An Bhruiséil,5.7.2023

COM(2023) 415 final

2023/0228(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/2031 agus Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/105/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hábhar atáirgthe foraoise)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2023) 414 final} - {SWD(2023) 410 final} - {SWD(2023) 414 final} - {SWD(2023) 415 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Leagtar amach i dTreoir 1999/105/CE ón gComhairle rialacha maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise (‘Treoir FRM’). Rialaítear leis an Treoir sin ábhar atáirgthe foraoise (‘FRM’) atá tábhachtach chun críocha foraoiseachta.

Sna blianta ó glacadh í, rinneadh roinnt forbairtí tábhachtacha, go háirithe:

glacadh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 1 , lena n‑áirítear an Dlí Aeráide Eorpach 2 , Straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide 3 , Straitéis Foraoiseachta nua an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 4 agus Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 5 , agus

nuashonrú na Rialacha agus na Rialachán i Scéim na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Deimhniú Ábhair Atáirgthe Foraoise a Bhíonn ag Gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta 6 (‘Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE’).

I bhfianaise na bhforbairtí sin, tosaíochtaí beartais nua an Aontais i ndáil le hinbhuanaitheacht, oiriúnú don athrú aeráide agus bithéagsúlacht, chomh maith leis an taithí a fuarthas le linn chur chun feidhme Threoir 1999/105/CE, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar an gcuid seo de reachtaíocht an Aontais maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise.

Tagraíonn ábhar atáirgthe foraoise do shíolta, do chodanna de phlandaí agus do phlandaí agus úsáidtear é chun foraoisí nua a chruthú (‘foraoisiú’), limistéir a athphlandú le crainn (‘athfhoraoisiú’) agus bealaí eile ina bplandaítear crainn chun críocha éagsúla: (i) táirgeadh adhmaid agus bithábhar, (ii) caomhnú na bithéagsúlachta, (iii) athchóiriú éiceachóras foraoise, (iv), oiriúnú don athrú aeráide, (v) maolú ar an athrú aeráide agus (vi) caomhnú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní géiniteacha foraoise.

Maidir le síolta barr talmhaíochta, déantar iad a tháirgeadh, a dheimhniú, agus a bhuaint i dtimthriallta de 1 bhliain amháin, ach i gcás ábhar atáirgthe foraoise d’fhéadfadh 50-100 bliain a bheith i gceist sular féidir síolta agus plandaí foraoise a bhuaint ó bhunábhar. Mar gheall ar na timthriallta fada táirgthe sin, tá sé fíor-riachtanach ábhar atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht a tháirgeadh agus inrianaitheacht a áirithiú (i) go dtí na crainn tuismitheora bhunaidh ónar buanadh an t‑ábhar atáirgthe foraoise sin agus (ii) go dtí na dálaí aeráide agus éiceolaíocha faoinar fásadh na crainn tuismitheora sin. Tugtar tuairisc ar an bpróiseas as a dtagann táirgeadh agus margú an ábhair atáirgthe foraoise ina dhiaidh seo.

Buantar an t‑ábhar atáirgthe foraoise ó na crainn tuismitheora (i.e. bunábhar). Roghnaíodh an bunábhar sin de bharr roinnt ard‑saintréithe (e.g. gnéithe moirfeolaíocha, cáilíocht, sláinte, agus frithsheasmhacht an adhmaid) i bhfianaise an chuspóra beartaithe dá n‑úsáidfear an t‑ábhar atáirgthe foraoise. Déanann údaráis inniúla na mBallstát iniúchadh oifigiúil chun an bunábhar sin a fhormheas. Cláraítear bunábhar i gclár náisiúnta in éineacht le tagairt chláir uathúil agus formheas aonaid, mar a thugtar air, a léiríonn an limistéar ónar féidir an t‑ábhar atáirgthe foraoise a bhuaint ina dhiaidh sin. Eisítear máistirdheimhniú tar éis bhuaint an ábhair atáirgthe foraoise. Is é is feidhm leis an máistirdheimhniú ná inrianaitheacht an ábhair atáirgthe foraoise go dtí suíomh an bhunábhair ónar buanadh é a áirithiú. Ní mór don ábhar atáirgthe foraoise roinnt ceanglas cáilíochta a chomhlíonadh chun go ndeimhneofaí é. I gcás síolta, baineann na ceanglais cháilíochta sin le híonacht na síolta agus an líon síolta inmharthana is féidir péacadh (i.e. céatadán péactha). Eisítear an lipéad oifigiúil tar éis do na húdaráis inniúla iniúchadh oifigiúil a dhéanamh lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an t‑ábhar atáirgthe foraoise na ceanglais cháilíochta a leagadh síos don chatagóir ábhair atáirgthe foraoise lena mbaineann.

Cuirtear táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise sna Ballstáit éagsúla in oiriúint ag brath ar na riachtanais shonracha. I roinnt Ballstát is é an tionscal adhmaid agus laín an ghníomhaíocht eacnamaíoch is tábhachtaí agus, dá réir sin, is é táirgeadh adhmaid an phríomhréimse den bheartas maidir le hábhar atáirgthe foraoise. Nuair a roghnaítear na ‘crainn tuismitheora’ (i.e. bunábhar) óna mbuanfar an t‑ábhar atáirgthe foraoise, is é cáilíocht an adhmaid an critéar roghnúcháin is tábhachtaí sna Ballstáit sin.

I mBallstáit eile, táirgtear ábhar atáirgthe foraoise chun críocha éagsúla agus chun éiceachórais ilfheidhmeacha a chruthú. Tá cead isteach ag daoine agus ainmhithe i gcodanna áirithe de na foraoisí agus comhlíonann siad feidhmeanna sóisialta agus cultúrtha, fad atá codanna eile den fhoraois faoi chosaint fálta arb é is aidhm dóibh an bhithéagsúlacht agus acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú. Sa chás sin, roghnófar réimse leathan ‘crann tuismitheora’ lena ngabhann saintréithe éagsúla (crainn bheaga agus crainn mhóra, méideanna éagsúla géag) chun leibhéal ard éagsúlachta a bhaint amach i measc na gcrann tuismitheora sin agus leibhéal ard éagsúlachta géinití a áirithiú. Maidir le leibhéal ard éagsúlachta géinití an ábhair atáirgthe foraoise a bhuanfar ó na crainn tuismitheora sin, tá an leibhéal éagsúlachta sin an‑tábhachtach freisin i ndáil leis an oiriúnú don athrú aeráide toisc go bhféadfaí an t‑ábhar atáirgthe foraoise a phlandú i limistéir atá oiriúnach ó thaobh na haeráide de nó limistéir a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach ó thaobh na haeráide de don ábhar atáirgthe foraoise sa todhchaí. Is é seo oiriúnacht ábhair atáirgthe foraoise do dhálaí aeráide reatha agus dálaí aeráide réamh‑mheasta don todhchaí.

Sa reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair sainmhínítear ábhar atáirgthe foraoise i ndáil lena thábhacht chun críocha foraoiseachta san Aontas uile nó i gcuid den Aontas, ach tá sé doiléir fós maidir leis na críocha foraoiseachta a chumhdaítear faoi raon feidhme na reachtaíochta. Mar gheall ar an easpa soiléireachta seo bhí cásanna áirithe ann inar plandaíodh ábhar atáirgthe foraoise de cháilíocht íseal. D’fhéadfaí go mbeadh na crainn a plandaíodh ag fás ar dtús ach ansin d’fhéadfaí go dteipfeadh orthu síolta a tháirgeadh 10-20 bliain níos déanaí. Mar gheall air sin d’fhéadfadh caillteanais eacnamaíochta a bheith i ndán don tionscal adhmaid agus laín san fhadtéarma. Sa chás is measa, d’fhéadfadh cliseadh éiceachóras foraoisí tarlú toisc go bhfuil foraoisí níos leochailí i leith tromach, ionsaithe lotnaidí agus suaití eile. Is gá, dá bhrí sin, raon feidhme reachtaíocht an Aontais a shoiléiriú trí bhíthin na críocha dá bhfuil sé tábhachtach ábhar atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht a úsáid a liostú sa Rialachán atá beartaithe.

Soláthraíonn foraoisí an t‑amhábhar (adhmad agus neamh‑adhmad amhail bia agus plandaí leighis) chun slabhraí luacha bithgheilleagair, atá ann in ionad táirgí iontaise nó táirgí díobhálacha eile, a fhás. Leis an bhfeidhm a bhaineann le táirgeadh adhmaid agus bithábhar, tacaíonn an Rialachán atá beartaithe leis na slabhraí luacha leathnaithe foraoise, lena ngabhann 4,5 milliún post san Aontas faoi láthair 7 .

Mar a luaitear thuas, ba cheart a áirithiú ina theannta sin gur féidir le Ballstáit ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh chun na gcríoch atá ábhartha ina gcríoch féin. Ba cheart an cumas a bheith ag Ballstáit, dá réir sin, cinneadh a dhéanamh maidir leis na critéir roghnúcháin a chuirfear i bhfeidhm maidir leis an mbunábhar i ndáil le cuspóir beartaithe an ábhair atáirgthe foraoise sin. Thairis sin, nuair a phlandaítear ábhar atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht i limistéar ina bhfuil dálaí fabhracha aeráide agus éiceolaíocha, cuirtear leis an iarracht chun cuspóir beartaithe an ábhair atáirgthe foraoise a bhaint amach.

Mar shampla, is féidir ábhar atáirgthe foraoise a bhuaint ó bhunábhar a ndearnadh measúnú air agus a formheasadh chun adhmad a tháirgeadh. Má phlandaítear an t‑ábhar atáirgthe foraoise faoi dhálaí fabhracha, táirgfidh sé méid níos airde adhmaid i gcomparáid le meántáirgeadh adhmaid ábhair atáirgthe foraoise nach gcuirtear faoi dhálaí fabhracha. Ar an gcaoi chéanna, is féidir ábhar atáirgthe foraoise a bhuaint ó bhunábhar a roghnaíodh agus a ndearnadh measúnú air mar gheall ar an oiriúnú atá déanta aige do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha áitiúla agus réigiúnacha i ndáil leis na tosca bitheacha agus aibitheacha sa limistéar sin. Maidir le hábhar atáirgthe foraoise den sórt sin a chuirtear faoi dhálaí fabhracha chun críoch an oiriúnaithe don athrú aeráide, cuirfidh an t‑ábhar sin le hathléimneacht foraoisí i ndáil le hadhaimsir agus lena n‑oiriúnú do dhálaí aeráide atá ag athrú. Is é an talamh foraoisithe an rud is mó a chuireann le linn charbóin an Aontais agus beidh ról fíor‑riachtanach aige i ndáil le comhlíonadh chuspóir uaillmhianach an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Cuirfear an Rialachán atá beartaithe in ionad Threoir 1999/105/CE, agus soiléireofar leis a raon feidhme agus tabharfar a forálacha cothrom le dáta.

Is iad na cuspóirí seo a leanas na cuspóirí ginearálta atá aige:

(a)Cothroime iomaíochta le haghaidh oibreoirí ar fud an Aontais a áirithiú;

(b)Tacú le nuálaíocht agus iomaíochas thionscal ábhair atáirgthe foraoise an Aontais;

(c)Cur leis an iarracht aghaidh a thabhairt ar an inbhuanaitheacht, an bhithéagsúlacht agus na dúshláin a bhaineann leis an aeráid.

Is iad na cuspóirí seo a leanas na cuspóirí sonracha atá aige:

(a)Soiléireacht agus comhleanúnachas an chreata dhlíthiúil a mhéadú trí bhunrialacha simplithe, soiléirithe agus comhchuibhithe a chuirfear i láthair i bhfoirm dhlíthiúil nua‑aimseartha;

(b)Glacadh forbairtí eolaíochta agus teicniúla nua a chumasú (go háirithe, próisis táirgthe nuálacha, teicnící bith‑mhóilíneacha agus réitigh dhigiteacha);

(c)Infhaighteacht ábhar atáirgthe foraoise a bheidh oiriúnach do dhúshláin amach anseo a áirithiú;

(d)Tacú le caomhnú agus le húsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní géiniteacha foraoise.

(e)An creat maidir le rialuithe oifigiúla ar ábhar atáirgthe foraoise a chomhchuibhiú;

(f)Feabhas a chur ar chomhleanúnachas na reachtaíochta maidir le hábhar atáirgthe foraoise leis an reachtaíocht maidir le sláinte plandaí.

Tá an Rialachán atá beartaithe ina chuid den Chlár um Oiriúnacht Rialála (REFIT).

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Maidir leis an Rialachán atá beartaithe, tá naisc aige le beartais an Aontais maidir le sláinte plandaí (Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 ) agus rialuithe oifigiúla (Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 ).

Beidh feidhm ag na rialacha i Rialachán (AE) 2016/2031 a bhaineann le lotnaidí maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise freisin. Nascfar an lipéad oifigiúil le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise leis an bpas plandaí a bhunaítear leis an Rialachán sin.

Áireofar rialacha ábhair atáirgthe foraoise i raon feidhme Rialachán (AE) 2017/625 a bhaineann le rialuithe oifigiúla. Áiritheofar leis sin, comhsheasmhacht le gníomhartha eile an Aontais a bhaineann le táirgeadh agus margú plandaí (Rialachán (AE) 2016/2031 agus an Rialachán atá beartaithe maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí), atá mar chuid de chóras dlí an Aontais de rialuithe oifigiúla freisin.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Leis an mbeartas foraoiseachta san Aontas urramaítear luach an róil lárnaigh ilfheidhmigh atá ag foraoisí agus éiceachórais foraoisí agus aithnítear go bhfuil brú ar fhoraoisí de bharr teagmhais adhaimsire, lotnaidí agus galair de thoradh an athraithe aeráide. Mar gheall ar mhinicíocht agus déine suaite atá ag dul i méid, mar shampla de bharr ráigeanna de chiaróga coirte, bíonn níos mó astaíochtaí gás ceaptha teasa, cailliúint bithéagsúlachta agus caillteanas eacnamaíoch. D’fhéadfadh méaduithe tobanna ar lománaíocht tarrthála a bheith ann mar gheall air sin freisin, agus d’fhéadfadh sé sin tionchar a imirt ar an margadh in go leor tíortha.

Cuireann an Rialachán atá beartaithe le beartais fhoriomlána an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le reachtaíocht agus straitéisí gaolmhara: an Dlí Aeráide Eorpach, Straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide, Straitéis Foraoiseachta nua an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 agus Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030.

Beidh an Rialachán atá beartaithe ina chuidiú le cuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh agus Straitéis an Aontais um Oiriúnú a bhaint amach trí phlandú an chrainn chirt san áit cheart a éascú. Cruthófar leis sin tairbhí nach beag d’fhoraoiseoirí, don bhithgheilleagar foraoise agus don tsochaí ina hiomláine.

Leis an gceanglas ar Bhallstáit pleananna teagmhais náisiúnta a ullmhú, áiritheofar soláthar leordhóthanach ábhair atáirgthe foraoise chun limistéir, a ndéanann teagmhais adhaimsire, falscaithe, ráigeanna de ghalair agus de lotnaidí, tubaistí nó aon teagmhas eile difear dóibh, a athfhoraoisiú. Léirítear i mbeartas na bpleananna teagmhais na gníomhaíochtaí ullmhachta ginearálta ba cheart do na Ballstáit a dhéanamh faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta lena n‑áirítear measúnuithe riosca náisiúnta a dhéanamh 10 .

Is é is aidhm don Rialachán atá beartaithe cur le cuspóirí Straitéis Foraoiseachta nua an Aontais Eorpaigh chun foraoisí a chur in oiriúint don athrú aeráide agus foraoisí, a ndéantar díobháil a bhaineann leis an aeráid dóibh, a athchóiriú trí bhearta a thabhairt isteach lena gcuirtear chun cinn táirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise atá oiriúnach do dhálaí aeráide sa todhchaí. Le bunú pleananna teagmhais náisiúnta agus plandú an chrainn chirt san áit cheart, cuidíonn an Rialachán seo chun a áirithiú go mbeidh na glúnta amach anseo in ann leas a bhaint as feidhmeanna sóisialta agus cultúrtha foraoisí.

Cuideoidh an Rialachán atá beartaithe le hacmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú agus leis an mbithéagsúlacht a fheabhsú, trí ábhair atáirgthe foraoise a chur ar an margadh atá beartaithe chun caomhnú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní géiniteacha foraoise a éascú.

Ar deireadh, cruthaítear leis an Rialachán atá beartaithe an creat chun teicneolaíochtaí digiteacha a thabhairt isteach chun na gníomhaíochtaí deimhniúcháin uile a thaifeadadh ar ardán ar líne i gcomhréir le cuspóirí na Straitéise Eorpaí Digití 11 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tugtar isteach leis an togra na rialacha is gá chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta a shaothrú, in earnáil tháirgeadh agus mhargú an ábhair atáirgthe foraoise san Aontas.

Maidir leis sin, roghnaíodh an dá bhunús dlí seo a leanas:

Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena soláthraítear an bunús dlí chun na forálacha a ghlacadh a bhfuil gá leo chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta a shaothrú.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

De réir phointe (d) d’Airteagal 4(2) CFAE tá feidhm ag inniúlacht chomhroinnte idir an tAontas agus na Ballstáit sa réimse talmhaíochta agus iascaigh, gan caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara a áireamh.

Ó glacadh Treoir 1999/105/CE, tá cuid mhaith rialála déanta ar na réimsí uile a bhaineann le margú ábhair atáirgthe foraoise ar leibhéal an Aontais. Tá sé sin tar éis cur go mór le bunú margaidh inmheánaigh in ábhar atáirgthe foraoise. Deimhníodh leis na measúnuithe tionchair a rinneadh in 2013 agus 2023 go raibh tionchar dearfach i gcoitinne ag rialacha an Aontais, atá i bhfeidhm maidir le hábhar atáirgthe foraoise a mhargú, ar shaorghluaiseacht, ar infhaighteacht agus ar cháilíocht ábhair atáirgthe foraoise ar mhargadh an Aontais, agus d’éascaigh na rialacha sin an trádáil laistigh den Aontas dá réir sin. Ní féidir cur chuige níos comhchuibhithe i ndáil le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát de bharr a chastachta agus a idirnáisiúnta atá sé. D’fhéadfaí freagairt do dhúshláin trasteorann i ndáil leis an athrú aeráide, bithéagsúlacht agus inbhuanaitheacht ar bhonn níos fearr dá ndéanfaí an fhreagairt sin ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a dhéanamh maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht atá oiriúnach do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Comhréireacht

Tá na bearta atá beartaithe teoranta do ghníomhaíochtaí is gá a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun go mbeidh siad éifeachtach agus éifeachtúil, rud a phléitear i gCaibidil 7,4 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo. Chun na riachtanais sin a bhaint amach, cuirfear Rialachán maidir le hábhar atáirgthe foraoise in ionad Threoir 1999/105/CE. Meastar gurb é sin an cineál ionstraime is oiriúnaí, ós rud é go mbaineann príomhghné den togra le bearta níos comhchuibhithe a bhunú do na Ballstáit.

Is iad ceanglais aonfhoirmeacha maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise an t‑aon bhealach chun (i) a áirithiú go mbaineann leibhéal ard cáilíochta le hábhar atáirgthe foraoise d’úsáideoirí, go mbíonn an margadh inmheánach ag feidhmiú mar is cuí agus go bhfuil cothroime iomaíochta ann do na hoibreoirí, (iii) foraoisiú agus athfhoraoisiú inbhuanaithe, caomhnú na bithéagsúlachta agus athchóiriú éiceachóras foraoise a áirithiú, agus (iv) tacú le táirgeadh adhmaid agus bithábhar, oiriúnú don athrú aeráide, an t‑athrú aeráide a mhaolú agus acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe. Chun na ceanglais theicniúla a oiriúnú do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha, féadfaidh na Ballstáit, faoi dhálaí áirithe, ceanglais náisiúnta níos déine a leagan síos. Thairis sin, maidir le clárú bunábhair agus deimhniú ábhair atáirgthe foraoise, cothromaítear solúbthacht agus comhchuibhiú leis an tsolúbthacht do na Ballstáit na rialacha sin a chur chun feidhme ar bhealach atá in oiriúint dá ndálaí aeráide agus éiceolaíocha áitiúla. Tá bearta chun inbhuanaitheacht a neartú agus freagairt don ghlao chun oiriúnú don athrú aeráide sa reachtaíocht freisin.

An rogha ionstraime

Is i bhfoirm Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá an togra. Ní bheadh bealaí eile iomchuí toisc go bhféadfar na cuspóirí a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla le ceanglais atá go hiomlán comhchuibhithe ar fud an Aontais, rud lena n‑áirithítear saorghluaiseacht ábhair atáirgthe foraoise.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

In 2019, d’iarr an Chomhairle 12 ar an gCoimisiún staidéar a chur i láthair maidir le roghanna an Aontais chun an reachtaíocht a bhí ann cheana, i dtaca le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí, a thabhairt cothrom le dáta (‘staidéar PRM’) 13 . Thacaigh staidéar seachtrach chun sonraí a bhailiú leis an staidéar sin 14 . Sainaithníodh cúig phríomhfhadhb leis an reachtaíocht atá ann cheana leis an staidéar PRM.

Bhain siad sin le:

(1)cur chun feidhme neamh‑chomhchuibhithe na reachtaíochta atá ina údar le heaspa cothroime iomaíochta le haghaidh oibreoirí;

(2)nósanna imeachta casta agus righne, lena gcruthaítear próiseas cinnteoireachta anásta;

(3)righneas an chreata dhlíthiúil lena mbaineann deacrachtaí maidir le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna beartais a shainaithnítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sna straitéisí gaolmhara;

(4)easpa creata chomhchuibhithe agus rioscabhunaithe maidir le rialuithe oifigiúla, atá ina húdar le heaspa cothroime iomaíochta maidir le rialuithe oifigiúla;

(5)easpa forálacha sa chreat dlíthiúil chun an dul chun cinn eolaíochta agus teicneolaíochta a chur san áireamh.

San iarraidh ón gComhairle in 2019 bhí clásail maidir le hathbhreithniú lenar tugadh sainordú don Choimisiún chun togra reachtach a chur i láthair, más iomchuí i bhfianaise thoradh an staidéir réamhluaite.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Maidir leis an measúnú tionchair a ghabhann leis an Rialachán maidir le hábhar atáirgthe foraoise, bhain réimse leathan comhairliúchán leis, comhairliúcháin atá dírithe ar na cineálacha uile páirtithe leasmhara atá mar chuid de mheasúnú ar thionchar tionscanta, comhairliúchán poiblí, meithleacha d’údaráis inniúla agus páirtithe leasmhara agus cruinnithe déthaobhacha le heagraíochtaí páirtithe leasmhara.

Fuarthas 66 fhreagairt ó 16 thír ar an gcomhairliúchán maidir leis an measúnú ar thionchar tionscanta, agus fuarthas 2449 bhfreagairt ó 29 dtír ar an gcomhairliúchán poiblí;

Chuir 39 bhfreagróir ar an measúnú ar thionchar tionscanta agus 181 fhreagróir ar an gcomhairliúchán poiblí páipéar seasaimh isteach;

Bhí comhairliúcháin spriocdhírithe ann chun tuilleadh aiseolais speisialaithe a chruinniú ó údaráis náisiúnta inniúla agus ó FBManna, rud as ar eascair 25 fhreagairt agus 251 fhreagairt, faoi seach;

Fuarthas 99 bhfreagairt de thoradh suirbhé spriocdhírithe a rinne sainchomhairleoir seachtrach a thacaigh le measúnú tionchair an Choimisiúin;

Rinne an sainchomhairleoir 13 agallamh dhoimhne agus d’eagraigh sé grúpa fócais ina raibh 4 rannpháirtí chomh maith.

Léiríodh tacaíocht ar an bhforiomlán chun reachtaíocht maidir le hábhar atáirgthe foraoise a choinneáil ar leithligh ó reachtaíocht maidir le ábhar atáirgthe plandaí eile. D’éiligh na freagróirí uile go gcoimeádfaí na colúin atá ann cheana i ndáil le clárú bunábhair agus deimhniú ábhair atáirgthe foraoise. Chuir formhór na bhfreagróirí i dtábhacht an gá le solúbthacht a choinneáil ionas go bhféadfadh na Ballstáit an cinneadh a dhéanamh maidir leis an ábhar atáirgthe foraoise a oiriúnófar dá ndálaí aeráide agus éiceolaíocha áitiúla agus réigiúnacha.

