An Bhruiséil,5.7.2023

COM(2023) 414 final

2023/0227(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hábhar atáirgthe plandaí a tháirgeadh agus a mhargú san Aontas, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/2031, 2017/625 agus 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CEE, 2002/53/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE, 2008/72/CE agus 2008/90/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hábhar atáirgthe plandaí)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SEC(2023) 414 final} - {SWD(2023) 410 final} - {SWD(2023) 414 final} - {SWD(2023) 415 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá rialacha maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí (‘PRM’) barr talmhaíochta, glasraí, fíniúnacha, agus plandaí torthaí i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais ó bhí na 1960idí ann. Cuimsítear leo na Treoracha seo a leanas (ar a dtugtar na ‘Treoracha maidir le PRM a mhargú’ go comhchoiteann):

Treoir 66/401/CEE ón gComhairle maidir le síol plandaí farae a mhargú 1 ,

Treoir 66/402/CEE ón gComhairle maidir le síol gránach a mhargú 2 ,

Treoir 68/193/CEE ón gComhairle maidir le hábhar iomadaithe fhásúil na fíniúna a mhargú 3 ,

Treoir 2002/53/CE ón gComhairle maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha de speicis phlandaí talmhaíochta 4 ,

Treoir 2002/54/CE ón gComhairle maidir le síol biatais a mhargú 5 ,

Treoir 2002/55/CE ón gComhairle maidir le síol glasraí a mhargú 6 ,

Treoir 2002/56/CE ón gComhairle maidir le prátaí síl a mhargú 7 ,

Treoir 2002/57/CE ón gComhairle maidir le síol plandaí ola agus snáithín a mhargú 8 ,

Treoir 2008/72 ón gComhairle maidir le hábhair iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síolta, a mhargú 9 , agus

Treoir 2008/90/CE ón gComhairle maidir le hábhar iomadaithe plandaí torthaí agus plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí a mhargú 10 .

Thairis sin, le Treoir 98/56/CE ón gComhairle 11 déantar margú ábhair iomadaithe plandaí ornáideacha a rialáil.

Rinneadh meastóireacht ar na Treoracha maidir le PRM a mhargú in 2008 den chéad uair. Leis an meastóireacht sin agus le tuilleadh staidéar a rinneadh in 2013 agus in 2022, i ndáil, faoi seach, le togra roimhe sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht agus leis an togra seo, deimhníodh go raibh tionchar suntasach ag na Treoracha ar shaorghluaiseacht, ar infhaighteacht agus ar cháilíocht PRM ar mhargadh an Aontais. Bhain tábhacht an‑mhór dá réir sin leis an reachtaíocht sin maidir le margadh aonair PRM a chruthú san Aontas. Mar sin féin, sainaithníodh leis na staidéir sin go bhfuil an creat reachtach casta agus ilroinnte, rud is dócha a fhágfaidh go mbuanófaí na neamhchinnteachtaí agus na neamhréireachtaí atá ann cheana maidir lena chur chun feidhme ag na Ballstáit. Cruthaíonn sé sin deiseanna margaíochta éagothroma le haghaidh oibreoirí gairmiúla agus maidir le PRM a mhargú ar fud an Aontais. Is gá an creat reachtach a ailíniú freisin le forbairtí eolaíochta agus teicneolaíochta a tharla le déanaí agus le cuspóirí nua beartais a mhéid a bhaineann le dúshláin ó thaobh na hinbhuanaitheachta, an athraithe aeráide agus na bithéagsúlachta de.

Tugtar cur chuige nua isteach leis an togra seo, lena ngabhann rialachán aonair a chuirfear in ionad na dTreoracha uile maidir le PRM a mhargú. Tá sé d’aidhm ag an rialachán atá beartaithe maidir le hábhar atáirgthe plandaí an cur chun feidhme a chomhchuibhiú, an éifeachtúlacht a mhéadú, an t‑ualach riaracháin a laghdú agus tacú leis an nuálaíocht. Go háirithe, tugtar san áireamh leis an rialachán an gá le háirithiú gur féidir le táirgeadh PRM oiriúnú d’athruithe atá ag teacht ar dhálaí talmhaíochta, gairneoireachta agus comhshaoil, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an athraithe aeráide, cosaint na hagrai‑bhithéagsúlachta a chothú, agus freastal ar na méaduithe atá ag teacht ar ionchas na bhfeirmeoirí agus na dtomhaltóirí ó thaobh cháilíocht agus inbhuanaitheacht PRM de.

Is éard is aidhm don togra freisin an dul chun cinn teicniúil i dtáirgeadh PRM agus sa phórú plandaí a éascú, i gcomhréir leis an bhforás mear ar chaighdeáin Eorpacha agus dhomhanda. Cruthaítear creat leis an togra chun teicneolaíochtaí digiteacha a thabhairt isteach, agus chun teicneolaíochtaí nua a ghlacadh, amhail teicnící bith‑mhóilíneacha a úsáid chun cineálacha a shainaithint.

Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo go n‑áiritheofar, le haghaidh gach cineál úsáideora uile, PRM ar ardcháilíocht agus an éagsúlacht rogha, oiriúnaithe do dhálaí aeráide atá ann faoi láthair agus a mheastar a bheidh ann amach anseo, rud a chuideoidh leis an tslándáil bia, cosaint na bithéagsúlachta agus athchóiriú na n‑éiceachóras foraoise. Tá infhaighteacht na gcineálacha agus an bhunábhair a bhfuil saintréithe inbhuanaitheachta láidrithe acu, agus an rochtain ar na cineálacha agus ar an mbunábhar sin, fíor‑riachtanach chun feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht trí chobhsaíocht tháirgeacht an táirgthe talmhaíochta agus tháirgiúlacht na n‑éiceachóras foraoise a áirithiú. Go sonrach:

Soiléireacht agus comhleanúnachas an chreata dhlíthiúil a mhéadú trí bhunrialacha simplithe, soiléirithe agus comhchuibhithe a chuirfear i láthair i bhfoirm dhlíthiúil nua‑aimseartha;

Glacadh na bhforbairtí eolaíocha agus teicniúla nua a chumasú;

Infhaighteacht PRM a bheidh oiriúnach do dhúshláin amach anseo a áirithiú;

Tacú le caomhnú agus le húsáid inbhuanaithe na nacmhainní géiniteacha planda agus foraoise.

An creat maidir le rialuithe oifigiúla ar PRM a chomhchuibhiú;

Feabhas a chur ar chomhleanúnachas na reachtaíochta maidir le PRM leis an reachtaíocht maidir le sláinte plandaí.

Tá an rialachán atá beartaithe ina chuid den Chlár um Oiriúnacht Rialála (REFIT).

Tar éis comhairliúchán leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara, thángthas ar an gconclúid go gcumhdaítear riachtanais earnáil an ábhair iomadaithe plandaí ornáideacha go hoiriúnach le Treoir 98/56/CE ón gComhairle fós, dá bhrí sin, níl an Treoir áirithe i raon feidhme an rialacháin seo atá beartaithe.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Le blianta beaga anuas, is mó a bhfuiltear ag teacht ar an tuiscint go bhfuil tábhacht straitéiseach leis an mbeartas talmhaíochta san Aontas maidir leis an neamhthuilleamaíocht, slándáil agus sábháilteacht agraibhia.

Cuirtear an Rialachán atá beartaithe isteach laistigh den chomhthéacs sin. Is cuid é freisin de bheartais fhoriomlána an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 12 agus de na straitéisí gaolmhara: an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc 13 , an Straitéis Bhithéagsúlachta 14 agus Straitéis an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide 15 .

Tá an togra i gcomhréir leis an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc, lena mbeartaítear córais chothroma, shláintiúla agus neamhdhíobhálacha don chomhshaol a dhéanamh de chórais bhia, agus iad níos inbhuanaithe dá réir sin agus infhaighteacht PRM á áirithiú an tráth céanna agus slándáil an táirgthe talmhaíochta agus an tslándáil bia dá bhrí sin. Is é is aidhm dó cuidiú leis an táirgeadh bia inbhuanaithe agus leis an oiriúnú don athrú aeráide tríd an bpórú plandaí a stiúradh i dtreo níos inbhuanaithe. Déanann an togra amhlaidh trí rialacha a thabhairt isteach maidir le cineálacha atá luachmhar ó thaobh saothrú agus úsáid inbhuanaithe de a thástáil agus a mhargú.

Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag an togra tacú le caomhnú agus le húsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní géiniteacha plandaí agus cuidiú leis an agrai‑bhithéagsúlacht trí rialacha níos éadroime agus oiriúnaithe a thabhairt isteach maidir le cineálacha orgánacha, cineálacha caomhantais, líonraí um chaomhnú síolta agus malartú comhchineáil síl idir feirmeoirí. Éascaítear leis táirgeadh agus margú PRM d’ábhar ilchineálach freisin, arb ábhar é nach mbaineann le cineál ar bith.

Ar deireadh, cruthaítear leis an togra an creat chun teicneolaíochtaí digiteacha a thabhairt isteach chun na gníomhaíochtaí deimhniúcháin uile a thaifeadadh, chun go gcuirfidh na Ballstáit sonraí na gcineálacha isteach trí thairseach aonair amháin (Tairseach Chineálacha Plandaí an Aontais), agus an fhéidearthacht chun lipéid oifigiúla leictreonacha a eisiúint tráth níos déanaí, i gcomhréir leis an Straitéis Eorpach Dhigiteach 16 .

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tugtar rialacha isteach leis an togra seo maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí san Aontas, rialacha is gá chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta a shaothrú. Dá bhrí sin, is é Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí don togra seo, agus is é a sholáthraíonn an bunús dlí chun forálacha a ghlacadh is gá chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta a shaothrú.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

De réir Airteagal 4(2)(d) de CFAE, tá feidhm ag inniúlacht chomhroinnte idir an tAontas agus na Ballstáit sa réimse talmhaíochta agus iascaigh, gan caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara a áireamh.

Ón tráth a glacadh na Treoracha maidir le PRM a mhargú, bhí cuid an‑mhór de na réimsí uile atá i gceist le PRM a mhargú á rialáil ar leibhéal an Aontais. Cuidíodh go mór le bunú an mhargaidh inmheánaigh in PRM nuair a glacadh na Treoracha. Deimhníodh leis na measúnuithe tionchair a rinneadh in 2013 agus in 2023 go raibh tionchar dearfach i gcoitinne ag rialacha an Aontais atá i bhfeidhm maidir le PRM a mhargú ar shaorghluaiseacht, ar infhaighteacht agus ar cháilíocht PRM ar mhargadh an Aontais, agus d’éascaigh na rialacha an trádáil laistigh den Aontas dá réir sin. Dá ndéanfaí margadh PRM a ilroinnt ina 27 gcóras náisiúnta dhifriúla, thabharfaí constaicí tromchúiseacha isteach roimh ghluaiseacht PRM ar an margadh inmheánach agus mhéadófaí an t‑ualach airgeadais atá bainteach le cineálacha a chlárú agus leis na rialuithe is gá ar cháilíocht agus ar shainaitheantas PRM. Dá bhrí sin, is fearr a bhainfear cuspóirí ábhartha an bheartais amach trí reachtóireacht ar leibhéal an Aontais go heisiach.

Comhréireacht

Tá na bearta atá beartaithe teoranta do ghníomhaíochtaí is gá a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun go mbeidh siad éifeachtach agus éifeachtúil, rud ar a ndéantar idirphlé i gCaibidil 7.4 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo. Chun na riachtanais sin a bhaint amach agus na difríochtaí tábhachtacha idir na speicis agus cineálacha difriúla PRM a chur san áireamh, cuirfear rialachán aonair maidir le PRM in ionad na dTreoracha maidir le PRM a mhargú, agus é mar aidhm ag an rialachán aonair sin go dtabharfar aghaidh ar na heilimintí uile is gá chun réimse leathan PRM a tháirgeadh agus a mhargú: idir shíolta agus fhréamhstoic, idir chraobhacha, thiúbair, phlandaí beaga, chrainn iomlána, bharra talmhaíochta, phrátaí, ghlasraí, fhíniúnacha, phlandaí torthaí agus PRM eile.

Meastar gurb é sin an cineál ionstraime is oiriúnaí, ós rud é gur príomheilimint den togra rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le PRM a tháirgeadh agus a mhargú. Is iad ceanglais aonfhoirmeacha maidir le PRM an bealach is oiriúnaí chun na nithe seo a leanas a áirithiú: (i) ardleibhéal a cháilíochta le haghaidh úsáideoirí, (ii) feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh agus cothroime iomaíochta le haghaidh oibreoirí; agus (iii) táirgeadh inbhuanaithe talmhaíochta agus bia.

Tá gá ann le háirithiú go gcuirfidh na Ballstáit uile na hardchaighdeáin chéanna i bhfeidhm, ar caighdeáin iad ar comhaontaíodh mórán díobh ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus le laghdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí go n‑ísleofar caighdeáin le maoluithe, mura gceadaíonn an Rialachán atá beartaithe a mhalairt. Cosnaíonn na caighdeáin sin leasanna na n‑oibreoirí gairmiúla agus an iomaíocht freisin trí dheireadh a chur le cur i bhfeidhm rialacha difriúla agus idirdhealaitheacha ar fud theorainneacha na mBallstát.

Chun ceanglais theicniúla a oiriúnú dá ndálaí agrai‑éiceolaíocha sonracha, féadfaidh na Ballstáit, faoi choinníollacha áirithe agus go sealadach, agus má thugtar údar cuí leis, ceanglais náisiúnta níos doichte a leagan síos maidir le cáilíocht PRM faoi údarú ón gCoimisiún. Tugtar tuilleadh solúbthachta do na Ballstáit chun rialacha a chur chun feidhme maidir le scrúdú a dhéanamh ar luach na gcineálacha le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe, ar bhealaí a bheidh oiriúnaithe do dhálaí agrai‑éiceolaíocha áitiúla.

An rogha ionstraime

Is rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é an togra. Ní bheadh modhanna eile iomchuí toisc gurb éifeachtúla is féidir cuspóirí an bhirt a bhaint amach trí cheanglais a bheidh comhchuibhithe go hiomlán ar fud an Aontais, rud a chinnteoidh saorghluaiseacht ábhair atáirgthe plandaí.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

In 2019, d’iarr an Chomhairle 17 ar an gCoimisiún staidéar a chur i láthair maidir le roghanna an Aontais chun an reachtaíocht a bhí ann cheana, i dtaca le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí, a thabhairt cothrom le dáta 18 . Thacaigh staidéar seachtrach chun sonraí a bhailiú leis an staidéar sin 19 . Sainaithníodh cúig phríomhfhadhb leis an reachtaíocht atá ann cheana leis an staidéar sin. Bhain na fadhbanna sin leis an méid seo a leanas:

1.cur chun feidhme neamh‑chomhchuibhithe na reachtaíochta ina údar le heaspa cothroime iomaíochta le haghaidh oibreoirí;

2.próiseas cinnteoireachta anásta á chruthú le nósanna imeachta casta agus righne;

3.baineann deacrachtaí le righne an chreata dhlíthiúil maidir le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna beartais a shainaithnítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus ina straitéisí gaolmhara;

4.tá easpa creat comhchuibhithe agus rioscabhunaithe maidir le rialuithe oifigiúla ina húdar le heaspa cothroime iomaíochta maidir le rialuithe oifigiúla, agus

5.easpa na bhforálacha sa chreat dlíthiúil chun an dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch a chur san áireamh.

Bhí clásal um athbhreithniú in iarraidh 2019 ón gComhairle. Cheadaigh an clásal sin don Choimisiún togra reachtach a chur i láthair dá mba rud é gur gníomhaíocht iomchuí é sin i bhfianaise thoradh an staidéir thuasluaite.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Bhí raon leathan comhairliúchán leis na cineálacha páirtithe leasmhara uile i gceist leis an measúnú tionchair a ghabhann leis an Rialachán atá beartaithe maidir le hábhar atáirgthe plandaí. Chuimsigh na cineálacha comhairliúcháin na nithe seo a leanas: measúnú tionchair tosaigh, comhairliúchán poiblí, meithleacha le húdaráis náisiúnta inniúla agus le páirtithe leasmhara, agus cruinnithe déthaobhacha le heagraíochtaí ar páirtithe leasmhara iad.

Cruinníodh 66 fhreagairt ó 16 thír leis an gcomhairliúchán maidir leis an measúnú tionchair tosaigh, agus fuair an comhairliúchán poiblí 2449 bhfreagairt ó 29 dtír.

Chuir 39 bhfreagróir páipéir sheasaimh faoi bhráid an mheasúnaithe tionchair tosaigh agus chuir 181 fhreagróir ar an gcomhairliúchán poiblí páipéir sheasaimh faoina bhráid.

Bhí comhairliúcháin spriocdhírithe ann chun tuilleadh aiseolais speisialaithe a chruinniú ó údaráis náisiúnta inniúla agus ó FBManna, rud as ar eascair 25 fhreagairt agus 251 fhreagairt, faoi seach.

Fuarthas 99 bhfreagairt de thoradh suirbhé spriocdhírithe ó shainchomhairleoir seachtrach a thacaigh le measúnú tionchair an Choimisiúin.

Rinne an sainchomhairleoir 43 agallamh dhoimhne freisin agus d’eagraigh grúpa fócais le 10 rannpháirtí.

Thaispeáin comhairliúcháin le páirtithe leasmhara go bhfuil tacaíocht fhoriomlán in earnáil PRM chun an córas rialála atá i bhfeidhm faoi láthair a choinneáil ar bun maille lena dhá bhuncholún um chlárú cineálacha – bunaithe ar Shainiúlacht, Aonfhoirmeacht, Cobhsaíocht (‘DUS’) agus, i gcás inarb infheidhme, Luach le haghaidh saothrú agus úsáide (‘VCU’) agus deimhniú PRM. Chuir údaráis náisiúnta inniúla agus na páirtithe leasmhara uile a rinne ionadaíocht ar thionscal na síolta i dtábhacht go n‑oibríonn an córas atá i bhfeidhm faoi láthair go maith agus go bhfaigheann tionscal PRM san Aontas aitheantas idirnáisiúnta mar gheall ar ardcháilíocht na síolta a tháirgtear agus a thrádáiltear.

Ar cheann de phríomhchuspóirí an athbhreithnithe tá síneadh a chur leis an measúnú ar shaintréithe PRM a chuidíonn leis an táirgeadh inbhuanaithe. D’aithin póraitheoirí plandaí agus formhór na n‑údarás náisiúnta inniúil go gcuidíonn na ceanglais VCU atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le speicis phlandaí talmhaíochta leis an gcuspóir sin cheana féin, toisc go bhfágann siad gur féidir glacadh le cineálacha ag a bhfuil saintréithe amhail an fhrithsheasmhacht in aghaidh galar, an éifeachtúlacht cothaitheach, an seasamh in aghaidh tromaigh agus táirgeacht mhéadaithe. Thacaigh páirtithe leasmhara le ceanglais a thabhairt isteach maidir le scrúdú a dhéanamh ar chineálacha nua glasraí, plandaí torthaí agus fíniúnacha le haghaidh na saintréithe sin, ach gan iad a bheith i bhfoirm an VCU atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le speicis plandaí talmhaíochta, toisc go bhfuil na húsáidí le haghaidh PRM glasraí go háirithe an‑ilghnéitheach. Chuir beagnach na freagróirí uile i dtábhacht go raibh gá leis an tsolúbthacht chun aghaidh a thabhairt ar na dálaí difriúla ar fud na hEorpa.

Chomhaontaigh na páirtithe leasmhara uile leis go raibh gá le maoluithe ón mbunchóras um chlárú cineálacha agus um dheimhniú PRM chun cuspóirí a chomhlíonadh atá ábhartha don chaomhnú agus d’úsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní géiniteacha plandaí, don táirgeadh orgánach agus don táirgeadh i limistéir imeallacha. Mar sin féin, bhí tuairimí difriúla ann maidir le méid na maoluithe den sórt sin, idir éilimh ar dhíolúine iomlán ar an malartú comhchineáil, gníomhaíochtaí caomhantais agus margaíocht do gharraíodóirí amaitéaracha, agus an tuairim go bhfuil na maoluithe atá ann cheana leordhóthanach agus nach gá síneadh a chur leo. D’iarr roinnt ENRanna go gcuirfeadh an reachtaíocht nua cearta na bhfeirmeoirí chun feidhme go sainráite mar a shainmhínítear sa Chonradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht agus i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na dTuathánach. Na príomhargóintí in aghaidh díolúine iomlán, sin iad na húdair imní faoin tsláinte plandaí, urraim ar chearta maidir le cineálacha plandaí agus an iomaíocht éagothrom a sheachaint, mar aon leis an ngá le híoscháilíocht agus inrianaitheacht PRM a ráthú.

Chomhaontaigh formhór na noibreoirí go bhfuil sé inmhianaithe na ceanglais maidir le rialuithe oifigiúla a chomhchuibhiú. Níorbh ionann na tuairimí a bhí ann maidir le cé acu a áireofar nó nach náireofar rialuithe oifigiúla faoin reachtaíocht maidir le PRM i raon feidhme Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 i ngeall ar údair imní faoi mhéadú féideartha ar an ualach riaracháin. Bhí beagnach na húdaráis náisiúnta inniúla agus na hoibreoirí uile in aghaidh an córas um dheimhniú PRM a áireamh mar sin faoin Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla. Dar le formhór na núdarás náisiúnta inniúil agus na noibreoirí, bhain tairbhí leis an gcóras a áireamh i dtéarmaí rialuithe níos éifeachtúla ar an margú agus ar an allmhairiú. D’iarr formhór na bpáirtithe leasmhara sna catagóirí uile go gcoinneofaí solúbthacht áirithe ar bun in eagrú na rialuithe oifigiúla agus go gcoimeádfaí costais chomh híseal agus ab fhéidir.

Chomhaontaigh formhór na bpáirtithe leasmhara go bhféadfadh tairbhí a bheith i gceist le teicnící bith‑mhóilíneacha agus le réitigh dhigiteacha agus d’iarr go gceadódh an creat dlíthiúil na teicneolaíochtaí is déanaí a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le forbairtí ar chaighdeáin idirnáisiúnta.

Is féidir teacht ar fhaisnéis mhionsonraithe faoi na comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara i gCaibidil 5.2.5. agus in Iarscríbhinn 2 den mheasúnú tionchair le haghaidh an rialachán atá beartaithe maidir le PRM.

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Rinne sainchomhairleoir seachtrach a d’úsáid an Coimisiún staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair 21 . D’oibrigh an sainchomhairleoir agus a shaineolaithe go dlúth le ranna ábhartha an Choimisiúin le linn chéimeanna éagsúla an staidéir.

Chruinnigh an sainchomhairleoir sonraí agus barúlacha breise trí thaighde deisce, suirbhé spriocdhírithe, grúpa fócais, agallaimh dhoimhne le páirtithe leasmhara, cás‑staidéar maidir leis an malartú comhchineáil síl idir feirmeoirí, agus anailís chomparáideach cháilíochtúil ar eispéiris na mBallstát le cineálacha caomhantais plandaí torthaí agus fíniúnacha. Leis an staidéar tacaíochta, measadh an sainmhíniú ar an bhfadhb, an cás ar son na gníomhaíochta ón Aontas, cuspóirí na hidirghabhála beartais agus an cás bunlíne. Chuathas ar aghaidh leis an staidéar ansin chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair ionchasacha a bheadh ag trí rogha a mhol an Coimisiún, agus cineálacha éagsúla i gceist le gach rogha maidir le suas le 19 mbeart shonracha.

Chuidigh an staidéar tacaíochta leis na roghanna beartais a bheachtú agus an rogha beartais ab fhearr a roghnú.

Measúnú tionchair

Tá an togra bunaithe ar mheasúnú tionchair a fuair tuairim dhearfach le forchoimeádais ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála an 17 Feabhra 2023.

Tá dhá phríomhfhadhb ann arb é is aidhm don togra seo aghaidh a thabhairt orthu, mar a shainaithnítear leis an gcreat dlíthiúil maidir le PRM atá i bhfeidhm faoi láthair:

1.Tá margadh inmheánach neamh‑chomhchuibhithe ann arb é a shaintréithe go bhfuil coinníollacha éagsúla ann le haghaidh oibreoirí agus ábhar atáirgthe plandaí a mhargaítear ar fud na mBallstát. Tá cur chun feidhme ghnéithe éagsúla na reachtaíochta difriúil i measc na mBallstát, toisc (i) go bhfágtar deis le haghaidh léirmhíniú sa reachtaíocht, (ii) go bhféachann na Ballstáit chun teacht ar réitigh phraiticiúla chun forálacha righne a shárú agus (iii) toisc nár lean an reachtaíocht na forbairtí nua san eolaíocht agus sa teicneolaíocht in am trátha.

2.Níl an reachtaíocht ailínithe le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ná leis na straitéisí gaolmhara. Go háirithe, agus faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair, tá cineálacha ina bhfuil éagsúlacht ghéiniteach, PRM atá faoi réir gníomhaíochtaí líonraí um chaomhnú síolta agus síolta a mhalartaíonn feirmeoirí fós faoi réir ceanglais maidir le clárú cineálacha. Tá sé sin cuibheasach díréireach toisc nach féidir leis na cineálacha, na síolta ná an tábhar sin na ceanglais sin a chomhlíonadh i gcónaí. Thairis sin, leis an méadú atá ag teacht ar líon na dteagmhas adhaimsire, in éineacht le measúnú neamh‑leordhóthanach ar shaintréithe inbhuanaitheachta i gclárú na gcineálacha nua, cuirtear brú ar chobhsaíocht na dtáirgeachtaí agus ar athléimneacht an táirgthe agraibhia dá réir sin.

Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo a áirithiú dá réir sin, le haghaidh gach cineál úsáideora, PRM ar ardcháilíocht agus an éagsúlacht rogha, a bheidh oiriúnaithe do dhálaí aeráide atá ann faoi láthair agus a mheastar a bheidh ann amach anseo.

Cuireadh gach beart féideartha don anailís i dtoll a chéile sa mheasúnú tionchair. Bhí sé sin bunaithe ar an méid seo a leanas: (i) staidéar seachtrach chun sonraí a bhailiú a thacaigh le staidéar ón gCoimisiún ar roghanna an Aontais chun an reachtaíocht maidir le hábhar atáirgthe plandaí a thabhairt cothrom le dáta, (ii) staidéar chun tacú leis an measúnú tionchair a rinne sainchomhairleoir seachtrach, (iii) gníomhaíochtaí comhairliúcháin éagsúla le páirtithe leasmhara, (iv) comhairliúchán poiblí ar líne agus (v) agallaimh dhoimhne.

Bhí na bearta éagsúil, casta agus idirghaolmhar go minic, agus grúpáladh iad faoi thrí rogha beartais, a chuirtear i gcomparáid le cás ‘gan aon athrú beartais’. Rinneadh measúnú ar thrí rogha. Is le Rogha 1 a bhain an tsolúbthacht is mó agus is le Rogha 3 a bhain an comhchuibhiú is mó, chun go ndéanfaí difríochtaí sa bhealach a chuirfear an reachtaíocht chun feidhme a íoslaghdú. Le Rogha 2, rinneadh an gá leis an tsolúbthacht a chothromú le méid comhchuibhithe níos airde chun na fadhbanna a eascraíonn as difríochtaí sa léirmhíniú a shárú.

Bhí roinnt eilimintí coiteanna sna roghanna uile: (i) nósanna imeachta riaracháin simplithe agus próiseas cinnteoireachta níos solúbtha; (ii) rialacha cuíchóirithe maidir le cineálacha orgánacha agus caomhantais; agus (iii) comhchuibhiú leis an reachtaíocht maidir leis an tsláinte plandaí.

1.Rogha 1 ‑ An méid solúbthachta is airde: Le Rogha 1, leagfaí síos íoscheanglais maidir le rialuithe oifigiúla ar ábhar atáirgthe plandaí, ach gan iad a nascadh leis an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla. Ghlacfaí treoirlínte maidir le húsáid a bhaint as próisis táirgthe nuálacha, teicnící bith‑mhóilíneacha agus na réitigh dhigiteacha. Láidreofaí an measúnú atá ann cheana ar chineálacha nua speicis plandaí talmhaíochta le haghaidh saintréithe a chuidíonn leis an táirgeadh inbhuanaithe. Thabharfaí measúnú deonach isteach le haghaidh glasraí agus plandaí torthaí. Gníomhaíochtaí líonraí um chaomhnú síolta, margú do gharraíodóirí amaitéaracha agus malartú comhchineáil PRM idir feirmeoirí, bheidís díolmhaithe ó raon feidhme na reachtaíochta.

2.Rogha 2 ‑ An tsolúbthacht agus an comhchuibhiú a chothromú (rogha beartais ab fhearr): Le Rogha 2, thabharfaí na rialuithe oifigiúla ar ábhar atáirgthe plandaí faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla, ach maille le rialuithe allmhairithe simplithe ag áiteanna iomchuí laistigh den Aontas chun forfheidhmiú níos spriocdhírithe agus níos éifeachtúla na rialacha atá ann cheana a áirithiú. D’áireofaí bunphrionsabail maidir le húsáid a bhaint as próisis táirgthe nuálacha, teicnící bith‑mhóilíneacha agus réitigh dhigiteacha sa reachtaíocht. Bheadh an measúnú ar chineálacha nua le haghaidh saintréithe a chuidíonn leis an táirgeadh inbhuanaithe ina cheanglas le haghaidh na ngrúpaí barr uile, ach maille leis an tsolúbthacht do na Ballstáit é a chur chun feidhme de réir a ndálaí agrai‑éiceolaíocha féin. Gníomhaíochtaí líonraí um chaomhnú síolta, margú do gharraíodóirí amaitéaracha agus malartuithe comhchineáil idir feirmeoirí, bheidís faoi réir rialacha níos éadroime chun an méadú ar éagsúlacht ghéiniteach PRM a spreagadh ach chun íoscháilíocht a ráthú freisin.

3.Rogha 3 ‑ An méid comhchuibhithe is airde: Le Rogha 3, thabharfaí na rialuithe oifigiúla ar PRM/FRM faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla, maille le rialuithe allmhairithe níos doichte ag poist rialaithe teorann lena gceanglófaí doiciméadacht allmhairiúcháin speisialta chun an forfheidhmiú a láidriú agus a chomhchuibhiú go hiomlán. D’áireofaí rialacha mionsonraithe agus ceangailteacha maidir le húsáid a bhaint as próisis táirgthe nuálacha, teicnící bith‑mhóilíneacha agus réitigh dhigiteacha sa reachtaíocht. Bheadh an measúnú ar chineálacha nua le haghaidh saintréithe a chuidíonn leis an táirgeadh inbhuanaithe ina cheanglas le haghaidh na mbarr uile, maille le ceanglais agus modheolaíochtaí mionsonraithe agus comhchuibhithe le haghaidh na mBallstáit uile. Gníomhaíochtaí líonraí um chaomhnú síolta, margú do gharraíodóirí amaitéaracha agus malartuithe comhchineáil idir feirmeoirí, bheidís faoi réir cheanglais ghinearálta na reachtaíochta maidir le PRM chun rialacha aonchineálacha a bhaint amach le haghaidh na ndeighleog mhargaidh uile.

Bunaithe ar thoradh an measúnaithe tionchair, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurb í Rogha 2 an rogha is fearr chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar chuspóirí uile an athbhreithnithe ar an reachtaíocht maidir le PRM ar bhealach éifeachtúil agus comhsheasmhach.

Beidh gnóthachain éifeachtúlachta i gceist leis an rogha thosaíochta le haghaidh oibreoirí agus údaráis náisiúnta inniúla tríd an méid seo a leanas; (i) féidearthachtaí leathnaithe le haghaidh oibreoirí chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí faoi mhaoirseacht oifigiúil, (ii) comhchuibhiú leis an reachtaíocht maidir le sláinte plandaí, (iii) rialuithe oifigiúla rioscabhunaithe a thabhairt isteach agus (iv) an fhéidearthacht chun teicnící bith‑mhóilíneacha agus réitigh dhigiteacha a úsáid sna córais um chlárú cineálacha agus um dheimhniú PRM. Ceanglais a bheidh láidrithe go héigeantach maidir leis an inbhuanaitheacht in éineacht leis an tsolúbthacht chun oiriúnú do dhálaí agrai‑éiceolaíocha áitiúla, cuirfidh siad le táirgeadh agraibhia níos inbhuanaithe agus leis an tslándáil bia, toisc go mbeidh táirgeacht níos cobhsaí ag cineálacha atá níos oiriúnaí le haghaidh na n‑athruithe atá ag teacht ar dhálaí agrai‑aeráide.

Tá costais eacnamaíocha nach beag i gceist leis an rogha thosaíochta le haghaidh oibreoirí agus údaráis náisiúnta inniúla i ngeall ar an ngá le hinfheistíochtaí breise chun measúnuithe inbhuanaitheachta breise a dhéanamh le haghaidh cineálacha glasraí agus torthaí. Tá na costais sin comhréireach, mar sin féin, leis na cuspóirí agus déanfaidh na tairbhí a thagann ó inbhuanaitheacht an táirgthe agraibhia na costais a chothromú sa mheántéarma. Déanfar na costais a chothromú leis an oiriúnú d’athruithe aeráide freisin i ndáil le e.g. úsáid laghdaithe na n‑acmhainní nó cobhsaíocht táirgeachta níos airde. Ní eascraíonn oibleagáidí nua le haghaidh oibreoirí as bearta eile ach soláthraítear roghanna nua dóibh leo nó coinníollacha níos éadroime chun rochtain a fháil ar an margadh.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Leis an togra seo, tugtar córas rialála níos simplí isteach nach mbeidh chomh hanásta go háirithe le haghaidh an mhargaithe do gharraíodóirí amaitéaracha agus maidir le PRM, ag freastal ar chuspóirí an chaomhantais agus úsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní géiniteacha plandaí.

Tugtar an rogha d’oibreoirí gairmiúla leis an togra seo chun deimhniú PRM a dhéanamh faoi mhaoirseacht oifigiúil na n‑údarás inniúil, más é sin is mian leo. Tairgtear an rogha freisin chun scrúduithe teicniúla a dhéanamh le haghaidh thástáil na gcineálacha chun a chruthú go bhfuil luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe (‘VSCU’) ag na cineálacha sin, in áitreabh na bpóraitheoirí faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil. Tairgeann an dá rogha sin tuilleadh solúbthachta agus roghanna d’oibreoirí gairmiúla chun a bpleanáil ghnó a dhéanamh.

Thairis sin, tugtar rialacha níos éadroime agus coigeartaithe isteach leis an togra seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)rochtain ar an margadh le haghaidh cineálacha caomhantais agus orgánacha;

(b)PRM a bheartaítear d’úsáideoirí deiridh (amhail garraíodóirí amaitéaracha);

(c)PRM a bheartaítear do bhainc ghéinte, eagraíochtaí agus líonraí áirithe agus dóibh siúd amháin, agus lena gcoinneáil acu sin;

(d)síol a ndéantar malartuithe comhchineáil de idir feirmeoirí.

Déanfar roinnt próiseas a shimpliú. Tairbhíonn na bearta simplithe uile do líon suntasach FBManna agus micrifhiontar araon, arb iad sin formhór mór ghnó na hearnála. Ina theannta sin, eisiatar go hiomlán ó raon feidhme an togra PRM a dhíoltar nó a aistrítear ar bhealach ar bith eile, cé acu saor in aisce nó a mhalairt, idir aon duine lena úsáid phríobháideach féin agus lasmuigh dá cheird, mar aon le PRM a úsáidtear chun críoch tástála oifigiúla, an phórúcháin, cigireachtaí, taispeántas nó chun críoch eolaíochta agus chun na gcríoch sin amháin. Ar deireadh, tugtar bearta nua isteach leis an togra a bhaineann le digitiú earnáil PRM agus le rialacha maidir leis na teicnící bith‑mhóilíneacha chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht chlárú cineálacha agus deimhniú PRM a mhéadú.

Cearta bunúsacha

Leis an rialachán atá beartaithe, urramaítear forálacha uile Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe trí rialacha a leagan amach arb é is aidhm dóibh an tsaoirse fiontraíochta, seachaint an idirdhealaithe, agus cosaint tomhaltóirí agus an chomhshaoil.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht bhuiséadach ag an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Faoin gcúigiú bliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach 5 bliana dá éis sin, ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le roinnt gnéithe den Rialachán, agus go háirithe maidir le húsáid na maoluithe agus le beartais arb é is aidhm dóibh tacú le caomhnú agus le húsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní géiniteacha plandaí, leis an agrai‑bhithéagsúlacht agus le nósanna imeachta simplithe le haghaidh táirgeoirí beaga. Is gá sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeartas nua sin agus chun scrúdú a dhéanamh ar cé acu ba ghá nó nár ghá feabhsuithe. Go sonrach, baineann siad sin le tuairisciú ar na heilimintí seo a leanas:

cainníochtaí PRM deimhnithe agus caighdeánach agus limistéir a úsáidtear lena dtáirgeadh in aghaidh na bliana agus speicis, agus na cainníochtaí á sonrú a úsáidtear le haghaidh cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach;

cainníochtaí PRM d’ábhar ilchineálach arna mhargú agus limistéir a úsáidtear lena dtáirgeadh in aghaidh na bliana;

cainníochtaí PRM de chineálacha caomhantais arna margú in aghaidh na bliana agus an speicis;

an líon oibreoirí gairmiúla a bhfuil na maoluithe á núsáid acu chun margú d’úsáideoirí deiridh, na speicis atá i gceist agus cainníochtaí iomlána PRM in aghaidh an speicis;

an líon banc géinte, eagraíochtaí agus líonraí ag a bhfuil cuspóir reachtúil nó cuspóir dearbhaithe eile chun acmhainní géiniteacha plandaí a chaomhnú, agus speicis atá i gceist;

na cainníochtaí, mar a chinntear in aghaidh an speicis, le haghaidh síol a ndéantar malartuithe comhchineáil de idir feirmeoirí;

na cainníochtaí arna núdarú in aghaidh an speicis le haghaidh PRM a bheartaítear le haghaidh tástálacha agus triallacha chun cineálacha nua a phórú;

cainníochtaí PRM in aghaidh géinis agus speicis a úsáidtear i gcás deacrachtaí sealadach i soláthairtí;

cainníochtaí PRM in aghaidh géinis agus speicis arna nallmhairiú ó thríú tíortha;

an líon oibreoirí gairmiúla atá bunaithe i gcríoch an Bhallstáit.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

(i)Raon feidhme

Cuirfear an rialachán atá beartaithe in ionad na 10 dTreoir maidir le PRM a mhargú. Beidh feidhm aige maidir le liosta speiceas de bharra talmhaíochta, glasraí, plandaí torthaí agus fíniúnacha, ag a bhfuil tábhacht shóisialta agus eacnamaíoch áirithe, amhail an tslándáil bia, le haghaidh an Aontais.

Ní chumhdófar ábhar atáirgthe foraoise leis, a rialáiltear le Treoir 1999/105/CE ón gComhairle faoi láthair. Cuireadh togra ar leithligh isteach chun rialachán nua ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur in ionad na Treorach sin.

Ní chumhdófar ábhar atáirgthe le haghaidh plandaí ornáideacha leis an togra ach oiread.

Eiseofar leis PRM a onnmhairítear chuig tríú tíortha freisin.

(ii)Ceanglais maidir le táirgeadh agus le margú

Leis an rialachán atá beartaithe, coinnítear dhá phríomhcholún na dTreoracha maidir le PRM a mhargú, mar atá, cineálacha a chlárú agus luchtóga aonair PRM a dheimhniú.

Tugtar an riail ghinearálta isteach leis an togra nach gceadaítear PRM a tháirgeadh agus a mhargú, ach amháin más rud é go mbaineann sé le cineálacha a chláraítear i gcláir náisiúnta chineálacha agus le catagóirí réamhshainithe: ábhar nó síol ‘réamhbhunúsach’, ‘bunúsach’, ‘deimhnithe’ agus ‘caighdeánach’. Déantar foráil leis freisin maidir le hábhar ilchineálach a chlárú, arb ábhar é nach cineál ná meascán de chineálacha atá ann, agus le clóin, clóin roghnaithe, meascáin ilchlónacha agus PRM polaclónach a chlárú.

PRM mar ábhar nó síol réamhbhunúsach, bunúsach, deimhnithe agus caighdeánach, ní mór é a tháirgeadh agus a mhargú i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme um na catagóirí sin agus um na speiceas lena mbaineann. Is iad seo a leanas go háirithe na caighdeáin sin: Rialacha agus Rialacháin Scéimeanna na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Deimhniú Cineáil nó Rialú ar Shíolta a bhíonn ag Gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta ( 22 ), (‘Scéimeanna Síolta ECFE’), caighdeáin Choimisiún Eacnamaíoch na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le prátaí síl (UNECE), agus rialacha samplála agus tástála síolta an Chomhlachais Idirnáisiúnta um Thástáil Síolta (ISTA).

Comhlíontacht PRM leis na ceanglais maidir leis na catagóirí síl nó ábhair réamhbhunúsaigh, bhunúsaigh agus dheimhnithe, ní mór í a dheimhniú le cigireachtaí, sampláil, agus tástáil a dhéanfaidh na húdaráis inniúla (‘deimhniú oifigiúil’) agus a fhianú le lipéad oifigiúil. Tugtar liosta isteach leis an togra de speicis, nach ceadmhach na síolta díobh a tháirgeadh agus a mhargú ach amháin mar shíolta réamhbhunúsacha, bunúsacha nó deimhnithe. Léiríonn sé sin rialacha na dTreoracha maidir le PRM a mhargú atá i bhfeidhm faoi láthair agus na caighdeáin idirnáisiúnta lena mbaineann. Thairis sin, leagtar rialacha níos éadroime síos maidir le síol agus le hábhar caighdeánach le haghaidh catagóirí áirithe.

Mar chuid de nuachóiriú an chórais um dheimhniú, cuirtear freagrachtaí ar iontaoibh oibreoirí gairmiúla. Faoin togra, beidh sé indéanta freisin don údaráis inniúil oibreoirí gairmiúla a údarú chun na nithe seo a leanas a dhéanamh: (i) deimhniú PRM a fheidhmiú (‘deimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil’) agus (ii) an lipéad oifigiúil a phriontáil.

Leis an togra seo tugtar rialacha isteach maidir le lipéadú, pacáistiú, séalú agus luchtóga PRM. Tá cuid mhór díobh sin bunaithe ar Rialacha agus Rialacháin Scéimeanna Síolta ECFE agus ar an taithí a fuarthas ó chur chun feidhme na dTreoracha maidir le PRM a mhargú.

Ceadófar cineálacha síl a tháirgeadh agus a mhargú ina meascáin in éineacht le cineálacha eile síl de na géinis nó de na speicis chéanna nó de ghéinis nó de speicis eile a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Mar sin féin, tá an fhéidearthacht ag na Ballstáit táirgeadh agus margú meascáin síolta a cheadú inar meascán síolta é nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin, chun acmhainní géiniteacha a chaomhnú agus chun an comhshaol nádúrtha a chaomhnú.

Ar deireadh, déanfar tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa chun sainaitheantas cineáil agus íonacht cineáil luchtóg aonair síl a fhíorú. Féadfar tástálacha bith‑mhóilíneacha a úsáid chun sainaitheantas cineáil agus íonacht cineáil a fhíorú.

(iii)Maoluithe

Tugtar cur chuige solúbtha isteach le haghaidh gníomhaíochtaí, PRM agus cineálacha áirithe. Sna cásanna sin, leagtar ceanglais níos boige síos atá bunaithe ar an taithí a fuarthas ó na Treoracha maidir le PRM a mhargú, caighdeáin idirnáisiúnta, agus go háirithe an gá le tacú leis an agrai‑bhithéagsúlacht agus le caomhnú na n‑acmhainní géiniteacha.

Ina fhianaise sin, tugtar rialacha níos boige isteach leis an togra maidir le cineálacha caomhantais, ábhar ilchineálach, PRM a dhíoltar le húsáideoirí deiridh (amhail garraíodóirí amaitéaracha), PRM a mhargaítear do bhainc ghéinte, eagraíochtaí agus líonraí nó eatarthu, agus síolta a ndéantar malartuithe comhchineáil díobh idir feirmeoirí.

Leagtar maoluithe síos thairis sin leis an togra maidir le (i) PRM le haghaidh póraitheoirí a mhargú chun cineálacha nua a fhorbairt, (ii) PRM cineálacha nach bhfuil cláraithe fós agus a úsáidtear chun PRM a iolrú nó le haghaidh trialacha, (iii) PRM i gcásanna deacrachtaí sealadacha ina sholáthar, (iv) síolta nár deimhníodh go críochnaitheach fós. Leagtar maoluithe síos leis freisin le haghaidh bearta éigeandála agus turgnaimh shealadacha.

(iv)Allmhairí

Ní cheadófar PRM a allmhairiú ó thríú tíortha, ach amháin más rud é go suitear le measúnú go gcomhlíonann an PRM sin ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le PRM a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas. Beidh an measúnú sin bunaithe ar bhreithniú críochnúil ar an bhfaisnéis a sholáthair an tríú tír agus ar a reachtaíocht ábhartha. Beidh sé bunaithe freisin ar thoradh sásúil iniúchta arna dhéanamh ag an gCoimisiún sa tríú tír lena mbaineann, i gcás inar measadh gur ghá an t‑iniúchadh sin.

(v)Oibreoirí gairmiúla

Ní mór oibreoirí gairmiúla a bheith cláraithe sna cláir a bheidh le coimeád agus le tabhairt cothrom le dáta faoi Rialachán (AE) 2016/2031 ar mhaithe leis an simpliú toisc go gcumhdaítear go mór iad cheana féin leis an raon feidhme dá dtagraítear sa Rialachán sin. Ní mór d’oibreoirí gairmiúla buncheanglais áirithe a chomhlíonadh chun eolas iomchuí faoin PRM atá faoina rialú, láimhseáil iomchuí an PRM sin, a áirithiú. Beidh PRM a mhargaítear idir oibreoirí gairmiúla faoi réir ceanglais maidir leis an inrianaitheacht.

(vi)Cineálacha a chlárú

Tugtar an riail ghinearálta isteach leis an togra nach mór PRM a bheith ag baint le cineálacha cláraithe. Leagtar amach thairis sin leis an nós imeachta agus na coinníollacha maidir leis na cineálacha sin a chlárú.

Sonraítear leis an togra nach mór cineál a bheith áirithe in aon chlár náisiúnta cineálacha amháin ar a laghad. Beidh an fíoras sin leordhóthanach chun go gceadófar láithreach an cineál a mhargú ar fud an Aontais. Cuirfear an cineál sin faoi bhráid clár cineálacha de chuid an Aontais freisin agus Tairseach Chineálacha Plandaí an Aontais á húsáid, rud lena dtabharfar forbhreathnú ar na cineálacha uile a cheadaítear a mhargú.

Clárófar cineálacha faoi dhá chatagóir:

(i)cineálacha ag a bhfuil tuairisc oifigiúil, a ndéantar tástáil ar a sainiúlacht, a naonfhoirmeacht agus a gcobhsaíocht (DUS); agus

(ii)cineálacha caomhantais ag a bhfuil tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil, gan aon ghá le tástáil DUS a dhéanamh orthu agus a bhíonn faoi réir ceanglais níos boige maidir le margú.

