AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.6.2023
COM(2023) 364 final
2023/0208(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le dlíthairiscint nótaí bainc agus monaí euro
{SEC(2023) 257 final} - {SWD(2023) 233 final} - {SWD(2023) 234 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Ba chéim mhór chun tosaigh i lánpháirtiú na hEorpa é teacht an euro mar airgeadra aonair na hEorpa. Is modh ceannasach íocaíochta é airgead tirim in euro, toisc go n‑úsáideann saoránaigh agus miondíoltóirí airgead tirim in euro in idirbhearta laethúla chun íocaíochtaí a dhéanamh nó chun sóinseáil a thabhairt sa limistéar euro. Is é airgead tirim an t‑aon mhodh íocaíochta a cheadaíonn íocaíochtaí díreacha pearsanta, le socraíocht láithreach agus gan baint a bheith ag aon tríú páirtí ná úsáid trealaimh leictreonaigh leis.
Mar thoradh ar fhás na n‑íocaíochtaí leictreonacha, treocht ar chuir COVID‑19 dlús léi, tháinig laghdú ginearálta ar íocaíochtaí airgid thirim agus ciallaíonn an laghdú ar líonraí uathmheaisíní bainc (UMBanna) i roinnt Ballstát go bhfuil rioscaí ann maidir le rochtain ar airgead tirim. Mar sin, tá saincheist raon feidhme agus bhrí stádas dlíthairisceana an airgid thirim níos suntasaí i gclár oibre beartais an Aontais, mar a leagtar amach i Straitéis Íocaíochtaí Miondíola an Choimisiúin agus i bhfianaise rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le déanaí ar an ábhar.
Tá an rialú sin suntasach mar leagann sé amach i ndlí‑eolaíocht na Cúirte na príomhghnéithe de choincheap na dlíthairisceana, nach bhfuarthas go dtí seo ach sa Mholadh ón gCoimisiún an 22 Márta 2010 maidir le raon feidhme agus éifeachtaí dlíthairisceana nótaí bainc agus monaí euro. Cé go dtugann dlí an Aontais stádas na dlíthairisceana go díreach do nótaí bainc agus monaí euro, ní shainmhíníonn dlí príomhúil ná tánaisteach an Aontais coincheap na dlíthairisceana. Ina breithiúnas sna cásanna dlíthairisceana, chinn an Chúirt Bhreithiúnais gur coincheap de dhlí an Aontais é coincheap na ‘dlíthairisceana’ de nótaí bainc euro atá cumhdaithe in Airteagal 128(1) CFAE nach mór léirmhíniú féinrialaitheach agus aonfhoirmeach a thabhairt dó ar fud an Aontais Eorpaigh. Tugtar le tuiscint ó choincheap na dlíthairisceana arna léirmhíniú ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir le nótaí bainc euro: (i) glacadh éigeantach, (ii) ar aghaidhluach iomlán agus (iii) le héifeacht oibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh, mar a leagtar amach i bPointe 1 de Mholadh 2010 ón gCoimisiún.
Chun éifeachtacht stádas dlíthairisceana an airgid thirim a chaomhnú sa chleachtas, tá sé ríthábhachtach éascaíocht rochtana ar airgead tirim in euro a áirithiú, mar mura bhfuil rochtain ag saoránaigh ar airgead tirim, ní bheidh siad in ann íoc leis agus déanfar dochar dá stádas dlíthairisceana iarbhír.
Dá réir sin, áirithítear leis an togra seo go leanann foirm fhisiciúil an airgid bainc cheannais, airgead tirim in euro, de bheith ann, de bheith ar fáil agus de bheith glactha ag cónaitheoirí agus fiontair uile an limistéir euro.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Seachas forálacha ábhartha na gConarthaí (Airteagal 3(1)(c) CFAE agus Airteagail 127 go 133 CFAE), Airteagal 11 de Rialachán 974/98 maidir le tabhairt isteach an euro lena dtugtar stádas dlíthairisceana do mhonaí euro, Moladh 2010 ón gCoimisiún agus an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an euro dhigitigh (a glacadh in éineacht leis an togra seo), níl aon fhoráil bheartais sa réimse beartais ábhartha, i.e. dlí airgeadaíochta mar chuid de bheartas airgeadaíochta an limistéir euro.