Toisc go bhfuil raon feidhme Threoir 1999/105/CE doiléir maidir leis na críocha a chumhdaítear, rinne na Ballstáit í a léirmhíniú ar bhealaí éagsúla agus bhí tuiscint éagsúil acu maidir leis an méid a áirítear faoi raon feidhme Threoir 1999/105/CE. Mar shampla, meastar i mBallstáit áirithe go bhfuil an agrafhoraoiseacht faoi raon feidhme na Treorach ach ní mheastar amhlaidh i mBallstáit eile. Dá thoradh sin, sna Ballstáit sin ina meastar go bhfuil an agrafhoraoiseacht lasmuigh de raon feidhme Threoir 1999/105/CE, is féidir ábhar atáirgthe foraoise ó speicis rialáilte a dhíol le haghaidh agrafhoraoiseachta gan fhormheas an bhunábhair. Ní raibh na freagróirí ar na comhairliúcháin páirtithe leasmhara ar aon tuairim a mhéid a bhaineann leis na críocha ba cheart a chumhdach faoi raon feidhme na reachtaíochta maidir le hábhar atáirgthe foraoise.

Chomhaontaigh formhór na n‑oibreoirí go bhfuil sé inmhianaithe na ceanglais maidir le rialuithe oifigiúla a ailíniú. Chuir formhór na bpáirtithe leasmhara in aghaidh an reachtaíocht maidir le hábhar atáirgthe foraoise a chuimsiú i raon feidhme an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla mar gheall ar shainiúlacht rialuithe oifigiúla san earnáil sin, agus d’éiligh siad go bhfanfadh rialuithe oifigiúla faoi smacht an údaráis foraoise inniúil faoi seach. Mar sin féin, tá coinne leis gur mhó na buntáistí, má chuirtear an reachtaíocht maidir le hábhar atáirgthe foraoise faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla, ná na míbhuntáistí. Bhí na páirtithe leasmhara buartha maidir leis an méadú féideartha ar an ualach riaracháin freisin. D’iarr formhór na bpáirtithe leasmhara go gcoinneofaí solúbthacht áirithe ar bun in eagrú na rialuithe oifigiúla agus go gcoimeádfaí na costais a ísle ab fhéidir.

Chomhaontaigh formhór na bpáirtithe leasmhara go bhféadfadh tairbhí a bheith i gceist le teicnící bith‑mhóilíneacha agus le réitigh dhigiteacha agus d’iarr siad go gceadódh an creat dlíthiúil na teicneolaíochtaí is déanaí a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le forbairtí ar chaighdeáin idirnáisiúnta freisin.

Is féidir teacht ar fhaisnéis mhionsonraithe faoi na comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara i gCaibidil 5.2.5 agus in Iarscríbhinn 2 den mheasúnú tionchair.

Bailiú agus úsáid saineolais

Rinne cuideachta chomhairliúcháin seachtrach, a fuair conradh ón gCoimisiún, staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair 15 . D’oibrigh an chuideachta agus a saineolaithe go dlúth le ranna ábhartha an Choimisiúin le linn chéimeanna éagsúla an staidéir.

Chruinnigh an sainchomhairleoir sonraí agus barúlacha breise trí thaighde deisce, suirbhé spriocdhírithe, grúpa fócais agus agallaimh dhoimhne le páirtithe leasmhara. Leis an staidéar tacaíochta, measadh an sainmhíniú ar an bhfadhb, an cás ar son na gníomhaíochta ón Aontas, cuspóirí na hidirghabhála beartais agus an cás bunlíne. Rinneadh measúnú ar na tionchair fhéideartha a bheadh ag trí rogha, agus suas le 19 mbeart shonracha éagsúla ag baint le gach ceann acu, atá á moladh ag an gCoimisiún.

Chuidigh an staidéar tacaíochta leis na roghanna beartais a bheachtú agus an rogha beartais ab fhearr a roghnú.

Measúnú tionchair

Tá an togra bunaithe ar mheasúnú tionchair a fuair ‘tuairim dhearfach le forchoimeádais’ ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 17 Feabhra 2023.

Sainaithnítear dhá phríomhfhadhb a bhaineann leis an gcreat dlíthiúil maidir le hábhar atáirgthe foraoise atá ann faoi láthair:

1.Tá margadh inmheánach neamh‑chomhchuibhithe ann arb é a shaintréithe go bhfuil coinníollacha éagsúla ann le haghaidh oibreoirí agus ábhar atáirgthe foraoise a mhargaítear ar fud na mBallstát. Tá cur chun feidhme ghnéithe éagsúla na reachtaíochta difriúil idir na Ballstáit, toisc (i) go bhfágtar deis le haghaidh léirmhíniú sa reachtaíocht, (ii) gur fhéach na Ballstáit le teacht ar réitigh phraiticiúla chun forálacha righne a shárú agus (iii) nár lean an reachtaíocht na forbairtí nua san eolaíocht agus sa teicneolaíocht in am trátha.

2.Níl an reachtaíocht ailínithe le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ná leis na straitéisí gaolmhara. Is ann do shrianta i ndáil le héagsúlacht ghéiniteach ábhair atáirgthe foraoise, easpa saintréithe inbhuanaitheachta agus raon feidhme neamhiomlán na reachtaíochta maidir le hábhar atáirgthe foraoise. Tá soláthar neamh‑leordhóthanach ann d’ábhar atáirgthe foraoise deimhnithe d’ardcháilíocht de bharr an éilimh mhéadaithigh ar ábhar atáirgthe foraoise chun sprioc an Aontais a bhaint amach, sprioc a bhaineann le 3 bhilliún crann sa bhreis a chur faoi 2030, sprioc arb é is aidhm di an líon crann a phlandaítear in aghaidh na bliana a mhéadú faoi dhó agus críocha an táirgthe adhmaid agus bithábhar, caomhnú bithéagsúlachta agus athchóiriú éiceachóras foraoise á gcur san áireamh. Leis an méadú atá ag teacht ar tharlú na dteagmhas agus na dtubaistí adhaimsire, in éineacht le measúnú neamh‑leordhóthanach ar shaintréithe inbhuanaitheachta le haghaidh na gcatagóirí is ísle d’ábhair atáirgthe foraoise, cuireadh brú ar sholáthar an ábhair atáirgthe foraoise oiriúnaigh agus ar athléimneacht na n‑éiceachóras foraoise dá réir sin.

Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo a áirithiú, do na cineálacha úsáideoirí uile, go bhfuil fáil ar ábhar atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht agus éagsúlacht rogha, a bheidh oiriúnaithe do na dálaí aeráide atá ann faoi láthair agus do na dálaí aeráide a réamh‑mheastar don todhchaí. Ar an gcéad leibhéal eile, cuideoidh sé sin le bithéagsúlacht a chosaint agus éiceachórais foraoise a athchóiriú.

Sa mheasúnú tionchair tiomsaíodh na bearta uile a d’fhéadfaí a dhéanamh le haghaidh anailíse, bunaithe ar (i) staidéar seachtrach chun sonraí a bhailiú a thacaigh le staidéar ón gCoimisiún ar roghanna an Aontais chun an reachtaíocht maidir le hábhar atáirgthe foraoise a thabhairt cothrom le dáta, (ii) staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair a rinne sainchomhairleoir seachtrach agus (iii) na gníomhaíochtaí comhairliúcháin réamhluaite le páirtithe leasmhara.

Grúpáladh na bearta éagsúla, casta agus idirghaolmhara faoi thrí rogha beartais, a cuireadh i gcomparáid le cás ‘gan aon athrú beartais’. Rinneadh measúnú ar thrí rogha. Is le Rogha 1 a bhain an tsolúbthacht is mó agus is le Rogha 3 a bhain an comhchuibhiú is mó, chun go ndéanfaí difríochtaí sa bhealach a chuirfear an reachtaíocht chun feidhme a íoslaghdú. Le Rogha 2, rinneadh an gá leis an tsolúbthacht a chothromú le méid comhchuibhithe níos airde chun na fadhbanna a eascraíonn as difríochtaí sa léirmhíniú a shárú.

Bhí roinnt eilimintí coiteanna sna roghanna uile: (i) nósanna imeachta riaracháin simplithe agus próiseas cinnteoireachta níos solúbtha agus (ii) comhchuibhiú leis an reachtaíocht sláinte plandaí.

1.Rogha 1 ‑ An leibhéal solúbthachta is airde: Le Rogha 1, leagfaí síos íoscheanglais maidir le rialuithe oifigiúla ar ábhar atáirgthe foraoise, ach gan iad a nascadh leis an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla. Ghlacfaí leis treoirlínte maidir le húsáid a bhaint as próisis táirgthe nuálacha, teicnící bith‑mhóilíneacha agus na réitigh dhigiteacha. Sa reachtaíocht maidir le hábhar atáirgthe foraoise, ní chumhdófaí aon táirgeadh seachas táirgeadh chun ‘críocha foraoiseachta’ chun infhaighteacht an ábhair atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht le haghaidh foraoisithe/athfhoraoisithe a áirithiú. Leathnófaí ceanglais inbhuanaitheachta chun na catagóirí ábhair atáirgthe foraoise is ísle a chumhdach. Thabharfaí treoirlínte isteach maidir le pleanáil teagmhais le haghaidh ganntanais mhóra ábhair atáirgthe foraoise, i gcás adhaimsire agus tubaistí.

2.Rogha 2 ‑ An tsolúbthacht agus an comhchuibhiú a chothromú (rogha beartais ab fhearr): Le Rogha 2, thabharfaí na rialuithe oifigiúla ar ábhar atáirgthe foraoise faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla, ach maille le rialuithe allmhairithe simplithe ag áiteanna iomchuí laistigh den Aontas chun forfheidhmiú níos spriocdhírithe agus níos éifeachtúla na rialacha atá ann cheana a áirithiú. D’áireofaí bunphrionsabail maidir le húsáid a bhaint as próisis táirgthe nuálacha, teicnící bith‑mhóilíneacha agus réitigh dhigiteacha sa reachtaíocht. Chumhdófaí sa reachtaíocht maidir le hábhar atáirgthe foraoise táirgeadh chun críocha ‘foraoiseachta’ agus ‘neamhfhoraoiseachta’, chun infhaighteacht agus cáilíocht ábhair atáirgthe foraoise a mhéadú lasmuigh de na húsáidí foraoisithe/athfhoraoisithe. Leathnófaí ceanglais inbhuanaitheachta chun na catagóirí ábhair atáirgthe foraoise is ísle a chumhdach. Thabharfaí ceanglais dhlíthiúla ghinearálta isteach maidir le pleanáil teagmhais le haghaidh ganntanais mhóra ábhair atáirgthe foraoise, i gcás adhaimsire agus tubaistí.

3.Rogha 3 ‑ An leibhéal comhchuibhithe is airde: Le Rogha 3, thabharfaí na rialuithe oifigiúla ar ábhar atáirgthe foraoise faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla, maille le rialuithe allmhairithe níos doichte ag poist rialaithe teorann lena gceanglófaí doiciméadacht allmhairiúcháin speisialta chun an forfheidhmiú a láidriú agus a chomhchuibhiú go hiomlán. D’áireofaí rialacha mionsonraithe agus ceangailteacha maidir le húsáid a bhaint as próisis táirgthe nuálacha, teicnící bith‑mhóilíneacha agus réitigh dhigiteacha sa reachtaíocht. Sa reachtaíocht maidir le hábhar atáirgthe foraoise, chumhdófaí táirgeadh chun críocha ‘foraoiseachta’ agus ‘neamhfhoraoiseachta’ chun infhaighteacht agus cáilíocht ábhair atáirgthe foraoise a mhéadú lasmuigh de na húsáidí foraoisithe/athfhoraoisithe. Leathnófaí ceanglais inbhuanaitheachta chun na catagóirí ábhair atáirgthe foraoise is ísle a chumhdach agus bheidís faoi réir rialacha comhchuibhithe. Thabharfaí rialacha comhchoiteanna isteach maidir le pleanáil teagmhais chun ullmhú le haghaidh ganntanais mhóra ábhair atáirgthe foraoise, i gcás adhaimsire agus tubaistí.

Bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe tionchair, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurb é rogha beartais 2 an rogha is fearr chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar chuspóirí uile an athbhreithnithe ar an reachtaíocht maidir le hábhar atáirgthe foraoise ar bhealach éifeachtúil agus comhsheasmhach.

Bainfidh gnóthachain éifeachtúlachta d’oibreoirí agus údaráis inniúla leis an rogha beartais ab fhearr leis an méid seo a leanas: (i) an fhéidearthacht do na hoibreoirí an lipéad oifigiúil a phriontáil faoi mhaoirseacht oifigiúil, (ii) comhchuibhiú leis an reachtaíocht maidir le sláinte plandaí, (iii) rialuithe oifigiúla rioscabhunaithe a thabhairt isteach agus an fhéidearthacht chun teicnící bith‑mhóilíneacha agus (iv) réitigh dhigiteacha a úsáid sna córais um chlárú agus um dheimhniú. Ábhar atáirgthe foraoise lena ngabhann saintréithe inbhuanaitheachta feabhsaithe, cuirfidh sé le hoiriúnú agus leis an maolú ar thionchar soiléir an athraithe aeráide ar fhoraoisí, lena mbainfí amach tairbhí comhshaoil tábhachtacha dá bhrí sin. Leis na pleananna teagmhais náisiúnta, áiritheofar soláthar leordhóthanach ábhair atáirgthe foraoise chun limistéir a athfhoraoisiú, a ndearna teagmhais adhaimsire, falscaithe, ráigeanna de ghalair agus de lotnaidí, nó tubaistí eile difear dóibh. Laghdófar dá réir sin an riosca a bhaineann le hábhar atáirgthe foraoise de cháilíocht íseal a phlandú. Ar deireadh, tá coinne leis go mbeidh tairbhí ag baint leis le haghaidh chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní géiniteacha foraoise le maolú sonrach.

Soiléirítear sa Rialachán atá beartaithe go n‑úsáidtear ábhar atáirgthe foraoise le haghaidh foraoisiú, athfhoraoisiú agus cineálacha eile plandaithe crainn chun críocha éagsúla. A mhéid a bhaineann le raon feidhme an Rialacháin, measadh gurb é an rud ab iomchuí go gcumhdófaí leis an Rialachán na cuspóirí a meastar go bhfuil sé tábhachtach ábhar atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht a úsáid ina leith. Tá gá leis sin chun a áirithiú nach n‑úsáidtear ach an t‑ábhar atáirgthe foraoise is oiriúnaí chun na gcríoch sin agus go seachnaítear caillteanais eacnamaíochta agus díobháil don chomhshaol a bhaineann le húsáid ábhair atáirgthe foraoise de cháilíocht íseal.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Leis an togra seo tugtar isteach córas rialála níos simplí lena laghdófar an t‑ualach oibre i ndáil le hábhar atáirgthe foraoise a bhfuil sé de chuspóir aige acmhainní géiniteacha a chaomhnú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe, trí bhíthin nós imeachta um fhógra a thabhairt a chur in ionad an nós imeachta formheasa i leith bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise sin.

Leis sin, cuirfear ar a gcumas d’oibreoirí gairmiúla an lipéad oifigiúil a phriontáil faoi mhaoirseacht oifigiúil a dhéanfaidh na húdaráis inniúla, dá mba mhian leo déanamh amhlaidh tar éis do na húdaráis inniúla teacht ar an gconclúid go bhfuil an t‑ábhar atáirgthe foraoise deimhnithe. Déanfar roinnt próiseas a shimpliú. Rachaidh na bearta simpliúcháin sin chun tairbhe do FBManna agus do mhicrifhiontair araon. Ar deireadh, tugtar isteach leis an togra gnéithe nua a bhaineann le digiteáil earnáil an ábhair atáirgthe foraoise.

Cearta bunúsacha

Leis an rialachán atá beartaithe, urramaítear forálacha uile Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe trí rialacha a leagan amach arb é is aidhm dóibh saoirse fiontraíochta, seachaint an idirdhealaithe, agus cosaint tomhaltóirí agus an chomhshaoil a bhaint amach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Faoin gcúigiú bliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach 5 bliana dá éis sin, ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le roinnt gnéithe d’úsáid na maoluithe agus le beartais arb é is aidhm dóibh acmhainní géiniteacha, an agrai‑bhithéagsúlacht agus nósanna imeachta simplithe le haghaidh táirgeoirí beaga a chaomhnú. Is gá sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeartas nua sin agus chun scrúdú a dhéanamh ar cé acu an gá nó nár ghá feabhsuithe a dhéanamh. Baineann siad seo le tuairisciú ar na heilimintí seo a leanas go sonrach:

cainníochtaí bliantúla ábhair atáirgthe foraoise dheimhnithe;

na pleananna teagmhais náisiúnta atá glactha;

an fhaisnéis atá ar fáil d’úsáideoirí maidir leis an áit is fearr chun ábhar atáirgthe foraoise a phlandú, ar shuíomhanna gréasáin agus/nó i dtreoracha do phlandóirí;

an líon iontrálacha d’ábhair atáirgthe foraoise ina bhfuil faisnéis maidir le hoiriúnacht ábhair atáirgthe foraoise do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha;

an líon fógraí ábhair atáirgthe foraoise chun críche acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú;

na cainníochtaí d’ábhar atáirgthe foraoise allmhairithe;

na pionóis a forchuireadh.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

(i)Raon feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán atá beartaithe maidir le hábhar atáirgthe foraoise de speicis agus hibridí saorga, a úsáidtear i bhforaoisiú, athfhoraoisiú agus bealaí eile ina bplandaítear crainn chun adhmad agus bithábhair a tháirgeadh, an bhithéagsúlacht a chaomhnú, éiceachórais foraoise a athchóiriú, oiriúnú don athrú aeráide, an t‑athrú aeráide a mhaolú, agus acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe.

(ii)Bunábhar agus catagóirí

Ní fhéadfar ach bunábhar atá formheasta ag na húdaráis inniúla a úsáid chun ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh agus a mhargú. Ní fhéadfar ach ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ón mbunábhar sin a chur ar an margadh ar an gcúis chéanna.

Maidir leis na 6 chineál bunábhair, óna bhféadfaí ábhar atáirgthe foraoise a bhuaint, coinnítear iad mar atá siad i dTreoir 1999/105/CE: foinse síl, clampa, síolghort, máthairchrainn na fine, clón agus meascán clónach.

Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar shaintréithe inbhuanaitheachta an bhunábhair le linn an nós imeachta um fhormheas le haghaidh an bhunábhair sin. Baineann na saintréithe le hoiriúnú an bhunábhair do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha áitiúla agus an fíoras go bhfuil na crainn saor ó lotnaidí agus na siomptóim a ghabhann leo.

Áireofar leis an nós imeachta chun bunábhar a fhormheas úsáid na dteicnící bith‑mhóilíneacha mar mhodh comhlántach agus teicnící táirgthe ábhair atáirgthe foraoise clónacha nuálacha.

Tar éis bhuaint an ábhair atáirgthe foraoise, eiseoidh na húdaráis inniúla máistirdheimhniú le haghaidh an ábhair atáirgthe foraoise uile a dhíorthaítear ó bhunábhar formheasta. Áirithítear leis an deimhniú sin gur féidir an t‑ábhar atáirgthe foraoise a shainaithint, go bhfuil faisnéis aige maidir le tionscnamh an bhunábhair ónar buanadh é, agus soláthraítear na sonraí is iomchuí dá úsáideoirí agus do na húdaráis inniúla atá freagrach as a rialuithe oifigiúla. Féadfar an máistirdheimhniú a eisiúint i bhfoirm leictreonach freisin.

Ní mór ábhar atáirgthe foraoise a dheimhniú mar ábhar atá ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ ag na húdaráis inniúla, agus ní mór é a mhargú agus tagairt á déanamh do na catagóirí sin chun oiriúnú do chaighdeáin Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE. Leagtar amach rialacha sonracha le haghaidh fhormheas an bhunábhair i gcás gach catagóire, atá nach mór mar an gcéanna leis na cinn a bunaíodh le Treoir 1999/105/CE.

I gcás bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise atá sna catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’ agus ‘roghnaithe’, críochnóidh na Ballstáit, i gcás na speiceas ábhartha, na réigiúin bhunáitíochta chun limistéar nó grúpaí limistéar ina bhfuil dálaí éiceolaíocha atá aonfhoirmeach go leor a shainaithint, limistéar nó grúpaí limistéar ina bhfuil bunábhar lena bhfuil saintréithe feinitíopacha nó géiniteacha comhchosúla.

Tá gá leis sin toisc go margófar an t‑ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear ón mbunábhar sin agus tagairt á déanamh do na réigiúin bhunáitíochta sin.

(iii)Oibreoirí gairmiúla.

Féadfaidh an t‑údarás inniúil na hoibreoirí gairmiúla a údarú chun an lipéad oifigiúil le haghaidh speicis agus catagóirí áirithe ábhair atáirgthe foraoise a phriontáil faoi mhaoirseacht oifigiúil. Leagtar amach rialacha lena dtarraingítear siar nó lena modhnaítear an t‑údarú sin, chun a áirithiú go bhfeidhmíonn an córas go héifeachtach.

Clárófar iad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Tá gá leis sin le haghaidh éifeachtúlachta agus chun clárú dúbailte a sheachaint, toisc go dtagann na hoibreoirí gairmiúla a chumhdaítear faoin Rialachán seo leis na hoibreoirí a chumhdaítear faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 go mór.

Sula gceannaítear ábhar atáirgthe foraoise, cuirfidh na hoibreoirí gairmiúla an fhaisnéis uile a bhfuil gá léi maidir le hoiriúnacht an ábhair atáirgthe foraoise do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha ar fáil do cheannaitheoirí féideartha an ábhair atáirgthe foraoise sin.

(iv)Cláir ábhair atáirgthe foraoise agus pleananna teagmhais

Déanfaidh gach Ballstát (i) clár náisiúnta den bhunábhar le haghaidh na speiceas éagsúil agus na hibridí saorga éagsúla atá formheasta ar a chríoch, agus (ii) liosta náisiúnta, nach mór a chur i láthair mar achoimre ar an gclár náisiúnta, a bhunú, a fhoilsiú agus a choimeád cothrom le dáta i bhformaid leictreonach. Ba cheart an liosta náisiúnta a chur i láthair i bhfoirm chomhchoiteann le haghaidh gach aonaid formheasa. Cuimseofar ann faisnéis ar an ainm luibheolaíoch, catagóir an ábhair atáirgthe foraoise, feidhm, bunábhar, tagairt chláir, suíomh, airde nó raon airde, limistéar. tionscnamh agus i gcás ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, cé acu an géinmhodhnaithe nó táirgthe ag teicnící géanómaíocha nua áirithe atá sé 16 .

Ar an gcúis chéanna, ba cheart don Choimisiún liosta an Aontais de bhunábhar formheasta le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise a fhoilsiú i bhformáid leictreonach, bunaithe ar na liostaí náisiúnta arna soláthar ag gach Ballstát. Tugtar Córas Faisnéise um Ábhar Atáirgthe Foraoise an Choimisiúin (‘FOREMATIS’) ar liosta sin an Aontais.

Ní mór do gach Ballstát plean teagmhais a tharraingt suas agus a choimeád cothrom le dáta chun soláthar leordhóthanach ábhair atáirgthe foraoise a áirithiú chun limistéir, a ndéanann teagmhais adhaimsire, falscaithe, ráigeanna de ghalair agus de lotnaidí, nó tubaistí eile difear dóibh, a athfhoraoisiú

(v)Ceanglais láimhseála agus digiteáil

Coimeádfar ábhar atáirgthe foraoise ar leithligh faoi threoir aonad aonair formheasa agus táirgfear agus margófar é i luchtóga.

Ní mhargófar síolta ach amháin má bhíonn siad i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta. Ní dhéanfar iad a lipéadú ná a mhargú ach amháin agus iad i bpacáistí séalaithe.

Leis an rialachán atá beartaithe, comhlíonfar aidhm Straitéis Dhigiteach an Aontais chun go n‑oibreoidh an claochlú go teicneolaíochtaí digiteacha do dhaoine agus do ghnólachtaí. Ba cheart, dá bhrí sin, cumhacht a bheith ag gabháil leis lena mbunófar rialacha maidir le (i) taifeadadh digiteach na mbeart uile a dhéantar chun an máistirdheimhniú agus an lipéad oifigiúil, faoi seach, a eisiúint, agus (ii) bunú ardáin láraithe lena n‑éascófar próiseáil na dtaifead sin, an rochtain orthu agus a n‑úsáid. I ndáil leis sin, ba cheart úsáid lipéad leictreonach a cheadú freisin.

