An Bhruiséil,11.7.2023

COM(2023) 421 final

2023/0247(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/868


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo le Cinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinnithe den Choimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) don tréimhse 2024-2028 i dtaca le glacadh na mbeart caomhnaithe agus bainistithe atá beartaithe.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú

Is é is aidhm don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (Coinbhinsiún ICCAT), trí ICCAT a bhunú, comhar a chur chun cinn maidir le líon tuinníní agus éisc thuinnín san Aigéan Atlantach ar leibhéil lena gceadaítear uastáirgeacht inbhuanaithe le haghaidh bia agus le haghaidh cuspóirí eile. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 21 Márta 1969.

Is páirtí in ICCAT é an tAontas, tar éis dó an Coinbhinsiún a fhormheas de bhun Chinneadh ón gComhairle an 9 Meitheamh 1986 1 .

2.2.An Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú

Is comhlacht ICCAT a bhunaítear le Coinbhinsiún ICCAT chun cinntí ceangailteacha (‘moltaí’) a ghlacadh maidir le caomhnú agus bainistiú na n‑iascach faoina gcúram. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh bearta den sórt sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas.

Mar pháirtí conarthach de ICCAT, tá an tAontas i dteideal páirt a ghlacadh ina gcinntí agus vótáil ina leith. Is de chomhthoil a dhéanann ICCAT a chinntí.

2.3.Cinntí ICCAT

Tá an t‑údarás ag ICCAT moltaí a ghlacadh maidir le caomhnú agus bainistiú na n‑iascach atá faoina raon feidhme agus tá na bearta sin ceangailteach ar na páirtithe conarthacha.

I gcomhréir le hAirteagal VIII.2 de Choinbhinsiún ICCAT, tiocfaidh na moltaí i bhfeidhm 6 mhí tar éis an dáta a chuirfidh ICCAT in iúl do na páirtithe conarthacha iad. Níl moladh ina cheangal ar pháirtí conarthach má tá agóid nó athdhearbhú déanta ag an bpáirtí conarthach sin ina leith. Má thacaíonn formhór na bpáirtithe conarthacha leis an agóid, ní bheidh éifeacht leis an moladh.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an AontaisEorpaigh

Leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais faoi láthair ag cruinnithe bliantúla na n‑eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) de réir cur chuige dhá shraith. Leagtar amach le Cinneadh ón gComhairle bunphrionsabail sheasamh an Aontais ar bhonn ilbhliantúil agus déantar an seasamh a choigeartú ina dhiaidh sin le haghaidh gach cruinnithe bhliantúil le páipéir leathoifigiúla ó sheirbhísí an Choimisiúin atá le formhuiniú ag an gComhairle.

Maidir le ICCAT, cuirtear an cur chuige sin chun feidhme le Cinneadh (AE) 2019/868 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019, lena leagtar amach seasamh an Aontais in ICCAT don tréimhse 2019‑2023. Tá prionsabail ghinearálta sa Chinneadh ach cuirtear gnéithe sonracha ICCAT san áireamh a mhéid is féidir. Ina theannta sin, leagtar amach ann an próiseas caighdeánach chun seasamh an Aontais a leagan síos bliain i ndiaidh bliana, mar a d’iarr na Ballstáit.

Cuimsíodh le Cinneadh (AE) 2019/868 ón gComhairle prionsabail an chomhbheartais iascaigh nua (CBI), mar a leagtar síos iad i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , agus cuireadh san áireamh leis freisin na cuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le gné sheachtrach an chomhbheartais iascaigh 3 . Thairis sin, coigeartaíodh leis seasamh an Aontais maidir le Conradh Liospóin.

Déantar foráil le Cinneadh (AE) 2019/868 ón gComhairle maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar sheasamh an Aontais roimh an gcruinniú bliantúil in 2024. Dá bhrí sin, leagtar amach sa togra seo seasamh an Aontais in ICCAT don tréimhse 2024-2028 agus ar an gcaoi sin, cuirtear in ionad Chinneadh (AE) 2019/868 ón gComhairle é.

I dtaca le hiascaireacht, cuimsítear leis an athbhreithniú atá ann faoi láthair an Comhaontú Glas don Eoraip, go háirithe an Straitéis Bhithéagsúlachta 4 , an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide 5 agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ 6 . Cuirtear san áireamh ann freisin an Straitéis um Plaistigh 7 agus an Plean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú 8 . Thairis sin, cuirtear san áireamh ann freisin an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan 9 .