Tá an togra seo comhsheasmhach leis na forálacha sin den dlí príomha. Go háirithe, tá an togra seo le haghaidh Rialachán i gcomhréir le Moladh 2010 ón gCoimisiún inar leagadh amach sainmhíniú coiteann ar choincheap na dlíthairisceana. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir an dá fhoirm d’airgead bainc cheannais (euro digiteach agus airgead tirim in euro), déanfar an euro digiteach a rialú ar bhealach comhsheasmhach le dlíthairiscint airgid thirim, gan dochar do na difríochtaí idir na foirmeacha sin den euro. Leis an togra seo, comhlánaítear an togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an euro digiteach, ós rud é gur cheart go gcomhlánódh an euro digiteach airgead tirim agus nár cheart dó teacht ina ionad. Sin é an fáth a bhfuil togra reachtach á dhéanamh ag an gCoimisiún chun a áirithiú go nglacfar le hairgead tirim agus go mbeidh sé ar fáil.
Nuair a ghlacfar é, cuirfear an Rialachán atá beartaithe in ionad Mholadh 2010 ón gCoimisiún, a bheidh gan chuspóir. Léireodh an Coimisiún ansin nach bhfuil feidhm ag an Moladh a thuilleadh.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo i gcomhréir le beartais eile arna saothrú ar leibhéal an Aontais. Go háirithe, tá sé i gcomhréir le Straitéis Íocaíochta Miondíola an Choimisiúin a glacadh i mí Mheán Fómhair 2020.
Tá an togra seo comhsheasmhach freisin leis an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht, lena gcumhdaítear UMBanna, agus le hiarrachtaí beartais an Aontais chun tacú le cuimsiú sóisialta, lena n‑áirítear i gcomhthéacs Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Tá sé d’aidhm aige a áirithiú go bhfuil rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim ag gach duine sa limistéar euro. Tá sé seo ábhartha go háirithe do ghrúpaí leochaileacha a bhíonn ag brath ar airgead tirim a úsáid le haghaidh íocaíochtaí, lena n‑áirítear de ghnáth daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas a bhféadfadh deacracht a bheith acu rochtain a fháil ar íocaíochtaí digiteacha, daoine a bhfuil scileanna digiteacha teoranta agus/nó ioncam teoranta acu. Is gnách gur fearr i bhfad leis na grúpaí sin airgead tirim a úsáid chun a gcuid íocaíochtaí a shocrú ná modhanna íocaíochta leictreonacha. Thairis sin, daoine atá eisiata ó thaobh airgeadais de, amhail daoine gan bhainc, iarrthóirí tearmainn agus imircigh, nach bhféadfaidh a bheith in ann nó toilteanach modhanna íocaíochta arna soláthar ag an earnáil phríobháideach a úsáid, bíonn siadsan ag brath ar airgead tirim mar mhodh íocaíochta freisin. Thairis sin, léiríonn fianaise gurb iad na príomhchúiseanna a roghnaítear airgead tirim ná (i) go meastar go bhfuil sé d’éifeacht aige daoine a dhéanamh níos feasaí maidir lena gcostais féin, agus (ii) go mbreathnaítear ar airgead tirim mar airgead gan ainm (agus dá bhrí sin go gcosnaíonn sé príobháideachas), agus, an tráth céanna, is é an ghné shainiúil atá aige ná íocaíochtaí díreacha a cheadú le socraíocht láithreach gan gá le tríú páirtí. I dtéarmaí airgead tirim a chaomhnú mar rogha íocaíochta, taispeánann staidéar 2022 SPACE ón mBanc Ceannais Eorpach gur mheas 60 % de thomhaltóirí fós go raibh an rogha chun íoc le hairgead tirim tábhachtach nó an‑tábhachtach. Deimhníonn sé ‘d’ainneoin thionchar na paindéime agus na mbeart glasála gaolmhar agus na roghanna féintuairiscithe, ba mhaith le sciar méadaitheach de thomhaltóirí an limistéir euro airgead tirim a bheith acu mar rogha íocaíochta’.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra seo le haghaidh rialachán bunaithe ar Airteagal 133 CFAE, a dhéanann foráil maidir le bearta a ghlacadh, lena n‑áirítear bearta dlí airgeadaíochta, rud is gá chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair. Léirítear le foráil an Chonartha seo an gá atá le prionsabail aonfhoirmeacha a bhunú do na Ballstáit uile a bhfuil an euro mar airgeadra acu, chun leasanna foriomlána an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus an euro mar airgeadra aonair a chosaint.
