AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.7.2023
COM(2023) 418 final
2023/0244(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/858
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo le Cinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCruinnithe na bPáirtithe i gComhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA) don tréimhse 2024-2028 i dtaca le glacadh na mbeart caomhnaithe agus bainistithe atá beartaithe.
2.Comhthéacs an togra
2.1.Comhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas
Tá sé d’aidhm ag SIOFA, trí Chruinniú na bPáirtithe a bhunú, caomhnú fadtéarmach na n-acmhainní iascaigh a áirithiú sa limistéar a chumhdaítear leis an gComhaontú agus forbairt inbhuanaithe na n-iascach sin a chur chun cinn. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 21 Meitheamh 2012.
Is páirtí in SIOFA é an tAontas Eorpach, tar éis dó é a dhaingniú faoi Chinneadh 2008/780/CE ón gComhairle.
2.2.Cruinniú na bPáirtithe in SIOFA
Is é Cruinniú na bPáirtithe in SIOFA an comhlacht a bunaíodh le SIOFA le bheith freagrach as acmhainní iascaigh a bhainistiú agus a chaomhnú i limistéar an Chomhaontaithe. Glacann sé bearta caomhnaithe agus bainistithe chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint na hacmhainní iascaigh a bhfuil sé freagrach astu a bhaint amach.
Mar chomhalta de Chruinniú na bPáirtithe, tá an tAontas i dteideal páirt a ghlacadh ina chinntí agus vótáil ina leith. Is trí chomhthoil a dhéanann Cruinniú na bPáirtithe a chinntí.
2.3.Cinntí arna nglacadh ag Cruinniú na bPáirtithe in SIOFA
Tá an t-údarás ag Cruinniú na bPáirtithe bearta caomhnaithe agus bainistithe a ghlacadh maidir leis na hiascaigh a bhfuil sé freagrach astu, agus tá na bearta sin ceangailteach ar na páirtithe conarthacha.
I gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Chomhaontú SIOF, i gcomhar le mír 4 de Riail 12 de Rialacha Nós Imeachta SIOFA, tiocfaidh na bearta i bhfeidhm 90 lá tar éis an dáta a chuirfidh SIOFA in iúl do na páirtithe conarthacha iad.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh
Leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais faoi láthair ag cruinnithe bliantúla na n-eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) de réir cur chuige dhá shraith. Leagtar amach le Cinneadh ón gComhairle bunphrionsabail sheasamh an Aontais ar bhonn ilbhliantúil agus déantar an seasamh a choigeartú ina dhiaidh sin le haghaidh gach cruinnithe bhliantúil le páipéir leathoifigiúla ó sheirbhísí an Choimisiúin atá le formhuiniú ag an gComhairle.
Maidir le SIOFA, cuirtear an cur chuige sin chun feidhme le Cinneadh (AE) 2019/858 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019, lena leagtar amach seasamh an Aontais in SIOFA don tréimhse 2019-2023. Tá prionsabail ghinearálta sa Chinneadh ach cuirtear gnéithe sonracha SIOFA san áireamh a mhéid is féidir. Ina theannta sin, leagtar amach ann an próiseas caighdeánach chun seasamh an Aontais a leagan síos bliain i ndiaidh bliana, mar a d’iarr na Ballstáit.
Cuimsíodh le Cinneadh (AE) 2019/858 ón gComhairle prionsabail an chomhbheartais iascaigh nua (CBI), mar a leagtar síos iad i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus cuireadh san áireamh leis freisin na cuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le gné sheachtrach an chomhbheartais iascaigh. Thairis sin, coigeartaíodh leis seasamh an Aontais maidir le Conradh Liospóin.
Déantar foráil le Cinneadh (AE) 2019/858 ón gComhairle maidir le measúnú, agus i gcás inarb iomchuí, athbhreithniú a dhéanamh ar sheasamh an Aontais laistigh de SIOFA roimh an gcruinniú bliantúil in 2024. Dá bhrí sin, leagtar amach sa togra seo seasamh an Aontais in SIOFA don tréimhse 2024-2028 agus ar an gcaoi sin, cuirtear in ionad Chinneadh (AE) 2019/858 ón gComhairle é.
