin agus cuireann sé an t‑ualach is mó ar ghnólachtaí. De réir na soláthraithe sonraí, chruthófaí deacrachtaí tromchúiseacha sa réimse freisin dá gcuirfí rogha 3 i bhfeidhm. Sainaithníodh Rogha 2 mar an rogha a thugann aghaidh ar riachtanais úsáideoirí sonraí agus soláthraithe sonraí ar an mbealach is éifeachtaí ó thaobh costais de. Dá bhrí sin is í rogha 2 an rogha thosaíochta. Tá an togra reachtach i gcomhréir leis an rogha sin.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Mar thoradh ar an rogha thosaíochta (rogha 2) déanfar simpliú agus níos mó éifeachtúlachta ar na trí shlí seo a leanas.

(a)Na trí chreat-rialachán atá ann faoi láthair a chumasc in aon ghníomh dlí amháin.

(b)Úsáid foinsí malartacha riaracháin agus teicnící digiteacha nua-aimseartha a chothú, lena náirítear cnuaschóipeáil ón ngréasán agus sonraí párolla a aistriú go huathoibríoch, ag a mbeidh ról maidir leis an ualach ar fhiontair i gcoitinne agus ar ghnólachtaí beaga agus meánmhéide (FBManna) go háirithe a mhaolú. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach trí shonraí tuillimh agus costais saothair a bhaint as córais phárolla cuideachtaí agus as fógraí poist ón idirlíon. Ba cheart go gcuideodh sonraí nua riaracháin agus sonraí nuálacha le riachtanais atá ag teacht chun cinn a chumhdach.

(c)Gan ach athróga a bhailiú maidir le printísigh ó na tíortha sin inarb ionann iad agus sciar suntasach de na fostaithe go léir (níos mó ná 1 %).

Tríd an suirbhé ar struchtúr tuillimh a mholtar i rogha 2 a leathnú chuig micrifhiontair, is ionann an méadú ualaigh do gach FBM agus 0.24 % den mheánualach reatha i gceann gach 4 bliana. Tá sé seo bunaithe ar mheánráta samplála 2.5 % i gcás FBManna. Thairis sin, ní chumhdófar leis an síneadh ach faisnéis theoranta agus déanfar é a chothromú le simpliú an tsuirbhé ar chostais saothair ar phrintísigh.

Tá an rogha atá beartaithe i gcomhréir go hiomlán le prionsabal an cheaptha beartas atá réidh don digitiú: tá an digitiú i gcroílár na bpróiseas staidrimh sa Chóras Staidrimh Eorpach (‘digiteach mar réamhshocrú’). Cuirfear bearta sonracha chun feidhme go digiteach (foirmeacha gréasáin, próisis dhigiteacha, cláir TF) chun na costais ar institiúidí staidrimh náisiúnta agus an t‑ualach ar fhreagróirí a íoslaghdú.

Cearta bunúsacha

D’aithin an measúnú tionchair tionchar dearfach indíreach a d’fhéadfadh a bheith ann ar chearta bunúsacha. Mar thoradh ar cháilíocht níos fearr ar staidrimh faoin mbearna phá idir na hinscní (lena n‑áirítear sonraí níos fearr faoi dhaoine atá ag obair i micrifhiontair) thiocfadh feabhas ar bheartais um chearta bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní chlúdaítear cistiú bailiúchán rialta sonraí leis an togra, ach déantar foráil ann i leith comhchistiú ón Aontas maidir le hiarrachtaí nuachóirithe lena n‑áirítear treoirstaidéir agus staidéir indéantachta sna Ballstáit. Thairis sin, caithfidh acmhainní daonna agus oibriúcháin (TF) sa Choimisiún (Eurostat) a bheith seasmhach i gcónaí chun déileáil leis an ualach oibre rialála, faireacháin agus táirgthe a chruthófar leis na bailiúcháin sonraí a bheidh feabhsaithe go mór.

Beidh tréimhse neamhtheoranta i gceist le tionchar airgeadais foriomlán an togra. Tá na himpleachtaí buiséadacha measta don tréimhse atá fágtha de bhuiséad fadtéarmach reatha an Aontais 2021-2027 (ar a dtugtar an creat airgeadais ilbhliantúil freisin) i ndiaidh theacht i bhfeidhm an rialacháin leagtha amach sa ráiteas airgeadais reachtach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Meastar gurb é in 2024 a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an rialachán atá beartaithe agus go nglacfaidh an Coimisiún na bearta cur chun feidhme go gairid ina dhiaidh sin. Beidh an Rialachán infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Meastar go dtosóidh na Ballstáit ar shonraí a sholáthar don Choimisiún de réir an rialacháin nua ón mbliain tagartha 2026 le haghaidh staidrimh ar fholúntais, le haghaidh an tsuirbhé ar struchtúr tuillimh, ar an mbearna phá idir na hinscní agus ar innéacsanna chostais saothair, agus ó 2028 le haghaidh an tsuirbhé ar chostais saothair. I gcomhréir leis an measúnú tionchair, déanfar faireachán agus meastóireacht rialta ar chur chun feidhme an rialacháin a glacadh. Tá socruithe faireacháin sa mheasúnú tionchair freisin, lena n‑áirítear tograí le haghaidh na dtáscairí a úsáidfear.

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leagtar síos leis an rialachán atá beartaithe creat nua le haghaidh staidreamh saothair Eorpach maidir le gnólachtaí. Comhtháthaíonn sé staidreamh reatha maidir le struchtúr agus dáileadh tuilleamh agus costas saothair, an innéacs costais saothair, folúntais poist agus an bhearna phá idir na hinscní. Sainítear ann freisin nach mór do na Ballstáit staidreamh a sholáthar ar 3 réimse (tuillimh, costais saothair, éileamh ar shaothar), ar 5 thopaic ghaolmhara agus ar 20 topaic mhionsonraithe. Tacófar leo sin le hairteagail maidir leis an ábhar, sainmhínithe, foinsí sonraí agus modhanna (lena n‑áirítear cumasóirí sonracha chun foinsí sonraí riaracháin a athúsáid), ceanglais sonraí, meastacháin luatha, daonra staitistiúil agus aonaid staidrimh, ceanglais sonraí ad hoc, ceanglais cháilíochta agus tuairisciú cáilíochta, treoirstaidéir agus staidéir indéantachta airgeadais, agus ranníocaíochtaí féideartha airgeadais.

Sonrófar mionsonraí na gceanglas sonraí i ngníomhartha cur chun feidhme, ach leis an rialachán atá beartaithe féadfar liosta na dtopaicí mionsonraithe agus a dtréimhsiúlacht, a dtréimhsí tagartha agus a spriocdhátaí tarchurtha sonraí a leasú trí ghníomhartha tarmligthe. Foráiltear leis an togra freisin go bhféadfar freagairt do riachtanais sonraí atá le teacht le bailiúcháin sonraí ad hoc. Ar deireadh, leis an rialachán atá beartaithe, soláthraítear cómhaoiniú féideartha chun córais soláthartha staidrimh a nuachóiriú tuilleadh agus chun treoirstaidéir agus staidéir indéantachta a dhéanamh de réir mar is cuí. Moltar na cumhachtaí cur chun feidhme agus tarmligthe sin a thugtar don Choimisiún, chomh maith leis an bhféidearthacht treoirstaidéir agus staidéir indéantachta a sheoladh, ionas go gcoinneofar solúbthacht áirithe leis an gcreat nua chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais úsáideoirí atá ag teacht chun cinn agus ar dheiseanna a eascraíonn ó fhoinsí sonraí nua san fhadtéarma.

2023/0288 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le staidreamh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí, lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 13 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 14 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Teastaíonn staidreamh maidir leis an margadh saothair ar ghnólachtaí san Aontas Eorpach chun beartais an Aontais a dhearadh, a chur chun feidhme agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu, go háirithe na beartais sin lena dtugtar aghaidh ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, ar straitéis fostaíochta na hEorpa, ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus ar an Seimeastar Eorpach.