•Coimhdeacht
I gcomhréir le hAirteagal 5(3) CAE, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta i réimsí a thagann faoi réim inniúlacht eisiach an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 3(1)(c) CFAE, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas i réimse an bheartais airgeadaíochta do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Sa réimse seo, ní féidir le Ballstáit an limistéir euro gníomhaíocht a dhéanamh agus, dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•
Comhréireacht
Tá comhréireacht ina cuid dhílis den mheasúnú tionchair atá ag gabháil leis an togra. Cé go bhféadfadh bearta a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, chun a áirithiú go nglacfar le hairgead tirim nó go mbeidh rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim roinnt ualaí a chur ar na húdaráis atá freagrach as iad a ghlacadh agus ar na páirtithe atá freagrach as iad a chur chun feidhme, ní théann na bearta thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí maidir le glacadh agus rochtain ar airgead tirim a ráthú, agus fágann an togra solúbthacht do na Ballstáit gan bearta a dhéanamh ach amháin nuair a bhíonn gá leo agus na bearta a oiriúnú dá n‑imthosca náisiúnta ar leith. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ní théann an togra seo le haghaidh Rialachán thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun a chuspóirí a bhaint amach, dá bhrí sin.
•
An rogha ionstraime
Is iomchuí an uirlis é Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun rannchuidiú le leabhar rialacha aonair a chruthú, ós rud é go bhfuil sé infheidhme go díreach agus láithreach, rud a fhágann go mbaintear an fhéidearthacht a bhaineann le difríochtaí cur i bhfeidhm i mBallstáit éagsúla de dheasca éagsúlachtaí sa trasuí. Tá an rogha seo i gcomhréir le cuspóir an togra.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Bhí an straitéis chomhairliúcháin lena dtacaítear leis an togra seo comhdhéanta de roinnt tionscnamh:
–Sheol an Coimisiún comhairliúchán spriocdhírithe maidir le euro digiteach an 5 Aibreán 2022 agus cuireadh deireadh leis an 16 Meitheamh 2022. Áiríodh i roinn thiomnaithe den chomhairliúchán sin ceisteanna sonracha maidir le dlíthairiscint airgid thirim. Bhailigh an comhairliúchán spriocdhírithe faisnéis ó speisialtóirí tionscail, soláthraithe seirbhíse íocaíochta (lena n‑áirítear institiúidí creidmheasa, institiúidí íocaíochta agus ríomh‑airgid), soláthraithe bonneagair íocaíochta, forbróirí réitigh íocaíochta, ceannaithe, comhlachais cheannaithe, rialtóirí íocaíochtaí miondíola, agus maoirseoirí, maoirseoirí um sciúradh airgid a chomhrac (AML), aonaid faisnéise airgeadais, agus údaráis agus saineolaithe ábhartha eile chomh maith le heagraíochtaí tomhaltóirí, chun cur leis an measúnú tionchair arna ullmhú ag an gCoimisiún i bhfianaise an togra le haghaidh rialachán maidir le euro digiteach agus an togra seo. Is iad seo a