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Na prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe’.

Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist agus ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’ 10 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é ICCAT arna bhunú le comhaontú, is é sin Coinbhinsiún ICCAT.

Na gníomhartha a iarrtar ar ICCAT a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Tá siad le bheith ina gceangal faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal VIII de Choinbhinsiún Antigua agus, ós rud é go bhféadfaidh moltaí ICCAT oibleagáidí a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais atá ann faoi láthair a fhorlíonadh, a leasú nó a ionadú, beidh siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta sin, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:

·Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú 11 ;

·Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú 12 ;

·Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha 13 ;

·Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle 14 ;

·Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Limistéar Coinbhinsiúin an Choimisiúin Idir-Mheiriceánaigh um Thuinníní Teochreasacha (ICCAT) agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle, (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007 15 ;

·Rialachán (AE) 2019/1154 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do cholgáin Mheánmhuirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 ;

·Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle lena leagtar síos na bearta is infheidhme maidir le stoic áirithe d’éisc mhór-imireacha a iascach 17 ;

·Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle lena leagtar síos bearta teicniúla maidir le stoic áirithe d’éisc mhór-imireacha a chaomhnú agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 973/2001 18 ; agus

·Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle lena dtugtar isteach córas le haghaidh faireachán staidrimh a dhéanamh ar thrádáil i dtuinnín gorm, i gcolgán agus i dtuinnín mórshúileach laistigh den Chomhphobal 19 .

Na gníomhartha atá beartaithe, ní gníomhartha iad lena ndéantar creat institiúideach Choinbhinsiún ICCAT a fhorlíonadh ná a leasú.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an Chinnidh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Na prionsabail

An bunús dlí substainteach le haghaidh Cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a nglactar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh sin nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna sin nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an Cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is leis an iascach a bhaineann an príomhchuspóir agus ábhar na ngníomhartha atá beartaithe. Is é Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 an bunús dlí lena leagtar amach na prionsabail atá le léiriú leis an seasamh seo.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 43(2) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe. Tiocfaidh an Cinneadh in ionad Chinneadh (AE) 2019/868 ón gComhairle, cinneadh a chumhdaíonn an tréimhse 2019‑2023.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 43(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí leis an gCinneadh atá beartaithe.

2023/0247 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/868

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Cinneadh ón gComhairle an 9 Meitheamh 1986 20  , thug an Comhphobal an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (‘Coinbhinsiún ICCAT’) i gcrích, rud a bhunaigh an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (‘ICCAT’).

(2)Glacann ICCAT bearta chun caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe fhadtéarmach na nacmhainní iascaigh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT a áirithiú agus chun na héiceachórais mhuirí ina bhfuil na hacmhainní sin a choimirciú. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh bearta den sórt sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas.

(3)Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 , déantar foráil go bhfuil ar an Aontas a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus go gcuirfidh siad le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Foráiltear leis freisin go bhfuil an tAontas leis an gcur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus go mbeidh sé d’aidhm aige a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á mbuain a athbhunú agus a choinneáil ar leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Ina theannta sin, foráiltear leis go bhfuil an tAontas le bearta bainistithe agus caomhnaithe a dhéanamh ar bhonn na comhairle eolaíche dá bhfuil ar fáil, tacú le forbairt an eolais eolaíoch agus na comhairle eolaíche, deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha agus modhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí a dhéanamh agus le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, agus le hiascaireacht a bhfuil ísealtionchar aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh. Ina theannta sin, foráiltear go sonrach le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil an tAontas leis na cuspóirí agus na prionsabail sin a chur i bhfeidhm agus é i mbun a chuid caidreamh seachtrach iascaigh.

(4)I gcomhréir leis an Straitéis Bhithéagsúlachta 22 , an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide 23 agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ 24 , tá sé ríthábhachtach an dúlra a chosaint agus díghrádú na néiceachóras a aisiompú. Maidir leis na rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide agus as caillteanas na bithéagsúlachta, is gá nár bhaol a bheadh iontu d’infhaighteacht na nearraí agus na seirbhísí a chuireann éiceachórais shláintiúla mhuirí ar fáil d’iascairí, do phobail chósta agus don chine daonna i gcoitinne.