(vi)Maoluithe agus cuspóirí caomhnúcháin

Le linn na dtréimhsí ina mbeidh deacrachtaí sealadacha i ndáil le soláthairtí de speicis áirithe ábhair atáirgthe foraoise a fháil, formheasfar bunábhar lena gcomhlíontar ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna ar bhonn sealadach i ndáil le táirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise a bhaineann leis an speiceas lena mbaineann.

Eagrófar turgnaimh shealadacha ar leibhéal an Aontais chun roghanna malartacha feabhsaithe a lorg i ndáil leis na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

Maidir leis na ceanglais i ndáil le bunábhar atá beartaithe chun críche caomhnúcháin agus úsáid inbhuanaithe acmhainní géiniteacha foraoise, beidh siad difriúil leis na ceanglais maidir le bunábhar atá beartaithe chun ábhar atáirgthe foraoise sna catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ a tháirgeadh. Is é is cuspóir dó sin cuidiú le héagsúlacht laistigh de speiceas aonair crainn a mhéadú agus freagairt don laghdú ar an mbithéagsúlacht.

(vii)Allmhairí

Ní allmhaireofar ábhar atáirgthe foraoise ó thríú tíortha ach amháin más rud é go suitear go gcomhlíonann sé ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas. Is gá sin chun a áirithiú go dtairgtear leis an ábhar atáirgthe foraoise allmhairithe sin an leibhéal cáilíochta céanna atá ag an ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear san Aontas.

Cuirfidh na hoibreoirí gairmiúla an t‑údarás inniúil cuí ar an eolas sula n‑allmhaireofar an síol, an stoc le cur agus codanna eile de phlandaí, trí chóras bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla (CBFRO) a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) 2017/625. In éineacht leis an ábhar atáirgthe foraoise allmhairithe beidh máistirdheimhniú nó deimhniú oifigiúil arna eisiúint ag an tríú tír tionscnaimh, agus taifid ina mbeidh sonraí ar an ábhar sin, arna soláthar ag an oibreoir gairmiúil sa tríú tír sin. Beidh lipéad oifigiúil ceangailte leis an ábhar atáirgthe foraoise sin.

Beidh feidhm ag na rialacha i Rialachán (AE) 2016/2031 a bhaineann le lotnaidí maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise faoin Rialachán atá beartaithe freisin. Áirítear sa Rialachán atá beartaithe leasú ar Rialachán (AE) 2016/2031, lena dtugtar isteach an fhéidearthacht go nascfaí an lipéad oifigiúil le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise leis an bpas plandaí i bhformáid aonair.

Tugtar isteach leis freisin leasú ar Rialachán (AE) 2017/625 chun rialacha maidir le hábhar atáirgthe foraoise a áireamh faoi raon feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le rialuithe oifigiúla. Beidh feidhm ag bunrialacha agus ag bunphrionsabail na rialuithe oifigiúla maidir le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh agus a mhargú freisin, lena n‑áirítear na bunrialacha agus na bunphrionsabail sin maidir le cumhachtaí na n‑údarás, cúraimí a tharmligean, agus deimhniú. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún rialacha speisialta a ghlacadh maidir le rialuithe oifigiúla i leith ábhar atáirgthe foraoise a mhargú agus ar oibreoirí gairmiúla, de réir mar is gá. I gcás na n‑allmhairí, beidh feidhm ag na rialacha ginearálta ar bhonn riosca.

Beidh feidhm ag an Rialachán atá beartaithe 3 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm chun tréimhse iomchuí a thabhairt do na húdaráis inniúla agus d’oibreoirí gairmiúla oiriúnú do na rialacha nua. Tabharfaidh sé sin an t‑am don Choimisiún freisin chun na gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme is gá a ghlacadh.

2023/0228 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/2031 agus Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/105/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hábhar atáirgthe foraoise)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach 17 ,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 18 ,

[Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,]

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach 19 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Leagtar amach i dTreoir 1999/105/CE 20 ón gComhairle rialacha maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise (‘FRM’).

(2)Cumhdaítear 45 % de limistéar talún an Aontais le foraoisí agus comhlíonann siad ról ilfheidhmeach lena gcuimsítear feidhmeanna sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil, éiceolaíocha agus cultúrtha. Tá feidhm phríomhordúil mar linn charbóin ag foraoisí sa bheartas maidir leis an maolú ar an athrú aeráide. Tá ábhar atáirgthe foraoise atá d’ardcháilíocht, oiriúnaithe don aeráid agus éagsúil fíor‑riachtanach chun na riachtanais sin a chumhdach.

(3)I bhfianaise forbairtí nua teicniúla agus eolaíochta, nuashonrú na Rialacha agus na Rialachán i Scéim na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Deimhniú Ábhair Atáirgthe Foraoise a bhíonn ag gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta 21 (‘Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE’), tosaíochtaí nua beartais an Aontais i ndáil le hinbhuanaitheacht, oiriúnú don athrú aeráide agus bithéagsúlacht agus go háirithe an Comhaontú Glas don Eoraip 22 , chomh maith leis an taithí a fuarthas le linn chur chun feidhme Threoir 1999/105/CE, ba cheart gníomh nua a chur in ionad na Treorach sin. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha nua seo ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart Rialachán a bheith sa ghníomh sin.

(4)Is é is aidhm do Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE táirgeadh agus úsáid síolta, codanna de phlandaí agus plandaí a bailíodh, a próiseáladh agus a margaíodh i mbealach lena n‑áirithítear ardcháilíocht agus infhaighteacht ábhair atáirgthe foraoise a spreagadh. De bharr fhad na dtimthriallta foraoise agus costas fáschoillte agus infheistíocht fhadtéarmach i bhforaoisí, tá sí fíor‑riachtanach go bhfaigheadh foraoiseoirí faisnéis atá go hiomlán iontaofa maidir le tionscnamh agus saintréithe géiniteacha an ábhair atáirgthe foraoise a úsáideann siad i bhfáschoillte. Comhlíonann Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE an riachtanas sin trí bhíthin deimhniúcháin agus inrianaitheachta. Tá ról mór aige san iarracht chun cuidiú le foraoisí an domhain a oiriúnú do dhálaí aeráide atá ag athrú. Cuirtear i dtábhacht caomhnú éagsúlachta speiceas agus éagsúlacht ghéiniteach mhór a áirithiú laistigh de speicis agus luchtóga síolta lena bhfeabhsaítear, dá réir sin, acmhainneacht oiriúnaitheach ábhair atáirgthe foraoise d’athphlandú limistéir le crainn (‘athfhoraoisiú’) agus cruthú foraoisí nua (‘foraoisiú’) amach anseo. Féadfaidh gá a bheith le hathfhoraoisiú i gcás ina ndearna teagmhais adhaimsire, falscaithe, ráigeanna galair agus lotnaidí, nó tubaistí eile difear do chodanna d’fhoraois a bhí ann cheana.

(5)Leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip gealltanas an Choimisiúin chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus dúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol. Is é is aidhm dó geilleagar an Aontais a chlaochlú don todhchaí inbhuanaithe. Ní mór rialacha an Aontais maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach 23 agus leis na trí straitéis cur chun feidhme sa Chomhaontú Glas don Eoraip: Straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide 24 , Straitéis Foraoiseachta nua an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 25 agus Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 26 .

(6)Le Rialachán (AE) 2021/1119, ceanglaítear ar Bhallstáit agus institiúidí ábhartha an Aontais dul chun cinn leanúnach a áirithiú maidir le hacmhainneacht oiriúnaithe a fheabhsú, athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú. Ceann de na haidhmeanna atá ag Straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide, dá bhrí sin, ná dlús a chur le hacmhainneacht oiriúnaitheach an Aontais i ndáil leis an athrú aeráide, trí na rialacha maidir le hábhar atáirgthe foraoise, i measc rialacha eile, a leasú. Le reachtaíocht an Aontais ba cheart táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise ar fud an Aontais a spreagadh. Chun na críche sin, maidir leis an bhféidearthacht do na Ballstáit srian a chur ar fhormheas bunábhair áirithe agus margú ábhair atáirgthe foraoise áirithe d’úsáideoirí deiridh a thoirmeasc, mar a leagtar amach i dTreoir 1999/105/CE, ba cheart an fhéidearthacht sin a dhíothú.

(7)Ar phríomhchuspóirí Straitéis Foraoiseachta nua an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 tá foraoisiú éifeachtach, agus caomhnú foraoisí agus athchóiriú foraoisí san Aontas, chun cuidiú le hionsú CO2 a mhéadú, tarlú agus méid dóiteán foraoise a laghdú, agus an bithgheilleagar a chur chun cinn, agus prionsabail éiceolaíocha atá fabhrach i ndáil leis an mbithéagsúlacht á n‑urramú. Tá sé fíor‑riachtanach athchóiriú foraoisí agus bainistiú inbhuanaithe athneartaithe ar fhoraoisí a áirithiú chun oiriúnú don athrú aeráide agus athléimneacht foraoisí. I ndáil leis sin, deirtear i Straitéis Foraoiseachta nua an Aontais go mbeidh gá le méideanna móra ábhair atáirgthe foraoise iomchuí chun foraoisí a oiriúnú don athrú aeráide agus chun foraoisí a athchóiriú tar éis damáiste aeráide. Tuigtear leis sin iarrachtaí chun acmhainní géiniteacha foraoise a shlánú agus iad a úsáid go hinbhuanaithe, iarrachtaí ar a mbraitheann foraoiseacht atá níos aeráid‑díonaí. Tá gá le hiarrachtaí chun táirgeadh agus infhaighteacht ábhar atáirgthe foraoise den sórt sin a mhéadú freisin, chun faisnéis níos fearr a sholáthar maidir lena oiriúnacht do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha agus chun a tháirgeadh comhoibríoch agus aistriú trasna teorainneacha náisiúnta laistigh den Aontas a fheabhsú. Ba cheart a cheangal ar oibreoirí gairmiúla, dá réir sin, faisnéis a sholáthar do na húsáideoirí roimh ré maidir le hoiriúnacht ábhair atáirgthe foraoise do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha.

(8)Is é is aidhm do Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 bithéagsúlacht an Aontais a chur ar bhóthar an téarnaimh faoi 2030. Faoi chuimsiú na straitéise sin, tá reachtaíocht an Aontais le caomhnú éagsúlachta speiceas a chur i dtábhacht agus éagsúlacht ard ghéiniteach a áirithiú laistigh de speicis agus luchtóga síolta. Is é is aidhm dó sin soláthar ábhair atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht agus atá éagsúil go géiniteach agus atá oiriúnaithe do dhálaí aeráide reatha agus dálaí aeráide réamh‑mheasta don todhchaí a éascú. Maidir le caomhnú agus feabhsú bhithéagsúlacht na bhforaoisí, lena n‑áirítear éagsúlacht ghéiniteach crann, tá siad fíor‑riachtanach i ndáil le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí agus chun tacú le hoiriúnú foraoisí don athrú aeráide. Ba cheart speicis chrainn agus hibridí saorga faoin Rialachán seo a bheith oiriúnach ó thaobh cúrsaí géiniteacha de do na dálaí áitiúla agus ba cheart iad a bheith ar ardcháilíocht.

(9)Tá gné fhadtéarmach thrasteorann ann toisc go bhfuil coinne leis go gcuirfear dlús mór le himirce criosanna fásra ó thuaidh sna deacáidí atá le teacht. Dá réir sin, maidir leis an gceanglas sa Rialachán seo chun faisnéis a sholáthar faoi na criosanna inar féidir síolta a chur nó an ceanglas go n‑oiriúnófar ábhar atáirgthe foraoise do dhálaí áitiúla, bheadh na ceanglais sin ina sócmhainní thar a bheith úsáideach d’fhoraoiseoirí. Ba cheart do na húdaráis inniúla, dá bhrí sin, criosanna a ainmniú lena sonraítear go bhfuil an síol sna criosanna sin oiriúnach do na dálaí áitiúla agus gur féidir é a chur (‘criosanna aistriúcháin síolta’). Ar an gcaoi chéanna, ba cheart dóibh limistéir a ainmniú lena sonraítear go bhfuil ábhar atáirgthe foraoise sna limistéir sin oiriúnaithe do na dálaí áitiúla (‘limistéir úsáide’).

(10)I dTreoir 1999/105/CE sainmhínítear ábhar atáirgthe foraoise i ndáil lena thábhacht chun críocha foraoiseachta san Aontas uile nó i gcuid den Aontas, ach tá sé doiléir fós maidir leis na críocha foraoiseachta sin. Ar mhaithe le soiléireacht, liostaítear i raon feidhme an Rialacháin seo na críocha dá bhfuil sé tábhachtach ábhar atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht a úsáid.

(11)Féadfar ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh lena úsáid i bhforaoisiú/athfhoraoisiú agus bealaí eile ina bplandaítear crainn amhail adhmad agus bithábhair a tháirgeadh, an bhithéagsúlacht a chaomhnú, éiceachórais foraoise a athchóiriú, oiriúnú don athrú aeráide, an t‑athrú aeráide a mhaolú, agus acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe.

(12)Léirítear sa taighde go bhfuil measúnú agus formheas bunábhair i ndáil leis an gcríoch shonrach dá n‑úsáidfear an t‑ábhar atáirgthe foraoise thar a bheith tábhachtach. Anuas air sin, tá tionchar dearfach ag plandú an ábhair atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht san áit cheart ar an gcuspóir dá n‑úsáidtear an t‑ábhar atáirgthe foraoise sin. Ciallaíonn ‘san áit cheart’ go bhfuil an t‑ábhar atáirgthe foraoise oiriúnach go géiniteach agus go feinitíopach don suíomh ina bhfástar é, lena n‑áirítear na réamh‑mheastacháin aeráide ábhartha ina leith.

(13)Chun soláthar leordhóthanach ábhair atáirgthe foraoise a áirithiú de thoradh an éilimh mhéadaithe ar ábhar atáirgthe foraoise, is gá aon bhacainn iarbhír nó fhéideartha ar an trádáil a bhaint, bacainní a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shaorghluaiseacht ábhair atáirgthe foraoise laistigh den Aontas. Ní féidir an aidhm sin a bhaint amach ach amháin má fhorchuirtear na caighdeáin is airde is féidir leis na rialacha cuí ón Aontas maidir le hábhar atáirgthe foraoise.

(14)Ba cheart a chur san áireamh i rialacha an Aontais maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise riachtanais phraiticiúla agus níor cheart feidhm a bheith acu ach amháin maidir le speicis agus hibridí saorga áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá na speicis agus hibridí saorga sin tábhachtach do tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise le haghaidh foraoisiú, athfhoraoisiú agus bealaí eile ina bplandaítear crainn chun adhmad agus bithábhair a tháirgeadh, an bhithéagsúlacht a chaomhnú, éiceachórais foraoise a athchóiriú, oiriúnú don athrú aeráide, an t‑athrú aeráide a mhaolú, agus acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe.

(15)Is é is aidhm don Rialachán seo táirgeadh agus margú ábhar atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht a áirithiú. Chun cuidiú le foraoisí athléimneacha a chruthú agus éiceachórais foraoise a athchóiriú, ba cheart eolas a bheith ag úsáideoirí, sula gceannóidh siad ábhar atáirgthe foraoise, maidir le hinbhuanaitheacht an ábhair atáirgthe foraoise sin do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha sa limistéar ina n‑úsáidfear é.

(16)Chun a áirithiú go n‑oiriúnófar ábhar atáirgthe foraoise deimhnithe do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha an limistéir ina bplandaítear é, ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar shaintréithe inbhuanaitheachta an bhunábhair le linn an nós imeachta chun an bunábhar sin a fhormheas. Ba cheart do na saintréithe inbhuanaitheachta sin a bheith bainteach le hoiriúnú an bhunábhair sin do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha áitiúla agus an fíoras go bhfuil na crainn saor ó lotnaidí agus na siomptóim a ghabhann leo.

(17)Níor cheart ábhar atáirgthe foraoise a bhuaint ach amháin ó bhunábhar a ndearnadh measúnú air agus ar fhormheas na húdaráis inniúla é chun an cháilíocht is airde is féidir den ábhar atáirgthe foraoise sin a áirithiú. Ba cheart bunábhar formheasta a chlárú i gclár náisiúnta in éineacht le tagairt chláir uathúil agus tagairt d’aonad formheasa.

(18)Chun oiriúnú d’fhorbairtí eolaíochta agus teicniúla ar chaighdeáin idirnáisiúnta, ba cheart úsáid teicnící bith‑mhóilíneacha a áireamh mar mhodh comhlántach sa nós imeachta le haghaidh fhormheas an bhunábhair. Ba cheart na teicnící bith‑mhóilíneacha sin a cheadú chun measúnú a dhéanamh ar thionscnamh bunábhair nó chun scagthástáil a dhéanamh ar an mbunábhar le haghaidh saintréithe de fhrithsheasmhacht in aghaidh galar trí mharcóirí móilíneacha.

(19)Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát cuí máistirdheimhniú a eisiúint le haghaidh an ábhair atáirgthe foraoise uile a dhíorthaítear (i.e. a bhuaintear) ó bhunábhar formheasta. Áirithítear leis an máistirdheimhniú sin gur féidir an t‑ábhar atáirgthe foraoise a shainaithint, go bhfuil faisnéis aige maidir le tionscnamh an bhunábhair agus soláthraítear na sonraí is iomchuí dá úsáideoirí agus do na húdaráis inniúla atá freagrach as a rialú oifigiúil. Ba cheart ceadú dó an máistirdheimhniú a eisiúint i bhfoirm leictreonach.

(20)Níor cheart a bheith in ann ach ábhar atáirgthe foraoise a buanadh ó bhunábhar formheasta a dheimhniú agus a chur ar an margadh. Ba cheart ábhar atáirgthe foraoise a dheimhniú mar ábhar atá ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ ag na húdaráis inniúla agus ní mór é a mhargú agus tagairt á déanamh do na catagóirí sin. Taispeántar leis na cineálacha catagóirí sin cé acu de shaintréithe an bhunábhair a ndearnadh measúnú orthu agus tugtar le fios leo cáilíocht an ábhair atáirgthe foraoise. Maidir le hábhar atáirgthe foraoise de cháilíocht níos ísle (catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’ agus ‘roghnaithe’), seiceálfar bunábhar le haghaidh na saintréithe bunúsacha. Maidir le hábhar atáirgthe foraoise (catagóirí ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’), roghnófar crainn tuismitheora de bharr saintréithe den scoth agus dearfar scéimeanna crosphórúcháin. I gcás ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘cáilithe’, ardchéimíocht an ábhair atáirgthe foraoise ar bhonn shaintréithe na gcrann tuismitheora. I gcás na catagóire ‘tástáilte’, ní mór ardchéimíocht an ábhair atáirgthe foraoise sin a léiriú i gcomparáid leis an mbunábhar ónar buanadh an t‑ábhar atáirgthe foraoise sin nó i gcomparáid le daonra tagartha. Ba cheart do na catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ d’ábhar atáirgthe foraoise a bheith faoi réir ceanglais aonfhoirmeacha maidir le táirgeadh agus margú, chun trédhearcacht, téarmaí cothroma iomaíochta agus sláine an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

(21)Ba cheart na rialacha deimhniúcháin a shoiléiriú i gcás ábhar atáirgthe foraoise a táirgeadh trí phróisis táirgthe nuálach agus go háirithe teicnící táirgthe ábhair atáirgthe foraoise chun cineál sonrach ábhair atáirgthe foraoise a tháirgeadh, is é sin clóin. Toisc go bhféadfadh láthair táirgthe na gclón sin a bheith difriúil le suíomh an chrainn bhunaidh (i.e. bunábhar) ónar díorthaíodh an clón/na clóin, ba cheart na rialacha a leasú chun inrianaitheacht a ráthú.

(22)Maidir leis na ceanglais maidir le bunábhar atá beartaithe chun críche caomhnúcháin agus úsáid inbhuanaithe acmhainní géiniteacha foraoise, tá siad difriúil leis na ceanglais maidir le bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise chun críocha tráchtála, mar gheall ar na critéir roghnúcháin éagsúla a chuirtear i bhfeidhm don dá chineál bunábhair sin. Chun críche caomhnúcháin agus acmhainní géiniteacha foraoise a úsáid go hinbhuanaithe, ba cheart na crainn uile ó chlampa crann san fhoraois a choimeád. Is gá sin chun cuidiú le héagsúlacht ghéiniteach laistigh de speiceas aonair crainn a mhéadú. Ar an taobh eile, níor cheart ach crainn ag a bhfuil ard‑saintréithe a roghnú i gcás bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise chun críocha tráchtála. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, dá bhrí sin, maolú ar na rialacha is infheidhme i ndáil le formheas bunábhair agus fógra a thabhairt don údarás inniúil faoin mbunábhar sin atá beartaithe chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú.

(23)Is í an chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’ an t‑íoschaighdeán a cheanglaítear le haghaidh mhargú an ábhair atáirgthe foraoise, toisc nach bhfuiltear tar éis mórán roghnaithe fheinitíopaigh nó roghnú feinitíopach ar bith a dhéanamh i ndáil leis an mbunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’. Chun inrianaitheacht a áirithiú, ba cheart don oibreoir gairmiúil suíomh an bhunábhair (i.e. bunáitíocht) óna mbailítear an t‑ábhar atáirgthe foraoise a thaifeadadh. Ba cheart tionscnamh an bhunábhair sin a lua má tá sé ar eolas. Tá sé sin i gcomhréir le Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE agus an taithí a fuarthas le Treoir 1999/105/CE.

(24)De bhun Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE agus tar éis chur i bhfeidhm Threoir 1999/105/CE, ba cheart don údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar bhunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘roghnaithe’ bunaithe ar bhreathnú shaintréithe an bhunábhair sin, agus an cuspóir sonrach dá n‑úsáidfear an t‑ábhar atáirgthe foraoise a buanadh ón mbunábhar sin. Ba cheart cáilíocht fhoriomlán na catagóire sin a áirithiú. Toisc go bhfeictear ardleibhéal aonfhoirmeachta sa daonra, ba cheart crainn ag a bhfuil saintréithe lagmheasa, (e.g. méid níos lú) i gcomparáid le meánmhéid crainn sa daonra foriomlán, a bhaint.

(25)Chun ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘cáilithe’ a tháirgeadh, ba cheart don oibreoir gairmiúil na comhpháirteanna den bhunábhar a úsáidfear sa dearadh crosphórúcháin ar leibhéal aonair a roghnú de bharr na saintréithe den scoth atá acu i ndáil le, mar shampla, oiriúnú do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha áitiúla. Ba cheart don údarás inniúil comhdhéanamh agus dearadh crosphórúcháin molta na gcomhpháirteanna sin a fhormheas, chomh maith le leagan amach an ghoirt, na dálaí leithlisiúcháin agus suíomh an bhunábhair sin. Tá sé sin tábhachtach chun teacht leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme de bhun Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE agus chun an taithí a fuarthas ó Threoir 1999/105/CE a chur san áireamh.

(26)Ba cheart an bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhar atáirgthe foraoise sa chatagóir tástáilte a bheith faoi réir na gceanglas is déine is féidir. Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir le hardchéimíocht ábhair atáirgthe foraoise trí bhíthin é a chur i gcomparáid le ceann amháin de na caighdeáin fhormheasta nó réamhroghnaithe, nó le roinnt de na caighdeáin sin. Roghnaíonn an t‑oibreoir gairmiúil na caighdeáin sin ar bhonn na críche dá n‑úsáidfear an t‑ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’. I ndáil leis sin, más é oiriúnú don athrú aeráide a bheidh i gcríoch an ábhair atáirgthe foraoise sin, cuirfear an t‑ábhar atáirgthe foraoise i gcomparáid leis na caighdeáin lena mbaineann dea‑fheidhmíocht i ndáil le hoiriúnú do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha áitiúla (e.g. a bheith saor, go praiticiúil, ó lotnaidí agus na siomptóim a ghabhann leo). Tar éis roghnú na gcomhpháirteanna den bhunábhar, ba cheart don oibreoir gairmiúil ardchéimíocht an ábhair atáirgthe foraoise a léiriú le tástáil chomparáideach nó meastachán a dhéanamh i ndáil lena ardchéimíocht trí bhíthin meastóireacht a dhéanamh ar chomhpháirteanna géiniteacha an bhunábhair sin. Ba cheart don údarás inniúil a bheith páirteach i ngach céim den phróiseas. Ba cheart dó an dearadh turgnamhach agus na tástálacha formheasa bunábhair a fhormheas, na taifid a sholáthraíonn an t‑oibreoir gairmiúil dó a dheimhniú agus torthaí na dtástálacha maidir le hardchéimíocht an ábhair atáirgthe foraoise nó torthaí na meastóireachta géinití a fhormheas de réir mar is iomchuí. Is gá sin chun teacht leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme de bhun Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE agus caighdeáin idirnáisiúnta eile is infheidhme, agus chun an taithí a fuarthas ó Threoir 1999/105/CE a chur san áireamh.

