AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.7.2023
COM(2023) 404 final
2023/0281(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag cruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú chun cosc a chur ar Iascach Mórmhara i Lár an Aigéin Artaigh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2020/1582
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gCinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinnithe de na Páirtithe leis an gComhaontú chun cosc a chur ar Iascach Mórmhara Neamhrialaithe i Lár an Aigéin Artaigh don tréimhse 2024-2028 i dtaca le glacadh na mbeart caomhnaithe agus bainistithe atá beartaithe.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú chun cosc a chur ar Iascach Mórmhara Neamhrialaithe i Lár an Aigéin Artaigh
Is é is aidhm don Chomhaontú chun cosc a chur ar Iascach Mórmhara Neamhrialaithe i Lár an Aigéin Artaigh (‘an Comhaontú’) cosc a chur ar iascach neamhrialaithe i gcuid mhórmhara Lár an Aigéin Artaigh trí bhearta caomhnaithe agus bainistithe réamhchúraim a chur i bhfeidhm mar chuid de straitéis fhadtéarmach éiceachórais shláintiúla mhuirí a choimirciú agus chun caomhnú agus úsáid inbhuanaithe stoc éisc a áirithiú. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 25 Meitheamh 2021.
Tá an tAontas ina pháirtí sa Chomhaontú.
2.2.Cruinniú na bPáirtithe
Is é cruinniú na bPáirtithe an comhlacht cinnteoireachta faoin gComhaontú, a thiocfaidh le chéile gach 2 bhliain, nó ar bonn níos minice ná sin má chinneann sé déanamh amhlaidh. Is le tromlach a dhéantar cinntí maidir le nós imeachta agus de chomhthoil a dhéantar cinntí maidir le ceisteanna substainte. Tá an tAontas i dteideal páirt a ghlacadh ina gcinntí agus vótáil ina leith.
2.3.Cinntí Chruinniú na bPáirtithe
Tá an t‑údarás ag cruinniú na bPáirtithe bearta caomhnaithe agus bainistithe a ghlacadh, bearta atá ina gceangal ar na páirtithe conarthacha. Is féidir le Páirtí agóid a dhéanamh maidir le bearta.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh
Tá sé beartaithe an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinnithe na bPáirtithe a leagan síos agus cur chuige dhá leibhéal á úsáid. Leagtar amach le Cinneadh ón gComhairle treoirphrionsabail sheasamh an Aontais ar bhonn ilbhliantúil. Déanfar seasamh an Aontais a choigeartú ina dhiaidh sin le haghaidh gach cruinnithe le páipéir leathoifigiúla ó sheirbhísí an Choimisiúin atá le formhuiniú ag an gComhairle.
Cuirtear an cur chuige sin chun feidhme le Cinneadh (AE) 2020/1582 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2020, lena leagtar amach seasamh an Aontais i gcruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú don tréimhse 2020-2024. Tá prionsabail ghinearálta sa Chinneadh ach cuirtear gnéithe sonracha an Chomhaontaithe san áireamh a mhéid is féidir. Ina theannta sin, leagtar amach ann an próiseas caighdeánach chun seasamh an Aontais a leagan síos bliain i ndiaidh bliana, mar a d’iarr na Ballstáit.
Cuimsíodh le Cinneadh (AE) 2020/1582 ón gComhairle prionsabail agus treoshuíomhanna an chomhbheartais iascaigh nua (CBI), mar a leagtar síos iad i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus cuireadh san áireamh leis freisin na cuspóirí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le gné sheachtrach an chomhbheartais iascaigh.
Ní dhéantar foráil le Cinneadh (AE) 2020/1582 ón gComhairle le haghaidh athbhreithniú ar sheasamh an Aontais roimh chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú in 2025. Mar sin féin, tá athbhreithniú le déanamh ar fhormhór na gCinntí ón gComhairle maidir le seasamh an Aontais sna hERBInna éagsúla ina bhfuil sé ina pháirtí conarthach roimh chruinnithe bliantúla 2024 na nERBInna sin. Dá bhrí sin, chun comhsheasmhacht a chur chun cinn maidir le seasamh an Aontais i ngach ERBI agus chun uainiú na nósanna imeachta um athbhreithniú a chur i gcomhthráth, is iomchuí an t‑athbhreithniú ar sheasamh an Aontais sa Chomhaontú don tréimhse 2024-2028 a thabhairt chun tosaigh, agus Cinneadh (AE) 2020/1582 ón gComhairle a ionadú dá réir sin.