(2)Chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú i gcomhréir le Rialachán (AE) 1176/2011 15 agus chun faireachán a dhéanamh ar phá íosta leordhóthanach i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 , teastaíonn faisnéis chruinn maidir le héabhlóid na gcostas saothair in aghaidh na huaire agus na leibhéal pá ar fud na mBallstát.

(3)Baineann an Banc Ceannais Eorpach úsáid as staidreamh an mhargaidh saothair Eorpaigh maidir le gnólachtaí, i gcomhthéacs an bheartais airgeadaíochta aonair, chun faireachán a dhéanamh ar bhoilsciú agus ar rioscaí díbhoilscithe a eascraíonn as costais saothair. Dá bhrí sin, tá gá le staidreamh cruinn, tráthúil agus inchomparáide ón Aontas maidir le héabhlóid na gcostas saothair.

(4)Is gá cumhdach staidrimh maidir le folúntais agus tráthúlacht innéacs na gcostas saothair a leathnú toisc go bhfuil an dá tháscaire liostaithe i measc Phríomhtháscairí Eacnamaíocha na hEorpa (PEEIanna) 17 , a bhfuil gá leo chun faireachán a dhéanamh ar bheartais airgeadaíochta agus eacnamaíocha.

(5)Tá gá le bunús dlí chun tarchur na bearna phá bliantúla idir na hinscní chun faireachán a dhéanamh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe faoi Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe (NA) a rialáil, go háirithe, sprioc 5 maidir le Comhionannas Inscne.

(6)Chun prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha a chur chun feidhme teastaíonn sonraí inchomparáide 18 maidir le pá a fhaigheann fir agus mná. Le Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná 19 a neartú, ceanglaítear ar na Ballstáit sonraí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní atá cothrom le dáta a sholáthar don Choimisiún go bliantúil agus go tráthúil. Ba cheart an oibleagáid sin a chomhlánú leis an gcreat staidrimh iomchuí is gá chun sonraí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a thiomsú agus a tharchur.

(7)Chun an reachtaíocht atá ann cheana a shimpliú agus comhchuibhiú maidir le raon feidhme, coincheapa, sainmhínithe agus tuairisciú cáilíochta a chothú, ba cheart staidreamh uile an mhargaidh saothair Eorpaigh maidir le gnólachtaí a chumhdach leis an Rialachán seo.

(8)Leis an Rialachán seo, ba cheart riachtanais nua atá tagtha chun cinn mar thoradh ar fhorbairt agus doimhniú an Aontais agus an limistéir euro a chur san áireamh, ar choinníoll nach gcruthaíonn a fhorálacha ualach díréireach ar fhreagróirí ná ar údaráis staidrimh náisiúnta.

(9)Chun teorainn a chur leis an ualach ar fhiontair, go háirithe ar FBManna, ba cheart do na húdaráis náisiúnta staidrimh féachaint ar fhoinsí riaracháin agus nuálacha agus gan mar phríomhaidhm leo staidreamh a chur ar fáil, mar mhalairt ar shuirbhéanna staidrimh nó mar chomhlánú orthu, faoi réir na gceanglas cáilíochta maidir le staidreamh oifigiúil. Is féidir leis na forbairtí teicneolaíochta agus digiteacha is déanaí cur leis an gcuspóir seo.

(10)Chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na bpróiseas táirgthe staidrimh le haghaidh staidreamh an mhargaidh saothair agus chun an t‐ualach staidrimh ar fhreagróirí a laghdú, ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis staidrimh náisiúnta rochtain a bheith acu ar gach taifead riaracháin náisiúnta agus é a úsáid, go pras agus saor in aisce, agus na taifid riaracháin sin a chomhtháthú le staidreamh, a mhéid is gá chun staidreamh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh maidir le gnólachtaí a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, i gcomhréir le hAirteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 .

(11)Tá Rialachán Uimh. (CE) 223/2009 ina chreat tagartha don Rialachán seo, lena n‐áirítear a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí rúnda.

(12)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin, creat comhchoiteann a bhunú chun staidreamh ardcháilíochta mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh maidir le gnólachtaí a tháirgeadh go córasach, a bhaint amach go leordhóthanach ach, de bharr cúiseanna a bhaineann le comhsheasmhacht agus inchomparáideacht, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(13)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 , agus thug sé tuairim uaidh an [xxx].

(14)Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme go hiomchuí sna Ballstáit, tá gá le 12 mhí ar a laghad tar éis dháta theacht i bhfeidhm an chéad bhailiúcháin sonraí.

(15)Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo creat dlíthiúil comhchoiteann chun staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí san Aontas a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘aonad staidrimh’ an teintiteas ar a mbailítear nó ar a dtiomsaítear na sonraí;

(2)ciallaíonn ‘fiontar’ tacar aonad dlíthiúil mar a shainmhínítear i Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 gComhairle 22 ; Áirítear leis sin táirgeoirí nach táirgeoirí margaidh iad agus aonaid institiúideacha eile a bhaineann le hearnáil an rialtais ghinearálta;

(3)ciallaíonn ‘aonad áitiúil’ fiontar, nó cuid de, atá suite in áit atá sainaitheanta go geografach;

(4)ciallaíonn ‘fiontar cónaitheach’, nó ‘aonad áitiúil cónaitheach’, fiontar áitiúil, nó aonad áitiúil, a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuireann leis an olltáirgeacht intíre (OTI);

(5)ciallaíonn ‘fostaí’ duine ar bith, beag beann ar a náisiúntacht, ar a c(h)ónaitheacht nó ar a fhad a d’oibrigh sé nó sí sa Bhallstát a bhfuil conradh fostaíochta díreach aige nó aici le fiontar (bíodh an comhaontú foirmiúil nó neamhfhoirmiúil) agus a fhaigheann luach saothair, gan beann ar an gcineál oibre a dhéantar, ar líon na nuaireanta a oibrítear (lánaimseartha nó páirtaimseartha) agus ar fhad an chonartha (seasta nó éiginnte, séasúrach san áireamh); is féidir le luach saothair fostaí a bheith i bhfoirm pá agus tuarastail, lena náirítear bónais, pá as tascobair agus uainobair, liúntais, táillí, coimisiún agus luach saothair comhchineáil;

(6)ciallaíonn ‘fostóir’ fiontar nó aonad áitiúil a bhfuil conradh fostaíochta díreach aige le fostaí (cibé acu is comhaontú foirmiúil nó neamhfhoirmiúil an comhaontú);

(7)ciallaíonn ‘réimse’ tacar sonraí amháin nó níos mó a chumhdaíonn topaic amháin nó níos mó;

(8)ciallaíonn ‘topaic’ inneachar na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid staidrimh i mbailiúchán sonraí, agus cumhdaítear roinnt topaicí mionsonraithe i ngach topaic;

(9)ciallaíonn ‘topaic mhionsonraithe’ inneachar mionsonraithe na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid staidrimh a bhaineann le topaic; le gach topaic mhionsonraithe, cumhdaítear athróg amháin nó roinnt athróg;

(10)ciallaíonn ‘athróg’ airí aonaid a bhféadfadh níos mó luachanna ná ceann amháin de thacar luachanna a bheith ag gabháil leis, ar airí é a d’fhéadfadh a bheith ina dhearbhfhigiúr, ina chion, nó ina thagairt do shuíomh in aicmiú;

(11)ciallaíonn ‘miondealú’ tacar luachanna atá réamhshainithe, scoite, uileghabhálach agus comheisiatach ar féidir é a shannadh d’athróg atá ina sainghné d’aonaid staidrimh;

(12)ciallaíonn ‘micreashonraí’ sonraí nach mbaineann ach le haon aonad staidrimh amháin gan aitheantóir díreach;

(13)ciallaíonn ‘sonraí comhiomlánaithe’ sonraí a bhaineann le tacar de roinnt aonad staidrimh;

(14)ciallaíonn ‘daonra staidrimh’ an tacar d’aonaid staidrimh a bhfuil faisnéis ag teastáil ina leith agus a bhfuil gá le meastacháin ina leith;