(5)Déantar tagairt sa Straitéis um Plaistigh 25 do bhearta sonracha chun plaistigh agus truailliú muirí chomh maith le cailleadh nó tréigean trealaimh iascaireachta ar muir a laghdú. Thairis sin, is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú 26 laghdú 50 % a dhéanamh ar bhruscar plaisteach ar muir agus laghdú 30 % a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh a scaoiltear sa chomhshaol.

(6)Faoin Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan 27 , príomhthosaíochtaí faoi ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais is ea cosaint agus caomhnú na bithéagsúlachta muirí. Is é an tAontas Eorpach an gníomhaí is suntasaí in Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna) agus i gcomhlachtaí iascaigh ar fud an domhain. Dá bhrí sin, cuireann an tAontas inbhuanaitheacht na stoc éisc chun cinn, cuireann sé cinnteoireacht thrédhearcach chun cinn atá bunaithe ar chomhairle eolaíoch fhónta, cuireann sé feabhas ar an taighde eolaíoch, agus neartaíonn sé an comhlíonadh.

(7)Faoi láthair, leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe ICCAT le Cinneadh (AE) 2019/868 28 . Is iomchuí an Cinneadh sin a aisghairm agus Cinneadh nua a bhunú don tréimhse 2024-2028.

(8)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe ICCAT a leagan síos don tréimhse 2024-2028, ós rud é go bhféadfaidh bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe ICCAT a bheith ina gceangal ar an Aontas agus go bhféadfaidís tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, is iad sin Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle 29 ; Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle 30 ; agus Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 31 ; Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 ; Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle 33 ; Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle 34 ; Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle 35 , Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 , agus Rialachán (AE) 2019/1154 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 .

(9)I bhfianaise chineál athraitheach na nacmhainní iascaigh i Limistéar Chomhaontú ICCAT agus an ghá ina dhiaidh sin le forbairtí nua a chur san áireamh i seasamh an Aontais, lena náirítear faisnéis eolaíoch nua agus faisnéis ábhartha eile a chuirtear i láthair roimh chruinnithe ICCAT nó lena linn, ba cheart nósanna imeachta a bhunú le haghaidh na sonraíochta ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais don tréimhse 2024-2028. Ba cheart na seasaimh sin a bheith i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis i measc institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar síos in Iarscríbhinn I den Chinneadh seo an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT).

Airteagal 2

I gcomhréir le hIarscríbhinn II, seolfar sonraíocht ó bhliain go bliain ar sheasamh an Aontais atá le glacadh i gcruinnithe ICCAT.

Airteagal 3

Déanfaidh an Chomhairle seasamh an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, a athbhreithniú ar thogra a fháil ón gCoimisiún, le haghaidh chruinniú bliantúil ICCAT in 2029 ar a dhéanaí.

Airteagal 4

Aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/868.