I dtaca le hiascaireacht, cuimsítear leis an togra atá ann faoi láthair an Comhaontú Glas don Eoraip, go háirithe an Straitéis Bhithéagsúlachta, an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’. Cuirtear san áireamh ann freisin an Straitéis um Plaistigh agus an Plean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú. Thairis sin, cuirtear san áireamh ann freisin an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Na prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe’.
Áirítear ar na ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist agus ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é Cruinniú na bPáirtithe in SIOFA a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin Comhaontú SIOFA.
Is é atá sna gníomhartha a iarrtar ar Chruinniú na bPáirtithe a ghlacadh gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Tá na gníomhartha atá beartaithe le bheith ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 8 SIOFA agus is féidir leo tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíochta an Aontais, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
·Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú;
·Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú; agus
·Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha.
Na gníomhartha atá beartaithe, ní gníomhartha iad lena ndéantar creat institiúideach Chomhaontú SIOF a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an Chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Na prionsabail
An bunús dlí substainteach le haghaidh Cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a nglactar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh sin nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna sin nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an Cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is leis an iascach a bhaineann an príomhchuspóir agus ábhar an ghníomh atá beartaithe. Is é Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 an bunús dlí lena leagtar amach na prionsabail atá le léiriú leis an seasamh seo.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 43(2) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe. Tiocfaidh an Cinneadh in ionad Chinneadh (AE) 2019/858 ón gComhairle.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 43(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí leis an gCinneadh atá beartaithe.
2023/0244 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/858
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Cinneadh 2008/780/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008, thug an tAontas Comhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA nó Comhaontú) i gcrích lenar bunaíodh Cruinniú na bPáirtithe in SIOFA.
(2)Tá Cruinniú na bPáirtithe in SIOFA freagrach as acmhainní iascaigh Limistéar Cur Chun Feidhme SIOFA a bhainistiú agus a chaomhnú. Tiocfaidh bearta den sórt sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas.
(3)Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, foráiltear go bhfuil an tAontas lena áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go mbainisteofar iad ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus lena gcuirfear le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Foráiltear leis freisin go bhfuil an tAontas le cur chuige an réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus go mbeidh sé d’aidhm aige a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á mbuain a athbhunú agus a choinneáil ar leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Ina theannta sin, foráiltear leis go bhfuil an tAontas le bearta bainistithe agus caomhnaithe a dhéanamh ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, tacú le forbairt an eolais eolaíoch agus na comhairle eolaíche, deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha agus modhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí a dhéanamh agus le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, agus le hiascaireacht a bhfuil ísealtionchar aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh. Ina theannta sin, foráiltear go sonrach le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil an tAontas leis na cuspóirí agus na prionsabail sin a chur i bhfeidhm agus é i mbun a chuid caidreamh seachtrach iascaigh.
(4)I gcomhréir leis an Straitéis Bhithéagsúlachta, an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, tá sé ríthábhachtach an dúlra a chosaint agus díghrádú na n-éiceachóras a aisiompú. Maidir leis na rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta, is gá nár bhaol a bheadh iontu d’infhaighteacht na n-earraí agus na seirbhísí a chuireann éiceachórais shláintiúla mhuirí ar fáil d’iascairí, do phobail chósta agus don chine daonna i gcoitinne.
(5)Déantar tagairt sa Straitéis um Plaistigh do bhearta sonracha chun plaistigh agus truailliú muirí chomh maith le cailleadh nó tréigean trealaimh iascaireachta ar muir a laghdú. Thairis sin, is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú laghdú 50 % a dhéanamh ar bhruscar plaisteach ar muir agus laghdú 30 % a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh a scaoiltear sa chomhshaol.