(15)ciallaíonn ‘creat samplála’ liosta, léarscáil nó sonraíocht eile de na haonaid lena gcinntear daonra staidrimh atá le háireamh nó le sampláil go hiomlán;

(16)ciallaíonn ‘sampla’ fothacar de chreat samplála a roghnaítear a eilimintí bunaithe ar phróiseas a bhfuil dóchúlacht aitheanta ann go roghnófar iad, a ceapadh chun go bhféadfar meastacháin bhailí a fháil don daonra staidrimh;

(17)ciallaíonn ‘freagróir’ an taonad tuairiscithe a sholáthraíonn faisnéis don údarás a dhéanann an suirbhé;

(18)ciallaíonn ‘sonraí suirbhé’ sonraí a bhailítear ar shampla freagróirí agus a dhéantar a eachtarshuíomh chuig an daonra staidrimh trí mhodhanna matamaiticiúla iomchuí a úsáid;

(19)Ciallaíonn ‘taifid riaracháin’ sonraí arna nginiúint ag eintiteas riaracháin, comhlacht poiblí de ghnáth, agus gan mar phríomhaidhm leo staidreamh a chur ar fáil;

(20)Ciallaíonn ‘foinsí eile’ sonraí a ghintear ag eintiteas neamhriaracháin, lena náirítear taifid phríobháideacha, láithreáin ghréasáin agus bunachair sonraí, agus gan mar phríomhaidhm leo staidreamh oifigiúil a chur ar fáil;

(21)Ciallaíonn ‘aicmiú staidrimh’ liosta eagraithe, ina bhfuil leibhéal sonraí amháin nó níos mó, de chatagóirí gaolmhara cé go bhfuil siad comheisiatach, a úsáidtear chun faisnéis a struchtúrú i réimse staidrimh ar leith de réir a cosúlachtaí;

(22)ciallaíonn ‘tréimhse thagartha’ tréimhse dá dtagraíonn sonraí;

(23)ciallaíonn ‘tréimhse bailithe sonraí’ an tréimhse ama ina mbailítear na sonraí.

(24)ciallaíonn ‘meiteashonraí’ an fhaisnéis is gá chun staidreamh a úsáid agus a léiriú agus a thugann tuairisc ar shonraí ar bhealach struchtúrtha;

(25)ciallaíonn ‘tacair shonraí réamhsheiceáilte’ tacair shonraí a fíoraíodh ag na Ballstáit ar bhonn rialacha comhchoiteanna maidir le bailíochtú;

(26)ciallaíonn ‘tuarascáil cháilíochta’ tuarascáil ina gcuirtear faisnéis in iúl maidir le cáilíocht táirge staidrimh nó próiseas staidrimh.

Airteagal 3

Foinsí agus modhanna

1. Chun staidreamh a thiomsú faoin Rialachán seo, úsáidfidh nó athúsáidfidh na Ballstáit ceann amháin nó meascán de na foinsí seo a leanas ar choinníoll go gcomhlíonann siad na caighdeáin cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 8:

(a)sonraí an tsuirbhé;

(b)taifid riaracháin;

(c)foinsí eile.

2. Bunófar na suirbhéanna a úsáidfear chun críche staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí ar shamplaí atá ionadaíoch don phobal staidrimh. Déanfar samplaí d’fhiontair nó d’aonaid áitiúla a tharraingt as na cláir náisiúnta ghnó staidrimh mar a shainmhínítear in Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2019/2152.

3. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún (Eurostat) faoi na foinsí agus na modhanna a úsáideadh trí na tuarascálacha cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(4).

Airteagal 4

Ceanglais maidir le sonraí

1. Cumhdófar leis an staidreamh margadh saothair ar ghnólachtaí na réimsí agus na topaicí seo a leanas:

(a)tuillimh:

(i) struchtúr an tuillimh;

(ii) an bhearna phá idir na hinscní;

(b)costais saothair:

(i) struchtúr na gcostas saothair;

(ii) innéacs na gcostas saothair;

(c)éileamh ar shaothar:

(i) folúntais phoist.

Ar na topaicí maidir le hinnéacs na gcostas saothair, dá dtagraítear i bpointe (b)(ii), agus folúntais poist, dá dtagraítear i bpointe (c)(i), áirítear a meastacháin luatha faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 5.

2. I gcás gach topaice a liostaítear i mír 1, is mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a bheidh na topaicí mionsonraithe, a dtréimhsiúlacht chomhfhreagrach, a dtréimhsí tagartha agus a spriocdhátaí tarchuir.

3. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 chun liosta na dtopaicí mionsonraithe, an tréimhsiúlacht, na tréimhsí tagartha agus na spriocdhátaí tarchuir a leagtar amach san Iarscríbhinn a leasú.

4. Agus an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun mhír 3 á feidhmiú aige, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfear ualach suntasach díréireach ar na Ballstáit agus ar fhreagróirí leis na leasuithe. Chun na críche sin, seolfar staidéir indéantachta mar a leagtar amach in Airteagal 9 agus déanfar torthaí na staidéar sin a mheasúnú go cuí agus a chur san áireamh.

5. Tarchuirfear na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat) i bhfoirm sonraí comhiomlánaithe, cé is moite de struchtúr topaice an tuillimh, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(i), a dtarchuirfear micreashonraí ina leith maidir le fostaithe aonair agus maidir le haonaid áitiúla.

6. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí réamhsheiceáilte agus na meiteashonraí gaolmhara a tharchur trí fhormáid theicniúil a úsáid a shonraigh an Coimisiún (Eurostat) do gach tacar sonraí. Úsáidfear seirbhísí an phointe iontrála aonair chun na sonraí a chur ar fáil don gCoimisiún (Eurostat).

7. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar na gnéithe seo a leanas le haghaidh gach ábhair:

(a)liosta agus tuairisc ar na hathróga;

(b)aicmithe staidrimh agus miondealuithe sonraí;

(c)spriocanna beachtais;

(d)na meiteashonraí a bheidh le tarchur leis an tréimhsiúlacht, leis an tréimhse tagartha agus leis na spriocdhátaí céanna leis na sonraí dá dtagraíonn siad;

(e)na tréimhsí bailithe sonraí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) 12 mhí ar a laghad roimh thús na tréimhse tagartha ábhartha.

Airteagal 5

Meastacháin luatha

1. Tarchuirfear meastacháin luatha maidir leis an innéacs costais saothair dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(ii) agus maidir leis na folúntais dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c)(i):

(a)ag Ballstáit arb ionann a líon bliantúil fostaithe agus níos mó ná 3 % d’iomlán an Aontais, do gach ceann de na 3 bliana as a chéile is déanaí; agus

(b)ag Ballstáit limistéar an euro arb ionann a líon bliantúil fostaithe agus níos mó ná 3 % d’iomlán limistéar an euro, do gach ceann de na 3 bliana as a chéile is déanaí;

2. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar chion na bhfostaithe in iomlán an Aontais agus in iomlán limistéar an euro a luaitear i mír 1, bunaithe ar shonraí bliantúla an tsuirbhé ar an lucht saothair de chuid an Aontais atá ar fáil.

3. I gcás ina mbeidh aon athrú ar liosta na mBallstát a bhfuil a líon bliantúil fostaithe níos airde ná na tairseacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) fógra chuig an mBallstát nó chuig na Ballstáit lena mbaineann laistigh de 6 mhí tar éis dheireadh na tréimhse a úsáideadh chun an tairseach 3 % a mheasúnú. Má thiteann cion nuashonraithe na bhfostaithe faoi bhun na dtairseach faoi seach dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1, beidh cead ag an mBallstát nó ag na Ballstáit lena mbaineann stop a chur le meastacháin luatha a tharchur amhail ón ráithe thagartha den chéad bhliain féilire tar éis dháta an fhógra. Má tá an cion nuashonraithe os cionn na dtairseach sin, déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann na meastacháin luatha a tharchur ón gcéad ráithe thagartha den tríú bliain féilire tar éis dháta an fhógra.

Airteagal 6

Aonaid staidrimh agus daonra staidrimh

1. Tiomsófar staidreamh faoin Rialachán seo maidir le haonad staidrimh amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)fiontair;

(b)aonaid áitiúla;

(c)fostaithe.