Tá an cur chuige seo á ghlacadh sna hERBInna freisin maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna cruinnithe sin.
I dtaca le hiascaireacht, cuimsítear leis an athbhreithniú atá ann faoi láthair an Comhaontú Glas don Eoraip, go háirithe an Straitéis Bhithéagsúlachta, an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’. Cuirtear san áireamh ann freisin an Straitéis um Plaistigh agus an Plean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú. Thairis sin, cuirtear san áireamh ann freisin an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan, chomh maith le Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le ‘rannpháirteachas AE atá níos láidre maidir leis an Artach a bheith níos síochánta, níos inbhuanaithe agus níos rathúla’, agus Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le ‘beartas comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh maidir leis an Artach’.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Na prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais Eorpaigh i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe’.
Áirítear in ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhun rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach atá ‘in ann tionchar cinntitheach a imirt ar chlár na reachtaíochta arna glacadh ag reachtóir an Aontais’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht cruinniú na bPáirtithe arna bhunú le comhaontú, is é sin ‘an Comhaontú chun cosc a chur ar Iascach Mórmhara Neamhrialaithe i Lár an Aigéin Artaigh.
Na gníomhartha a iarrtar ar chruinniú na bPáirtithe a ghlacadh, is gníomhartha iad a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Beidh na gníomhartha atá beartaithe de chuid chruinniú na bPáirtithe ceangailteacht faoin dlí idirnáisiúnta agus is gníomhartha iad a bheith in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais, is é sin an méid seo a leanas:
·Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú;
·Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, lena mbunaítear córas rialaithe AE chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú; agus
·Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha.
Na gníomhartha atá beartaithe, ní gníomhartha iad lena ndéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí nós imeachta le haghaidh an Chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Na prionsabail
An bunús dlí substainteach le haghaidh Cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a nglactar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó príomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is leis an iascach a bhaineann an príomhchuspóir agus ábhar na ngníomhartha atá beartaithe. Is é Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 an bunús dlí lena leagtar amach na prionsabail atá le léiriú leis an seasamh seo. Dá bhrí sin, is é Airteagal 43(2) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe. Tiocfaidh an Cinneadh in ionad Chinneadh (AE) 2020/1582 ón gComhairle, cinneadh a chumhdaíonn an tréimhse 2020‑2024.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 43(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE, a bheith mar bhunús dlí leis an gCinneadh atá beartaithe.
2023/0281 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag cruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú chun cosc a chur ar Iascach Mórmhara i Lár an Aigéin Artaigh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2020/1582
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Thug an tAontas an Comhaontú chun cosc a chur ar Iascach Mórmhara Neamhrialaithe i Lár an Aigéin Artaigh (‘an Comhaontú’) i gcrích le Cinneadh (AE) 2019/407 ón gComhairle. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 25 Meitheamh 2021.
(2)Tá cruinniú na bPáirtithe freagrach as bearta a ghlacadh a cheaptar chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe a áirithiú chun an cuspóir a bhaint amach iascach neamhrialaithe i gcuid mhórmhara Lár an Aigéin Artaigh a chosc trí bhearta caomhnaithe agus bainistithe réamhchúraim a chur i bhfeidhm mar chuid de straitéis fhadtéarmach éiceachórais shláintiúla mhuirí a choimirciú agus chun caomhnú agus úsáid inbhuanaithe stoc éisc a áirithiú. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh bearta den sórt sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas.
(3)Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle , déantar foráil go bhfuil ar an Aontas a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus go gcuirfidh siad le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Foráiltear leis freisin go bhfuil an tAontas leis an gcur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus go mbeidh sé d’aidhm aige a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á mbuain a athbhunú agus a choinneáil ar leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Ina theannta sin, foráiltear leis go bhfuil an tAontas le bearta bainistithe agus caomhnaithe a dhéanamh ar bhonn na comhairle eolaíche dá bhfuil ar fáil, tacú le forbairt an eolais eolaíoch agus na comhairle eolaíche, deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha agus modhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí a dhéanamh agus le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, agus le hiascaireacht a bhfuil ísealtionchar aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh. Ina theannta sin, foráiltear go sonrach le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil an tAontas leis na cuspóirí agus na prionsabail sin a chur i bhfeidhm agus é i mbun a chuid caidreamh seachtrach iascaigh.