(6)Faoin Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan, príomhthosaíochtaí faoi ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais is ea cosaint agus caomhnú na bithéagsúlachta muirí. Is é an tAontas Eorpach an gníomhaí is suntasaí in Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna) agus i gcomhlachtaí iascaigh ar fud an domhain. Dá bhrí sin, cuireann an tAontas inbhuanaitheacht na stoc éisc chun cinn, cuireann sé cinnteoireacht thrédhearcach chun cinn atá bunaithe ar chomhairle eolaíoch fhónta, cuireann sé feabhas ar an taighde eolaíoch, agus neartaíonn sé an comhlíonadh.
(7)Faoi láthair, bunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe Choimisiún SIOFA le Cinneadh (AE) 2019/858 ón gComhairle. Is iomchuí an Cinneadh sin a aisghairm agus Cinneadh nua a bhunú don tréimhse 2024-2028.
(8)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCruinniú na bPáirtithe in SIOFA a leagan síos don tréimhse 2024-2028, ós rud é go mbeidh bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a ghlacfaidh Cruinniú bliantúil na bPáirtithe ina gceangal ar an Aontas agus go mbeidh siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, is iad sin Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle; Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle; agus Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(9)I bhfianaise chineál athraitheach na n-acmhainní iascaigh i Limistéar Feidhme SIOFA agus an ghá ina dhiaidh sin le forbairtí nua a chur san áireamh i seasamh an Aontais, lena n-áirítear faisnéis eolaíoch nua agus faisnéis ábhartha eile a chuirtear i láthair roimh chruinnithe Chruinnithe na bPáirtithe in SIOFA nó lena linn, ba cheart nósanna imeachta a bhunú le haghaidh na sonraíochta ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais don tréimhse 2024-2028. Ba cheart na seasaimh sin a bheith i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis i measc institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas (SIOFA).
Airteagal 2
I gcomhréir le hIarscríbhinn II, seolfar sonraíocht ó bhliain go bliain ar sheasaimh an Aontais atá le glacadh i gcruinnithe Chruinniú na bPáirtithe in SIOFA.
Airteagal 3
Déanfaidh an Chomhairle seasamh an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, a athbhreithniú ar thogra a fháil ón gCoimisiún, le haghaidh chruinniú bliantúil Chruinniú na bPáirtithe in SIOFA in 2028 ar a dhéanaí.
Airteagal 4
Aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/858.
Airteagal 5
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.7.2023
COM(2023) 418 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann le
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas agus lena n−aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/858
IARSCRÍBHINN I
1.PRIONSABAIL
Faoi chuimsiú SIOFA, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:
a) a áirithiú go bhfuil na bearta a ghlacfar laistigh de SIOFA i gCoinbhinsiú Mhuir Bheiring comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta, agus go háirithe le forálacha Choinbhinsiún 1982 de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, le Comhaontú 1995 na Náisiún Aontaithe i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach, le Comhaontú 1993 chun comhlíontacht bád iascaireachta ar an mórmhuir i dtaca le bearta idirnáisiúnta caomhantais agus bainistíochta a chur chun cinn, agus le Comhaontú 2009 den Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta ar Bhearta Stát an Chalafoirt;
b)cuspóirí an Chomhaontaithe a chur chun cinn faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige i dtaca le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta (BBNJ) agus ag an 15ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (COP 15), go háirithe a mhéid a bhaineann le cosaint na bithéagsúlachta muirí agus cosaint 30 % d’aigéin an domhain a threisiú trí limistéir mhuirí faoi chosaint;