(27)Maireann an measúnú ar bhunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’ 10 mbliana ar an meán. Chun rochtain níos tapa ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’ ar an margadh a áirithiú, fad atá an measúnú ar an mbunábhar fós ar bun, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit an bunábhar sin a fhormheas ar bhonn sealadach, go ceann tréimhse uasta 10 mbliana, ina gcríoch uile nó cuid dá gcríoch. Níor cheart an formheas sin a dheonú ach amháin má thugtar le fios le torthaí sealadacha na meastóireachta géinití nó torthaí na dtástálacha comparáideacha go gcomhlíonfaidh an bunábhar ceanglais an Rialacháin seo nuair a bheidh na tástálacha críochnaithe. Ba cheart an measúnú luath sin a athscrúdú ar eatramh uasta 10 mbliana.

(28)Maidir le comhlíonadh na gceanglas ag ábhar atáirgthe foraoise le haghaidh na gcatagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’, ba cheart an chomhlíontacht sin a dheimhniú le hiniúchtaí a dhéanfaidh na húdaráis inniúla de réir mar is iomchuí i gcás gach catagóire (‘deimhniú oifigiúil’) agus ba cheart é a dhearbhú le lipéad oifigiúil.

(29)Ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise géinmhodhnaithe a chur ar an margadh ach amháin má tá sé sábháilte do shláinte an duine agus don chomhshaol agus má údaraíodh é le haghaidh saothrú de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 27 nó Rialachán (CE) 1829/2003 28 agus má bhaineann an t‑ábhar atáirgthe foraoise sin leis an gcatagóir ‘tástáilte’. Ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise a fhaightear de thoradh teicnící géanómaíocha nua áirithe a chur ar an margadh ach amháin má chomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le plandaí a fhaightear ó theicnící géanómaíocha nua áirithe agus a mbia agus a mbeatha 29 agus má bhaineann an t‑ábhar atáirgthe foraoise sin leis an gcatagóir tástáilte.

(30)Ba cheart faisnéis faoin mbunábhar, ina bhfuil orgánach géinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta d’orgánach géinmhodhnaithe nó a táirgeadh le teicnící géanómaíocha nua áirithe, a bheith ar an lipéad oifigiúil.

(31)Ba cheart do na hoibreoirí gairmiúla a bheith údaraithe ag an údarás inniúil chun an lipéad oifigiúil le haghaidh speicis agus catagóirí áirithe ábhair atáirgthe foraoise a phriontáil faoi mhaoirseacht oifigiúil. Ar an gcaoi sin tabharfar níos mó solúbthachta do na hoibreoirí gairmiúla i ndáil le margú an ábhair atáirgthe foraoise sin ina dhiaidh sin. Mar sin féin, ní féidir leis na hoibreoirí gairmiúla an lipéad a phriontáil nuair a bheidh an t‑ábhar atáirgthe foraoise lena mbaineann deimhnithe ag an údarás inniúil. Tá gá leis an údarú sin de bharr chineál oifigiúil an lipéid oifigiúil agus chun na caighdeáin cháilíochta is airde is féidir a ráthú d’úsáideoirí ábhair atáirgthe foraoise. Ba cheart rialacha a leagan amach maidir le tarraingt siar nó modhnú an údaraithe sin.

(32)Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceanglais bhreise nó ceanglais níos déine a fhorchur maidir le formheas an bhunábhair a tháirgtear ina gcríoch féin, faoi réir údarú a dheonaíonn an Coimisiún. Leis sin d’fhéadfaí cur chuige náisiúnta nó réigiúnach maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise a chur chun feidhme agus cur chuige a bheadh dírithe ar fheabhsú cháilíocht an ábhair atáirgthe foraoise lena mbaineann, cosaint an chomhshaoil, nó rannchuidiú le cosaint na bithéagsúlachta agus athchóiriú éiceachóras foraoise.

(33)Chun trédhearcacht agus rialuithe níos éifeachtaí ar tháirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise a áirithiú, ba cheart do na hoibreoirí gairmiúla a bheith cláraithe sna cláir a bhunaigh na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 30 . Laghdaítear le clárú den sórt sin an t‑ualach riaracháin do na hoibreoirí gairmiúla sin. Tá gá leis le haghaidh éifeachtúlacht an chláir oifigiúil d’oibreoirí gairmiúla agus chun clárú dúbailte a sheachaint. Na hoibreoirí gairmiúla atá faoi raon feidhme an Rialacháin seo, cumhdaítear iad faoi raon feidhme an chláir oifigiúil d’oibreoirí gairmiúla faoi Rialachán (AE) 2016/2031.

(34)Sula gceannaítear ábhar atáirgthe foraoise, ba cheart do na hoibreoirí gairmiúla an fhaisnéis uile a bhfuil gá léi maidir le hoiriúnacht an ábhair atáirgthe foraoise do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha ar leith a chur ar fáil do cheannaitheoirí féideartha an ábhair atáirgthe foraoise sin, chun é a chur ar a gcumas dóibh an t‑ábhar atáirgthe foraoise is iomchuí dá réigiún a roghnú.

(35)I gcás bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise sna catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’ agus ‘roghnaithe’, ba cheart do na Ballstáit, i gcás na speiceas ábhartha, na réigiúin bhunáitíochta a chríochú chun limistéar nó grúpaí limistéar ina bhfuil dálaí éiceolaíocha atá aonfhoirmeach go leor a shainaithint, ar limistéar nó grúpaí limistéar iad ina bhfuil bunábhar lena bhfuil saintréithe feinitíopacha nó géiniteacha comhchosúla. Tá gá leis sin toisc go bhfuil an t‑ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear ón mbunábhar sin le margú agus tagairt á déanamh do na réigiúin bhunáitíochta sin.

(36)Chun forbhreathnú éifeachtach agus trédhearcacht maidir leis an ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear agus a mhargaítear ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart do gach Ballstáit clár náisiúnta den bhunábhar le haghaidh na speiceas éagsúil agus na hibridí saorga éagsúla atá formheasta ar a chríoch, agus liosta náisiúnta, nach mór a chur i láthair mar achoimre den chlár náisiúnta a bhunú, a fhoilsiú agus a choimeád cothrom le dáta i bhformaid leictreonach.

(37)Ar an gcúis chéanna, ba cheart don Choimisiún liosta an Aontais de bhunábhar formheasta le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise a fhoilsiú i bhformáid leictreonach, bunaithe ar na liostaí náisiúnta a sholáthróidh gach Ballstát. Ba cheart faisnéis faoin mbunábhar, ina bhfuil orgánach géinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta d’orgánach géinmhodhnaithe nó a táirgeadh le teicnící géanómaíocha nua áirithe, a bheith i liosta sin an Aontais.

(38)Ba cheart do gach Ballstát plean teagmhais a tharraingt suas agus a choimeád cothrom le dáta chun soláthar leordhóthanach ábhair atáirgthe foraoise a áirithiú chun limistéir, a ndéanann teagmhais adhaimsire, falscaithe, ráigeanna de ghalair agus de lotnaidí, tubaistí nó aon teagmhas eile difear dóibh, a athfhoraoisiú. Ba cheart rialacha a leagan amach maidir le hábhar an phlean sin, chun gníomhaíocht réamhghníomhach agus éifeachtach in aghaidh rioscaí den sórt sin, má thagann siad chun cinn, a áirithiú. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ábhar an phlean sin a oiriúnú do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha sonracha a gcríoch. Léirítear leis an gceanglas sin freisin na gníomhaíochtaí ullmhachta ginearálta ar cheart do na Ballstáit a dhéanamh ar bhonn deonach faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta 31 .

(39)Ba cheart an t‑ábhar atáirgthe foraoise, le linn chéimeanna uile an táirgthe, a choimeád ar leithligh faoi threoir aonad aonair formheasa. Ba cheart na haonaid formheasa sin a tháirgeadh agus a mhargú ina luchtóga, nach mór a bheith leor‑aonfhoirmeach agus ba cheart iad a shainaithint mar luchtóga atá ar leithligh ó luchtóga eile ábhair atáirgthe foraoise. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir luchtóga síolta agus luchtóga plandaí chun an cineál ábhair atáirgthe foraoise a shainaithint agus inrianaitheacht go dtí an bunábhar formheasta ónar buanadh an t‑ábhar atáirgthe foraoise a áirithiú. Ráthaítear leis sin cothabháil aitheantas agus cháilíocht an ábhair atáirgthe foraoise sin.

(40)Níor cheart síolta a mhargú ach amháin má bhíonn siad i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta. Níor cheart iad a lipéadú ná a mhargú ach amháin agus iad i bpacáistí séalaithe, chun gur féidir iad a shainaithint go hiomchuí, chomh maith lena gcáilíocht agus inrianaitheacht, agus chun calaois a sheachaint.

(41)Chun aidhm Straitéis Dhigiteach an Aontais 32 maidir leis an gclaochlú chun na teicneolaíochtaí digiteacha a chur in oiriúint do dhaoine agus do ghnólachtaí a chomhlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le rialacha maidir le taifeadadh digiteach na mbeart uile a dhéantar chun máistirdheimhniú agus lipéad oifigiúil a eisiúint agus bunú ardáin láraithe lena n‑éascaítear próiseáil na dtaifead sin, an rochtain orthu agus a n‑úsáid.

(42)Le linn na dtréimhsí ina mbeidh deacrachtaí sealadacha i ndáil le buaint soláthairtí leordhóthanacha d’ábhar atáirgthe foraoise ó speicis áirithe, ba cheart bunábhar lena gcomhlíontar ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna a fhormheas ar bhonn sealadach faoi réir ceanglais áirithe. Ba cheart na ceanglais sin, nach mbeidh chomh dian céanna, a bheith bainteach le formheas bunábhair atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh catagóirí éagsúla ábhair atáirgthe foraoise. Is gá sin chun cur chuige solúbtha a áirithiú faoi imthosca díobhálacha agus chun suaitheadh mhargadh inmheánach an ábhair atáirgthe foraoise a sheachaint.

(43)Níor cheart ábhar atáirgthe foraoise a allmhairiú ó thríú tíortha ach amháin más rud é go suitear go gcomhlíonann sé ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas. Is gá sin chun a áirithiú go dtugtar leis an ábhar atáirgthe foraoise allmhairithe sin an leibhéal cáilíochta céanna atá ag an ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear san Aontas.

(44)I gcás ina n‑allmhairítear an t‑ábhar atáirgthe foraoise san Aontas ó thríú tír, ba cheart don oibreoir gairmiúil lena mbaineann an t‑údarás inniúil cuí a chur ar an eolas sula n‑allmhaireofar an t‑ábhar atáirgthe foraoise, trí chóras bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla (CBFRO) arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 . Thairis sin, ba cheart máistirdheimhniú nó deimhniú oifigiúil, arna eisiúint ag an tríú tír tionscnaimh, agus taifid ina mbeidh sonraí ar an ábhar atáirgthe foraoise sin, arna soláthar ag an oibreoir gairmiúil sa tríú tír sin, a bheith in éineacht leis an ábhar atáirgthe foraoise allmhairithe. Ba cheart an lipéad oifigiúil a cheangal leis an ábhar atáirgthe foraoise sin, toisc gur gá sin chun roghanna eolacha a áirithiú d’úsáideoirí an ábhair atáirgthe foraoise sin agus cúrsaí a éascú do na húdaráis inniúla agus na rialuithe oifigiúla faoi seach á ndéanamh acu.

(45)Chun faireachán a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin seo, agus chun é a chur ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar na bearta a thugtar isteach, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh gach 5 bliana maidir le cainníochtaí bliantúla ábhair atáirgthe foraoise dheimhnithe, na pleananna teagmhais náisiúnta atá glactha, an fhaisnéis atá ar fáil d’úsáideoirí maidir leis an áit is fearr chun ábhar atáirgthe foraoise a phlandú trí shuíomhanna gréasáin agus/nó treoracha do phlandóirí, na cainníochtaí d’ábhar atáirgthe foraoise allmhairithe agus na pionóis a forchuireadh.

(46)D’fhonn oiriúnú do ghluaiseacht criosanna fásra agus raonta speiceas crann de thoradh an athraithe aeráide, agus aon fhorbairt eile ar eolas teicniúil nó eolaíochta, lena n‑áirítear aon eolas maidir leis an athrú aeráide, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an liosta speiceas crainn, agus hibridí saorga díobh sin, a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, a leasú.

(47)D’fhonn oiriúnú don fhorbairt ar eolas eolaíochta agus teicniúil agus ar Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE agus caighdeáin idirnáisiúnta eile is infheidhme, agus chun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 34 a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis (i) na ceanglais a leasú, na ceanglais sin a bhaineann le bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise atá le deimhniú mar ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’, agus ‘tástáilte’ agus (ii) na catagóirí faoina bhféadfar ábhar atáirgthe foraoise ó na cineálacha éagsúla bunábhair a mhargú a leasú.

(48)Chun cur chuige níos solúbtha do na Ballstáit a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i ndáil leis na coinníollacha chun margú ábhair atáirgthe foraoise, nach gcomhlíonann ceanglais uile na catagóire iomchuí, a údarú ar bhonn sealadach.

(49)D’fhonn oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíochta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na ceanglais atá le comhlíonadh ag luchtóga torthaí agus luchtóga síolta de na speicis a chumhdaítear faoin Rialachán seo a shocrú, chomh maith le ceanglais atá le comhlíonadh ag codanna de phlandaí de na speicis agus hibridí saorga a chumhdaítear faoin Rialachán seo, le haghaidh caighdeáin cháilíochta sheachtracha do Populus spp. a iomadaítear le gearrthóga lorga nó gearrtháin, atá le comhlíonadh ag an stoc le cur de na speicis agus hibridí saorga a chumhdaítear faoin Rialachán seo, agus atá le comhlíonadh ag an stoc le cur atá le margú d’úsáideoirí deiridh i réigiúin ina bhfuil aeráid na Meánmhara.

(50)D’fhonn oiriúnú do Straitéis Dhigiteach an Aontais agus na forbairtí teicniúla i ndigitiú seirbhísí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le rialacha a bhunú maidir le taifeadadh digiteach na mbeart uile a dhéanann an t‑oibreoir gairmiúil agus na húdaráis inniúla, chun an máistirdheimhniú a eisiúint, agus maidir le hardán láraithe a bhunú lena nascfar na Ballstáit uile agus an Coimisiún.

(51)Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin le haghaidh na ngníomhartha tarmligthe sin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 35 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(52)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bunú coinníollacha sonracha i ndáil leis na ceanglais agus ábhar fhógra an bhunábhair.

(53)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus freagracht agus úsáid na máistirdheimhnithe a éascú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le glacadh an ábhair agus na samhla don mháistirdheimhniú aitheantais le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó fhoinsí síolta agus clampaí, ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó shíolghoirt nó máthairchrainn na fine, agus ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó chlóin agus meascáin chlónacha.

(54)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus creat comhchuibhithe a áirithiú maidir le lipéadú agus soláthar faisnéise i ndáil le hábhar atáirgthe foraoise, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le leagan amach ábhar an lipéid oifigiúil, an fhaisnéis bhreise i gcás síolta agus cainníochtaí beaga síolta, dath an lipéid le haghaidh catagóirí sonracha agus cineálacha eile ábhair atáirgthe foraoise, agus faisnéis bhreise i gcás géinis nó speicis shonracha.

(55)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun oiriúnú do na forbairtí a bhaineann le digitiú earnáil an ábhair atáirgthe foraoise, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le leagan amach na socruithe teicniúla le haghaidh eisiúint na máistirdheimhnithe leictreonacha.

(56)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna práinneacha maidir le soláthar ábhair atáirgthe foraoise ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le húdarú sealadach a thabhairt do mhargú ábhair atáirgthe foraoise de speiceas amháin nó breis agus speiceas amháin lena gcomhlíontar ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo i ndáil le formheas bunábhair.

(57)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le cinneadh a dhéanamh i ndáil le heagrú turgnamh sealadach chun roghanna malartacha feabhsaithe, ar cheanglais an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le measúnú agus formheas bunábhair agus táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, a lorg.

(58)Chun comhsheasmhacht na rialacha maidir le hábhar atáirgthe foraoise i gcomparáid le reachtaíocht sláinte plandaí an Aontais a fheabhsú, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagail 36, 37, 40, 41, 49, 53 agus 54 de Rialachán (AE) 2016/2031 maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise de bhun an Rialacháin seo. Chun comhsheasmhacht i ndáil le rialacha Rialachán (AE) 2016/2031 maidir le pasanna plandaí a áirithiú, ba cheart é a bheith incheadaithe an lipéad oifigiúil le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a nascadh leis an bpas plandaí.

(59)Ba cheart Rialachán (AE) 2017/625 a leasú chun rialacha maidir le rialuithe oifigiúla i ndáil le hábhar atáirgthe foraoise a áireamh ina raon feidhme. Is amhlaidh atá chun rialuithe oifigiúla níos comhsheasmhaí agus forfheidhmiú na rialacha maidir le hábhar atáirgthe foraoise ar fud na mBallstát a áirithiú, chomh maith le comhsheasmhacht le gníomhartha Comhphobail eile a bhaineann le rialuithe oifigiúla plandaí, go háirithe, Rialachán (AE) 2016/2031 agus Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(60)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2016/2031 agus 2017/625 a leasú dá réir.

(61)Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil agus trédhearcacht, ba cheart Treoir 1999/105/CE a aisghairm.

(62)Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a chomhlíonadh, is é sin cur chuige comhchuibhithe a ghlacadh i ndáil le táirgeadh agus margú FRM, agus, dá réir sin, de bhun a éifeachtachtaí, a chastachta, agus a charachtair idirnáisiúnta, go bhféadfaí é a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní sháraíonn an Rialachán seo a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Ina fhianaise sin, agus de réir mar is gá, tugtar maoluithe nó ceanglais shonracha isteach leis maidir le cineálacha áirithe ábhair atáirgthe foraoise agus le hoibreoirí gairmiúla áirithe.

(63)I bhfianaise an ama agus na n‑acmhainní a theastaíonn ó na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí gairmiúla lena mbaineann oiriúnú do na ceanglais nua a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó … [3 bliana ó dháta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar amach sa Rialachán seo rialacha a bhaineann le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise (‘FRM’) agus go háirithe na ceanglais siúd maidir le formheas an bhunábhair atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise, tionscnamh agus inrianaitheacht an bhunábhair sin, catagóirí ábhair atáirgthe foraoise, ceanglais maidir le haitheantas agus cáilíocht ábhair atáirgthe foraoise, deimhniú, lipéadú, pacáistíocht, allmhairí, oibreoirí gairmiúla, clárú an bhunábhair agus na pleananna teagmhais náisiúnta.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hábhar atáirgthe foraoise de na speicis chrainn agus hibridí saorga díobh, a liostaítear in Iarscríbhinn I.

2.Is iad seo a leanas cuspóirí an Rialacháin seo:

(a)táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht a áirithiú san Aontas, chomh maith le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh in ábhar atáirgthe foraoise;

(b)cuidiú le foraoisí athléimneacha a chruthú, bithéagsúlacht a chaomhnú agus éiceachórais foraoise a athchóiriú;

(c)tacú le táirgeadh adhmaid agus bithábhar, oiriúnú don athrú aeráide, maolú ar an athrú aeráide agus caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní géiniteacha foraoise.

3.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 26, chun leasú a dhéanamh ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I mar a shonraítear i mír 3, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)gluaiseacht criosanna fásra agus raonta speiceas crainn de thoradh an athraithe aeráide;

(b)aon fhorbairt ar eolas teicniúil nó eolaíochta.

Leis na gníomhartha tarmligthe sin cuirfear speicis agus hibridí saorga leis an liosta in Iarscríbhinn I, má chomhlíonann na speicis agus na hibridí saorga sin ceann de na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(a)is ionann iad agus limistéar mór agus luach eacnamaíoch de tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise san Aontas;

(b)margaítear in dhá cheann ar a laghad de na Ballstáit iad;

(c)meastar go bhfuil tábhacht ag baint leo mar gheall ar an mbealach a gcuireann siad le hoiriúnú don athrú aeráide, agus

(d)meastar go bhfuil tábhacht ag baint leo mar gheall ar an mbealach a gcuireann siad le caomhnú na bithéagsúlachta.

Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, bainfear speicis nó hibridí saorga den liosta in Iarscríbhinn I mura gcomhlíonann siad aon cheann de na heilimintí a leagtar amach sa chéad fhomhír.

4.Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)ábhar atáirgthe plandaí dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) …/… [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt don Rialachán maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí];

(b)ábhar iomadaithe plandaí ornáideacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 98/56/CE;

(c)ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear lena onnmhairiú chuig tríú tíortha;

(d)ábhar atáirgthe foraoise a úsáidtear le haghaidh tástáil oifigiúil, chun críocha eolaíochta nó obair roghnúcháin.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘ábhar atáirgthe foraoise’ (‘FRM’) buaircíní, torthú bláthra, torthaí agus síolta atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh an stoic atá le cur, a bhaineann le speicis chrainn agus hibridí saorga díobh a liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán seo agus a úsáidtear le haghaidh foraoisiú, athfhoraoisiú agus bealaí eile ina gcuirtear crainn ar aon cheann de na cuspóirí seo a leanas:

(a)táirgeadh adhmaid agus bithábhar;

(b)caomhnú na bithéagsúlachta;

(c)éiceachórais foraoise a athchóiriú;

(d)oiriúnú don athrú aeráide;

(e)maolú ar an athrú aeráide;

(f)caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní géiniteacha foraoise.