Cineálacha a bhíonn faoi réir tástáil DUS (tuairisc oifigiúil), déanfar tástáil bhreise ar a luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe (VSCU). Leathnaítear raon feidhme an mheasúnaithe VSCU leis an rialachán atá beartaithe, ó bharra talmhaíochta (raon feidhme na dTreoracha maidir le PRM atá i bhfeidhm faoi láthair) chun go gcuimseofar speicis ghlasraí agus torthaí freisin, chun cur chuige níos leithne agus níos inbhuanaithe a áirithiú le haghaidh earnáil uile PRM. Chun bheith cláraithe, ní mór feabhas a bheith i gceist leis na cineálacha sin, ar an iomlán, i gcomparáid leis na cineálacha eile sna géinis nó sna speicis chéanna maidir leis na gnéithe seo a leanas:

táirgeacht, lena náirítear cobhsaíocht táirgeachta agus táirgeacht faoi dhálaí ionchuir ísil;

fulaingt/frithsheasmhacht in aghaidh struis bhitheach, lena náirítear galair phlandaí ar néimeatóidí, fungais, baictéir, víris, feithidí agus lotnaidí eile is cúis leo;

fulaingt/frithsheasmhacht in aghaidh struis aibitheacha, lena náirítear oiriúnú do dhálaí an athraithe aeráide;

úsáid níos éifeachtúla as acmhainní nádúrtha, amhail uisce agus cothaithigh;

gá laghdaithe le hionchuir sheachtracha, amhail táirgí cosanta plandaí agus leasacháin;

saintréithe lena bhfeabhsaítear inbhuanaitheacht na stórála, na próiseála agus an dáilte;

saintréithe cáilíochta nó cothaitheacha.

Bíonn na gnéithe sin tábhachtach chun a áirithiú go gcuideoidh cineálacha nua le táirgeadh talmhaíochta inbhuanaithe, rud a fhreastalaíonn ar riachtanais eacnamaíocha, chomhshaoil agus shochaíocha níos leithne.

I bhfianaise thábhacht na tástála DUS, is iad na húdaráis inniúla amháin a dhéanfaidh an tástáil sin. Déanfaidh an Oifig Comhphobail um Chineálacha Plandaí (CPVO) iniúchadh ar an áitreabh a úsáidtear le haghaidh na tástála sin i ngeall ar a saineolas san earnáil sin.

Mar sin féin, is féidir leis na hoibreoirí gairmiúla tástáil VSCU a dhéanamh freisin faoi mhaoirseacht oifigiúil na n‑údarás inniúil. Tá údar cuí leis sin de réir mar a leathnaítear raon feidhme VSCU chun tuilleadh speiceas a chuimsiú agus tá gá le hinfhaighteacht na saoráidí tástála a áirithiú. Iniúchfaidh na húdaráis inniúla an t‑áitreabh a úsáideann na hoibreoirí gairmiúla.

Cineálacha ar deonaíodh ceart ar chineál planda dóibh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle, nó de bhun reachtaíocht Bhallstáit, measfar go bhfuil na cineálacha sin sainiúil, aonfhoirmeach agus cobhsaí agus go bhfuil ainmníocht oiriúnach acu chun críocha an rialacháin atá beartaithe. Féadfaidh údaráis inniúla úsáid a bhaint as tástáil DUS agus VSCU a dhéanann údaráis de chuid Ballstáit eile freisin chun cineál a chlárú ina gcláir náisiúnta.

Leis an togra leagtar rialacha amach thairis sin a bhaineann le hiarratais a chur isteach, inneachar, scrúdú foirmiúil agus dáta chur isteach na n‑iarratas ar chineál a chlárú, scrúduithe teicniúla, agus eagrú, rialacha breise maidir le scrúdú teicniúil, rúndacht, an tuarascáil shealadach scrúdúcháin agus an tuairisc oifigiúil shealadach, an tuarascáil scrúdúcháin agus an tuairisc oifigiúil chríochnaitheach, an scrúdú ar ainmníocht cineáil, agus an cinneadh maidir le cineál a chlárú sa chlár náisiúnta cineálacha.

Is é 10 mbliana an tréimhse a bheidh i gceist le clárúchán cineáil, chun an nuálaíocht a spreagadh mar aon le cineálacha nua a chur in ionad na gcineálacha sin. I gcás cineálacha plandaí torthaí agus ábhar iomadaithe fíniúna, is é 30 bliain a bheidh i gceist leis an tréimhse clárúcháin. Is amhlaidh sin i ngeall ar an tréimhse níos faide a theastaíonn chun timthriall táirgthe an speicis sin a chur i gcrích. Beidh an tréimhse clárúcháin faoi réir athnuachana.

Leagtar rialacha amach leis an togra maidir leis na cineálacha cláraithe a chothabháil, a dhoiciméadú agus a shampláil, chun a sainaithint agus a rialú éifeachtach ar feadh thréimhse a gclárúcháin a áirithiú.

(vii)Leasuithe ar ghníomhartha eile de chuid an Aontais agus forálacha críochnaitheacha

Tá leasú san áireamh leis an rialachán atá beartaithe ar Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 23 , trí shoiléiriú go rialáiltear lotnaidí neamhchoraintín rialáilte (RNQPanna) faoin Rialachán sin go heisiach. Tugtar isteach leis thairis sin an fhéidearthacht go gcuirfear lipéad OECD le haghaidh PRM allmhairithe i gcomhcheangal leis an bpas plandaí i bhformáid aonair.

Tugtar isteach thairis sin leis an togra leasú ar Rialacháin (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun rialacha PRM a áireamh faoi raon feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le rialuithe oifigiúla. Beidh feidhm ag bunrialacha agus ag bunphrionsabail na rialuithe oifigiúla maidir le PRM a tháirgeadh agus a mhargú freisin, lena n‑áirítear na bunrialacha agus bunphrionsabail sin maidir le hinniúlachtaí na n‑údarás, cúraimí a tharmligean, agus deimhniú. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún rialacha speisialta a ghlacadh maidir le rialuithe oifigiúla ar PRM a mhargú agus ar oibreoirí gairmiúla, de réir mar is gá. I gcás na n‑allmhairí, beidh feidhm ag na rialacha ginearálta ar bhonn riosca.

Ar deireadh, déantar leasú leis an rialachán atá beartaithe ar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 maidir le táirgeadh orgánach, chun inneachar an ‘ábhair atáirgthe plandaí’ agus an ‘ábhair ilchineálaigh orgánaigh’, dá dtagraítear sa Rialachán sin, a thabhairt cothrom le dáta. Áirithítear leis freisin go leagtar amach na rialacha uile maidir le PRM d’ábhar ilchineálach, idir ábhar ilchineálach orgánach agus neamhorgánach, leis an Rialachán atá beartaithe go heisiach.

Beidh feidhm ag an rialachán atá beartaithe 3 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm chun an tréimhse iomchuí a thabhairt do na húdaráis inniúla agus d’oibreoirí gairmiúla chun oiriúnú do na forálacha nua. Tabharfaidh sé sin am don Choimisiún freisin chun na gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme is gá a ghlacadh. Beidh feidhm ag idirthréimhse bhreise 2 bhliain maidir leis na ceanglais nua i dtaca le tástáil VSCU ar chineálacha nua plandaí torthaí agus glasraí a chur i bhfeidhm.

2023/0227 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hábhar atáirgthe plandaí a tháirgeadh agus a mhargú san Aontas, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/2031, 2017/625 agus 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CEE, 2002/53/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE, 2008/72/CE agus 2008/90/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hábhar atáirgthe plandaí)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 25 ,,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá rialacha maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí (‘PRM’) barr talmhaíochta, glasraí, fíniúnacha agus plandaí torthaí leagtha síos ar leibhéal an Aontais ó bhí na 1960idí ann. Déantar táirgeadh agus margú PRM a rialáil ar chríoch an Aontais le Treoir 66/401/CEE( 26 ); 66/402/CEE( 27 ); 68/193/CEE( 28 ); 2002/53/CE( 29 ); 2002/54/CE( 30 ); 2002/55/CE( 31 ); 2002/56/CE( 32 ); 2002/57/CE( 33 ); 2008/72/CE( 34 ) agus 2008/90/CE ón gComhairle ( 35 ) (na ‘Treoracha maidir le PRM a mhargú’). Tá na gníomhartha dlí sin ina gcreat dlíthiúil maidir le PRM a tháirgeadh agus a mhargú agus dá bhrí sin bhain tábhacht an‑mhór leo chun an margadh aonair PRM a chruthú san Aontas.

(2)Deimhníodh leis na measúnuithe tionchair a rinne an Coimisiún in 2013 agus in 2023 go raibh tionchar suntasach ag na Treoracha sin ar shaorghluaiseacht, infhaighteacht agus cáilíocht PRM ar mhargadh an Aontais agus gur éascaigh siad trádáil PRM laistigh den Aontas dá réir sin.

(3)Mar sin féin, is gá na rialacha maidir le táirgeadh agus le margú PRM a oiriúnú do na forbairtí eolaíocha agus teicniúla i réimsí na dteicnící táirgthe talmhaíochta agus gairneoireachta agus an phóraithe plandaí. Thairis sin, is gá an reachtaíocht a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn na nathruithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta agus ar thaithí a fuarthas leis na Treoracha maidir le PRM a chur i bhfeidhm. Is gá na rialacha sin a shoiléiriú chun cur chun feidhme níos comhchuibhithe a éascú. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán aonair maidir le PRM a tháirgeadh agus a mhargú laistigh den Aontas a chur in ionad na dTreoracha maidir le PRM a mhargú.

(4)Is é PRM an tábhar tosaigh chun plandaí a tháirgeadh san Aontas. Dá bhrí sin, bíonn sé criticiúil chun amhábhar a tháirgeadh chun críoch bia agus beatha agus chun acmhainní plandaí a úsáid go héifeachtúil. Cuidíonn sé le cosaint an chomhshaoil agus le cáilíocht an tslabhra bia agus leis an soláthar bia san Aontas ina iomláine. Maidir leis sin, is cosúil go bhfuil infhaighteacht, cáilíocht agus éagsúlacht PRM ríthábhachtach amach is amach chun an taistriú chuig córais bhia inbhuanaithe a bhaint amach, rud a iarrtar sa Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc 36 , agus sa talmhaíocht, gairneoireacht, cosaint an chomhshaoil, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, slándáil bia agus beatha, agus ar mhaithe leis an ngeilleagar i gcoitinne.

(5)Chun an taistriú sin chuig córais bia inbhuanaithe a bhaint amach, ba cheart an gá a chur san áireamh le reachtaíocht an Aontais, le hinoiriúnaitheacht tháirgeadh PRM do na hathruithe atá ag teacht ar dhálaí talmhaíochta, gairneoireachta agus comhshaoil a áirithiú, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a leanann an tathrú aeráide, leis an mbithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú agus chun na méaduithe, atá ag teacht ar ionchais feirmeoirí agus tomhaltóirí a bhaineann le cáilíocht agus le hinbhuanaitheacht PRM, a shásamh.

(6)Níor cheart a chumhdach le raon feidhme an Rialacháin seo ach amháin PRM de ghéinis agus de speicis áirithe lena mbaineann tábhacht eacnamaíoch agus shóisialta mhéadaithe. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an tábhacht sin ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil réimse táirgthe agus luacha suntasach i gceist leis na géinis agus leis na speicis sin san Aontas, ar a ról maidir le slándáil an táirgthe bia agus beatha san Aontas, agus ar cé acu a mhargaítear nó nach margaítear iad in dhá Bhallstát ar a laghad. D’fhéadfadh roinnt gnéithe teicniúla a bheith i gceist leis an réimse táirgthe agus luacha sin. Ag brath ar na cúinsí, féadfar é a ríomh ar bhonn tosca amhail méid iomlán na talún táirgiúla i roinnt limistéir dhifriúla den Aontas, luach margaíochta PRM i ndáil le hearnálacha sonracha, nó na héilimh ar na speicis sin ó fheirmeoirí, ó úsáideoirí deiridh agus ón tionscal.

(7)Ba cheart na géinis agus speicis a liostú agus a aicmiú de réir na húsáide atá beartaithe dóibh, is é sin mar bharra talmhaíochta, glasraí, torthaí plandaí nó fíniúnacha. Is gá an taicmiú sin chun cur chuige comhréireach a áirithiú toisc nach mbaineann tábhacht le speicis áirithe ach le haghaidh úsáidí áirithe agus iad sin amháin.

(8)Thairis sin, d’fhéadfadh saintréithe a bheith ag cineálacha áirithe a d’fhágfadh, agus iad á saothrú faoi choinníollacha áirithe, go bhféadfadh éifeachtaí agranamaíocha neamh‑inmhianaithe a bheith acu lena ndéanfaí dochar do chuspóir an Rialacháin chun cuidiú le hinbhuanaitheacht an táirgthe talmhaíochta. Ní féidir an cuspóir sin a bhaint amach ach amháin má bhíonn na cineálacha sin faoi réir coinníollacha saothraithe iomchuí faoina seachnaítear na héifeachtaí agranamaíocha neamh‑inmhianaithe sin. Ba cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha sin maidir le saothrú na gcineálacha sin chun bia, beatha nó ábhair thionsclaíocha a tháirgeadh agus ní díreach nuair a bheartaítear an saothrú sin chun PRM a tháirgeadh agus a mhargú. Dá bhrí sin, ba cheart na coinníollacha faoina saothraítear na cineálacha sin a chumhdach leis an Rialachán seo, chun bia, beatha nó táirgí eile a tháirgeadh freisin.

(9)Ba cheart PRM a shainmhíniú ar bhealach cuimsitheach, lena náirítear na plandaí uile atá in ann plandaí iomlána a tháirgeadh, agus a bheartaítear lena aghaidh sin. Ba cheart, dá bhrí sin, síolta a chumhdach leis an Rialachán seo freisin, mar aon leis na foirmeacha eile uile de phlandaí, is cuma cén staid fáis ina bhfuil siad, ar síolta iad atá in ann plandaí iomlána a tháirgeadh agus a bheartaítear lena aghaidh sin.

(10)Níor cheart ábhar atáirgthe foraoise a chumhdach leis an Rialachán seo i ngeall ar a shaintréithe áirithe, agus na coincheapa agus an téarmeolaíocht an‑difriúil atá i gceist leis. Ar an gcúis sin, tá ábhar atáirgthe foraoise faoi réir gníomh dlí ar leithligh, agus mar atá Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 +.

(11)Níor cheart ábhair iomadaithe plandaí ornáideacha a chumhdach leis an Rialachán seo, toisc gur thángthas ar an gconclúid, tar éis comhairliúchán leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara, go gcumhdaítear riachtanais na hearnála go hoiriúnach le Treoir 98/56/CE ón gComhairle. ( 38 ).

(12)Níor cheart PRM a onnmhairítear chuig tríú tíortha a chumhdach leis an Rialachán seo, ná PRM a úsáidtear chun críoch tástála oifigiúla, an phórúcháin, cigireachtaí, taispeántas nó chun críoch eolaíochta agus chun na gcríoch sin amháin. Is amhlaidh sin toisc nach gceanglaítear sainaitheantas ná caighdeáin cháilíochta chomhchuibhithe áirithe le haghaidh na gcatagóirí PRM sin agus toisc nach ndéanann siad dochar do shainaitheantas ná do cháilíocht PRM eile a mhargaítear san Aontas.

(13)Níor cheart PRM a chumhdach leis an Rialachán seo ar PRM é a dhíoltar nó a aistrítear ar bhealach ar bith eile, cé acu saor in aisce nó a mhalairt, idir aon duine lena úsáid phríobháideach féin agus lasmuigh dá cheird. Bheadh sé díréireach rialacha a leagan amach maidir leis an úsáid sin a bhaint as PRM, toisc nach ndéantar an cineál aistrithe sin de ghnáth ach le méideanna an‑bheag, toisc nach mbaineann aon chríoch thráchtála leis agus toisc nach mbaineann sé ach le gníomhaíochtaí príobháideacha.

(14)Chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí roghanna eolasacha a dhéanamh, níor cheart PRM a tháirgeadh agus a mhargú ach amháin má bhaineann sé le cineálacha atá cláraithe i gcláir náisiúnta cineálacha.

(15)Mar sin féin, is iomchuí, i gcás inar gá, fréamhstoic a dhíolmhú ón gceanglas baint a bheith acu le cineál, toisc gurb amhlaidh, cé go mbaineann luach suntasach leo, gur minic nach dtagann siad faoin sainmhíniú ar chineál.

(16)Chun an sainaitheantas, an cháilíocht agus an trédhearcacht a áirithiú agus chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí roghanna eolasacha a dhéanamh, ba cheart PRM, mar riail ghinearálta, a tháirgeadh nó a mhargú faoi chatagóirí réamhshainithe. Ba cheart na catagóirí sin a bheith ina léiriú ar chéimeanna difriúla den ghiniúint agus ar leibhéil cháilíochta dhifriúla, agus, ar bhonn na téarmeolaíochta atá bunaithe go hidirnáisiúnta, na hainmneacha síol ‘réamhbhunúsach’, ‘bunúsach’, ‘deimhnithe’ agus ‘caighdeánach’ agus ábhar ‘réamhbhunúsach’, ‘bunúsach’, ‘deimhnithe’ agus ‘caighdeánach’ a thabhairt orthu, i gcás PRM seachas síolta, agus .

(17)Ba cheart PRM de gach ceann de na catagóirí sin a tháirgeadh agus a mhargú i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, chun an leibhéal is airde is féidir dá shainaitheantas agus dá cháilíocht a áirithiú, agus chun bheith i gcomhréir leis na forbairtí teicniúla agus eolaíocha is déanaí. Ba cheart iad seo a leanas a áireamh leis na caighdeáin sin: na Scéimeanna maidir le Deimhniú Cineáil nó Rialú ar Shíolta a bhíonn ag Gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta ( 39 ), (‘Scéimeanna Síolta ECFE’), caighdeáin Choimisiún Eacnamaíoch na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le prátaí síl (UNECE), agus rialacha samplála agus tástála síolta an Chomhlachais Idirnáisiúnta um Thástáil Síolta (ISTA).

(18)I gcomhréir leis na caighdeáin sin, ba cheart comhlíontacht PRM leis na ceanglais maidir leis na catagóirí réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe a dheimhniú le cigireachtaí, sampláil, tástáil agus tástáil oifigiúil ar dháileachtaí talún cóimheasa a dhéanfaidh na húdaráis inniúla (‘deimhniú oifigiúil’) agus ba cheart í a fhianú le lipéad oifigiúil.

(19)Ba cheart rialacha sonracha a leagan síos maidir le clóin, clóin roghnaithe, meascáin ilchlónacha agus PRM polaclónach a tháirgeadh agus a mhargú, i ngeall ar a dtábhacht agus a núsáid mhéadaithe san earnáil PRM. Chun an trédhearcacht, roghanna eolasacha le haghaidh a núsáideoirí agus rialuithe oifigiúla éifeachtacha a áirithiú, ba cheart na clóin a chlárú i gclár poiblí speisialta arna bhunú ag na húdaráis inniúla. Rialacha maidir leis na clóin a chothabháil, ba cheart iad a leagan síos freisin chun caomhnú agus sainaithint na gclón a áirithiú.

(20)Ba cheart don údarás inniúil oibreoirí gairmiúla a údarú chun deimhniú a fheidhmiú faoi mhaoirseacht oifigiúil ar PRM a bhaineann le speicis agus le catagóirí áirithe agus chun an lipéad oifigiúil a phriontáil. Ba cheart rialacha a leagan amach maidir leis an maoirseacht oifigiúil ag an údarás inniúil lena mbaineann agus maidir leis an údarú sin a tharraingt siar nó a mhodhnú. Is gá na rialacha sin chun a áirithiú go bhfeidhmíonn an córas um dheimhniú ar fad go héifeachtach.

(21)Chun a áirithiú go mbeidh PRM chomh híon agus chomh haonchineálach agus is féidir, ba cheart PRM a choimeád ina luchtóga ar leithligh, agus é a dhealú ó ábhar eile nach ionann é agus PRM, amhail gráin le haghaidh bia nó beatha.

(22)I bhfianaise éagsúlacht mhór PRM, ba cheart d’oibreoirí gairmiúla a bheith in ann luchtóga PRM a mhargú i bhfoirm plandaí aonair, pacáistí, cuacha nó coimeádáin, nó i mbulc.

(23)Ba cheart rialacha a ghlacadh maidir le PRM a lipéadú chun a áirithiú go sainaithneofar an tábhar sin go hiomchuí in aghaidh na catagóire trí fhianú na comhlíontachta leis na ceanglais ábhartha a bhaineann le síol agus le hábhar réamhbhunúsach, bunúsach, deimhnithe agus caighdeánach.

(24)I gcás síol agus ábhar réamhbhunúsach, bunúsach, deimhnithe agus caighdeánach, ba cheart d’údarás inniúil lipéad oifigiúil a eisiúint, agus ba cheart lipéad oibreora a eisiúint le haghaidh síol nó ábhar caighdeánach. Is gá sin chun idirdhealú a dhéanamh idir PRM atá faoi réir deimhniúcháin (deimhniú oifigiúil nó deimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil) agus PRM a tháirgtear faoi fhreagracht an oibreora ghairmiúil. Is é atá mar aidhm ag lipéad sonrach a eisiúint go néascófar leis na hoibreoirí gairmiúla agus leis na tomhaltóirí, a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh PRM ar chaighdeáin dhifriúla a roghnú, roghanna eolasacha a dhéanamh. D’éascódh sé obair na núdarás inniúil freisin agus a rialuithe oifigiúla á ndearadh acu i gcomhréir le ceanglais ábhartha gach catagóire.

(25)Ba cheart d’oibreoirí gairmiúla údaraithe, faoi mhaoirseacht oifigiúil na núdarás inniúil, an lipéad oifigiúil a ullmhú agus a ghreamú. Mar sin féin, ó tharla go bhféadfadh sé nach mbeadh na hacmhainní ag oibreoirí gairmiúla áirithe chun na gníomhaíochtaí deimhniúcháin uile a dhéanamh agus lipéid oifigiúla a phriontáil, ba cheart a fhoráil gur féidir leis na húdaráis inniúla aon chéim dheimhniúcháin a dhéanamh freisin, arna iarraidh sin ag oibreoirí gairmiúla.

(26)Ba cheart rialacha a leagan amach maidir le hinneachar agus le foirm an lipéid oifigiúil agus lipéad an oibreora, chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gceanglas ábhartha maidir le táirgeadh agus le margú a áirithiú le haghaidh gach catagóire agus sainaitheantas na lipéad sin.

(27)Ba cheart sraithuimhir a bheith ar gach lipéad agus ar gach lipéad oibreora, chun go ráthófar sainaitheantas agus inrianaitheacht iomchuí an PRM lena mbaineann agus éifeachtacht na rialuithe oifigiúla.

(28)Ceanglaítear leis na Treoracha maidir le PRM a mhargú agus leis an gcleachtas agus le caighdeáin idirnáisiúnta nach ndéanfar síolta a bhaineann le speicis áirithe a tháirgeadh agus a mhargú ach amháin mar shíolta réamhbhunúsacha, bunúsacha nó deimhnithe, i ngeall ar a dtábhacht ó thaobh na slándála bia agus na próiseála tionsclaíche de, agus chun leasanna na bhfeirmeoirí a tháirgeann iad a chosaint. Ar an gcúis sin, níor cheart síolta áirithe a tháirgeadh agus a mhargú ach amháin mar shíolta réamhbhunúsacha, bunúsacha nó deimhnithe, ach amháin más rud é go mbíonn na costais lena dtáirgeadh agus lena margú comhréireach leis an gcuspóir go náiritheofar síol cáilíochta le haghaidh na bhfeirmeoirí, an tslándáil bia agus beatha, nó go mbíonn siad comhréireach leis an gcuspóir go náiritheofar ardluach na próiseála tionsclaíche. Ba cheart na costais sin a bheith comhréireach leis na caighdeáin is airde a bhaint amach maidir le sainaitheantas agus le cáilíocht an tsíl freisin, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le síol réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe. Ba cheart liosta a leagan síos de na speicis síolta sin dá bhrí sin, nach ceadmhach síol díobh a tháirgeadh agus a mhargú ach amháin mar shíolta réamhbhunúsacha, bunúsacha nó deimhnithe.

(29)Is minic a mhargaítear síolta i meascán cineálacha den speiceas céanna nó de na meascáin speiceas chéanna. Mar sin féin, ba cheart táirgeadh agus margú shíolta na ngéineas nó na speiceas, a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a cheadú i meascáin nach bhfuil iontu ach síolta na ngéineas nó na speiceas a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Is gá é sin chun a áirithiú go nurramófar na caighdeáin ábhartha maidir le táirgeadh agus le margú. Mar sin féin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit chun táirgeadh agus margú meascáin síolta a cheadú inar meascán síolta é a chumhdaítear leis an Rialachán seo, in éineacht le síolta nach mbaineann le géinis ná le speicis a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun acmhainní géiniteacha a chaomhnú agus an comhshaol nádúrtha a chaomhnú. Is amhlaidh sin toisc gurb iad na speicis sin na speicis is iomchuí chun críche an chaomhnaithe sin. Ba cheart rialacha a leagan amach maidir leis na meascáin sin chun a sainaitheantas agus a gcáilíocht a áirithiú.

(30)Ba cheart ceanglais a leagan síos maidir le hathphacáistiú agus le hathlipéadú na síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe, chun a ráthú nach ndéanfar athrú ar shainaitheantas ná ar cháilíocht an PRM lena mbaineann le linn na noibríochtaí sin.

(31)Ba cheart tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa a dhéanamh chun sainaitheantas cineáil agus íonacht cineáil luchtóg aonair síl a fhíorú. Ba cheart rialacha sonracha a leagan amach maidir leis na tástálacha sin ar shíol réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe, ar bhonn na gcaighdeán idirnáisiúnta is infheidhme agus na taithí a fuarthas trí chur i bhfeidhm na dTreoracha maidir le PRM a mhargú.

(32)Ní chomhlíonann sóirt áirithe chineálacha na ceanglais atá bunaithe maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht. Mar sin féin, baineann tábhacht leo ó thaobh chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe na nacmhainní géiniteacha plandaí de. Is cineálacha iad a fhástar go traidisiúnta nó cineálacha nua a tháirgtear go háirithe faoi dhálaí áitiúla sonracha agus atá oiriúnaithe do na dálaí sin. Is é leibhéal aonfhoirmeachta laghdaithe, go háirithe, a bhíonn i gceist lena saintréithe i ngeall ar ardleibhéal éagsúlachta géinití agus feinitíopaí idir aonaid atáirgthe aonair. Gairtear ‘cineálacha caomhantais’ de na cineálacha sin. Cuidíonn táirgeadh agus margú na gcineálacha sin le cuspóirí an Chonartha Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht chun caomhnú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní géiniteacha plandaí a chur chun cinn le haghaidh an bhia agus na talmhaíochta ( 40 ). Mar pháirtí leis an gConradh, tá gealltanas tugtha ag an Aontas tacú leis na cuspóirí sin.

(33)I bhfianaise shaintréithe speisialta sin na gcineálacha caomhantais, agus de mhaolú ar na ceanglais atá leagtha síos maidir le táirgeadh agus le margú, ba cheart táirgeadh agus margú PRM a bhaineann leis na cineálacha sin a cheadú faoi cheanglais níos boige. Tá an cuspóir sin i gcomhréir le prionsabail an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus go háirithe, le prionsabal chosaint na bithéagsúlachta. I dtaca leis na ceanglais maidir le hábhar caighdeánach le haghaidh an speicis lena mbaineann, is iomchuí foráil a dhéanamh i dtaca le comhlíonadh na gceanglas sin i gcás an ábhair sin dá bhrí sin. Ba cheart an PRM sin a bhaineann le cineálacha caomhantais a lipéadú leis an tásc ‘Cineálacha caomhantais’ dá bhrí sin. Ba cheart na cineálacha sin a chlárú freisin, chun a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla iad a rialú agus chun roghanna eolasacha dá núsáideoirí agus éifeachtacht na rialuithe oifigiúla a ráthú.

(34)Léirigh taithí de thoradh chur i bhfeidhm na dTreoracha maidir le margú gur minic is spéis le húsáideoirí deiridh PRM (garraíodóirí amaitéaracha agus daoine eile) PRM níos éagsúla a úsáid a fhreagraíonn do riachtanais dhifriúla, gan gá a bheith acu leis na héilimh cháilíochta chéanna agus a bhíonn ag na hoibreoirí gairmiúla. Is iomchuí dá bhrí sin a cheadú, de mhaolú ar rialacha áirithe, go bhféadfar PRM a mhargú d’úsáideoirí deiridh gan an riachtanas na ceanglais maidir le clárú cineálacha a chomhlíonadh ná an riachtanas na ceanglais maidir le deimhniú a chomhlíonadh ná na ceanglais maidir le hábhar caighdeánach. Is gá an maolú sin chun a áirithiú go dtairgfear éagsúlacht níos leithne don tomhaltóir, agus na ceanglais cháilíochta ghinearálta á nurramú an tráth céanna. Thairis sin, ar chúiseanna na trédhearcachta agus ar mhaithe le rialú níos fearr, ba cheart rialacha a leagan amach maidir le pacáistiú agus le lipéadú PRM nach mbeartaítear ach le haghaidh úsáideoirí deiridh amháin. Ar an gcúis chéanna, ba cheart d’oibreoirí gairmiúla, a úsáideann an maolú sin maidir le margú d’úsáideoirí deiridh, fógra a thabhairt faoin ngníomhaíocht sin do na húdaráis inniúla.

(35)Oibríonn roinnt mhaith banc géinte, eagraíochtaí agus líonraí san Aontas agus é de chuspóir acu acmhainní géiniteacha plandaí a chaomhnú. Chun a ngníomhaíocht a éascú, is iomchuí ceadú maidir leis an PRM sin a mhargaítear dóibh, nó ina measc, go maolófar é ó na ceanglais atá bunaithe maidir le táirgeadh agus le margú, agus go gcomhlíonfaidh an PRM sin rialacha níos boige ina áit sin.

(36)Déanann feirmeoirí malartuithe comhchineáil de chainníochtaí beaga síolta de ghnáth chun bainistíocht dhinimiciúil a dhéanamh ar a síol féin. Is iomchuí dá bhrí sin go ndéanfar foráil maidir le maolú ó na ceanglais atá bunaithe i gcás cainníochtaí beaga síolta a mhalartaítear idir feirmeoirí. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag maolú den sórt sin más rud é nach mbaineann na síolta sin le cineál dá bhfuil cearta maidir le cineálacha plandaí deonaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2100/94 ón gComhairle ( 41 ). Ba cheart a cheadú do na Ballstáit na cainníochtaí beaga sin a shainiú le haghaidh speicis shonracha in aghaidh na bliana, chun a áirithiú nach mbainfear aon mhí‑úsáid as an maolú sin, ag a mbeadh tionchar ar mhargú na síolta.

(37)De réir na dTreoracha maidir le PRM a mhargú, ceadaítear maoluithe ó na ceanglais atá bunaithe maidir le PRM a mhargú ar PRM é a bhaineann le cineálacha nach bhfuil cláraithe fós; ar PRM é de chineálacha nach bhfuil tástáil iomlán déanta orthu fós; ar PRM é de shíol nach gcomhlíonann na ceanglais is infheidhme chun go gcuirfear ar fáil ar an margadh go mear é; ar PRM é de shíol nár deimhníodh go críochnaitheach fós; ar PRM é atá le húdarú go sealadach chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí sealadacha sa soláthar; agus ar PRM é chun turgnaimh shealadacha a dhéanamh chun roghanna malartacha feabhsaithe a lorg ar fhorálacha áirithe den reachtaíocht is infheidhme a bhaineann leis na ceanglais maidir le baint a bheith ag PRM le cineál cláraithe agus ceanglais sainaitheantais agus cháilíochta áirithe a chomhlíonadh. Bhí na maoluithe sin úsáideach agus riachtanach le haghaidh na noibreoirí gairmiúla agus na núdarás áitiúil, gan fadhbanna a chruthú le haghaidh mhargadh inmheánach PRM. Dá bhrí sin, ba cheart iad a choinneáil ar bun. Ba cheart coinníollacha a leagan amach maidir leis na maoluithe sin, chun a áirithiú nach mbainfear mí‑úsáid astu agus nach ndéanann siad difear díobhálach don mhargadh inmheánach PRM.

(38)Maidir le PRM a úsáid nach mbaineann le cineál de bhun an Rialacháin seo, ach le grúpáil plandaí laistigh de thacsón luibheolaíoch aonair, a bhfuil ardleibhéal éagsúlachta géinití agus feinitíopaí idir na haonaid atáirgthe aonair inti (‘ábhar ilchineálach’), d’fhéadfadh tairbhí a bheith i gceist leis an úsáid sin go háirithe sa táirgeadh orgánach agus sa talmhaíocht ionchuir ísil, trí fheabhas a chur ar an athléimneacht agus tríd an éagsúlacht ghéiniteach laistigh de speicis plandaí saothraithe a mhéadú. Dá bhrí sin, ba cheart táirgeadh agus margú PRM ábhair ilchineálaigh a cheadú gan an riachtanas na ceanglais maidir le clárú cineálacha a chomhlíonadh ná ceanglais eile an Rialacháin seo maidir le táirgeadh agus le margú. Ba cheart ceanglais shonracha maidir le táirgeadh agus margú an ábhair sin a leagan amach.

(39)Ní mór do tháirgeadh agus do mhargú PRM an Aontais na caighdeáin is airde a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, níor cheart allmhairiú PRM ó thríú tíortha a cheadú ach amháin más rud é go suitear le measúnú ar na caighdeáin sainaitheantais agus cháilíochta is infheidhme dá gcuid agus ar a gcóras deimhniúcháin go gcomhlíonann an PRM sin ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le PRM a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas. Ba cheart an measúnú sin a bheith bunaithe ar bhreithniú críochnúil ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn an tríú tír agus ar a reachtaíocht ábhartha. Ba cheart é a bheith bunaithe freisin ar thoradh sásúil iniúchta arna dhéanamh ag an gCoimisiún sa tríú tír lena mbaineann, i gcás ina measfaidh an Coimisiún gur gá an tiniúchadh sin.

(40)Ba cheart rialacha a leagan amach maidir le lipéadú agus le faisnéis a bheidh le soláthar le haghaidh an PRM allmhairithe chun é a shainaithint i gceart, chun críoch na hinrianaitheachta, agus gur féidir lena úsáideoirí roghanna eolasacha a dhéanamh agus chun rialuithe oifigiúla a chumasú.

(41)Chun trédhearcacht agus rialuithe níos éifeachtaí ar tháirgeadh agus ar mhargú PRM a áirithiú, ba cheart oibreoirí gairmiúla a bheith cláraithe. Is iomchuí go gcláraíonn siad sna cláir atá bunaithe ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 42 ), chun an tualach riaracháin le haghaidh na noibreoirí gairmiúla sin a laghdú. Tá sé sin comhréireach freisin toisc go bhfuil formhór mór na noibreoirí gairmiúla a tháirgeann agus a mhargaíonn PRM cláraithe i gcláir oibreoirí gairmiúla an Rialacháin sin cheana féin.

(42)Ba cheart oibleagáidí sonracha a thabhairt isteach le haghaidh oibreoirí gairmiúla a bhíonn gníomhach i réimse tháirgeadh agus mhargú PRM, chun a gcuntasacht, rialuithe oifigiúla níos éifeachtaí agus cur i bhfeidhm ceart an Rialacháin seo a áirithiú.

(43)Is léir ón taithí a fuarthas go dtí seo gur féidir iontaofacht agus cáilíocht PRM a mhargaítear a chur i mbaol i gcás inar dodhéanta ábhar nach gcomhlíonann na caighdeáin is infheidhme a rianú. Is gá, dá bhrí sin, córas cuimsitheach inrianaitheachta a bhunú a fhágfaidh go bhféadfar PRM a tharraingt siar ón margadh nó faisnéis a chur faoi bhráid úsáideoirí PRM nó údaráis inniúla. Ar an gcúis sin, ba cheart coimeád na faisnéise agus na dtaifead maidir le haistrithe ó úsáideoirí gairmiúla agus uathu a bheith éigeantach le haghaidh na noibreoirí gairmiúla. Mar sin féin, ní hiomchuí coimeád na dtaifead sin le haghaidh mhargú PRM sa réimse miondíola.

(44)Tá sé tábhachtach a áirithiú, mar riail ghinearálta, go mbeidh gach PRM de na géinis agus de na speicis atá faoi raon feidhme an Rialacháin seo faoi réir chlárú an chineáil dá mbaineann an PRM sin, mar aon leis an tuairisc ar an gcineál agus faoi réir na rialacha comhfhreagracha.

(45)Ba cheart cineálacha a chlárú i gclár náisiúnta cineálacha, chun roghanna eolasacha ag a núsáideoirí agus rialuithe oifigiúla níos éifeachtaí a áirithiú.

(46)Ba cheart dhá shórt cineálacha a áireamh leis an gclár náisiúnta cineálacha: cineálacha a chláraítear ar bhonn tuairisc oifigiúil, más rud é go gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht (‘DUS’), agus cineálacha a chláraítear ar bhonn tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil i gcás na gcineálacha caomhantais. Is gá an dá thuairisc dhifriúla sin a bheith ann chun dhá chatagóir na gcineálacha a dheighilt, arb éard atá i gceist leis an chéad chatagóir na cineálacha atá bunaithe ar thorthaí thástáil DUS, agus go bhfuil an chatagóir eile bunaithe ar shonraí stairiúla a bhaineann le húsáid an chineáil agus ar thaithí phraiticiúil. Ina theannta sin, is féidir an fhaisnéis is gá a thairiscint leis an gcur chuige sin faoi shaintréithe na gcineálacha agus faoina sainaitheantas.

(47)Ba cheart do na húdaráis inniúla fógra a thabhairt faoi na cineálacha a chláraítear thairis sin trí Thairseach Chineálacha Plandaí an Aontais do chlár cineálacha an Aontais, chun forbhreathnú ar na cineálacha uile a cheadaítear a mhargú san Aontas a áirithiú.

(48)Is éard is cineálacha luibhicídfhulangacha ann cineálacha a póraíodh chun bheith fulangach ar luibhicídí d’aon turas, chun iad a shaothrú i gcomhcheangal le húsáid na luibhicídí sin. Más rud é nach ndéantar an saothrú sin faoi choinníollacha iomchuí, d’fhéadfadh fiailí teacht chun cinn dá thoradh sin a bheadh frithsheasmhach ar na luibhicídí sin, d’fhéadfaí géinte frithsheasmhachta den sórt sin a scaipeadh sa chomhshaol nó d’fhéadfadh sé tarlú gur ghá na cainníochtaí luibhicídí a chuirtear i bhfeidhm a mhéadú. Toisc gurb é is aidhm don Rialachán seo cuidiú le hinbhuanaitheacht an táirgthe talmhaíochta, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát atá freagrach as cineálacha a chlárú a bheith in ann saothrú na gcineálacha sin ina gcríoch a chur faoi réir coinníollacha saothraithe a bheadh iomchuí chun na héifeachtaí neamh‑inmhianaithe sin a sheachaint. Thairis sin, i gcás ina mbeidh saintréithe áirithe ag cineálacha, seachas fulaingt in aghaidh luibhicídí, a bhféadfadh éifeachtaí agranamaíocha neamh‑inmhianaithe a bheith acu, ba cheart iad a chur faoi réir coinníollacha saothraithe freisin, chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí agranamaíocha sin. Ba cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha sin maidir le saothrú na gcineálacha sin chun aon chríche, lena náirítear bia, beatha agus táirgí eile, agus ní díreach chun PRM a tháirgeadh agus a mhargú agus é sin amháin. Is gá sin chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, is é sin, cuidiú leis an táirgeadh talmhaíochta inbhuanaithe ar leibhéal níos leithne ná céim tháirgeadh agus mhargú PRM.

(49)Chun cuidiú le hinbhuanaitheacht an táirgthe talmhaíochta agus freastal ar riachtanais eacnamaíocha, chomhshaoil agus shochaíocha níos leithne, ba cheart feabhas a bheith le feiceáil ar chineálacha nua i ngach géineas nó speiceas i gcomparáid leis na cineálacha eile sna géinis nó sna speicis chéanna a chláraítear sa chlár náisiúnta cineálacha céanna, maidir le gnéithe áirithe. I measc na ngnéithe sin tá a dtáirgeacht, lena náirítear cobhsaíocht táirgeachta agus táirgeacht faoi choinníollacha ionchuir ísil; fulaingt/frithsheasmhacht in aghaidh struis bhitheach, lena náirítear galair phlandaí ar néimeatóidí, fungais, baictéir, víris, feithidí agus lotnaidí eile is cúis leo; fulaingt/frithsheasmhacht in aghaidh struis aibitheacha, lena náirítear oiriúnú do dhálaí an athraithe aeráide; úsáid níos éifeachtúla as acmhainní nádúrtha, amhail uisce agus cothaithigh; gá laghdaithe le hionchuir sheachtracha, amhail táirgí cosanta plandaí agus leasacháin; saintréithe lena bhfeabhsaítear inbhuanaitheacht na stórála, na próiseála agus an dáilte; agus saintréithe cáilíochta nó cothaitheacha (‘luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe’). Chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an gclárú cineáil agus chun solúbthacht leordhóthanach a sholáthar chun cineálacha a chlárú ag a bhfuil na saintréithe is inmhianaithe, ba cheart na gnéithe sin a mheas le haghaidh cineál áirithe ar an iomlán.

(50)Toisc gurb amhlaidh maidir le cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/848 gurb ardleibhéal éagsúlachta géinití agus feinitíopaí idir aonaid atáirgthe aonair atá i gceist lena saintréithe, is iomchuí go mbíonn clárú na gcineálacha sin faoi réir DUS coigeartaithe, agus go háirithe a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir leis an aonfhoirmeacht. Thairis sin, chun go mbeidh na cineálacha sin oiriúnaithe ar bhealach níos fearr do riachtanais shonracha an táirgthe orgánaigh, ba cheart a scrúdú ar an luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe a dhéanamh faoi choinníollacha orgánacha.

(51)Ar chúiseanna na héifeachtúlachta agus chun an tualach riaracháin a laghdú, cineálacha dá deonaíodh ceart ar chineál planda de bhun Airteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94, nó de bhun reachtaíocht Bhallstáit, measfar go bhfuil na cineálacha sin sainiúil, aonfhoirmeach agus cobhsaí agus go bhfuil ainmníocht oiriúnach acu chun críocha an Rialacháin seo.

(52)Ba cheart an nós imeachta um chlárú cineálacha a shainiú go beacht, chun an deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh na niarratasóirí agus na núdaráis inniúla, agus cothroime iomaíochta le haghaidh na niarratasóirí uile a áirithiú. Ar an gcúis sin, ba cheart rialacha a leagan amach maidir le hiarratais a chur isteach, inneachar, scrúdú foirmiúil agus dáta chur isteach na niarratas, scrúduithe teicniúla, iniúchadh ar áitreabh agus ar eagrú an údaráis inniúil, rialacha breise maidir le scrúdú teicniúil, rúndacht, tuarascáil shealadach scrúdúcháin agus tuairisc oifigiúil shealadach, tuarascáil scrúdúcháin agus tuairisc oifigiúil chríochnaitheach, scrúdú ar ainmníocht cineáil agus cinneadh maidir le cineál a chlárú sa chlár náisiúnta cineálacha.

(53)Ar chúiseanna na héifeachtúlachta agus chun an tualach riaracháin a laghdú le haghaidh údaráis inniúla agus iarratasóirí, ba cheart do na húdaráis inniúla ina gcuid clár náisiúnta cineálacha na cineálacha uile dá nglactar nó dá gcláraítear go hoifigiúil a chlárú, roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, sna catalóga, liostaí, nó cláir arna mbunú ag a mBallstáit lena mbaineann de bhun Threoracha 2002/53/CE, 2002/55/CE, 2008/90/CE agus 68/193/CEE. Toisc go margaítear na cineálacha sin san Aontas agus toisc go núsáideann feirmeoirí agus oibreoirí gairmiúla eile iad cheana féin, níor cheart iad a chur faoi réir nós imeachta nua um chlárú.

(54)Ba cheart rialacha a leagan amach maidir leis an scrúdú teicniúil ar chineálacha, chun teacht ar an gconclúid maidir le cé acu atá nó nach bhfuil siad sainiúil, aonfhoirmeach agus cobhsaí. I ngeall ar thábhacht an scrúdaithe sin le haghaidh na hearnála póraithe cineálacha agus ar an bhfíoras go gcuirtear tuairisc oifigiúil ar fáil dá thoradh sin, ba cheart don údarás inniúil an scrúdú teicniúil sin a dhéanamh agus é sin amháin.

(55)Mar sin féin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann an scrúdú teicniúil a dhéanamh ar luach sásúil cineáil le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe ar áitreabh an iarratasóra agus faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil. Is gá sin chun an tualach riaracháin a mhaolú, chun infhaighteacht na saoráidí tástála a áirithiú agus costais a laghdú le haghaidh na núdarás inniúil. Mar sin féin, ba cheart don údarás inniúil a bheith i gceannas ar na socruithe tástála. Thairis sin, oibreoirí gairmiúla a bhfuil baint acu le pórú cineálacha nua, agus ar bhonn a gcomhair leis na húdaráis inniúla, chruthaigh siad go bhfuil siad cáilithe chun na scrúduithe sin a dhéanamh toisc go bhfuil an saineolas, an teolas agus na hacmhainní iomchuí ábhartha acu.

(56)Chun inchreidteacht agus ardcháilíocht na scrúduithe ar an tsainiúlacht, an aonfhoirmeacht agus ar an gcobhsaíocht a áirithiú, ba cheart don Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí (‘CPVO’) iniúchadh a dhéanamh ar áitreabh na núdarás inniúil ina ndéantar na scrúduithe. Áitreabh na niarratasóirí na ndéantar an scrúdú maidir le luach sásúil ó thaobh saothrú agus úsáid inbhuanaithe de faoi mhaoirseacht oifigiúil, ba cheart do na húdaráis inniúla ábhartha iniúchadh a dhéanamh orthu, chun comhlíontacht leis na ceanglais is infheidhme a áirithiú.

(57)Is é 10 mbliana ba cheart a bheith sa tréimhse clárúcháin cineáil, chun an nuálaíocht san earnáil phórúcháin a spreagadh, mar aon le seanchineálacha a bhaint den mhargadh agus cineálacha nua a chur ina nionad. Mar sin féin, is é 30 bliain ba cheart a bheith sa tréimhse sin i gcás cineálacha géineas nó speiceas plandaí torthaí agus fíniúnacha, i ngeall ar an tréimhse níos faide a theastaíonn chun timthriall táirgthe na ngéineas nó na speiceas sin a chur i gcrích.

(58)Arna iarraidh sin d’aon duine leasmhar, ba cheart an tréimhse clárúcháin cineáil a chur faoi réir a athnuaite, chun go mbeifear in ann leanúint de chineálacha áirithe a mhargú más rud é go suitear go bhfuil gá ann leis sin agus go gcomhlíonann siad ceanglais is infheidhme fós.

(59)Ba cheart rialacha a leagan amach maidir le cothabháil cineálacha i gcomhréir le cleachtais a nglactar leo. Is gá sin chun sainaitheantas an chineáil a áirithiú le linn thréimhse a chlárúcháin, rud nach féidir a áirithiú ach amháin más rud é gurb é an tiarratasóir, nó daoine eile dá dtugann an tiarratasóir fógra fúthu don údarás inniúil, a dhéanann an cineál lena mbaineann a choinneáil ar bun, de bhun ceanglais áirithe agus faoi réir rialuithe oifigiúla ag na húdaráis inniúla.

(60)Ba cheart rialacha a leagan amach maidir le hinneachar na gclár náisiúnta cineálacha agus chlár chineálacha an Aontais, agus maidir le samplaí de na cineálacha cláraithe a choimeád (‘sampla oifigiúil’ nó ‘sampla caighdeánach’) ar tuairisc bheo den chineál é. Tá sé sin tábhachtach chun inrochtaineacht ar an bhfaisnéis is gá faoin gcineál, a shainaitheantas le linn a thréimhse clárúcháin agus infhaighteacht na samplaí caighdeánacha le haghaidh tástáil ar dháileachtaí talún cóimheasa i gcomhthéacs dheimhniú PRM a áirithiú.