(4)I gcomhréir leis an Straitéis Bhithéagsúlachta, an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, tá sé ríthábhachtach an dúlra a chosaint agus díghrádú na n‑éiceachóras a aisiompú. Maidir leis na rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide agus as caillteanas na bithéagsúlachta, is gá nár bhaol a bheadh iontu d’infhaighteacht na n‑earraí agus na seirbhísí a chuireann éiceachórais shláintiúla mhuirí ar fáil d’iascairí, do phobail chósta agus don chine daonna i gcoitinne.
(5)Déantar tagairt sa Straitéis um Plaistigh do bhearta sonracha chun plaistigh agus truailliú muirí chomh maith le cailleadh nó tréigean trealaimh iascaireachta ar muir a laghdú. Thairis sin, is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú laghdú 50 % a dhéanamh ar bhruscar plaisteach ar muir agus laghdú 30 % a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh a scaoiltear sa chomhshaol.
(6)Faoin Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan, príomhthosaíochtaí faoi ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais is ea cosaint agus caomhnú na bithéagsúlachta muirí. Is é an tAontas Eorpach an gníomhaí is suntasaí in Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna) agus i gcomhlachtaí iascaigh ar fud an domhain. Dá bhrí sin, cuireann an tAontas inbhuanaitheacht na stoc éisc chun cinn, cuireann sé cinnteoireacht thrédhearcach chun cinn atá bunaithe ar chomhairle eolaíoch fhónta, cuireann sé feabhas ar an taighde eolaíoch, agus neartaíonn sé an comhlíonadh.
(7)Mar a luaigh Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Seachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpaigh i dTeachtaireacht Chomhpháirteach maidir leis an mBealach a réiteach do phláinéad inbhuanaithe gorm , i gconclúidí ón gComhairle maidir le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan lena gcumhdaítear an Teachtaireacht Chomhpháirteach thuasluaite agus sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le rannpháirteachas AE níos láidre maidir le Artach atá síochánta, inbhuanaithe agus rathúil, tá an tAontas tiomanta do chur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe ós rud é go ndéanann sé éiceachórais mhuirí a chosaint tríd an gcur chuige réamhchúraim eolaíocht‑bhunaithe a chur i bhfeidhm ar aon iascach amach anseo i Lár an Aigéin Artaigh.
(8)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú don tréimhse 2024-2028 a bhunú, ós rud é go bhféadfaidh bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe faoin gComhaontú a bheith ina gceangal ar an Aontas agus in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Rialacháin (CE) Uimh. 1005/2008 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(9)Faoi láthair, leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe IOTC le Cinneadh (AE) 2020/1582 ón gComhairle. Is iomchuí an Cinneadh sin a aisghairm agus Cinneadh nua a bhunú don tréimhse 2024-2028.
(10)I bhfianaise an eolais theoranta ar acmhainní iascaigh agus i bhfianaise chineál athraitheach na n‑acmhainní iascaigh sa limistéar geografach arna chumhdach leis an gComhaontú, agus an ghá ina dhiaidh sin le forbairtí nua a chur san áireamh i seasamh an Aontais, lena n‑áirítear faisnéis eolaíoch nua agus faisnéis ábhartha eile a chuirtear i láthair roimh chruinnithe na bPáirtithe nó lena linn, ba cheart nósanna imeachta a bhunú le haghaidh na sonraíochta ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais don tréimhse 2024-2028, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis idir institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
(11)An Cinneadh maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú, féadfar é a leanúint ag céim níos déanaí le Cinneadh ón gComhairle breise ar leithligh maidir le caibidlíochtaí a thosú chun eagraíocht réigiúnacha nó foréigiúnacha bainistithe iascaigh amháin nó níos mó a bhunú nó maidir le socruithe i bhfarraigí mórmhara an Artaigh.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach in Iarscríbhinn I den Chinneadh seo an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú chun cosc a chur ar Iascach Mórmhara Neamhrialaithe i Lár an Aigéin Artaigh (Comhaontú).