Airteagal 5

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh ón gComhairle an 9 Meitheamh 1986 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú, arna leasú leis an bPrótacal a cuireadh i gceangal le Gníomh Críochnaitheach Chomhdháil Lánchumhachtaí na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún arna síniú i bPáras an 10 Iúil 1984 (IO L 162, 18.6.1986, lch. 33).
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(3)    COM(2011) 424, 13.7.2011.
(4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU biodiversity strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais le haghaidh 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM/2020/380).
(5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide] (COM/2021/82 final).
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally‑friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM/2020/381)
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A European Strategy for Plastics in a Circular Economy [Straitéis Eorpach um Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach] COM (2018) 28 final.
(8)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All EU Action Plan: Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil [Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú] COM/2021/400 final
(9)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Setting the course for a sustainable blue planet [An bealach a réiteach do phláinéad inbhuanaithe gorm] JOIN (2022) 28 final.
(10)    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(11)    IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.
(12)    IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(13)    IO L 347, 28.12.2017, lch. 81.
(14)    IO L 252, 16.9.2016, lch. 1.
(15)    IO L 315, 30.11.2017, lch. 1.
(16)    IO L 188, 12.7.2019, lch. 1.
(17)    IO L 263, 3.10.2001, lch. 1.
(18)    IO L 123, 12.5.2007, lch. 3.
(19)    IO L 295, 13.11.2003, lch. 1.
(20)    Cinneadh ón gComhairle an 9 Meitheamh 1986 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú, arna leasú leis an bPrótacal a cuireadh i gceangal le Gníomh Críochnaitheach Chomhdháil Lánchumhachtaí na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún arna síniú i bPáras an 10 Iúil 1984 (IO L 162, 18.6.1986, lch. 33).
(21)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(22)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU biodiversity strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais le haghaidh 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM/2020/380).
(23)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide] (COM/2021/82 final).
(24)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally‑friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM/2020/381).
(25)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A European Strategy for Plastics in a Circular Economy [Straitéis Eorpach um Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach] COM (2018) 28 final.
(26)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All EU Action Plan: Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil [Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú] COM/2021/400 final.
(27)    Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Setting the course for a sustainable blue planet [An bealach a réiteach do phláinéad inbhuanaithe gorm] JOIN (2022) 28 final.
(28)    Cinneadh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT), agus lena naisghairtear Cinneadh an 8 Iúil 2014 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, in ICCAT (IO L 140, 28.5.2019, lch. 78).
(29)    Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(30)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(31)    Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).
(32)    Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle (IO L 252, 16.9.2016, lch. 1).
(33)    Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos na bearta is infheidhme maidir le stoic áirithe d’éisc mhór-imireacha a iascach (IO L 263, 3.10.2001, lch. 1).
(34)    Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2007 lena leagtar síos bearta teicniúla maidir le stoic áirithe d’éisc mhór-imireacha a chaomhnú agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 973/2001 (IO L 123, 12.5.2007, lch. 3).
(35)    Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle an 8 Aibreán 2003 lena dtugtar isteach córas le haghaidh faireachán staidrimh a dhéanamh ar thrádáil i dtuinnín gorm, i gcolgán agus i dtuinnín mórshúileach laistigh den Chomhphobal (IO L 295, 13.11.2003, lch. 1).
(36)    Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i Limistéar Coinbhinsiúin an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle, (CE) Uimh. 1984/2003 agus (CE) Uimh. 520/2007 (IO L 315, 30.11.2017, lch. 1).
(37)    Rialachán (AE) 2019/1154 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do cholgáin Mheánmhuirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 1).

An Bhruiséil,11.7.2023

COM(2023) 421 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/868








IARSCRÍBHINN I

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT)

1.PRIONSABAIL

Faoi chuimsiú ICCAT, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

(a)a áirithiú go bhfuil na bearta a ghlacfar laistigh de ICCAT comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta, agus go háirithe le forálacha Choinbhinsiún 1982 de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, le Comhaontú 1995 na Náisiún Aontaithe i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach, le Comhaontú 1993 chun comhlíontacht bád iascaireachta ar an mórmhuir i dtaca le bearta idirnáisiúnta caomhantais agus bainistíochta a chur chun cinn, agus le Comhaontú 2009 den Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta ar Bhearta Stát an Chalafoirt;

(b)cuspóirí an Chomhaontaithe a chur chun cinn faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige i dtaca le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta (BBNJ) agus ag an 15ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (COP 15), go háirithe a mhéid a bhaineann le cosaint na bithéagsúlachta muirí agus cosaint 30 % d’aigéin an domhain a threisiú trí limistéir mhuirí faoi chosaint;

(c)rannchuidiú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, lena náirítear an Straitéis Bhithéagsúlachta, an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide, go háirithe maidir le cosaint an dúlra, agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, agus le hEoraip níos láidre sa Domhan;

(d)cuspóirí na Straitéise um Plaistigh agus an Phlean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú a shaothrú, go háirithe plaistigh agus truailliú muirí a laghdú;

(e)gníomhú i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail atá á saothrú ag an Aontas laistigh den chomhbheartas iascaigh, go sonrach tríd an gcur chuige réamhchúraim agus na haidhmeanna a bhaineann leis an uastáirgeacht inbhuanaithe mar a leagtar síos in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, chun cur chun feidhme cur chuige i leith bainistiú iascaigh atá bunaithe ar an éiceachóras a chur chun cinn mar aon le tionchair gníomhaíochtaí iascaireachta ar an gcomhshaol a laghdú, chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a íoslaghdú a mhéid is féidir agus chun deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha, agus chun tionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú agus, chomh maith leis sin, trí iascaigh de chuid an Aontais atá inmharthana agus iomaíoch ó thaobh an gheilleagair de a chur chun cinn, caighdeán cothrom maireachtála a chur ar fáil do na daoine a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus leasanna na dtomhaltóirí á gcur san áireamh;