(61)Ba cheart na Treoracha maidir le PRM a mhargú a aisghairm, toisc go gcuirtear an Rialachán seo ina nionad. Mar iarmhairt air sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/2031 a leasú chun tagairtí do na Treoracha sin a bhaint amach agus chun a áirithiú go ndéantar Lotnaidí Neamhchoraintín Rialáilte (RNQPanna) a rialáil faoin Rialachán sin go heisiach.

(62)Ba cheart Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 43  a leasú chun táirgeadh agus margú PRM a áireamh ina raon feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo. Tá sé sin tábhachtach chun cur chuige aonfhoirmeach a ráthú a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla le haghaidh shlabhra iomlán an táirgthe plandaí agus bia, ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2017/625 maidir le raon feidhme Rialachán (AE) 2016/2031, agus le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle freisin 44 .

(63)Ina leith sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún rialacha sonracha a ghlacadh maidir le rialuithe oifigiúla agus le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla i ndáil le PRM, go háirithe maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le rialuithe oifigiúla ar PRM a fheidhmiú chun comhlíontacht le rialacha an Aontais a fhíorú, agus maidir le PRM a allmhairiú isteach san Aontas, agus a mhargú laistigh de, agus maidir le gníomhaíochtaí na noibreoirí le linn dóibh PRM a tháirgeadh.

(64)Ba cheart Rialachán (AE) 2018/848 a leasú chun na sainmhínithe ar ‘ábhar atáirgthe plandaí’ agus ar ‘ábhar ilchineálach’ a ailíniú leis na sainmhínithe dá ndéantar foráil leis an Rialachán seo. Thairis sin, an cumhachtú don Choimisiún chun forálacha sonracha a ghlacadh maidir le PRM d’ábhar ilchineálach orgánach a mhargú, ba cheart é a eisiamh ó Rialachán (AE) 2018/848, toisc gur cheart na rialacha uile a bhaineann le táirgeadh agus le margú PRM a leagan amach sa Rialachán seo ar chúiseanna na soiléireachta dlíthiúla.

(65)Chun liosta na ngéineas agus na speiceas PRM a oiriúnú, faoi réir raon feidhme an Rialacháin seo, do na forbairtí a bhaineann le suntasacht an limistéir agus luach an táirgthe, an tslándáil bia/beatha agus an líon Ballstát mar a saothraítear é, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith an liosta sin a leasú.

(66)Chun na rialacha maidir le táirgeadh agus le margú PRM a oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíocha agus do na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean don Choimisiún i leith leasú a dhéanamh ar cheanglais an Rialacháin seo a bhaineann le hábhar agus le síol réamhbhunúsach, bunúsach, deimhnithe agus caighdeánach a tháirgeadh agus a mhargú.

(67)Chun na rialacha maidir le táirgeadh agus le margú PRM d’ábhar ilchineálach a oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíocha, agus chun an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm rialacha an Rialacháin seo a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean don Choimisiún i leith leasú a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann le hábhar ilchineálach a tháirgeadh agus a mhargú.

(68)Chun inneachar na gclár cineálacha a oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíochta agus chun bearta leantacha a dhéanamh i dtaobh na taithí a fuarthas ón gclárú cineálacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean don Choimisiún i leith leasú a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann leis an inneachar sin.

(69)Chun saothrú na gcineálacha a oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíocha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean don Choimisiún i leith coinníollacha saothraithe cineálacha, atá luibhicídfhulangach nó ag a bhfuil saintréithe eile a bhféadfadh éifeachtaí agranamaíocha neamh‑inmhianaithe a bheith acu, a ghlacadh. Ba cheart bearta sna goirt a bheith san áireamh leis na coinníollacha sin, amhail uainíocht barr; bearta faireacháin; fógra á thabhairt faoi na bearta sin ag na Ballstáit don Choimisiún agus do na Ballstáit eile; tuairisciú ó oibreoirí gairmiúla chuig na húdaráis inniúla maidir le cur i bhfeidhm na mbeart sin; agus tásca na gcoinníollacha sin sna cláir náisiúnta chineálacha.

(70)Chun an tástáil agus ceanglais maidir le luach inbhuanaithe an tsaothraithe agus ceanglais maidir le húsáid a oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíocha, agus d’fhorbairt fhéideartha na gcaighdeán idirnáisiúnta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean don Choimisiún i leith an Rialachán seo a fhorlíonadh le heilimintí áirithe. Is éard atá i gceist leo sin na modheolaíochtaí is gá le haghaidh na dtrialacha fáis atá le déanamh d’fhonn measúnú a dhéanamh ar luach inbhuanaithe an tsaothraithe agus na húsáide le haghaidh géinis nó speicis áirithe, agus tuilleadh ceanglas a ghlacadh lena aghaidh sin.

(71)Chun na rialacha maidir le hainmníocht chineáil a oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíocha, agus bearta leantacha a dhéanamh i leith na taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm na rialacha sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean don Choimisiún i leith an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chritéir shonracha a leagan amach maidir le hoiriúnacht na nainmníochtaí cineáil.

(72)Chun na forálacha den Rialacháin seo a bhaineann le scrúduithe teicniúla ar chineálacha a oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíocha agus do riachtanais phraiticiúla na núdarás inniúil agus na noibreoirí gairmiúla, agus bearta leantacha a dhéanamh i leith na taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm na rialacha lena mbaineann, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean don Choimisiún i leith an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha a leagan amach maidir leis an iniúchadh ar áitreabh na noibreoirí gairmiúla chun scrúduithe teicniúla a dhéanamh ar an luach sásúil le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe.

(73)Chun forálacha an Rialacháin seo a bhaineann leis an scrúdú ar shaothrú agus ar úsáid inbhuanaithe a oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíocha, agus d’aon bheartas nó riail nua de chuid an Aontais maidir leis an talmhaíocht inbhuanaithe, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean don Choimisiún i leith an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na híoscheanglais a leagan síos maidir leis an scrúdú sin a dhéanamh, na modheolaíochtaí a leagan síos maidir le measúnú a dhéanamh ar na saintréithe a scrúdaítear, na caighdeáin a leagan síos maidir le meastóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar thorthaí an scrúdaithe sin agus leasú a dhéanamh ar na saintréithe a scrúdaítear.

(74)Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 45 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(75)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 .

(76)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun feabhas a chur ar fheidhmíocht na noibreoirí gairmiúla agus ar shainaitheantas agus ar cháilíocht PRM a tháirgeann agus a mhargaíonn siad, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i leith na ceanglais a shonrú maidir leis na hiniúchtaí, leis an oiliúint, na scrúduithe, na cigireachtaí, an tsampláil agus an tástáil, i dtaca le géinis nó le speicis áirithe, le haghaidh na maoirseachta oifigiúla ar na hoibreoirí gairmiúla ag na húdaráis inniúla.

(77)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i dtaca le PRM a láimhseáil agus a mhargú, agus chun na rialacha lena mbaineann a oiriúnú don taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun ceanglais shonracha a ghlacadh maidir le speicis uile PRM nó maidir le speicis áirithe PRM, a bhainfidh le luchtóga a chumasc nó a roinnt i ndáil le tionscnamh luchtóga PRM, lena sainaitheantas, le taifid ar an oibríocht agus ar an lipéadú sin tar éis luchtóga PRM a chumasc nó a roinnt.

(78)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, bearta leantacha a dhéanamh i leith na taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm a fhorálacha, agus feabhas a chur ar shláine PRM a mhargaítear, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun ceanglais shonracha a ghlacadh maidir le séalú, ceangal, méid agus foirm phacáistí, chuacha agus choimeádáin speiceas sonrach PRM.

(79)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus go háirithe maidir le hinléiteacht, inaitheantacht agus slándáil na lipéad, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun forálacha sonracha a ghlacadh maidir leis na lipéid oifigiúla, lipéid a úsáidtear le haghaidh maoluithe áirithe agus, lipéid a úsáidtear le haghaidh sóirt shonracha áirithe PRM, agus inneachar, méid, dath agus foirm na lipéad sin a leagan amach le haghaidh na gcatagóirí nó na sórt PRM lena mbaineann.

(80)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme agus bearta leantacha a dhéanamh i leith aon taithí phraiticiúil a fuarthas ó chur i bhfeidhm na rialacha lena mbaineann, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun forálacha sonracha a ghlacadh maidir le meascáin síolta.

(81)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i leith margú miondíola PRM, agus chun margú PRM a dhéanamh chomh praiticiúil agus chomh hoiriúnach agus is féidir le haghaidh gach speicis, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun rialacha a ghlacadh maidir leis na ceanglais i dtaca le méid, foirm, séalú agus láimhseáil na bpacáistí beaga le haghaidh síolta agus na bpacáistí agus na gcuach le haghaidh PRM eile a mhargaítear d’úsáideoirí deiridh.

(82)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme agus chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí práinneacha i dtaca le soláthar PRM, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a údarú, i gcás deacrachtaí sealadacha i soláthar PRM, ar feadh uastréimhse 1 bhliana, go margófar PRM de na catagóirí d’ábhar nó de shíol réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe faoi réir ceanglais níos boige, nó go maolófar ón gceanglas maidir le baint a bheith acu le cineál, agus i leith an túdarú sin a aisghairm agus a leasú.

(83)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun solúbthacht áirithe a áirithiú do na Ballstáit, chun bearta náisiúnta a ghlacadh arna noiriúnú dá ndálaí agra‑aeráide do chaighdeáin cháilíochta níos airde, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a údarú do na Ballstáit, maidir le PRM a tháirgeadh agus a mhargú, ceanglais níos doichte a ghlacadh, i gcríoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann nó ar chuid de, agus i leith leasú a dhéanamh ar na bearta sin arna nglacadh de bhun na dTreoracha maidir le PRM a mhargú nó na bearta sin a aisghairm.

(84)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus freagairt mhear ar rioscaí tobanna a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun bearta éigeandála a dhéanamh, i gcás inar dócha go mbeidh táirgeadh nó margú PRM ina riosca tromchúiseach do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, don chomhshaol nó do shaothrú speiceas eile, agus i gcás nach féidir an riosca sin a shrianadh go sásúil trí bhearta arna ndéanamh ag an mBallstát lena mbaineann, agus i leith aon bheart den sórt sin arna dhéanamh ag Ballstát a aisghairm nó a leasú.

(85)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le cinneadh a dhéanamh faoi eagrú turgnamh sealadach chun roghanna malartacha feabhsaithe, ar raon feidhme agus ar fhorálacha áirithe an Rialacháin seo, a lorg.

(86)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i dtaca le PRM a allmhairiú, agus chun comhlíontacht cheanglais an tríú tír le ceanglais choibhéiseacha an Aontais a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i leith a aithint cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann PRM ó ghéinis, ó speicis nó ó chatagóirí sonracha a táirgeadh i dtríú tír, nó i limistéir áirithe de thríú tír, ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le PRM a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas, chun é a allmhairiú.

(87)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme agus chun a áirithiú go ndéanfar na cineálacha cláraithe a chothabháil go hiomchuí i dtríú tíortha freisin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i leith a aithint go ngabhfaidh na ráthaíochtaí céanna leis na rialuithe maidir le cothabháil cineálacha a dhéantar sa tríú tír leis na rialuithe den sórt sin a leagtar amach san Aontas.

(88)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun a fhorálacha a oiriúnú don fhorbairt atá ag teacht ar na prótacail is infheidhme de chuid an Aontais Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha nua Plandaí (UPOV) nó do phrótacail a leagann CPVO síos, agus do na forbairtí teicniúla agus eolaíocha ábhartha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun ceanglais shonracha a ghlacadh maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht in aghaidh ghéinis nó speicis na gcineálacha.

(89)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun rialacha sonracha a ghlacadh a mhéid a bhaineann le méid an tsampla chaighdeánaigh de chineálacha cláraithe a úsáidtear le haghaidh na niar‑rialuithe oifigiúla ar PRM, na rialacha maidir leis na samplaí sin a athnuachan agus le soláthar na samplaí sin do na Ballstáit eile.

(90)Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cur chuige comhchuibhithe a áirithiú i ndáil le táirgeadh agus margaíocht PRM, a chomhlíonadh agus, dá réir sin, de bhun a éifeachtachta, a chastachta, agus a charachtair trasteorann agus idirnáisiúnta, go bhféadfaí é a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Chonradh an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní sháraíonn an Rialachán seo a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Ina fhianaise sin, agus de réir mar is gá, tugtar maoluithe nó ceanglais shonracha isteach leis maidir le cineálacha áirithe PRM agus le hoibreoirí gairmiúla áirithe.

(91)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó 3 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm, chun go mbeidh na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí gairmiúla in ann oiriúnú dá fhorálacha agus chun an tréimhse is gá a sholáthar freisin chun na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme lena mbaineann a ghlacadh. Ba cheart, mar sin féin, feidhm a bheith ag na rialacha maidir leis an luach sásúil le haghaidh shaothrú agus úsáid inbhuanaithe na gcineálacha glasraí agus plandaí torthaí ó 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm. Tá gá leis an tréimhse bhreise sin chun go ndéanfaidh na húdaráis inniúla agus oibreoirí gairmiúla na hullmhúcháin is gá agus na chéad tástálacha sna goirt a chomhlíonann na rialacha nua sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le hábhar atáirgthe plandaí (‘PRM’) a tháirgeadh agus a mhargú san Aontas, agus go háirithe ceanglais maidir le PRM a tháirgeadh sna goirt agus i láithreáin eile, maidir le catagóirí ábhair, ceanglais maidir le sainaitheantas agus cáilíocht, deimhniú, lipéadú, pacáistiú, allmhairí, oibreoirí gairmiúla agus clárú na gcineálacha.

Leagtar rialacha síos leis an Rialachán seo freisin maidir le coinníollacha saothraithe na gcineálacha áirithe a bhféadfadh éifeachtaí agranamaíocha neamh‑inmhianaithe a bheith acu, lena n‑áirítear an saothrú chun críoch seachas PRM a tháirgeadh agus a mhargú, chun bia, beatha agus táirgí eile a tháirgeadh.

Airteagal 2

Raon feidhme agus cuspóirí

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na géinis agus leis na speicis a liostaítear le haghaidh na núsáidí lena mbaineann dá dtagraítear i gCodanna A go E d’Iarscríbhinn I.

Baineann ceanglais an Rialacháin, faoi seach, le gach sórt PRM, le síolta agus leo sin amháin, nó le hábhar seachas síolta agus leis sin amháin.

Ní bheidh feidhm ag na ceanglais maidir le PRM a tháirgeadh ach amháin maidir lena tháirgeadh d’fhonn é a mhargú.

2.Is iad seo a leanas cuspóirí an Rialacháin seo:

(a)cáilíocht agus éagsúlacht na rogha le haghaidh PRM a áirithiú, agus a infhaighteacht le haghaidh oibreoirí gairmiúla agus úsáideoirí deiridh;

(b)coinníollacha cothroma a áirithiú le haghaidh iomaíocht na noibreoirí gairmiúla ar fud an Aontais agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh in PRM;

(c)tacú leis an nuálaíocht agus le hiomaíochas earnáil PRM san Aontas;

(d)cuidiú le caomhnú agus le húsáid inbhuanaithe na nacmhainní géiniteacha plandaí agus leis an agrai‑bhithéagsúlacht;

(e)cuidiú leis an táirgeadh talmhaíochta inbhuanaithe, arna oiriúnú do dhálaí aeráide atá ann faoi láthair agus a mheastar a bheidh ann amach anseo;

(f)cur leis an tslándáil bia

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 75 gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, Iarscríbhinn I a leasú, lena cur in oiriúint d’fhorbairtí an eolais theicniúil agus eolaíoch, agus do na sonraí eacnamaíocha a bhaineann le géinis agus speicis a tháirgeadh agus a mhargú, trí ghéinis agus trí speicis a chur le liosta na hIarscríbhinne sin nó trína mbaint di.

Leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear géinis nó speicis leis an liosta in Iarscríbhinn I más rud é go gcomhlíonann siad dhá cheann ar a laghad de na heilimintí seo a leanas:

(a)is achar mór de tháirgeadh PRM iad agus luach suntasach de PRM a mhargaítear san Aontas

(b)baineann tábhacht shubstaintiúil leo maidir le slándáil tháirgeadh an bhia agus na beatha san Aontas, i gcomparáid le géinis agus speicis eile nach liostaítear san Iarscríbhinn sin; agus

(c)margaítear in dhá cheann ar a laghad de na Ballstáit iad.

Leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, bainfear géinis nó speicis ón liosta in Iarscríbhinn I mura gcomhlíonann siad dhá cheann ar a laghad de na heilimintí a leagtar amach sa dara fomhír.

4.Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

(a)ábhar iomadaithe plandaí ornáideacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 98/56/CE;

(b)ábhar atáirgthe foraoise mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 +;

(c)PRM a tháirgtear lena onnmhairiú chuig tríú tíortha;

(d)PRM a dhíoltar nó a aistrítear ar bhealach ar bith, cé acu saor in aisce nó a mhalairt, idir úsáideoirí deiridh lena núsáid phríobháideach féin agus lasmuigh dá ngníomhaíochtaí tráchtála; 

(e)PRM a úsáidtear chun críoch tástála oifigiúla, pórúcháin, cigireachtaí, taispeántas nó chun críoch eolaíochta agus chun na gcríoch sin amháin.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘ábhar atáirgthe plandaí’ (‘PRM’) plandaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, atá in ann plandaí iomlána a tháirgeadh agus a bheartaítear lena aghaidh sin;

(2)ciallaíonn ‘oibreoir gairmiúil’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, ag a bhfuil baint ghairmiúil le ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas san Aontas a bhaineann le PRM:

(a)táirgeadh;

(b)margaíocht;

(c)cineálacha a chothabháil;

(d)seirbhísí a sholáthar le haghaidh sainaitheantais agus cáilíochta;

(e)caomhnú, stóráil, triomú, próiseáil, cóireáil, pacáistiú, séalú, lipéadú, sampláil nó tástáil;

(3)ciallaíonn ‘margú’ na gníomhaíochtaí seo a leanas arna ndéanamh ag oibreoir gairmiúil: díol, coimeád, aistriú saor in aisce, nó tairiscint lena dhíol nó aon bhealach eile lena aistriú nó lena dháileadh laistigh den Aontas, nó allmhairiú isteach ann

(4)ciallaíonn ‘cineál’ cineál, mar a shainmhínítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94;

(5)ciallaíonn ‘clón’ sliocht aonair planda, arna dhíothú ar dtús ó phlanda aonair eile trí atáirgeadh fásúil, agus atá comhionann go géiniteach leis an bplanda eile sin fós;

(6)ciallaíonn ‘clón roghnaithe’ clón atá roghnaithe i ngeall ar thréithe feinitíopacha inchineáil speisialta áirithe agus ar a stádas fíteashláintíoch lena dtugtar feidhmíocht níos fearr don chlón roghnaithe, a chloíonn leis an tuairisc ar an gcineál lena mbaineann sé agus, i gcás na gclón roghnaithe nach mbaineann le cineál, go gcloíonn sé leis an tuairisc ar an speiceas lena mbaineann sé;

(7)ciallaíonn ‘ábhar atáirgthe plandaí polaclónach’ grúpa de roinnt sleachta sainiúla aonair de phlandaí arna ndíorthú ó ghéinitíopaí difriúla, a gcloíonn gach ceann díobh leis an tuairisc ar an gcineál lena mbaineann sé;

(8)ciallaíonn ‘meascán ilchlónach’ meascáin de chlóin roghnaithe, a mbaineann siad uile leis an gcineál nó leis an speiceas céanna, de réir mar is iomchuí, a bhfuarthas gach ceann díobh tríd an roghnúchán neamhspleách;

(9)ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an túdarás lárnach nó réigiúnach de chuid Ballstáit, nó, i gcás inarb infheidhme, an túdarás comhfhreagrach de chuid tríú tír, ar a bhfuil freagracht as eagrú na rialuithe oifigiúla, an chlárúcháin, an deimhniúcháin agus na ngníomhaíochtaí oifigiúla eile a bhaineann le PRM a tháirgeadh agus a mhargú, nó aon údarás eile dár tugadh an fhreagracht sin i gcomhréir le dlí an Aontais;

(10)ciallaíonn ‘tuairisc oifigiúil’ tuairisc ar chineál a leag údarás inniúil síos, a chuimsíonn saintréithe ábhartha an chineáil agus a fhágann go bhfuil an cineál in‑sainaitheanta de thoradh an scrúdaithe ar a shainiúlacht, a aonfhoirmeacht agus a chobhsaíocht;

(11)ciallaíonn ‘tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil’ tuairisc scríofa ar chineál caomhantais, atá aitheanta ag údarás inniúil, a chuimsíonn saintréithe sonracha an chineáil, agus a fuarthas ar mhodhanna eile seachas leis an scrúdú ar a shainiúlacht, a aonfhoirmeacht agus a chobhsaíocht;

(12)ciallaíonn ‘cothabháil cineáil’ na gníomhaíochtaí a dhéantar chun íonacht cineáil agus sainaitheantas cineáil a rialú, arb é is aidhm dó a áirithiú go leanfaidh cineál de bheith i gcomhréir lena thuairisc i gcaitheamh timthriallta atáirgthe dá éis sin;

(13)ciallaíonn ‘síolta’ síolta, sa ghnáthchiall luibheolaíoch;

(14)ciallaíonn ‘síol réamhbhunúsach’ síol a bhaineann le glúin roimh ghlúin an tsíl bhunúsaigh, a bheartaítear chun síol bunúsach nó deimhnithe a tháirgeadh agus a dheimhniú, agus a bhfuarthas ina leith trí bhíthin deimhniú oifigiúil, nó deimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil, go gcomhlíonann sé na coinníollacha lena mbaineann a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn II;

(15)ciallaíonn ‘síol bunúsach’ síol a táirgeadh de shíol réamhbhunúsach nó de ghlúine roimhe de shíol bunúsach, a bheartaítear chun tuilleadh glún de shíolta bunúsacha nó deimhnithe a tháirgeadh, agus a bhfuarthas ina leith trí bhíthin deimhniú oifigiúil, nó deimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil, go gcomhlíonann sé na coinníollacha lena mbaineann a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn II;

(16)ciallaíonn ‘síol deimhnithe’ síol a táirgeadh de shíol réamhbhunúsach, bunúsach nó de ghlúine roimhe de shíol bunúsach, agus a bhfuarthas ina leith trí bhíthin deimhniú oifigiúil, nó deimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil, go gcomhlíonann sé na coinníollacha lena mbaineann a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn II;

(17)ciallaíonn ‘síol caighdeánach’ síol, seachas síol réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe, nach mbeartaítear iomadú breise lena aghaidh, agus a chomhlíonann na coinníollacha lena mbaineann a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn III;

(18)ciallaíonn ‘ábhar réamhbhunúsach’ PRM seachas síolta, a bhaineann le glúin roimh ghlúin an ábhair bhunúsaigh, a bheartaítear chun ábhar bunúsach nó deimhnithe a tháirgeadh agus a dheimhniú, agus a bhfuarthas ina leith trí bhíthin deimhniú oifigiúil nó deimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil, go gcomhlíonann sé na coinníollacha lena mbaineann a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn II;

(19)ciallaíonn ‘ábhar réamhbhunúsach’ PRM seachas síol, a táirgeadh d’ábhar réamhbhunúsach nó de ghlúine roimhe d’ábhar bunúsach, a bheartaítear chun tuilleadh glún d’ábhar bunúsach nó d’ábhar deimhnithe a tháirgeadh agus a dheimhniú, agus a bhfuarthas ina leith trí bhíthin deimhniú oifigiúil nó deimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil go gcomhlíonann sé na coinníollacha lena mbaineann a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn II;

(20)ciallaíonn ‘ábhar deimhnithe’ PRM seachas síol, a táirgeadh d’ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó de ghlúine roimhe d’ábhar deimhnithe, agus a bhfuarthas ina leith trí bhíthin deimhniú oifigiúil nó deimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil go gcomhlíonann sé na coinníollacha lena mbaineann a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn II;

(21)ciallaíonn ‘ábhar caighdeánach’ PRM seachas síol, agus seachas ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe, nach mbeartaítear iomadú breise lena aghaidh, agus a chomhlíonann na coinníollacha lena mbaineann a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn III;

(22)ciallaíonn ‘deimhniú oifigiúil’ fianú oifigiúil ag an údarás inniúil ar chomhlíontacht an tsíl nó an ábhair réamhbhunúsaigh, bhunúsaigh nó dheimhnithe le ceanglais ábhartha an Rialacháin seo, i gcás ina mbeidh na cigireachtaí ábhartha uile ar an láithreán, agus an tsampláil agus an tástáil uile lena náirítear an tástáil ar dháileachtaí talún cóimheasa, i gcás inarb iomchuí, déanta ag an údarás sin, agus más rud é go bhfuil sé tagtha ar an gconclúid go gcomhlíonann an síol nó an tábhar lena mbaineann na ceanglais sin;

(23)ciallaíonn ‘deimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil’ fianú, ag oibreoir gairmiúil atá údaraithe go sonrach, go gcomhlíonann síol nó ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe na ceanglais is infheidhme, agus i gcás ina mbeidh ceann amháin ar a laghad nó níos mó de na cigireachtaí ábhartha, den tsampláil, den tástáil nó den phriontáil lipéad ábhartha déanta ag an oibreoir gairmiúil sin, faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil, agus más rud é go bhfuil sé tagtha ar an gconclúid go gcomhlíonann an síol nó an tábhar lena mbaineann na ceanglais sin;

(24)ciallaíonn ‘catagóir’ PRM grúpa nó aonad aonair PRM a cháilíonn mar shíol nó ábhar réamhbhunúsach, bunúsach, deimhnithe nó caighdeánach agus atá in‑sainaitheanta trí cheanglais shonracha maidir le sainaitheantas agus le cáilíocht a chomhlíonadh;

(25)ciallaíonn ‘orgánach géinmhodhnaithe’ orgánach géinmhodhnaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 48 ), gan orgánaigh a fhaightear trí theicnící an mhodhnaithe géinitigh a liostaítear in Iarscríbhinn I B a ghabhann le Treoir 2001/18/CE a áireamh;

(26)ciallaíonn ‘luchtóg’ aonad PRM is sainaitheanta ar aonchineálacht a chomhdhéanaimh agus ar a thionscnamh;

(27)ciallaíonn ‘ábhar ilchineálach’ grúpa plandaí laistigh de thacsón amháin luibheolaíoch den rang is ísle, a mbaineann na tréithe seo a leanas leis:

(a)a bhfuil saintréithe feinitíopacha comhchoiteanna ag baint leis;

(b)a bhfuil ardleibhéal éagsúlachta géinití agus feinitíopaí idir aonaid atáirgthe aonair mar shaintréith de, sa mhéid go ndéantar ionadaíocht ar an ngrúpa plandaí sin leis an ábhar ina iomláine, agus ní le líon beag aonad;

(c)nach cineál é; agus

(d)nach meascán cineálacha é;

(28)ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ aon duine a fhaigheann, a aistríonn agus a úsáideann PRM chun críoch atá lasmuigh de ghníomhaíochtaí gairmiúla an duine sin;

(29)ciallaíonn ‘cineál caomhantais’ cineál:

(a)a fhástar go traidisiúnta nó a phóraítear as an nua go háitiúil faoi dhálaí áitiúla sonracha san Aontas agus atá oiriúnaithe do na dálaí sin; agus

(b)a bhfuil ardleibhéal éagsúlachta géinití agus feinitíopaí idir aonaid atáirgthe aonair mar shaintréith de;

(30)ciallaíonn ‘lotnaidí cáilíochta’ lotnaidí a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas:

(a)ní lotnaidí coraintín, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta, ná lotnaidí neamhchoraintín rialáilte (‘RNQPanna’) de chuid an Aontais iad, de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/2031, ná lotnaidí atá faoi réir na mbeart arna nglacadh de bhun Airteagal 30(1) den Rialachán sin;

(b)tarlaíonn siad le linn PRM a tháirgeadh nó a stóráil; agus

(c)bíonn drochthionchar do‑ghlactha acu ar cháilíocht PRM, agus tionchar eacnamaíoch do‑ghlactha a mhéid a bhaineann le húsáid an PRM sin san Aontas;

(31)ciallaíonn ‘saor, geall leis, ó lotnaidí’ a bheith iomlán saor ó lotnaidí, nó staid ina mbeidh an líon lotnaidí cáilíochta ar an PRM lena mbaineann chomh híseal nach ndéanann na lotnaidí sin difear díobhálach do cháilíocht an PRM sin;

(32)ciallaíonn ‘prátaí síl’ tiúbair de Solanum tuberosum L., a úsáidtear chun prátaí eile a atáirgeadh;

(33)ciallaíonn ‘feirmeoir’ feirmeoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 ;

(34)ciallaíonn ‘seach‑tíopa’, i ndáil le síolta nó le plandaí eile, síol nó PRM nach gcomhfhreagraíonn don tuairisc ar an gcineál nó ar an speiceas lena bhfuil baint ceaptha a bheith aige de bhun an Rialacháin seo

(35)ciallaíonn ‘cineál hibrideach’ cineál a tháirgtear de thoradh dhá chineál eile nó níos mó a chrosphórú.

Airteagal 4

Comhlíontacht le Rialachán (AE) 2016/2031

Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (AE) 2016/2031.

Aon luchtóg PRM a tháirgtear agus a mhargaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, comhlíonfaidh sí freisin na rialacha a leagtar amach in Airteagail 36, 37, 40, 41, 42, 49, 53 agus 54 de Rialachán (AE) 2016/2031, nó na rialacha de bhun na nAirteagal sin, a bhaineann le lotnaidí coraintín, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta agus RNQPanna de chuid an Aontais, agus leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 30(1) den Rialachán sin.

CAIBIDIL II
CEANGLAIS A BHAINEANN LE CINEÁLACHA, CATAGÓIRÍ PRM, LIPÉADÚ, ÚDARUITHE, LÁIMHSEÁIL, ALLMHAIRÍ AGUS MAOLUITHE

ROINN 1

Ceanglais ghinearálta maidir le PRM a tháirgeadh agus a mhargú

Airteagal 5

Baint le cineál cláraithe

Ní fhéadfar PRM a tháirgeadh agus a mhargú laistigh den Aontas ach amháin má bhaineann sé le cineál atá cláraithe i gclár náisiúnta cineálacha dá dtagraítear in Airteagal 44; seachas sna cásanna seo a leanas:

(a)mar fhréamhstoic, má tháirgtear agus má mhargaítear iad le tagairt, atá i lipéadú iomchuí, don speiceas lena mbaineann siad;

(b)mar ábhar ilchineálach i gcomhréir le hAirteagal 27.

(c)mar PRM a mhargaítear d’úsáideoirí deiridh i gcomhréir le hAirteagal 28;

(d)mar PRM a tháirgtear agus a mhargaítear chun acmhainní géiniteacha a chaomhnú i gcomhréir le hAirteagal 29;

(e)mar shíol a ndéantar malartuithe comhchineáil de idir feirmeoirí i gcomhréir le hAirteagal 30;

(f)mar shíol póraitheoirí i gcomhréir le hAirteagal 31;

(g)mar PRM de chineálacha nach bhfuil cláraithe fós i gcomhréir le hAirteagal 32;

(h)i gcás deacrachtaí soláthair PRM i gcomhréir le hAirteagal 33;

Airteagal 6

Baint le catagóirí áirithe PRM

1.Ní fhéadfar PRM a tháirgeadh agus a mhargú laistigh den Aontas ach amháin má bhaineann sé le ceann de na catagóirí seo a leanas, seachas sna cásanna dá ndéantar foráil i mír 2:

(a)ábhar nó síol réamhbhunúsach;

(b)ábhar nó síol bunúsach;

(c)ábhar nó síol deimhnithe;

(d)ábhar nó síol caighdeánach.

I gcás ina ndéanfar tagairt sa Rialachán seo do chatagóirí níos ísle nó níos airde maidir le sainaitheantas agus le cáilíocht PRM, beidh an cinneadh sin bunaithe ar rangú ord phointí (a) - (d), agus pointe (a) ag léiriú an rangaithe is airde agus pointe (d) ag léiriú an rangaithe is ísle.

2.De mhaolú ar mhír 1, féadfar PRM a tháirgeadh agus a mhargú gan baint a bheith aige le catagóir a liostaítear in (a) - (d) sna cásanna seo a leanas:

(a)PRM d’ábhar ilchineálach a mhargú i gcomhréir le hAirteagal 27;

(b)margú d’úsáideoir deiridh i gcomhréir le hAirteagal 28;

(c)margú do líonraí caomhantais agus eatarthu dá dtagraítear in Airteagal 29;

(d)mar shíol a ndéantar malartuithe comhchineáil de idir feirmeoirí i gcomhréir le hAirteagal 30;

(e)síol póraitheora dá dtagraítear in Airteagal 31.

ROINN 2

Ceanglais maidir le hábhar agus le síol réamhbhunúsach, bunúsach, deimhnithe agus caighdeánach a tháirgeadh agus a mhargú

Airteagal 7

Ceanglais maidir le hábhar agus le síol réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a tháirgeadh agus a mhargú

1.Ní ceadmhach síol réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a tháirgeadh agus a mhargú laistigh den Aontas, ach amháin más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)tá an síol réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe saor, geall leis, ó lotnaidí cáilíochta;

(b)déantar é a tháirgeadh agus a mhargú:

(i)tar éis deimhniú oifigiúil ag na húdaráis inniúla, nó tar éis deimhniú ag an oibreoir gairmiúil faoi mhaoirseacht oifigiúil;

(ii)i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn II, agus fianaítear a chomhlíontacht leis na ceanglais sin leis an lipéad oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 15(1).

2.Ní ceadmhach ábhar réamhbhunúsach, bunúsach ná deimhnithe a tháirgeadh ná a mhargú laistigh den Aontas, ach amháin más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)tá an tábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe saor, geall leis, ó lotnaidí cáilíochta;

(b)déantar é a tháirgeadh agus a mhargú:

(i)tar éis deimhniú oifigiúil ag na húdaráis inniúla, nó tar éis deimhniú ag an oibreoir gairmiúil faoi mhaoirseacht oifigiúil;

(ii)i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn II, agus fianaítear a chomhlíontacht leis na ceanglais sin leis an lipéad oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 15(1).

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75, chun Iarscríbhinn II a leasú. Oiriúnófar na leasuithe sin d’fhorbairtí na gcaighdeán teicniúil agus eolaíoch idirnáisiúnta agus d’fhéadfadh ceanglais a bheith i gceist leo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)síol réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a shíolú agus a phlandú, agus a tháirgeadh sna goirt;

(b)síol réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a bhuaint agus a iarbhuaint;

(c)síolta a mhargú;

(d)ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a shíolú agus a phlandú, agus a tháirgeadh sna goirt;

(e)ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a bhuaint agus a iarbhuaint;

(f)ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a mhargú;

(g)ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe de chlóin, clóin roghnaithe, meascáin ilchlónacha agus PRM polaclónach;

(h)ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a tháirgeadh, arb ábhar é a tháirgtear le hiomadú in vitro;

(i)ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a mhargú, arb ábhar é a tháirgtear le hiomadú in vitro.

4.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na ceanglais maidir le táirgeadh agus margú dá dtagraítear i gCuid A agus i gCuid B d’Iarscríbhinn II maidir le géinis, speicis nó catagóirí áirithe PRM, agus, i gcás inarb iomchuí, maidir le gráid, aicmí, glúine nó foranna eile den chatagóir lena mbaineann. Beidh baint ag na ceanglais sin le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas

(a)úsáidí sonracha ghéinis, speicis, nó shóirt PRM lena mbaineann;

(b)modhanna táirgthe PRM, lena náirítear táirgeadh gnéasach agus éighnéasach agus iomadú in vitro;

(c)coinníollacha maidir le síolú nó le plandú;

(d)saothrú sna goirt;

(e)buaint agus iarbhuaint;

(c)rátaí péactha, íonacht agus cion PRM eile, taise, spreacadh, ithir nó ábhar coimhthíoch a bheith i láthair;

(c)modhanna deimhniúcháin PRM, lena náirítear modhanna bith‑mhóilíneacha nó teicniúla eile a chur i bhfeidhm, mar aon lena bhformheas agus a núsáid, agus modhanna formheasta san Aontas a liostú;

(d)na coinníollacha maidir le fréamhstoic agus le codanna eile plandaí de ghéinis nó de speicis seachas iad siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó de chuid a hibridí, má tá ábhar iomadaithe de na géinis nó de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I nó de chuid a hibridí beangaithe orthu;

(e)coinníollacha maidir le síolta a tháirgeadh de phlandaí torthaí nó de fhíniúnacha;

(f)coinníollacha maidir le plandaí torthaí, fíniúnacha nó prátaí síl a tháirgeadh de shíolta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar amach in Airteagal 76(2), chun oiriúnú d’fhorbairtí na gcaighdeán teicniúil agus eolaíoch idirnáisiúnta ábhartha.

Airteagal 8

Ceanglais maidir le hábhar agus le síol caighdeánach a tháirgeadh agus a mhargú

1.Ní ceadmhach síol caighdeánach a tháirgeadh ná a mhargú laistigh den Aontas, ach amháin más rud é go gcomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas:

(a)tá sé saor, geall leis, ó lotnaidí cáilíochta;

(b)déantar é a tháirgeadh agus a mhargú:

(i)faoi fhreagracht an oibreora ghairmiúil;

(ii)i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn III, agus fianaítear a chomhlíontacht leis na ceanglais sin le lipéad an oibreora dá dtagraítear in Airteagal 16.

2.Ní ceadmhach ábhar caighdeánach a tháirgeadh ná a mhargú laistigh den Aontas, ach amháin más rud é go gcomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas:

(a)tá sé saor, geall leis, ó lotnaidí cáilíochta;

(b)déantar é a tháirgeadh agus a mhargú:

(i)faoi fhreagracht an oibreora ghairmiúil;

(ii)i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn III, agus fianaítear a chomhlíontacht leis na ceanglais sin le lipéad an oibreora dá dtagraítear in Airteagal 16.

3.Uair sa bhliain, cuirfidh oibreoirí gairmiúla dearbhú faoi bhráid an údaráis inniúil a bhainfidh leis na cainníochtaí in aghaidh an speicis de shíol agus d’ábhar caighdeánach a tháirgeann siad.

4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75, chun Iarscríbhinn III a leasú, chun na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a oiriúnú do na forbairtí eolaíocha agus teicniúla agus do na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme. Bainfidh na leasuithe sin leis na nithe seo a leanas:

(a)ceanglais maidir le síolta caighdeánacha a shíolú agus a phlandú, agus a tháirgeadh sna goirt;

(b)ceanglais maidir le síolta caighdeánacha a bhuaint agus a iarbhuaint;

(c)ceanglais maidir le síolta caighdeánacha a mhargú;

(d)ceanglais maidir le hábhar caighdeánach a shíolú agus a phlandú, agus a tháirgeadh sna goirt;

(e)ceanglais maidir le hábhar caighdeánach a bhuaint agus a iarbhuaint;

(f)ceanglais maidir le hábhar caighdeánach a mhargú;

(g)ceanglais maidir le clóin, clóin roghnaithe, meascáin ilchlónacha agus PRM polaclónach d’ábhar caighdeánach;

(h)ceanglais maidir le hábhar caighdeánach a tháirgeadh, arb ábhar é a tháirgtear le hiomadú in vitro;

(i)ceanglais maidir le hábhar caighdeánach a mhargú, arb ábhar é a tháirgtear le hiomadú in vitro.

5.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na ceanglais maidir le táirgeadh agus margú dá dtagraítear i gCuid A agus i gCuid B d’Iarscríbhinn III maidir le géinis nó le speicis áirithe de shíol nó d’ábhar caighdeánach. Beidh baint ag na ceanglais sin le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)úsáidí sonracha ghéinis, speicis, nó shóirt PRM lena mbaineann;

(b)modhanna táirgthe PRM, lena náirítear táirgeadh gnéasach agus éighnéasach agus iomadú in vitro;

(c)coinníollacha maidir le síolú nó le plandú;

(d)saothrú sna goirt;

(e)buaint agus iarbhuaint;

(f)rátaí péactha, íonacht agus cion PRM eile, taise, spreacadh, ithir nó ábhar coimhthíoch a bheith i láthair;

(g)modhanna bith‑mhóilíneacha nó teicniúla eile a chur i bhfeidhm, mar aon lena bhformheas agus a núsáid, agus modhanna formheasta san Aontas a liostú;

(h)na coinníollacha maidir le fréamhstoic agus le codanna eile plandaí de ghéinis nó de speicis seachas iad siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó de chuid a hibridí, má tá ábhar iomadaithe de na géinis nó de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I nó de chuid a hibridí beangaithe orthu;

(i)coinníollacha maidir le síolta a tháirgeadh de phlandaí torthaí nó de fhíniúnacha;

(j)coinníollacha maidir le plandaí torthaí, fíniúnacha nó prátaí síl a tháirgeadh de shíolta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar amach in Airteagal 76(2), chun oiriúnú d’fhorbairtí na gcaighdeán teicniúil agus eolaíoch idirnáisiúnta ábhartha.

Airteagal 9

Clóin, clóin roghnaithe, meascáin ilchlónacha agus PRM polaclónach a tháirgeadh, a mhargú agus a chlárú

1.I dteannta na gceanglas dá dtagraítear in Airteagail 4 go 43, déanfar ábhar réamhbhunúsach, bunúsach, deimhnithe agus caighdeánach de chlóin, clóin roghnaithe, meascáin ilchlónacha agus PRM polaclónach a tháirgeadh agus a mhargú i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 agus leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid C agus in Iarscríbhinn III, Cuid C.

2.Ní ceadmhach clóin, clóin roghnaithe, meascáin ilchlónacha agus PRM polaclónach a tháirgeadh agus a mhargú ach amháin más rud é go bhfuil siad cláraithe ag údarás inniúil in aon chlár oifigiúil amháin le haghaidh clón arna bhunú ag Ballstát.

Áireofar sa chlár sin na heilimintí uile dá dtagraítear san iarratas ar chlón, clón roghnaithe, meascán ilchlónach agus PRM polaclónach a chlárú, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid B, Cuid C pointe 2.

3.Déanfar clóin, clóin roghnaithe, meascáin ilchlónacha agus PRM polaclónach a chothabháil chun a sainaitheantas a chaomhnú. Na daoine a bhíonn freagrach as na clóin, clóin roghnaithe, meascáin ilchlónacha agus PRM polaclónach a chothabháil, déanfaidh siad na bearta uile chun go bhféadfaidh na húdaráis inniúla nó aon duine eile iad a fhíorú, ar bhonn taifid choimeádta.

ROINN 3

Oibreoirí gairmiúla a údarú agus maoirseacht oifigiúil na n‑údarás inniúil

Airteagal 10

Oibreoirí gairmiúla a údarú chun deimhniú a dhéanamh faoi mhaoirseacht oifigiúil 

1.Féadfaidh oibreoir oifigiúil, ar iarratas a chur isteach, a bheith údaraithe ag an údarás inniúil chun na gníomhaíochtaí uile nó gníomhaíochtaí áirithe, a cheanglaítear chun PRM a dheimhniú, a fheidhmiú faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil le haghaidh ábhar nó síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe, agus chun lipéad oifigiúil a eisiúint lena naghaidh.

Chun go ndeonófar an t‑údarú sin agus ag brath ar na gníomhaíochtaí a bhfuil oibreoir le húdarú lena n‑aghaidh, déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil na nithe seo a leanas:

(a)an teolas is gá a bheith aige chun na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 7 a chomhlíonadh;

(b)bheith cáilithe chun na cigireachtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a dhéanamh nó pearsanra a fhostú atá cáilithe le haghaidh na gcigireachtaí sin;

(c)pearsanra cáilithe a fhostú chun an tsampláil dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a dhéanamh, nó conarthaí a thabhairt i gcrích le cuideachtaí a fhostaíonn pearsanra cáilithe le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin;

(d)pearsanra cáilithe a fhostú chun an tástáil dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a dhéanamh, nó saotharlanna a úsáid a fhostaíonn pearsanra cáilithe le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin;

(e)pointí criticiúla an phróisis táirgthe a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar cháilíocht agus ar aitheantas PRM a shainaithint, agus bheith in ann monatóireacht a dhéanamh ar na pointí sin, agus taifid a choimeád ar thorthaí an fhaireacháin sin;

(f)córais a bheith i bhfeidhm acu chun comhlíonadh na gceanglas a bhaineann le sainaithint na luchtóg de bhun Airteagal 13 a áirithiú;

(g)córais a bheith i bhfeidhm acu chun comhlíonadh na gceanglas inrianaitheachta a leagtar amach in Airteagal 42 a áirithiú.

2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75, lena bhforlíontar mír 1 a mhéid a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas:

(a)nós imeachta um an iarratas a chuireann an toibreoir gairmiúil isteach;

(b)gníomhaíochtaí sonracha atá le déanamh ag an údarás inniúil, chun an chomhlíontacht le mír 1, pointí (a) go (g), a dheimhniú.

Airteagal 11

Tarraingt siar nó modhnú údaraithe oibreora ghairmiúil

I gcás nach gcomhlíonfaidh oibreoir gairmiúil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10(1) a thuilleadh, iarrfaidh an t‑údarás inniúil ar an oibreoir sin gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe ama.

Déanfaidh an t‑údarás inniúil, gan mhoill, an t‑údarú a tharraingt siar, nó a mhodhnú de réir mar is iomchuí, mura gcuireann an t‑oibreoir gairmiúil na gníomhaíochtaí ceartaitheacha i bhfeidhm dá dtagraítear sa chéad fhomhír laistigh den tréimhse shonraithe. I gcás ina dtiocfar ar an gconclúid gur deonaíodh an t‑údarú tar éis calaoise, forchuirfidh an t‑údarás inniúil na smachtbhannaí iomchuí ar an oibreoir gairmiúil.

Airteagal 12

Maoirseacht oifigiúil ag na húdaráis inniúla

1.Chun críocha an deimhniúcháin faoi mhaoirseacht oifigiúil, déanfaidh na húdaráis inniúla, ar a laghad uair sa bhliain, iniúchtaí chun a áirithiú go gcomhlíonann an toibreoir gairmiúil na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 10(1).

Eagróidh freisin siad oiliúint agus scrúduithe ar an bpearsanra a dhéanann cigireachtaí allamuigh, sampláil agus tástáil dá ndéantar foráil sa Rialachán seo.

2.Chun críocha an deimhniúcháin faoi mhaoirseacht oifigiúil, déanfaidh na húdaráis inniúla cigireachtaí, sampláil agus tástáil oifigiúil ar chion de na barra ar an láithreán táirgthe agus ar luchtóga PRM, chun a dheimhniú go gcomhlíonann an tábhar sin na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 7.

Cinnfear an cion sin ar bhonn an mheasúnaithe ar an riosca féideartha nach gcomhlíonfaidh an PRM na ceanglais sin.

3.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais a shonrú maidir leis na cigireachtaí, leis an oiliúint, leis na scrúduithe, na cigireachtaí, leis an tsampláil agus an tástáil, dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, i dtaca le géinis nó le speicis áirithe.

D’fhéadfaí ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas a shonrú leis na gníomhartha cur chun feidhme sin:

(a)na critéir riosca dá dtagraítear i mír 2 agus an tíoschion de na barra agus de luchtóga PRM, a ndéanfar cigireachtaí, sampláil agus tástáil orthu, dá dtagraítear i mír 2;

(b)gníomhaíochtaí faireacháin atá le déanamh ag na húdaráis inniúla;

(c)úsáid scéimeanna creidiúnúcháin áirithe ag an oibreoir gairmiúil, agus an fhéidearthacht do na húdaráis inniúla chun na cigireachtaí agus na gníomhaíochtaí samplála, tástála agus faireacháin dá dtagraítear san Airteagal seo a laghdú i ngeall ar úsáid na scéimeanna sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

ROINN 4

Ceanglais maidir le láimhseáil

Airteagal 13

Baisceanna

1.Déanfar PRM a mharcáil ina luchtóga. Cion chineálacha agus speicis gach luchtóige, beidh sé sách aonfhoirmeach agus in‑sainaitheanta ag a húsáideoirí mar inneachar atá sainiúil ó luchtóga eile PRM.