Airteagal 2
Seolfar i gcomhréir le hIarscríbhinn II sonraíocht sheasamh an Aontais ó bhliain go bliain atá le glacadh i gcruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú.
Airteagal 3
Déanfaidh an Chomhairle seasamh an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, a athbhreithniú ar thogra a fháil ón gCoimisiún, le haghaidh chruinniú bliantúil IOTC in 2029 ar a dhéanaí.
Airteagal 4
Aisghairtear Cinneadh (AE) 2020/1582.
Airteagal 5
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.7.2023
COM(2023) 404 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann le
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú chun cosc a chur ar Iascach Mórmhara Neamhrialaithe i Lár an Aigéin Artaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh (EU) 2020/1582
IARSCRÍBHINN I
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú chun cosc a chur ar Iascach Mórmhara Neamhrialaithe i Lár an Aigéin Artaigh (Comhaontú)
1.PRIONSABAIL
Faoi chuimsiú chruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:
(a)a áirithiú go bhfuil na bearta a ghlactar laistigh de IOTC comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta, agus go háirithe le forálacha Choinbhinsiún 1982 de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, le Comhaontú 1995 na Náisiún Aontaithe i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach, le Comhaontú 1993 chun comhlíontacht bád iascaireachta ar an mórmhuir i dtaca le bearta idirnáisiúnta caomhantais agus bainistíochta a chur chun cinn, agus le Comhaontú 2009 den Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta ar Bhearta Stát an Chalafoirt;
(b)cuspóirí an Chomhaontaithe a chur chun cinn faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige i dtaca le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta (BBNJ) agus ag an 15ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (COP 15), go háirithe a mhéid a bhaineann le cosaint na bithéagsúlachta muirí agus cosaint 30 % d’aigéin an domhain a threisiú trí limistéir mhuirí faoi chosaint;
(c)rannchuidiú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, lena n‑áirítear an Straitéis Bhithéagsúlachta, an Straitéis um an Oiriúnú don Athrú Aeráide, go háirithe maidir leis an Straitéis um chosaint an dúlra, agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, agus le hEoraip níos láidre sa Domhan;
(d)cuspóirí na Straitéise um Plaistigh agus an Phlean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú a shaothrú, go háirithe plaistigh agus truailliú muirí a laghdú;
(e)gníomhú i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail atá á saothrú ag an Aontas laistigh den chomhbheartas iascaigh, go sonrach tríd an gcur chuige réamhchúraim agus na haidhmeanna a bhaineann leis an uastáirgeacht inbhuanaithe mar a leagtar síos in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, chun cur chun feidhme cur chuige i leith bainistiú iascaigh atá bunaithe ar an éiceachóras a chur chun cinn, chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a íoslaghdú a mhéid is féidir agus chun deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha, agus chun tionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú agus, chomh maith leis sin, trí iascaigh de chuid an Aontais atá inmharthana agus iomaíoch ó thaobh an gheilleagair de a chur chun cinn, caighdeán cothrom maireachtála a chur ar fáil do na daoine a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus leasanna na dtomhaltóirí á gcur san áireamh;
(f)a bheith i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle an 19 Márta 2012 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le gné sheachtrach an chomhbheartais iascaigh;
(g)a bheith i gcomhréir le cuspóirí na Teachtaireachta Comhpháirtí maidir le Clár Oibre an Aontais um Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan i ndáil le caomhnú na bithéagsúlachta muirí, chomh maith leis na conclúidí ón gComhairle i ndáil leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach sin;