2. I gcás topaicí innéacs na gcostas saothair, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(ii) agus folúntais, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c)(i), is é a bheidh sa daonra staidrimh gach fiontar nó gach aonad áitiúil a chónaíonn sa Bhallstát agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)áirítear a bpríomhghníomhaíocht eacnamaíoch in aon chuid d’aicmiú NACE 23 , seachas ‘Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht’, ‘Gníomhaíochtaí teaghlach mar fhostóirí agus earraí – agus seirbhísí – neamhdhifreáilte, gníomhaíochtaí táirgthe teaghlach dá núsáid féin’ agus ‘Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí allchríche’ agus

(b)go bhfuil 1 fhostaí nó níos mó acu.

3. I gcás topaicí a bhaineann le struchtúr tuillimh, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a)(i), agus an bhearna phá idir na hinscní, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a)(ii), a mhéid a bhaineann le sonraí faoin bhfostóir, is é a bheidh sa daonra staidrimh gach aonad áitiúil a chónaíonn sa Bhallstát agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)áirítear a ngníomhaíocht eacnamaíoch in aon chuid d’aicmiú NACE, seachas ‘Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht’, ‘Gníomhaíochtaí teaghlach mar fhostóirí agus earraí – agus seirbhísí – neamhdhifreáilte, gníomhaíochtaí táirgthe teaghlach dá núsáid féin’ agus ‘Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí allchríche’; agus

(b)go bhfuil 1 fhostaí nó níos mó acu.

I gcás topaicí a bhaineann le struchtúr tuillimh agus leis an mbearna phá idir na hinscní, a mhéid a bhaineann le sonraí faoin bhfostaí, is é a bheidh sa daonra staidrimh gach fostaí a mbaineann a n‑aonad áitiúil leis an daonra staidrimh a shainmhínítear faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den chéad fhomhír.

4. De mhaolú ar phointe (a) agus ar phointe (b) de mhír 3, a mhéid a bhaineann le sonraí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní don tréimhse thagartha 2026, cumhdófar leis an tarchur na haonaid áitiúla uile ar cuid d’fhiontair iad a bhfuil 10 bhfostaí nó níos mó acu agus nach mbaineann, sa bhreis ar na gníomhaíochtaí a eisiatar i mír 3 pointe (a), leis an roinn ‘Riarachán poiblí agus cosaint phoiblí; slándáil shóisialach éigeantach’ d’aicmiú NACE.

5. I gcás struchtúr topaice na gcostas saothair, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(i), is é a bheidh sa daonra staidrimh gach aonad áitiúil a chónaíonn sa Bhallstát agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)áirítear a ngníomhaíocht eacnamaíoch in aon chuid d’aicmiú NACE, seachas ‘Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht’, ‘Gníomhaíochtaí teaghlach mar fhostóirí agus earraí – agus seirbhísí – neamhdhifreáilte, gníomhaíochtaí táirgthe teaghlach dá núsáid féin’ agus ‘Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí allchríche’; agus

(b)tá siad mar chuid d’fhiontair a bhfuil 10 bhfostaí nó níos mó acu.

Airteagal 7

Ceanglais maidir le sonraí ad hoc

1. Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13, lena bhforlíontar an Rialachán seo tríd an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit ar bhonn ad hoc a shonrú, i gcás ina meastar, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, gur gá faisnéis bhreise a bhailiú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais bhreise staidrimh. Sonrófar an méid seo a leanas sna gníomhartha tarmligthe sin:

(a)na topaicí mionsonraithe a bheidh le cur ar fáil sa bhailiú sonraí ad hoc a bhaineann leis na réimsí agus na topaicí a shonraítear in Airteagal 4 agus na cúiseanna atá leis na riachtanais bhreise sin;

(b)na tréimhsí tagartha agus na spriocdhátaí tarchuir.

2. Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh ag tosú leis an mbliain tagartha 2028 agus 2 bhliain ar a laghad idir gach bailiúchán ad hoc.

3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an fhaisnéis ad hoc dá dtagraítear i mír 1 agus na meiteashonraí a shonrú. Sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin na gnéithe teicniúla seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a)liosta agus tuairisc ar na hathróga;

(b)aicmithe staidrimh agus miondealuithe sonraí;

(c)sonraíochtaí mionsonraithe na naonad staidrimh a chumhdaítear;

(d)na meiteashonraí a bheidh le tarchur;

(e)na tréimhsí bailithe sonraí.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) tráth nach déanaí ná 24 mhí roimh thosach na tréimhse tagartha ábhartha.

Airteagal 8

Ceanglais cháilíochta agus tuairisciú cáilíochta

1. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí a tharchuirfear a áirithiú.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go dtugtar, leis na sonraí a fhaightear trí úsáid a bhaint as na foinsí a leagtar síos in Airteagal 3, cumhdach iomlán ar na haonaid staidrimh agus ar an daonra a shainítear in Airteagal 6 agus go dtugtar na meastacháin sin go cruinn.

3. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta a shainmhínítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

4. Déanfaidh na Ballstáit tuarascálacha cáilíochta a tharchur maidir leis na foinsí agus na modhanna a bhaineann le gach ceann de na topaicí a liostaítear in Airteagal 4.

5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun socruithe praiticiúla a leagan amach le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta agus ábhar na dtuarascálacha cáilíochta sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

6. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas maidir le haon fhaisnéis nó aon athrú ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar cháilíocht na sonraí a tharchuirtear. Tabharfar an fhaisnéis a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm aon athraithe den sórt sin.

7. Arna iarraidh sin don Choimisiún (Eurostat), cuirfidh na Ballstáit faisnéis bhreise ar fáil dó atá riachtanach chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise staidrimh.

8. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí a tharchuirfear, ar na foinsí agus ar na modhanna a úsáidfear agus ar na frámaí samplála.

Airteagal 9

Staidéir indéantachta agus treoirstaidéir

1. Chun staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí a fheabhsú nó chun an t‑ualach ar fhiontair a theorannú, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) staidéir indéantachta agus treoirstaidéir a thionscnamh. Áireofar ar chuspóir na staidéar sin cáilíocht agus inchomparáideacht a fheabhsú, féidearthachtaí nua a iniúchadh agus gnéithe nua a chur chun feidhme chun freagairt do riachtanais úsáideoirí, comhtháthú idir suirbhéanna agus foinsí sonraí eile a fheabhsú, agus an t‑ualach ar fhreagróirí a laghdú. Cuirfear san áireamh sna staidéir forbairtí teicneolaíochta agus digiteacha.

2. Féadfaidh na Ballstáit páirt a ghlacadh sna staidéir sin ar bhonn deonach. Áiritheoidh siad, i gcomhar leis an gCoimisiún (Eurostat), go mbeidh na staidéir ionadaíoch ar leibhéal an Aontais.

3. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na príomhpháirtithe leasmhara, meastóireacht ar thorthaí na staidéar sin. Ullmhóidh an Coimisiún (Eurostat) tuarascálacha ar thorthaí na staidéar i gcomhar leis na Ballstáit.

Airteagal 10

Maoiniú

1. Féadfar ranníocaíocht airgeadais a sholáthar ó bhuiséad ginearálta an Aontais do na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus do na húdaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 chun:

(a)feabhas a chur ar fhoinsí, lena náirítear creataí samplála, maidir le staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí, ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2029 ar a dhéanaí;

(b)feabhas a chur ar na modhanna maidir le staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí, lena náirítear an staidéir indéantachta agus treoirstaidéir dá dtagraítear in Airteagal 9.

Ní mhaoineoidh an tAontas costais maidir le tiomsú rialta staidrimh atá le tarchur faoin Rialachán seo.

2. Ní rachaidh an ranníocaíocht airgeadais sin ón Aontas thar 90 % de na costais incháilithe.

Airteagal 11

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1. Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, tríd na méideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2. Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn seiceálacha ar dhoiciméid agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

3. Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 25 d’fhonn a fháil amach ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a mhaoinítear faoin Rialachán seo.