2.Le linn próiseála, pacáistiú, stórála, nó tráth a seachadta, maidir le luchtóg PRM, ní fhéadfar iad a chumasc ina luchtóg nua ach amháin más rud é go mbaineann siad leis an gcineál céanna agus leis an mbliain bhuainte chéanna.

I gcás ina mbeidh luchtóga atá comhdhéanta de chatagóirí deimhniúcháin difriúla le cumasc, bainfidh an luchtóg nua le catagóir chomhpháirt na catagóire is ísle. Ní ceadmhach tabhairt faoi oibríocht an chumasctha ach amháin i saoráid a bheidh údaraithe ag an údarás inniúil chun na críche sonraí sin, agus ní fhéadfaidh ach daoine a bheidh údaraithe ag an údarás inniúil amhlaidh é sin a dhéanamh. 

3.Le linn próiseála, pacáistiú, stórála, nó tráth a seachadta, féadfar luchtóga PRM a roinnt ina dhá luchtóg nó níos mó.

4.I gcásanna ina ndéantar luchtóga PRM a chumasc nó a roinnt, dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, coimeádfaidh an toibreoir gairmiúil taifid ar thionscnamh na luchtóg nua.

5.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais shonracha a ghlacadh maidir le speicis uile PRM nó le haghaidh speicis áirithe PRM, a bhainfidh le huasmhéid na luchtóg, lena sainaitheantas agus lena lipéadú, le luchtóga a chumasc nó a roinnt i ndáil le tionscnamh luchtóga PRM, agus na hoibríochtaí agus an lipéadú sin tar éis an chónasctha nó na roinnte á dtaifeadadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 14

Pacáistí, cuacha agus coimeádáin

1.Déanfar PRM a mhargú i bpacáistí, cuacha nó coimeádáin cheangailte, ar a mbeidh gaireas séalaithe agus marcáil. I gcás PRM seachas síolta, féadfar é a mhargú i bhfoirm plandaí aonair freisin.

2.Déanfar na pacáistí, na cuacha agus na coimeádáin dá dtagraítear i mír 1 a cheangal ar bhealach, nach féidir iad a oscailt gan an ceangal sin a scriosadh nó gan rianta a fhágáil a léireoidh gur osclaíodh an pacáiste, cuach nó coimeádán. Áiritheofar éifeachtacht an ghairis ceangail, trí na lipéid dá ndéantar foráil in Airteagail 15 agus 16 a chur ina chuid den ghaireas nó trí shéala a úsáid. Díolmhófar pacáistí agus coimeádáin ón gceanglas sin mura féidir an ceangal a athúsáid.

3.I gcás PRM réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe, is é an túdarás inniúil,, nó an toibreoir gairmiúil faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil, a cheanglóidh na pacáistí, na cuacha agus na coimeádáin sin. Ní athcheanglófar na pacáistí, ná na coimeádáin sin ach amháin má dhéanann an túdarás inniúil é sin, nó má dhéanann an toibreoir gairmiúil é faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil. Má dhéantar pacáiste, cuach nó coimeádán a athcheangal, sonrófar dáta an athcheangail agus mionsonraí an údaráis inniúil atá freagrach ar an lipéad dá dtagraítear in Airteagal 15.

4.Ní fhéadfar luchtóga de PRM réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe a athphacáistiú, a athlipéadú, agus a athshéalú ach faoi rialú oifigiúil nó faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil agus sa chás sin amháin.

5.De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh oibreoir gairmiúil síolta a mhargú d’fheirmeoir go díreach agus i mbulc.

Is é an t‑údarás inniúil a údaróidh an t‑oibreoir gairmiúil sin chun na críche sin. Cuirfidh sé an t‑údarás inniúil ar an eolas faoin ngníomhaíocht sin agus faoin luchtóg óna dtagann an síol sin roimh ré.

I gcás ina luchtófar síol in innealra nó ar leantóir an fheirmeora go díreach, áiritheoidh an t‑oibreoir gairmiúil agus an feirmeoir lena mbaineann inrianaitheacht an tsíl sin trí dhoiciméid a eisiúint agus a choinneáil a léireoidh an speiceas agus an cineál, an chainníocht, an t‑am aistrithe agus sainaitheantas na luchtóige.

6.    Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais shonracha a ghlacadh maidir le séalú, ceangal, méid agus foirm phacáistí, chuacha agus choimeádáin speiceas sonrach PRM, agus coinníollacha maidir le margú na síolta i mbulc a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

ROINN 5

ceanglais maidir le lipéadú

Airteagal 15

Lipéad oifigiúil

1.Sainaithneofar ábhar agus síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe, agus fianófar a gcomhlíontacht leis an Rialachán seo, trí lipéad oifigiúil, a eiseofar tar éis don údarás inniúil teacht ar an gconclúid go bhfuil na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 7 comhlíonta.

2.Is é an túdarás inniúil a eiseoidh an lipéad oifigiúil agus beidh sraithuimhir air arna tabhairt ag an údarás inniúil.

Is é seo a leanas a phriontálfaidh an lipéad oifigiúil:

(a)an túdarás inniúil, má iarrann an toibreoir gairmiúil sin, nó mura mbeidh an toibreoir gairmiúil údaraithe chun an deimhniú a dhéanamh faoi mhaoirseacht oifigiúil, is é an túdarás inniúil a phriontálfaidh é i gcomhréir le hAirteagal 10; nó

(b)an toibreoir gairmiúil, faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil, i gcás ina mbeidh an toibreoir gairmiúil údaraithe chun an deimhniú a dhéanamh faoi mhaoirseacht oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 10.

3.Greamóidh an toibreoir gairmiúil, faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil, an lipéad oifigiúil ar an taobh amuigh den chuach, pacáiste nó coimeádán, nó is é duine a ghníomhóidh faoi fhreagracht an oibreora ghairmiúil a dhéanfaidh amhlaidh.

4.Eiseofar an lipéad oifigiúil as an nua. Féadfar lipéid oifigiúla ghreamaitheacha a úsáid, má údaraíonn an túdarás inniúil amhlaidh i gcás nach mbeidh aon riosca ann gur féidir iad a athúsáid.

5.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha seo a leanas a leagan síos maidir leis na nithe seo:

(a)taifeadadh digiteach na ngníomhaíochtaí uile arna ndéanamh ag na hoibreoirí gairmiúla agus ag na húdaráis inniúla chun an lipéad oifigiúil a eisiúint;

(b)ardán láraithe a bhunú lena nasctar na Ballstáit agus an Coimisiún chun próiseáil na dtaifead sin, rochtain a fháil orthu, agus a núsáid a éascú;

(c)na socruithe teicniúla chun na lipéid oifigiúla leictreonacha a eisiúint.

Tar ghlacadh an ghnímh tharmligthe sin, féadfar an lipéad oifigiúil a eisiúint i bhfoirm leictreonach freisin (‘lipéad oifigiúil leictreonach’).

6.De mhaolú ar mhíreanna 1 go 5, déanfar ábhar agus síol réamhbhunúsach agus bunúsach, ábhar agus síol bunúsach agus ábhar agus síol deimhnithe, arna nallmhairiú ó thríú tíortha de bhun Airteagal 39, a mhargú san Aontas agus an lipéad OECD lena mbaineann orthu agus a bhí ag gabháil leo tráth a nallmhairithe.

Airteagal 16

Lipéad an oibreora

Is le lipéad oibreora a shainaithneofar ábhar caighdeánach agus síol caighdeánach. Fianóidh an lipéad sin go gcomhlíonann an t‑ábhar caighdeánach nó an síol caighdeánach sin na ceanglais ábhartha maidir le táirgeadh agus margú, dá dtagraítear in Airteagal 8, ar bhonn na gcigireachtaí, na samplála agus na tástála arna ndéanamh ag an oibreoir gairmiúil.

Eiseoidh, priontálfaidh agus greamóidh an t‑oibreoir gairmiúil, nó duine a ghníomhóidh faoi fhreagracht an oibreora ghairmiúil, lipéad an oibreora ar an taobh amuigh de chuach, pacáiste nó coimeádán.

Airteagal 17

Inneachar lipéad

1.Beidh an lipéad oifigiúil agus an lipéad oibreora scríofa i dteanga amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

2.Beidh lipéad oifigiúil agus lipéad an oibreora inléite, doscriosta, gan a bheith inmhodhnaithe má dhéantar crioscaíl leis, priontáilte ar thaobh amháin, gan a bheith úsáidte roimhe, agus infheicthe gan dua.

3.Aon spás den lipéad oifigiúil nó de lipéad an oibreora seachas na heilimintí a luaitear i mír 4, féadfaidh an túdarás inniúil é a úsáid le haghaidh faisnéis bhreise. Cuirfear an fhaisnéis sin i láthair i litreacha nach mó ná na litreacha sin a úsáidtear le haghaidh inneachar an lipéid oifigiúil nó lipéad an oibreora dá dtagraítear i mír 4. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith ina fhaisnéis fhíorasach agus an méid sin amháin, gan ábhar fógraíochta a bheith i gceist, agus bainfidh an fhaisnéis leis na ceanglais maidir le táirgeadh agus le margú nó leis na ceanglais maidir le lipéadú le haghaidh orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó le plandaí NGT de chatagóir 1 mar a shainmhínítear in Airteagal 3(7) de Rialachán (AE) …/… (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt don Rialachán maidir le NGT) agus leis na ceanglais sin amháin. .

4.Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, inneachar, méid, dath agus foirm an lipéid oifigiúil nó lipéad an oibreora, de réir mar is infheidhme, i ndáil leis na catagóirí nó sóirt PRM lena mbaineann, le haghaidh na lipéad seo a leanas:

(a)an lipéad oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 15(1);

(b)lipéad an oibreora dá dtagraítear in Airteagal 16;

(c)an lipéad le haghaidh meascán dá dtagraítear in Airteagal 21(1);

(d)an lipéad le haghaidh meascáin le haghaidh leasaithe dá dtagraítear in Airteagal 22(1);

(e)an lipéad le haghaidh síolta athphácáistithe agus athlipéadaithe dá dtagraítear in Airteagal 23(5);

(f)an lipéad le haghaidh PRM a bhaineann le cineálacha caomhantais dá dtagraítear in Airteagal 26(2);

(g)an lipéad le haghaidh PRM a mhargaítear d’úsáideoirí deiridh dá dtagraítear in Airteagal 28(1), pointe (a);

(h)an lipéad le haghaidh PRM a mhargaíonn bainc géinte, eagraíochtaí agus líonraí áirithe dá dtagraítear in Airteagal 29;

(i)an lipéad le haghaidh ábhar póraitheora dá dtagraítear in Airteagal 31(2);

(j)an lipéad le haghaidh PRM cineálacha nach bhfuil cláraithe fós dá dtagraítear in Airteagal 32(5);

(k)an lipéad le haghaidh PRM a údaraítear i gcásanna deacrachtaí sealadacha sa soláthar dá dtagraítear in Airteagal 33(2); agus

(l)an lipéad le haghaidh síolta ag a bhfuil údarú sealadach lena margú dá dtagraítear in Airteagal 34(3);

(m)an lipéad le haghaidh síolta nár deimhníodh go críochnaitheach dá dtagraítear in Airteagal 35(3);

(n)an lipéad le haghaidh PRM a allmhairítear ó thríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 40(1) agus (2).

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

5.Féadfaidh an túdarás inniúil a údarú don oibreoir gairmiúil faisnéis seachas an tinneachar dá dtagraítear i mír 4 a léiriú, agus faisnéis seachas ábhar fógraíochta, arna chur ar fhorimeall an lipéid oifigiúil, in achar ar mhéid nach mó ná 20 % d’achar iomlán an lipéid oifigiúil, ar a mbeidh an teideal ‘Faisnéis neamhoifigiúil’. Cuirfear an fhaisnéis sin i litreacha nach mó ná na litreacha sin a úsáidtear le haghaidh inneachar an lipéid oifigiúil dá dtagraítear i mír 4.

Airteagal 18

Tagairt do luchtóga

Eiseofar an lipéad oifigiúil agus an lipéad oibreora le haghaidh gach luchtóige.

Má roinntear luchtóg den chineál céanna ina dhá luchtóg nó níos mó, eiseofar lipéad oifigiúil nua nó lipéad oibreora nua le haghaidh gach luchtóg.

Má dhéantar roinnt luchtóg den chineál céanna a chumasc chun luchtóg nua a dhéanamh, eiseofar lipéad oifigiúil nó lipéad oibreora nua le haghaidh na luchtóige nua sin.

Airteagal 19

Neamhchomhlíontacht PRM le ceanglais maidir le táirgeadh agus le margú

Sa chás ina dtaispeánann rialuithe oifigiúla a dhéantar le linn PRM a mhargú nár táirgeadh nó nár margaíodh síolta nó ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe, nó síolta nó ábhar caighdeánach laistigh den Aontas i gcomhréir leis na ceanglais lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagail 7 nó 8, nó i gcás nár deimhníodh sainaitheantas cineáil agus íonacht cineáil PRM sa tástáil ar dháileacht talún cóimheasa i gcomhréir le hAirteagal 24, áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil lena mbaineann na gníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá maidir leis an PRM lena mbaineann agus i leith an áitribh agus a mhodhanna táirgthe, de réir mar is iomchuí. Beidh sé d’aidhm ag na gníomhaíochtaí sin ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas a bhaint amach:

(a)comhlíonfaidh an PRM lena mbaineann na ceanglais ábhartha;

(b)tarraingeofar an PRM lena mbaineann ón margadh nó úsáidfear mar ábhar seachas PRM é;

(c)cé is moite de shíol caighdeánach nó d’ábhar caighdeánach, táirgfear nó margófar an PRM lena mbaineann faoi chatagóir níos ísle, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme le haghaidh na catagóire sin;

(d)gearrfar modhanna breise de phionóis ar an oibreoir gairmiúil le cois tharraingt siar nó mhodhnú an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 11.

Airteagal 20

Gan PRM a tháirgeadh ná a mhargú ach amháin mar shíolta nó mar ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe

1.Ní ceadmhach PRM a bhaineann leis na géinis nó leis na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn IV a tháirgeadh ná a mhargú ach amháin mar shíolta nó ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe.

2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 chun Iarscríbhinn IV a leasú.

Leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear géinis nó speicis le hIarscríbhinn IV, má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas araon:

(a)tá gá le ráthaíochtaí níos airde maidir le cáilíocht na síolta a bhaineann leis an ngéineas nó leis an speiceas sin; agus.

(b)tá costais na ngníomhaíochtaí deimhniúcháin, is gá chun an síol lena mbaineann a tháirgeadh agus a mhargú mar shíol réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe, comhréireach:

(i)leis an gcuspóir slándáil bia agus beatha a áirithiú, nó ardluach na próiseála tionsclaíche a áirithiú; agus

(ii)leis na tairbhí eacnamaíocha a dhíorthaítear de na caighdeáin is airde maidir le sainaitheantas agus cáilíocht an tsíl, a eascraíonn as comhlíontacht leis na ceanglais maidir le síol réamhbhunúsach, bunúsach, agus deimhnithe i gcomparáid leis na caighdeáin sin maidir le síol caighdeánach.

Beidh an chomhréireacht sin bunaithe ar mheasúnú foriomlán ar na heilimintí seo a leanas in éineacht le chéile: tábhacht an ghéinis nó an speicis lena mbaineann ó thaobh shlándáil bia agus beatha an Aontais de; méid a tháirgeachta san Aontas; an t‑éileamh atá air ó na hoibreoirí gairmiúla agus ó oibreoirí an tionscail bia/beatha; na costais chun síol réamhbhunúsach, bunúsach, agus deimhnithe a tháirgeadh i gcomparáid leis an gcostas chun síol eile den ghéineas nó den speiceas céanna a tháirgeadh; agus na tairbhí eacnamaíocha a dhíorthaítear ó shíol réamhbhunúsach, bunúsach, agus deimhnithe a tháirgeadh agus a mhargú i gcomparáid le síol eile den ghéineas nó den speiceas céanna.

Leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, bainfear géineas nó speiceas d’Iarscríbhinn IV mura gcomhlíontar ceann de na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír, pointe (b), pointí (i) agus (ii), a thuilleadh.

ROINN 6

CEANGLAIS SHONRACHA MAIDIR LE MEASCÁIN SÍOLTA, SÍOLTA A ATHPHACÁISTIÚ AGUS TÁSTÁLACHA AR DHÁILEACHTAÍ TALÚN CÓIMHEASA LE hAGHAIDH SÍOLTA

Airteagal 21

Meascáin síolta

1.Meascáin de shíolta deimhnithe nó meascáin de shíol caighdeánach de ghéinis nó de speicis éagsúla a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I agus a chomhlíonann ceanglais Airteagail 5 go 8, mar aon le meascáin de chineálacha difriúla de na géinis nó de na speicis sin, féadfar iad a tháirgeadh agus a mhargú san Aontas, más rud é go gcomhlíonann siad ceanglais an Airteagail seo.

Beidh na nithe seo a leanas ag gabháil leis na síolta a áireofar sna meascáin sin:

(a)lipéad oifigiúil, i gcás nach mbeidh sa mheascán ach síolta deimhnithe; nó

(b)lipéad oibreora, i gcás nach mbeidh sa mheascán ach síol deimhnithe, nó síol deimhnithe agus síol caighdeánach.

Chun críocha an dara fomhír, pointe (a), cuirfidh na hoibreoirí gairmiúla liosta na gcineálacha dá bhfuil an meascán comhdhéanta agus na cóimheasa atá i gceist leo faoi bhráid an údaráis inniúil, chun incháilitheacht na gcineálacha sin a fhíorú.

2.Is iad oibreoirí gairmiúla amháin a fhéadfar meascán síolta dá dtagraítear i mír 1 a tháirgeadh, arb oibreoirí gairmiúla iad atá údaraithe chun na críche sin ag an údarás inniúil. Chun údarú a fháil chun na meascáin sin a tháirgeadh, comhlíonfaidh na hoibreoirí gairmiúla na ceanglais seo a leanas:

(a)beidh trealamh measctha oiriúnach suiteáilte acu mar aon le nósanna imeachta iomchuí lena náiritheofar go mbeidh an meascán críochnaithe aonfhoirmeach agus gur féidir an cóimheas, atá luaite a bheith ann idir na cineálacha ar comhpháirteanna iad i ngach coimeádán, a bhaint amach;

(b)beidh duine i gceannas ar a mbeidh freagracht dhíreach as oibríocht an mheasctha agus an phacáistithe; agus

(c)coimeádfaidh siad clár de mheascáin síolta agus den úsáid a bheartaítear dóibh.

3.Déanfar oibríocht mheascadh agus phacáistiú na síolta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil.

Déanfar oibríocht an mheasctha ar bhealach lena n‑áiritheofar nach mbeidh aon riosca ann go mbeidh síolta i láthair nach mbeartaítear iad a áireamh agus go mbeidh an meascán a gheofar dá thoradh a aonfhoirmí agus is féidir.

Meáchan an tsíl i gcoimeádán aonair, atá comhdhéanta de mheascán de speicis bheagshíolacha agus de speicis ar mó a shíol ná méid na cruithneachta, ní bheidh meáchan an tsíl sin sa choimeádán níos mó ná 40 kg.

4.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar bhonn na bhforbairtí teicniúla agus eolaíocha agus na taithí a gheofar ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo, rialacha a shonrú maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)an trealamh agus an nós imeachta um meascadh;

(b)uasmhéideanna na luchtóg le haghaidh speicis agus cineálacha áirithe.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 22

Meascáin chaomhnúcháin

1.De mhaolú ar Airteagal 21(1), feadfaidh na Ballstáit táirgeadh agus margú meascáin síolta de ghéinis nó de chineálacha éagsúla a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I, a údarú, mar aon le meascáin síolta chineálacha difriúla de na géinis nó de na speicis sin, in éineacht le síolta de ghéinis nó de speicis Chodanna eile den Iarscríbhinn sin, nó meascáin síolta de ghéinis nó de speicis nach liostaítear san Iarscríbhinn sin, más rud é go gcomhlíonann an meascán sin na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)cuidíonn sé le caomhnú na nacmhainní géiniteacha, nó leis an gcomhshaol nádúrtha a athbhunú; agus

(b)tá sé bainteach le limistéar áirithe (‘limistéar foinseach’) a chuidíonn le caomhnú na nacmhainní géiniteacha, nó leis an gcomhshaol nádúrtha a athbhunú;

(c)comhlíonann sé ceanglais Iarscríbhinn V.

Is é ‘meascán caomhantais’ atá i gceist le meascán den sórt sin agus luafar é sin ar a lipéad.

2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75, lena leasófar Iarscríbhinn V maidir leis na heilimintí seo a leanas:

(a)ceanglais maidir le húdarú le haghaidh meascáin síolta a bhailítear ó áit nádúrtha go díreach arb áit í a bhaineann le limistéar foinseach sainithe, chun an comhshaol nádúrtha a chaomhnú agus a athbhunú (meascáin le haghaidh leasaithe arna mbuaint go díreach);

(b)ceanglais maidir le lipéadú le haghaidh meascáin le haghaidh leasaithe a fhástar mar bharra;

(c)úsáid agus cion speiceas áirithe;

(d)ceanglais maidir le séalú agus le pacáistiú;

(e)ceanglais maidir leis na hoibreoirí gairmiúla a údarú.

Beidh na leasuithe sin bunaithe ar an taithí a cruinníodh le cur chun feidhme an Airteagail seo, agus le haon fhorbairt theicniúil agus eolaíoch agus leis an bhfeabhsú ar cháilíocht agus ar shainaitheantas na meascán le haghaidh leasaithe. Féadfaidh baint a bheith acu le géinis nó le speicis áirithe agus leo sin amháin.

3.Tuairisceoidh oibreoirí gairmiúla chuig na húdaráis inniúla lena mbaineann, le haghaidh gach séasúir táirgthe, méid na meascán le haghaidh leasaithe a tháirg agus a mhargaigh siad.

Tuairisceoidh na Ballstáit arna iarraidh sin chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile méid na meascáin le haghaidh leasaithe a tháirgtear agus a mhargaítear ina gcríoch agus, i gcás inarb infheidhme, ainmneacha na n‑údarás inniúil atá freagrach as acmhainní géiniteacha plandaí nó na n‑eagraíochtaí a aithnítear chun na críche sin.

Airteagal 23

Luchtóga síl a athphacáistiú agus athlipéadú

1.Déanfar luchtóg síl de shíol réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a athphacáistiú agus athlipéadú i gcomhréir leis an Airteagal seo, le hAirteagail 14 agus 15, i gcás inar gá sin chun luchtóga a roinnt nó a chumasc.

2.Is iad seo a leanas a dhéanfaidh athphacáistiú agus athlipéadú luchtóige síl:

(a)an toibreoir gairmiúil faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil; nó

(b)samplóir síl, a bheidh údaraithe agus faoi mhaoirseacht chun na críche sin ag an údarás inniúil, agus a thuairiscíonn chuig an údarás sin.

I gcás phointe (b), tabharfaidh an t‑údarás inniúil fógra don oibreoir gairmiúil roimh ré chun a chomhar leis an samplóir síl a eagrú.

3.An toibreoir gairmiúil agus an samplóir síl a dhéanfaidh athphacáistiú agus athlipéadú na luchtóg síl, déanfaidh siad gach beart chun a áirithiú, le linn oibríocht an athphacáistithe, go ndéanfar sainaitheantas cineáil agus íonacht cineáil na luchtóige síl a chothabháil, nach dtarlóidh aon éilliú, agus go mbeidh an luchtóg síl a eascróidh as a aonfhoirmí agus is féidir.

4.Coimeádfaidh na hoibreoirí gairmiúla agus an samplóir síl taifid, agus luchtóga síl á nathphacáistiú agus á nathlipéadú acu, ar feadh 3 bliana tar éis an athlipéadaithe agus an athphacáistithe faoi seach. Beidh na nithe seo a leanas san fhaisnéis a bheidh sna taifid:

(a)uimhir thagartha na luchtóige síl bunaidh;

(b)uimhir thagartha na luchtóige síl athphacáistithe nó athlipéadaithe;

(c)meáchan na luchtóige síl bunaidh;

(d)meáchan na luchtóige síl athphacáistithe nó athlipéadaithe;

(e)dáta diúscartha críochnaithí na luchtóige.

Coimeádfar na taifid sin i bhfoirm lena bhfágfar go mbeifear in ann barántúlacht na luchtóige síl bunaidh a shainaithint agus a fhíorú, ar luchtóg í a bheidh faoi réir a hathphacáistithe agus a hathlipéadaithe. Cuirfear iad ar fáil don údarás inniúil arna iarraidh sin.

5.Bainfear na séalaí agus na lipéid bhunaidh den luchtóg síl. Coimeádfaidh na hoibreoirí gairmiúla nó an samplóir síl an lipéad freisin, de gach luchtóg síl is comhpháirt den luchtóg síl bhunaidh, arb é sin an lipéad a athsholáthraíodh.

Luafar uimhir thagartha na luchtóige síl bunaidh ar na lipéid nua nó uimhir thagartha luchtóige síl nua arna sannadh ag an údarás inniúil.

6.I gcás ina sannfaidh an túdarás inniúil uimhir thagartha luchtóige síl nua, coimeádfaidh sé taifead ar an iar‑uimhir thagartha luchtóige síl nó áiritheoidh go mbeidh an iar‑uimhir sin ar na lipéid nua.

7.Ní ceadmhach athphacáistiú a dhéanamh ar mheascáin de shíol deimhnithe ach amháin i gcás ina mbeidh sé suite ag an oibreoir gairmiúil nó ag an samplóir síl go gcoinneofar cóimheas na gcomhpháirteanna difriúla laistigh de mheascán ar bun le linn phróiseas an athphacáistithe.

Airteagal 24

Tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa le haghaidh síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe

1.Tar éis tháirgeadh na síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe, déanfaidh na húdaráis inniúla tástálacha bliantúla allamuigh, láithreach tar éis an tséasúir, nó lena linn, tar éis dó na samplaí a tharraingt, sa bhreis ar chigireacht ar na goirt, i ndáileachtaí ina gcuirfear an cineál i gcomparáid le sampla síl den chineál, a bheidh fíoraithe go hoifigiúil, chun a fhionnadh nár tháinig aon athrú ar shaintréithe na gcineálacha i bpróiseas an táirgthe agus chun fíorú a dhéanamh ar shainaitheantas cineáil agus íonacht cineáil luchtóga aonair síl.

Úsáidfear na tástálacha sin chun measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

a)cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na ceanglais maidir leis na chéad chatagóirí nó ghlúine eile. Nuair, de thoradh na dtástálacha sin ar an gcatagóir nó ar an nglúin díreach fúthu sin, a shuífear nár coinníodh sainaitheantas cineáil ná íonacht na síolta ar bun, ní dheimhneoidh an túdarás inniúil síl a dhíorthaítear ón luchtóg lena mbaineann;

b)go gcomhlíonann an síol sin na ceanglais eile lena mbaineann maidir le haitheantas, cáilíocht agus deimhniúcháin. Nuair, de thoradh na tástála sin, a shuífear nár comhlíonadh ceanglais Airteagal 7, tarraingeoidh an túdarás inniúil an luchtóg lena mbaineann siar ón margadh nó áiritheoidh go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais is infheidhme.

2.Cinnfear cion na dtástálacha sin ar dháileachtaí talún cóimheasa le haghaidh síol réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe ar bhonn anailís riosca maidir le neamhchomhlíontacht fhéideartha na síolta leis na ceanglais is infheidhme.

3.Ar bhonn na hanailíse riosca dá dtagraítear i mír 2, déanfar tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa trí shamplaí arna dtógáil ag an údarás inniúil ón síol a rinneadh a bhuaint.

4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75, lena bhforlíontar an Rialachán seo trí rialacha a leagan amach maidir leis na tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa síolta in aghaidh an ghéinis nó an speicis. Oiriúnófar na rialacha sin don fhorbairt ar eolas eolaíoch agus teicniúil agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta, agus féadfar iad a leagan síos in aghaidh an ghéinis, an speicis nó catagóirí áirithe. D’fhéadfadh baint a bheith acu leis na nithe seo a leanas:

(a)critéir maidir leis an anailís riosca dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh;

(b)an nós imeachta tástála;

(c)meastóireacht ar thorthaí na dtástálacha.

5.I gcás sainaitheantas cineáil agus íonacht cineáil a rialú, féadfar úsáid a bhaint as úsáid na dteicnící bith‑mhóilíneacha mar uirlis fhorlíontach i gcás nach neascróidh torthaí críochnúil as na tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa dá dtagraítear i mír 1

Airteagal 25

Tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa le haghaidh síolta caighdeánacha

1.Tar éis mhargú na síolta caighdeánacha, déanfaidh na húdaráis inniúla tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa chun a sheiceáil cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na síolta na ceanglais lena mbaineann maidir le sainaitheantas cineáil agus le híonacht chineáil, agus ceanglais eile, de réir mar is iomchuí.

2.Cinnfear na tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa ar bhonn anailís riosca maidir leis an bhféidearthacht nach gcomhlíonfaidh na síolta lena mbaineann na ceanglais sin.

3.Bunaithe ar an anailís riosca ar neamhchomhlíontacht leis na rialacha lena mbaineann, déanfar na tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa dá dtagraítear i mír 1 go bliantúil, trí úsáid a bhaint as samplaí arna dtógáil ag an údarás inniúil ó luchtóga síl aonfhoirmeacha. Déanfaidh na tástálacha sin measúnú ar aitheantas agus íonacht chineáil an tsíl lena mbaineann, agus a ráta péactha agus íonacht anailíseach.

4.I gcás sainaitheantas cineáil agus íonacht chineáil a rialú, féadfar úsáid a bhaint as teicnící bith‑mhóilíneacha mar uirlis fhorlíontach i gcás nach mbeadh torthaí na dtástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa dá dtagraítear i mír 1 críochnúil.

ROINN 7

Sáruithe ar cheanglais Airteagail 5 go 25

Airteagal 26

PRM a bhaineann le cineálacha caomhantais

1.De mhaolú ar Airteagal 20, féadfar PRM a bhaineann le cineál caomhantais, atá cláraithe i gclár náisiúnta cineálacha dá dtagraítear in Airteagal 44(1), pointe (b) a tháirgeadh agus a mhargú san Aontas mar shíol caighdeánach nó gnáthábhar plandaí atáirgthe, má chomhlíonann sé na ceanglais uile a bhaineann le síol caighdeánach agus gnáthábhar plandaí atáirgthe le haghaidh an speicis faoi leith, dá dtagraítear in Airteagal 8.

2.Beidh lipéad oibreora ar a mbeidh an tásc ‘Cineál caomhantais’ ag gabháil le PRM dá dtagraítear i mír 1.

3.Tabharfaidh oibreoir gairmiúil a úsáideann an maolú sin fógra don údarás inniúil faoin ngníomhaíocht sin, i ndáil leis na speicis agus na cainníochtaí lena mbaineann, ar bhonn bliantúil.

Airteagal 27

PRM d’ábhar ilchineálach

1De mhaolú ar Airteagal 5, féadfar PRM d’ábhar ilchineálach a tháirgeadh agus a mhargú laistigh den Aontas gan baint a bheith aige le cineál. Tabharfar fógra don údarás inniúil faoin ábhar ilchineálach agus cláróidh an túdarás sin é sula dtáirgfear agus/nó margófar é, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

2.De mhaolú ar Airteagail 7(1), (3) agus Airteagal 8(1), (3), táirgfear agus margófar PRM d’ábhar ilchineálach dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75, lena leasófar Iarscríbhinn VI. Féadfaidh baint a bheith ag na leasuithe sin leis na géinis nó speicis uile, nó le géinis nó speicis áirithe amháin, agus:

(a)feabhsófar leo soláthar faisnéise i bhfógraí, tuairisc agus sainaithint PRM ilchineálach, ar bhonn na taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm na rialacha faoi leith;

(b)feabhsófar leo na rialacha a bhaineann le pacáistíocht agus lipéadú PRM ilchineálach, ar bhonn na taithí a fuarthas ó na seiceálacha a rinne na húdaráis inniúla;

(c)feabhsófar leo na rialacha maidir le cothabháil PRM ilchineálach, ar bhonn teacht chun cinn dea‑chleachtas.

Glacfar na leasuithe sin chun oiriúnú d’fhorbairt na fianaise teicniúla agus eolaíochta faoi leith, agus na caighdeáin idirnáisiúnta, agus chun leanúint leis an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo a bhaineann leis na géinis nó speicis uile, nó le géinis nó speicis áirithe amháin.

4.Tabharfaidh aon oibreoir gairmiúil a tháirgeann agus/nó atá chun PRM d’ábhar ilchineálach a mhargú fógra don údarás inniúil sula margófar é. Mura niarrann an túdarás inniúil aon fhaisnéis bhreise laistigh d’achar ama a chinneann an túdarás inniúil, féadfar PRM d’ábhar ilchineálach a mhargú.

5.Áiritheoidh an toibreoir gairmiúil inrianaitheacht PRM d’ábhar ilchineálach trí fhaisnéis a choinneáil lena bhféadfar na hoibreoirí gairmiúla, a sholáthair an tábhar tosaigh a úsáideadh do tháirgeadh (máthair‑ábhar) an ábhair ilchineálaigh, a shainaithint.

Coinneoidh an t‑oibreoir gairmiúil an fhaisnéis sin go ceann 5 bliana.

An t‑oibreoir gairmiúil a tháirgeann PRM d’ábhar ilchineálach a mbeartaítear é a mhargú, déanfaidh sé an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh agus a choinneáil:

(a)ainm an speicis agus na hainmníochta a úsáidtear i ngach ábhar ilchineálach ar tugadh fógra ina leith;

(b)an cineál teicníce a úsáidtear chun ábhar ilchineálach dá dtagraítear i mír 1 a tháirgeadh;

(c)saintréithriú an ábhair ilchineálaigh ar tugadh fógra ina leith;

(d)suíomh pórúcháin PRM d’ábhar ilchineálach agus an suíomh táirgthe;

(e)an tachar dromchla chun PRM d’ábhar ilchineálach a tháirgeadh agus an chainníocht a tháirgtear.

Beidh rochtain ag na húdaráis inniúla ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo.

6.Beidh feidhm ag Airteagal 54 dá réir sin maidir le hoiriúnacht ainmníocht an ábhair ilchineálaigh.

7.Ábhar ilchineálach mar a thugtar fógra ina leith de bhun mhír 1, cláróidh na húdaráis inniúla é i gclár tiomnaithe (‘clár ábhair ilchineálaigh’).

Coimeádfaidh na húdaráis inniúla an clár sin, tabharfaidh siad cothrom le dáta é agus foilseoidh siad é agus tabharfaidh siad fógra láithreach don Choimisiún faoina inneachar agus na nuashonruithe.

Airteagal 28

PRM a mhargaítear d’úsáideoirí deiridh

1.De mhaolú ar Airteagail 5-12, 14, 15 agus 20, féadfar PRM a mhargú d’úsáideoirí deiridh, má chomhlíonann sé na ceanglais uile seo a leanas:

(a)beidh lipéad oibreora ar PRM, lipéad ar a mbeidh an ainmníocht PRM agus an tásc ‘Ábhar atáirgthe plandaí d’úsáideoirí deiridh – gan deimhniú oifigiúil’ nó, i gcás síolta, ‘Síolta d’úsáideoirí deiridh – gan deimhniú oifigiúil’;

(b)i gcás nach mbaineann PRM le cineál atá cláraithe i clár náisiúnta cineálacha dá dtagraítear in Airteagal 44, gabhfaidh tuairisc, a bheidh ar fáil go poiblí, le PRM, ar bhonn doiciméadacht phríobháideach, i gcatalóg tráchtála a choimeádann an toibreoir gairmiúil. Cuirfidh an toibreoir gairmiúil an doiciméadacht phríobháideach sin ar fáil don údarás inniúil arna iarraidh sin;

(c)beidh sé saor, geall leis, ó lotnaidí cáilíochta agus aon locht ar dócha go ndéanfadh sé dochar dá chuid cáilíochta mar ábhar atáirgthe, agus beidh spreacadh agus toisí sásúla aige i leith a thairbhe mar PRM, agus, i gcás síolta, beidh acmhainneacht phéactha shásúil acu; agus

(d)margófar PRM mar phlandaí aonair, nó, i gcás síolta agus tiúbar, i bpacáistí beaga.

Tabharfaidh oibreoir gairmiúil a úsáideann an maolú sin fógra don údarás inniúil faoin ngníomhaíocht sin, i ndáil leis na speicis agus na cainníochtaí lena mbaineann, ar bhonn bliantúil

2.Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a bhaineann leis na ceanglais maidir le méid, foirm, séalú agus láimhseáil, ceanglais a bhaineann leis na pacáistí beaga dá dtagraítear i mír 1, pointe (d).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 29

PRM a mhargaítear do bhainc ghéinte, eagraíochtaí agus líonraí agus a mhargaítear idir bainc ghéinte, eagraíochtaí agus líonraí 

1.De mhaolú ar Airteagail 5 go 25, féadfar PRM a mhargú do bhainc ghéinte, eagraíochtaí agus líonraí, nó idir bainc ghéinte, eagraíochtaí agus líonraí, le cuspóir reachtúil, nó cuspóir oifigiúil a dtugtar fógra ina leith don údarás inniúil, chun acmhainní géiniteacha plandaí a chaomhnú, lena ndéantar aon cheann de na gníomhaíochtaí chun críocha neamhbhrabúsacha.

Féadtar é a mhargú ó na bainc ghéinte, eagraíochtaí agus líonraí chuig daoine, a dhéanann an PRM sin a chaomhnú, mar úsáideoirí deiridh, chun críocha neamhbhrabúsacha freisin.

Sna cásanna dá ndéantar foráil sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, comhlíonfaidh PRM na ceanglais seo a leanas:

(a)liostófar é i gclár a choimeádann na bainc ghéinte, eagraíochtaí agus líonraí sin in éineacht le tuairisc iomchuí ar an PRM sin;

(b)caomhnóidh na bainc ghéinte, eagraíochtaí agus líonraí é, agus cuirfidh na bainc ghéinte, eagraíochtaí agus líonraí sin samplaí den PRM sin ar fáil do na húdaráis inniúla arna niarraidh sin; agus

(c)beidh sé saor, geall leis, ó lotnaidí cáilíochta agus aon locht ar dócha go ndéanfadh sé dochar dá chuid cáilíochta mar ábhar atáirgthe, agus beidh spreacadh agus toisí sásúla aige i leith a thairbhe mar PRM, agus, i gcás síolta, beidh acmhainneacht phéactha shásúil acu.

2.Tabharfaidh na bainc ghéinte, eagraíochtaí agus líonraí fógra don údarás inniúil faoi úsáid an mhaolaithe dá dtagraítear i mír 1 agus na speicis lena mbaineann.

Airteagal 30

Síol a ndéantar malartuithe comhchineáil de idir feirmeoirí

1.De mhaolú ar Airteagail 5-25, féadfaidh feirmeoirí malartuithe comhchineáil síolta a dhéanamh, má chomhlíonann na síolta sin na coinníollacha uile seo a leanas:

(1)táirgtear iad ar áitreabh an fheirmeora féin;

(2)díorthaítear iad ó bhuaint an fheirmeora féin;

(3)níl siad faoi réir conradh seirbhíse a dhéanann an feirmeoir le hoibreoir gairmiúil a dhéanann táirgeadh síolta; agus

(4)úsáidtear an síol le haghaidh bainistíocht dhinimiciúil shíol an fheirmeora féin chun cur leis an agrai‑éagsúlacht.

2.Comhlíonfaidh na síolta sin na ceanglais uile seo a leanas:

(a)ní bhainfidh siad le cineál nach bhfuil cearta maidir le cineálacha plandaí deonaithe dóibh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2100/94;

(b)beidh siad teoranta do chainníochtaí beaga, a shaineoidh na húdaráis inniúla le haghaidh speicis shonracha in aghaidh na bliana agus in aghaidh an fheirmeora, gan idirghabhálaithe tráchtála a úsáid ná tairiscint phoiblí ar mhargú; agus

(c)beidh siad saor, geall leis, ó lotnaidí cáilíochta agus aon locht ar dócha go ndéanfadh sé dochar dá gcuid cáilíochta, agus beidh acmhainneacht phéactha shásúil acu.

3.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ar bhonn bliantúil faoi na méideanna in aghaidh speiceas a shaineofar i gcomhréir le mír 2, pointe (b).

Airteagal 31

Síol an phóraitheora

1.De mhaolú ar Airteagail 5-25, féadfaidh údarás inniúil údarú a thabhairt d’oibreoirí síolta de ghlúine roimh an gcatagóir réamhbhunúsach a mhargú d’oibreoir eile, chun cineálacha nua a phórú (síol an phóraitheora).

Cinnfidh an t‑údarás inniúil fad an údaraithe agus na cainníochtaí in aghaidh an speicis, agus iad ag deonú an údaraithe sin.

2.Gabhfaidh le PRM dá dtagraítear i mír 1 lipéad arna eisiúint ag an oibreoir gairmiúil, leis an tásc ‘síol an phóraitheora’, a bheidh ceangailte, de réir mar is infheidhme, leis an gcoimeádán, beart nó pacáiste den ábhar sin.

Beidh sé séalaithe agus beidh uimhir luchtóige air a bheidh le húsáid chun críocha aitheantais agus tástáil ar dháileacht talún cóimheasa sula n‑úsáidfear é mar shíol réamhbhunúsach.

Airteagal 32

PRM de chineálacha nach bhfuil cláraithe go fóill

1.De mhaolú ar Airteagal 5, féadfaidh údarás inniúil údarú a thabhairt d’oibreoirí gairmiúla síolta réamhbhunúsacha, ábhar réamhbhunúsach, síolta bunúsacha agus bunábhar a bhaineann le cineál nach bhfuil cláraithe go fóill i gclár náisiúnta cineálacha, dá dtagraítear in Airteagal 44, a tháirgeadh agus a mhargú, chun críocha iolrúcháin, má chomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas:

(a)caithfidh na hearnálacha margaíochta an tábhar nó na síolta sin a fháil roimh ré, chun go mbeidh stoic leordhóthanacha ar fáil, nuair a chlárófar an cineál faoi leith; agus

(b)níl aon bhaol ann go mbeidh aitheantas nó cáilíocht neamh‑leordhóthanach an PRM mhargaithe ann de thoradh údarú den sórt sin; agus

(c)baineann an PRM sin le cineál ar cuireadh iarratas isteach ar é a chlárú i gclár náisiúnta cineálacha de bhun Airteagal 55.

Féadfar údarú den sórt sin a dheonú go ceann tréimhse uasta 3 bliana i gcás síolta, agus 5 bliana i gcás PRM seachas síolta, agus le haghaidh cainníochtaí beaga in aghaidh an speicis mar a shonróidh an t‑údarás inniúil.

2.De mhaolú ar Airteagail 5, 7, 10-12, 15, 20, 23 agus 24, féadfaidh údarás inniúil údarú a thabhairt d’oibreoirí gairmiúla go ceann tréimhse uasta 3 bliana i gcás síolta, agus 5 bliana i gcás PRM seachas síolta, agus le haghaidh cainníochtaí beaga in aghaidh an speicis mar a chinnfidh an túdarás inniúil, PRM a bhaineann le cineál nach bhfuil cláraithe go fóill i gclár náisiúnta cineálacha, dá dtagraítear in Airteagal 44, a tháirgeadh agus a mhargú, má chomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas:

(a)ní úsáidfear an PRM údaraithe ach amháin le haghaidh tástálacha nó trialacha a dhéanfaidh oibreoirí gairmiúla, chun faisnéis a bhailiú maidir le saothrú nó úsáid an chineáil lena mbaineann ar fheirmeacha;

(b)déantar é a mhargú do na hoibreoirí gairmiúla sin amháin, agus ní dhéantar é a mhargú ina dhiaidh sin, oibreoirí gairmiúla a tháirgeann tuarascáil ar thorthaí na dtástálacha nó na dtrialacha, i ndáil leis an bhfaisnéis faoi shaothrú nó úsáid an chineáil sin;

(c)níl aon bhaol ann go mbeidh aitheantas nó cáilíocht neamh‑leordhóthanach an PRM mhargaithe ann de thoradh údarú den sórt sin; agus

(d)comhlíonann PRM údaraithe ceanglais PRM caighdeánach do na speicis faoi leith.

3.D’fhonn an túdarú dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a fháil, déanfaidh an toibreoir gairmiúil iarraidh a chur isteach chuig na húdaráis inniúla, ina luafar faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

(a)táirgeadh an stoic de shíolta réamhbhunúsacha agus ábhar réamhbhunúsach, agus síolta bunúsacha agus bunábhar, agus síolta deimhnithe agus ábhar a bheidh ar fáil roimh chlárú an chineáil agus na tástálacha agus trialacha atáthar ag brath a dhéanamh i ndáil leis na síolta caighdeánacha agus ábhar caighdeánach;

(b)tagairt an phóraitheora don chineál arna lua san iarraidh ar chlárú;

(c)an nós imeachta um chothabháil cineáil, i gcás inarb infheidhme;

(d)an túdarás a bhfuil an tiarratas ar chlárú an chineáil ag feitheamh faoina bhráid, agus an tagairt a sannadh don iarratas sin;

(e)an suíomh a dhéanfar an táirgeadh; agus

(f)cainníochtaí an ábhair a chuirfear ar fáil ar an margadh.

4.Na Ballstáit ar dheonaigh a núdarás inniúil an túdarú dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfidh siad é sin in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún ar bhonn bliantúil.

5.Gabhfaidh le PRM dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 lipéad, arna eisiúint ag an oibreoir gairmiúil, leis an tásc ‘Cineál nach bhfuil liostaithe go fóill’.

Airteagal 33

Údarú i gcás deacrachtaí sealadacha soláthair

1.D’fhonn deacrachtaí sealadacha le soláthar ginearálta PRM, a d’fhéadfadh tarlú san Aontas de bharr dálaí aeráide díobhálacha nó imthosca gan choinne eile, a bhaint, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, údarú a thabhairt do na Ballstáit go ceann tréimhse uasta 1 bhliain amháin, chun margú na gcatagóirí d’ábhar réamhbhunúsach, bunábhar, ábhar deimhnithe, síolta réamhbhunúsacha, síolta bunúsacha nó síolta deimhnithe, a chomhlíonann ceann de na coinníollacha seo a leanas a cheadú:

(a)baineann sé le cineál nach náirítear i gclár náisiúnta cineálacha; nó

(b)comhlíonann sé ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 7(1).

Beidh feidhm ag pointe (a) de mhaolú ar Airteagal 5, agus beidh feidhm ag pointe (b) de mhaolú ar Airteagal 7(1).

Féadfar a leagan amach leis an ngníomh cur chun feidhme sin na huaschainníochtaí a fhéadfar a mhargú de réir géinis nó speicis.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

2.Le PRM dá dtagraítear i mír 1, gabhfaidh lipéad ar a ndeirtear, de réir mar is infheidhme, go mbaineann an PRM i gceist le cineál neamhchláraithe nó go gcomhlíonann sé ceanglais cháilíochta nach bhfuil chomh dian céanna leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 7(1).

3.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, nach mór an túdarú lena mbaineann a aisghairm nó a leasú, má thagann sé ar an gconclúid nach bhfuil gá leis an údarú sin nó nach bhfuil sé comhréireach i ndáil leis an gcuspóir go gcuirfí deireadh leis na deacrachtaí sealadacha maidir le soláthar ginearálta PRM lena mbaineann. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

4.Féadfaidh na Ballstáit, gan údarú an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 1 a fháil, táirgeadh agus margú síolta, a chomhlíonann rátaí péactha atá laghdaithe suas le 15 phointe céatadáin i gcomparáid leis na cinn a leagtar amach de bhun an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7(3), a cheadú, go ceann tréimhse uasta 1 bhliain amháin, agus le haghaidh líon teoranta cainníochtaí in aghaidh géinis nó speicis de réir mar is gá i ndáil leis na deacrachtaí soláthair i gceist.