(2)ciallaíonn ‘foraoisiú’ foraois a bhunú trí phlandú agus/nó trí shíolú toiliúil ar thalamh a raibh, go dtí sin, úsáid éagsúil á baint as, lena dtugtar le fios claochlú ar an úsáid talún ó neamhfhoraois go foraois 36 ;

(3)ciallaíonn ‘athfhoraoisiú’ athbhunú foraoise trí phlandú agus/nó trí shíolú toiliúil ar thalamh a aicmítear mar fhoraois 37 ;

(4)ciallaíonn ‘aonad síolta’ buaircíní, torthú bláthra, torthaí agus síolta atá beartaithe le haghaidh stoc le cur a tháirgeadh;

(5)ciallaíonn ‘an stoc le cur’ aon phlanda nó aon chuid de phlanda a úsáidtear in iomadú plandaí agus cuimsítear leis plandaí a tógadh ó aonaid síolta, ó chodanna de phlandaí, nó ó phlandaí ó athghiniúint nádúrtha;

(6)ciallaíonn ‘codanna de phlandaí’ gearrthóga lorga, gearrthóga duilleoige agus gearrthóga fréimhe, easphlandaí nó suthanna a úsáidtear le haghaidh micriomadú, bachlóg, buinneán, fréamhacha, beangán, gearrthán agus aon chuid eile de phlanda a úsáidtear le haghaidh tháirgeadh an stoic le cur;

(7)ciallaíonn ‘táirgeadh’ na céimeanna uile a bhaineann le giniúint na síolta agus na bplandaí, an tiontú ó aonad síolta go síol, agus tógáil na bplandaí ó stoc le cur, chun an t‑ábhar atáirgthe foraoise sin a mhargú;

(8)ciallaíonn ‘foinse síl’ na crainn laistigh de limistéar, óna mbailítear síol;

(9)ciallaíonn ‘clampa’ daonra críochaithe crann atá comhdhéanta go leor‑aonfhoirmeach;

(10)ciallaíonn ‘síolghort’ fáschoill crann roghnaithe, cás ina sainaithnítear gach crann de réir clóin, fine nó bunáitíochta, atá ar leithlis nó a bhainistítear chun pailniú ó fhoinsí seachtracha a sheachaint nó a laghdú, agus a bhainistítear chun barra síolta minice, flúirseacha is féidir a bhuaint go héasca a tháirgeadh;

(11)ciallaíonn ‘máthairchrainn na fine’ crainn a úsáidtear mar chrainn tuismitheora chun sliocht a fháil le pailniú rialaithe nó oscailte ar cheann de na crainn tuismitheora shainaitheanta a úsáidtear mar chrann baineann (‘máthairchrann’), le pailin ó ‘athairchrann’ amháin (gaol siblíneach iomláin) nó roinnt ‘athairchrann’ sainaitheanta nó neamhaitheanta (leathghaol siblíneach);

(12)ciallaíonn ‘clón’ grúpa plandaí aonair (ramaití) a díorthaíodh ar dtús ó phlanda aonair amháin (bunphlanda) le hiomadú fásúil, mar shampla le gearrthóga, micriomadú, beangáin, buinneáin nó deighiltí;

(13)ciallaíonn ‘meascán clónach’ meascán de chlóin sainaitheanta i sciartha sainithe;

(14)ciallaíonn ‘bunábhar’ aon cheann de na nithe seo a leanas: foinse síl, clampa, síolghort, máthairchrainn na fine, clón nó meascáin chlónacha;

(15)ciallaíonn ‘aonad formheasa’ an limistéar iomlán bunábhair le haghaidh tháirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise atá údaraithe ag na húdaráis inniúla;

(16)ciallaíonn ‘aonad fógra’ an limistéar iomlán bunábhair le haghaidh tháirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise atá beartaithe do chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní géiniteacha foraoise ar tugadh fógra ina leith do na húdaráis inniúla;

(17)ciallaíonn ‘luchtóg síolta’ gearrthán síolta a bhailítear ó bhunábhar formheasta agus a phróiseáiltear go haonfhoirmeach;

(18)ciallaíonn ‘luchtóg plandaí’ gearrthán stoic le cur a fásadh ó luchtóg síolta aonair nó stoc le cur a iomadaíodh go fásúil a tógadh i limistéar inchríochaithe agus a próiseáladh go haonfhoirmeach;

(19)ciallaíonn ‘uimhir luchtóige’ uimhir aitheantais na luchtóige síolta nó na luchtóige plandaí, de réir mar is iomchuí;

(20)ciallaíonn ‘bunáitíocht’ áit ina bhfuil aon chlampa crann ag fás;

(21)ciallaíonn ‘fospeiceas’ grúpa laistigh de speiceas a d’éirigh beagán difriúil ó thaobh feinitíopa agus géinte de leis an gcuid eile den ghrúpa;

(22)ciallaíonn ‘réigiún bunáitíochta’, i ndáil le speiceas nó fospeiceas, an limistéar nó an grúpa limistéar atá faoi réir dálaí éiceolaíocha leor‑aonfhoirmeacha, ina bhfaightear clampaí nó foinsí síl a léiríonn saintréithe feinitíopacha nó géiniteacha atá cosúil lena chéile, agus teorainneacha airde á gcur san áireamh, i gcás inarb iomchuí;

(23)ciallaíonn ‘clampa uatheascarthach’ clampa de speiceas crann dúchasach a rinneadh a athghiniúint go leanúnach le hathghiniúint nádúrtha nó athghiniúint shaorga ó ábhar atáirgthe foraoise a bailíodh sa chlampa nó sna clampaí céanna de speicis crann dúchasach i ndlúthghaireacht;

(24)ciallaíonn ‘clampa dúchasach’ clampa uatheascarthach nó clampa a tógadh go saorga ó shíol, i gcás ina bhfuil tionscnamh an chlampa sin agus an clampa féin suite sa réigiún bunáitíochta céanna;

(25)ciallaíonn ‘tionscnamh’ an méid seo a leanas:

(a)i gcás foinse síl uatheascarthach nó clampa uatheascarthach, an áit ina bhfásann na crainn;

(b)i gcás foinse síl neamh‑uatheascarthach nó clampa neamh‑uatheascarthach, an áit ónar tugadh an síol nó na plandaí isteach ar dtús;

(c)i gcás síolghoirt, na háiteanna ina raibh a chomhpháirteanna suite ar dtús, amhail a mbunáitíochtaí nó faisnéis gheografach ábhartha eile;

(d)i gcás mháthairchrainn na fine, na háiteanna ina raibh a gcomhpháirteanna suite ar dtús, amhail a mbunáitíochtaí nó faisnéis gheografach ábhartha eile;

(e)i gcás clóin, is í an áit a bhfuil an bunphlanda nó an áit a mbíodh an bunphlanda ar dtús nó an áit ar roghnaíodh an bunphlanda an tionscnamh;

(f)i gcás meascán clónach, is iad na háiteanna a bhfuil na bunphlandaí, a mbíodh na plandaí ar dtús nó ar roghnaíodh na bunphlandaí an tionscnamh;

(26)ciallaíonn ‘suíomh an bhunábhair’ limistéar geografach nó suíomh(anna) geografach(a) an bhunábhair de réir mar is iomchuí i gcás gach catagóire ábhair atáirgthe foraoise;

(27)ciallaíonn ‘láthair táirgthe clón nó meascán clónach nó mháthairchrainn na fine’ an áit nó an suíomh geografach beacht ar táirgeadh an t‑ábhar atáirgthe foraoise;

(28)ciallaíonn ‘bunstoc’ planda, grúpa plandaí, ábhar atáirgthe foraoise, stoc DNA nó faisnéis ghéiniteach an chlóin, nó na gclón i gcás meascán clónach, ar ábhar tagartha é chun aitheantas an chlóin/na gclón a rialú;

(29)ciallaíonn ‘gearrthán’ gearrthóg lorg gan na fréamhacha;

(30)ciallaíonn ‘margú’ na gníomhaíochtaí seo a leanas arna ndéanamh ag oibreoir gairmiúil: ábhar atáirgthe foraoise a dhíol, a chóiméad nó tairiscint lena dhíol nó aon bhealach eile lena aistriú nó lena dháileadh laistigh den Aontas, nó é a allmhairiú isteach ann, cé acu saor in aisce nó ar tháille a dhéanann sé sin;

(31)ciallaíonn ‘oibreoir gairmiúil’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach, ag a bhfuil baint ghairmiúil le ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)táirgeadh, lena n‑áirítear fás, iolrú agus cothabháil an ábhair atáirgthe foraoise;

(b)margú an ábhair atáirgthe foraoise;

(c)stóráil, bailiú, seoladh agus próiseáil an ábhair atáirgthe foraoise;

(32)ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás lárnach nó réigiúnach de chuid Ballstáit, nó, i gcás inarb infheidhme, an t‑údarás comhfhreagrach de thríú tír, ar a bhfuil freagracht maidir le heagrú na rialuithe oifigiúla, clárú an bhunábhair, deimhniú an ábhair atáirgthe foraoise agus na ngníomhaíochtaí oifigiúla eile a bhaineann le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh agus a mhargú, nó aon údarás eile dár tugadh an fhreagracht sin i gcomhréir le dlí an Aontais;

(33)ciallaíonn ‘sainaitheanta de réir foinse’ catagóir ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar arb é atá ann foinse síl nó clampa atá suite laistigh de réigiún bunáitíochta amháin agus lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(34)ciallaíonn ‘roghnaithe’ catagóir ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar arb é atá ann clampa suite laistigh de réigiún bunáitíochta amháin, a roghnaíodh go feinitíopach ar leibhéal an daonra agus lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

(35)ciallaíonn ‘cáilithe’ catagóir ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar ar síolghoirt, máthairchrainn na fine, clóin nó meascáin chlónacha é, ar roghnaíodh na comhpháirteanna de go feinitíopach ar an leibhéal aonair agus lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;

(36)ciallaíonn ‘tástáilte’ catagóir ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar atá comhdhéanta de chlampaí, síolghoirt, máthairchrainn na fine, clóin nó meascáin chlónacha é agus lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn V;

(37)ciallaíonn ‘deimhniú oifigiúil’ deimhniú ábhair atáirgthe foraoise atá sainaitheanta de réir foinse, roghnaithe, cáilithe agus tástáilte, má tá na hiniúchtaí ábhartha uile agus, i gcás inarb iomchuí, sampláil agus tástáil an ábhair atáirgthe foraoise déanta ag an údarás inniúil agus má táthar tar éis teacht ar an gconclúid go gcomhlíonann an t‑ábhar atáirgthe foraoise ceanglais chuí an Rialacháin seo;

(38)ciallaíonn ‘catagóir’ ábhar atáirgthe foraoise atá cáilithe mar ábhar atá sainaitheanta de réir foinse, roghnaithe, cáilithe nó tástáilte;

(39)ciallaíonn ‘orgánach géinmhodhnaithe’ orgánach géinmhodhnaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir 2001/18/CE, seachas orgánaigh a fhaightear trí theicnící an ghéinmhodhnaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I B a ghabhann le Treoir 2001/18/CE;

(40)ciallaíonn ‘planda TGN’ plandaí a fuarthas le teicnící géanómaíocha nua mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 2 de Rialachán (AE) [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an tagairt don Rialachán maidir le plandaí a fhaightear ó theicnící géanómaíocha nua áirithe agus a mbia agus a mbeatha] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 ;

(41)ciallaíonn ‘criosanna aistriúcháin síolta’ limistéar agus/nó criosanna airde a ainmníonn na húdaráis inniúla le haghaidh ghluaiseacht an ábhair atáirgthe foraoise a bhaineann leis na catagóirí sainaitheanta de réir foinse agus roghnaithe, agus tionscnamh agus bunáitíocht an ábhair atáirgthe foraoise, trialacha bunáitíochta, dálaí comhshaoil agus réamh‑mheastachán i ndáil leis an athrú aeráide amach anseo á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí;

(42)ciallaíonn ‘limistéar úsáide le haghaidh síolghort’ limistéar a ainmníonn na húdaráis inniúla, ina ndéantar an t‑ábhar atáirgthe foraoise a bhaineann leis na catagóirí ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ a chur in oiriúint do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha an limistéir sin, agus suíomh na síolghort agus a gcomhpháirteanna, torthaí na dtrialacha sleachta agus bunáitíochta, dálaí comhshaoil agus réamh‑mheastachán i ndáil leis an athrú aeráide amach anseo á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí;

(43)ciallaíonn ‘limistéar úsáide le haghaidh clón agus meascáin chlónacha’ limistéar a ainmníonn na húdaráis inniúla, ina ndéantar an t‑ábhar atáirgthe foraoise a bhaineann leis na catagóirí ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ a chur in oiriúint do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha an limistéir sin, agus tionscnamh nó bunáitíocht an chlóin/na gclón, torthaí na dtrialacha sleachta agus bunáitíochta, dálaí comhshaoil agus réamh‑mheastachán i ndáil leis an athrú aeráide amach anseo á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí;

(44)ciallaíonn ‘FOREMATIS’ Córas Faisnéise um Ábhar Atáirgthe Foraoise an Choimisiúin;

(45)ciallaíonn ‘athghiniúint nádúrtha’ athnuachan foraoise le crainn a fhorbraíonn ó shíolta a thit agus a phéac in situ

(46)ciallaíonn ‘lotnaidí cáilíochta’ lotnaidí lena gcomhlíontar na critéir uile seo a leanas:

(a)ní lotnaidí coraintín an Aontais, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta, ná lotnaidí neamhchoraintín rialáilte (‘RNQPanna’), de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/2031, ná lotnaidí atá faoi réir na mbeart arna nglacadh de bhun Airteagal 30(1) den Rialachán sin iad;

(b)tarlaíonn siad le linn ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh nó a stóráil; agus

(c)bíonn drochthionchar do‑ghlactha acu ar cháilíocht an ábhair atáirgthe foraoise, agus tionchar eacnamaíoch do‑ghlactha a mhéid a bhaineann le húsáid an ábhair atáirgthe foraoise sin san Aontas;

(47)ciallaíonn ‘saor, geall leis, ó lotnaidí’ a bheith iomlán saor ó lotnaidí, nó staid ina mbeidh an líon lotnaidí cáilíochta ar an ábhar atáirgthe foraoise sin chomh híseal sin nach ndéanann na lotnaidí sin difear díobhálach do cháilíocht an ábhair atáirgthe foraoise sin.

CAIBIDIL II
BUNÁBHAR AGUS ÁBHAR ATÁIRGTHE FORAOISE A DHÍORTHAÍONN UAIDH

Airteagal 4

Bunábhar a fhormheas le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh

1.Ní fhéadfar ach bunábhar atá formheasta ag na húdaráis inniúla a úsáid chun ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh.

2.Déanfar bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise atá le deimhniú mar ábhar atá ‘sainaitheanta de réir foinse’ a fhormheas, má chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II leis.

Déanfar bunábhar atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise atá le deimhniú mar ábhar atá ‘roghnaithe’ a fhormheas, má chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III leis.

Déanfar bunábhar atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise atá le deimhniú mar ábhar atá ‘cáilithe’ a fhormheas, má chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV leis.

Déanfar bunábhar atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise atá le deimhniú mar ábhar atá ‘tástáilte’ a fhormheas, má chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn V leis.

Maidir leis an measúnú ar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinní II go V le haghaidh fhormheas an bhunábhair, féadfar a áireamh ann amharc‑chigireacht, seiceálacha doiciméadachta, tástálacha agus anailísí nó modhanna comhlántacha eile, chomh maith le húsáid teicnící bith‑mhóilíneacha, má mheastar iad a bheith iomchuí chun chríoch an fhormheasa sin.

Déanfar measúnú ar an mbunábhar le haghaidh na gcatagóirí uile i ndáil lena shaintréithe inbhuanaitheachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinní II go V, chun na dálaí aeráide agus éiceolaíocha a chur san áireamh.

Déanfar an bunábhar a fhormheas agus tagairt á déanamh don aonad formheasa.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III, IV agus V, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le formheas an bhunábhair atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh an mhéid seo a leanas:

(a)ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’, agus go háirithe na ceanglais a bhaineann le cineálacha bunábhair, méid éifeachtach an daonra, tionscnamh agus réigiún bunáitíochta, saintréithe inbhuanaitheachta;

(b)ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘roghnaithe’, agus go háirithe na ceanglais a bhaineann le tionscnamh, leithlisiú, méid éifeachtach an daonra, aois agus forbairt, aonfhoirmeacht, saintréithe inbhuanaitheachta, táirgeadh méide, cáilíocht an adhmaid, agus foirm nó an nós fáis;

(c)ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘cáilithe’, agus go háirithe na ceanglais a bhaineann le síolghoirt, máthairchrainn na fine, clóin agus meascáin chlónacha;

(d)ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, agus go háirithe na ceanglais a bhaineann le saintréithe a bhfuil scrúdú le déanamh orthu, doiciméadacht, socrú na dtástálacha, anailís ar na tástálacha agus bailíocht na dtástálacha, meastóireacht ghéiniteach na gcomhpháirteanna den bhunábhar, tástáil chomparáideach ábhair atáirgthe foraoise, formheas sealadach agus tástálacha luatha;

(e)ábhar atáirgthe foraoise i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Leis na leasuithe sin cuirfear in oiriúint na rialacha le haghaidh fhormheas an bhunábhair, forbairt an eolais eolaíochta agus theicniúil agus forbairt Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE agus caighdeáin idirnáisiúnta eile is infheidhme.

3.Ní áireofar ach bunábhar formheasta faoi fhoirm aonaid formheasa sa chlár náisiúnta de bhun Airteagal 12. Sainaithneofar gach aonad formheasa le tagairt chláir uathúil i gclár náisiúnta.

4.Tarraingeofar siar formheas an bhunábhair, i gcás nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a thuilleadh.

5.I ndiaidh formheasa, déanfaidh na húdaráis inniúla ath‑iniúchadh ar an mbunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise faoi na catagóirí ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ go tráthrialta.

6.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III, IV agus V, chun iad a oiriúnú d’fhorbairt ar eolas eolaíochta agus teicniúil, go háirithe i ndáil le húsáid teicnící bith‑mhóilíneacha agus caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta.

Airteagal 5

Ceanglais maidir le margadh an ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar formheasta

1.Déanfar ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar formheasta a mhargú i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhargú ach amháin má tá sé sna catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ nó ‘tástáilte’, agus má díorthaíodh é ó bhunábhar a formheasadh de bhun Airteagal 4 agus má chomhlíontar ceanglais Iarscríbhinní II, III, IV agus V faoi seach leis an mbunábhar sin;

(b)ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise de na hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhargú ach amháin má tá sé sna catagóirí ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ nó ‘tástáilte’, agus má díorthaíodh é ó bhunábhar a formheasadh de bhun Airteagal 4 agus má chomhlíonann an bunábhar sin ceanglais Iarscríbhinní III, IV agus V, faoi seach;

(c)ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise de na speicis chrainn agus na hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I, a atáirgtear go fásúil, a mhargú ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(i)má bhaineann sé leis na catagóirí ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ nó ‘tástáilte’, agus

(ii)má díorthaíodh é ó bhunábhar a formheasadh de bhun Airteagal 4 agus go gcomhlíontar ceanglais Iarscríbhinní III, IV agus V faoi seach leis;

(iii)ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘roghnaithe’ a mhargú ach amháin má oll‑iomadaíodh é ó shíolta;

(d)ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise de na speicis chrainn agus na hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I, ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe, nó atá comhdhéanta d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(i)má tá sé den chatagóir ‘tástáilte’, agus

(ii)má díorthaíodh é ó bhunábhar a formheasadh de bhun Airteagal 4 agus go gcomhlíontar ceanglais Iarscríbhinní V leis; agus

(iii)údaraítear é a shaothrú san Aontas de bhun Airteagal 19 de Threoir 2001/18/CE nó Airteagail 7 agus 19 de Rialachán (CE) 1829/2003, nó, i gcás inarb infheidhme, sa Bhallstát faoi seach i gcomhréir le hAirteagal 26b de Threoir 2001/18/CE;

(e)Ábhar atáirgthe foraoise na speiceas crann agus na hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I, ina bhfuil planda i gcatagóir 1 TGN nó atá comhdhéanta díobh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(7) de Rialachán (AE).../... (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán TGN...), ní fhéadfar iad a mhargú ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(i)má tá sé den chatagóir ‘tástáilte’, agus

(ii)má díorthaíodh é ó bhunábhar a formheasadh de bhun Airteagal 4 agus go gcomhlíontar ceanglais Iarscríbhinní V leis; agus

(iii)tá dearbhú maidir le stádas plandaí i gcatagóir 1 TGN faighte ag an bplanda de bhun Airteagal 6 nó 7 de Rialachán (AE).../... (Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt do Rialachán TGN...) nó is síolrach é de phlanda(í) den sórt sin;

(f)ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise de na speicis chrainn agus na hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhargú ach amháin má tá tagairt dá uimhir/uimhreacha máistirdheimhniúcháin in éineacht leis;

(g)má chomhlíontar leis Airteagail 36, 37, 40, 41, 42, 49, 53 agus 54 de Rialachán (AE) 2016/2031 a bhaineann le lotnaidí coraintín an Aontais, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta, RNQPanna, agus lotnaidí atá faoi réir na mbeart faoi Airteagal 30 den Rialachán sin;

(h)I gcás síolta, ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise de na speicis chrainn agus na hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhargú ach amháin má tá faisnéis le fáil i ndáil leis an méid seo a leanas anuas ar chomhlíonadh phointí (a) go (g):

(i)íonacht;

(ii)céatadán péactha an tsíl íon;

(iii)meáchan 1000 síol íona;

(iv)an líon síolta inghreáilte in aghaidh an chileagraim táirge a mhargaítear mar shíolta, nó, i gcás nach féidir measúnú a dhéanamh ar an líon síolta inghreáilte nó i gcás ina bhfuil sé neamhphraiticiúil measúnú a dhéanamh ar an líon síolta inghreáilte, an líon síolta inmharthana in aghaidh an chileagraim.

2.Maidir leis na catagóirí faoina bhféadfar an t‑ábhar atáirgthe foraoise ó na cineálacha éagsúla bunábhair a mhargú, leagtar amach iad sa tábla in Iarscríbhinn VI.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26(2), lena leasaítear an tábla d’Iarscríbhinn VI a bhaineann le catagóirí faoina bhféadfar an t‑ábhar atáirgthe foraoise ó chineálacha éagsúla bunábhair a mhargú.

Leis an leasú sin, oiriúnófar na catagóirí sin don fhorbairt ar eolas eolaíochta agus teicniúil agus ar na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha.

Airteagal 6

Ceanglais maidir le hábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar atá beartaithe chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú

Ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar atá faoi réir mhaolú Airteagal 18, chun an t‑ábhar atáirgthe foraoise sin a mhargú comhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhargú, ach amháin má tá sé sa chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’;

(b)beidh an t‑ábhar atáirgthe foraoise de thionscnamh atá oiriúnaithe go nádúrtha do na dálaí áitiúla agus réigiúnacha; agus

(c)baileofar an t‑ábhar atáirgthe foraoise ó phlandaí uile an bhunábhair faoina dtugtar fógra.

Airteagal 7

Údarú sealadach i ndáil le margú ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar nach gcomhlíontar na ceanglais chatagóire leis

1.Féadfaidh na húdaráis inniúla údarú sealadach a thabhairt i ndáil le margú ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ón mbunábhar formheasta nach gcomhlíonann ceanglais uile na catagóire iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), tar éis ghlacadh an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear i mír 2.

Tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát féin fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na húdaruithe sealadacha sin agus faoi na cúiseanna lena dtugtar údar dá bhformheas.

2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 26, lena bhforlíontar an tAirteagal seo, trí na coinníollacha chun an t‑údarú sealadach a dheonú don Bhallstát lena mbaineann a shocrú.

Áireofar ar na coinníollacha sin:

(a)an réasúnú i ndáil le deonú an údaraithe sin chun gnóthachtáil chuspóirí an Rialacháin seo a áirithiú;

(b)uasfhad an údaraithe;

(c)oibleagáidí a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla ar na hoibreoirí gairmiúla a dhéanann iarratas ar an údarú sin;

(d)ábhar agus foirm an fhógra dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 8

Ceanglais speisialta i ndáil le speicis, catagóirí agus cineálacha áirithe ábhair atáirgthe foraoise

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 26, de réir mar is gá, lena bhforlíontar an Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis na ceanglais de réir mar is iomchuí le haghaidh gach cineáil, speicis nó catagóire ábhair atáirgthe foraoise:

(a)maidir le luchtóga torthaí agus luchtóga síolta de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhéid a bhaineann le híonacht speicis;

(b)maidir le codanna plandaí de speicis agus hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhéid a bhaineann le cáilíocht i ndáil le saintréithe ginearálta, sláinte agus méid;

(c)i gcás caighdeáin cháilíochta sheachtracha le haghaidh Populus spp. a iomadaítear le gearrthóga lorga nó gearrtháin a mhéid a bhaineann le lochtanna agus íostoisí le haghaidh gearrthóg lorga agus gearrthán;

(d)maidir leis an stoc le cur de speicis agus hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhéid a bhaineann le cáilíocht i ndáil le saintréithe ginearálta, sláinte, beocht agus cáilíocht fhiseolaíoch;

(e)maidir leis an stoc le cur atá le margú d’úsáideoirí i réigiúin ina bhfuil aeráid na Meánmhara a mhéid a bhaineann le lochtanna, méid agus aois na bplandaí agus, i gcás inarb iomchuí, méid an choimeádáin.

Beidh an gníomh tarmligthe sin bunaithe ar an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm na gceanglas de réir mar is iomchuí i gcás gach cineáil, speicis nó catagóire ábhair atáirgthe foraoise a mhéid a bhaineann leis na forálacha i ndáil le hiniúchtaí, sampláil agus tástáil, agus achair leithlisiúcháin. Trí bhíthin an ghnímh, oiriúnófar na ceanglais sin bunaithe ar fhorbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta faoi seach, ar na forbairtí teicniúla agus eolaíocha, nó na forbairtí aeráide agus éiceolaíocha.

Airteagal 9

Plean teagmhais agus clár náisiúnta

1.Déanfaidh gach Ballstát plean teagmhais amháin nó níos mó a tharraingt suas chun soláthar leordhóthanach ábhair atáirgthe foraoise a áirithiú chun limistéir a athfhoraoisiú a ndearna teagmhais adhaimsire, falscaithe, ráigeanna de ghalair agus de lotnaidí, tubaistí nó aon teagmhas eile difear dóibh, de réir mar is ábhartha agus a shainaithnítear sna measúnuithe riosca náisiúnta arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE 39 .

Ullmhófar an plean teagmhais sin le haghaidh na speiceas crainn sin agus na hibridí saorga díobh a liostaítear in Iarscríbhinn I, a mheastar iad a bheith oiriúnach do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha atá ann faoi láthair agus do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha a réamh‑mheastar don todhchaí sa Bhallstát lena mbaineann.