4. Gan dochar do mhír 1, mhír 2 agus mhír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a thagann ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar cumhacht shainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh i gcomhréir lena n‑inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 12

Maoluithe

1. I gcás ina gceanglaítear, le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, nó leis na gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh dá bhun, go ndéanfar mór-oiriúnuithe ar chóras staidrimh náisiúnta Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún maoluithe a dheonú, trí ghníomhartha cur chun feidhme, do Bhallstát ar feadh 2 bhliain ar a mhéad. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Agus na maoluithe á ndeonú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh inchomparáideacht staidreamh na mBallstát agus ríomh tráthúil na gcomhiomlán Eorpach ionadaíoch iontaofa is gá. Áiritheoidh an Coimisiún freisin go leanfar gan bhriseadh leis na ceanglais maidir le staidreamh, meiteashonraí agus cáilíocht a chumhdaítear faoin Rialachán seo agus a cumhdaíodh roimhe sin faoi na rialacháin aisghairthe a chomhlíonadh.

2. Cuirfidh an Ballstát ábhartha iarraidh a bhfuil údar cuí léi faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó na ngníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a glacadh dá bhun.

Airteagal 13

An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 7(1) don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta cruinn theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 7(1) a chúlghairm aon tráth. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe a ainmníodh ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(3) agus Airteagal 7(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 14

An nós imeachta coiste

1. Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 15

Aisghairm

1. Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999, Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 le héifeacht ón 1 Eanáir 2026.

2. Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó 1 Eanáir 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimse (réimsí) beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí Ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil coinne leo

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar thosca éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am atá thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athdháileadh a dhéanamh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.7.An modh /na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas/córais bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar na leibhéil riosca earráide a bhfuil coinne leo (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteideal nó ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí, lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

1.2.Réimse (réimsí) beartais lena mbaineann

3403 – Soláthar faisnéise staidrimh

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

 beart nua

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 26

 síneadh ar bheart atá ann cheana

X beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo bhirt eile/bhirt nua

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí Ginearálta

Is é is cuspóir ginearálta don ghníomhaíocht staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí a tháirgeadh atá cothrom le dáta, ábhartha, cuimsitheach ó thaobh cumhdaigh de ar mhór-earnálacha eacnamaíocha, inchomparáide ar fud na mBallstát agus ar aon dul le réimsí staidrimh gaolmhara.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Is féidir an cuspóir ginearálta a roinnt ina thrí chuspóir shonracha:

An creat rialála a oiriúnú ionas go mbeidh solúbthacht ann maidir le freastal ar riachtanais atá ag teacht chun cinn, staidreamh níos tráthúla a fhoilsiú, agus úsáid foinsí agus modhanna nuálacha a chur chun cinn (a ndearnadh measúnú cuí ar a gcáilíocht);

Cumhdach an staidrimh a shíneadh chuig an ngeilleagar ar fad, agus a áirithiú go gcuireann na Ballstáit uile sonraí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní ar fáil;

Feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht le réimsí staidrimh gaolmhara.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil coinne leo

Sonraigh an tionchar ba cheart a bheith ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Na torthaí a bhfuil coinne leo:

- comhchuibhiú agus inchomparáideacht níos fearr ar staidreamh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh maidir le gnólachtaí;

- deireadh a chur le claontachtaí i bhfolúntais poist agus sonraí tuillimh;

- tráthúlacht níos fearr sonraí maidir le struchtúr tuillimh agus innéacs na gcostas saothair;

- tuairisciú níos fearr ar cháilíocht na sonraí riaracháin agus nuálacha a athúsáidtear le haghaidh LMB;

Cuideoidh na torthaí seo le sástacht úsáideoirí sonraí a fheabhsú agus beartais maidir le híosphá agus comhionannas a thomhas.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar an méid atá bainte amach.

Déanfar faireachán agus meastóireacht ar fheidhmíocht an chreata dhlíthiúil nua le haghaidh staidreamh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh maidir le gnólachtaí le hais na gcuspóirí sonracha.

Le linn chéim chur chun feidhme an chreata dlí nua, leanfaidh an Coimisiún (Eurostat) le cruinnithe rialta grúpaí saineolaithe a eagrú le hinstitiúidí staidrimh náisiúnta comhpháirtíochta sa CSE chun aon saincheist a d’fhéadfadh teacht chun cinn a phlé agus a shoiléiriú. Leanann sé seo ar aghaidh mar dhlúchomhoibriú maith seanbhunaithe idir Eurostat agus a chomhpháirtithe CSE maidir le hábhair theicniúla agus staidrimh. Áirítear leis sin comh-ullmhú dícheallach príomhghníomhartha cur chun feidhme lena rialáiltear na ceanglais mhionsonraithe nua maidir le sonraí agus meiteashonraí staidrimh, rud a bheidh ina ábhar spéise lárnach d’úsáideoirí staidrimh agus do tháirgeoirí staidrimh araon. Tá sé beartaithe céim an chur chun feidhme a thabhairt chun críche trí mheastóireacht tosaigh a dhéanamh a dhíreofar ar chur chun feidhme, ar fheidhmiú agus ar thionchair tosaigh an chreata dlí nua. Ionas go mbeidh dóthain faisnéise ann faoin bhfeidhmíocht, tá sé beartaithe an mheastóireacht sin a dhéanamh laistigh de 3 bliana agus 5 bliana i ndiaidh theacht i bhfeidhm an chreata dlí nua. Tá sé sin i gcomhréir leis an treoir maidir le Rialáil Níos Fearr gur cheart go mbeadh rochtain ag meastóireachtaí ar 3 bliana iomlána de shonraí ar a laghad.

I ndiaidh aistriú chuig céim an iarratais, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún (Eurostat) meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar thionchar na reachtaíochta gach 3 bliana go 5 bliana.

Tá liosta de na heochairtháscairí feidhmíochta féideartha ar fáil i dTábla 13 den tuarascáil ar an measúnú tionchair (SWD(2023) 265).

Cuireann an Coimisiún (Eurostat) treoirlínte comhchoiteanna maidir leis an staidreamh Eorpach ar fáil agus socraíonn sé ceanglais i leith tuairisciú cáilíochta maidir le staidreamh a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh. Ní mór seiceálacha sonracha atá ábhartha don bhailiú sonraí sin a chur sna tuarascálacha cáilíochta a cheanglaítear ar na Ballstáit a sholáthar. Áiritheofar leis sin cáilíocht na sonraí agus meiteashonraí staidrimh.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Tá sé d’aidhm ag an rialachán atá beartaithe creat nua a chruthú chun staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí a tháirgeadh ar bhealach comhtháite. Déanfar bailiúcháin sonraí reatha na mBallstát a chomhchuibhiú, a chuíchóiriú ar bhealach níos tráthúla agus leathnófar a gcumhdach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais bheartais ar bhealach níos fearr. Is in 2026 atá an chéad tréimhse thagartha bheartaithe do bhailiúcháin sonraí faoin gcreat nua.

Chun an creat nua seo a chur ar bun agus a chur chun feidhme mar atá beartaithe, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an rialachán nua a ghlacadh in 2024, lenar féidir na gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na chéad bhailiúcháin sonraí a ghlacadh faoi dheireadh 2024 freisin, i.e. 12 mhí ar a laghad roimh thús na chéad tréimhse tagartha.

Tosóidh bailiúcháin sonraí agus meiteashonraí faisnéise ráithiúla maidir le folúntais poist agus innéacs na gcostas saothair sa chéad ráithe de 2026. Is é 2026 an chéad tréimhse thagartha don bhailiúchán bliantúil don bhearna phá idir na hinscní bliantúil agus don struchtúr tuillimh 4 bliana. Is í 2028 an chéad tréimhse thagartha do struchtúr na gcostas saothair.

Ar deireadh, foráiltear leis an togra go ndéanfaidh an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit treoirstaidéir de réir mar is gá agus ar shlí chomhréireach chun an staidreamh faoin rialachán a nuachóiriú tuilleadh (agus measúnú á dhéanamh ar fhoinsí sonraí nua, lena n‑áirítear foinsí atá á gcoinneáil go príobháideach, agus ar thopaicí staidrimh, lena bhforbrófar modheolaíochtaí nua).