Airteagal 34

Údarú sealadach i gcásanna práinneacha le haghaidh margú síolta nach bhfuil deimhnithe mar shíolta a chomhlíonann na ceanglais cháilíochta is infheidhme

1.Féadfaidh na húdaráis inniúla, go ceann tréimhse uasta 1 mhí amháin, margú síolta mar shíolta réamhbhunúsacha, bunúsacha nó deimhnithe a údarú sula ndeimhnítear iad i ndáil le comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 7 maidir le péacadh, cion uasta speiceas eile nó íonacht, más gá sin chun an síol a chur ar fáil ar an margadh go tapa chun dul i ngleic le riachtanais phráinneacha i ndáil leis an soláthar.

2.Deonófar an túdarú dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn tuarascáil anailíseach ar an síol, arna heisiúint ag an oibreoir gairmiúil, lena ndearbhófar comhlíonadh na gceanglas maidir le péacadh, cion speiceas eile nó íonacht, arna ghlacadh de bhun Airteagal 7(1).

Cuirfidh an t‑oibreoir gairmiúil ainm agus seoladh chéad fhaighteoir na síolta faoi bhráid an údaráis inniúil. Coimeádfaidh an t‑oibreoir gairmiúil an fhaisnéis maidir leis an tuarascáil anailíseach shealadach ar fáil don údarás inniúil.

3.Ar na síolta dá dtagraítear i mír 1 beidh lipéad ar a ndéarfar ‘Údarú sealadach do mhargú’.

Airteagal 35

PRM nach bhfuil deimhnithe go fóill

1.PRM a táirgeadh san Aontas, ach nach bhfuil deimhnithe go fóill mar shíolta réamhbhunúsacha, bunúsacha nó deimhnithe de bhun Airteagal 7, féadfar an tábhar sin a mhargú agus tagairt á déanamh do cheann de na catagóirí sin, má chomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas:

(a)roimh an mbuaint, rinne an túdarás inniúil, nó an toibreoir gairmiúil faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil, cigireacht allamuigh agus dearbhaíodh leis an gcigireacht sin go gcomhlíonann an PRM na ceanglais táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 7(1);

(b)tá sé á dheimhniú ag an údarás inniúil, nó ag an oibreoir gairmiúil faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil; agus

(c)go bhfuil na ceanglais atá leagtha amach i míreanna 2 go 5 á gcomhlíonadh.

2.An toibreoir gairmiúil a tháirg PRM dá dtagraítear i mír 1, is é an toibreoir sin a mhargóidh an PRM sin don oibreoir gairmiúil atá leis an deimhniú a dhéanamh, agus an toibreoir sin amháin. Ní fhéadfar an PRM sin a aistriú ina dhiaidh sin chuig aon duine eile roimh a dheimhniú deiridh.

3.Gabhfaidh le PRM dá dtagraítear i mír 1 lipéad, arna eisiúint ag an oibreoir gairmiúil, leis an tásc ‘Síolta/Ábhar nach bhfuil deimhnithe go fóill’.

4.I gcás nach ionann an túdarás inniúil, inar buanadh PRM (‘údaráis inniúil táirgthe’), agus an túdarás inniúil ina ndeimhnítear PRM de bhun Airteagal 7 (‘údaráis inniúil deimhniúcháin’), déanfaidh siad an fhaisnéis ábhartha faoi tháirgeadh agus margú an PRM sin a mhalartú lena chéile.

5.PRM a táirgeadh i dtríú tír, ach nach bhfuil deimhnithe go fóill mar ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe de bhun Airteagal 7, féadfar é a mhargú san Aontas agus tagairt á déanamh do cheann de na catagóirí sin:

(a)má glacadh cinneadh maidir le coibhéis de bhun Airteagal 39 maidir leis an tríú tír sin;

(b)má chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 1, pointí (a) agus (b), míreanna 2 agus 3, agus má bhí oibreoirí gairmiúla an tríú tír lena mbaineann faoi réir maoirseacht oifigiúil a núdarás inniúil;

(c)má mhalartaíonn údaráis inniúla an Bhallstáit agus an tríú tír lena mbaineann an fhaisnéis ábhartha faoi mhargú an ábhair sin lena chéile; agus

(d)má sholáthraíonn údaráis inniúla an tríú tír lena mbaineann an fhaisnéis tháirgthe uile ábhartha d’údarás inniúil an Bhallstáit deimhniúcháin, arna iarraidh sin.

Chun críocha na míre seo, déanfar tagairtí i míreanna 1-5 don údarás inniúil táirgthe a fhorléiriú mar thagairtí d’údarás inniúil an tríú tír lena mbaineann, agus déanfar tagairtí sna míreanna sin do na ceanglais a leagtar amach de bhun Airteagal 7(1) a fhorléiriú mar thagairtí do cheanglais choibhéiseacha an tríú tír, mar a aithnítear de bhun Airteagal 39(2).

Airteagal 36

Táirgeadh agus ceanglais níos déine

1.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, údarú a thabhairt do na Ballstáit, a mhéid a bhaineann le táirgeadh agus margú PRM, ceanglais maidir le táirgeadh nó margú a fhorchur, ceanglais a bheadh ní ba dhéine ná na ceanglais siúd dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8, i gcuid de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann nó i gcríoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann, ar choinníoll go gcomhfhreagraíonn na ceanglais is déine sin do na dálaí táirgthe sonracha sa Bhallstát sin, agus riachtanais agra‑aeráide an Bhallstáit sin, i ndáil leis an PRM faoi leith.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

2.D’fhonn an túdarú dá dtagraítear i mír 1 a fháil, cuirfidh na Ballstáit iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ina leagfar amach an méid seo a leanas:

(a)na dréachtfhorálacha ina bhfuil na ceanglais atá beartaithe; agus

(b)réasúnú maidir le gá agus comhréireacht na gceanglas sin.

3.Ní dheonófar an túdarú dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)áirithítear le cur chun feidhme na ndréachtfhorálacha, dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), go bhfeabhsófar aitheantas agus cáilíocht PRM lena mbaineann, agus go bhfuil údar cuí leo de bharr dhálaí sonracha talmhaíochta nó aeráide an Bhallstáit lena mbaineann; agus

(b)tá na dréachtfhorálacha riachtanach agus i gcomhréir le cuspóir an bhirt dá dtagraítear i mír 2, pointe (a).

4.I gcás inarb infheidhme, déanfaidh gach Ballstát, faoin … [1 bhliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], athbhreithniú ar na bearta arna nglacadh aige de bhun Airteagal 5 de Threoir 66/401/CEE, Airteagal 5 de Threoir 66/402/CEE, Airteagal 7 de Threoir 2002/54/CE, Airteagal 24 de Threoir 2002/55/CE, Airteagal 5 de Threoir 2002/56/CE agus Airteagal 7 de Threoir 2002/57/CE, agus aisghairfidh sé na bearta sin nó leasóidh sé iad chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais maidir le táirgeadh agus margú a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8, agus a ghlactar de bhun na nAirteagal sin.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na ngníomhaíochtaí sin.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a chinneadh go bhfuil na bearta, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, le haisghairm nó le leasú, i gcás ina meastar nach bhfuil gá leo agus/nó go bhfuil siad díréireach i ndáil lena gcuspóir. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 37

Bearta éigeandála 

1.I gcás inar dealraitheach go mbeidh táirgeadh nó margú PRM ina riosca mór do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó do shláinte plandaí, don chomhshaol nó do shaothrú speiceas eile, agus nach féidir an riosca sin a chosc ar dhóigh shásúil le bearta arna ndéanamh ag an mBallstát lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, aon bheart éigeandála eatramhach is iomchuí. Beidh na bearta sin teoranta ó thaobh ama de. Féadfaidh a áireamh ar na bearta sin forálacha lena gcuirfear srian nó toirmeasc ar mhargú PRM lena mbaineann nó lena leagfar síos coinníollacha iomchuí dá tháirgthe nó dá mhargaithe, de réir thromchúis an cháis.

Féadfar na bearta sin a dhéanamh ar thionscnaimh an Choimisiúin féin nó ar iarratas ó Ballstát. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Ar mhórchúiseanna práinne ar tugadh bonn cirt leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(3) chun aghaidh a thabhairt ar riosca mór do shláinte daoine.

2.I gcás ina gcuireann Ballstát an Coimisiún ar an eolas go hoifigiúil faoin ngá le bearta éigeandála a dhéanamh, agus nach ngníomhaíonn an Coimisiún i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Ballstát na bearta cosantacha eatramhacha iomchuí a dhéanamh. Féadfaidh a áireamh ar na bearta sin forálacha lena gcuirfear srian nó toirmeasc ar tháirgeadh nó margú PRM laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, nó lena leagfar síos coinníollacha iomchuí do tháirgeadh nó do mhargú an PRM sin laistigh den chríoch sin, de réir thromchúis an cháis. Cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi na bearta a rinne sé, agus tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh.

3.Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, go ndéanfar na bearta éigeandála eatramhacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 a aisghairm nó a leasú, má mheasann sé nach bhfuil údar leis na bearta sin i bhfianaise an riosca faoi leith dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2). Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a bhearta éigeandála eatramhacha náisiúnta a choinneáil ar bun go dtí dáta chur i bhfeidhm an ghnímh/na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo.

Airteagal 38

Turgnaimh shealadacha chun roghanna malartacha feabhsaithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a lorg

1.De mhaolú ar Airteagail 2, 5, 6, 7, 8 agus 20, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh maidir le heagrú turgnamh sealadach chun roghanna malartacha feabhsaithe a lorg ar fhorálacha an Rialacháin seo maidir leis na géinis agus speicis a bhfuil feidhm aige maidir leo, na ceanglais maidir le bheith mar chuid de chineál cláraithe, na ceanglais maidir le táirgeadh agus margú d’ábhar réamhbhunúsach, bunúsach, deimhnithe agus caighdeánach nó síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha, deimhnithe agus caighdeánacha, agus an oibleagáid a bhaineann le bheith mar chuid d’ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe, nó síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe.

D’fhéadfadh trialacha teicniúla nó eolaíochta a bheith sna turgnaimh sin lena scrúdófar indéantacht agus oiriúnacht na gceanglas nua i gcomparáid leo siúd a leagtar amach in Airteagail 2, 5, 6, 7, 8 agus 20 den Rialachán seo. 

2.Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2) agus sonrófar ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas:

(a)na géinis nó na speicis lena mbaineann;

(b)dálaí na dturgnamh in aghaidh an ghéinis nó an speicis;

(c)fad an turgnaimh;

(d)oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe na mBallstát rannpháirteach.

Oiriúnóidh na gníomhartha sin do chlaochlú teicnící le haghaidh tháirgeadh PRM lena mbaineann, a bheidh bunaithe ar aon triail chomparáideach a dhéanfaidh na Ballstáit.

3.Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar thorthaí na dturgnamh sin agus tabharfaidh sé achoimre orthu i dtuarascáil, agus an gá chun Airteagail 2, 5, 6, 7, 8 nó 20 a leasú á thabhairt le fios, más gá.

ROINN 8

Allmhairí ó thríú tíortha

Airteagal 39

Allmhairí ar bhonn choibhéis an Aontais

1.Ní fhéadfar PRM a allmhairiú ó thríú tíortha ach amháin más rud é go suitear, de bhun mhír 2, go gcomhlíonann sé ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le PRM a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas.

Mar sin féin, ní cheadófar allmhairiú den sórt sin, agus ní aithneofar aon choibhéis den sórt sin de bhun mhír 2, le haghaidh na meascán le haghaidh leasaithe amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 22, agus le haghaidh PRM amhail PRM atá faoi réir mhaoluithe Airteagail 26-30.

2.Féadfaidh an Coimisiún a aithint, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, go gcomhlíonann PRM de ghéinis shonracha, speicis shonracha nó catagóirí sonracha a tháirgtear i dtríú tír, nó i limistéir áirithe de thríú tír, ceanglais atá coibhéiseach leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir le PRM a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas, ar bhonn an mhéid uile seo a leanas:

(a)scrúdú críochnúil ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí arna gcur ar fáil ag an tríú tír lena mbaineann;

(b)iniúchadh arna dhéanamh ag an gCoimisiún sa tríú tír lena mbaineann, lena dtaispeántar go gcomhlíonann an PRM lena mbaineann na ceanglais atá coibhéiseach leo siúd atá infheidhme maidir le PRM a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas, i gcás inar mheas an Coimisiún go raibh gá leis an iniúchadh sin; agus

(c)i gcás síolta, toisc go bhfuil an tír lena mbaineann rannpháirteach i Scéimeanna ECFE maidir le Deimhniú Cineáil Síolta a bhíonn ag Gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta agus toisc go gcuireann an tír sin modhanna an Chomhlachais Idirnáisiúnta um Thástáil Síolta (ISTA) chun feidhme, nó, i gcás inarb infheidhme, toisc go gcomhlíonann an tír sin rialacha Chomhlachas na nAnailísithe Oifigiúla Síolta (AOSA).

Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar an méid seo a leanas:

(a)reachtaíocht an tríú tír maidir leis na speicis lena mbaineann;

(b)struchtúr údaráis inniúla an tríú tír agus a seirbhísí rialuithe, na cumhachtaí atá acu, na ráthaíochtaí is féidir a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú reachtaíocht an tríú tír is infheidhme maidir leis an earnáil lena mbaineann, agus iontaofacht na nósanna imeachta deimhniúcháin oifigiúla;

(c)rialuithe oifigiúla leordhóthanacha, arna ndéanamh ag údaráis inniúla an tríú tír, maidir le haitheantas agus cáilíocht PRM na speiceas lena mbaineann;

(d)na ráthaíochtaí a thug an tríú tír:

(i)comhlíonann na coinníollacha, a bhfuil feidhm acu maidir leis na láithreáin táirgthe óna nonnmhairítear PRM chuig an Aontas, ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear san Airteagal seo; agus

(ii)tá na láithreáin táirgthe sin faoi réir rialuithe tráthrialta agus éifeachtacha ag údaráis inniúla an tríú tír.

Féadfaidh an Coimisiún iniúchtaí a dhéanamh freisin chun comhlíonadh phointí (b) go (d) den dara fomhír a fhíorú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

3.Féadfaidh an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 foráil a dhéanamh maidir le ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas, de réir mar is iomchuí le haghaidh an PRM faoi leith:

(a)coinníollacha a bhaineann le cigireachtaí sa láithreán táirgthe, a dhéantar i dtríú tíortha;

(b)i gcás síolta, coinníollacha a bhaineann le heisiúint, ag tríú tír, deimhnithe arna sholáthar ag an gComhlachas Idirnáisiúnta um Thástáil Síolta;

(c)coinníollacha a bhaineann le síolta nach bhfuil deimhnithe go críochnaitheach go fóill;

(d)coinníollacha a bhaineann le pacáistíocht, séalú agus margú PRM;

(e)coinníollacha a bhaineann le táirgeadh, aitheantas agus margú PRM, anuas ar na coinníollacha dá ndéantar foráil i reachtaíocht an tríú tír, má tá gá leo chun dul i ngleic le gnéithe áirithe a bhaineann le haitheantas agus cáilíocht an PRM sin;

(f)ceanglais atá le comhlíonadh ag na hoibreoirí gairmiúla a tháirgeann agus a mhargaíonn an PRM sin.

4.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a aithint go dtugtar leis na rialuithe maidir le cothabháil cineáil a dhéantar sa tríú tír na ráthaíochtaí céanna leo siúd a ghabhann leis na rialuithe dá ndéantar foráil in Airteagal 72(1), (2) agus (4), má tá cineálacha atá cláraithe i gclár náisiúnta cineálacha nó i gclár cineálacha an Aontais le coinneáil sa tríú tír lena mbaineann.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 40

Lipéadú agus faisnéis atá le soláthar le haghaidh PRM a allmhairítear ó thríú tíortha

1.Ní fhéadfar síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe, dá dtagraítear in Airteagal 39 a allmhairiú ó thríú tíortha, ach amháin má ghabhann lipéad ECFE leo.

Ní fhéadfar ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe, dá dtagraítear in Airteagal 39, a allmhairiú ó thríú tíortha ach amháin má ghabhann lipéad oifigiúil, arna eisiúint ag údarás inniúil an tríú tír lena mbaineann, leis.

Áireofar an fhaisnéis uile seo a leanas ar na lipéid sin:

(a)an tásc ‘comhlíontar rialacha agus caighdeáin an Aontais Eorpaigh’;

(b)speiceas, cineál, catagóir agus uimhir luchtóige an PRM lena mbaineann;

(c)dáta an dúnta, i gcás margú i gcoimeádáin nó i bpacáistí;

(d)an tríú tír táirgthe agus an túdarás inniúil lena mbaineann;

(e)i gcás inarb infheidhme, an tríú tír dheiridh ónar allmhairíodh an PRM sin agus an tríú tír dheiridh inar táirgeadh an PRM sin;

(f)i gcás síolta, glanmheáchan nó ollmheáchan dearbhaithe na síolta allmhairithe, nó an líon dearbhaithe de luchtóga allmhairithe síolta;

(g)ainm an duine a allmhairíonn an PRM sin.

2.Ní fhéadfar síol caighdeánach ná ábhar caighdeánach, dá dtagraítear in Airteagal 39, a allmhairiú ó thríú tíortha ach amháin má ghabhann lipéad an oibreora, ar a bhfuil an fhaisnéis uile seo a leanas, leis:

(a)an tásc ‘comhlíontar rialacha agus caighdeáin an Aontais Eorpaigh’;

(b)speiceas, cineál, catagóir agus uimhir luchtóige an PRM lena mbaineann;

(c)dáta an dúnta, i gcás margú i gcoimeádáin nó i bpacáistí;

(d)an tríú tír táirgthe;

(e)i gcás inarb infheidhme, an tríú tír dheiridh ónar allmhairíodh an PRM sin agus an tríú tír dheiridh inar táirgeadh an PRM sin;

(f)i gcás síolta, glanmheáchan nó ollmheáchan dearbhaithe na síolta allmhairithe, nó an líon dearbhaithe de luchtóga allmhairithe síolta;

(g)ainm an duine a allmhairíonn an PRM sin.

3.Ní fhéadfar PRM a allmhairiú isteach san Aontas ach amháin tar éis don allmhaireoir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 nó 2 a chur isteach chuig údarás inniúil an Bhallstáit allmhairiúcháin.

4.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Chóras bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla (CBFRO), dá dtagraítear in Airteagal 131 de Rialachán (AE) 2017/625, faoi na neamhchomhlíontachtaí bunaithe uile de PRM allmhairithe a bhaineann le ceanglais mhíreanna 1 agus 2.

CAIBIDIL III
CEANGLAIS AR OIBREOIRÍ GAIRMIÚLA

Airteagal 41

Oibleagáidí oibreoirí gairmiúla a tháirgeann PRM

Maidir leis na hoibreoirí gairmiúla a tháirgeann PRM:

(a)beidh siad bunaithe san Aontas;

(b)beidh siad cláraithe sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2016/2031, i gcomhréir le hAirteagal 66 den Rialachán sin;

(c)beidh siad féin, nó duine eile arna ainmniú acu, ar fáil le bheith i dteagmháil leis na húdaráis inniúla chun na rialuithe oifigiúla a éascú;

(d)sainaithneoidh siad pointí criticiúla den phróiseas táirgthe, nó den mhargú, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar aitheantas agus cáilíocht PRM, agus déanfaidh siad faireachán ar na pointí criticiúla sin;

(e)coinneoidh siad taifid den fhaireachán ar na pointí criticiúla dá dtagraítear i bpointe (b), agus soláthróidh siad iad lena scrúdú arna iarraidh sin ag na húdaráis inniúla;

(f)áiritheoidh siad go bhféadfar luchtóga PRM a shainaithint thar a chéile;

(g)coinneoidh siad faisnéis nuashonraithe maidir le seoladh na náitreabh agus suíomhanna eile a úsáidtear chun PRM a tháirgeadh;

(h)féachfaidh siad chuige go mbeidh rochtain ag na húdaráis inniúla ar áitreabh agus suíomhanna eile an táirgthe, lena náirítear áitreabh agus goirt tríú páirtithe conarthacha, agus ar thaifid an fhaireacháin agus gach doiciméad gaolmhar;

(i)déanfaidh siad bearta, nuair is iomchuí, chun aitheantas PRM a chothabháil i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo;

(j)cuirfidh siad aon chonradh le tríú páirtithe ar fáil do na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin dóibh.

Airteagal 42

Inrianaitheacht

1.Áiritheoidh oibreoirí gairmiúla go mbeidh PRM inrianaithe ag gach céim den táirgeadh agus den mhargú.

2.Chun críocha mhír 1, coinneoidh oibreoirí gairmiúla faisnéis a ligfidh dóibh an méid seo a leanas a shainaithint:

(a)na hoibreoirí gairmiúla a sholáthar na síolta agus an tábhar lena mbaineann dóibh;

(b)na daoine ar sholáthair siad PRM agus an PRM lena mbaineann dóibh, seachas i gcás úsáideoirí deiridh.

Arna iarraidh sin dóibh, cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis inniúla.

3.Coinneoidh oibreoirí gairmiúla taifid de PRM agus na hoibreoirí gairmiúla agus na daoine dá dtagraítear i mír 2 go ceann 3 bliana tar éis sholáthar an ábhair sin dóibh, nó tar éis dóibh an tábhar sin a sholáthar.

Airteagal 43

Fógra bliantúil a thabhairt maidir le táirgeadh agus deimhniú síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe agus deimhniú ábhair réamhbhunúsaigh, bhunúsaigh agus dheimhnithe a bheith beartaithe

Tabharfaidh oibreoirí gairmiúla fógra do na húdaráis inniúla gach bliain faoin méid seo a leanas:

(a)é a bheith beartaithe acu ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe nó síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe a tháirgeadh, 1 mhí amháin ar a laghad roimh thús an táirgthe sin; agus

(b)táirgeadh ábhair réamhbhunúsaigh, bhunúsaigh agus dheimhnithe a thosaigh sna blianta roimhe sin agus a leanann sa bhliain lena mbaineann.

Luafar san fhógra sin na speicis, na cineálacha agus na catagóirí plandaí lena mbaineann agus suíomh beacht an táirgthe.

CAIBIDIL IV
CINEÁLACHA A CHLÁRÚ

ROINN 1

CLÁIR CINEÁLACHA

Airteagal 44

Bunú clár náisiúnta cineálacha

1.Déanfaidh gach Ballstát clár aonair náisiúnta cineálacha (‘clár náisiúnta cineálacha’), i bhformáid leictreonach, a bhunú, a fhoilsiú agus a choimeád cothrom le dáta, ina mbeidh:

(a)na cineálacha uile atá cláraithe de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 55-68;

(b)na cineálacha caomhantais dá dtagraítear in Airteagal 26 agus atá cláraithe de bhun Airteagal 53.

2.Féadfar PRM a bhaineann le cineál atá cláraithe i gclár náisiúnta cineálacha amháin ar a laghad a tháirgeadh agus a mhargú san Aontas, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.Tar éis bhunú a gclár náisiúnta cineálacha, agus tar éis aon cheann dá nuashonruithe, tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach fúthu don Choimisiún chun iad a áireamh i gclár cineálacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 45.

4.D’fhéadfaí nach mbeadh feidhm ag an Airteagal seo, ná Airteagail 45 go 74 maidir le cineálacha a phóraítear mar chomhpháirteanna de chineálacha hibrideacha amháin.

Airteagal 45

Bunú chlár cineálacha an Aontais

1.Déanfaidh an Coimisiún clár aonair cineálacha (‘clár cineálacha an Aontais’), i bhformáid leictreonach, a bhunú, a fhoilsiú agus a choimeád cothrom le dáta.

2.Áireofar i gclár cineálacha an Aontais na cineálacha atá cláraithe sna cláir náisiúnta cineálacha agus a bhfuil fógra tugtha ina leith i gcomhréir le hAirteagal 44.

Féadfar rochtain a fháil ar chlár cineálacha an Aontais trí thairseach leictreonach ina mbeidh cláir eile de chearta maidir le cineálacha plandaí, ábhar atáirgthe foraoise nó plandaí eile.

Airteagal 46

Inneachar na gclár náisiúnta cineálacha agus chlár cineálacha an Aontais

1.Sna cláir náisiúnta cineálacha agus i gclár cineálacha an Aontais beidh na heilimintí uile a leagtar amach in Iarscríbhinn VII, a bhaineann leis na cineálacha dá dtagraítear in Airteagal 44(1), pointe (a).

I gcás na gcineálacha caomhantais dá dtagraítear in Airteagal 44(1), pointe (b), tabharfar le fios sna cláir sin achoimre ghairid ar a laghad ar an tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil, réigiún bunaidh a dtionscnaimh, a n‑ainmníocht agus an duine a dhéanann iad a chothabháil.

2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75, chun Iarscríbhinn VII a leasú, agus na forbairtí teicniúla agus eolaíochta á gcur san áireamh, agus ar bhonn na taithí a fuarthas nuair a tugadh le fios an gá a bhí ann go bhfaigheadh na húdaráis inniúla nó oibreoirí gairmiúla faisnéis níos beaichte maidir leis na cineálacha cláraithe. 

ROINN 2

CEANGLAIS MAIDIR LE CLÁRÚ CINEÁLACHA

Airteagal 47

Ceanglais maidir le clárúchán i gcláir náisiúnta cineálacha

1.Ní chlárófar cineálacha i gclár náisiúnta cineálacha i gcomhréir le hAirteagail 55 go 68, ach amháin:

(a)má tá siad seo a leanas acu:

(i)tuairisc oifigiúil a léiríonn go gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht a leagtar amach in Airteagail 48, 49 agus 50, agus go gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le luach sásúil le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe, mar a leagtar amach in Airteagal 52; nó

(ii)tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil de bhun Airteagal 53, más cineálacha caomhantais atá ann;

(b)má tá ainmníocht acu a mheastar a bheith oiriúnach de bhun Airteagal 54;

(c)i gcás ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe sna cineálacha, nó i gcás ina bhfuil na cineálacha comhdhéanta d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe, má tá an torgánach údaraithe lena shaothrú sa Bhallstát faoi leith de bhun Airteagal 19 de Threoir 2001/18/CE nó Airteagail 7 agus 19 de Rialachán (CE) 1829/2003, nó, i gcás inarb infheidhme, sa Bhallstát faoi leith i gcomhréir le hAirteagal 26b de Threoir 2001/18/CE;

(d)i gcás ina bhfuil planda TGN de chatagóir 1 sna cineálacha, nó i gcás ina bhfuil na cineálacha comhdhéanta de phlanda TGN de chatagóir 1, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(7) de Rialachán (AE) …/… (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán TGN …), má tá dearbhú stádais planda TGN de chatagóir 1 faighte ag an bplanda sin de bhun Airteagal 6 nó 7 den Rialachán sin nó más sliocht de na plandaí sin é;

(e)i gcás ina bhfuil planda TGN de chatagóir 2 sna cineálacha, nó i gcás ina bhfuil siad comhdhéanta de phlanda TGN de chatagóir 2, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) …/… (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán TGN), má údaraíodh an planda sin de bhun Chaibidil III den Rialachán sin;

(f)i gcás cineálacha atá fulangach ar luibhicídí, má tá siad faoi réir coinníollacha saothrúcháin le haghaidh tháirgeadh PRM agus chun críche ar bith eile, arna nglacadh de bhun mhír 3 nó, i gcás nár glacadh iad, de réir mar a ghlacann na húdaráis inniúla atá freagrach as clárú, chun forbairt na frithsheasmhachta fiailí in aghaidh luibhicídí de bharr a núsáide a chosc;

(g)i gcás cineálacha ag a bhfuil saintréithe áirithe seachas na cinn siúd dá dtagraítear i bpointe (f) a bhféadfadh éifeachtaí neamh‑inmhianaithe agranamaíocha a bheith ann dá mbarr, má tá siad faoi réir coinníollacha saothrúcháin le haghaidh tháirgeadh PRM agus chun críche ar bith eile, arna nglacadh de bhun mhír 3 nó, i gcás nár glacadh iad, de réir mar a ghlacann na húdaráis inniúla atá freagrach as a gclárú, chun na héifeachtaí neamh‑inmhianaithe agranamaíocha áirithe sin a chosc, amhail forbairt na frithsheasmhachta lotnaidí in aghaidh na gcineálacha faoi leith nó éifeachtaí neamh‑inmhianaithe ar phailneoirí.

Ní fhéadfar cineál a chlárú le tuairisc oifigiúil agus le tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil.

2.Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais shonracha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht in aghaidh an ghéinis nó an speicis cineálacha, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), bunaithe ar na prótacail is infheidhme de chuid an Aontais Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha nua Plandaí (UPOV), phrótacail a leagann CPVO síos, nó fianaise ábhartha theicniúil agus eolaíochta eile; agus

(b)ceanglais shonracha a bhaineann le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht in aghaidh an ghéinis agus an speicis, dá dtagraítear i bpointe (a), le haghaidh cineálacha orgánacha atá oiriúnach do tháirgeadh orgánach, mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/848, bunaithe ar na prótacail is infheidhme arna leagan síos ag UPOV nó CPVO, agus go háirithe trí na ceanglais maidir le haonfhoirmeacht a choigeartú;

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Oiriúnóidh siad na ceanglais sin d’fhorbairt caighdeán idirnáisiúnta, i gcás inarb infheidhme, agus d’eolas nua eolaíochta agus teicniúil.

Go dtí go mbeidh na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 2(b) leagtha síos, déanfar an measúnú ar aonfhoirmeacht cineálacha atá oiriúnach do tháirgeadh orgánach, seachas na cineálacha dá dtagraítear in Airteagal 68(1), ar bhonn seach‑tíopaí. Maidir le speicis fhéinphailnitheacha, cuirfear caighdeán daonra 10 % agus dóchúlacht ghlactha 90 % ar a laghad i bhfeidhm. Maidir le speicis aschrosála pailnithe oscailte, cuirfear caighdeán daonra 20 % agus dóchúlacht ghlactha 80 % ar a laghad i bhfeidhm.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na híoschoinníollacha saothrúcháin a bheidh le glacadh ag na húdaráis inniúla de bhun mhíreanna 1(f) agus (g), maidir leis an méid seo a leanas:

(i)bearta sna goirt, lena náirítear uainíocht barr;

(ii)bearta faireacháin;

(iii)an modh chun fógra a thabhairt faoi na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (i) don Choimisiún agus do na Ballstáit eile;

(iv)rialacha maidir le tuairisciú na noibreoirí gairmiúla do na húdaráis inniúla i ndáil le cur i bhfeidhm na gcoinníollacha dá dtagraítear i bpointe (i);

(v)tásc na gcoinníollacha dá dtagraítear i bpointe (i) sna cláir náisiúnta cineálacha.

Beidh na coinníollacha sin bunaithe ar an eolas eolaíoch agus teicniúil is déanaí.

4.Chun cineál a chlárú ina chlár náisiúnta cineálacha, glacfaidh údarás inniúil, gan aon scrúdú eile, le tuairisc oifigiúil nó scrúdú oifigiúil ar na ceanglais maidir le luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(i), a bheidh táirgthe ag údarás inniúil Ballstáit eile.

Airteagal 48

Sainiúlacht

1.Chun críocha na tuairisce oifigiúla, dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (a), measfar go bhfuil cineál sainiúil más féidir é a aithint gan dua, ar bhonn na saintréithe a bheith á léiriú aige a thagann as géinitíopa ar leith nó as teaglaim géinitíopaí, thar aon chineál eile arb eol go forleitheadach é a bheith ann ar dháta chur isteach an iarratais arna shuí i gcomhréir le hAirteagal 58.

2.Maidir le cineál eile a bheith ann, dá dtagraítear i mír 1, measfar gurb eol sin go forleitheadach más rud é go bhfuil ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a)áirítear an cineál i gclár náisiúnta cineálacha;

(b)cuireadh iarratas isteach ar chlárú an chineáil, nó iarratas ar dheonú ceart maidir le cineálacha plandaí i leith an chineáil sin, san Aontas; nó

(c)tá tuairisc oifigiúil ar an gcineál sin san Aontas cheana, is eol go forleitheadach é, nó rinneadh an scrúdú teicniúil de bhun Airteagal 59.

3.I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 2, pointe (c), déanfaidh an duine nó na daoine atá freagrach as na scrúduithe teicniúla tuairisc oifigiúil an chineáil a scrúdaigh siad a chur ar fáil do na húdaráis inniúla.

Airteagal 49

Aonfhoirmeacht

Chun críocha na tuairisce oifigiúla, measfar go bhfuil cineál aonfhoirmeach más rud é, ag cur san áireamh na n‑éagsúlachtaí a bhféadfadh coinne a bheith leo de bharr gnéithe sainiúla a atáirgthe agus a shóirt, go bhfuil sé aonfhoirmeach a dhóthain ó thaobh léiriú na saintréithe a áirítear sa scrúdú sainiúlachta, agus ó thaobh léiriú aon saintréithe eile a úsáidtear i dtuairisc oifigiúil an chineáil.

Airteagal 50

Cobhsaíocht

Chun críocha na tuairisce oifigiúla, measfar go bhfuil cineál cobhsaí más rud é go bhfuil léiriú na saintréithe sin a áirítear sa scrúdú sainiúlachta, agus léiriú aon saintréithe eile a úsáidtear sa tuairisc ar an gcineál, gan athrú i ndiaidh atáirgeadh a dhéanamh arís is arís eile, nó, i gcás timthriallta atáirgthe, ag deireadh gach timthrialla.

Airteagal 51

Cearta ar chineálacha plandaí arna ndeonú

Má deonaíodh ceart ar chineálacha plandaí do chineál de bhun Airteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/1994 nó de bhun reachtaíocht Ballstáit, measfar go bhfuil an cineál sin sainiúil, aonfhoirmeach agus cobhsaí, chun críocha na tuairisce oifigiúla agus measfar go bhfuil ainmníocht oiriúnach aige chun críocha Airteagal 47(1), pointe (b).

Airteagal 52

Luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe

1.Chun críocha Airteagal 47(1), pointe (c), measfar go bhfuil luach cineáil le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe cineáil sásúil más rud é, i gcomparáid le cineálacha eile den speiceas céanna atá cláraithe sa chlár náisiúnta cineálacha den Bhallstát faoi leith, go mbaineann lena shaintréithe, ina niomláine, feabhas soiléir le haghaidh saothrú inbhuanaithe agus úsáidí inbhuanaithe is féidir a chur ar na bairr, plandaí eile nó na táirgí a dhíorthaítear uaidh.

Is iad na nithe seo a leanas na saintréithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, de réir mar is iomchuí do na speicis, na réigiúin, na dálaí agrai‑éiceolaíocha agus na húsáidí lena mbaineann:

(a)táirgeacht, lena náirítear cobhsaíocht táirgeachta agus táirgeacht faoi dhálaí ionchuir ísil;

(b)fulaingt/frithsheasmhacht in aghaidh struis bhitheach, lena náirítear galair phlandaí ar néimeatóidí, fungais, baictéir, víris, feithidí agus lotnaidí eile is cúis leo;

(c)fulaingt/frithsheasmhacht in aghaidh struis aibitheacha, lena náirítear oiriúnú do dhálaí an athraithe aeráide;

(d)úsáid níos éifeachtúla as acmhainní nádúrtha, amhail uisce agus cothaithigh;

(e)gá laghdaithe le hionchuir sheachtracha, amhail táirgí cosanta plandaí agus leasacháin;

(f)saintréithe lena bhfeabhsaítear inbhuanaitheacht na stórála, na próiseála agus an dáilte;

(g)saintréithe cáilíochta nó cothaitheacha.

2.Chun críoch mhír 1, féadfaidh na Ballstáit dul i gcomhar le Ballstáit eile ina bhfuil dálaí agrai‑éiceolaíocha comhchosúla. Féadfaidh na Ballstáit sin saoráidí comhroinnte a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar an luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)na híoscheanglais a bhunú maidir leis an scrúdú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh;

(b)na modheolaíochtaí a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar na saintréithe a liostaítear faoi mhír 1, pointí (a) go (g);

(c)na caighdeáin a bhunú chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an scrúdaithe ar an luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe, agus an tuairisciú i leith na dtorthaí sin.

Oiriúnófar leis na gníomhartha tarmligthe sin na ceanglais, modheolaíochtaí agus caighdeáin phointí (a) go (c) do na forbairtí teicniúla nó eolaíochta is infheidhme, agus d’aon pholasaí nó riail nua den Aontas maidir le talmhaíocht inbhuanaithe.

I gcás nach bhfuil na rialacha sin bunaithe go fóill, féadfaidh na Ballstáit na rialacha sin a ghlacadh dá gcríocha féin. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile fúthu.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a ghlacadh lena n‑iarrtar ar Bhallstát na rialacha sin a aisghairm nó a mhodhnú, má mheastar, ar bhonn na fianaise eolaíochta agus teicniúla atá ar fáil, go bhfuil siad míchuí le haghaidh an scrúdaithe ar an luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe cineáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

4.Chun críocha cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(19) de Rialachán (AE) 2018/848, a chlárú, déanfar an scrúdú ar an luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe faoi dhálaí orgánacha, i gcomhréir leis an Rialachán sin agus, go háirithe, Airteagal 5, pointí (d), (e), (f) agus (g), agus Airteagal 12 de sin agus Cuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

I gcás nach bhfuil na húdaráis inniúla in ann scrúdú a dhéanamh faoi dhálaí orgánacha, nó an scrúdú ar shaintréithe áirithe, lena n‑áirítear so‑ghabhálacht i leith galair, féadfar tástáil a dhéanamh faoi dhálaí ionchuir ísil agus an méid a bhfuil géarghá leis amháin chun na cóireálacha tástála le lotnaidicídí agus ionchuir shealadacha eile a chur i gcrích.

Airteagal 53

Cineálacha caomhantais a chlárú

1.De mhaolú ar Airteagail 48, 49, 50, 52, 55(2), 56, 57, agus 59 go 65, clárófar cineál caomhantais i gclár náisiúnta cineálacha má chomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

(a)tá tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil aige, lena sonraítear na saintréithe a fhágann gur cineál caomhantais é, i gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 3, pointe (29);

(b)tá tásc aige maidir le réigiún bunaidh a thionscnaimh;

(c)tá ainmníocht air a chomhlíonann Airteagal 54;

(d)déantar é a chothabháil san Aontas.

2.Clárófar cineál caomhantais sa chlár náisiúnta cineálacha tar éis iarratas arna dhéanamh ag oibreoir gairmiúil atá bunaithe san Aontas. San iarratas sin beidh na heilimintí uile dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (d).

Glacfaidh an t‑údarás inniúil le clárú cineáil caomhantais, nó diúltóidh sé dó, tar éis dó a sheiceáil cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé mír 1.

3.Ní liostófar cineál mar chineál caomhantais sa chlár náisiúnta cineálacha sna cásanna seo a leanas:

(a)má tá sé liostaithe i gclár cineálacha an Aontais in éineacht le tuairisc oifigiúil, de bhun Airteagal 44(1), pointe (a), nó má scriosadh é ó chlár cineálacha an Aontais mar chineál ag a raibh tuairisc oifigiúil le 2 bhliain anuas, nó laistigh de 2 bhliain ó éag na tréimhse a deonaíodh de bhun Airteagal 71(2), nó

(b)má tá sé faoi chosaint ag ceart de chuid an Chomhphobail maidir le cineálacha plandaí dá ndéantar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 2100/94, nó ag ceart náisiúnta maidir le cineálacha plandaí, nó má tá iarratas ina leith ar cheart mar sin ar feitheamh.

4.Maidir leis an tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), beidh sí bunaithe ar thorthaí tástálacha neamhoifigiúla, eolas a fuarthas ó thaithí phraiticiúil le linn saothrú, atáirgeadh agus úsáid, nó faisnéis eile, go háirithe ó na húdaráis acmhainní géiniteacha plandaí nó ó eagraíochtaí a naithníonn na Ballstáit iad chun na críche sin.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na saintréithe agus an fhaisnéis ar cheart don tuairisc iad a chumhdach, más iomchuí le haghaidh speicis shonracha, a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

5.An duine atá freagrach as cothabháil cineáil caomhantais, coimeádfaidh sé samplaí de agus, arna iarraidh sin, cuirfidh sé ar fáil iad do na húdaráis inniúla.

Airteagal 54

Oiriúnacht ainmníochtaí cineáil

1.Chun críocha Airteagal 47(1), pointe (b), measfar nach bhfuil ainmníocht cineáil oiriúnach más rud é:

(a)go bhfágann ceart atá ann cheana ag tríú páirtí nach féidir é a úsáid ar chríoch an Aontais;

(b)go bhféadfadh sé go mbeadh deacrachtaí ag úsáideoirí ó thaobh sainaithint nó táirgeadh;

(c)go bhfuil sé comhionann le hainmníocht cineáil, nó go bhféadfaí é a thógáil in amhlachas ainmníochta cineáil:

(i)faoina bhfuil cineál eile den speiceas céanna nó de speiceas neasghaolmhar cláraithe i gclár náisiúnta cineálacha nó i gclár cineálacha an Aontais; nó

(ii)faoinar cuireadh ábhar de chineál eile ar fáil ar an margadh i mBallstát nó i mBall den Aontas Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha nua Plandaí,

ach amháin murab ann don chineál dá dtagraítear i bpointe (i) nó (ii) a thuilleadh agus nach bhfuil aon tábhacht ar leith ag baint lena ainmníocht;

(d)go bhfuil sé comhionann le hainmníochtaí eile nó go bhféadfaí é a thógáil in amhlachas ainmníochtaí eile a úsáidtear go forleitheadach chun earraí a chur ar fáil ar an margadh nó nach mór a fhorchoimeád de bhun reachtaíocht eile de chuid an Aontais;

(e)gur dealraitheach go bhféadfadh sé a bheith ina ábhar masla i gceann de na Ballstáit nó go bhfuil in aghaidh an oird phoiblí;

(f)gur dealraitheach go bhféadfadh sé a bheith míthreorach nó mearbhlach maidir le saintréithe, luach, nó aitheantas an chineáil nó aitheantas an phóraitheora.

2.Gan dochar do mhír 1, má tá cineál cláraithe cheana féin i gcláir náisiúnta cineálacha eile, ní mheasfar go bhfuil an ainmníocht oiriúnach ach amháin má tá sé comhionann leis an ainmníocht atá sna cláir sin.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis an méid seo a leanas más rud é:

(a)gur dealraitheach go bhféadfadh an ainmníocht a bheith míthreorach nó mearbhlach maidir leis an gcineál atá i gceist i mBallstát amháin nó níos mó; nó

(b)go bhfágann cearta atá ag tríú páirtithe go bhfuil bac ar shaorúsáid na hainmníochta sin i leith an chineáil i gceist.

3.Más rud é, i ndiaidh clárú cineáil, go suíonn an túdarás inniúil nach raibh, tráth chlárú na hainmníochta, ainmníocht an chineáil oiriúnach de réir bhrí mhíreanna 1 agus 2, cuirfidh an tiarratasóir iarratas isteach ar ainmníocht nua. Déanfaidh an túdarás inniúil cinneadh i leith an iarratais sin tar éis dó dul i gcomhairle le CPVO.

Féadfaidh an t‑údarás inniúil cead a thabhairt an ainmníocht roimhe sin a úsáid go sealadach.

4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na critéir shonracha a bhaineann le hoiriúnacht ainmníochtaí cineálacha don mhéid seo a leanas a leagan amach:

(a)an gaol atá acu le trádmharcanna;

(b)an gaol idir ainmníochtaí agus tásca geografacha nó sonrúcháin tionscnaimh i gcás táirgí talmhaíochta;

(c)toiliú i scríbhinn ó shealbhóirí ceart a bhí ann roimhe chun deireadh a chur le bacainní atá roimh oiriúnacht ainmníochta;

(d)cinneadh cé acu atá nó nach bhfuil ainmníocht míthreorach nó mearbhlach, dá dtagraítear i mír 1, pointe (f); agus

(e)ainmníocht a úsáid i bhfoirm chóid.

ROINN 3

AN NÓS IMEACHTA UM CHLÁRÚ CINEÁLACHA SNA CLÁIR NÁISIÚNTA CINEÁLACHA

Airteagal 55

Iarratas a chur isteach

Féadfaidh aon oibreoir gairmiúil atá bunaithe san Aontas iarratas, ar chineál a chlárú sa chlár náisiúnta cineálacha, a chur isteach go leictreonach chuig an údarás inniúil.

D’fhéadfaí go mbeadh ar an iarratasóir táille a íoc ar chur isteach an iarratais sin, faoi réir chinneadh an údaráis inniúil.

Airteagal 56

Inneachar an iarratais ar chineál a chlárú

1.Beidh an tiarratas ar chineál a chlárú i gclár náisiúnta cineálacha comhdhéanta de na nithe seo a leanas:

(a)iarraidh ar chlárú;

(b)aitheantas an tacsóin luibheolaíoch a mbaineann an cineál leis;

(c)i gcás inarb infheidhme, uimhir chlárúcháin an iarratasóra, a ainm agus a sheoladh, nó, i gcás inarb iomchuí, ainmneacha agus seoltaí na gcomhiarratasóirí, agus dintiúir aon ionadaí nós imeachta;

(d)ainmníocht bheartaithe;

(e)ainm agus seoladh an duine atá freagrach as an gcothabháil cineáil, agus, más infheidhme, uimhir chlárúcháin an duine sin;

(f)tuairisc ar phríomh‑shaintréithe an chineáil, faisnéis maidir le cé acu atá nó nach bhfuil sé oiriúnaithe do shéasúir áirithe den bhliain, agus, má tá sé ar fáil, ceistneoir teicniúil comhlánaithe;

(g)tuairisc ar an nós imeachta um chothabháil an chineáil;

(h)áit phórúcháin an chineáil agus, más infheidhme, a réigiún tionscnaimh faoi leith;

(i)faisnéis a thugann le fios an bhfuil an cineál cláraithe i gcláir náisiúnta cineálacha eile agus an eol don iarratasóir go bhfuil iarratas ar chlárú i gceann de na cláir sin ar feitheamh;

(j)i gcás ina bhfuil orgánach géinmhodhnaithe sa chineál nó i gcás ina bhfuil an cineál comhdhéanta d’orgánach géinmhodhnaithe, fianaise go bhfuil saothrú an orgánaigh ghéinmhodhnaithe i gceist údaraithe san Aontas, i gcomhréir le Treoir 2001/18/CE nó Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, nó i gcás inarb infheidhme, sa Bhallstát faoi leith i gcomhréir le hAirteagal 26b de Threoir 2001/18/CE;

(k)i gcás ina mbaineann an tiarratas le cineálacha caomhantais, faisnéis maidir le táirgeadh tuairisc, atá aitheanta go hoifigiúil, ar an gcineál, cruthúnas ar an tuairisc sin agus aon doiciméad nó foilseachán atá ina thaca ag an tuairisc;

(l)i gcás iarratas a bhaineann le cineálacha ar deonaíodh ceart maidir le cineálacha plandaí dóibh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 nó reachtaíocht Ballstáit, cruthúnas go bhfuil an cineál faoi chosaint ag ceart den sórt sin, maille leis an tuairisc oifigiúil chomhfhreagrach;

(m)i gcás ina bhfuil planda TGN de chatagóir 1 sa chineál, nó i gcás ina bhfuil sé comhdhéanta de phlanda TGN de chatagóir 1, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(7) de Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán TGN …), fianaise go bhfuil dearbhú stádais planda TGN de chatagóir 1 faighte ag an bplanda sin de bhun Airteagal 6 nó 7 den Rialachán sin nó gur sliocht den phlanda/de na plandaí sin é;

(n)i gcás ina bhfuil planda TGN de chatagóir 2 sa chineál, nó i gcás ina bhfuil sé comhdhéanta de phlanda de chatagóir 2, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) …/… (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán TGN), tásc maidir leis an méid sin;

(o)úsáid bheartaithe nó coinníollacha saothrúcháin beartaithe, más infheidhme de bhun Airteagal 47(2), an chineáil sin.