(f)a bheith i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 19 Márta 2012 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le gné sheachtrach an chomhbheartais iascaigh 1 ;

(g)a bheith i gcomhréir le cuspóirí na Teachtaireachta Comhpháirtí maidir le Clár Oibre an Aontais um Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan 2 i ndáil le caomhnú na bithéagsúlachta muirí, chomh maith leis na conclúidí ón gComhairle i ndáil leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach sin 3 ;

(h)oibriú ar son rannpháirtíocht iomchuí na bpáirtithe leasmhara le linn chéim ullmhúcháin bhearta ICCAT agus a áirithiú go mbeidh na bearta a ghlacfar laistigh de ICCAT i gcomhréir le cuspóirí Choinbhinsiún ICCAT;

(i)seasaimh atá comhsheasmhach le dea-chleachtais eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) a chur chun cinn;

(j)comhsheasmhacht agus sineirge a lorg leis an mbeartas atá á shaothrú ag an Aontas mar chuid dá chaidreamh déthaobhach iascaigh le tríú tíortha, agus comhleanúnachas lena bheartais eile a áirithiú, go háirithe i réimse an chaidrimh sheachtraigh, an chomhshaoil, na trádála, na forbartha, an taighde agus na nuálaíochta;

(k)díriú ar chothrom iomaíochta a chruthú do chabhlach an Aontais laistigh de Limistéar Choinbhinsiún ICCAT, bunaithe ar na prionsabail agus na caighdeáin chéanna is infheidhme faoi Dhlí an Aontais, agus cur chun feidhme aonfhoirmeach na bprionsabal agus na gcaighdeán sin a chur chun cinn;

(l)comhordú idir ICCAT, ERBInna atá ann cheana agus coinbhinsiúin maidir le farraigí réigiúnacha (RSCanna) agus comhar le heagraíochtaí domhanda, de réir mar is infheidhme, laistigh dá sainorduithe a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí;

(m)sásraí comhair a chur chun cinn i measc ERBInna tuinnín tríd an bpróiseas ‘Kobe’, mar a thugtar air, le haghaidh ERBInna tuinnín.

2.TREOSHUÍOMHANNA

I gcás inarb iomchuí, féachfaidh an tAontas le tacú le glacadh na ngníomhaíochtaí seo a leanas ag ICCAT:

(a)bearta chun caomhnú agus athbhunú iomlán na néiceachóras muirí agus na bithéagsúlachta, agus inbhuanaitheacht na stoc, a chur chun cinn, agus breithnithe i dtaca leis an athrú aeráide á gcur san áireamh;

(b)bearta caomhnaithe agus bainistithe le haghaidh acmhainní iascaigh i limistéar Choinbhinsiún ICCAT bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, lena náirítear Gabhálacha Iomlána Incheadaithe agus cuótaí nó rialáil ar an iarracht maidir le buaint acmhainní bitheolaíocha muirí beo in iascaigh a rialaíonn ICCAT, d’fhonn na hacmhainní sin a athbhunú nó a choinneáil ar a laghad ar leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. I gcás inar gá, áireofar sna bearta caomhnaithe agus bainistithe sin bearta sonracha le haghaidh stoic atá thíos leis an ró-iascaireacht chun an iarracht iascaireachta a choinneáil ar leibhéil atá i gcomhréir le téarnamh na stoc sin;

(c)bearta chun bailiú sonraí iascaigh a chur chun cinn chun measúnuithe láidre a chumasú, tacú leis an obair eolaíoch a dhéanann Coiste Eolaíoch ICCAT agus taca a chur faoi chinntí bainistíochta atá bunaithe ar an eolaíocht, bearta arb é is aidhm dóibh a choiste um chomhlíonadh a neartú, cultúr comhlíonta a chur chun cinn agus athbhreithnithe feidhmíochta neamhspleácha tréimhsiúla a dhéanamh;

(d)comhar idir ICCAT agus an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) a neartú chun cur chuige comhleanúnach i dtaca le caomhnú na speiceas muirí ábhartha a áirithiú go háirithe maidir le bailiú sonraí chun measúnuithe láidre stoic a chumasú.