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar thosca éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Baineann na fadhbanna a sainaithníodh sa mheastóireacht leis an Aontas ar fad agus tá baint shoiléir acu le bearnaí i reachtaíocht reatha an Aontais. Gan aon ghníomh reachtach eile ón Aontas, mairfidh na fadhbanna sin nó rachaidh siad in olcas.

Is dócha nach mbeidh reachtaíocht reatha an Aontais chomh héifeachtach ná chomh héifeachtúil céanna maidir lena cuspóirí a bhaint amach. Tháinig athrú ar na cuspóirí sin le himeacht ama i bhfianaise róil níos suntasaí an staidrimh lena mbaineann i mbeartas faireacháin. Is dócha go dtiocfaidh tuilleadh laghdaithe ar ábharthacht an staidrimh freisin mar meastar nach mbeidh an staidreamh ar leibhéal an Aontais ar aon dul le riachtanais na n‑úsáideoirí de réir a chéile i ndáil le cumhdach agus leis an tráthúlacht atá uathu.

Is é an breisluach a bhaineann le LMB iomlán agus inchomparáide ná gur ionchur tábhachtach iad i mbeartais straitéiseacha an Aontais (beartais airgeadaíochta agus eacnamaíocha, an straitéis um chomhionannas inscne, prionsabal 6 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe). Tá LMB deartha freisin chun freastal ar riachtanais go leor úsáideoirí le haghaidh cinnteoireachta ar gach leibhéal san Aontas Eorpach, le haghaidh taighde agus chun eolas a thabhairt don phobal i gcoitinne.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am atá thart

Tá bailiúcháin sonraí éigeantacha le comhrialacha socraithe ríthábhachtach chun iomláine agus tráthúlacht LMB ar leibhéal an Aontais a áirithiú. D’fhéadfadh gnóthachain shuntasacha éifeachtachta agus éifeachtúlachta a bheith mar thoradh ar bhailiúcháin dheonacha sonraí a rialáil atá an-iomlán cheana féin toisc gur féidir breisluach suntasach AE a ghiniúint ar chostas breise teoranta.

Tá easpa cumhdach iomlán ar an ngeilleagar ag bailiúcháin sonraí LMB ina chúis le claontachtaí, rud a chruthaíonn deacrachtaí maidir le sonraí a léirmhíniú agus a úsáid go cruinn.

Is ionstraimí cuí iad bailiúcháin sonraí dheonacha chun soláthar topaicí nó saintréithe nua a thabhairt isteach ar bhonn phíolótach agus chun cumas na gcóras náisiúnta staidrimh a chothú sonraí nua den sórt sin a sholáthar. Is gnách go n‑éiríonn siad neamhéifeachtúil le himeacht ama, áfach, de réir mar a theipeann ar chostais athfhillteacha táirgthe faoi dheireadh breisluach substaintiúil AE a ghiniúint i gcomhthéacs iomláine ar fud na mBallstát.

Tá an reachtaíocht reatha ródhocht chun go bhfanfadh sé ábhartha le himeacht ama. Tá ábharthacht na hidirghabhála seo tar éis laghdú go tapa, rud a thosaigh cheana féin le linn a tréimhse cur chun feidhme. Tharla sé sin mar gheall ar an easpa sásraí solúbtha chun bailiúcháin sonraí a chur in oiriúint do riachtanais atá ag teacht chun cinn nó chun deiseanna a ghiaráil atá á spreagadh ag infhaighteacht foinsí nua sonraí.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá an togra comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha toisc go n‑ailíníonn sé leis an gclár don mhargadh aonair a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/690.

Tá an togra ag luí freisin le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir le staidreamh Eorpach, Rialachán (AE) 2019/2152 maidir le staidreamh gnó agus Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach.

Thairis sin, críochnaítear leis an togra nuachóiriú an staidrimh shóisialta Eorpaigh a tionscnaíodh faoi Rialachán (AE) 2019/1700 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidrimh Eorpaigh a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair agus a bhailítear ó shamplaí agus ar an togra reatha ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht (COM(2023) 31 final).

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athdháileadh a dhéanamh

Cumhdófar riachtanais maoinithe an togra le cinntí maoinithe/cláir oibre bhliantúla an chláir don mhargadh aonair agus an chláir ina dhiaidh sin ina gcorpraítear Staidreamh Eorpach.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

x ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn tréimhse tosaigh ó 2023 go 2024,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.An modh /na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 27

x Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

x ag a ranna, lena náirítear an fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   a dhéanann na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí cur chun feidhme an bhuiséid a chur orthu seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú);

an BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí atá á rialú le dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go dtugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí atá á rialú le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá dtugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

comhlachtaí nó daoine a bhfuil de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Barúlacha’ le do thoil.

Barúlacha

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht agus coinníollacha.

Leis an togra cuirtear oibleagáid ar na Ballstáit tuarascálacha cáilíochta a sholáthar maidir leis na sonraí agus na meiteashonraí uile a bhailítear faoin rialachán. Ina theannta sin, ní mór don Choimisiún (Eurostat) i gcomhar leis na Ballstáit tuarascálacha a ullmhú maidir le torthaí aon treoirstaidéar a dhéantar faoin rialachán.

2.2.Córas/córais bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Ós rud é gurb é an bhainistíocht dhíreach an modh bainistíochta a roghnaigh an Coimisiún don togra, is le bainistiú soláthairtí agus deontas a bhaineann na príomhrioscaí bunaidh. Dírítear straitéis rialaithe riosca Eurostat ar chomhaontuithe deontais agus ar idirbhearta soláthair. Tá sé bunaithe ar mheasúnú riosca agus leanann sé prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta. Ba chóir dó: (i) tacú le rioscaí a shainaithint agus a bhainistiú; (ii) an creat a shocrú do gach cineál gníomhaíochta rialaithe maidir le hidirbhearta airgeadais in Eurostat; (iii) tacú leis an ráta earráide braite i seiceálacha ex post maidir le comhaontuithe deontais a thabhairt go dtí leibhéal inghlactha agus é a choinneáil mar seo; (iv) éifeachtúlacht agus éifeachtacht na seiceálacha a mhéadú; agus (v) an t‑ualach riaracháin ar thairbhithe agus ar Eurostat a laghdú. Maidir le soláthar, áirítear ar sheiceálacha coisctheacha (seiceálachaex ante) meastóireacht ar rioscaí comhchruinnithe le haghaidh idirbheart soláthair agus athbhreithnithe cáilíochta ex post. Maidir le deontais, cuimsítear i seiceálacha coisctheacha (seiceálacha ex ante) seiceálacha braite (seiceálacha ex post), measúnuithe tréimhsiúla ar chnapshuimeanna, costais aonaid agus rátaí comhréidhe, agus seiceálacha ad hoc.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

D’fhorbair an Coimisiún (Eurostat) straitéis rialaithe. Tá na bearta agus na huirlisí atá sa straitéis seo infheidhme go hiomlán maidir le soláthar staidrimh faoin rialachán atá beartaithe. Féadann na cineálacha athruithe a thugtar isteach leis an straitéis an dóchúlacht atá ann go ndéanfar calaois a laghdú agus féadann siad cuidiú lena chosc. Áirítear leo castacht a laghdú, nósanna imeachta faireacháin atá éifeachtach ó thaobh costais de a chur i bhfeidhm, agus seiceálacha ex ante agus ex post atá bunaithe ar riosca a dhéanamh. Áirítear sa straitéis seo freisin bearta múscailte feasachta agus oiliúint maidir le calaois a chosc.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar na leibhéil riosca earráide a bhfuil coinne leo (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)