2.In éineacht leis an iarratas ar chineál a chlárú i gclár náisiúnta cineálacha beidh sampla atá le húsáid chun scrúdú a dhéanamh ar an gcineál sin. Socróidh údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith sprioc‑am faoina gcuirfear isteach an sampla sin agus sonróidh sé cáilíocht agus cainníocht an tsampla sin.

Airteagal 57

Scrúdú foirmiúil ar iarratas

1.Cláróidh údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith gach iarratas dá dtagraítear in Airteagal 55, agus déanfaidh sé scrúdú ar na hiarratais sin, chun a chinneadh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 56.

2.Mura gcomhlíonann an tiarratas na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 56, tabharfaidh an túdarás inniúil caoi don iarratasóir an tiarratas a cheartú mar is gá laistigh de thréimhse shonraithe. Mura gcomhlíonann an tiarratas na ceanglais sin faoi éag na tréimhse sonraithe sin, diúltóidh an túdarás inniúil don iarratas agus foirceannfaidh sé clárú an chineáil.

Airteagal 58

Dáta an iarratais ar chlárú

Is é an dáta a chuirfear isteach an t‑iarratas ar chlárú an dáta a gheobhaidh údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith an t‑iarratas, a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 56 ina n‑iomláine.

Cuirfidh na húdaráis inniúla deimhniú gur cuireadh isteach an t‑iarratas, lena n‑áirítear faisnéis a bhaineann leis an dáta a cuireadh isteach an t‑iarratas sin, chuig an iarratasóir láithreach.

Airteagal 59

Scrúdú teicniúil ar an gcineál

1.I gcás, de thoradh an scrúdaithe fhoirmiúil, ina gcinntear go gcomhlíonann an tiarratas na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 56, déanfar scrúdú teicniúil ar an gcineál.

Fásfar an cineál le linn an scrúdaithe fhoirmiúil, agus cuirfear san áireamh úsáid bheartaithe agus coinníollacha saothrúcháin beartaithe an chineáil. Féadfar modhanna eile, lena n‑áirítear úsáid teicnící bith‑mhóilíneacha, a úsáid mar uirlis fhorlíontach, de réir mar is iomchuí chun críocha an scrúdaithe theicniúil, an speicis lena mbaineann nó na saintréithe atá le seiceáil, de réir mar a bhunaítear de bhun an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 47(2) maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht.

Sa scrúdú teicniúil fíorófar an méid seo a leanas:

(a)comhlíonadh na gceanglas maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht an chineáil, mar a leagtar síos in Airteagail 48 go 50;

(b)cé acu atá nó nach bhfuil luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe ag an gcineál, i gcomhréir le hAirteagal 52, i gcás na gcineálacha dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (a)(ii).

2.Déanfaidh na húdaráis inniúla an scrúdú teicniúil dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagal 60, mura mbíonn feidhm ag an maolú dá dtagraítear in Airteagal 61(1).

3.I gcás ina mbeidh tuarascáil fhoirmiúil ar shainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht an chineáil, arna táirgeadh ag CPVO nó údarás inniúil eile, ar fáil cheana féin, cuirfidh an túdarás inniúil san áireamh conclúidí na tuarascála sin chun críocha an scrúdaithe theicniúil a thabhairt i gcrích.

4.D’fhéadfaí go mbeadh ar an iarratasóir táille a íoc as an scrúdú teicniúil a dhéanfar, dá dtagraítear i mír 1, faoi réir chinneadh an údaráis inniúil.

Airteagal 60

Iniúchadh ar áitreabh an údaráis inniúil

Ní fhéadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith an scrúdú teicniúil a dhéanamh, a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht dá dtagraítear in Airteagail 48 go 50, ach amháin tar éis go bhfaightear go bhfuil a áitreabh agus socruithe oibre, atá tiomnaithe don chríoch sin, oiriúnach do dhéanamh an scrúdaithe sin de bhun iniúchadh arna dhéanamh ag CPVO nó ag an gCoimisiún.

Ar bhonn an iniúchta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí a mholadh don údarás inniúil a dhéanamh, más iomchuí, d’fhonn a áirithiú go mbeidh áitreabh agus eagrú na n‑údarás inniúil oiriúnach. Féadfaidh an Coimisiún iniúchtaí breise a dhéanamh, agus, más infheidhme, gníomhartha ceartaitheacha a mholadh don údarás inniúil a dhéanamh d’fhonn a áirithiú go mbeidh a áitreabh agus a eagrú oiriúnach.

Airteagal 61

An t‑iarratasóir a údarú chun scrúdú teicniúil a dhéanamh i ndáil le luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe

1.De mhaolú ar Airteagal 59(2), féadfaidh an tiarratasóir an scrúdú teicniúil i ndáil le cé acu atá nó nach bhfuil luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe ag an gcineál, i gcomhréir le hAirteagal 52, nó cuid de, más rud é:

(a)d’údaraigh údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith an tiarratasóir sin;

(b)déantar an scrúdú faoi mhaoirseacht oifigiúil agus faoi threoraíocht an údaráis inniúil lena mbaineann; agus

(c)déantar an scrúdú ar áitreabh atá tiomnaithe don chríoch sin.

2.Sula ndeonófar an túdarú chun an scrúdú teicniúil a dhéanamh ar áitreabh póraitheora, déanfaidh an túdarás inniúil iniúchadh ar an áitreabh, na hacmhainní agus acmhainneacht eagrúcháin an iarratasóra. Leis an iniúchadh sin fíorófar cé acu atá nó nach bhfuil an táitreabh, na saoráidí saotharlainne, eagrú agus déanamh na dtrialacha fáis oiriúnach do dhéanamh an scrúdaithe theicniúil ar áitreabh an phóraitheora a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas maidir le luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 52.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na rialacha a bhaineann leis an iniúchadh dá dtagraítear i mír 2 a leagan amach.

4.Ar bhonn na hiniúchóireachta dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an túdarás inniúil gníomhaíochtaí a mholadh don iarratasóir a dhéanamh, más iomchuí, d’fhonn a áirithiú go mbeidh áitreabh agus eagrú an scrúdaithe oiriúnach.

5.Féadfaidh an túdarás inniúil iniúchtaí breise a dhéanamh anuas ar an gceann dá dtagraítear i mír 2, agus, i gcás inarb infheidhme, moladh don iarratasóir gníomhartha ceartaitheacha a dhéanamh, laistigh de thréimhse shonrach, maidir lena áitreabh agus socruithe oibre. I gcás ina dtagann an túdarás inniúil ar an gconclúid, tar éis na tréimhse sin, nach bhfuil áitreabh agus socruithe oibre an iarratasóra oiriúnach, féadfaidh sé an túdarú dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt siar nó a mhodhnú.

Airteagal 62

Rialacha breise maidir le scrúdú teicniúil

1.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 75, chun na ceanglais maidir leis an scrúdú teicniúil a leagtar síos in Airteagal 59 a fhorlíonadh. D’fhéadfadh baint a bheith ag na gníomhartha tarmligthe sin leis na nithe seo a leanas:

(a)cáiliú, oiliúint, agus gníomhaíochtaí fhoireann an údaráis inniúil, nó an iarratasóra, chun críocha an scrúdaithe theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 61;

(b)an trealamh is gá, lena náirítear saotharlanna le haghaidh tástála, chun an scrúdú teicniúil a dhéanamh;

(c)bailiúchán tagartha de chineálacha a bhunú chun comparáid a dhéanamh idir an cineál a ndéantar scrúdú air agus cineálacha eile chun measúnú a dhéanamh ar shainiúlacht agus ar bhainistiú stórála bailiúcháin tagartha den sórt sin;

(d)córais um bainistiú cáilíochta a bhunú, lena náirítear taifead ar ghníomhaíochtaí agus ar phrótacail nó treoirlínte, a úsáidfear don scrúdú teicniúil;

(e)trialacha fáis agus tástálacha saotharlainne a dhéanamh i gcás géineas nó speiceas ar leith, lena náirítear teicnící bith‑mhóilíneacha.

Oiriúnófar na gníomhartha tarmligthe sin do na prótacail theicniúla agus eolaíochta idirnáisiúnta atá ar fáil.

2.I gcás nach bhfuil aon cheanglas glactha de bhun mhír 1, déanfar scrúduithe teicniúla i gcomhréir le prótacail náisiúnta a mhéid a bhaineann leis na heilimintí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a)-(e).

Airteagal 63

Rúndacht

1.I gcás, le linn an scrúdaithe theicniúil dá ndéantar foráil in Airteagal 59, inar dealraitheach gur gá scrúdú a dhéanamh ar na comhpháirteanna ginealacha, coimeádfar torthaí an scrúdaithe sin agus an tuairisc ar na comhpháirteanna ginealacha faoi rún, má iarrann an tiarratasóir sin.

2.I gcás cineálacha PRM atá beartaithe le haghaidh táirgeadh amhábhar talmhaíochta chun críocha tionsclaíocha, agus lena naghaidh sin amháin, coimeádfar eilimintí áirithe den scrúdú teicniúil agus úsáidí beartaithe na gcineálacha sin, arbh fhéidir a nochtadh poiblí difear a dhéanamh do staid iomaíoch an iarratasóra, faoi rún, má iarrann an tiarratasóir sin amhlaidh.

3.Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar d’Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2017/625.

Airteagal 64

Tuarascáil shealadach scrúdúcháin agus tuairisc oifigiúil shealadach

1.I ndiaidh an scrúdaithe theicniúil dá ndéantar foráil in Airteagal 59, ullmhóidh an túdarás inniúil tuarascáil shealadach scrúdúcháin, i ndáil le comhlíonadh na gceanglas maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht, agus na saintréithe de luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe, mar is infheidhme, dá dtagraítear in Airteagail 48, 49, 50, agus 52, agus eiseoidh sé tuairisc oifigiúil shealadach ar an gcineál ar bhonn na tuairisce sin.

2.Féadfar tagairt a dhéanamh sa tuarascáil shealadach scrúdúcháin do chinntí tuarascálacha scrúdúcháin eile a rinne an túdarás inniúil lena mbaineann, údaráis inniúla eile nó CPVO ar an gcineál i gceist.

3.Déanfaidh an túdarás inniúil an tuarascáil shealadach scrúdúcháin agus an tuairisc oifigiúil shealadach a chur i bhfios don iarratasóir. Féadfaidh an tiarratasóir barúil a thabhairt i leith na ndoiciméad sin laistigh de 15 lá féilire.

4.I gcás nach measann an túdarás inniúil gur bonn leordhóthanach í an tuarascáil shealadach scrúdúcháin le haghaidh cinneadh maidir le clárú an chineáil, iarrfaidh sé faisnéis bhreise, scrúduithe nó gníomhaíochtaí eile ar an iarratasóir, de réir mar is iomchuí, chun a áirithiú go gcomhlíonann an cineál na ceanglais maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht, cobhsaíocht agus an luach le haghaidh saothrú agus/nó úsáid inbhuanaithe, mar a leagtar amach in Airteagail 48, 49, 50 agus 52 faoi seach.

Airteagal 65

Tuarascáil scrúdúcháin agus tuairisc oifigiúil chríochnaitheach

Tar éis dó aon bharúil arna soláthar ag an iarratasóir maidir leis an tuarascáil shealadach scrúdúcháin agus an tuairisc oifigiúil shealadach a chur san áireamh, eiseoidh an t‑údarás inniúil tuairisc scrúdúcháin chríochnaitheach agus tuairisc oifigiúil chríochnaitheach maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht an chineáil agus áireofar leis achoimre ar thorthaí an scrúdaithe ar an luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe.

Ar iarratas réasúnaithe a fháil dóibh, déanfaidh na húdaráis inniúla na tuarascálacha scrúdúcháin agus an tuairisc oifigiúil a chur ar fáil do na tríú páirtithe, faoi réir dlíthe náisiúnta nó faoi réir dhlíthe an Aontais maidir le cosaint sonraí agus na rialacha maidir le rúndacht.

Airteagal 66

Ainmníocht cineáil a scrúdú

I ndiaidh an scrúdú fhoirmiúil ar an iarratas dá ndéantar foráil in Airteagal 57, agus sula gclárófar cineál i gclár náisiúnta cineálacha de bhun Airteagal 67, rachaidh an t‑údarás inniúil i gcomhairle le CPVO i dtaobh ainmníocht an chineáil atá á moladh ag an iarratasóir.

Déanfaidh CPVO moladh maidir le hoiriúnacht na hainmníochta cineáil atá á moladh ag an iarratasóir, i gcomhréir le hAirteagal 54. Cuirfidh an t‑údarás inniúil an moladh sin in iúl don iarratasóir.

Airteagal 67

Cinneadh maidir le clárú cineáil i gclár náisiúnta cineálacha

1.Más rud é, ar bhonn an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 55 go 66, go dtagtar ar an gconclúid go gcomhlíonann an cineál na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 47(1), cinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith an cineál a chlárú sa chlár náisiúnta cineálacha.

2.Glacfaidh an túdarás inniúil cinneadh lena ndiúltófar don chlárú sa chlár náisiúnta cineálacha, más rud é:

(a)go suíonn sé nach gcomhlíontar na ceanglais faoi leith a leagtar amach in Airteagal 47(1); nó

(b)nár chomhlíon an tiarratasóir aon oibleagáid atá leagtha amach ina leith in Airteagail 55 go 64.

3.I gcás cinntí lena ndiúltaítear cineál a chlárú sa chlár náisiúnta cineálacha, luafar na cúiseanna leis an diúltú sin.

4.Cuirfidh an túdarás inniúil an cinneadh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 chuig an iarratasóir.

5.Féadfar na cinntí dá dtagraítear i mír 1 agus 2 a achomharc, i gcomhréir le rialacha riaracháin an Bhallstáit lena mbaineann. Beidh éifeacht fionraíochta ag aon achomharc in aghaidh cinneadh dá dtagraítear i mír 1 ar chlárú an chineáil faoi leith.

6.D’fhéadfaí go mbeadh ar an iarratasóir táille a íoc as glacadh an chinnidh, dá dtagraítear i mír 1, faoi réir chinneadh an údaráis inniúil.

Airteagal 68

Cineálacha a chláraítear de bhun Threoracha 68/193/CEE, 2002/53/CE, 2002/55/CE agus 2008/90/CE

1.De mhaolú ar Airteagail 54 go 67, cláróidh na húdaráis inniúla ina gcuid clár náisiúnta cineálacha láithreach na cineálacha uile ar glacadh leo nó a cláraíodh go hoifigiúil roimh … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], sna catalóga, sna liostaí, nó sna cláir arna mbunú ag a mBallstát de bhun de bhun Airteagal 5 de Threoir 68/193/CEE, Airteagal 3 de Threoir 2002/53/CE, Airteagal 3(2) de Threoir 2002/55/CE agus Airteagal 7(4) de Threoir 2008/90/CE gan an nós imeachta clárúcháin a leagtar amach sna hAirteagail sin a chur i bhfeidhm.

2.De mhaolú ar Airteagal 53, cineálacha ar glacadh leo i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2008/62/CE agus Airteagal 3(1) de Threoir 2009/145/CE roimh… [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], clárófar iad láithreach sna cláir náisiúnta cineálacha mar chineálacha caomhantais in éineacht le tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil gan an nós imeachta clárúcháin a leagtar amach san Airteagal sin a chur i bhfeidhm.

ROINN 4

Tréimhse chlárúcháin agus cothabháil cineáil

Airteagal 69

Tréimhse chlárúcháin

1.Is éard a bheidh i dtréimhse chlárúcháin cineáil i gclár náisiúnta cineálacha (‘tréimhse chlárúcháin’) ná 10 mbliana.

Is éard a bheidh sa tréimhse chlárúcháin sin le haghaidh cineálacha de speicis de phlandaí torthaí agus ábhar iomadaithe fíniúna, mar a liostaítear i gCodanna C agus D faoi seach d’Iarscríbhinn I, ná 30 bliain, áfach.

I gcás cineálacha atá comhdhéanta d’orgánach géinmhodhnaithe nó ina bhfuil orgánach géinmhodhnaithe, teorannófar tréimhse an chlárúcháin don tréimhse a bhfuil saothrú an orgánaigh ghéinmhodhnaithe sin údaraithe lena linn de bhun Threoir 2001/18/CE nó Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

I gcás ina bhfuil planda TGN de chatagóir 2 sna cineálacha, nó i gcás ina bhfuil siad comhdhéanta de phlanda TGN de chatagóir 2, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) …/… (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán TGN), beidh an tréimhse chlárúcháin teoranta don tréimhse dá bhfuil an planda sin údaraithe de bhun an Rialacháin sin.

2.Féadfar tréimhse chlárúcháin cineáil i gclár náisiúnta cineálacha a athnuachan go ceann tréimhse eile 10 mbliana, nó 30 bliain, de réir an cháis, i gcomhréir leis an nós imeachta agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 70.

I gcás cineáil ina bhfuil orgánach géinmhodhnaithe, teorannófar athnuachan na tréimhse chlárúcháin don tréimhse a bhfuil saothrú an orgánaigh ghéinmhodhnaithe sin údaraithe lena linn de bhun Threoir 2001/18/CE nó Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

3.D’fhéadfaí go mbeadh ar an iarratasóir táille bhliantúil a íoc as cineál a chlárú, faoi réir chinneadh an údaráis inniúil.

Airteagal 70

Nós imeachta agus coinníollacha maidir le clárú a athnuachan

1.Aon duine a bhfuil rún aige clárú cineáil a athnuachan, cuirfidh sé isteach iarratas, tráth nach luaithe ná 12 mhí, agus tráth nach déanaí ná 6 mhí, roimh dhul in éag na tréimhse clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69(1).

2.Déanfar an tiarratas a chur isteach go leictreonach. Beidh fianaise ag gabháil leis a léiríonn go bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach i mír 3 á gcomhlíonadh.

3.Ní fhéadfar athnuachan clárú cineáil i gclár náisiúnta cineálacha a dheonú ach amháin, más rud é:

(a)tá fianaise leordhóthanach curtha isteach ag an iarratasóir go leanann an cineál de bheith ag comhlíonadh na gceanglas áirithe d’Airteagal 47(1); agus

(b)tá suite ag údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith gur ann do dhuine le haghaidh na cothabhála cineáil i gcomhréir le hAirteagal 72.

4.Féadfaidh an túdarás inniúil, ar a thionscnamh féin, clárú cineáil a athnuachan, má bhíonn éileamh mór ag na hoibreoirí gairmiúla agus feirmeoirí lena mbaineann air, nó dá mba cheart é a choinneáil chun acmhainní géiniteacha plandaí a chaomhnú.

Airteagal 71

Baint de chláir náisiúnta cineálacha

1.Cinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith cineál a bhaint den chlár náisiúnta cineálacha, más rud é:

(a)tagann sé ar an gconclúid, ar bhonn aon fhaisnéise nua, nach bhfuil na ceanglais chlárúcháin, mar a leagtar amach in Airteagal 47(1), á gcomhlíonadh a thuilleadh;

(b)ní íocann an tiarratasóir an táille atá leagtha síos ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagail 55, 59(4), 67(6) agus 69(3);

(c)iarrann an duine atá freagrach as cothabháil cineáil amhlaidh, dá dtagraítear in Airteagal 72, nó más rud é nach ndéanann an duine sin cothabháil ar an gcineál a thuilleadh nó más rud é nach bhfuil aon duine eile freagrach as a chothabháil a thuilleadh;

(d)níl an cineál á chothabháil a thuilleadh de bhun cheanglais Airteagal 72;

(e)tá an cineál á chothabháil i dtríú tír, nach bhfuil cúnamh soláthartha aici chun rialuithe ar an gcothabháil sin a dhéanamh de bhun Airteagal 72(7);

(f)tráth an iarratais, soláthraíodh sonraí bréagacha nó calaoiseacha a ndearnadh an clárú ar a mbonn;

(g)níl aon iarratas ar athnuachan curtha isteach faoin sprioc‑am dá dtagraítear in Airteagal 70(1) agus tá an tréimhse bhailíochta chlárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69(1) imithe in éag.

2.Ar iarratas ón iarratasóir, féadfaidh an túdarás inniúil cead a thabhairt cineál, ar baineadh é den chlár náisiúnta cineálacha i gcomhréir le mír 1, pointe (g), a chur ar fáil ar an margadh i gcónaí go dtí an 30 Meitheamh den tríú bliain i ndiaidh bhaint an chineáil den chlár.

Cuirfear an t‑iarratas sin isteach tráth nach déanaí ná dáta éagtha na tréimhse bailíochta clárúcháin.

3.Tar éis é a bhaint de chlár náisiúnta cineálacha, dá dtagraítear i mír 1, bainfear an cineál lena mbaineann de chlár cineálacha an Aontais láithreach, mura bhfuil sé cláraithe in aon chlár náisiúnta cineálacha eile.

Airteagal 72

Cothabháil cineáil

1.Is é an tiarratasóir, nó aon duine eile a bhfuil fógra tugtha ina leith ag an iarratasóir don údarás inniúil, a dhéanfaidh cineálacha atá cláraithe i gclár náisiúnta cineálacha a chothabháil. Údaraíodh an túdarás inniúil an duine eile sin chun cothabháil a dhéanamh ar an gcineál, má chruthaíonn an duine sin a chumas i ndáil leis an gcúram sin, agus tarraingeoidh an túdarás inniúil an túdarú sin siar mura féidir leis an duine sin an cúram sin a dhéanamh a thuilleadh. Tabharfaidh an tiarratasóir fógra faoi ainm agus uimhir chlárúcháin an duine sin d’údarás inniúil an Bhallstáit.

2.Déanfar an chothabháil i gcomhréir le cleachtais aitheanta, a bhaineann, de réir a bheidh an cás, le géinis, speicis, nó sóirt chineálacha faoi leith.

3.Déanfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 taifid a choinneáil maidir le cothabháil cineáil. Beidh an túdarás in ann, tráth ar bith, an chothabháil cineáil a sheiceáil trí na taifid sin a bhreathnú. Cuimseoidh na taifid sin táirgeadh ábhair réamhbhunúsaigh, bhunúsaigh, dheimhnithe agus chaighdeánaigh, agus céimeanna den táirgeadh roimh ábhar réamhbhunúsach.

Soláthrófar sampla caighdeánach den chineál lena mbaineann don údarás inniúil arna iarraidh sin.

4.Déanfaidh an túdarás inniúil rialuithe ar an dóigh a bhfuil na cineálacha á gcothabháil, agus féadfaidh siad, chun na críche sin, samplaí de na cineálacha lena mbaineann a thógáil. Beidh minicíocht na rialuithe sin bunaithe ar dhóchúlacht neamhchomhlíontacht mhíreanna 1 go 3.

5.I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil nach gcomhlíonann an duine atá freagrach as an gcothabháil cineáil forálacha mhír 1 go 3, tabharfaidh sé neart ama don duine sin gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh nó a iarraidh ar dhuine eile an chothabháil cineáil a dhéanamh. Mura ndéantar aon ghníomhaíocht den sórt sin laistigh den teorainn ama sin, bainfidh an túdarás inniúil an cineál den chlár náisiúnta cineálacha i gcomhréir le hAirteagal 71.

6.I gcás ina ndéantar cothabháil cineálacha i mBallstát seachas an Ballstát ar cláraíodh an cineál ina chlár náisiúnta, cuideoidh údaráis inniúla an dá Bhallstát a chéile na rialuithe cothabhála cineálacha a dhéanamh. Mura soláthraítear cúnamh den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta ama, nó má thagtar ar an gconclúid nach ndéantar an chothabháil cineáil i gcomhréir leis an Airteagal seo, bainfidh an túdarás inniúil sin an cineál den chlár náisiúnta cineálacha i gcomhréir le hAirteagal 71.

7.I gcás ina ndéantar cothabháil cineáil i dtríú tír, iarrfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit, a bhfuil an cineál cláraithe ina chlár náisiúnta, ar údaráis an tríú tír cúnamh a thabhairt le haghaidh na rialuithe ar chothabháil cineáil, má bhí cothabháil den sórt sin faoi réir aithint na coibhéise dá dtagraítear in Airteagal 39(5). Mura soláthraítear cúnamh den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta ama, nó má thagtar ar an gconclúid nach ndéantar an chothabháil cineáil i gcomhréir leis an Airteagal seo, bainfidh an túdarás inniúil sin an cineál den chlár náisiúnta cineálacha i gcomhréir le hAirteagal 71.

ROINN 5

COIMEÁD DOICIMÉADACHTA AGUS SAMPLAÍ

Airteagal 73

Doiciméadacht ar na cláir náisiúnta cineálacha

Coimeádfaidh údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith taifead ar gach cineál atá cláraithe sa chlár náisiúnta cineálacha, taifead ina mbeidh:

(a)tuairisc oifigiúil nó tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil an chineáil;

(b)tuarascáil scrúdúcháin; agus

(c)aon tuarascáil scrúdúcháin chomhlántach de bhun Airteagal 64(4).

I gcás tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil, ní bheidh sa chomhad ach an tuairisc sin agus na doiciméid a thacaíonn léi.

Airteagal 74

Samplaí de na cineálacha cláraithe

Coimeádfaidh na húdaráis inniúla samplaí de na cineálacha atá cláraithe sna cláir náisiúnta cineálacha agus cuirfidh siad iad ar fáil d’aon tríú páirtí arna iarraidh sin.

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, méid na samplaí sin a shonrú, na rialacha lena n‑athsholáthar, i gcás ina mbíonn cainníocht an tsampla bhunaidh rótheoranta nó i gcás nach mbíonn sé leordhóthanach a thuilleadh de bharr a úsáide i scrúduithe eile, agus a gcur isteach chuig údaráis inniúla eile. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

CAIBIDIL V
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 75

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 2(3), 7(3), 8(4), 10(2), 15(5), 20(2), 22(2), 24(4), 27(3), 46(2), 47(3), 52(3), 54(4), 61(3) agus 62(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. 

Déanfar síneadh a chur le tarmligean na cumhachta go hintuigthe go ceann tréimhsí 5 bliana, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an tsínithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. Tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil i leith tharmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na chéad tréimhse 5 bliana.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 2(3), 7(3), 8(4), 10(2), 15(5), 20(2), 22(2), 24(4), 27(3), 46(2), 47(3), 52(3), 54(4), 61(3) agus 62(1) a chúlghairm tráth ar bith. Maidir le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 2(3), 7(3), 8(4), 10(2), 15(5), 20(2), 22(2), 24(4), 27(3), 46(2), 47(3), 52(3), 54(4), 61(3) agus 62(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomhaíocht sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 76

Nós imeachta coiste

1.Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 . Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n‑iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

3.Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, in éineacht le hAirteagal 5 dá chuid freisin.

CAIBIDIL VI
TUAIRISCIÚ, PIONÓIS AGUS LEASUITHE AR RIALACHÁIN (AE) 2016/2031, 2017/625 AGUS 2018/848

Airteagal 77

Tuairisciú

1.Faoi … [5 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoin méid seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)cainníochtaí PRM deimhnithe agus caighdeánach agus limistéir a úsáidtear le hiad a tháirgeadh in aghaidh na bliana agus an speicis in éineacht le sonraíocht i ndáil leis na cainníochtaí a úsáidtear le haghaidh cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach;

(b)cainníochtaí PRM d’ábhar ilchineálach arna mhargú agus limistéir a úsáidtear lena dtáirgeadh in aghaidh na bliana;

(c)cainníochtaí PRM de chineálacha caomhantais arna margú in aghaidh na bliana agus an speicis;

(d)an líon oibreoirí gairmiúla a bhfuil na maoluithe á núsáid acu chun margú d’úsáideoirí deiridh i gcomhréir le hAirteagal 28, na speicis lena mbaineann agus cainníochtaí iomlána PRM in aghaidh an speicis;

(e)an líon banc géinte, eagraíochtaí agus líonraí ag a bhfuil cuspóir reachtúil nó cuspóir dearbhaithe eile chun acmhainní géiniteacha plandaí a chaomhnú, i gcomhréir le hAirteagal 29, agus speicis lena mbaineann;

(f)na cainníochtaí mar a shainmhínítear in aghaidh an speicis le haghaidh na síolta a ndéantar malartuithe comhchineáil díobh idir feirmeoirí, i gcomhréir le hAirteagal 30;

(g)na cainníochtaí arna núdarú in aghaidh an speicis le haghaidh PRM atá beartaithe le haghaidh tástálacha agus triallacha chun cineálacha nua a phórú, i gcomhréir le hAirteagal 31;

(h)cainníochtaí PRM in aghaidh an ghéinis agus an speicis ar cuireadh Airteagal 33(4) i bhfeidhm maidir leo;

(i)cainníochtaí PRM in aghaidh an ghéinis agus an speicis arna nallmhairiú ó thríú tíortha, i gcomhréir le hAirteagal 39;

(j)pionóis arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 78;

(k)an líon oibreoirí gairmiúla atá bunaithe ina gcríoch.

2.Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na formáidí teicniúla le haghaidh tuairisciú a dhéantar de bhun mhír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 78

Pionóis

1.Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.Áiritheoidh na Ballstáit, go bhfuil pionóis airgeadais i leith sáruithe ar an Rialachán seo, arna ndéanamh trí chalaois cothrom, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, leis an buntáiste eacnamaíoch faighte don oibreoir gairmiúil ar a laghad nó le céatadán de láimhdeachas an oibreora ghairmiúil.

Airteagal 79

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/2031

In Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2016/2031, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, de réir mar is iomchuí, bearta a leagan amach chun láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais a chosc ar na plandaí lena mbaineann le haghaidh plandú, amhail dá dtagraítear in Airteagal 36, pointe (f). Bainfidh na bearta sin, mar is iomchuí, le tabhairt isteach agus le gluaiseacht na bplandaí sin laistigh den Aontas.’.

Airteagal 80

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/625

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 mar a leanas:

(1)in Airteagal 1, mír 2, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(k)táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí.’;

(2)in Airteagal 3, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(52)ciallaíonn ‘ábhar atáirgthe plandaí’ ábhar atáirgthe plandaí mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*)+’;

_________

(*)Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle …. (IO …, lch. …). [téann an fonóta a bheidh sa Rialachán sin anseo]

[+IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin seo agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin seo san fhonóta.]

(3)cuirtear isteach an tairteagal seo a leanas i ndiaidh Airteagal 22:

Airteagal 22a

Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla agus le haghaidh gníomhaíocht arna déanamh ag na húdaráis inniúla i ndáil le hábhar atáirgthe plandaí

1.Ar na rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (k) a fhíorú, áireofar rialuithe oifigiúla maidir le hábhar atáirgthe plandaí, oibreoirí agus daoine eile atá faoi réir na rialacha sin.

2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144, d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar ábhar atáirgthe plandaí chun comhlíonadh rialacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (k) a fhíorú, ar rialacha iad a bhfuil feidhm acu maidir leis na hearraí sin agus maidir le gníomhaíocht atá le déanamh ag na húdaráis inniúla i ndiaidh na rialuithe oifigiúla sin a bheith déanta.

Leagfar síos sna gníomhartha tarmligthe sin, rialacha maidir le ceanglais shonracha maidir le feidhmíocht rialuithe oifigiúla den sórt sin i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)ábhar atáirgthe plandaí a allmhairiú isteach san Aontas, agus é a mhargú san Aontas, ábhar atá faoi réir na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (k) a mhéid a bhaineann lena aitheantas agus lena cháilíocht, agus

(b)ceanglais shonracha maidir le feidhmíocht rialuithe oifigiúla den sórt sin ar ghníomhaíochtaí oibreoirí le linn táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise áirithe atá faoi réir na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (k).

3.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar ábhar atáirgthe plandaí chun comhlíonadh rialacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (k) a fhíorú, ar rialacha iad a bhfuil feidhm acu maidir leis na hearraí sin agus maidir le gníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla i ndiaidh rialuithe oifigiúla den sórt sin, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)íosmhinicíocht aonfhoirmeach rialuithe oifigiúla den sórt sin, i gcás inar gá íosleibhéal rialaithe oifigiúil chun freagairt do rioscaí aonfhoirmeacha aitheanta maidir le neamhchomhlíonadh na rialacha maidir le hábhar atáirgthe plandaí de thionscnamh nó bunáitíocht faoi leith;

(b)minicíocht aonfhoirmeach na rialuithe oifigiúla a dhéanann údaráis inniúla ar oibreoirí atá údaraithe chun deimhniú a dhéanamh faoi mhaoirseacht oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) …/…++

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).

_________

++IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin seo.

4.Chun críocha Airteagal 30, ceadófar roinnt cúraimí a bhaineann le rialú oifigiúil, dá dtagraítear san Airteagal seo, a tharmligean chuig duine nádúrtha amháin nó níos mó.’;

(4)in Airteagal 40(1), cuirtear isteach an pointe a leanas:

‘(c)saotharlanna atá creidiúnaithe ag an gComhlachas Idirnáisiúnta um Thástáil Síolta chun anailísí, tástálacha agus diagnóis a dhéanamh ar shamplaí síolta’.

Airteagal 81

Leasú ar Rialachán (AE) 2018/848

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (17):

‘(17)ciallaíonn ‘ábhar atáirgthe plandaí’ ábhar atáirgthe plandaí mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*)+;’;

____________

(*)Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle …. (IO …, lch. …). [téann an fonóta a bheidh sa Rialachán sin anseo]

[+IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin seo agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin seo san fhonóta.]

(b)cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (18):

‘(18)ciallaíonn ‘ábhar ilchineálach orgánach’ ábhar ilchineálach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(27) de Rialachán (AE) …/…(*)++, arna tháirgeadh i gcomhréir leis an Rialachán seo;’

____________

(*)Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle …. (IO …, lch. …). [téann an fonóta a bheidh sa Rialachán sin anseo]

[++IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin seo.]

(2)Scriostar Airteagal 13.

(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe 1.8.4. de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848: ‘Déanfar na cleachtais iolrúcháin uile, seachas saothráin fíocháin plandaí, saothráin chille, geirmphlasma, míristéama, clóin chiméaracha, ábhar micriomadaithe, faoi bhainistíocht orgánach dheimhnithe’.

CAIBIDIL VII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 82

Aisghairmeacha

Aisghairtear Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CEE, 2002/53/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE, 2008/72/CE agus 2008/90/CE.

Déanfar tagairtí do na gníomhartha aisghairthe sin a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 83

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó … [36 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Mar sin féin,

(a)Beidh feidhm ag Airteagal 40(4) ó 3 lá tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)Beidh feidhm ag Airteagal 52 ón ... [60 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] i gcás na speiceas a liostaítear i gCodanna B agus C d’Iarscríbhinn I. Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Treoir 66/401/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol plandaí farae a mhargú (IO L 125, 11.7.1966, lch. 2298).
(2)    Treoir 66/402/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol gránach a mhargú (IO 125, 11.7.1966, lch. 2309).
(3)    Treoir 68/193/CEE ón gComhairle an 9 Aibreán 1968 maidir le hábhar iomadaithe fhásúil na fíniúna a mhargú (IO L 93, 17.4.1968, lch. 15).
(4)    Treoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta (IO L 193, 20.7.2002, lch. 1).
(5)    Treoir 2002/54/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol biatais a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 12).
(6)    Treoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol glasraí a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 33).
(7)    Treoir 2002/56/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le prátaí síl a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 60).
(8)    Treoir 2002/57/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síolta plandaí ola agus snáithín a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 74).
(9)    Treoir 2008/72/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le hábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síol, a mhargú (IO L 205, 1.8.2008, lch. 28).
(10)    Treoir 2008/90/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí torthaí agus margú plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí (IO L 267, 8.10.2008, lch. 8).
(11)    Treoir 98/56/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí ornáideacha (IO L 226, 13.8.1998, lch. 16).
(12)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM/2019/640 final).
(13)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally‑friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], (COM(2020) 381 final).
(14)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030 Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020) 380 final).
(15)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Forging a climate‑resilient Europe ‑ the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a chruthú - straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide] (COM(2021) 82 final).
(16)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [2030 Compás Digiteach: Deacáid Dhigiteach na hEorpa] (COM(2021)118 final).
(17)    Cinneadh (AE) 2019/1905 ón gComhairle an 8 Samhain 2019 lenar iarradh ar an gCoimisiún staidéar a chur i láthair maidir le roghanna an Aontais chun an reachtaíocht atá ann cheana, i dtaca le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí, agus togra, más iomchuí, i bhfianaise thorthaí an staidéir (IO L 293, 14.11.2019, lch. 105).
(18)    Commission Staff Working Document Study on the Union’s options to update the existing legislation on the production and marketing of plant reproductive material [Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le roghanna an Aontais chun an reachtaíocht atá ann cheana, i dtaca le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí, a thabhairt cothrom le dáta] (SWD(2021)90 final).
(19)    ICF (2021) Data gathering and analysis to support a Commission study on the Union’s options to update the existing legislation on the production and marketing of plant reproductive material [Bailiú agus anailísiú sonraí chun tacú le staidéar ón gCoimisiún ar roghanna an Aontais chun an reachtaíocht atá ann cheana, i dtaca le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí, a thabhairt cothrom le dáta]. https://doi.org/10.2875/406165.
(20)    Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(21)    ICF (20223) Study supporting the Impact Assessment for the revision of the plant and forest reproductive material legislation [Staidéar a thacaíonn leis an Measúnú Tionchair le haghaidh an athbhreithnithe ar an reachtaíocht maidir le hábhar atáirgthe plandaí agus foraoise]. https://data.europa.eu/doi/10.2875/4381.
(22)    Decision Revising the OECD Schemes for the Varietal Certification or the Control of Seed Moving in International Trade [Cinneadh lena ndéantar Athbhreithniú ar Scéimeanna ECFE maidir le Deimhniú Cineáil nó Rialú ar Shíolta a bhíonn ag Gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta] OECD/LEGAL/0308 ] (‘Scéimeanna Síolta ECFE’).
(23)    Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 228/2013, Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4) ón gComhairle.
(24)    Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
(25)    Níor foilsíodh é go fóill.
(26)    Treoir 66/401/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol plandaí farae a mhargú (IO L 125, 11.7.1966, lch. 2298).
(27)    Treoir 66/402/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol gránach a mhargú (IO 125, 11.7.1966, lch. 2309).
(28)    Treoir 68/193/CEE ón gComhairle an 9 Aibreán 1968 maidir le hábhar iomadaithe fhásúil na fíniúna a mhargú (IO L 93, 17.4.1968, lch. 15).
(29)    Treoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta (IO L 193, 20.7.2002, lch. 1).
(30)    Treoir 2002/54/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol biatais a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 12).
(31)    Treoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol glasraí a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 33).
(32)    Treoir 2002/56/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le prátaí síl a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 60).
(33)    Treoir 2002/57/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síolta plandaí ola agus snáithín a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 74).
(34)    Treoir 2008/72/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le hábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síol, a mhargú (IO L 205, 1.8.2008, lch. 28).
(35)    Treoir 2008/90/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí torthaí agus margú plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí (IO L 267, 8.10.2008, lch. 8).
(36)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally‑friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], (COM(2020) 381 final).
(37)    Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle …. (IO …, lch. …).+    IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad (… (COD)) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.
(38)    Treoir 98/56/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí ornáideacha (IO L 226, 13.8.1998, lch. 16).
(39)    Decision Revising the OECD Schemes for the Varietal Certification or the Control of Seed Moving in International Trade [Cinneadh lena ndéantar Athbhreithniú ar Scéimeanna ECFE maidir le Deimhniú Cineáil nó Rialú ar Shíolta a bhíonn ag Gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta] OECD/LEGAL/0308 ] (‘Scéimeanna Síolta ECFE’).
(40)    Cinneadh 2004/869/CE ón gComhairle an 24 Feabhra 2004 i ndáil leis an gConradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht a thabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 378, 23.12.2004, lch. 1).
(41)    Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle an 27 Iúil 1994 maidir le cearta Comhphobail i ndáil le cineálacha plandaí (IO L 227, 1.9.1994, lch. 1).
(42)    Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4).
(43)    Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(44)    Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
(45)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(46)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún, IO L 55, 28.2.2011, lgh. 13–18.
(47)    Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle …. (IO …, lch. …).+    IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad (… (COD)) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.
(48)    Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2011, lch. 1).
(49)    Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).
(50)    Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … (…, lch… ).
(51)    Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

An Bhruiséil,5.7.2023

COM(2023) 414 final

IARSCRÍBHINNÍ

ag gabhann leis an

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hábhar atáirgthe plandaí a tháirgeadh agus a mhargú san Aontas, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/2031, 2017/625 agus 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n aisghairtear Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CEE, 2002/53/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE, 2008/72/CE agus 2008/90/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hábhar atáirgthe plandaí)

{SEC(2023) 414 final} - {SWD(2023) 410 final} - {SWD(2023) 414 final} - {SWD(2023) 415 final}


IARSCRÍBHINN I
GÉINIS AGUS SPEICIS, AGUS A nÚSÁIDÍ LENA mBAINEANN, DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2

CUID A 
Géinis agus speicis atá le húsáid chun barra talmhaíochta, seachas glasraí, a tháirgeadh

Agrostis canina L.

Agrostis capillaris L.

Agrostis gigantea Roth

Agrostis stolonifera L.

Alopecurus pratensis L.

Arachis hypogaea L.

Arrhenatherum elatius (L.) P. Beauv. ex J. Presl & C. Presl

Avena nuda L.

Avena sativa L. (ina bhfuil A. byzantina K. Koch)

Avena strigosa Schreb.

Beta vulgaris L. partim

Biserrula pelecinus L.

Brassica juncea (L.) Czern.

Brassica napus L. var. napobrassica (L.) Rchb.

Brassica napus L. var. napus

Brassica nigra (L.) W.D.J. Koch

Brassica oleracea L. convar. acephala (DC.) Alef. var. medullosa Thell. + var. varidis L.

Brassica rapa L. var. silvestris (Lam.) Briggs

Bromus catharticus Vahl

Bromus sitchensis Trin.

Cannabis sativa L.

Carthamus tinctorius L.

Carum carvi L.

Cynodon dactylon (L.) Pers.

Dactylis glomerata L.

Festuca arundinacea Schreber

Festuca filiformis Pourr

Festuca ovina L.

Festuca pratensis Huds.

Festuca rubra L.

Festuca trachyphylla (Hack.) Krajina

Galega orientalis Lam.

Glycine max (L.) Merr. partim

Gossypium spp.

Hedysarum coronarium L.

Helianthus annuus L.

Hordeum vulgare L.

Lathyrus cicera L.

Linum usitatissimum L.

Lolium multiflorum Lam.

Lolium perenne L.

Lolium x hybridum Hausskn

Lotus corniculatus L.

Lupinus albus L.

Lupinus angustifolius L.

Lupinus luteus L.

Medicago doliata Carmign.

Medicago italica (Mill.) Fiori

Medicago littoralis Rohde ex Loisel.

Medicago lupulina L.

Medicago murex Willd.

Medicago polymorpha L.

Medicago rugosa Desr.

Medicago sativa L.

Medicago sativa L. nothosubsp. varia (Martyn) Arcang.

Medicago scutellata (L.) Mill.

Medicago truncatula Gaertn.

Onobrychis viciifolia Scop.

Ornithopus compressus L.

Ornithopus sativus Brot.

Oryza sativa L.

Papaver somniferum L.

Phacelia tanacetifolia Benth.

Phalaris aquatica L.

Phalaris canariensis L.

Phleum nodosum L.

Phleum pratense L.

Pisum sativum L. partim

Plantago lanceolata L.

Poa annua L.

Poa nemoralis L.

Poa palustris L.

Poa pratensis L.

Poa trivialis L.

Raphanus sativus L. var. oleiformis Pers.

Secale cereale L.

Sinapis alba L.

Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. bicolor

Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. bicolor x Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. drummondii (Steud.) de Wet ex Davidse

Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. drummondii (Steud.) de Wet ex Davidse

Trifolium alexandrinum L. Berseem

Trifolium fragiferum L.

Trifolium glanduliferum Boiss.

Trifolium hirtum All.

Trifolium hybridum L.

Trifolium incarnatum L.

Trifolium isthmocarpum Brot.

Trifolium michelianum Savi

Trifolium pratense L.

Trifolium repens L.

Trifolium resupinatum L.

Trifolium squarrosum L.

Trifolium subterraneum L.

Trifolium vesiculosum Savi

Trigonella foenum-graecum L.

Trisetum flavescens (L.) P. Beauv.

Triticum aestivum L. subsp. aestivum

Triticum aestivum L. subsp. spelta (L.) Thell.

Triticum turgidum L. subsp. durum (Desf.) van Slageren

Vicia benghalensis L.

Vicia faba L. partim

Vicia pannonica Crantz

Vicia sativa L.

Vicia villosa Roth

xFestulolium Asch. & Graebn

xTriticosecale Wittm. ex A. Camus

Zea mays L. partim

CUID B 
Géinis agus speicis atá le húsáid chun glasraí a tháirgeadh

Allium cepa L.

Allium fistulosum L.

Allium porrum L.

Allium sativum L.

Allium schoenoprasum L.

Anthriscus cerefolium (L.) Hoffm.

Apium graveolens L.

Asparagus officinalis L.

Beta vulgaris L. partim

Brassica oleracea L. partim

Brassica rapa L. partim

Capsicum annuum L.

Cichorium endivia L.

Cichorium intybus L.

Citrullus lanatus (Thunb.) Matsum. et Nakai

Cucumis melo L.

Cucumis sativus L.

Cucurbita maxima Duchesne

Cucurbita pepo L.

Cynara cardunculus L.

Daucus carota L.

Foeniculum vulgare Mill.

Lactuca sativa L.

Petroselinum crispum (Mill.) Nyman ex A. W. Hill

Phaseolus coccineus L.

Phaseolus vulgaris L.

Pisum sativum L. partim

Raphanus sativus L. partim

Rheum rhabarbarum L.

Scorzonera hispanica L.

Solanum lycopersicum L.

Solanum melongena L.

Spinacia oleracea L.

Valerianella locusta (L.) Laterr.

Vicia faba L. partim

Zea mays L. partim

Hibridí a eascraíonn as crosphórú na speiceas dá dtagraítear sa Chuid seo.

CUID C 
Géinis agus speicis atá le húsáid chun plandaí torthaí a tháirgeadh

Castanea sativa Mill.

Citrus L.

Corylus avellana L.

Cydonia oblonga Mill.

Ficus carica L.

Fortunella Swingle

Fragaria L.

Juglans regia L.

Malus Mill.

Olea europaea L.

Pistacia vera L.

Poncirus Raf.

Prunus amygdalus Batsch

Prunus armeniaca L.

Prunus avium (L.) L.

Prunus cerasus L.

Prunus domestica L.

Prunus persica (L.) Batsch

Prunus salicina Lindley

Pyrus L.

Ribes L.

Rubus L.

Vaccinium L.

CUID D 
Géinis agus speicis atá le húsáid chun fíniúin a tháirgeadh

Vitis L.

CUID E 
Géinis agus speicis atá le húsáid chun prátaí a tháirgeadh

Solanum tuberosum L.

IARSCRÍBHINN II
CEANGLAIS MAIDIR LE SÍOLTA AGUS LE hÁBHAR RÉAMHBHUNÚSACH, BUNÚSACH AGUS DEIMHNITHE A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7

CUID A 
CEANGLAIS MAIDIR LE SÍOLTA RÉAMHBHUNÚSACHA, BUNÚSACHA AGUS DEIMHNITHE DE SPEICIS TALMHAÍOCHTA AGUS GHLASRAÍ A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ

1.Ceanglais ghinearálta maidir le síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe a tháirgeadh

A.Síolú nó plandú:

(a)Cineál an tsíl arna shíolrú, lena n‑áirítear i gcás inarb infheidhme máithairphlandaí, sainaithneofar é trí lipéad oifigiúil nó trí lipéad arna eisiúint ag an oibreoir gairmiúil, agus déanfar é a thaifeadadh chun a inrianaitheacht a áirithiú. Déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil an lipéad, nó na taifid faoin máthairphlanda, a choinneáil go dtí go n‑eiseofar lipéad oifigiúil an tsíl atá á mhargú.