c)rannchuidiú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, lena n-áirítear an Straitéis Bhithéagsúlachta, an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide, go háirithe maidir leis an Straitéis um chosaint an dúlra, agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, agus le hEoraip níos láidre sa Domhan;
d)cuspóirí na Straitéise um Plaistigh agus an Phlean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú a shaothrú, go háirithe plaistigh agus truailliú muirí a laghdú;
e) gníomhú i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail atá á saothrú ag an Aontas laistigh den chomhbheartas iascaigh, go sonrach tríd an gcur chuige réamhchúraim agus na haidhmeanna a bhaineann leis an uastáirgeacht inbhuanaithe mar a leagtar síos in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, chun cur chun feidhme cur chuige i leith bainistiú iascaigh atá bunaithe ar an éiceachóras a chur chun cinn, chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a íoslaghdú a mhéid is féidir agus chun deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha, agus chun tionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú agus, chomh maith leis sin, trí iascaigh de chuid an Aontais atá inmharthana agus iomaíoch ó thaobh an gheilleagair de a chur chun cinn, caighdeán cothrom maireachtála a chur ar fáil do na daoine a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus leasanna na dtomhaltóirí á gcur san áireamh;
f) a bheith i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 19 Márta 2012 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le gné sheachtrach an chomhbheartais iascaigh;
g)a bheith i gcomhréir le cuspóirí na Teachtaireachta Comhpháirtí maidir le Clár Oibre an Aontais um Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan i ndáil le caomhnú na bithéagsúlachta muirí, chomh maith leis na conclúidí ón gComhairle i ndáil leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach sin;
h)oibriú ar son rannpháirtíocht iomchuí na bpáirtithe leasmhara le linn chéim ullmhúcháin bhearta SIOFA agus a áirithiú go mbeidh na bearta a ghlacfar laistigh de SIOFA i gcomhréir le cuspóirí SIOFA;
i) seasaimh atá comhsheasmhach le dea-chleachtais eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) a chur chun cinn;
j) comhsheasmhacht agus sineirge a lorg leis an mbeartas atá á shaothrú ag an Aontas mar chuid dá chaidreamh déthaobhach iascaigh le tríú tíortha, agus comhleanúnachas lena bheartais eile a áirithiú, go háirithe i réimse an chaidrimh sheachtraigh, an chomhshaoil, na trádála, na forbartha, an taighde agus na nuálaíochta;
k) díriú ar chothrom iomaíochta a chruthú do chabhlach an Aontais laistigh de Limistéar Cur Chun Feidhme SIOFA, bunaithe ar na prionsabail agus na caighdeáin chéanna is infheidhme faoi Dhlí an Aontais, agus cur chun feidhme aonfhoirmeach na bprionsabal agus na gcaighdeán sin a chur chun cinn;
l) comhordú idir SIOFA, ERBInna atá ann cheana agus coinbhinsiúin maidir le farraigí réigiúnacha (RSCanna) agus comhar le heagraíochtaí domhanda laistigh dá sainorduithe, de réir mar is infheidhme, a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí;
m)sásraí comhair a chur chun cinn i measc ERBInna neamhthuinnín ar nós an phróisis dá ngairtear ‘Kobe’ le haghaidh ERBInna tuinnín.
2.TREOSHUÍOMHANNA
I gcás inarb iomchuí, féachfaidh an tAontas le tacú le glacadh na ngníomhaíochtaí seo a leanas in SIOFA:
a) bearta chun caomhnú agus athbhunú iomlán na bithéagsúlachta, agus inbhuanaitheacht na stoc, a chur chun cinn, agus breithnithe i dtaca leis an athrú aeráide a chuimsiú sa phróiseas cinnteoireachta;
b) bearta caomhnaithe agus bainistithe le haghaidh acmhainní iascaigh i limistéar an Choinbhinsiúin SIOFA bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear Gabhálacha Iomlána Incheadaithe agus cuótaí nó rialáil ar an iarracht in iascaigh ina mbuantar beo-acmhainní bitheolaíocha na mara arna rialú ag SIOFA, lena mbainfí amach an uastáirgeacht inbhuanaithe. I gcás inar gá, áireofar sna bearta caomhnaithe agus bainistithe sin bearta sonracha le haghaidh stoic atá thíos leis an ró-iascaireacht chun an iarracht iascaireachta a choinneáil i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil;