(e)bearta chun gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) i limistéar an Choinbhinsiúin a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena náirítear liostú soithí NNN agus trasliostú soithí NNN le ERBInna eile, agus bearta chun inrianaitheacht iasc agus táirgí iascaigh a chur chun cinn bunaithe ar na Treoirlínte Deonacha maidir le Scéimeanna Doiciméadaithe um Ghabháil;

(f)bearta faireacháin, rialaithe agus faireachais i limistéar an Choinbhinsiúin chun éifeachtúlacht rialaithe agus comhlíonadh na mbeart arna nglacadh laistigh de ICCAT a áirithiú, lena náirítear an rialú ar oibríochtaí trasloingsithe a neartú bunaithe ar Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Trasloingsiú;

(g)bearta chun an tionchar diúltach a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar na héiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú, lena náirítear bearta cosanta le haghaidh éiceachórais leochaileacha mhuirí i limistéar Choinbhinsiún ICCAT i gcomhréir le Coinbhinsiún ICCAT agus le Treoirlínte Idirnáisiúnta na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir, bearta chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, go háirithe speicis leochaileacha mhuirí, agus chun deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha;

(h)bearta chun truailliú muirí a laghdú, sceitheadh plaisteach ar muir a chosc agus an tionchar a bhíonn ag plaistigh ar muir ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar na héiceachórais a laghdú, lena náirítear bearta chun tionchar an trealaimh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile (ALDFG) san aigéan a laghdú agus chun sainaithint agus aisghabháil trealaimh den sórt sin a éascú bunaithe ar Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Trealamh Iascaireachta a Mharcáil;

(i)bearta arb é is aidhm dóibh toirmeasc a chur ar an iascach a fheidhmíonn chun eití siorca a bhuain agus lena gceanglaítear go ndéanfar gach siorc a thabhairt i dtír agus na heití ar fad air ó nádúr;

(j)i gcás inarb iomchuí agus a mhéid a cheadaítear faoi na doiciméid chomhábhartha, moltaí lena spreagtar cur chun feidhme Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le hObair san Iascaireacht;

(k)cur chuige coiteann le ERBInna eile, i gcás inarb iomchuí, go háirithe le ERBInna a bhfuil baint acu le bainistiú iascaigh in aon réigiún leis;

(l)bearta teicniúla breise bunaithe ar chomhairle ó fhochuideachtaí agus ó mheithleacha de chuid ICCAT.

IARSCRÍBHINN II

Sonraíocht ó bhliain go bliain ar sheasaimh an Aontais atá le glacadh

ag cruinnithe den Choimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú

Roimh gach cruinniú de ICCAT, nuair a iarrfar ar an gcomhlacht sin cinntí a ghlacadh a d’fhéadfadh teacht chun bheith ina gceangal ar an Aontas, déanfar na bearta is gá ionas go mbeidh an fhaisnéis eolaíoch is déanaí agus aon fhaisnéis ábhartha eile a chuirtear chuig an gCoimisiún á gcur san áireamh sa seasamh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail agus na treoshuíomhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Chuige sin, agus bunaithe ar an bhfaisnéis sin, tarchuirfidh an Coimisiún Eorpach chuig an gComhairle, nó chuig a comhlachtaí ullmhúcháin, in am trátha roimh gach cruinniú de ICCAT, doiciméad i scríbhinn ina leagfar amach sonraí na sonraíochta atá beartaithe a phlé agus a fhormhuiniú maidir le seasamh an Aontais i dtaca le sonraí an tseasaimh a chuirfear in iúl thar ceann an Aontais.

Más rud é, le linn cruinniú de ICCAT, go bhfuil sé dodhéanta teacht ar chomhaontú, lena n‑áirítear comhaontú ar an toirt, déanfar an cheist a chur chuig an gComhairle nó chuig a comhlachtaí ullmhúcháin ionas gur féidir eilimintí nua a chur san áireamh i seasamh an Aontais.

(1)    7087/12 REV 1 ADD 1 COR 1.
(2)    JOIN/2022/28 final an 24.6.2022.
(3)    15973/22 an 13.12.2022.