Cuirfear san áireamh leis an bplean teagmhais dáileadh réamh‑mheasta na speiceas crann ábhartha agus hibridí saorga ábhartha díobh don todhchaí, ar bhonn samhlacha aeráide náisiúnta agus/nó réigiúnacha don Bhallstát lena mbaineann.

2.Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle, ag tráth iomchuí, leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile nuair a bheidh pleananna teagmhais den sórt sin á ndréachtú agus á gcoinneáil cothrom le dáta acu.

3.Áireofar sa phlean teagmhais na nithe seo a leanas:

(a)róil agus freagrachtaí na gcomhlachtaí atá bainteach le cur i gcrích an phlean teagmhas i gcás aon teagmhais ina mbeadh ganntanas mór ar ábhar atáirgthe foraoise, chomh maith leis an slabhra ceannais agus na nósanna imeachta le haghaidh comhordú gníomhartha atá le glacadh ag údaráis inniúla, ag údaráis phoiblí eile, ag comhlachtaí tarmligthe nó ag daoine nádúrtha atá bainteach, saotharlanna agus oibreoirí gairmiúla, lena n‑áirítear comhordú le Ballstáit chomharsanachta agus tríú tíortha comharsanachta, i gcás inarb iomchuí;

(b)rochtain na n‑údarás inniúil ar sholáthairtí ábhair atáirgthe foraoise a coinníodh chun críche pleanála teagmhais, áitribh oibreoirí gairmiúla, go háirithe plandlanna foraoise agus saotharlanna a tháirgeann ábhar atáirgthe foraoise, oibreoirí ábhartha eile agus daoine nádúrtha;

(c)rochtain na n‑údarás inniúil, i gcás inar gá, ar threalamh, pearsanra, saineolas agus acmhainní seachtracha a bhfuil gá leo le haghaidh ghníomhachtú tapa agus éifeachtach an phlean teagmhais;

(d)bearta maidir le faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát eile, na n‑oibreoirí gairmiúla lena mbaineann agus an phobail, a mhéid a bhaineann leis an nganntanas mór ábhair atáirgthe foraoise, agus na bearta a ghlactar chun é sin a réiteach, má dheimhnítear nó má cheaptar go hoifigiúil go bhfuil ganntanas mór ábhair atáirgthe foraoise ann;

(e)socruithe le haghaidh torthaí a thaifeadadh ar láithreacht aon ghanntanais mhóir ábhair atáirgthe foraoise;

(f)na measúnuithe atá ar fáil ar an mBallstát a mhéid a bhaineann le riosca ganntanais mhóir ábhair atáirgthe foraoise dá chríoch agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar shláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí, agus ar an gcomhshaol;

(g)prionsabail le haghaidh críochú geografach an limistéir/na limistéar inar tharla ganntanas mór ábhair atáirgthe foraoise;

(h)prionsabail a bhaineann le hoiliúint a chur ar phearsanra na n‑údarás inniúil agus, i gcás inarb iomchuí, na gcomhlachtaí, na n‑údarás poiblí, saotharlanna, oibreoirí gairmiúla agus daoine eile dá dtagraítear i bpointe (a).

Déanfaidh Ballstáit athbhreithniú rialta agus nuashonróidh siad a gcuid pleananna teagmhais i gcás inarb iomchuí chun forbairtí teicniúla agus eolaíochta a chur san áireamh i ndáil le samhlacha aeráide a thugann aghaidh ar dháileadh réamh‑mheasta na speiceas crann ábhartha agus hibridí saorga ábhartha díobh don todhchaí.

4.Bunóidh na Ballstáit clár náisiúnta:

(a)ina mbeidh na speicis chrainn agus na hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I, atá ábhartha maidir le dálaí aeráide agus éiceolaíocha reatha an Bhallstáit lena mbaineann;

(b)lena gcuirfear san áireamh dáileadh réamh‑mheasta na speiceas crann ábhartha sin agus hibridí saorga ábhartha díobh don todhchaí.

Laistigh de 4 bliana ó dháta bhunú a gclár náisiúnta, bunóidh na Ballstáit pleananna teagmhais maidir leis na speicis agus hibridí saorga atá ina gcláir.

5.Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar lena chéile agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile i ndáil le bunú a bpleananna teagmhais, ar bhonn mhalartú na ndea‑chleachtas agus na taithí a fuarthas ó bhunú na bpleananna sin.

6.Cuirfidh na Ballstáit a bpleananna teagmhasacha ar fáil don Choimisiún, na Ballstáit eile agus na hoibreoirí gairmiúla ábhartha uile trína bhfoilsiú in FOREMATIS.

CAIBIDIL III
CLÁRÚ OIBREOIRÍ GAIRMIÚLA AGUS BUNÁBHAIR, AGUS CRÍOCHÚ RÉIGIÚN BUNÁITÍOCHTA

Airteagal 10

Oibleagáidí d’oibreoirí gairmiúla

1.Beidh oibreoirí gairmiúla cláraithe i gclár dá ndéantar foráil in Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2016/2031, i gcomhréir le hAirteagal 66 den Rialachán sin.

Beidh siad bunaithe san Aontas.

2.Cuirfidh na hoibreoirí gairmiúla an fhaisnéis uile is gá, maidir le hoiriúnacht an ábhair atáirgthe foraoise do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha atá ann faoi láthair agus do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha a réamh‑mheastar don todhchaí, ar fáil d’úsáideoirí an ábhair atáirgthe foraoise sin. Soláthrófar an fhaisnéis sin don cheannaitheoir féideartha, trí bhíthin suíomhanna gréasáin, treoracha do phlandóirí agus modhanna iomchuí uile, sula n‑aistreofar an t‑ábhar atáirgthe foraoise lena mbaineann.

Airteagal 11

Críochú réigiún bunáitíochta le haghaidh catagóirí áirithe

Maidir leis na speicis ábhartha de bhunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise sna catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’ agus ‘roghnaithe’, críochóidh na Ballstáit na réigiúin bhunáitíochta.

Déanfaidh na húdaráis inniúla léarscáileanna ina léireofar críochuithe na réigiún bunáitíochta a tharraingt suas agus a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Cuirfidh siad na léarscáileanna sin ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ar FOREMATIS.

Airteagal 12

Clár náisiúnta agus liostaí náisiúnta de bhunábhar

1.Déanfaidh gach Ballstát clár náisiúnta den bhunábhar le haghaidh na speiceas éagsúil atá formheasta ar a chríoch de bhun Airteagail 4 agus 19 agus a bhfuil fógra tugtha ina leith de bhun Airteagal 18 a bhunú, a fhoilsiú agus a choimeád cothrom le dáta i bhformaid leictreonach.

Sa chlár sin beidh sonraí iomlána gach aonaid de bhunábhar formheasta in éineacht lena tagairt chláir uathúil.

De mhaolú ar Airteagal 4, cláróidh na húdaráis inniúla ina gcláir náisiúnta an bunábhar a áirítear láithreach, roimh … [IO, cuir isteach dáta an Rialacháin seo], ina gcláir náisiúnta féin dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Threoir 1999/105/CE, gan an nós imeachta clárúcháin a leagtar amach san Airteagal sin a chur i bhfeidhm.

2.Déanfaidh gach Ballstát liosta náisiúnta den bhunábhar a bhunú, a fhoilsiú agus a choimeád cothrom le dáta i bhformaid leictreonach, a chuirfear i láthair mar achoimre sa chlár náisiúnta. Cuirfidh sé an liosta sin ar fáil i bhformáid leictreonach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí FOREMATIS.

3.Cuirfidh na Ballstáit an liosta náisiúnta i láthair i bhfoirm choiteann do gach aonad formheasa i leith bunábhair. I gcás na gcatagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’ agus ‘roghnaithe’, féadfaidh tuairisc achomhair ar an mbunábhar a bheith ann, ar bhonn na réigiún bunáitíochta.

Soláthrófar sa liosta náisiúnta na sonraí seo a leanas go háirithe:

(a)an t‑ainm luibheolaíoch;

(b)catagóir;

(c)ábhar bunúsach;

(d)tagairt chláir nó, i gcás inarb iomchuí, achoimre uirthi, nó an cód aitheantais don réigiún bunáitíochta;

(e)suíomh an bhunábhair: ainm gearr, más iomchuí, agus ceann de na tacair sonraí seo a leanas:

(i)i gcás na catagóire ‘sainaitheanta de réir foinse’, an réigiún bunáitíochta agus an raon domhanleithid, domhanfhaid agus airde;

(ii)i gcás na catagóire ‘roghnaithe’, an réigiún bunáitíochta agus an suíomh geografach arna shainiú de réir domhanleithid, domhanfhaid agus airde nó an raon domhanleithid, domhanfhaid agus airde;

(iii)le haghaidh na catagóire ‘cáilithe’, an suíomh/na suíomhanna geografach(a) arna s(h)ainiú de réir domhanleithid, domhanfhaid agus airde, i gcás ina gcoinnítear an bunábhar;

(iv)le haghaidh na catagóire ‘tástáilte’, an suíomh/na suíomhanna geografach(a) arna s(h)ainiú de réir domhanleithid, agus domhanfhaid agus airde, i gcás ina gcoinnítear an bunábhar;

(f)limistéar: méid foinse/foinsí síl, clampa(í) nó síolgho(i)rt;

(g)tionscnamh:

(i)tásc cé acu uatheascarthach/dúchasach nó neamh‑uatheascarthach/andúchasach é an bunábhar nó mura bhfuil an tionscnamh ar eolas;

(ii)bunábhar neamh‑uatheascarthach/andúchasach, tásc maidir lena thionscnamh, má tá sé ar eolas;

(h)críoch úsáide an ábhair atáirgthe foraoise;

(i)i gcás ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, léiriú ar cé acu den dá rud thíos atá ann:

(i)planda géinmhodhnaithe; nó

(ii)planda TGN;

(j)i gcás na gcatagóirí ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’, faisnéis faoi láthair táirgthe cló(i)n nó meascá(i)n c(h)lónach(a), i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 13

Liosta an Aontais de Bhunábhar Formheasta

1.Ar bhonn na liostaí náisiúnta a sholáthraíonn gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 12, foilseoidh an Coimisiún liosta dar teideal ‘Liosta an Aontais de Bhunábhar Formheasta le haghaidh Tháirgeadh Ábhair Atáirgthe Foraoise’.

Cuirfear an liosta sin ar fáil i bhformáid leictreonach trí FOREMATIS.

2.Léireofar sa liosta sin na sonraí a thugtar sna liostaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus taispeánfar an limistéar úsáidte.

CAIBIDIL IV
MÁISTIRDHEIMHNIÚ, LIPÉADÚ AGUS PACÁISTIÚ

Airteagal 14

Máistirdheimhniú aitheantais

1.Eiseoidh na húdaráis inniúla, tar éis iarratas a fháil ó oibreoir gairmiúil, agus tar éis bhuaint an ábhair atáirgthe foraoise ó bhunábhar formheasta, máistirdheimhniú aitheantais (‘máistirdheimhniú’), ar a dtaispeántar tagairt chláir uathúil an bhunábhair, i gcás an ábhair atáirgthe foraoise uile a buanadh.

Dearbhófar leis an máistirdheimhniú comhlíonadh cheanglais Airteagal 4(2).

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, an t‑ábhar agus an tsamhail don mháistirdheimhniú aitheantais le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise:

(a)Samhail de mháistirdheimhniú le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó fhoinsí síl agus clampaí;

(b)Samhail de mháistirdheimhniú le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó shíolghoirt nó máthairchrainn na fine; agus

(c)Samhail de mháistirdheimhniú le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó chlóin agus meascáin chlónacha.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

2.I gcás ina nglacfaidh Ballstát bearta i ndáil le hiomadú fásúil ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 15(2), eiseofar máistirdheimhniú nua.

3.I gcás ina dtarlóidh meascadh i gcomhréir le hAirteagal 15(3), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tagairtí cláir na gcomhpháirteanna de na meascáin inaitheanta, agus eiseofar máistirdheimhniú nua nó doiciméad eile lena sainaithneofar an meascán.

4.I gcás ina bhforoinnfear luchtóg dá dtagraítear in Airteagal 15(1) ina luchtóga níos lú nach bpróiseálfar go haonfhoirmeach agus a bheidh faoi réir iomadú fásúil ina dhiaidh sin, eiseofar máistirdheimhniú nua agus déanfar tagairt d’uimhir an mháistirdheimhnithe roimhe sin.

5.Féadfar máistirdheimhniú a eisiúint i bhfoirm leictreonach freisin (‘máistirdheimhniú leictreonach’).

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, socruithe teicniúla a leagan amach le máistirdheimhnithe leictreonacha plandaí a eisiúint, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an tAirteagal seo leo agus go ndéanfar na máistirdheimhnithe leictreonacha sin a eisiúint ar mhodh iomchuí, inchreidte agus éifeachtach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

6.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 26, lena bhforlíontar an tAirteagal seo trí na rialacha seo a leanas a leagan amach:

(a)taifeadadh digiteach ar na gníomhaíochtaí uile arna ndéanamh ag an oibreoir gairmiúil agus ag na húdaráis inniúla, chun an máistirdheimhniú a eisiúint; agus

(b)ardán láraithe a bhunú lena nasctar na Ballstáit uile agus an Coimisiún chun próiseáil na dtaifead sin, rochtain orthu, agus a n‑úsáid a éascú.

Airteagal 15

Luchtóga

1.Coimeádfar an t‑ábhar atáirgthe foraoise, le linn chéimeanna uile an táirgthe, ar leithligh faoi threoir aonad aonair formheasa de bhunábhar chun inrianaitheacht an ábhar atáirgthe foraoise chuig an mbunábhar formheasta ónar buanadh é a áirithiú. Buanfar ábhar atáirgthe foraoise ó na haonaid aonair formheasa sin agus agus margófar iad ina luchtóga, a bheidh leor‑aonfhoirmeach agus ba cheart iad a shainaithint mar luchtóga atá ar leithligh ó luchtóga eile d’ábhair atáirgthe foraoise.

Sainaithneofar gach luchtóg ábhair atáirgthe foraoise leis an méid seo a leanas:

(a)uimhir luchtóige;

(b)cód agus uimhir an mháistirdheimhnithe;

(c)an t‑ainm luibheolaíoch;

(d)catagóir ábhair atáirgthe foraoise;

(e)ábhar bunúsach;

(f)tagairt chláir nó an cód aitheantais don réigiún bunáitíochta;

(g)réigiún bunáitíochta le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise sna catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’ agus ‘roghnaithe’ nó ábhar atáirgthe foraoise eile más iomchuí;

(h)más iomchuí, cé acu uatheascarthach nó dúchasach, neamh‑uatheascarthach nó andúchasach é tionscnamh an bhunábhair nó más é nach bhfuil an tionscnamh ar eolas;

(i)i gcás aonaid síolta, bliain an aibithe;

(j)aois agus cineál an stoic le cur de shíológa nó gearrthóga, cé acu foghearrthóga, athphlandaí nó stoc le cur a choimeádtar i gcoimeádáin atá ann;

(k)i gcás na catagóire ‘tástáilte’, cé acu díobh seo a leanas atá ann:

(i)planda géinmhodhnaithe;

(ii)planda TGN.

2.Gan dochar do mhír 1 den Airteagal ná do phointe (c) d’Airteagal 5(1), coimeádfaidh na Ballstáit ábhar atáirgthe foraoise ar leithligh, atá faoi réir iomadú fásúil ina dhiaidh sin agus sainaithneoidh siad é mar iomadú fásúil. Beidh an t‑ábhar atáirgthe foraoise buainte ó aonad formheasa amháin sna catagóirí ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’. Sna cásanna sin, beidh an t‑ábhar atáirgthe foraoise táirgthe sa chatagóir chéanna leis an ábhar atáirgthe foraoise bunaidh.

3.Gan dochar do mhír 1, beidh meascadh ábhair atáirgthe foraoise faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, de réir mar is iomchuí:

(a)laistigh de na catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’ nó ‘roghnaithe’, beidh feidhm ag meascadh maidir le hábhar atáirgthe foraoise ó dhá aonad formheasa nó níos mó laistigh de réigiún bunáitíochta amháin;

(b)i gcás meascadh ábhair atáirgthe foraoise laistigh de réigiún bunáitíochta amháin, ó fhoinsí síl agus clampaí sa chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’, deimhneofar an luchtóg nua chomhcheangailte mar ‘ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó fhoinse síl’;

(c)i gcás meascadh ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar neamh‑uatheascarthach nó andúchasach le bunábhar de thionscnamh nach bhfuil ar eolas, deimhneofar an luchtóg nua chomhcheangailte mar ‘de thionscnamh anaithnid.’;

(d)i gcás meascadh ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó aonaid formheasa amháin ó bhlianta éagsúla aibiúcháin, taifeadfar na blianta iarbhír aibiúcháin agus an sciar d’ábhar atáirgthe foraoise ó gach bliain.

I gcás measctha i gcomhréir le pointí (a), (b) nó (c) den chéad fhomhír, féadfar an tagairt chláir atá i bpointe (f) de mhír 1 a chur in ionad an chóid aitheantais don réigiún bunáitíochta.

Airteagal 16

Lipéad oifigiúil

1.Eiseoidh an t‑údarás inniúil lipéad oifigiúil le haghaidh gach luchtóige d’ábhar atáirgthe foraoise lena ndearbhófar comhlíontacht an ábhair atáirgthe foraoise sin i leith na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 5.

2.Údaróidh na húdaráis inniúla an t‑oibreoir gairmiúil chun an lipéad oifigiúil a phriontáil tar éis don údarás inniúil comhlíontacht an ábhair atáirgthe foraoise sin i ndáil leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 5 a dhearbhú. Tá an t‑oibreoir gairmiúil údaraithe chun an lipéad sin a phriontáil, más rud é, ar bhonn iniúchta, gur tháinig an t‑údarás inniúil ar an gconclúid go bhfuil an bonneagar agus na hacmhainní ag an oibreoir chun an lipéad oifigiúil a phriontáil.

3.Déanfaidh an t‑údarás inniúil rialuithe tráthrialta chun a sheiceáil cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t‑oibreoir gairmiúil na ceanglais dá dtagraítear i mír 2.

I gcás ina suíonn an t‑údarás inniúil nach gcomhlíonann oibreoir gairmiúil na ceanglais dá dtagraítear sa mhír sin tar éis don údarás sin an t‑údarú dá dtagraítear i mír 2 a dheonú, tarraingeoidh sé an t‑údarú siar nó modhnóidh sé é de réir mar is iomchuí gan mhoill.

4.De bhreis ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 15(1), beidh an fhaisnéis uile seo a leanas ar an lipéad oifigiúil:

(a)uimhir/uimhreacha máistirdheimhniúcháin a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 14 nó tagairt don doiciméad eile ina sainaithnítear an meascán atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 14(3);

(b)ainm an oibreora ghairmiúil;

(c)an chainníocht a soláthraíodh;

(d)i gcás ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, a bhfuil a bhunábhar formheasta faoi Airteagal 4, na focail ‘formheasta ar bhonn sealadach’;

(e)cé acu ar iomadaíodh an t‑ábhar atáirgthe foraoise go fásúil nó nár iomadaíodh go fásúil é.

5.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na heilimintí a leanas maidir leis an lipéad oifigiúil a leagan amach:

(a)ábhar an lipéid oifigiúil;

(b)faisnéis bhreise i gcás síolta agus cainníochtaí beaga síolta;

(c)dath an lipéid le haghaidh catagóirí speisialta de chineálacha eile ábhair atáirgthe foraoise;

(d)faisnéis bhreise i gcás géinis nó speicis shonracha.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

6.Féadfar an lipéad oifigiúil a eisiúint i bhfoirm leictreonach freisin (‘lipéad oifigiúil leictreonach’).

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, socruithe teicniúla a leagan amach le lipéid oifigiúla leictreonacha a eisiúint, lena áirithiú go gcomhlíonfar leo an tAirteagal seo agus go ndéanfar na lipéid oifigiúla sin a eisiúint ar mhodh iomchuí, inchreidte agus éifeachtach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

7.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 26, lena bhforlíontar an tAirteagal seo trí na rialacha seo a leanas a leagan amach:

(a)taifeadadh digiteach na ngníomhaíochtaí uile arna ndéanamh ag na hoibreoirí gairmiúla agus ag na húdaráis inniúla chun na lipéid oifigiúla a eisiúint;

(b)ardán láraithe a bhunú lena nasctar na Ballstáit agus an Coimisiún chun próiseáil na dtaifead sin, rochtain orthu, agus a n‑úsáid a éascú.

Airteagal 17

Pacáistí d’aonaid síolta

Ní fhéadfar aonaid síolta a mhargú ach amháin i bpacáistí séalaithe a bheidh neamhfhóinteach tráth a n‑osclófar an pacáiste.

CAIBIDIL V
MAOLUITHE AR AIRTEAGAL 4

Airteagal 18

Maolú ar an gceanglas a bheith formheasta le haghaidh bunábhar atá beartaithe chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú

1.De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus (2), ní bheidh clárú bunábhair, atá beartaithe chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú, sa chlár náisiúnta faoi réir fhormheas na n‑údarás inniúil.

2.Maidir le haon oibreoir gairmiúil a chláraíonn bunábhar chun acmhainní géiniteacha foraoise a úsáidtear san fhoraoiseacht a chaomhnú, tabharfaidh sé fógra d’údaráis inniúil an Bhallstáit lena mbaineann faoin mbunábhar sin.

3.Tabharfar fógra faoi bhunábhar dá dtagraítear i mír 1 do na húdaráis inniúla i gcomhréir le formáid FOREMATIS.

Tabharfar an fógra faoin mbunábhar agus tagairt á déanamh don aonad fógra.

Sainaithneofar gach aonad fógra le tagairt chláir uathúil i gclár náisiúnta.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra sin:

(a)an t‑ainm luibheolaíoch;

(b)catagóir;

(c)ábhar bunúsach;

(d)tagairt chláir nó, i gcás inarb iomchuí, achoimre uirthi, nó an cód aitheantais don réigiún bunáitíochta;

(e)suíomh: ainm gearr, más iomchuí, agus an réigiún bunáitíochta agus an raon domhanleithid, domhanfhaid agus airde;

(f)limistéar: méid foinse/foinsí síl nó clampa(í);

(g)tionscnamh: tásc cé acu uatheascarthach/dúchasach nó neamh‑uatheascarthach/andúchasach é an bunábhar nó cé acu atá nó nach bhfuil an tionscnamh ar eolas. I gcás bunábhar neamh‑uatheascarthach/andúchasach, tásc maidir lena thionscnamh, má tá sé ar eolas;

(h)cuspóir: caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní géiniteacha.

4.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na coinníollacha sonracha a bhunú a mhéid a bhaineann leis na ceanglais agus ábhair an fhógra sin. Leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, cuirfear san áireamh forbairt caighdeán idirnáisiúnta is infheidhme agus glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

Airteagal 19

Formheas ó oibreoirí gairmiúla i ndáil le bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’

De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus (2), féadfaidh na Ballstáit na hoibreoirí gairmiúla a údarú chun bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’ a fhormheas i gcás speicis áirithe, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)bíonn dálaí adhaimsire sa réigiún bunáitíochta, an áit a bhfuil an bunábhar suite; agus

(b)bíonn tionchar ag na dálaí aimsire sin ar thimthriall atáirgthe an bhunábhair agus laghdaítear leis na dálaí sin minicíocht buainte ábhair atáirgthe foraoise den bhunábhar sin.

Beidh an t‑údarú sin faoi réir a fhormheasta ag an gCoimisiún.

Airteagal 20

Formheas sealadach bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’

De mhaolú ar Airteagal 4(2), féadfaidh na Ballstáit formheas bunábhar atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, go ceann uastréimhse 10 mbliana, sa chríoch uile nó i gcuid den chríoch i gcás inar féidir a thoimhdiú, ó thorthaí sealadacha na meastóireachta géinití nó na dtástálacha comparáideacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, nuair a bheidh na tástálacha críochnaithe, comhlíonfaidh an bunábhar na ceanglais le haghaidh formheasa faoin Rialachán seo.

Airteagal 21

Deacrachtaí teicniúla leis an soláthar

1.Chun aon deacracht theicniúil i ndáil le soláthar ginearálta ábhar atáirgthe foraoise a tharlaíonn i mBallstát amháin nó níos mó a shárú, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát amháin a ndéantar difear dó ar a laghad, údarú sealadach a thabhairt do na Ballstáit ábhar atáirgthe foraoise de speiceas amháin nó níos mó a díorthaíodh ó bhunábhar, lena gcomhlíontar ceanglais dhiana nach bhfuil chomh dian céanna leis na cinn a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus (2), a fhormheas lena mhargú, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme.