Tá straitéis rialaithe i bhfeidhm ag an gCoimisiún (Eurostat) a bhfuil sé d’aidhm aici, go ginearálta, teorainn a chur leis an riosca neamhchomhlíonta faoi bhun an chritéir ábharthachta, is é sin, 2 %. Tá sé sin i gcomhréir leis na cuspóirí maidir le rialú inmheánach agus bainistíocht riosca a leagtar síos ina chlár staidrimh (clár don mhargadh aonair sa chreat airgeadais ilbhliantúil reatha (CAI)). Beidh 100 % de na hidirbhearta airgeadais (agus ar an gcaoi sin 100 % den bhuiséad) faoi réir rialuithe éigeantacha ex ante i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Thairis sin, déanfar seiceálacha atá bunaithe ar ghrinnanailís ar an doiciméadacht bhunúsach ar bhonn anailísí riosca bliantúla. D’fhéadfadh go gcumhdófaí leis na seiceálacha sin 4-6 % den bhuiséad iomlán atá á bhainistiú ag Eurostat.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

An 30 Deireadh Fómhair 2013, ghlac Eurostat a chéad straitéis frithchalaoise do 2014-2017 i gcomhréir le straitéis frithchalaoise an Choimisiúin an 24 Meitheamh 2011. Sa straitéis reatha frithchalaoise cumhdaítear an tréimhse 2021-2024. Sonraítear trí chuspóir oibríochtúla sa straitéis sin: (i) bearta frithchalaoise atá ann cheana a neartú; (ii) nósanna imeachta frithchalaoise a chomhtháthú ar bhealach níos fearr le measúnú riosca agus bainistíocht riosca Eurostat agus le hiniúchtaí (pleanáil, tuairisciú agus faireachán); agus (iii) acmhainní agus feasacht frithchalaoise Eurostat a neartú mar chuid de chultúr frithchalaoise an Choimisiúin. Tá plean gníomhaíochta frithchalaoise ag gabháil leis an straitéis frithchalaoise. Le linn na tréimhse cur i bhfeidhm, déanfar faireachán faoi dhó sa bhliain ar chur chun feidhme na straitéise frithchalaoise agus tuairiscítear don lucht bainistíochta. Is comhlachtaí poiblí na faighteoirí uile a d’fheadfadh deontais a fháil (institiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009). Ina theannta sin, bronntar na deontais gan ghlaonna ar thograí. Tá bearta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar bhainistiú na ndeontas. Cuirtear san áireamh leo sin na nósanna imeachta sonracha maidir le deontais agus tá anailís ex ante agus ex post ina cuid de bhainistiú na ndeontas. Trí chostais aonaid agus cnapshuimeanna a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 124(1) den Rialachán Airgeadais laghdaítear go mór an baol go mbeidh earráidí ann a bhaineann le bainistiú na ndeontas, rud a shimplíonn riar na ndeontas sin go mór.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteideal nó ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál   
caiteachais

Ranníocaíocht

Líon  

Difréailte/neamhdhifreáilte 28 .

ó thíortha de chuid CSTE 29

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 30

Ó thríú tíortha eile

ioncam eile atá sannta

BGUE-BXXXX-03-020500-C1-ESTAT

Difreáilte

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid a iarradh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

Líon  

Difreáilte/Neamhdhifreáilte

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha

ó thríú tíortha eile

ioncam eile atá sannta

Dada

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos.

EUR milliún (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

1

An Margadh Aonair, Taighde agus Nuálaíocht

DG: ESTAT

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Blianta ina dhiaidh sin

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí​

Líne bhuiséid 31  03 02 05

Gealltanais

(1a)

1.000

1.000

1.000

0.000

3.000

Íocaíochtaí

(2a)

0.400

0.400

1.000

1.200

3.000

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

Íocaíochtaí

(2b)

Leithreasuithe de chineál riaracháin atá á maoiniú as imchlúdach clár sonrach 32  

Líne bhuiséid

(3)

IOMLÁN na leithreasuithe 
do DG ESTAT

Gealltanais

=1a+1b +3

1.000

1.000

1.000

0.000

3.000

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3

0.400

0.400

1.000

1.200

3.000

 



IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí​

Gealltanais

(4)

1.000

1.000

1.000

0.000

3.000

Íocaíochtaí

(5)

0.400

0.400

1.000

1.200

3.000

 IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1
 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

1.000

1.000

1.000

0.000

3.000

Íocaíochtaí

=5+ 6

0.400

0.400

1.000

1.200

3.000

Má dhéanann an togra / tionscnamh difear do níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís:

• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta))

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6
 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

1.000

1.000

1.000

0.000

3.000

Íocaíochtaí

=5+ 6

0.400

0.400

1.000

1.200

3.000





Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ a úsáid atá le tabhairt isteach ar dtús san I arscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis na rialacha inmheánacha i ndáil le cur chun feidhme roinn an Choimisiúin de bhuiséad ginearálta an Aontais) agus a uaslódáiltear chuig DECIDE chun críocha comhairliúchán idirsheirbhíse.

EUR milliún (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Blianta ina dhiaidh sin

IOMLÁN

DG: ESTAT

• Acmhainní daonna

1.210

1.210

1.210

0.000

3.630

 Caiteachas riaracháin eile

0.035

0.035

0.035

0.000

0.105

IOMLÁN AS ESTAT

Leithreasuithe

1.245

1.245

1.245

0.000

3.735

IOMLÁN na leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

1.245

1.245

1.245

0.000

3.735

EUR milliún (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Blianta ina dhiaidh sin

IOMLÁN

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

2.245

2.245

2.245

0.000

6.735

Íocaíochtaí

1.645

1.645

2.245

1.200

6.735

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanais in EUR milliún (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 33

Meánchostas

Níl

Costas

Níl

Costas

Níl

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1

An creat rialála a oiriúnú ionas go mbeidh solúbthacht ann maidir le freastal ar riachtanais atá ag teacht chun cinn, staidreamh níos tráthúla a scaoileadh agus úsáid foinsí agus modhanna nuálacha a bhfuil measúnú cuí déanta orthu a chur chun cinn

- Staidreamh

0.267

0.200

0.200

0.400

0.800

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

0.200

0.200

0.400

0.800

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2

Cumhdach an staidrimh a fheabhsú chun an geilleagar ar fad a chur san áireamh, agus a áirithiú go gcuireann na Ballstáit uile sonraí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní ar fáil

- Staidreamh

0.683

0.750

0.750

0.550

2.050

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

0.750

0.750

0.550

2.050

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3

Feabhas a chur ar an gcomhsheasmhacht le réimsí staidrimh gaolmhara

- Staidreamh

0.05

0.050

0.050

0.050

0.150

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 3

0.050

0.050

0.050

0.150

IOMLÁIN

1.000

1.000

1.000

3.000

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

x    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliún (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

1.210

1.210

1.210

3.630

Caiteachas riaracháin eile

0.035

0.035

0.035

0.105

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

1.245

1.245

1.245

3.735

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 34  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

1.245

1.245

1.245

3.735

Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachais eile de chineál riaracháin trí leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá á n‑athúsáid laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta más gá, faoin nós imeachta leithdháilte bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

x    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Tá an meastachán le sloinneadh in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain

2025

Bliain 
2026

Bliain

2027

 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

6

6

6

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (in aonad de choibhéis lánaimseartha: FTE) 35

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

2

2

2

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz 36

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (AC, END, INT – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

8

8

8

Is é 3 an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá á n‑athúsáid laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoin nós imeachta leithdháilte bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus foireann shealadach

Obair mhodheolaíochta chun na coincheapa, na sainmhínithe agus

na modhanna staidrimh a chur chun feidhme go fónta

Obair soláthar sonraí chun na sonraí agus na meiteashonraí a fháil, a phróiseáil, a bhailíochtú agus

a fhoilsiú

Anailís sonraí, foilseacháin agus tacaíocht d’úsáideoirí

An comhar staidrimh rialála

Comhar idirnáisiúnta maidir le cúrsaí staidrimh

Foireann sheachtrach

Obair TF agus obair theicniúil eile a thacaíonn le soláthar agus anailís sonraí

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI).