(h)a bheith i gcomhréir leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Seachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le Rannpháirteachas AE atá níos láidre maidir leis an Artach a bheith níos síochánta, níos inbhuanaithe agus níos rathúla;
(i)a áirithiú go ndéantar gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a urramú agus a chomhlíonadh;
(j)obair i dtreo rannpháirteachas iomchuí páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear eagraíochtaí eolaíocha agus teicniúla ábhartha, comhlachtaí agus cláir ábhartha, chomh maith le heolas dúchasach traidisiúnta áitiúil, i gcéim ullmhachta na mbeart atá á mbreithniú ag cruinnithe na bPáirtithe, lena n‑áirítear i gcruinnithe saineolaithe eolaíocha faoin gComhaontú, agus chun a áirithiú go mbeidh na bearta sin i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe;
(k)seasaimh atá comhsheasmhach le dea-chleachtais eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) sa limistéar céanna a chur chun cinn;
(l)comhsheasmhacht agus sineirge a lorg leis an mbeartas atá á shaothrú ag an Aontas mar chuid dá chaidreamh déthaobhach iascaigh le tríú tíortha, agus comhleanúnachas lena bheartais eile a áirithiú, go háirithe i réimse an chaidrimh sheachtraigh, an chomhshaoil, na trádála, na forbartha, an taighde agus na nuálaíochta;
(m)díriú ar chothrom iomaíochta a chruthú do chabhlach an Aontais laistigh de Limistéar Choinbhinsiún IOTC, bunaithe ar na prionsabail agus na caighdeáin chéanna is infheidhme faoi Dhlí an Aontais, agus cur chun feidhme aonfhoirmeach na bprionsabal agus na gcaighdeán sin a chur chun cinn;
(n)comhordú a chur chun cinn idir an Comhaontú agus ERBInna atá ann cheana agus coinbhinsiúin maidir le farraigí réigiúnacha (RSCanna), go háirithe sa Choimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC), Coinbhinsiún ISPAR, arb é atá ann RSC don Atlantach Thoir Thuaidh agus comhar a chur chun cinn le heagraíochtaí domhanda, de réir mar is infheidhme, laistigh dá gcuid sainorduithe, i gcás inarb iomchuí;
(o)tacú go gníomhach le cur chun feidhme an Chomhaontaithe, lena n‑áirítear trí rannchuidiú leis an gClár Comhpháirteach maidir le Taighde agus Faireachán Eolaíoch a mbeidh sé d’aidhm aige feabhas a chur ar thuiscint chomhchoiteann na bPáirtithe ar éiceachórais Mhórmhara Lár an Aigéin Artaigh agus, go háirithe, a chinneadh an mbeadh stoic éisc ann i láthair na huaire nó amach anseo a d’fhéadfaí a shaothrú ar bhonn inbhuanaithe agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an iascach sin ar na héiceachórais sin;
(p)comhoiriúnacht a áirithiú idir bearta caomhnaithe agus bainistithe arna mbunú le haghaidh na stoc céanna sna huiscí atá faoi dhlínse náisiúnta agus na bearta arna nglacadh i leith mórmhara i gcomhréir le hAirteagal 118 UNCLOS agus Airteagal 8 UNFSA;
(q)comhsheasmhacht a áirithiú le leas an Aontais san Artach mar réigiún a bhfuil tábhacht straitéiseach mhéadaithe leis.
2.TREOSHUÍOMHANNA
I gcás inarb iomchuí, féachfaidh an tAontas le tacú le glacadh na ngníomhaíochtaí seo a leanas ag IOTC:
(a)bearta chun caomhnú agus athbhunú iomlán na bithéagsúlachta, agus inbhuanaitheacht na stoc, a chur chun cinn, agus breithnithe i dtaca leis an athrú aeráide a chuimsiú sa phróiseas cinnteoireachta;
(b)bearta caomhnaithe agus bainistithe le haghaidh acmhainní iascaigh i limistéar an Chomhaontaithe bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, lena n‑áirítear Gabhálacha Iomlána Incheadaithe agus cuótaí nó rialáil ar an iarracht maidir le buaint acmhainní bitheolaíocha muirí beo in iascaigh a rialaíonn an Comhaontú, rud a bhainfeadh amach an uastáirgeacht inbhuanaithe I gcás inar gá, áireofar sna bearta caomhnaithe agus bainistithe sin bearta sonracha le haghaidh stoic atá thíos leis an ró-iascaireacht chun an iarracht iascaireachta a choinneáil ar leibhéil atá i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil;
(c)bearta chun bailiú sonraí, taighde eolaíoch agus cinntí bainistíochta atá bunaithe ar an eolaíocht a chur chun, a choiste um chomhlíonadh a neartú, cultúr comhlíonta a chur chun cinn agus athbhreithnithe feidhmíochta neamhspleácha tréimhsiúla a dhéanamh;