2.I gcás ina ngníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le mír 1, luafar ar an lipéad oifigiúil a eiseofar de bhun Airteagal 16(1) gur díorthaíodh an t‑ábhar atáirgthe foraoise lena mbaineann ó bhunábhar lena gcomhlíontar ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus (2).

3.Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

Airteagal 22

Turgnaimh shealadacha chun roghanna malartacha feabhsaithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a lorg

1.De mhaolú ar Airteagail 1, 4 agus 5, féadfaidh an Coimisiún na ceanglais le haghaidh fhormheas an bhunábhair agus táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir le turgnaimh shealadacha a eagrú chun roghanna malartacha feabhsaithe ar fhorálacha an Rialachán seo a lorg maidir leis na speicis nó hibridí saorga a bhfuil feidhm acu maidir leo.

D’fhéadfadh trialacha teicniúla nó eolaíochta a bheith sna turgnaimh sin lena scrúdófar indéantacht agus oiriúnacht na gceanglas nua i gcomparáid leo siúd a leagtar amach in Airteagail 1, 4 agus 5 den Rialachán seo.

2.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2) agus sonrófar ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas:

(a)na speicis nó na hibridí saorga lena mbaineann;

(b)dálaí na dturgnamh in aghaidh an speicis nó na hibride saorga;

(c)fad an turgnaimh;

(d)oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe na mBallstát rannpháirteach.

Cuirfear claochlú na nithe seo a leanas san áireamh sna gníomhartha sin:

(a)na modhanna le haghaidh tionscnamh an bhunábhair a chinneadh lena n‑áirítear úsáid teicnící bith‑mhóilíneacha;

(b)na modhanna le haghaidh chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní géiniteacha foraoise, agus caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme á gcur san áireamh;

(c)na modhanna le haghaidh atáirgthe, táirgthe lena n‑áirítear próisis táirgthe nuálacha a úsáid;

(d)na modhanna le haghaidh scéimeanna crosphórúcháin a dhearadh i gcomhair comhpháirteanna de bhunábhar;

(e)na modhanna le haghaidh an mheasúnaithe ar shaintréithe bunábhair agus ábhair atáirgthe foraoise;

(f)na modhanna le haghaidh rialú an ábhair atáirgthe foraoise lena mbaineann.

Oiriúnóidh na gníomhartha sin do chlaochlú teicnící le haghaidh táirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise lena mbaineann, agus beidh siad bunaithe ar aon triail agus tástáil chomparáideach a dhéanfaidh na Ballstáit.

3.Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar thorthaí na dturgnamh sin agus tabharfaidh sé achoimre orthu i dtuarascáil, agus an gá chun Airteagail 1, 4 nó 5 a leasú á thabhairt le fios, más gá.

Airteagal 23

Údarú chun ceanglais níos déine a ghlacadh

1.De mhaolú ar Airteagal 4, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, údarú a thabhairt do na Ballstáit, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais le haghaidh fhormheas an bhunábhair agus le haghaidh tháirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise, ceanglais níos déine maidir le táirgeadh ná na cinn siúd dá dtagraítear san Airteagal sin a ghlacadh, i gcríoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann nó i gcuid di. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

2.Chun críche an údaraithe dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na Ballstáit iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ina leagfar amach an méid seo a leanas:

(a)na dréachtfhorálacha ina mbeidh na ceanglais a bheidh beartaithe;

(b)réasúnú maidir le gá agus comhréireacht na gceanglas sin.

3.Ní thabharfar an t‑údarú dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)leis na bearta a iarrfar, áiritheofar ar a laghad ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(i)feabhas ar cháilíocht an ábhair atáirgthe foraoise lena mbaineann;

(ii)cosaint an chomhshaoil: oiriúnú don athrú aeráide nó rannchuidiú leis an iarracht chun bithéagsúlacht a chosaint agus éiceachórais foraoise a athchóiriú;

(b)beidh gá leis na bearta a iarrfar agus beidh siad i gcomhréir lena gcuspóir de bhun phointe (a); agus

(c)beidh údar leis na bearta ar bhonn na ndálaí sonracha aeráide agus éiceolaíocha sa Bhallstát lena mbaineann.

4.I gcás ina mbeidh ceanglais bhreise nó ceanglais níos déine glactha ag na Ballstáit de bhun Airteagal 7 de Threoir 1999/105/CE, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann athbhreithniú ar na bearta sin agus aisghairfidh siad iad nó leasóidh siad iad faoi … [1 bhliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] chun an Rialachán seo a chomhlíonadh.

Cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na ngníomhaíochtaí sin.

CAIBIDIL VI
ALLMHAIRÍ ÁBHAIR ATÁIRGTHE FORAOISE

Airteagal 24

Allmhairí ar bhonn choibhéis an Aontais

1.Ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise a allmhairiú chuig an Aontas ó thríú tíortha ach amháin más rud é go suitear, de bhun mhír 2, go gcomhlíonann sé ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas.

2.Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an gcomhlíonann ábhar atáirgthe foraoise de ghéinis shonracha, speicis shonracha nó catagóirí sonracha, a tháirgtear i dtríú tír, ceanglais atá coibhéiseach leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas, ar bhonn an mhéid uile seo a leanas:

(a)scrúdú críochnúil ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí arna gcur ar fáil ag an tríú tír lena mbaineann; agus

(b)toradh sásúil iniúchta arna dhéanamh ag an gCoimisiún sa tríú tír lena mbaineann, i gcás inar mheas an Coimisiún gur ghá an t‑iniúchadh sin;

(c)go bhfuil an tríú tír sin páirteach i Scéim ECFE maidir le Deimhniú Ábhair Atáirgthe Foraoise a bhíonn ag gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

3.Nuair a ghlacfar na cinntí dá dtagraítear i mír 1, breithneoidh an Coimisiún cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn na córais, le haghaidh fhormheas agus chlárú an bhunábhair agus tháirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise ón mbunábhar sin ina dhiaidh sin, atá i bhfeidhm sa tríú tír lena mbaineann na ráthaíochtaí céanna a ndéantar foráil dóibh in Airteagail 4, 5 agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 11, le haghaidh na gcatagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’.

Airteagal 25

Fógra agus deimhnithe ábhair atáirgthe foraoise allmhairithe

1.Cuirfidh na hoibreoirí gairmiúla, a allmhairíonn an t‑ábhar atáirgthe foraoise isteach san Aontas, an t‑údarás inniúil cuí ar an eolas roimh an allmhairiú tríd an gcóras bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla (CBFRO) dá dtagraítear in Airteagal 131 de Rialachán (AE) 2017/625.

2.Beidh an méid uile seo a leanas ag gabháil leis an ábhar atáirgthe foraoise allmhairithe:

(a)máistirdheimhniú nó deimhniú oifigiúil, arna eisiúint ag an tríú tír tionscnaimh;

(b)lipéad oifigiúil; agus

(c)taifid ina mbeidh sonraí ar an ábhar atáirgthe foraoise sin, arna soláthar ag an oibreoir gairmiúil sa tríú tír sin.

3.Tar éis an allmhairithe dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann na nithe seo a leanas:

(a)cuirfidh sé máistirdheimhniú nua arna eisiúint sa Bhallstát lena mbaineann in ionad an mháistirdheimhnithe nó an deimhnithe oifigiúil dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2; agus

(b)cuirfidh sé lipéad oifigiúil nua arna eisiúint sa Bhallstát lena mbaineann in ionad an lipéid oifigiúil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2.

CAIBIDIL VII
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 26

An tarmligean a fheidhmiú

1.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 4(2) agus (6), Airteagal 5(3), Airteagal 7(2), Airteagal 8(1), Airteagal 14(6) agus Airteagal 16(7) a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 4(2) agus (6), Airteagal 5(3), Airteagal 7(2), Airteagal 8(1), Airteagal 14(6) agus Airteagal 16(7) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2), Airteagal 4(2) agus (6), Airteagal 5(3), Airteagal 7(2), Airteagal 8(1), Airteagal 14(6) agus Airteagal 16(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle fógra a fháil faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí bhreise leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 27

Nós imeachta coiste

1.Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 40 . Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 41 .

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

3.Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, in éineacht le hAirteagal 5 dá chuid freisin.

CAIBIDIL VIII
Tuairisciú, pionóis agus leasuithe ar Rialacháin (AE) 2016/2031 agus 2017/625

Airteagal 28

Tuairisciú

Faoi … [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta 5 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoin méid seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)cainníochtaí d’ábhar atáirgthe foraoise deimhnithe in aghaidh na bliana;

(b)an líon pleananna teagmhais náisiúnta a glacadh chun ullmhú le haghaidh deacrachtaí soláthair maidir le hábhar atáirgthe foraoise agus an t‑am a bhfuil gá leis chun na pleananna teagmhais sin a ghníomhachtú;

(c)an líon suíomhanna gréasáin agus/nó treoracha náisiúnta do phlandóirí ina mbeidh faisnéis maidir leis an áit is fearr chun ábhar atáirgthe foraoise a phlandú;

(d)cainníochtaí ábhair atáirgthe foraoise in aghaidh géineas agus speiceas arna n‑allmhairiú ó thríú tíortha faoi choibhéis an Aontais;

(e)pionóis arna bhforchur de bhun Airteagal 29.

Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na formáidí teicniúla le haghaidh na tuarascála dá ndéantar foráil i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

Airteagal 29

Pionóis

1.Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann le pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill, faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le pionóis airgeadais i leith sáruithe ar an Rialachán seo, arna ndéanamh trí chleachtais chalaoiseacha nó cleachtais mheabhlacha, go ndéanfar, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an buntáiste eacnamaíoch don oibreoir gairmiúil a léiriú leo ar a laghad nó, más iomchuí, céatadán de láimhdeachas an oibreora ghairmiúil.

Airteagal 30

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/2031

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/2031 mar a leanas:

(1)in Airteagal 37, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, de réir mar is iomchuí, bearta a leagan amach chun láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais a chosc ar na plandaí lena mbaineann le haghaidh plandaithe, dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 36 den Rialachán seo. Bainfidh na bearta sin, i gcás inarb iomchuí, le tabhairt isteach agus le gluaiseacht na bplandaí sin laistigh den Aontas.’;

(2)in Airteagal 83, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘5a.I gcás plandaí le haghaidh plandú atá táirgthe, nó margaithe, sna catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ nó ‘tástáilte’ dá dtagraítear i Rialachán (AE) …/…*+, áireofar an pas plandaí, i bhfoirm ar leith, ar an lipéad oifigiúil a tháirgfear i gcomhréir le forálacha cuí an Rialacháin sin.

I gcás ina bhfuil feidhm ag an mír seo,

(a)áireofar na heilimintí a leagtar amach i gCodanna E agus F d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo sa phas plandaí le haghaidh gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais;

(b)áireofar na heilimintí a leagtar amach i gCuid H d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo sa phas plandaí le haghaidh tabhairt isteach agus gluaiseacht laistigh de chrios cosanta.’;

______________________

*Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... … (IO ...).’;

+IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin seo agus na hinstitiúidí sa téacs agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin seo san fhonóta.

(3)Leasaítear Iarscríbhinn VII i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 31

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/625

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 mar a leanas:

(1)in Airteagal 1(2), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(l)táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise.’;

(2)in Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(52)ciallaíonn ‘ábhar atáirgthe foraoise’ ábhar mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) …/… ó …*+

______________________

*Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... … (IO ...).’;

+IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin seo agus na hinstitiúidí sa téacs agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin seo san fhonóta.

(3)cuirtear isteach an t‑airteagal seo a leanas i ndiaidh Airteagal 22a:

Airteagal 22b

Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla agus le haghaidh gníomhaíocht arna déanamh ag na húdaráis inniúla i ndáil le hábhar atáirgthe foraoise

1.Le rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 1(2) a fhíorú, áireofar rialuithe oifigiúla maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, agus maidir leis na hoibreoirí atá faoi réir na rialacha sin.

2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144, d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar ábhar atáirgthe foraoise chun comhlíonadh rialacha an Aontais dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 1(2) a sheiceáil, ar rialacha iad a bhfuil feidhm acu maidir leis na hearraí sin agus maidir le gníomhaíocht atá le déanamh ag na húdaráis inniúla i ndiaidh na rialuithe oifigiúla sin a bheith déanta.

Leagfar síos sna gníomhartha tarmligthe sin, rialacha maidir le:

(a)ceanglais shonracha maidir le feidhmíocht rialuithe oifigiúla den sórt sin ar tháirgeadh agus margú laistigh den Aontas i ndáil le hábhar atáirgthe foraoise áirithe atá faoi réir na rialacha dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 1(2), chun freagairt do neamhchomhlíonadh rialacha an Aontais maidir le hábhar atáirgthe foraoise de thionscnamh nó bunáitíocht faoi leith;

(b)ceanglais shonracha maidir le feidhmíocht rialuithe oifigiúla den sórt sin ar ghníomhaíochtaí na n‑oibreoirí gairmiúla a bhaineann le táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise áirithe atá faoi réir na rialacha dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 1(2), chun freagairt do neamhchomhlíonadh rialacha an Aontais maidir le hábhar atáirgthe foraoise de thionscnamh nó bunáitíocht faoi leith; agus

(c)na cásanna inar cheart do na húdaráis inniúla beart amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 137(2) agus Airteagal 138(2) a dhéanamh i ndáil le neamhchomhlíontachtaí sonracha.

3.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar ábhar atáirgthe plandaí chun comhlíonadh rialacha an Aontais dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 1(2) a fhíorú, ar rialacha iad a bhfuil feidhm acu maidir leis na hearraí sin agus maidir le gníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla i ndiaidh rialuithe oifigiúla den sórt sin, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)íosmhinicíocht aonfhoirmeach rialuithe oifigiúla den sórt sin, i gcás inar gá íosleibhéal rialaithe oifigiúil chun freagairt do rioscaí aonfhoirmeacha aitheanta maidir le neamhchomhlíonadh na rialacha maidir le hábhar atáirgthe foraoise de thionscnamh nó bunáitíocht faoi leith;

(b)minicíocht na rialuithe oifigiúla a dhéanann údaráis inniúla ar oibreoirí atá údaraithe chun lipéid oifigiúla a eisiúint faoi mhaoirseacht oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) …/…*+

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

______________________

*    Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... … (IO ...).’

   +    IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin seo agus na hinstitiúidí sa téacs agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin seo san fhonóta.

CAIBIDIL IX
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 32

Treoir 1999/105/CE a Aisghairm

Aisghairtear Treoir 1999/105/CE.

Déanfar tagairtí don ghníomh aisghairthe sin a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón ... [3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - The European Green Deal [an Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)640 final).
(2)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(3)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Forging a climate‑resilient Europe ‑ the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a chruthú - straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide] (COM(2021) 82 final).
(4)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal New EU forest strategy for 2030 [Straitéis Foraoiseachta an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030], (COM(2021) 572 final).
(5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030 Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020) 380 final).
(6)    Cinneadh ón gComhairle lena mbunaítear Scéim ECFE maidir le Deimhniú Ábhair Atáirgthe Foraoise a bhíonn ag gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta [OECD/LEGAL/0355].
(7)    Robert N., Jonsson R., Chudy R., Camia A. (2020) The EU Bioeconomy: Supporting an Employment Shift Downstream in the Wood-Based Value Chains? Sustainability 12, 758.
(8)    Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 228/2013, Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4) ón gComhairle.
(9)    Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(10)    Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(11)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [2030 Compás Digiteach: Deacáid Dhigiteach na hEorpa] (COM(2021)118 final).
(12)    Cinneadh (AE) 2019/1905 ón gComhairle an 8 Samhain 2019 lenar iarradh ar an gCoimisiún staidéar a chur i láthair maidir le roghanna an Aontais chun an reachtaíocht atá ann cheana, i dtaca le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí, a thabhairt cothrom le dáta, mar aon le togra, más iomchuí i bhfianaise thorthaí an staidéir (IO L 293, 14.11.2019, lch. 105).
(13)    Commission Staff Working Document Study on the Union’s options to update the existing legislation on the production and marketing of plant reproductive material [Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le roghanna an Aontais chun an reachtaíocht atá ann cheana, i dtaca le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí, a thabhairt cothrom le dáta] (SWD(2021)90 final).
(14)    ICF (2021) Data gathering and analysis to support a Commission study on the Union’s options to update the existing legislation on the production and marketing of plant reproductive material [Bailiú agus anailísiú sonraí chun tacú le staidéar ón gCoimisiún ar roghanna an Aontais chun an reachtaíocht atá ann cheana, i dtaca le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí, a thabhairt cothrom le dáta]; https://doi.org/10.2875/406165.
(15)    ICF (2022) Study supporting the Impact Assessment for the revision of the plant and forest reproductive material legislation [Staidéar a thacaíonn leis an Measúnú Tionchair le haghaidh an athbhreithnithe ar an reachtaíocht maidir le hábhar atáirgthe plandaí agus foraoise]; https://data.europa.eu/doi/10.2875/4381.
(16)    Rialachán (AE) [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le plandaí a fhaightear ó theicnící géanómaíocha nua áirithe agus a mbia agus a mbeatha, agus lena leasaítear Treoracha 68/193/CEE, 1999/105/CE, 2002/53/CE, 2002/55/CE, agus Rialachán (AE) 2017/625 (IO L …, …).
(17)    IO C 199, 14.7.1999, lch. 1.
(18)    IO C 329, 17.11.1999, lch. 15.
(19)    Seasamh Pharlaimint na hEorpa an … agus seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh an … Seasamh Pharlaimint na hEorpa an … agus cinneadh ón gComhairle an …
(20)    Treoir 1999/105/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1999 maidir le hábhar atáirgthe foraoise a mhargú (IO L 11, 15.1.2000, lch. 17).
(21)    Decision of the Council Establishing the OECD Scheme for the Certification of Forest Reproductive Material Moving in International Trade [Cinneadh ón gComhairle lena mbunaítear Scéim ECFE maidir le Deimhniú Ábhair Atáirgthe Foraoise a bhíonn ag gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta] [OECD/LEGAL/0355].
(22)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEopra agus chuig Coiste na Réigiún - The European Green Deal [Comhaontú Glas don Eoraip] (COM/2019/640 final).
(23)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(24)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Forging a climate‑resilient Europe ‑ the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a chruthú - straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide] (COM(2021) 82 final).
(25)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal New EU forest strategy for 2030 [Straitéis Foraoiseachta an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030], (COM(2021) 572 final).
(26)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030 Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020) 380 final).
(27)    Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1).
(28)    Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 1).
(29)    Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle …. (IO …, lch.).
(30)    Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4).
(31)    Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(32)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [2030 Compás Digiteach: Deacáid Dhigiteach na hEorpa] (COM(2021)118 final).
(33)    Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(34)    Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
(35)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(36)    FAO (2020) Global Forest Resources Assessment Terms and definitions. https://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf .
(37)    FAO (2020) Global Forest Resources Assessment Terms and definitions. https://www.fao.org/3/I8661EN/i8661en.pdf .
(38)    Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le plandaí a fhaightear ó theicnící géanómaíocha nua áirithe agus a mbia agus a mbeatha, agus lena leasaítear Treoracha 68/193/CEE, 1999/105/CE, 2002/53/CE, 2002/55/CE, agus Rialachán (AE) 2017/625 (IO …).
(39)    IO L 347, 20.12.2013, lch. 924.
(40)    Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
(41)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

An Bhruiséil,5.7.2023

COM(2023) 415 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/2031 agus Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/105/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hábhar atáirgthe foraoise)





{SEC(2023) 414 final} - {SWD(2023) 410 final} - {SWD(2023) 414 final} - {SWD(2023) 415 final}


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA DE SPEICIS CHRAINN AGUS HIBRIDÍ SAORGA

Abies alba Mill.

Pinus canariensis C. Smith

Abies cephalonica Loud.

Pinus cembra L.

Abies grandis Lindl.

Pinus contorta Loud

Abies pinsapo Boiss.

Pinus halepensis Mill.

Acer platanoides L.

Pinus leucodermis Antoine

Acer pseudoplatanus L.

Pinus nigra Arnold

Alnus glutinosa Gaertn.

Pinus pinaster Ait.

Alnus incana Moench.

Pinus pinea L.

Betula pendula Roth.

Pinus radiata D. Don

Betula pubescens Ehrh.

Pinus sylvestris L.

Carpinus betulus L.

Populus spp. agus hibridí saorga idir na speicis sin

Castanea sativa Mill.

Prunus avium L.

Cedrus atlantica Carr.

Pseudotsuga menziesii Franco

Cedrus libani A. Richard

Quercus cerris L.

Fagus sylvatica L.

Quercus ilex L.

Fraxinus angustifolia Vahl.

Quercus petraea Liebl.

Fraxinus excelsior L.

Quercus pubescens Willd.

Larix decidua Mill.

Quercus robur L.

Larix x eurolepis Henry

Quercus rubra L.

Larix kaempferi Carr.

Quercus suber L.

Larix sibirica Ledeb.

Robinia pseudoacacia L.

Picea abies Karst.

Tilia cordata Mill.

Picea sitchensis Carr.

Tilia platyphyllos Scop.

Pinus brutia Ten.



IARSCRÍBHINN II

CEANGLAIS MAIDIR LE FORMHEAS BUNÁBHAR ATÁ BEARTAITHE LE HAGHAIDH THÁIRGEADH ÁBHAIR ATÁIRGTHE FORAOISE DEN CHATAGÓIR ‘SAINAITHEANTA DE RÉIR FOINSE’

A. Ceanglas ginearálta: Comhlíonfar na ceanglais a leagfaidh na húdaráis inniúla amach leis an bhfoinse síl nó clampa.

B. Ceanglais shonracha:

1.An cineál bunábhair

Is éard a bheidh sa bhunábhar foinse síl nó clampa atá suite laistigh de réigiún bunáitíochta amháin.

2.Méid éifeachtach an daonra

Beidh an fhoinse síl nó an clampa comhdhéanta de ghrúpa crann amháin nó níos mó grúpaí crann. Beidh na crainn sin dáilte go maith agus beidh líon leordhóthanach díobh ann chun éagsúlacht ghéiniteach a chothabháil agus chun crosphailniú leordhóthanach idir na crainn sna foinsí síl nó sna clampaí sin a áirithiú.

3.Tionscnamh agus réigiún bunáitíochta

(a)    Luafar an réigiún bunáitíochta, an suíomh agus raon domhanleithid, domhanfhaid agus airde na háite/na n‑áiteanna a mbailítear an t‑ábhar atáirgthe foraoise sa mháistirdheimhniú.

(b)    Cinnfidh an t‑oibreoir gairmiúil le fianaise stairiúil (leabharliosta, doiciméadacht arna coimeád ag na húdaráis inniúla, institiúidí taighde nó aon eagraíocht eile) nó le modh iomchuí eile (trialacha bunáitíochta), lena n‑áirítear teicnící bith‑mhóilíneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, cé acu díobh seo atá an bunábhar:

(i)    uatheascarthach;

(ii)    neamh‑uatheascarthach;

(iii)    dúchasach;

(iv)    andúchasach;

(v)    anaithnid.

I gcás bunábhar neamh‑uatheascarthach nó andúchasach, luafar tionscnamh an bhunábhair sin má tá sé ar eolas.

Fíoróidh an t‑údarás inniúil an fhaisnéis a sholáthraíonn an t‑oibreoir gairmiúil.

4.Saintréithe inbhuanaitheachta

(a)    Beidh na crainn oiriúnaithe do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha lena n‑áirítear na fachtóirí bitheacha agus aibitheacha atá i réim sa réigiún bunáitíochta.

(b)    Beidh na crainn saor, geall leis, ó lotnaidí agus na siomptóim a ghabhann leo.