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis tríd na línte buiséid lena mbaineann a shonrú mar aon leis na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla Excel ar fáil i gcás athchláraithe mhóir.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir leis an CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

   is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an CAI.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

x    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú a dhéanann tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Bliain 
N 37

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin    

EUR milliún (go dtí trí ionad de dheachúlacha)

Líne bhuiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 38

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncaim ilghnéithigh atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Aon trácht eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    Rialacháin na​ Comhairle: Uimh. 10/1960, Uimh. 14/1961, Uimh. 28/1962, Uimh. 151/1962, Uimh. 101/66/CEE, (CEE) Uimh. 1899/68, (CEE) Uimh. 2259/71, (CEE) Uimh. 328/75, (CEE) Uimh. 494/78, Rialacháin (CEE) Uimh. 2053/69, (CEE) Uimh. 3192/73 agus (CEE) Uimh. 494/78, (CEE) Uimh. 1596/81, (CEE) Uimh. 3149/83, (CEE) Uimh. 1612/88, (CEE) Uimh. 3949/92, Uimh. 2744/95, (CE) Uimh. 23/97.
(2)     https://ec.europa.eu/eurostat/web/sdi/overview .
(3)     https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/economy-works-people/jobs-growth-and-investment/european-pillar-social-rights_ga .
(4)    Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).
(5)    Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (IO L 132, 17.5.2023, lch. 21).
(6)    Moladh ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 maidir le Boird Náisiúnta Táirgiúlachta a bhunú (IO C 349, 24.9.2016, lch. 1).
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le modh táirgthe staidreamh an Aontais Eorpaigh: fís don chéad deich mbliana eile (COM/2009/0404 críochnaitheach).
(8)    Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí(IO L 261I, 14.10.2019, lch. 1).
(9)    Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena naisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (IO L 327, 17.12.2019, lch. 1).
(10)    Arna bhunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(11)    SWD(2023) 265; SWD(2023) 266.
(12)    SEC(2023) 295.
(13)    IO C , , p. .
(14)    IO C , , p. .
(15)    Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lch. 25)
(16)    Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).
(17)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le staidreamh an limistéir euro Towards improved methodologies for eurozone statistics and indicators [[I dtreo modheolaíochtaí feabhsaithe le haghaidh staidreamh agus tháscairí an limistéir euro] – COM/2002/0661 críochnaitheach an 27 Samhain 2002.
(18)    Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir na fir agus na mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23)
(19)    Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (IO L 132, 17.5.2023, lch. 21).
(20)    Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(21)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(22)    Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh chun breathnú agus anailís a dhéanamh ar an gcóras táirgthe sa Chomhphobal (IO L 76, 30.3.1993, lch. 1), Cuid III-A den IARSCRÍBHINN.
(23)    Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear an taicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha d’Athbhreithniú 2 NACE agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1)
(24)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(25)    Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(26)    Mar a thagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(27)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme ar fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia mar aon le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget-implementation/Pages/implementation-methods.aspx .
(28)    Difreáilte = Leithreasuithe difreáilte / Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(29)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(30)    Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina niarrthóirí.
(31)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(32)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin chun tacú le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (línte ‘BA’ roimhe seo), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.
(33)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a thógtar, etc.).
(34)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin chun tacú le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (línte ‘BA’ roimhe seo), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.
(35)    AC = Baill foirne ar conradh; AL = Ball Foirne Áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= ball foirne gníomhaireachta; JPD = Gairmithe Sóisearacha i dToscaireachtaí.
(36)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach atá cumhdaithe ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (línte ‘BA’ roimhe seo).
(37)    Is í bliain N an bhliain a gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Cuir an chéad bhliain cur chun feidhme a mheastar a bheidh ann in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(38)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custam, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus costais bhailiúcháin 20 % a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,28.7.2023

COM(2023) 459 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le staidreamh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí, lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

{SEC(2023) 295 final} - {SWD(2023) 265 final} - {SWD(2023) 266 final}


IARSCRÍBHINN

Réimsí, topaicí agus topaicí mionsonraithe; tréimhsiúlacht an tsoláthair sonraí, na dtréimhsí tagartha agus an spriocdháta maidir le tarchur sonraí in aghaidh topaice

Réimse

Topaic

Topaic mhionsonraithe

Tréimhsiúlacht

Tréimhse thagartha

Spriocdháta tarchurtha sonraí (1) (2)

An chéad tréimhse thagartha

Tuilleamh

Struchtúr Tuillimh

Tuilleamh

Tuilleamh bliantúil agus míosúil iomlán agus a gcomhpháirteanna uile, chomh maith le tuilleamh in aghaidh na huaire a íoctar le gach fostaí a sampláladh.

Gach 4 bliana

Bliain féilire

T+16 mhí

2026

Saintréithe an fhostóra

Faisnéis eacnamaíoch, dhlíthiúil, gheografach agus fostaíochta ar an aonad áitiúil lena bhfuil gach fostaí sampláilte ceangailte, agus ar a fhiontar.

Saintréithe an fhostaí

Faisnéis dhéimeagrafach, oideachasúil, chonarthach agus cheirde ar leith maidir le gach fostaí a sampláladh.

Tréimhsí oibre

Faisnéis maidir le tréimhsí oibre íoctha, do gach fostaí a sampláladh.

Míreanna teicniúla an tsuirbhé

Faisnéis samplála agus bailithe sonraí i dtaobh gach fostaí a sampláladh agus i leith a f(h)ostóra (e.g., ualaí).

An Bhearna Phá idir na hInscní

Tuilleamh in aghaidh na huaire

Tuilleamh in aghaidh na huaire i dtaobh fostaithe fireanna agus baineanna de réir phríomhthréithe an fhostóra agus an fhostaí agus difríochtaí coibhneasta comhfhreagracha idir tuilleamh in aghaidh na huaire d’fhostaithe fireanna agus baineanna.

Gach bliain

Bliain féilire

T+13 mhí

2026

Fostaithe

Líon na bhfostaithe fireanna agus baineanna de réir shaintréithe an fhostóra agus an fhostaí.

Costais saothair

Struchtúr na gcostas saothair

Costais saothair

Costais iomlána a íocann an fostóir as lucht saothair a fhostú agus comhpháirteanna de na costais sin.

Gach 4 bliana

Bliain féilire

T+18 mí

2028

Uaireanta an chloig a oibríodh 

Uaireanta an chloig iarbhír a oibríodh de réir príomhchineálacha fostaithe.

Uaireanta an chloig a íocadh

Uaireanta an chloig a íocadh de réir príomhchineálacha fostaithe.

Fostaithe

An líon fostaithe de réir príomhchineálacha.

Aonaid áitiúla

Faisnéis maidir le haonaid áitiúla sa sampla.

Innéacs na gcostas saothair.

Innéacs ráithiúil na gcostas saothair in aghaidh na huaire a oibríodh

Innéacs ráithiúil na gcostas saothair in aghaidh na huaire a oibríodh, de réir chineál na gcostas; amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe.

Gach ráithe

Ráithe féilire

- Meastacháin luatha: T+45 lá

- Sonraí deireanacha: T+65 lá

An chéad ráithe den bhliain 2026

Innéacs ráithiúil na gcostas saothair iomlán

Amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe.

Innéacs ráithiúil na n‑uaireanta a oibríodh

Amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe.

Costais saothair bhliantúla

Leibhéil bhliantúla na gcostas saothair (ualaí) de réir chineál na gcostas.

Gach bliain

Bliain féilire

Deireadh na chéad ráithe den bhliain T+1 + 65 lá

Éileamh ar shaothar:

Folúntais poist

Poist fholmha

Faisnéis faoi phoist fholmha a taifeadadh; amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe.

Gach ráithe

Ráithe féilire

- Meastacháin luatha: T+45 lá

- Sonraí deireanacha: T+70 lá

An chéad ráithe den bhliain 2026

Poist ghafa

Faisnéis faoi phoist ghafa a taifeadadh; amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe.

(1)Tar éis dheireadh na tréimhse tagartha ‘T’.

(2)I gcás ina mbíonn na spriocdhátaí thuasluaite ar an Satharn nó ar an Domhnach, is é an Luan dár gcionn roimh 12:00 am (CET) an spriocdháta éifeachtach.