(b)Beidh an churaíocht a bheidh déanta roimhe ar an bpáirc comhoiriúnach do shíol an speicis a tháirgeadh, do chineál agus do chatagóir an bhairr, agus beidh an pháirc sách saor ó na plandaí sin, a d’fhéadfadh a bheith ann fós ó churaíocht a rinneadh roimhe (plandaí neamhshaothraithe).

(c)Déanfar na máithairphlandaí nó síolta a phlandú agus/nó a shíolú ar bhealach, lena ndearbhófar an méid seo a leanas:

(i)go mbeidh dóthain faid idir iad agus foinsí pailine den speiceas céanna agus/nó de chineálacha difriúla, ó aon phailniú coimhthíoch neamh‑inmhianaithe, chun trasphailniú le barra eile a sheachaint, i gcás inarb infheidhme; agus

(ii)go mbeidh foinse iomchuí agus leibhéal iomchuí pailnithe ann chun an t‑atáirgeadh ina dhiaidh sin a áirithiú, i gcás inarb infheidhme.

(d)Déanfar cigireacht ar cháilíocht na hithreach, na substráití, na máithairphlandaí agus na garthimpeallachta chun a sheachaint go mbeadh lotnaidí nó a veicteoirí ann, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031.

(e)Déanfar cigireacht ar na meaisíní agus ar aon trealamh a úsáidtear, agus bainfear amach fiaile nó síol ó speicis nó ó chineálacha eile.

(f)I gcás inarb iomchuí, déanfar táirgeadh na síolta ar leithligh ó shaothrú na síolta a bhaineann leis na géinis nó leis na speicis chéanna atá ceaptha chun bia nó beatha a tháirgeadh, chun comhlíonadh na gceanglas, nach infheidhme ach amháin maidir leis an PRM lena mbaineann, a áirithiú.

(g)I gcás inarb infheidhme, féadfar an t‑iomadú in vitro a úsáid freisin chun síolta a atáirgeadh.

B.Saothrú sna goirt:

(a)Maidir le plandaí de speicis eile, de chineálacha eile, ar cuma eisíontais chineáil atá orthu, ar léir iad a bheith difriúil leis an gcineál ó thaobh aon saintréith amháin nó níos mó de i dtaca leis an tuairisc ar an gcineál (‘seach‑tíopa’), sa pháirc, áiritheofar go mbeidh na plandaí sin in easnamh. I gcás nach mbeidh sé sin indéanta de dheasca shaintréithe an speicis lena mbaineann, beidh siad ann go dtí an leibhéal is ísle is féidir.

I gcás ina mbeidh seach‑tíopanna nó speicis eile plandaí nó cineálacha eile ann le linn na céime saothraithe, nó le linn na próiseála síolta, cuirfear cóireáil agus/nó díothú iomchuí i bhfeidhm chun sainaitheantas agus íonacht chineáil an tsíl a áirithiú, agus chun a sheachaint go mbeadh aon speiceas neamh‑inmhianaithe ann.

(b)Déanfar na plandaí a chóireáil nó a eisiamh mar fhoinse PRM i gcás ina dtabharfaidh torthaí dearfacha tástála nó comharthaí amhairc le fios go bhfuil lotnaidí orthu, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031, nó máchailí.

(c)Déanfar PRM, lena n‑áirítear máthairphlandaí más infheidhme, a chothabháil ar bhealach a áiritheoidh aitheantas an chineáil. Beidh an chothabháil sin bunaithe ar an tuairisc oifigiúil nó ar an tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil maidir leis an gcineál.

(d)Le linn gach céime táirgthe déanfar na máithairphlandaí a choinneáil i ndálaí ina mbeifear in ann síolta a tháirgeadh, agus a fhágfaidh go bhféadfar iad a shainaithint de réir na tuairisce oifigiúla ar a gcineál.

(e)Déanfar cigireacht oifigiúil ar na barra uile sa pháirc nó beidh siad faoi mhaoirseacht oifigiúil ag a gcéim(eanna) fáis ábhartha, de réir na minicíochta ábhartha agus leis na modhanna ábhartha, de réir mar is iomchuí, i gcás na speiceas lena mbaineann chun na ceanglais lena mbaineann a fhíorú. Beidh na modhanna le haghaidh cigireachtaí i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme. Mura mbeidh sé indéanta plandaí neamhchomhlíontacha a bhaint nó a dheighilt le linn na céime fáis, aischuirfear an pháirc iomlán ó thaobh táirgeadh síolta de, ach amháin i gcás inar féidir na síolta neamh‑inmhianaithe a dheighilt go meicniúil tráth níos déanaí.

C.Buaint agus iarbhuaint:

(a)Buainfear an síol i mbulc nó mar phlandaí aonair, de réir mar is iomchuí, chun a shainaitheantas agus a íonacht agus inrianaitheacht cheart a áirithiú.

(b)Tógfar sampla síl de gach luchtóg shéalaithe. Méid an tsampla agus an dlús, trealamh agus modh samplála, beidh siad iomchuí i gcás na speiceas lena mbaineann agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.

(c)Beidh na samplaí síl uile faoi réir na tástála saotharlainne, chun comhlíonadh na gceanglas cáilíochta a áirithiú i gcás na speiceas lena mbaineann. Déanfar an tástáil saotharlainne i gcomhréir leis na modhanna, trealamh agus damhnaí fáis is iomchuí i gcás na speiceas lena mbaineann, agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme. Áireofar leis an tástáil, i gcás inarb iomchuí, atástáil an ráta phéactha tar éis tréimhse áirithe is iomchuí don speiceas lena mbaineann.

(d)Na luchtóga síolta uile a bhaineann leis an gcatagóir réamhbhunúsach, bhunúsach, nó leis an gcatagóir dheimhnithe má úsáidfear an síol chun tuilleadh glún síolta a tháirgeadh, agus má bhaineann 5 % ar a laghad de na luchtóga síolta le catagóir dheimhnithe nach ndéanfar a iolrú a thuilleadh, tá siad faoi réir tástála ar dháileacht talún chóimheasa ag an oibreoir, faoi mhaoirseacht oifigiúil, chun a fhíorú go gcomhlíonfar an méid seo a leanas:

(i)a sainaitheantas cineáil;

(ii)caighdeáin na híosíonachta cineáil; agus

(iii)na ceanglais maidir le sláinte plandaí.

Luchtóga síolta a bhaineann leis an gcatagóir réamhbhunúsach, bhunúsach, nó dheimhnithe, beidh siad faoi réir tástáil iar‑rialaithe oifigiúil rioscabhunaithe chun comhlíonadh na gceanglas roimhe a fhíorú. Is go hoifigiúil a thógfar na samplaí a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha iar‑rialaithe oifigiúla.

Déanfar an tástáil ar dháileacht talún chóimheasa i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.

Féadfar úsáid a bhaint as modhanna bith‑mhóilíneacha iomchuí.

2.Ceanglais maidir le síolta a mhargú

Comhlíonfaidh an síol na ceanglais cháilíochta uile seo a leanas, ag brath ar shaintréithe gach géinis nó speicis agus ar an gcatagóir lena mbaineann:

(a)beidh péacadh íosta aige chun go mbeidh líon iomchuí plandaí in aghaidh an mhéadair chearnógaigh ann tar éis síolú, agus dá dheasca sin chun an táirgeacht agus cáilíocht na táirgeachta a dhaingniú;

(b)beidh cion uasta de shíol crua ann le go mbeidh líon iomchuí plandaí in aghaidh an mhéadair chearnógaigh ann;

(c)beidh íonacht íosta ann chun an leibhéal is airde de shainaitheantas cineáil a dhaingniú;

(d)beidh cion uasta taise ann chun caomhnú an ábhair a áirithiú le linn a phróiseála, a stórála agus a chur ar fáil ar an margadh;

(e)beidh cion uasta síolta de ghéinis nó de speicis eile ann chun an láithreacht is ísle de phlandaí neamh‑inmhianaithe a luchtóg a áirithiú;

(f)beidh spreacadh íosta, toise shainithe, agus grádú sonrach aige chun oiriúnacht an ábhair agus aonchineálacht leordhóthanach na luchtóige le haghaidh síolú nó plandú a áirithiú;

(g)beidh méid uasta ithreach nó ábhair choimhthíoch ann chun cleachtais chalaoiseacha agus neamhíonachtaí teicniúla a chosc; agus

(h)beidh sé saor ó mháchailí sonracha agus ó dhamáistí chun cáilíocht agus sláinte an ábhair a áirithiú.

CUID B 
CEANGLAIS MAIDIR LE hÁBHAR RÉAMHBHUNÚSACH, BUNÚSACH AGUS DEIMHNITHE DE SPEICIS TALMHAÍOCHTA AGUS GHLASRAÍ A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ

1.Ceanglais ghinearálta maidir le hábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a tháirgeadh

A.Síolú nó plandú:

(a)Sainaitheantas an ábhair, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme máithairphlandaí nó síol arna shíolrú, cinnfear é trí lipéad oifigiúil nó trí lipéad arna eisiúint ag an oibreoir gairmiúil, agus déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil é a thaifeadadh chun a inrianaitheacht a áirithiú. Déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil lipéad an ábhair, tar éis mhargú an ábhair sin, nó na taifid faoin máthairphlanda, a choimeád.

(b)Déanfar an t‑ábhar a phlandú ar bhealach:

(i)go gcoinneofar an t‑ábhar réamhbhunúsach ar bun i saoráidí lena n‑áiritheofar saoirse ó ionfhabhtú trí veicteoirí aeir agus trí aon fhoinse fhéideartha eile ar feadh an phróisis táirgthe;

(ii)go mbeidh dóthain faid idir é agus plandaí de na géinis nó de na speicis chéanna, arna chinneadh ar bhonn saintréithe luibheolaíocha agus teicnící pórúcháin gach speicis, agus de réir mar is iomchuí i gcás chatagóir an ábhair, chun cosaint ar aon phailniú coimhthíoch neamh‑inmhianaithe a áirithiú agus chun trasphailniú le barra eile a sheachaint; agus

(iii)go mbeidh dlús plandaithe leormhaith chun go bhféadfar breathnú ar phlandaí go haonarach.

(c)I gcás inarb iomchuí, déanfar saothrú an ábhair ar leithligh ó shaothrú ábhair a bhaineann leis na géinis nó leis na speicis chéanna atá ceaptha chun críoch bia nó beatha.

B.Saothrú sna goirt:

(a)Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, coimeádfar ábhar iomadaithe agus plandaithe ar leithligh ó chéile.

(b)PRM a chomhlíonann na ceanglais maidir le catagóir áirithe, ní mheascfar le hábhar catagóirí eile é.

(c)Déanfar diúscairt ar sheach‑tíopaí agus ar phlandaí damáistithe nó míchumtha ag na céimeanna saothraithe uile.

(d)Déanfar máithairphlandaí a chóireáil nó a eisiamh mar fhoinse PRM i gcás ina dtabharfaidh torthaí dearfacha tástála nó comharthaí amhairc le fios go bhfuil lotnaidí orthu, nó comharthaí amhairc le fios go bhfuil lotnaidí orthu, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031 nó máchailí.

(e)Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, déanfar na máithairphlandaí a choinneáil i ndálaí ina mbeifear in ann PRM a tháirgeadh, agus a fhágfaidh go bhféadfar iad a shainaithint agus a fhíorú go gcomhlíonann siad an tuairisc oifigiúil nó an tuairisc ar a gcineál atá aitheanta go hoifigiúil. I gcás nach mbainfidh máithairphlandaí le cineál, fíorú sin na comhlíontachta leis an tuairisc oifigiúil nó leis an tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil, bainfidh sé leis na speicis lena mbaineann na máithairphlandaí sin.

(f)Déanfar cigireacht ar mháithairphlandaí ag a gcéim(eanna) fáis ábhartha, de réir na minicíochta ábhartha agus leis na modhanna ábhartha de réir mar is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann.

(g)Sa sampla a bheidh le tarraingt ó luchtóg beidh an t‑íosmhéid iomchuí chun a chinneadh go comhlíontar na ceanglais cháilíochta i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann. Dlús, trealamh agus modh na samplála, beidh siad iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.

(h)Déanfar an tástáil i gcomhréir leis na modhanna, trealamh agus damhnaí fáis is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann, agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, chun a áirithiú gur comhlíonadh na ceanglais cháilíochta.

C.Buaint agus iarbhuaint i gcás speiceas agus géineas a bhaineann le Cuid E d’Iarscríbhinn I (prátaí síl):

(a)Buainfear an t‑ábhar i mbulc nó mar phlandaí aonair, de réir mar is iomchuí, chun a shainaitheantas, a shláinte agus a inrianaitheacht a áirithiú.

(b)Tógfar sampla tiúbar de gach luchtóg shéalaithe. Méid an tsampla agus an dlús, trealamh agus modh samplála, beidh siad iomchuí i gcás na speiceas lena mbaineann agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.

(c)Beidh na samplaí tiúbar uile faoi réir na tástála saotharlainne, chun comhlíonadh na gceanglas cáilíochta agus fíteashláintíoch a áirithiú i gcás na speiceas lena mbaineann. Déanfar an tástáil saotharlainne i gcomhréir leis na modhanna, trealamh agus damhnaí fáis is iomchuí i gcás na speiceas lena mbaineann, agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.

(d)Na luchtóga uile a bhaineann leis an gcatagóir réamhbhunúsach nó bhunúsach, agus ar a laghad 5 % de na luchtóga a bhaineann le catagóir dheimhnithe, beidh siad faoi réir tástála ar dháileacht talún chóimheasa ag an oibreoir, faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil, chun a fhíorú go gcomhlíonfar an méid seo a leanas:

(i)a sainaitheantas cineáil;

(ii)caighdeáin na híosíonachta cineáil;

(iii)a n‑inniúlacht péactha;

(iv)na ceanglais maidir le sláinte plandaí.

Luchtóga a bhaineann leis an gcatagóir réamhbhunúsach, bhunúsach, nó dheimhnithe, beidh siad faoi réir tástáil iar‑rialaithe oifigiúil rioscabhunaithe chun comhlíonadh na gceanglas roimhe a fhíorú. Is go hoifigiúil a thógfar na samplaí a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha iar‑rialaithe oifigiúla.

Déanfar an tástáil ar dháileacht talún chóimheasa i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.

Féadfar úsáid a bhaint as modhanna bith‑mhóilíneacha iomchuí.

2.Ceanglais maidir le hábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a mhargú

Comhlíonfaidh an t‑ábhar na ceanglais uile seo a leanas, ag brath ar shaintréithe gach géinis nó speicis agus ar an gcatagóir lena mbaineann:

(a)beidh spreacadh íosta nó ráta péactha, toise shainithe, agus, i gcás inarb infheidhme, grádú sonrach aige, chun oiriúnacht an ábhair agus aonchineálacht leordhóthanach na luchtóige le haghaidh plandú a áirithiú;

(b)ní mór dóibh a bheith saor ó mháchailí, geall leis.

CUID C 
CEANGLAIS MAIDIR LE CLÓIN ROGHNAITHE, MEASCÁIN ILCHLÓNACHA AGUS PRM POLACLÓNACH D’ÁBHAR RÉAMHBHUNÚSACH, BUNÚSACH AGUS DEIMHNITHE A THÁIRGEADH, A CHLÁRÚ AGUS A MHARGÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 9 (1)

1.Ceanglais maidir le táirgeadh clón roghnaithe, meascán ilchlónach agus PRM polaclónach réamhbhunúsaigh, bhunúsaigh agus dheimhnithe

A.Plandú:

(a)Sainaitheantas an chlóin roghnaithe, an mheascáin ilchlónaigh nó an PRM pholaclónaigh, cinnfear é trí lipéad oifigiúil nó trí lipéad arna eisiúint ag an oibreoir gairmiúil agus déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil é a thaifeadadh chun a inrianaitheacht a áirithiú. Lipéad an ábhair, nó na taifid ar na máithairphlandaí lena mbaineann chun gach clón roghnaithe a tháirgeadh agus na géinitíopaí lena mbaineann chun an PRM polaclónach a tháirgeadh, coimeádfaidh an t‑oibreoir gairmiúil iad tar éis mhargú an PRM sin.

(b)Déanfar an t‑ábhar a phlandú ar bhealach:

(i)go mbeidh dóthain faid idir é agus plandaí de na géinis nó de na speicis chéanna, arna chinneadh ar bhonn saintréithe luibheolaíocha i gcás gach speiceas agus de réir mar is iomchuí i gcás chatagóir an ábhair, chun cosaint ar aon phailniú coimhthíoch neamh‑inmhianaithe a áirithiú agus chun trasphailniú le barra eile a sheachaint;

(ii)go mbeidh dlús plandaithe leormhaith chun go bhféadfar breathnú ar gach planda go haonarach.

(c)I gcás inarb iomchuí, déanfar saothrú an ábhair ar leithligh ó shaothrú ábhair a bhaineann leis na géinis nó leis na speicis chéanna atá ceaptha chun críoch bia nó beatha.

B.Saothrú sna goirt:

(a)Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, coimeádfar ábhar iomadaithe agus plandaithe ar leithligh ó chéile.

(b)Ábhar atáirgthe a chomhlíonann na ceanglais maidir le catagóir áirithe, ní mheascfar le hábhar catagóirí eile é.

(c)Déanfar diúscairt ar sheach‑tíopaí agus ar phlandaí damáistithe nó míchumtha ag na céimeanna saothraithe uile chun sainaitheantas agus íonacht chineáil a áirithiú, nó, i gcás na bhfréamhstoc nach mbaineann le cineál, chun fíre shainaitheantas an speicis, agus an táirgeadh éifeachtúil a áirithiú.

(d)Déanfar na máithairphlandaí agus na géinitíopaí lena mbaineann a eisiamh mar fhoinse PRM i gcás máchailí.

(e)Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, déanfar na máithairphlandaí agus na géinitíopaí lena mbaineann a choinneáil i ndálaí ina mbeifear in ann PRM a tháirgeadh, agus a fhágfaidh go bhféadfar iad a shainaithint agus a fhíorú go gcomhlíonann siad an tuairisc oifigiúil nó an tuairisc ar a gcineál atá aitheanta go hoifigiúil. I gcás nach mbainfidh máithairphlandaí le cineál, fíorú sin na comhlíontachta leis an tuairisc oifigiúil nó leis an tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil, bainfidh sé leis na speicis lena mbaineann na máithairphlandaí sin.

(f)Déanfar cigireacht ar mháithairphlandaí ag a gcéim(eanna) fáis ábhartha, de réir na minicíochta ábhartha agus leis na modhanna ábhartha de réir mar is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann.

(g)Sa sampla a bheidh le tarraingt ó luchtóg beidh an t‑íosmhéid iomchuí chun a chinneadh go comhlíontar na ceanglais cháilíochta i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann. Dlús, trealamh agus modh na samplála, beidh siad iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.

(h)Déanfar an tástáil i gcomhréir leis na modhanna, trealamh agus damhnaí fáis is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann, agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, chun a áirithiú gur comhlíonadh na ceanglais cháilíochta.

(i)I gcás meascáin ilchlónacha, déanfar meascán na gclón roghnaithe lena gcomhdhéantar an meascán ilchlónach roimh phacáistiú críochnaitheach an PRM sin agus áireofar leis an meascán comhréireanna comhionanna de na clóin roghnaithe lena gcomhdhéantar an meascán ilchlónach.

(j)I gcás PRM polaclónach, déanfar meascán na ngéinitíopaí lena gcomhdhéantar an PRM polaclónach roimh phacáistiú críochnaitheach an PRM sin agus áireofar leis an meascán comhréireanna comhionanna de na géinitíopaí uile lena gcomhdhéantar an PRM polaclónach.

2.Ceanglais maidir le clárú clóin, meascáin ilchlónaigh agus PRM polaclónach roghnaithe

(a)Cuirfidh an t‑iarratasóir iarratas faoi bhráid an údaráis inniúil lena dtabharfar le fios:

(i)an speiceas agus, de réir mar is infheidhme, an cineál lena mbaineann an clón roghnaithe, an meascán ilchlónach nó an PRM polaclónach, lena ndéanfar an cineál a chlárú i gclár cineálacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 44;

(ii)an ainmníocht bheartaithe agus na comhchiallaigh;

(iii)i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar chomhdhéanamh an mheascáin ilchlónaigh nó an PRM pholaclónaigh;

(iv)i gcás inarb infheidhme, cothabhálaí an chlóin roghnaithe, an mheascáin ilchlónaigh nó an PRM pholaclónaigh;

(v)tagairt don tuairisc ar phríomh‑shaintréithe an chineáil lena mbaineann an clón roghnaithe, an meascán ilchlónach nó an PRM pholaclónaigh;

(vi)tuairisc ar phríomh‑shaintréithe VSCU an chlóin, an mheascáin ilchlónaigh nó PRM pholaclónaigh roghnaithe;

(vii)breisiú géiniteach measta an chlóin, an mheascáin ilchlónaigh nó PRM pholaclónaigh roghnaithe i ndáil le feidhmíocht fhoriomlán an chineáil ábhartha;

(viii)faisnéis ar cibé acu atá nó nach bhfuil an clón, an meascán ilchlónach nó PRM polaclónaigh roghnaithe cláraithe i gclár de chuid Ballstáit eile cheana féin.

(b)Comhlíonfaidh an clón, an meascán ilchlónach nó PRM polaclónach roghnaithe na ceanglais seo a leanas de réir mar is iomchuí i gcás an ábhair lena mbaineann chun go gclárófar é:

(i)roghnófar PRM polaclónach i dtriail allamuigh aonair cineál ina mbeidh sampla ionadaíoch d’éagsúlacht ghéiniteach fhoriomlán an chineáil de réir dearadh turgnamhach bunaithe ar mhodhanna a nglactar leo go hidirnáisiúnta. I gcás PRM polaclónach d’fhíniúin, beidh an dearadh sin bunaithe ar mhodhanna atá forordaithe ag an Eagraíocht idirnáisiúnta um fhíniúin agus um fhíon;

(ii)i gcás ábhar iomadaithe fíniúna, idir 7 agus 20 géinitíop sainiúil a bheidh sa PRM polaclónach;

(iii)fíre an chlóin roghnaithe, gach clóin roghnaithe den mheascán ilchlónach, gach géinitíop de PRM polaclónach le sainaitheantas an chineáil, áiritheofar í trí bhreathnú ar na saintréithe feinitíopacha agus, i gcás inarb iomchuí, tríd an anailís mhóilíneach de bhun caighdeáin a nglactar leo go hidirnáisiúnta.

Ní dhéanfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh faoin gclárúchán ach amháin tar éis dó teacht ar an gconclúid go gcomhlíontar na pointí (i) - (iii) de réir mar is infheidhme i gcás an chineáil ábhair.

(c)Beidh feidhm dá réir sin ag na ceanglais maidir le hábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a mhargú mar a leagtar amach i gCuid B pointe 2.

CUID D 
CEANGLAIS MAIDIR LE SÍOLTA RÉAMHBHUNÚSACHA, BUNÚSACHA AGUS DEIMHNITHE DE PHLANDAÍ TORTHAÍ, D’FHÍNIÚIN AGUS DE PHRÁTAÍ SÍL A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ

1.Ceanglais maidir le síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe de phlandaí torthaí, d’fhíniúin agus de phrátaí síl a tháirgeadh

A.Síolú nó plandú:

(a)Déanfar na máithairphlandaí agus, i gcás inarb iomchuí, na plandaí pailneora, a phlandú ar bhealach:

(i)go mbeidh dóthain faid idir iad agus plandaí de na géinis nó de na speicis chéanna, arna chinneadh ar bhonn saintréithe luibheolaíocha agus teicnící pórúcháin agus de réir mar is iomchuí i gcás chatagóir an ábhair, chun cosaint ar aon phailniú coimhthíoch neamh‑inmhianaithe a áirithiú agus chun trasphailniú le barra eile a sheachaint; agus

(ii)go mbeidh dlús plandaithe leormhaith chun go bhféadfar breathnú ar phlandaí go haonarach.

(b)I gcás inarb iomchuí, déanfar saothrú an ábhair ar leithligh ó shaothrú ábhair a bhaineann leis na géinis nó leis na speicis chéanna atá ceaptha chun críoch bia nó beatha.

B.Saothrú sna goirt:

(a)Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, coimeádfar ábhar iomadaithe agus plandaithe ar leithligh ó chéile.

(b)Ábhar atáirgthe a chomhlíonann na ceanglais maidir le catagóir áirithe, ní mheascfar le hábhar catagóirí eile é.

(c)Déanfar féinphailniú ar an máthairphlanda angaispeirmeach nó trasphailniú air le pailin ó na plandaí pailneora máguaird, de réir mar is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann.

(d)Déanfar diúscairt ar sheach‑tíopaí agus ar phlandaí damáistithe nó míchumtha ag na céimeanna saothraithe uile chun fíre shainaitheantas an chineáil a áirithiú, nó, i gcás plandaí nach mbaineann le cineál, chun fíre shainaitheantas an speicis lena mbaineann siad, a íonacht leordhóthanach agus an táirgeadh éifeachtúil a áirithiú.

(e)Déanfar máithairphlandaí agus plandaí pailneora a eisiamh mar fhoinse shíolta i gcás máchailí.

(f)Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, déanfar na máithairphlandaí a choinneáil i ndálaí ina mbeifear in ann síolta a tháirgeadh. Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, déanfar na máithairphlandaí agus plandaí pailneora a choinneáil i ndálaí a fhágfaidh go bhféadfar iad a shainaithint agus a fhíorú go gcomhlíonann siad an tuairisc oifigiúil nó an tuairisc ar a gcineál atá aitheanta go hoifigiúil. I gcás nach mbainfidh máithairphlandaí agus plandaí pailneora le cineál, fíorú sin na comhlíontachta leis an tuairisc oifigiúil nó leis an tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil, bainfidh sé leis na speicis lena mbaineann na máithairphlandaí agus na plandaí pailneora sin.

(g)Déanfar cigireacht ar mháithairphlandaí agus ar phlandaí pailneora ag a gcéim(eanna) fáis ábhartha, de réir na minicíochta ábhartha agus leis na modhanna ábhartha de réir mar is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann.

(h)Sa sampla a bheidh le tarraingt ó luchtóg beidh an t‑íosmhéid iomchuí chun a chinneadh go comhlíontar na ceanglais cháilíochta i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann. Dlús, trealamh agus modh na samplála, beidh siad iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.

(i)Déanfar an tástáil i gcomhréir leis na modhanna, trealamh agus damhnaí fáis is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann, agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, chun a áirithiú gur comhlíonadh na ceanglais cháilíochta.

2.Ceanglais maidir le síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe de phlandaí torthaí, d’fhíniúin agus de phrátaí síl a mhargú

Comhlíonfaidh an síol na ceanglais cháilíochta uile seo a leanas, ag brath ar shaintréithe gach géinis nó speicis agus ar an gcatagóir lena mbaineann:

(a)bainfidh sé leis an gcineál, agus i gcás nach mbainfidh síolta le cineál, leis an speiceas;

(b)beidh spreacadh íosta, toise shainithe, agus, i gcás inarb infheidhme, grádú sonrach aige, chun oiriúnacht an ábhair agus aonchineálacht leordhóthanach na luchtóige le haghaidh plandú a áirithiú; agus

(c)beidh sé saor, geall leis, ó mháchailí agus ó dhamáiste sonrach chun cáilíocht na síolta a áirithiú.

CUID E 
CEANGLAIS MAIDIR LE hÁBHAR RÉAMHBHUNÚSACH, BUNÚSACH AGUS DEIMHNITHE A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ ARB ÁBHAR É A THÁIRGTEAR LEIS AN IOMADÚ IN VITRO

1.Ceanglais ghinearálta maidir le hábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a tháirgeadh, arb ábhar é a tháirgtear leis an iomadú in vitro

A.Saothrán fíocháinin vitro

(a)Sainaitheantas an ábhair in vitroin vivo, de réir mar is infheidhme, cinnfear é trí lipéad agus déanfar é a thaifeadadh chun a inrianaitheacht a áirithiú. Coimeádfar lipéad an ábhair.

(b)Déanfar sláintiú ar ábhar a bheidh sampláilte ó ábhar in vivo.

B.An táirgeadh in vitro

(a)An clón (na clóin) de thionscnamh an ábhair dá dtagraítear faoi phointe A.(a), táirgfear leis an iomadú in vitro é (iad).

(b)Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, coimeádfar ábhar iomadaithe agus plandaithe ar leithligh ó chéile.

(c)Clón (clóin) a chomhlíonann na ceanglais maidir le catagóir PRM áirithe, ní mheascfar le clóin de chatagóirí eile é (iad).

(d)Beidh an líon timthriallta iomadaithe in vitro a dhéanfar i ndiaidh a chéile srianta, de réir mar is iomchuí, i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann.

(e)Le linn na gcéimeanna táirgthe uile, déanfar an clón (na clóin) a choinneáil i ndálaí ina mbeifear in ann PRM a tháirgeadh, agus a fhágfaidh go bhféadfar é (iad) a shainaithint agus a fhíorú go gcomhlíonann sé (siad) an tuairisc oifigiúil nó an tuairisc ar a gcineál atá aitheanta go hoifigiúil. I gcás nach mbainfidh clón (clóin) le cineál, fíorú sin na comhlíontachta leis an tuairisc oifigiúil nó leis an tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil, bainfidh sé leis an speiceas lena mbaineann an clón (na clóin) sin.

(f)Déanfar cigireacht ar chlón (chlóin) ag a gcéim(eanna) fáis ábhartha, de réir na minicíochta ábhartha agus leis na modhanna ábhartha de réir mar is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann.

(g)Sa sampla a bheidh le tarraingt ó luchtóg beidh an t‑íosmhéid iomchuí chun a chinneadh go comhlíontar na ceanglais cháilíochta i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann. Dlús, trealamh agus modh na samplála, beidh siad iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.

(h)Déanfar an tástáil i gcomhréir leis na modhanna, trealamh agus damhnaí fáis is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann, agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, chun a áirithiú gur comhlíonadh na ceanglais cháilíochta.

2.Ceanglais maidir le hábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a mhargú arb ábhar é a tháirgtear leis an iomadú in vitro

Comhlíonfaidh an t‑ábhar in vitroin vivo na ceanglais uile seo a leanas, ag brath ar shaintréithe gach géinis nó speicis agus ar an gcatagóir lena mbaineann:

(a)bainfidh sé leis an gcineál agus, i gcás nach mbainfidh ábhar le cineál, bainfidh sé leis an speiceas a thugtar le fios ar an lipéad:

(i)trí bhreathnú ar shaintréithe feinitíopacha an ábhair in vivo dá dtagraítear faoi phointe A.(a);

(ii)trí phlandaí in vivo a tháirgeadh den ábhar in vitro dá dtagraítear faoi phointe A.(a) agus trí bhreathnú ar shaintréithe feinitíopacha na bplandaí sin;

(iii)trí phlandaí in vivo a tháirgeadh den chlón (de na clóin) dá dtagraítear faoi phointe B.(a) agus trí bhreathnú ar shaintréithe feinitíopacha na bplandaí sin; agus

(iv)i gcás inarb iomchuí, trí anailís mhóilíneach ar an ábhar in vitro dá dtagraítear faoi phointe A.(a) agus/nó ar an gclón (na clóin) dá dtagraítear faoi phointe B.(a);

(b)beidh spreacadh íosta, toise shainithe, agus, i gcás inarb infheidhme, grádú sonrach aige, chun oiriúnacht an ábhair agus aonchineálacht leordhóthanach na luchtóige le haghaidh plandú a áirithiú;

(c)beidh sé saor, geall leis, ó mháchailí agus ó dhamáistí sonracha.

IARSCRÍBHINN III
CEANGLAIS MAIDIR LE SÍOLTA AGUS LE hÁBHAR CAIGHDEÁNACH A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8

CUID A 
CEANGLAIS MAIDIR LE SÍOL CAIGHDEÁNACH DE SPEICIS TALMHAÍOCHTA AGUS GHLASRAÍ A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ

1.Ceanglais ghinearálta maidir le síol caighdeánach a tháirgeadh

A.Síolú nó plandú:

(a)Déanfar cineál an tsíl arna shíolú, lena n‑áirítear i gcás inarb infheidhme, máithairphlandaí, a chinneadh chun a inrianaitheacht a áirithiú. Déanfar an lipéad ar an ábhar, nó na taifid faoin máthairphlanda, a choimeád ar feadh 2 bhliain ar a laghad.

(b)Ní ceadmhach an churaíocht a bheidh déanta roimhe ar an bpáirc a bheith neamhréireach do tháirgeadh shíol an speicis agus do chineál an bhairr, agus beidh an pháirc sách saor ó na plandaí sin, a d’fhéadfadh a bheith ann fós ó churaíocht a rinneadh roimhe (plandaí neamhshaothraithe).

(c)Déanfar na máithairphlandaí nó an síol a phlandú agus/nó a shíolú ar bhealach:

(i)go mbeidh dóthain faid idir é agus foinsí pailine den speiceas céanna agus/nó de na cineálacha difriúla, i gcomhréir le rialacha leithlisithe arna gcinneadh ar bhonn saintréithe luibheolaíocha i gcás gach speiceas agus teicnící pórúcháin, chun cosaint ar aon phailniú coimhthíoch neamh‑inmhianaithe a áirithiú agus chun trasphailniú le barra eile a sheachaint; agus

(ii)go mbeidh foinse iomchuí agus leibhéal iomchuí pailnithe ann chun an t‑atáirgeadh ina dhiaidh sin a áirithiú, i gcás inarb infheidhme.

(d)Déanfar cigireacht ar cháilíocht na hithreach, na substráití, na máithairphlandaí agus na garthimpeallachta chun a sheachaint go mbeadh lotnaidí nó a veicteoirí ann, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031.

(e)Tabharfar aird iomchuí ar na hinnill agus ar aon trealamh a úsáidtear lena áirithiú nach ann d’fhiailí ná d’aon speiceas eile is deacair a idirdhealú i dtástálacha saotharlainne.

(f)I gcás inarb iomchuí, déanfar táirgeadh na síolta ar leithligh ó shaothrú na síolta a bhaineann leis na géinis nó leis na speicis chéanna atá ceaptha chun bia nó beatha a tháirgeadh, chun sláinte an ábhair lena mbaineann a áirithiú.

(g)I gcás inarb infheidhme, féadfar an t‑iomadú in vitro a úsáid freisin chun síolta a atáirgeadh.

B.Táirgeadh sna goirt:

(a)Áiritheofar nach mbeidh seach‑tíopa sna goirt. I gcás nach mbeidh sé sin indéanta de dheasca shaintréithe an speicis lena mbaineann, beidh siad ann go dtí an leibhéal is ísle is féidir.

I gcás ina mbeidh seach‑tíopanna nó speicis eile plandaí, nó cineálacha eile ann le linn na céime saothraithe, nó le linn na próiseála síolta, cuirfear cóireáil agus/nó díothú iomchuí i bhfeidhm chun sainaitheantas agus íonacht chineáil an tsíl a áirithiú, agus chun a sheachaint go mbeadh aon speiceas neamh‑inmhianaithe ann.

(b)Déanfar na plandaí a chóireáil nó a eisiamh mar fhoinse PRM i gcás ina dtabharfaidh torthaí dearfacha tástála nó comharthaí amhairc le fios go bhfuil lotnaidí orthu, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031 nó i gcás ina bhfuil máchailí orthu.

(c)Déanfar PRM, lena n‑áirítear máthairphlandaí más infheidhme, a chothabháil ar bhealach a áiritheoidh aitheantas an chineáil. Beidh an chothabháil sin bunaithe ar an tuairisc oifigiúil nó ar an tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil maidir leis an gcineál.

(d)Le linn na gcéimeanna táirgthe uile, déanfar na máithairphlandaí a choinneáil i ndálaí ina mbeifear in ann síolta a tháirgeadh, agus a fhágfaidh go bhféadfar iad a shainaithint agus a fhíorú go gcomhlíonann siad an tuairisc oifigiúil ar a gcineál.

(e)Déanfar cigireacht ar na barra uile sa pháirc ag a gcéim(eanna) fáis ábhartha, de réir na minicíochta ábhartha agus leis na modhanna ábhartha, de réir mar is iomchuí, i gcás na speiceas lena mbaineann chun na ceanglais lena mbaineann a fhíorú. Beidh na modhanna iniúchta de shórt a áiritheoidh iontaofacht na mbreathnóireachtaí. Mura mbeidh sé indéanta plandaí neamhchomhlíontacha a bhaint nó a dheighilt le linn na céime fáis, aischuirfear an pháirc iomlán ó thaobh táirgeadh síolta de, ach amháin i gcás inar féidir na síolta neamh‑inmhianaithe a dheighilt go meicniúil tráth níos déanaí.

C.Buaint agus iarbhuaint:

(a)Buainfear an síol i mbulc nó mar phlandaí aonair, de réir mar is iomchuí, chun a shainaitheantas, a íonacht agus a inrianaitheacht cheart a áirithiú.

(b)Tógfar sampla síl ó gach luchtóg agus déanfar é a thástáil i saotharlann chun comhlíonadh na gceanglas cáilíochta a áirithiú le haghaidh an speicis lena mbaineann, agus péacadh san áireamh. Áireofar leis an tástáil, i gcás inarb iomchuí, atástáil an ráta phéactha tar éis tréimhse áirithe is iomchuí don speiceas lena mbaineann.

(c)Beidh luchtóga síolta faoi réir tástáil iar‑rialaithe oifigiúil rioscabhunaithe chun comhlíonadh leis an méid seo a leanas a fhíorú:

(i)a sainaitheantas cineáil;

(ii)caighdeáin na híosíonachta cineáil;

(iii)a n‑inniúlacht péactha; agus

(iv)na ceanglais maidir le sláinte plandaí.

Is go hoifigiúil a thógfar na samplaí a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha iar‑rialaithe oifigiúla.

Féadfar úsáid a bhaint as modhanna bith‑mhóilíneacha iomchuí.

2.Ceanglais maidir le síol caighdeánacha a mhargú

Comhlíonfaidh an síol na ceanglais cháilíochta uile seo a leanas, ag brath ar shaintréithe gach géinis nó speicis:

(a)beidh péacadh íosta ar a laghad aige, chun go mbeidh líon iomchuí plandaí in aghaidh an mhéadair chearnógaigh ann tar éis síolú, agus dá dheasca sin chun an táirgeacht agus cáilíocht na táirgeachta a dhaingniú;

(b)beidh ar a mhéad cion uasta de shíol crua ann, chun go mbeidh líon iomchuí plandaí in aghaidh an mhéadair chearnógaigh ann;

(c)beidh ar a laghad íonacht íosta ann chun an leibhéal is airde de shainaitheantas cineáil a dhaingniú;

(d)beidh cion uasta taise ann ar a mhéad, chun caomhnú an ábhair a áirithiú le linn a phróiseála, a stórála agus a chur ar fáil ar an margadh;

(e)beidh ar a mhéad cion uasta síolta de ghéinis nó de speicis eile ann, chun an láithreacht is ísle de phlandaí neamh‑inmhianaithe sa luchtóg a áirithiú;

(f)beidh spreacadh íosta, toise shainithe, agus grádú sonrach aige, chun oiriúnacht an ábhair agus aonchineálacht leordhóthanach na luchtóige le haghaidh síolú nó plandú a áirithiú;

(g)beidh méid uasta ithreach nó ábhair choimhthíoch ann, chun cleachtais chalaoiseacha agus neamhíonachtaí teicniúla a chosc; agus

(h)beidh sé saor ó mháchailí agus ó dhamáiste sonrach chun cáilíocht agus sláinte an ábhair a áirithiú.

CUID B 
CEANGLAIS MAIDIR LE hÁBHAR CAIGHDEÁNACH DE SPEICIS TALMHAÍOCHTA AGUS GHLASRAÍ A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ

Cé is moite de phointe (b)(i) di sin, beidh feidhm ag Cuid B d’Iarscríbhinn II dá réir sin maidir le hábhar caighdeánach a tháirgeadh agus a mhargú.

CUID C 
CEANGLAIS MAIDIR LE CLÓIN ROGHNAITHE, MEASCÁIN ILCHLÓNACHA AGUS PRM POLACLÓNACH D’ÁBHAR CAIGHDEÁNACH A CHLÁRÚ, A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 9 (1)

Ní fhéadfar fréamhstoic d’fhíniúin a mhargú mar ábhar caighdeánach.

Beidh feidhm ag Cuid C d’Iarscríbhinn II dá réir sin maidir le clárú, táirgeadh agus margú clón roghnaithe, meascán ilchlónach agus PRM polaclónach d’ábhar caighdeánach.

CUID D 
CEANGLAIS MAIDIR LE SÍOL CAIGHDEÁNACH DE PHLANDAÍ TORTHAÍ, D’FHÍNIÚIN AGUS DE PHRÁTAÍ SÍL A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ

Beidh feidhm ag Cuid D d’Iarscríbhinn II dá réir sin maidir le síol caighdeánach de phlandaí torthaí, d’fhíniúin agus de phrátaí síl a tháirgeadh agus a mhargú.

CUID E 
CEANGLAIS MAIDIR LE hÁBHAR CAIGHDEÁNACH A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ, ARB ÁBHAR É A THÁIRGTEAR LEIS AN IOMADÚ IN VITRO

Beidh feidhm ag Cuid E d’Iarscríbhinn II dá réir sin maidir le hábhar caighdeánach a tháirgeadh agus a mhargú, arb ábhar é a tháirgtear leis an iomadú in vitro.

IARSCRÍBHINN IV
GÉINIS AGUS SPEICIS NACH CEADMHACH A THÁIRGEADH NÁ A MHARGÚ ACH AMHÁIN MAR SHÍOL NÓ MAR ÁBHAR RÉAMHBHUNÚSACH, BUNÚSACH NÓ DEIMHNITHE, I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 20(1)

CUID A 
GÉINIS AGUS SPEICIS ATÁ LE hÚSÁID CHUN BARRA TALMHAÍOCHTA, A THÁIRGEADH, SEACHAS GLASRAÍ NACH CEADMHACH A THÁIRGEADH NÁ A MHARGÚ ACH AMHÁIN MAR SHÍOL RÉAMHBHUNÚSACH, BUNÚSACH NÓ DEIMHNITHE

Agrostis canina L. 

Agrostis capillaris L. 

Agrostis gigantea Roth. 

Agrostis stolonifera L. 

Alopecurus pratensis L. 

Arachis hypogaea L. 

Arrhenatherum elatius (L.) P. Beauv. ex J. Presl & C. Presl. 

Avena nuda L. 

Avena sativa L. (ina bhfuil A. byzantina K. Koch.)

Avena strigosa Schreb. 

Beta vulgaris L.

Brassica juncea (L.) Czern. 

Brassica napus L. var. napobrassica (L.) Rchb.

Brassica napus L. var. napus

Brassica nigra (L.) W.D.J. Koch 

Brassica oleracea L. convar. acephala (DC.) Alef. var. medullosa Thell. + var. varidis L.

Brassica rapa L.

Bromus catharticus Vahl 

Bromus sitchensis Trin. 

Cannabis sativa L.

Carthamus tinctorius L.

Carum carvi L. 

Cynodon dactylon (L.) Pers. 

Dactylis glomerata L. 

Festuca arundinacea Schreb. 

Festuca filiformis Pourr. 

Festuca ovina L. 

Festuca pratensis Huds. 

Festuca rubra L. 

Festuca trachyphylla (Hack.) Krajina

xFestulolium Asch. et Graebn.

Galega orientalis Lam. 

Glycine max (L.) Merrill 

Gossypium L.

Hedysarum coronarium L. 

Helianthus annuus L.

Hordeum vulgare L.

Linum usitatissimum L. 

Lolium × boucheanum Kunth 

Lolium multiflorum Lam. 

Lolium perenne L. 

Lotus corniculatus L.

Lupinus albus L.

Lupinus angustifolius L.

Lupinus luteus L.

Medicago lupulina L. 

Medicago sativa L.

Medicago × varia T. Martyn 

Onobrychis viciifolia Scop.

Oryza sativa L.

Papaver somniferum L. 

Phacelia tanacetifolia Benth. 

Phalaris aquatica L.

Phalaris canariensis L. 

Phleum nodosum L.

Phleum pratense L.

Pisum sativum L.

Poa annua L.

Poa nemoralis L.

Poa palustris L.

Poa pratensis L.

Poa trivialis L.

Raphanus sativus L. 

Secale cereale L. 

Sinapis alba L. 

Solanum tuberosum L. 

Sorghum bicolor (L.) Moench 

Sorghum bicolor (L.) Moench × Sorghum sudanense (Piper) Stapf. 

Sorghum sudanense (Piper) Stapf. 

Trifolium alexandrinum L. 

Trifolium hybridum L. 

Trifolium incarnatum L. 

Trifolium pratense L.

Trifolium repens L.

Trifolium resupinatum L. 

Trigonella foenum-graecum L.

Trisetum flavescens (L.) P. Beauv. 

xTriticosecale Wittm. ex A. Camus. 

Triticum aestivum L.

Triticum durum Desf. 

Triticum spelta L.

Vicia faba L.

Vicia pannonica Crantz .

Vicia sativa L.

Vicia villosa Roth.

Zea mays L.

CUID B 
GÉINIS AGUS SPEICIS NACH CEADMHACH A THÁIRGEADH NÁ A MHARGÚ ACH AMHÁIN MAR ÁBHAR RÉAMHBHUNÚSACH, BUNÚSACH NÓ DEIMHNITHE

Solanum tuberosum L. 

IARSCRÍBHINN V
CEANGLAIS TÁIRGTHE AGUS MHARGAÍOCHTA MAIDIR LE MEASCÁIN LE hAGHAIDH LEASAITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 22

1.Limistéar foinseach

Féadfaidh údaráis inniúla limistéir fhoinseacha shonracha a ainmniú le haghaidh na meascán le haghaidh leasaithe, ar leo sin a bhíonn na meascáin sin bainteach go nádúrtha. Chun na críche sin, cuirfidh siad faisnéis san áireamh ó údaráis acmhainní géiniteacha plandaí nó ó eagraíochtaí atá aitheanta chun na críche sin ag na Ballstáit.

I gcás ina mbeidh an limistéar foinseach lonnaithe i mbreis agus Ballstát amháin, sainaithneofar é le comhaontú coiteann ó na Ballstáit uile lena mbaineann.

2.Speicis

Maidir leis na speicis agus, i gcás inarb ábhartha, na fospeicis, a úsáidfear i meascán le haghaidh leasaithe:

(a)is gnáthspeicis agus gnáth‑fhospeicis a bheidh iontu le haghaidh chineál gnáthóige an limistéir fhoinsigh;

(b)bainfidh tábhacht leo ar mhaithe leis an gcomhshaol nádúrtha a chaomhnú i gcomhthéacs acmhainní géiniteacha a chaomhnú, mar chomhpháirteanna an mheascáin;

(c)beidh siad oiriúnach chun cineál gnáthóige an limistéir fhoinsigh a athchruthú.

Ní bheidh na speicis Avena fatua, Avena sterilisCuscuta spp. sa mheascán le haghaidh leasaithe.

Ní mó ná 0,05 % de réir meáchain a bheidh sa chion uasta de Rumex spp., seachas Rumex acetosella agus Rumex maritimus.

3.Oibreoirí gairmiúla a údarú

Ní údarófar oibreoirí gairmiúla roimh tháirgeadh na meascán le haghaidh leasaithe.