IARSCRÍBHINN III

CEANGLAIS MAIDIR LE FORMHEAS BUNÁBHAR ATÁ BEARTAITHE LE HAGHAIDH THÁIRGEADH ÁBHAIR ATÁIRGTHE FORAOISE DEN CHATAGÓIR ‘ROGHNAITHE’

A. Ceanglas ginearálta: Déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú ar an gclampa i ndáil leis an gcuspóir sonrach dá n‑úsáidfear an t‑ábhar atáirgthe foraoise agus beidh tionchar iomchuí aige ar na ceanglais a leagtar amach i Roinn B, ag brath ar an gcuspóir sin. Cinnfidh an t‑údarás inniúil na critéir roghnúcháin ar bhonn an chuspóra shonraigh maidir le húsáid an ábhair atáirgthe foraoise sin. Léireofar an cuspóir sin i gclár náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

B. Ceanglais shonracha:

1.Tionscnamh: Cinnfear é le fianaise stairiúil (leabharliosta, doiciméadacht arna coimeád ag na húdaráis inniúla, institiúidí taighde nó aon eagraíocht eile) nó le modh iomchuí eile (trialacha bunáitíochta), lena n‑áirítear teicnící bith‑mhóilíneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, cé acu uatheascarthach/dúchasach nó neamh‑uatheascarthach/andúchasach é an clampa nó cé acu atá nó nach bhfuil a thionscnamh ar eolas. I gcás bunábhar neamh‑uatheascarthach/andúchasach, luafar an tionscnamh má tá sé ar eolas.

2.Leithlisiú: Déanfar clampaí a leithlisiú ag achar leordhóthanach ó chlampaí de dhroch‑cháilíocht den speiceas céanna nó ó chlampaí de speiceas gaolmhar ar féidir hibridí a chruthú leis an speiceas i gceist. Tabharfar aird ar leith ar an gceanglas sin i gcás ina bhfuil na clampaí atá timpeall clampaí uatheascarthacha/dúchasacha neamh‑uatheascarthach/andúchasach nó i gcás nach bhfuil an tionscnamh ar eolas.

3.Méid éifeachtach an daonra: Chun éagsúlacht ghéiniteach a chothabháil agus chun crosphailniú leordhóthanach a áirithiú, beidh na clampaí comhdhéanta de ghrúpa crann amháin nó níos mó grúpaí crann. Beidh na crainn sin dáilte go maith agus beidh líon leordhóthanach díobh i limistéar faoi leith chun éagsúlacht ghéiniteach a chothabháil, chun éifeachtaí neamhfhabhracha ionphórúcháin a sheachaint agus chun crosphailniú leordhóthanach idir na crainn sin a áirithiú.

4.Aois agus forbairt: Beidh aois nó céim fhorbartha na gcrann sna clampaí ag aois nó céim fhorbartha gur féidir breithiúnas soiléir a dhéanamh ar na critéir a thugtar le haghaidh roghnú na gcrann sin.

5.Aonfhoirmeacht: Taispeánfar sna clampaí gnáthleibhéal éagsúlachta aonair i saintréithe moirfeolaíocha. Bainfear crainn lagmheasa i gcás inar gá.

6.Saintréithe inbhuanaitheachta:

(a)    Beidh na clampaí oiriúnaithe do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha lena n‑áirítear na fachtóirí bitheacha agus aibitheacha atá i réim sa réigiún bunáitíochta.

(b)    Beidh na crainn saor, geall leis, ó lotnaidí agus na siomptóim a ghabhann leo agus beidh siad frithsheasmhach i ndáil le dálaí suímh díobhálacha san áit a mbeidh siad ag fás.

7.Táirgeadh méide: Maidir le formheas na gclampaí roghnaithe, beidh an méid adhmaid a tháirgfear níos fearr ná an meánmhéid inghlactha a tháirgtear faoi coinníollacha éiceolaíocha agus bainistíochta comhchosúla de ghnáth.

8.Cáilíocht an adhmaid: Cuirfear cáilíocht an adhmaid san áireamh. Is critéar fíor‑riachtanach é cáilíocht an adhmaid má úsáidtear an t‑ábhar atáirgthe foraoise sa tionscal foraoiseachta chun adhmad, troscán nó laíon a tháirgeadh. Tabharfaidh an t‑údarás inniúil aird níos mó ar an gcritéar sin sa chás sin.

9.Foirm nó nós fáis: Maidir le crainn i gclampaí, taispeánfaidh siad gnéithe moirfeolaíocha an-mhaith, go háirithe díríocht agus ciorclaíocht an ghais, nós brainsiúcháin fabhrach, méid beag na ngéag agus dea‑sciotadh nádúrtha. Anuas air sin, beidh sciar na gcrann gabhlach agus iad siúd a léireoidh snáithe bíseach íseal.

IARSCRÍBHINN IV

CEANGLAIS MAIDIR LE FORMHEAS BUNÁBHAR ATÁ BEARTAITHE LE HAGHAIDH THÁIRGEADH ÁBHAIR ATÁIRGTHE FORAOISE DEN CHATAGÓIR ‘CÁILITHE’

1.Síolghoirt

(a)Formheasfaidh agus cláróidh an t‑údarás inniúil cineál agus cuspóir an dearaidh thrasaigh, dearadh trasach clón comhpháirteach nó finte agus leagan amach gort, clóin chomhpháirteacha nó finte, leithlisiú agus suíomh agus aon athrú orthu sin.

(b)Roghnóidh an t‑oibreoir gairmiúil clóin chomhpháirteacha nó finte de bharr a saintréithe den scoth agus tabharfaidh sé aird chuí ar na ceanglais a leagtar amach i bpointí 4 agus 6 go 9 de Roinn B d’Iarscríbhinn III, agus an cuspóir sonrach dá n‑úsáidfear an t‑ábhar atáirgthe foraoise a leanfaidh á chur san áireamh.

(c)Maidir leis na clóin chomhpháirteacha nó finte, déanfar iad a phlandú nó beidh siad plandaithe de réir plean a bheidh formheasta ag an údarás inniúil agus bunaithe ar bhealach ina mbeifear in ann gach comhpháirt a shainaithint.

(d)Tabharfar tuairisc ar thanú a dhéanfar i síolghoirt in éineacht leis na critéir roghnúcháin a úsáidtear le haghaidh an tanúcháin sin agus clárófar é leis an údarás inniúil.

(e)Bainisteoidh an t‑oibreoir gairmiúil síolghoirt agus buanfaidh sé na síolta ar bhealach ina mbainfear amach cuspóirí na síolghort. I gcás síolghort atá beartaithe le haghaidh hibrid saorga a tháirgeadh, cinnfear céatadán na hibridí san ábhar atáirgthe foraoise le tástáil fíorúcháin.

2.Máthairchrainn na fine

(a)Roghnóidh an t‑oibreoir gairmiúil na crainn tuismitheora de bharr a saintréithe den scoth nó de bharr a mianach comhcheangail. I gcás roghnú bunaithe ar shaintréithe den scoth, tabharfar aird chuí ar na ceanglais a leagtar amach i bpointí 4 agus 6 go 9 de Roinn B d’Iarscríbhinn III, agus an cuspóir sonrach dá n‑úsáidfear an t‑ábhar atáirgthe foraoise a leanfaidh á chur san áireamh.

(b)Maidir le cuspóir, dearadh trasach agus córas pailniúcháin, comhpháirteanna, leithlisiú agus suíomh agus aon athrú mór orthu sin, formheasfar agus clárófar iad leis an údarás inniúil.

(c)Maidir le haitheantas, líon agus sciar na gcrann tuismitheora i meascán, formheasfar agus clárófar iad leis an údarás inniúil.

(d)I gcás crainn tuismitheora atá beartaithe le haghaidh hibrid saorga a tháirgeadh, cinnfear céatadán na hibridí san ábhar atáirgthe foraoise le tástáil fíorúcháin.

3.Clóin

(a)Beifear in ann clóin a shainaithint óna saintréithe a bheith formheasta agus cláraithe leis an údarás inniúil.

(b)Suífear luach na gclón aonair leis an mbreathnú agus an measúnú cáilíochtúil ar na saintréithe de na clóin sin nó beidh siad léirithe ag turgnamh fada leordhóthanach.

(c)Maidir le bunphlandaí a úsáidtear chun clóin a tháirgeadh, roghnófar iad de bharr a saintréithe den scoth agus tabharfar aird chuí ar na ceanglais a leagtar amach i bpointí 4 agus 6 go 9 de Roinn B d’Iarscríbhinn III, agus an cuspóir sonrach dá n‑úsáidfear an t‑ábhar atáirgthe foraoise a leanfaidh á chur san áireamh.

(d)Cuirfidh an t‑údarás inniúil srian leis an bhformheas, srian d’uaslíon blianta nó d’uaslíon ramaití táirgthe.

4.Meascáin chlónacha

(a)Comhlíonfaidh na meascáin chlónacha na ceanglais a leagtar amach i pointe 3(a), (b) agus (c).

(b)Maidir le haitheantas, líon agus sciar na gclón comhpháirteach i meascán, agus an modh roghnúcháin agus an bunstoc, formheasfar agus clárófar iad leis an údarás inniúil. Beidh éagsúlacht ghéiniteach leordhóthanach i ngach meascán.

(c)Cuirfidh an t‑údarás inniúil srian leis an bhformheas, srian d’uaslíon blianta nó d’uaslíon ramaití táirgthe.



IARSCRÍBHINN V

CEANGLAIS MAIDIR LE FORMHEAS BUNÁBHAR ATÁ BEARTAITHE LE HAGHAIDH THÁIRGEADH ÁBHAIR ATÁIRGTHE FORAOISE DEN CHATAGÓIR ‘TÁSTÁILTE’

1.CEANGLAS LE HAGHAIDH NA DTÁSTÁLACHA UILE

(a)Ginearálta

Más clampa é an bunábhar, comhlíonfaidh sé na ceanglais iomchuí a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Más síolgho(i)rt, máthairchrainn na fine, clóin nó meascá(i)n c(h)lónach(a) atá sa bhunábhar, comhlíonfaidh sé na ceanglais iomchuí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Cinnfidh an t‑údarás inniúil na critéir roghnúcháin bunaithe ar an gcuspóir beartaithe dá n‑úsáidfear an t‑ábhar atáirgthe foraoise.

Ullmhóidh na hoibreoirí gairmiúla tástálacha arna gcur ar bun chun an bunábhar a fhormheas, leagfaidh siad amach iad agus déanfaidh siad na tástálacha sin. Léirmhíneoidh siad torthaí na dtástálacha sin i gcomhréir le nósanna imeachta a aithnítear go domhanda. I gcás tástálacha comparáideacha, déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil comparáid idir an t‑ábhar atáirgthe foraoise atá á thástáil le caighdeán formheasta nó réamhroghnaithe amháin ar a dtugtar tuairisc i bpointe 3(b), nó níos mó ná ceann amháin de na caighdeáin sin.

(b)Saintréithe atá le scrúdú

(I)Dearfaidh an t‑oibreoir gairmiúil tástálacha chun measúnú a dhéanamh ar na saintréithe ábhartha a shonraítear i bpointe (ii) agus tabharfaidh sé iad sin le fios i gcás gach tástála i dtaifid na dtástálacha.

(II)Tabharfar aird níos mó ar oiriúnú, fás agus fachtóirí bitheacha agus aibitheacha atá tábhachtach. Anuas air sin, déanfar meastóireacht ar shaintréithe eile, a mheastar iad a bheith tábhachtach i bhfianaise an chuspóra shonraigh bheartaithe, i ndáil le dálaí éiceolaíocha an réigiúin ina ndéantar an tástáil lena n‑áirítear dálaí aeráide agus éiceolaíocha atá ann faoi láthair agus dálaí aeráide agus éiceolaíocha a réamh‑mheastar don todhchaí.

(c)Doiciméadacht

Coimeádfaidh an t‑oibreoir gairmiúil taifid lena dtabharfar tuairisc ar na suíomhanna tástála, lena n‑áirítear an suíomh, aeráid, ithir, úsáid roimhe seo, bunaíocht, bainistíocht agus aon damáiste de bharr fachtóirí aibitheacha/bitheacha. Cuirfidh sé na taifid sin ar fáil don údarás inniúil arna n‑iarraidh sin. Taifeadfaidh an t‑údarás inniúil aois an bhunábhair agus an ábhair atáirgthe foraoise agus na torthaí tráth na meastóireachta.

(d)Na tástálacha a chur ar bun

(I)Déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil gach sampla d’ábhar atáirgthe foraoise a thógáil, a phlandú agus a bhainistiú ar an mbealach céanna, a mhéid is féidir de réir na gcineálacha ábhair planda.

(II)Bunóidh an t‑oibreoir gairmiúil gach turgnamh i ndearadh staidrimh bailí le líon leordhóthanach crann, ionas gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar shaintréithe aonair gach comhpháirte atá faoi scrúdú.

(e)Anailís ar na torthaí agus bailíocht na dtorthaí

(I)Déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil anailís ar na sonraí ó thurgnaimh ag úsáid modhanna staidrimh atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus cuirfidh siad na torthaí i láthair le haghaidh gach saintréithe a ndéantar scrúdú uirthi.

(II)Cuirfear ar fáil go hoscailte an mhodheolaíocht a úsáideadh don tástáil agus na torthaí mionsonraithe a fuarthas.

(III)Ainmneoidh údarás inniúil an Bhallstáit ina ndearnadh an tástáil an limistéar úsáide molta, agus tabharfaidh sé fógra faoi aon saintréith den ábhar atáirgthe foraoise a d’fhéadfadh teorainn a chur lena úsáideacht.

(IV)Má chruthaítear le linn na dtástálacha nach bhfuil, ar a laghad, saintréithe an bhunábhair ónar táirgeadh an t‑ábhar atáirgthe foraoise sin ag an ábhar atáirgthe foraoise, lena n‑áirítear go háirithe an fhrithsheasmhacht/láidreacht in aghaidh lotnaidí plandaí de thábhacht eacnamaíoch, ní dheimhneofar ábhar atáirgthe foraoise den sórt sin mar ábhar tástáilte.

2.CEANGLAIS LE hAGHAIDH MEASTÓIREACHT GHÉINITEACH AR NA COMHPHÁIRTEANNA DEN BHUNÁBHAR

(a)Féadfar meastóireacht ghéiniteach a dhéanamh ar na comhpháirteanna den bhunábhar seo a leanas: síolghoirt, máthairchrainn na fine, clóin agus meascáin chlónacha.

(b)Doiciméadacht

Beidh gá leis an doiciméadacht bhreise seo a leanas le haghaidh fhormheas an bhunábhair, doiciméadacht ina soláthrófar faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

(I)aitheantas, tionscnamh agus pórlíne na gcomhpháirteanna a bhfuil meastóireacht déanta orthu;

(II)an dearadh trasach a úsáidtear chun an t‑ábhar atáirgthe foraoise a úsáidtear sna tástálacha meastóireachta a tháirgeadh.

(c)Nósanna imeachta tástála

Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(I)Déanfar meastachán i ndáil le luach géiniteach gach comhpháirte in dhá shuíomh tástála meastóireachta nó níos mó, agus beidh ceann amháin díobh sin ar a laghad i dtimpeallacht atá ábhartha do limistéar úsáide beartaithe an ábhair atáirgthe foraoise.

(II)Beidh an tréimhse tástála d’fhad leordhóthanach chun go mbeifear in ann na saintréithe tástáilte a léirmhíniú.

(III)Ríomhfar ardchéimíocht mheasta an ábhair atáirgthe foraoise atá le margú ar bhonn na luachanna géiniteacha sin agus an dearadh trasach sonrach.

(IV)Formheasfaidh an t‑údarás inniúil na tástálacha meastóireachta agus na ríomhanna géiniteacha.

(d)Léirmhíniú

(I)Ríomhfar ardchéimíocht mheasta an ábhair atáirgthe foraoise in aghaidh daonra tagartha le haghaidh saintréithe nó tacar saintréithe. Saineoidh an t‑oibreoir gairmiúil an daonra tagartha sa chlár pórúcháin agus tabharfaidh sé tuairisc ar an daonra tagartha sin sna tuarascálacha tástála.

(II)Luafar cé acu atá nó nach bhfuil luach géiniteach measta an ábhair atáirgthe foraoise níos laige ná an daonra tagartha i gcás aon saintréithe tábhachtaí.

3.CEANGLAIS MAIDIR LE TÁSTÁIL CHOMPARÁIDEACH AR ÁBHAR ATÁIRGTHE FORAOISE

(a)Sampláil an ábhair atáirgthe foraoise

(I)Beidh an sampla den ábhar atáirgthe foraoise le haghaidh tástáil chomparáideach fíorionadaíoch ar an ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ón mbunábhar atá le formheas.

(II)Maidir le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear go gnéasach le haghaidh tástáil chomparáideach:

-buanfar é i mblianta dea‑bhláthaithe agus dea‑tháirgthe torthaí/síolta, agus

-buanfar é le modhanna lena n‑áirithítear go bhfuil na samplaí a fhaightear ionadaíoch.

Féadfar pailniú saorga a úsáid le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise den sórt sin a tháirgeadh.

(b)Caighdeáin

(I)Beidh eolas ar fheidhmíocht na gcaighdeán a úsáidtear chun críocha comparáideacha sna tástálacha ar feadh tréimhse leorfhada, más féidir, sa réigiún ina bhfuil an tástáil le déanamh. Léirítear sna caighdeáin, i bprionsabal, an bunábhar ar taispeánadh go bhfuil sé úsáideach don chríoch bheartaithe le haghaidh foraoiseachta tráth a dtosaítear an tástáil, agus i ndálaí éiceolaíocha dá bhfuil sé beartaithe chun an t‑ábhar atáirgthe foraoise a dheimhniú. Maidir leis na caighdeáin a úsáidtear chun críocha comparáideacha sna tástálacha, a mhéid is féidir:

-clampaí a bheidh iontu a roghnaíodh de réir na gcritéar in Iarscríbhinn III; nó

-bunábhar a bheidh iontu a bheidh formheasta go hoifigiúil le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’.

(II)Maidir le tástáil chomparáideach hibridí saorga, áireofar an dá speiceas de chrainn tuismitheora sna caighdeáin, más féidir.

(III)Úsáidfear caighdeáin iomadúla aon uair is féidir. I gcás ina mbeidh údar leis, féadfar an t‑ábhar atáirgthe foraoise is oiriúnaí a bhfuil tástáil á déanamh air nó meán na gcomhpháirteanna den tástáil a chur in ionad na gcaighdeán.

(IV)Úsáidfear na caighdeáin chéanna sna tástálacha uile thar réimse is leithne de dhálaí suímh is féidir.

(c)Léirmhíniú

(I)Léireofar ardchéimíocht staidrimh shuntasach i gcomparáid leis na caighdeáin i gcás saintréith thábhachtach amháin ar a laghad.

(II)Tuairisceoidh an t‑oibreoir gairmiúil más ann d’aon saintréith lena ngabhann tábhacht eacnamaíoch nó tábhacht chomhshaoil lena léirítear torthaí atá i bhfad níos laige ná na caighdeáin, agus déanfar a n‑éifeachtaí a chúiteamh le saintréithe fabhracha.

4.FORMHEAS SEALADACH

Féadfaidh réamh‑mheasúnú ar thrialacha óga a bheith mar bhonn faoin bhformheas sealadach. Déanfar athscrúdú ar mhaímh d’ardchéimíocht atá bunaithe ar mheasúnú luath ar eatramh uasta de 10 mbliana.

5.TÁSTÁLACHA LUATHA

Féadfaidh an t‑údarás inniúil glacadh le tástálacha plandlann, tithe gloine agus saotharlann le haghaidh formheas sealadach nó formheas deiridh, más féidir a léiriú go bhfuil comhghaolú dlúth idir an tsaintréith thomhaiste agus na saintréithe a ndéantar measúnú orthu de ghnáth i dtástálacha ar chéim na foraoise. Comhlíonfaidh saintréithe eile atá le tástáil na ceanglais a leagtar amach i pointe 3.



IARSCRÍBHINN VI

CATAGÓIRÍ FAOINA BHFÉADFAR ÁBHAR ATÁIRGTHE FORAOISE Ó NA CINEÁLACHA ÉAGSÚLA BUNÁBHAIR A MHARGÚ

Ábhar bunúsach

Catagóir ábhair atáirgthe foraoise

(Dath an lipéid, má úsáidtear lipéad oifigiúil daite)

Sainaitheanta de réir foinse

(Buí)

Roghnaithe

(Glas)

Cáilithe

(Bándearg)

Tástáilte

(Gorm)

Foinse síl

x

Clampa

x

x

x

Síolghort

x

x

Máthairchrainn na fine

x

x

Clón

x

x

Meascán clónach

x

x



IARSCRÍBHINN VII

Leasú ar Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/2031

In Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/2031, cuirtear isteach na codanna seo a leanas:

‘CUID G

Pasanna plandaí le haghaidh gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais, i dteannta le lipéad oifigiúil, amhail dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 83(5)

(1)    Beidh na heilimintí seo a leanas sa phas plandaí le haghaidh gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais, i dteannta le comhlipéad leis an lipéad oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 83(5):

(a)    na focail ‘Pas Plandaí’ sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar bharr an chomhlipéid, i dteanga amháin de chuid teangacha oifigiúla an Aontais agus i mBéarla, más teanga éagsúil í, scartha le slais;

(b)    bratach an Aontais sa chúinne ar thaobh na láimhe clé ar bharr an chomhlipéid priontáilte i ndathanna nó i ndubh agus bán. Beidh an pas plandaí socraithe sa chomhlipéad díreach os cionn an lipéid oifigiúil agus beidh sé ar aon leithead leis an lipéad oifigiúil sin.

(2)    Beidh feidhm le pointe (2) de Chuid A dá réir sin.

CUID H

Pasanna plandaí le haghaidh tabhairt isteach i gcriosanna cosanta agus gluaiseacht laistigh de chriosanna cosanta, i dteannta leis an lipéad oifigiúil, amhail dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 83(5)

(1)    Sa phas plandaí le haghaidh tabhairt isteach i gcriosanna cosanta agus gluaiseacht laistigh de chriosanna cosanta, le chéile i gcomhlipéad leis an lipéad oifigiúil le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise dá dtagraítear in Airteagal 83(5), beidh na heilimintí seo a leanas:

(a)    na focail “Pas Plandaí — Crios Cosanta” sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar bharr an chomhlipéid i dteanga amháin de chuid teangacha oifigiúla an Aontais agus i mBéarla, más teanga éagsúil í, scartha le slais;

(b)    díreach faoi na focail sin, ainm(neacha) nó có(i)d eolaíoch(a) lotnaid choraintín (lotnaidí coraintín) na gcriosanna cosanta lena mbaineann;

(c)    bratach an Aontais sa chúinne ar thaobh na láimhe clé ar bharr an chomhlipéid priontáilte i ndathanna nó i ndubh agus bán.

Beidh an pas plandaí socraithe sa chomhlipéad díreach os cionn an lipéid oifigiúil agus beidh sé ar aon leithead leis an lipéad oifigiúil sin.

(2)    Beidh feidhm ag pointe (2) de Chuid B de réir mar is cuí.’



IARSCRÍBHINN VIII

Tábla comhghaoil

Treoir 1999/105/CE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1, fomhír 1

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 2(5)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 2(4), pointe (c)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(2) pointe (a)

Airteagal 4(2), fomhíreanna 1 go 4

Airteagal 4(2) pointe (b)

Airteagal 4(2), fomhír 7 agus Airteagal 4(3)

Airteagal 4(3), pointe (a)

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(3), pointe (b)

Airteagal 4(5)

Airteagal 4(4)

Airteagail 6 agus 18

Airteagal 4(5)

Airteagal 21

Airteagal 5

Airteagal 6(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 5(2)

Airteagal 6(3), fomhír 1

Airteagal 8(1)

Airteagal 6(3), fomhír 2

Airteagal 8(2)

Airteagal 6(4)

Airteagal 10(1)

Airteagal 6(5), pointe (a)

Airteagal 2(4), pointe (d)

Airteagal 6(5), pointe (b)

Airteagal 6(6)

Airteagal 6(7)

Airteagal 7

Airteagal 6(8)

Airteagal 4(6)

Airteagal 7

Airteagal 23

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 11

Airteagal 10

Airteagal 12

Airteagal 11

Airteagal 13

Airteagal 12

Airteagal 14

Airteagal 13

Airteagal 15

Airteagal 14(1), fomhír 1

Airteagal 16(1)

Airteagal 14(1), pointí (a) go (e)

Airteagal 16(4)

Airteagal 14(2) go (6)

Airteagal 14(7)

Airteagal 15(1)(j)

Airteagal 15

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagal 31

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 21

Airteagal 19

Airteagal 24

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 22

Airteagal 5(1)(g)

Airteagal 23

Airteagail 2(2), 4(2), 4(6), 5(3)

Airteagal 24

Airteagal 14(1), 14(5), 16(5), 16(6), 18(4), 21(3), 22(1), 23(1)

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 32

Airteagal 30

Airteagal 33

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VII

Airteagal 8

Iarscríbhinn VIII

Airteagal 14