c) bearta chun bailiú sonraí, taighde eolaíoch agus cinntí bainistíochta atá bunaithe ar an eolaíocht a chur chun, a choiste um chomhlíonadh a neartú, cultúr comhlíonta a chur chun cinn agus athbhreithnithe feidhmíochta neamhspleácha tréimhsiúla a dhéanamh;
d) bearta chun gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) i limistéar an Choinbhinsiúin a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena n-áirítear liostú soithí NNN agus trasliostú soithí NNN le ERBInna eile, agus bearta chun inrianaitheacht iasc agus táirgí iascaigh a chur chun cinn bunaithe ar na Treoirlínte Deonacha maidir le Scéimeanna Doiciméadaithe um Ghabháil;
e) bearta faireacháin, rialaithe agus faireachais i limistéar an Choinbhinsiúin chun éifeachtúlacht rialaithe agus comhlíonadh na mbeart arna nglacadh laistigh de SIOFA a áirithiú, lena n-áirítear an rialú ar oibríochtaí trasloingsithe a neartú bunaithe ar Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Trasloingsiú;
f) bearta chun an tionchar diúltach a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar na héiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú, lena n-áirítear bearta cosanta le haghaidh éiceachórais leochaileacha mhuirí i Limistéar Cur Chun Feidhme SIOFA i gcomhréir le SIOFA agus le Treoirlínte Idirnáisiúnta na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir, bearta chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, go háirithe speicis leochaileacha mhuirí, agus chun deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha;
g)bearta chun truailliú muirí a laghdú, sceitheadh plaisteach ar muir a chosc agus an tionchar a bhíonn ag plaistigh ar muir ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar na héiceachórais a laghdú, lena n-áirítear bearta chun tionchar an trealaimh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile (ALDFG) san aigéan a laghdú agus chun sainaithint agus aisghabháil trealaimh den sórt sin a éascú bunaithe ar Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Trealamh Iascaireachta a Mharcáil;
h) bearta arb é is aidhm dóibh toirmeasc a chur ar an iascach a fheidhmíonn chun eití siorca a bhuain agus lena gceanglaítear go ndéanfar gach siorc a thabhairt i dtír agus na heití ar fad air ó nádúr;
i) i gcás inarb iomchuí agus a mhéid a cheadaítear faoi na doiciméid chomhábhartha, moltaí lena spreagtar cur chun feidhme Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le hObair san Iascaireacht;
j)cur chuige coiteann le ERBInna eile, i gcás inarb iomchuí, go háirithe le ERBInna a bhfuil baint acu le bainistiú iascaigh in aon réigiún leis;
k) bearta teicniúla breise bunaithe ar chomhairle ó fhochuideachtaí agus ó mheithleacha de chuid SIOFA.
IARSCRÍBHINN II
Sonraíocht ó bhliain go bliain ar sheasaimh an Aontais atá le glacadh
i gcruinnithe Chomhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas
Roimh gach cruinniú de Chruinniú na bPáirtithe, nuair a iarrfar ar an gcomhlacht sin cinntí a ghlacadh a bhfuil éifeacht dhlíthiúil leo ar an Aontas, déanfar na bearta is gá ionas go mbeidh an fhaisnéis eolaíoch is déanaí agus aon fhaisnéis ábhartha eile a chuirtear chuig an gCoimisiún, á gcur san áireamh sa seasamh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail agus na treoshuíomhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Chuige sin, agus bunaithe ar an bhfaisnéis sin, tarchuirfidh an Coimisiún chuig an gComhairle, nó chuig a comhlachtaí ullmhúcháin, in am trátha roimh gach cruinniú de Chruinniú na bPáirtithe in SIOFA, doiciméad i scríbhinn ina leagfar amach sonraí na sonraíochta atá beartaithe a phlé agus a fhormhuiniú maidir le seasamh an Aontais i dtaca le sonraí an tseasaimh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais.
Más rud é, le linn Chruinniú de chuid na bPáirtithe, nach féidir teacht ar chomhaontú, lena n-áirítear comhaontú ar an láthair, tarchuirfear an cheist chuig an gComhairle nó chuig a comhlachtaí ullmhúcháin ionas gur féidir eilimintí nua a chur san áireamh i seasamh an Aontais.