(d)bearta chun gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) i limistéar an Choinbhinsiúin a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena n‑áirítear liostú soithí NNN agus trasliostú soithí NNN le ERBInna eile, agus bearta chun inrianaitheacht iasc agus táirgí iascaigh a chur chun cinn bunaithe ar na Treoirlínte Deonacha maidir le Scéimeanna Doiciméadaithe um Ghabháil;
(e)bearta faireacháin, rialaithe agus faireachais i limistéar an Choinbhinsiúin chun éifeachtúlacht rialaithe agus comhlíonadh na mbeart arna nglacadh laistigh den Chomhaontú a áirithiú, lena n‑áirítear an rialú ar oibríochtaí trasloingsithe a neartú bunaithe ar Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Trasloingsiú;
(f)bearta chun an tionchar diúltach a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar na héiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú, lena n‑áirítear bearta cosanta le haghaidh éiceachórais leochaileacha mhuirí i limistéar Choinbhinsiún IOTC i gcomhréir le Coinbhinsiún IOTC agus le Treoirlínte Idirnáisiúnta na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir, bearta chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, go háirithe speicis leochaileacha mhuirí, agus chun deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha;
(g)bearta chun truailliú muirí a laghdú, sceitheadh plaisteach ar muir a chosc agus an tionchar a bhíonn ag plaistigh ar muir ar an mbithéagsúlacht mhuirí agus ar na héiceachórais a laghdú, lena n‑áirítear bearta chun tionchar an trealaimh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile (ALDFG) san aigéan a laghdú agus chun sainaithint agus aisghabháil trealaimh den sórt sin a éascú bunaithe ar Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Trealamh Iascaireachta a Mharcáil; agus bearta gaolmhara arna gcinneadh faoi Phlean Gníomhaíochta IMO chun aghaidh a thabhairt ar bhruscar plaisteach;
(h)bearta arb é is aidhm dóibh toirmeasc a chur ar an iascach a fheidhmíonn chun eití siorca a bhuain agus lena gceanglaítear go ndéanfar gach siorc a thabhairt i dtír agus na heití ar fad air ó nádúr;
(i)i gcás inarb iomchuí agus a mhéid a cheadaítear faoi na doiciméid chomhábhartha, moltaí lena spreagtar cur chun feidhme Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le hObair san Iascaireacht;
(j)cur chuige coiteann le ERBInna eile, i gcás inarb iomchuí, go háirithe le ERBInna a bhfuil baint acu le bainistiú iascaigh in aon réigiún leis;
(k)bearta teicniúla breise bunaithe ar chomhairle ó fhochuideachtaí agus ó mheithleacha de chuid IOTC.
IARSCRÍBHINN II
Sonraíocht ó bhliain go bliain maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinnithe na bPáirtithe sa Chomhaontú chun cosc a chur ar Iascach Mórmhara Neamhrialaithe i Lár an Aigéin Artaigh (Comhaontú)
Roimh gach cruinniú de chuid na bPáirtithe sa Chomhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin cinntí a ghlacadh a bhfuil éifeacht dhlíthiúil leo ar an Aontas, glacfar na céimeanna is gá ionas go mbeidh an fhaisnéis eolaíoch is déanaí agus aon fhaisnéis ábhartha eile, a cuireadh chuig an gCoimisiún á gcur san áireamh sa seasamh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail, na critéir agus na treoshuíomhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Chuige sin, agus bunaithe ar an bhfaisnéis sin, tarchuirfidh an Coimisiún chuig an gComhairle, in am trátha roimh gach cruinniú de chuid na bPáirtithe sa Chomhaontú, doiciméad i scríbhinn ina leagfar amach sonraí na sonraíochta atá beartaithe maidir le seasamh an Aontais atá le plé agus mionsonraí an tseasaimh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais atá le formhuiniú.
Más rud é, le linn chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú, go bhfuil sé dodhéanta teacht ar chomhaontú, lena n‐áirítear ar an toirt, tarchuirfear an cheist chuig an gComhairle nó chuig a comhlachtaí ullmhúcháin ionas gur féidir eilimintí nua a chur san áireamh i seasamh an Aontais.