Cuirfidh an t‑oibreoir gairmiúil iarratas isteach le haghaidh an údarú dá dtagraítear in Airteagal 22(1), lena n‑áirítear na heilimintí uile seo a leanas:

(a)ainm agus seoladh an oibreora ghairmiúil;

(b)modh buainte: cé acu a bhuaintear nó a iolraítear an meascán go díreach;

(c)comhpháirteanna mar speicis agus, i gcás inarb ábhartha, fospeicis agus cineálacha an mheascáin le haghaidh leasaithe; ar gnáthspeicis agus gnáth‑fhospeicis atá iontu le haghaidh chineál gnáthóige an limistéir fhoinsigh agus a mbaineann, mar chomhpháirteanna an mheascáin, tábhacht leo ar mhaithe leis an gcomhshaol nádúrtha a chaomhnú i gcomhthéacs acmhainní géiniteacha a chaomhnú;

(d)cainníocht an mheascáin a bhfuil feidhm le bheith ag an údarú maidir léi;

(e)limistéar foinseach an mheascáin;

(f)suíomh bailithe, agus i gcás meascán iolraithe le haghaidh leasaithe, ina theannta sin, suíomh an iolraithe;

(g)cineál gnáthóige limistéar foinseach an mheascáin; agus

(h)bliain an bhailithe.

Ag gabháil leis an iarratas beidh faisnéis is gá chun a fhíorú go gcomhlíontar ceanglais a leagtar amach i bpointe 4 i gcás meascáin le haghaidh leasaithe arna mbuaint go díreach, nó i bpointe 5 i gcás meascáin iolraithe le haghaidh leasaithe.

Féadfaidh údaráis inniúla údarú a eisiúint lena n‑áireofar an dáta údaraithe agus raon feidhme an údaraithe, de réir iarratas an oibreora agus chomhlíonadh na gceanglas, agus an srian ar mhargaíocht sa limistéar foinseach.

Déanfaidh oibreoirí gairmiúla, roimh thús gach séasúir táirgthe, fógra a thabhairt faoi chainníocht shíolta na meascán le haghaidh leasaithe, dá mbeartaítear an t‑údarú, in éineacht le méid agus áit an tsuímh bhailithe nó na suíomhanna bailithe beartaithe agus dáta nó dátaí an bhailithe.

4.Meascáin le haghaidh leasaithe arna mbuaint go díreach a tháirgeadh

Comhlíonfaidh meascáin le haghaidh leasaithe arna mbuaint go díreach na ceanglais seo a leanas:

(a)meascán síl a bheidh bailithe ag an limistéar foinseach (‘meascán le haghaidh leasaithe arna mbuaint go díreach’), baileofar ag suíomh é nár síolaíodh le 40 bliain roimh dháta an údaraithe;

(b)céatadán chomhpháirteanna an mheascáin le haghaidh leasaithe arna mbuaint go díreach, ar speicis agus, i gcás inarb ábhartha, fospeicis iad, beidh siad oiriúnach chun cineál gnáthóige an limistéir fhoinsigh a athchruthú;

(c)cion uasta na speiceas agus, i gcás inarb ábhartha, na bhfospeiceas, nach gcomhlíonann pointe (b), ní mó ná 1 % de réir meáchain a bheidh iontu;

(d)féadfaidh na húdaráis inniúla amharc‑chigireachtaí a dhéanamh ar an suíomh bailithe le linn na tréimhse fáis ag eatraimh iomchuí, agus le linn na ngníomhaíochtaí bailithe, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an meascán na ceanglais dá bhforáiltear maidir leis na meascáin sin le haghaidh leasaithe; déanfaidh siad na torthaí air sin a dhoiciméadú.

(e)déanfar tástálacha go hoifigiúil, nó faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil, chun a sheiceáil go gcomhlíonfaidh an meascán le haghaidh leasaithe na ceanglais dá ndéantar foráil maidir leo; déanfar na tástálacha sin i gcomhréir le modhanna idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, nó, i gcás nach bhfuil na modhanna sin ann, i gcomhréir le haon mhodh iomchuí;

(f)tarraingeofar samplaí ó luchtóga aonchineálacha, agus beidh siad leordhóthanach chun an tástáil dá dtagraítear i bpointe (e) a dhéanamh.

5.Meascáin iomadaithe le haghaidh leasaithe a tháirgeadh

Féadfaidh oibreoir údaraithe síolta meascán le haghaidh leasaithe a iolrú freisin i gcomhréir leis an bpróiseas seo a leanas:

(a)tógtar síol speicis aonaraigh ag an limistéar foinseach, nó is meascáin le haghaidh leasaithe arna mbuaint go díreach é a cheannaítear ó oibreoir eile;

(b)iolraítear an síol dá dtagraítear i bpointe (a) lasmuigh den limistéar foinseach mar speiceas aonair. Féadfar an t‑iolrú a dhéanamh le haghaidh cúig ghlúin;

(c)déantar síolta na speiceas sin a mheascadh ansin chun meascán a chruthú arb iad na gnáthghéinis, na gnáthspeicis agus, i gcás inarb ábhartha, na gnáth‑fhospeicis atá iontu le haghaidh chineál gnáthóige an limistéir fhoinsigh;

(d)féadfar síol a áireamh leis an meascán sin ar síol é ó speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I agus a táirgeadh ar an ngnáthbhealach má chomhlíonann sé pointe (c);

(e)an síol bailithe óna ndéantar an meascán le haghaidh leasaithe a iomadú, beidh sé bailithe ina limistéar foinseach ag suíomh bailithe nach mbeidh síolaithe ag an oibreoir le 40 bliain roimh dháta an údaraithe, dá dtagraítear i bpointe 3.

(f)síol an mheascáin iolraithe le haghaidh leasaithe, is de ghnáthspeicis agus i gcás inarb ábhartha, de ghnáth‑fhospeicis le haghaidh chineál gnáthóige an limistéir fhoinsigh a bheidh iontu agus a mbaineann, mar chomhpháirteanna an mheascáin, tábhacht leo ar mhaithe leis an gcomhshaol nádúrtha a chaomhnú i gcomhthéacs acmhainní géiniteacha a chaomhnú;

(g)ráta péactha na gcomhpháirteanna dá dtagraítear i bpointe (f), beidh sé leordhóthanach chun cineál gnáthóige an limistéir fhoinsigh a athchruthú;

(h)cion uasta na speiceas agus, i gcás inarb ábhartha, na bhfospeiceas, nach gcomhlíonann pointe (g), ní mó ná 1 % de réir meáchain a bheidh ann;

(i)comhpháirteanna meascáin iolraithe le haghaidh leasaithe arb iad síolta de speiceas atá iontu a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I, comhlíonfaidh siad, roimh an meascadh, ar a laghad na ceanglais maidir le síol caighdeánach i gcás na speiceas lena mbaineann;

(j)déanfar tástálacha go hoifigiúil, nó faoi mhaoirseacht oifigiúil an Bhallstáit, chun a sheiceáil go gcomhlíonfaidh an meascán le haghaidh leasaithe na ceanglais dá ndéantar foráil maidir leo. Déanfar na tástálacha sin i gcomhréir le modhanna idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, nó, i gcás nach bhfuil na modhanna sin ann, i gcomhréir le haon mhodh iomchuí;

(k)tarraingeofar samplaí ó luchtóga aonchineálacha, agus beidh siad leordhóthanach chun an tástáil dá dtagraítear i bpointe (j) a dhéanamh.



IARSCRÍBHINN VI
CEANGLAIS MAIDIR LE PRM D’ÁBHAR ILCHINEÁLACH A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 27(2)

A.Fógra maidir le hábhar ilchineálach

Féadfar PRM d’ábhar ilchineálach dá dtagraítear in Airteagal 27 (2) a mhargú tar éis don oibreoir gairmiúil fógra maidir leis an ábhar ilchineálach a thabhairt do na húdaráis inniúla, arna dhéanamh trí bhíthin sainchomhad ina mbeidh na nithe seo a leanas:

a)sonraí teagmhála an iarratasóra;

b)speiceas agus ainmníocht an ábhair ilchineálaigh;

c)an tuairisc ar an ábhar ilchineálach dá dtagraítear i bpointe B

d)dearbhú ag an iarratasóir maidir le fíre na n‑eilimintí i bpointí (a), (b) agus (c).

e)sampla ionadaíoch

Seolfar an fógra sin mar litir chláraithe, nó trí aon mheán eile cumarsáide lena nglacann na húdaráis inniúla, agus iarrfar deimhniú fála. 3 mhí tar éis an dáta a thaispeántar ar an admháil fillte, ar choinníoll nár iarradh aon fhaisnéis bhreise nó nár cuireadh aon diúltú foirmiúil in iúl don soláthróir ar an gcúis go raibh an fógra neamhiomlán, measfar gur aithin an t‑údarás inniúil an fógra agus a inneachar, agus áireofar an t‑ábhar ilchineálach i gclár an ábhair ilchineálaigh.

B.Tuairisc ar an ábhar ilchineálach

1.Áireofar leis an tuairisc ar ábhar ilchineálach na heilimintí uile seo a leanas:

(a)tuairisc ar na saintréithe atá ag gabháil leis, lena n‑áirítear:

(i)an saintréithriú feinitíopaigh a bhaineann le príomhcharachtair an ábhair, mar aon leis an tuairisc ar ilchineálacht an ábhair, trí bhíthin saintréithriú na héagsúlachta feinitíopacha atá inbhraite idir aonaid atáirgthe aonair;

(ii)na saintréithe ábhartha atá aige a dhoiciméadú, lena n‑áirítear gnéithe agranamaíocha amhail toradh, cobhsaíocht toraidh, oiriúnacht maidir le córais íseal‑ionchuir, feidhmíocht, frithsheasmhacht in aghaidh struis aibitheaigh, frithsheasmhacht in aghaidh galar, paraiméadair cháilíochta, blas nó dath;

(iii)aon toradh atá ar fáil ó thástálacha maidir leis na saintréithe dá dtagraítear i bpointe (ii);

(b)tuairisc ar an gcineál teicníce a úsáidtear le haghaidh modh pórúcháin nó táirgthe an ábhair ilchineálaigh;

(c)tuairisc ar an máthairábhar a úsáidtear chun an t‑ábhar ilchineálach agus an clár um rialú táirgthe féin a úsáideann an t‑oibreoir lena mbaineann a phórú nó a tháirgeadh agus tagairt do na cleachtais dá dtagraítear i bpointe B.2.(a) agus, más infheidhme, i bpointe B.2.(c);

(d)tuairisc ar na cleachtais bhainistíochta agus roghnúcháin ar an bhfeirm agus tagairt do phointe B.2.(b) agus, más infheidhme, ar an máthairábhar le tagairt do phointe B.2.(c);

(e)tagairt don tír phóraithe nó táirgthe, agus faisnéis maidir leis an mbliain táirgthe agus tuairisc ar na dálaí peidichlíomacha.

2.Féadfar an t‑ábhar ilchineálach a ghiniúint le ceann de na teicnící seo a leanas:

(a)roinnt cineálacha difriúla máthairábhair a chrosphórú, trí úsáid a bhaint as prótacail chrosphórúcháin chun ábhar ilchineálach ilghnéitheach a tháirgeadh tríd an sliocht a thoirtiú, an stoc a athshíolú go hatriallach agus é a nochtadh don roghnú nádúrtha agus/nó daonna, ar choinníoll go léiríonn an t‑ábhar sin ardleibhéal éagsúlachta géinití;

(b)cleachtais bainistíochta ar an bhfeirm, lena n‑áirítear roghnú, bunú nó cothabháil ábhair, arb ábhar é a bhfuil ardleibhéal éagsúlachta géinití mar shaintréith aige;

(c)aon teicníc eile a úsáidtear chun ábhar ilchineálach a phórú nó a tháirgeadh, agus sainghnéithe ar leith den iomadú san áireamh.

C.Ceanglais a bhaineann le sainaitheantas luchtóg PRM d’ábhar ilchineálach orgánach

Is ar bhonn na n‑eilimintí uile seo a leanas a shainaithneofar PRM d’ábhar ilchineálach:

(a)an t‑ábhar tosaigh agus an scéim táirgthe a úsáidtear sa chrosphórú chun an t‑ábhar ilchineálach a chruthú, dá bhforáiltear i bpointe B.2.(a) nó, más infheidhme, i bpointe B.2.(c), nó stair an ábhair agus na cleachtais bainistíochta ar an bhfeirm, lena n‑áirítear cé acu is go nádúrtha a tharla an roghnú agus/nó trí idirghabháil dhaonna, i gcásanna phointe B.2.(b) agus phointe B.2.(c);

(b)an tír phóraithe nó táirgthe; agus

(c)saintréithriú na bpríomhcharachtar coitianta agus ilchineálachta fheinitíopach an ábhair.

D.Ceanglais a bhaineann le cáilíocht sláintíochta, íonacht anailíseach agus péacadh PRM d’ábhar ilchineálach

1.Comhlíonfaidh PRM d’ábhar ilchineálach na ceanglais maidir leis an íonacht anailíseach agus na ceanglais maidir le péacadh le haghaidh síl agus na ceanglais cháilíochta maidir le hábhar eile den chatagóir is ísle le haghaidh na speiceas lena mbaineann.

Déanfar na plandaí a chóireáil nó a eisiamh mar fhoinse PRM, i gcás máchailí nó ina dtabharfaidh torthaí dearfacha tástála nó comharthaí amhairc le fios go bhfuil lotnaidí orthu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031.

2.De mhaolú ar phointe D.1, féadfaidh oibreoirí gairmiúla PRM d’ábhar ilchineálach, nach gcomhlíonann na coinníollacha i leith péacadh, a chur ar an margadh, ar choinníoll go dtabharfaidh an t‑oibreoir ráta péactha an PRM lena mbaineann le fios ar an lipéad nó ar an bpacáiste go díreach.

E.Ceanglais maidir le PRM d’ábhar ilchineálach a phacáistiú agus a lipéadú

1.Déanfar PRM d’ábhar ilchineálach a choimeád i bpacáistí beaga agus in uaschainníochtaí mar a shainmhínítear i bpointe H. Mar sin féin, féadfar iad a choimeád i bpacáistí nó i gcoimeádáin eile, ar choinníoll go mbeidh siad sin dúnta ar bhealach nach féidir iad a oscailt gan fianaise ar chrioscaíl a fhágáil ar an bpacáiste nó ar an gcoimeádán.

2.Déanfaidh na hoibreoirí gairmiúla lipéad a ghreamú de phacáistí nó de choimeádáin PRM d’ábhar ilchineálach i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad.

Maidir leis an lipéad sin:

(i)beidh sé inléite, clóite nó scríofa ar thaobh amháin, nua‑eisithe agus sofheicthe;

(ii)áireofar leis an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe G den Iarscríbhinn seo, ach amháin i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin priontáilte nó scríofa ar an bpacáiste nó ar an gcoimeádán go díreach; agus

(iii)beidh sé buí agus cros thrasnánach uaine air.

3.I gcás pacáistí beaga trédhearcacha, féadfar an lipéad a chur taobh istigh den phacáiste ach é a bheith soléite.

4.De mhaolú ar phointí E.1 agus E.2, féadfar PRM d’ábhar ilchineálach atá i bpacáistí agus i gcoimeádáin atá dúnta agus lipéadaithe a dhíol le húsáideoirí deiridh i bpacáistí neamh-mharcáilte agus neamhshéalaithe, suas go dtí na huaschainníochtaí dá bhforáiltear i bpointe H, ach an ceannaitheoir a chur ar an eolas, arna iarraidh sin dó, i scríbhinn tráth an tseachadta faoin speiceas, ainmníocht an ábhair ilchineálaigh agus uimhir thagartha na luchtóige.

F.Ábhar ilchineálach a choinneáil ar bun

1.I gcás ina mbeidh sé indéanta é a choinneáil ar bun, an t‑oibreoir gairmiúil a thug fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ábhar ilchineálach, caomhnóidh sé príomh‑shaintréithe an ábhair tráth a thabharfar an fógra faoi, trína choinneáil ar bun fad a bheidh sé ar an margadh.

2.Is i gcomhréir le cleachtais a nglactar leo agus atá oiriúnaithe don ábhar ilchineálach a choinneáil ar bun, a dhéanfar amhlaidh. An t‑oibreoir gairmiúil atá freagrach as an gcothabháil, déanfaidh sé taifid a choinneáil ar ré agus ar inneachar na cothabhála.

3.Beidh rochtain ag na húdaráis inniúla i gcónaí ar gach taifead a choinníonn an t‑oibreoir gairmiúil atá freagrach as an ábhar chun a sheiceáil an bhfuil sé á chothabháil. Coimeádfaidh an t‑oibreoir gairmiúil na taifid sin ar feadh 5 bliana ón uair nach mbeidh an t‑ábhar ilchineálach á mhargú a thuilleadh.

G.Inneachar lipéad na bpacáistí

Déanfar PRM d’ábhar ilchineálach a mhargú i bpacáistí ar a mbeidh lipéad ina mbeidh na heilimintí seo a leanas:

(1)ainmníocht an ábhair ilchineálaigh, mar aon leis an bhfrása ‘ábhar ilchineálach’;

(2)an tásc ‘rialacha agus caighdeáin an AE’;

(3)ainm agus seoladh an oibreora ghairmiúil atá freagrach as an lipéad a ghreamú, nó an cód clárúcháin a ghabhann leis;

(4)an tír táirgthe;

(5)an uimhir thagartha luchtóige a thug an t‑oibreoir gairmiúil atá freagrach as na lipéid a ghreamú;

(6)mí agus bliain an dúnta, i ndiaidh an téarma: ‘dúnta’;

(7)speiceas agus é léirithe ar a laghad faoina ainm luibheolaíoch agus a fhéadfar a thabhairt i bhfoirm ghiorraithe agus gan ainmneacha na n‑údar;

(8)glanmheáchan nó ollmheáchan dearbhaithe, nó líon dearbhaithe PRM, cé is moite de phacáistí beaga;

(9)i gcás ina dtaispeántar meáchan agus go n‑úsáidtear substaintí piléadachta nó breiseáin sholadacha eile, an cineál breiseáin agus an garchoibhneas idir meáchan na síolta íona agus iomlán an mheáchain; agus

(10)an ráta péactha, más infheidhme.

H.Uaschainníochtaí PRM d’ábhar ilchineálach i bpacáistí beaga

Speicis

Glanmhais uasta (kg)

Plandaí farae

10

Biatas

10

Gránaigh

30

Plandaí ola agus plandaí snáithín

10

Práta

30

Glasra:

 

Glasraí léagúmacha

5

Oinniúin, costóg, an lus súgach, biatas bán, biatas, tornapaí, mealbhacán uisce, gurd, mearóga, cairéid, raidisí, salsabh dubh, spionáiste, ceathrú uain

0,5

Gach speiceas eile glasraí

0.1



IARSCRÍBHINN VII
INNEACHAR NA gCLÁR NÁISIÚNTA CINEÁLACHA AGUS CHLÁR CINEÁLACHA AN AONTAIS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 46

Beidh na heilimintí uile seo a leanas sna cláir náisiúnta chineálacha agus i gclár cineálacha an Aontais:

(a)ainm an ghéinis nó an speicis a mbaineann an cineál leis;

(b)ainmníocht an chineáil agus, i gcás cineálacha arna margú roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcás inarb infheidhme, ainmníochtaí malartacha eile a úsáidtear i gcás an chineáil sin;

(c)ainm an iarratasóra, agus, más infheidhme, a uimhir thagartha;

(d)dáta clárúcháin an chineáil, agus, más infheidhme, dáta athnuachana an chlárúcháin;

(e)dáta dheireadh bhailíocht an chlárúcháin;

(f)tagairt do nasc an chomhaid, i gcás inar féidir tuairisc oifigiúil an chineáil, nó, más infheidhme, tuairisc an chineáil atá aitheanta go hoifigiúil, a aimsiú;

(g)i gcás cineálacha ag a bhfuil tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil agus, más iomchuí, tásc maidir leis an réigiún (na réigiúin), ina saothraítear an cineál go traidisiúnta agus a bhfuil sé oiriúnaithe ó nádúr dó nó dóibh (‘réigiún (réigiúin) tionscnaimh’);

(h)ainm an duine atá freagrach as cineál a choinneáil ar bun;

(i)ainm an Bhallstáit a bhunaigh an clár nó na cláir náisiúnta chineálacha a bhaineann le hábhar;

(j)an tagairt ar cláraíodh an cineál faoi sa chlár (sna cláir) náisiúnta c(h)ineálacha;

(k)i gcás inarb infheidhme, an tásc gur ‘cineál orgánach atá oiriúnach don táirgeadh orgánach’ atá sa chineál;

(l)i gcás inarb infheidhme, an tásc go bhfuil orgánach géinmhodhnaithe sa chineál, nó gurb é orgánach géinmhodhnaithe atá ann;

(m)más infheidhme, léiriú gur comhchuid de chuid cineáil eile chláraithe atá sa chineál;

(n)i gcás inarb infheidhme, an tásc gur mar fhréamhstoic amháin a tháirgtear agus a mhargaítear PRM a bhaineann leis an gcineál;

(o)i gcás inarb infheidhme, tagairt do nasc an chomhaid, i gcás inar féidir torthaí na scrúduithe i leith luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe, dá dtagraítear in Airteagal 52, a aimsiú;

(p)i gcás inarb infheidhme, tásc ar mhodh atáirgthe an chineáil, lena n‑áirítear faisnéis faoi cé acu is cineál hibrideach nó sintéiseach é nó nach ea,

(q)i gcás inarb infheidhme, an tásc go bhfuil planda TGN de chatagóir 1 sa chineál, nó go bhfuil an cineál comhdhéanta de phlanda TGN de chatagóir 1 de réir bhrí Airteagal 3(7) de Rialachán (AE) …/… (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán TGN) agus an uimhir (na huimhreacha) aitheantais dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (e) de [Togra TGN] arna sannadh don phlanda (do na plandaí) TGN de chatagóir 1 óna ndíorthaítear é (iad);

(r)i gcás inarb infheidhme, an tásc go bhfuil planda TGN de chatagóir 2 sa chineál, nó go bhfuil an cineál comhdhéanta de phlanda TGN de chatagóir 2 de réir bhrí Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) …/… (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán TGN);

(s)i gcás inarb infheidhme, tásc go bhfuil an cineál luibhicídfhulangach agus tásc faoi na dálaí saothraithe is infheidhme;

(t)i gcás inarb infheidhme, tásc go bhfuil saintréithe áirithe ag an gcineál seachas an tsaintréith dá dtagraítear i bpointe (i bpointí), agus tásc faoi na dálaí saothraithe is infheidhme.



IARSCRÍBHINN VIII
TÁBLAÍ COMHGHAOIL

Treoir 66/401/CE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 1a

Airteagal 2, Airteagal 3

Airteagal 2(1)A

Airteagal 2, Airteagal 3, Airteagal 7

Airteagal 2(1)B.1

Airteagal 3, Airteagal 7

Airteagal 2(1)C

Airteagal 3, Airteagal 7

Airteagal 2(1)D

-

Airteagal 2(1)E

Airteagal 3

Airteagal 2(1)F

-

Airteagal 2(1)G

-

Airteagal 2(1), pointe (a)

Airteagal 2

Airteagal 2(1), pointe (b)

Airteagal 7

Airteagal 2(1), pointe (d)

Airteagal 36

Airteagal 2(2)

Airteagal 83

Airteagal 2(3)A

Airteagal 10

Airteagal 2(3)B

Airteagal 10

Airteagal 2(4)

Airteagal 10

Airteagal 3(1)

Airteagal 20

Airteagal 3(1), pointe (a)

-

Airteagal 3(2)

-

Airteagal 3(3)

Airteagal 20

Airteagal 3(4)

Airteagal 7

Airteagal 3a

Airteagal 7, Airteagal 35

Airteagal 4

Airteagal 34

Airteagal 4a

Airteagal 31, Airteagal 32

Airteagal 5

-

Airteagal 5a

-

Airteagal 6

Airteagal 63

Airteagal 7(1)

Airteagal 7

Airteagal 7(1a)

Airteagal 10, Airteagal 12

Airteagal 7(1b)

Airteagal 10, Airteagal 12

Airteagal 7(2)

Airteagal 7

Airteagal 8(1)

Airteagal 14

Airteagal 8(2)

-

Airteagal 9(1)

Airteagal 14

Airteagal 9(2)

Airteagal 23

Airteagal 9(3)

-

Airteagal 10.1a

Airteagal 15

Airteagal 10a

Airteagal 15

Airteagal 10b

Airteagal 15

Airteagal 10c

Airteagal 15

Airteagal 10d

Airteagal 14

Airteagal 11

Airteagal 15

Airteagal 11a

Airteagal 17

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 21, Airteagal 22

Airteagal 13a

Airteagal 38

Airteagal 14

Airteagal 36

Airteagal 14a

Airteagal 7, Airteagal 15

Airteagal 15(1)

Airteagal 35, Airteagal 39

Airteagal 15(2)

Airteagal 35

Airteagal 15(3)

Airteagal 35, Airteagal 39

Airteagal 16

Airteagal 39

Airteagal 17

Airteagal 33

Airteagal 18

Airteagal 2

Airteagal 19(1)

Airteagal 24

Airteagal 19(2)

Airteagal 40

Airteagal 20

Airteagal 24

Airteagal 21

Airteagal 76

Airteagal 21a

Airteagal 7

Airteagal 22

-

Airteagal 22a

Airteagal 7, Airteagal 26, Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 83

Airteagal 23a

-

Airteagal 24

-

Iarscríbhinn I

Airteagal 7

Iarscríbhinn II

Airteagal 7

Iarscríbhinn III

Airteagal 7, Airteagal 13

Iarscríbhinn IV

Airteagal 17

Iarscríbhinn V

Airteagal 35

Treoir 66/402/CE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 1a

Airteagal 2

Airteagal 2(1)A

Airteagal 2

Airteagal 2(1)B

Airteagal 3, Airteagal 7

Airteagal 2(1)C

Airteagal 3, Airteagal 7

Airteagal 2(1)Ca

Airteagal 3, Airteagal 7

Airteagal 2(1)C

Airteagal 3, Airteagal 7

Airteagal 2(1)D

Airteagal 3, Airteagal 7

Airteagal 2(1)E

Airteagal 3, Airteagal 7

Airteagal 2(1)F

Airteagal 3, Airteagal 7

Airteagal 2(1)H

Airteagal 3, Airteagal 10

Airteagal 2(1), pointe (a)

Airteagal 2

Airteagal 2(1), pointe (b)

Airteagal 7

Airteagal 2(1), pointe (c)

Airteagal 7

Airteagal 2(1), pointe (e)

-

Airteagal 2(2)

-

Airteagal 2(3)

Airteagal 10

Airteagal 2(4)

Airteagal 10

Airteagal 3

Airteagal 20, Airteagal 7

Airteagal 3a

Airteagal 7, Airteagal 35

Airteagal 4

Airteagal 34

Airteagal 4a

Airteagal 31, Airteagal 32

Airteagal 5

-

Airteagal 5a

-

Airteagal 6

Airteagal 63

Airteagal 7(1)

Airteagal 7

Airteagal 7.1a

Airteagal 10, Airteagal 12

Airteagal 7.1b

Airteagal 10, Airteagal 12

Airteagal 7(2)

Airteagal 7

Airteagal 8(1)

Airteagal 14

Airteagal 8(2)

-

Airteagal 9(1)

Airteagal 14

Airteagal 9(2)

Airteagal 23

Airteagal 9(3)

-

Airteagal 10(1), pointe (a)

Airteagal 15

Airteagal 10(1), pointe (b)

-

Airteagal 10(2)

Airteagal 14

Airteagal 10(3)

-

Airteagal 10a

Airteagal 14

Airteagal 11

Airteagal 15

Airteagal 11a

Airteagal 15

Airteagal 12

Airteagal 17

Airteagal 13

Airteagal 21

Airteagal 13a

Airteagal 38

Airteagal 14

Airteagal 36

Airteagal 14a

Airteagal 7, Airteagal 15

Airteagal 15(1)

Airteagal 35, Airteagal 39

Airteagal 15(2)

Airteagal 35

Airteagal 15(3)

Airteagal 35, Airteagal 39

Airteagal 16

Airteagal 39

Airteagal 17

Airteagal 33

Airteagal 18

Airteagal 2

Airteagal 19(1)

Airteagal 24

Airteagal 19(2)

Airteagal 40

Airteagal 20

Airteagal 24

Airteagal 21

Airteagal 76

Airteagal 21a

Airteagal 7

Airteagal 21b

Airteagal 7

Airteagal 22

-

Airteagal 22a

Airteagal 7

Airteagal 23

Airteagal 83

Airteagal 23a

-

Airteagal 24

-

Iarscríbhinn I

Airteagal 7

Iarscríbhinn II

Airteagal 7

Iarscríbhinn III

Airteagal 7

Iarscríbhinn IV

Airteagal 17

Iarscríbhinn V

Airteagal 35

Treoir 68/193/CEE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 2(1)A

-

Airteagal 2(1)B

-

Airteagal 2(1)C

-

Airteagal 2(1)D

Airteagal 7

Airteagal 2(1)E

Airteagal 7

Airteagal 2(1)F

Airteagal 7

Airteagal 2(1)G

Airteagal 8

Airteagal 2(1)H

-

Airteagal 2(1)I

Airteagal 3, pointe (3)

Airteagal 2.2

-

Airteagal 3(1)

Airteagal 7, Airteagal 8

Airteagal 3(2)

-

Airteagal 3(3)

Airteagal 2

Airteagal 3(4)

Airteagal 7(3), Airteagal 7(4), Iarscríbhinn II, Cuid E, Iarscríbhinn III, Cuid E

Airteagal 3(5)

Airteagal 7(4), Airteagal 8(5)

Airteagal 4

Airteagal 36

Airteagal 5

Airteagal 44

Airteagal 5a

Airteagal 47(1)

Airteagal 5b.1

Airteagal 48

Airteagal 5b.2

Airteagal 50

Airteagal 5b.3

Airteagal 49

Airteagal 5ba.1

-

Airteagal 5ba.2

-

Airteagal 5ba.3

Airteagal 47(1)

Airteagal 5c

Airteagal 47(4)

Airteagal 5d

Airteagal 47(1)

Airteagal 5e

Airteagal 71(1)

Airteagal 5f

Airteagal 47(1), Iarscríbhinn VII

Airteagal 5g

Airteagal 72

Airteagal 7

Airteagal 14

Airteagal 8(1)

Airteagal 13

Airteagal 8(2)

Airteagal 28

Airteagal 9

Airteagal 14

Airteagal 10

Airteagal 15

Airteagal 10a

Airteagal 17

Airteagal 11(1)

Airteagal 80

Airteagal 11(2)

Airteagal 40

Airteagal 12

-

Airteagal 12a

-

Airteagal 13

Airteagal 7(2)

Airteagal 14

Airteagal 33

Airteagal 14a

Airteagal 38

Airteagal 15(1)

Airteagal 2

Airteagal 15(2)

Airteagal 39

Airteagal 16

Airteagal 38

Airteagal 16a

Airteagal 7(4), Airteagal 8(5)

Airteagal 16b

Airteagal 7(4), Airteagal 8(5)

Airteagal 17

Airteagal 76

Airteagal 17a

Airteagal 7(3), (4), Airteagal 8(4), (5)

Airteagal 18

-

Airteagal 18a

-

Airteagal 18b

-

Airteagal 19

-

Airteagal 20

Airteagal 83

Iarscríbhinn I

Airteagal 7(4), Airteagal 8(5)

Iarscríbhinn II

Airteagal 7(4), Airteagal 8(5)

Iarscríbhinn III

Airteagal 14(6)

Iarscríbhinn IV

Airteagal 17

Treoir 2002/53/CE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1

Airteagal 1(2)

Airteagal 44(3), Airteagal 45

Airteagal 1(3)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2

-

Airteagal 3(1)

Airteagal 44(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 44(4)

Airteagal 3(3)

Airteagal 44(2)

Airteagal 4(1)

Airteagal 47(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 44(4)

Airteagal 5(1)

Airteagal 47(1), Airteagal 48,

Airteagal 5(2)

Airteagal 50

Airteagal 5(3)

Airteagal 49

Airteagal 5(4)

Airteagal 52

Airteagal 6

Airteagal 44(2)

Airteagal 7(1)

Airteagal 59

Airteagal 7(2)

-

Airteagal 7(3)

Airteagal 63

Airteagal 7(4)

Airteagal 47(1)

Airteagal 7(5)

-

Airteagal 8

-

Airteagal 9(1)

Airteagal 44, Airteagal 46, Iarscríbhinn VII

Airteagal 9(2), (3)

Airteagal 47(1), pointe (b), Airteagal 54

Airteagal 9(4)

Airteagal 47(1), pointe (a), Iarscríbhinn VII

Airteagal 9(5)

Airteagal 46, Iarscríbhinn VII

Airteagal 10

Airteagal 44(3), Airteagal 45, Airteagal 46(1), Iarscríbhinn VII

Airteagal 11

Airteagal 72

Airteagal 12(1)

Airteagal 69(1)

Airteagal 12(2)

Airteagal 69(2)

Airteagal 13

-

Airteagal 14

Airteagal 71

Airteagal 15

Airteagal 71

Airteagal 16(1)

Airteagal 44(2)

Airteagal 16(2)

Airteagal 47(1), pointí (f) agus (g)

Airteagal 17

Airteagal 45

Airteagal 18

Airteagal 37

Airteagal 19

-

Airteagal 20(1)

Airteagal 47(4)

Airteagal 20(2), (3)

Airteagal 26

Airteagal 21

-

Airteagal 22

Airteagal 39

Airteagal 23

Airteagal 76

Airteagal 24

-

Airteagal 25

-

Airteagal 26

-

Airteagal 27

Airteagal 83

Airteagal 28

Airteagal 83

Treoir 2002/54/CE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 1(2)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2

Airteagal 3, Airteagal 7(4)

Airteagal 3(2)

Airteagal 6

Airteagal 3(2)

Airteagal 80

Airteagal 4

Airteagal 6, Airteagal 7(4)

Airteagal 5

Airteagal 34, Airteagal 35

Airteagal 6

Airteagal 2(4)

Airteagal 7

Airteagal 36

Airteagal 8

Airteagal 63

Airteagal 9(1)

Airteagal 24, Airteagal 25

Airteagal 9(2)

Airteagal 13(5)

Airteagal 10(1)    

Airteagal 13, Airteagal 14

Airteagal 10(2)

Airteagal 28

Airteagal 11

Airteagal 14

Airteagal 12

Airteagal 15, 17(4)

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 14(1)

Airteagal 28

Airteagal 14(2)

Airteagal 17(4)

Airteagal 15

Airteagal 13, Airteagal 14, Airteagal 23

Airteagal 16

Airteagal 18

Airteagal 17

Airteagal 15, Airteagal 17(3)

Airteagal 18

Airteagal 15, Airteagal 17

Airteagal 19    

Airteagal 38

Airteagal 20    

-

Airteagal 21(1)

Airteagal 7(1), (3), Airteagal 15, Iarscríbhinn II

Airteagal 21(2)

Airteagal 15, Airteagal 17(4)

Airteagal 21(3)

Airteagal 39

Airteagal 22(1)    

Airteagal 6, Airteagal 7(4)

Airteagal 22(2)    

Airteagal 35

Airteagal 23(1)    

Airteagal 39

Airteagal 23(2)    

-

Airteagal 24

Airteagal 33

Airteagal 25(1)    

Airteagal 80

Airteagal 25(2)    

Airteagal 39

Airteagal 26    

-

Airteagal 27

Airteagal 7(3)

Airteagal 28    

Airteagal 76

Airteagal 29

-

Airteagal 30

Airteagal 7(4)

Airteagal 30A        

-

Airteagal 31    

-

Airteagal 32

-

Airteagal 33

-

Airteagal 34

Airteagal 83

Airteagal 35

Airteagal 83

Iarscríbhinn I

Airteagal 17(4)

Iarscríbhinn II

Airteagal 13(5)

Iarscríbhinn III

Airteagal 17(4)

Iarscríbhinn IV

Airteagal 17(4), pointe (m), Airteagal 35

Iarscríbhinn V

-

Iarscríbhinn VI

-

Treoir 2002/55/CE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2(1), Airteagal 3, Airteagal 7(4), Airteagal 8(5)

Airteagal 3(1)

Airteagal 5

Airteagal 3(2)

Airteagal 44

Airteagal 3(3)

Airteagal 45

Airteagal 3(4)

Airteagal 44(2)

Airteagal 4(1)

Airteagal 47(1), pointe (a)

Airteagal 4(2)

Airteagal 47(1), pointe (c)

Airteagal 4(3)

-

Airteagal 4(4)

Airteagal 26

Airteagal 5(1)

Airteagal 48

Airteagal 5(2)

Airteagal 50

Airteagal 5(3)

Airteagal 49

Airteagal 6

Airteagal 44(2)

Airteagal 7(1), (2)

Airteagal 59

Airteagal 7(3)

Airteagal 63

Airteagal 7(4)

Airteagal 47(1), pointe (c)

Airteagal 8

Airteagal 56

Airteagal 9(1)

Airteagal 44, Airteagal 72

Airteagal 9(2)

Airteagal 47(1), pointe (b), Airteagal 54

Airteagal 10

Airteagal 44(3), Iarscríbhinn VII

Airteagal 11

Airteagal 72

Airteagal 12(1)

Airteagal 69

Airteagal 12(2)

Airteagal 70

Airteagal 13

-

Airteagal 14

Airteagal 71

Airteagal 15

Airteagal 71

Airteagal 16(1)

Airteagal 44(2)

Airteagal 16(2)

Airteagal 47(1), pointí (f) agus (g)

Airteagal 17

Airteagal 45

Airteagal 18

Airteagal 37

Airteagal 19

Airteagal 44(2)

Airteagal 20

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 2(4), 6, Airteagal 7(4)

Airteagal 22

Airteagal 34, Airteagal 35

Airteagal 23(1)

Airteagal 2(4)

Airteagal 23(2)

-

Airteagal 24

Airteagal 36

Airteagal 25

Airteagal 7(4), Airteagal 8(5), Airteagal 24, Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 13

Airteagal 27

Airteagal 14

Airteagal 28

Airteagal 15, Airteagal 16, Airteagal 17(4)

Airteagal 29

Airteagal 14, Airteagal 28

Airteagal 30

Airteagal 14, Airteagal 28

Airteagal 31

Airteagal 17(3)

Airteagal 32

Airteagal 17(4)

Airteagal 33

Airteagal 38

Airteagal 34

-

Airteagal 35

Airteagal 7(4)

Airteagal 36(1)

Airteagal 6, Airteagal 7

Airteagal 36(2)

Airteagal 15, Airteagal 17

Airteagal 36(3)

Airteagal 39

Airteagal 37

Airteagal 39

Airteagal 38

Airteagal 33

Airteagal 39(1)

Airteagal 80

Airteagal 39(2)

Airteagal 39

Airteagal 40

Airteagal 24, Airteagal 25

Airteagal 41

Airteagal 8(5)

Airteagal 42

Airteagal 19

Airteagal 43

-

Airteagal 44(1)

-

Airteagal 44(2)

Airteagal 26

Airteagal 45

Airteagal 2(2), Airteagal 7(3), Airteagal 8(4)

Airteagal 46

Airteagal 76

Airteagal 47

-

Airteagal 48

Airteagal 26

Airteagal 49

-

Airteagal 50

-

Airteagal 51

-

Airteagal 52

Airteagal 83

Airteagal 53

Airteagal 83

Iarscríbhinn I

Airteagal 7(4), Airteagal 8(5)

Iarscríbhinn II

Airteagal 7(4), Airteagal 8(5)

Iarscríbhinn III

Airteagal 7(4), Airteagal 8(5)

Iarscríbhinn IV

Airteagal 17(4)

Iarscríbhinn V

Airteagal 17(4), pointe (m)

Iarscríbhinn VI

-

Iarscríbhinn VII

-

Treoir 2002/56/CE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1, an chéad mhír

Airteagal 1

Airteagal 1, an dara mír    

Airteagal 2(4)

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3(1)    

Airteagal 20

Airteagal 3(2)

-

Airteagal 3(3)

Airteagal 7(3)

Airteagal 3(4)    

Airteagal 7(3)

Airteagal 4

Airteagal 7(4)

Airteagal 5

Airteagal 36

Airteagal 6(1)

Airteagal 2(4)

Airteagal 6(2)    

-

Airteagal 6(3)

-

Airteagal 7

Airteagal 7(4)

Airteagal 8

-

Airteagal 9

Airteagal 7(4)

Airteagal 10

Airteagal 7(4)

Airteagal 11(1)    

Airteagal 13

Airteagal 11(2)    

Airteagal 28

Airteagal 12

Airteagal 14

Airteagal 13

Airteagal 15, Airteagal 17

Airteagal 14

-

Airteagal 15

Airteagal 15

Airteagal 16

-

Airteagal 17

-

Airteagal 18    

Airteagal 7(3), Airteagal 17

Airteagal 19

Airteagal 38

Airteagal 20    

-

Airteagal 21

Airteagal 39

Airteagal 22

Airteagal 33

Airteagal 23(1)    

Airteagal 80

Airteagal 23(2)    

Airteagal 39

Airteagal 24

Airteagal 7(2)

Airteagal 25

Airteagal 76

Airteagal 26

-

Airteagal 27

Airteagal 26

Airteagal 28

-

Airteagal 29

-

Airteagal 30

Airteagal 83

Airteagal 31

Airteagal 83

Iarscríbhinn I    

Airteagal 7(3)

Iarscríbhinn II

Airteagal 7(3)

Iarscríbhinn III

Airteagal 17

Iarscríbhinn IV

-

Iarscríbhinn V

-

Treoir 2002/57/CE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1, Airteagal 2

Airteagal 2(1), pointe (a)

Airteagal 2, Airteagal 3

Airteagal 2(1), pointe (b)

Airteagal 2

Airteagal 2(1), pointe (d)

Airteagal 2, Airteagal 7

Airteagal 2(1.e)

Airteagal 2, Airteagal 7

Airteagal 2(1.f)

Airteagal 2, Airteagal 7

Airteagal 2.1.g

Airteagal 2, Airteagal 7

Airteagal 2.1.h

Airteagal 2, Airteagal 7

Airteagal 2.1.j

-

Airteagal 2.1.k

Airteagal 3

Airteagal 2(2)

Airteagal 2

Airteagal 2(3)

Airteagal 7

Airteagal 2(3a)

Airteagal 7

Airteagal 2(4)

-

Airteagal 2(5)

Airteagal 10, Airteagal 12

Airteagal 2(6)

Airteagal 10, Airteagal 12

Airteagal 3(1)

Airteagal 20

Airteagal 3(2)

-

Airteagal 3(3)

-

Airteagal 3(4)

Airteagal 7

Airteagal 4

Airteagal 7, Airteagal 35

Airteagal 5

Airteagal 34

Airteagal 6

Airteagal 31, Airteagal 32

Airteagal 7

-

Airteagal 8

Airteagal 63

Airteagal 9(1)

Airteagal 7

Airteagal 9(1a)

Airteagal 10, Airteagal 12

Airteagal 9(1b)

Airteagal 10, Airteagal 12

Airteagal 9(2)

Airteagal 7

Airteagal 10(1)

Airteagal 14

Airteagal 10(2)

-

Airteagal 11(1)

Airteagal 14

Airteagal 11(2)

Airteagal 23

Airteagal 11(3)

-

Airteagal 12(1.a)

Airteagal 15

Airteagal 12(1.b)

-

Airteagal 12(2)

-

Airteagal 12(3)

-

Airteagal 13

Airteagal 15

Airteagal 14

Airteagal 17

Airteagal 15

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagal 38

Airteagal 17

Airteagal 36

Airteagal 18

Airteagal 7, Airteagal 15

Airteagal 19(1)

Airteagal 35, Airteagal 39

Airteagal 19(2)

Airteagal 35

Airteagal 19a

-

Airteagal 20

Airteagal 39

Airteagal 21

Airteagal 33

Airteagal 22(1)

Airteagal 24

Airteagal 22(2)

Airteagal 40

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 24

Airteagal 7

Airteagal 25

Airteagal 76

Airteagal 26

-

Airteagal 27

Airteagal 7

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 82

Airteagal 32

Airteagal 83

Airteagal 33

Airteagal 83

Iarscríbhinn I

Airteagal 7

Iarscríbhinn II

Airteagal 7

Iarscríbhinn III

Airteagal 7

Iarscríbhinn IV

Airteagal 17

Iarscríbhinn V

Airteagal 35

Iarscríbhinn VI

Airteagal 82

Iarscríbhinn VII

Airteagal 82

Treoir 2008/72/CE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 1(2)    

Airteagal 2(1)

Airteagal 1(3)    

Airteagal 2(3)

Airteagal 2

Airteagal 2(4)

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 7(4), Airteagal 8(5)

Airteagal 5(1), (2)    

Airteagal 41, Airteagal 42

Airteagal 5(3)    

-

Airteagal 6(1)

Airteagal 10

Airteagal 6(2) go (4)    

-

Airteagal 7

-

Airteagal 8(1)    

Airteagal 10

Airteagal 8(2)

Airteagal 2(4)

Airteagal 8(3)

Airteagal 44

Airteagal 9(1), (2)        

Airteagal 5

Airteagal 9(3)

Airteagal 45

Airteagal 10(1)    

Airteagal 13

Airteagal 10(2)

Airteagal 22

Airteagal 11(1)    

Airteagal 13

Airteagal 11(2)    

Airteagal 28

Airteagal 12

Airteagal 2(4)

Airteagal 13    

Airteagal 33

Airteagal 14(1)    

-

Airteagal 14(2)    

Airteagal 5

Airteagal 15

-

Airteagal 16(1)

Airteagal 39

Airteagal 16(2)

-

Airteagal 17

Airteagal 7(1), (2), Airteagal 8(1), (2)

Airteagal 18

Airteagal 7(3), Airteagal 8(3)

Airteagal 19(1)

Airteagal 19

Airteagal 19(2)

Airteagal 38

Airteagal 20

Airteagal 28

Airteagal 21

Airteagal 76

Airteagal 22

Airteagal 7(3), Airteagal 8(3)

Airteagal 23(1)    

-

Airteagal 23(2)

Airteagal 80

Airteagal 24

Airteagal 83

Airteagal 25    

-

Airteagal 26

Airteagal 83

Airteagal 27

Airteagal 83

Iarscríbhinn I    

Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn III

-

Treoir 2008/90/CE ón gComhairle

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1, Airteagal 2

Airteagal 1(2)

Airteagal 2(1)

Airteagal 1(3)

Airteagal 4

Airteagal 1(4)

2(4)

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3(1)

Airteagal 6

Airteagal 3(2)

-

Airteagal 3(3)

-

Airteagal 3(4)

Airteagal 2(4), Airteagal 29

Airteagal 4

Airteagal 7(4), Airteagal 8(5)

Airteagal 5

Airteagal 41

Airteagal 6(1)

Airteagal 7, Airteagal 8

Airteagal 6(2)

Airteagal 4

Airteagal 6(3)

Airteagal 42

Airteagal 6(4)

-

Airteagal 7(1)

Airteagal 5

Airteagal 7(2)

Airteagal 47(1)

Airteagal 7(3)

Airteagal 47(1), Airteagal 54

Airteagal 7(4)

Airteagal 47(1)

Airteagal 7(5)

Airteagal 47(2)

Airteagal 7(6)

Airteagal 47(2)

Airteagal 8(1)

Airteagal 13

Airteagal 8(2)

Airteagal 13, Airteagal 18

Airteagal 9(1)

Airteagal 13, Airteagal 15, Airteagal 16, Airteagal 17

Airteagal 9(2)

Airteagal 28

Airteagal 9(3)

Airteagal 15, Airteagal 17

Airteagal 10

Airteagal 2(4), Airteagal 29, Airteagal 30

Airteagal 11

Airteagal 33

Airteagal 12(1)

Airteagal 39

Airteagal 12(2)

-

Airteagal 13

Airteagal 80

Airteagal 14

Airteagal 24, Airteagal 25

Airteagal 15

Airteagal 80

Airteagal 16

Airteagal 19

Airteagal 17

-

Airteagal 18

Airteagal 2(3)

Airteagal 19

Airteagal 76

Airteagal 20

-

Airteagal 21

-

Airteagal 22

-

Airteagal 23

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 83

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

-