leanas príomhthorthaí na gcomhairliúchán spriocdhírithe: thacaigh eagraíochtaí tomhaltóirí, roinnt comhlachas gnó agus formhór na bhfreagróirí gairmiúla a chuir a dtuairimí in iúl le gníomhaíocht reachtach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus chun stádas dlíthairisceana airgid thirim in euro a chumhdach sa reachtaíocht. Go ginearálta, mhol freagróirí gur cheart gnéithe praiticiúla a chur san áireamh agus eisceachtaí breise á gceadú ón bprionsabal ginearálta maidir le glacadh éigeantach. Ba chosúil go raibh tuairimí measctha ag freagróirí gairmiúla maidir le pionóis riaracháin a sholáthar mar gheall ar neamhghlacadh airgid thirim, ach thacaigh cumainn tomhaltóirí leis an bhforáil seo. Léirigh freagróirí a dtacaíocht leathan don toirmeasc ar fhormhuirir ar íocaíochtaí le nótaí bainc agus monaí euro i gcás rialachán de chuid an Aontais. Ar an iomlán agus i ngach grúpa de pháirtithe leasmhara ábhartha seachas institiúidí airgeadais, thacaigh freagróirí freisin le foráil chun infhaighteacht airgid thirim a ráthú, amhail oibleagáid ar na Ballstáit rialacha a ghlacadh chun rochtain leordhóthanach ar airgead tirim a áirithiú agus na rialacha sin a thuairisciú don Choimisiún agus do BCE, i gcás rialachán de chuid an Aontais. Rinneadh anailís ar na torthaí uile agus breithníodh iad agus an measúnú tionchair agus an togra seo á ndréachtú.
–Bhí an deis ag na Ballstáit a dtuairimí a thabhairt i gcruinnithe éagsúla de chuid an tSainghrúpa um Dhlíthairiscint an Euro (ELTEG). Tacaíodh leis na pléití le comhairliúcháin spriocdhírithe de chuid na mBallstát, agus úsáid á baint as ceistneoirí. Deimhníodh i bpléití ELTEG go bhfuil éiginnteacht dhlíthiúil ann maidir le dlíthairiscint airgid thirim in euro agus cur i bhfeidhm éagsúil a bprionsabal sa limistéar euro. Shainaithin ELTEG raon saincheisteanna maidir le glacadh agus infhaighteacht airgid thirim ar an talamh, agus áirítear ina thuarascáil chríochnaitheach sraith 25 phrionsabal maidir le dlíthairiscint airgid thirim a cuireadh san áireamh agus an togra seo á dhréachtú.
–An 7 Samhain 2022, d’eagraigh an Coimisiún comhdháil ardleibhéil ar an euro digiteach, lenar tugadh le chéile ionadaithe ó údaráis náisiúnta agus ón Aontas, FPEnna, ionadaithe ón earnáil phríobháideach agus ón tsochaí shibhialta agus an lucht acadúil. Tarraingíodh anuas impleachtaí an euro dhigitigh d’airgead tirim in euro roinnt uaireanta, rud a chuir i dtábhacht go príomha go gcomhlánódh an euro digiteach airgead tirim.
–Le linn an phróisis, bhí dlúthbhaint ag BCE le pléití ar an leibhéal teicniúil.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Baineadh úsáid as roinnt ionchur agus foinsí saineolais agus an tionscnamh seo á ullmhú, lena n‑áirítear na nithe seo a leanas:
–Fianaise arna soláthar trí na comhairliúcháin éagsúla a liostaítear thuas.
–Tuarascáil chríochnaitheach ELTEG III.
–Tuarascáil 2022 an Bhoird um Íocaíochtaí Miondíola Euro (ERPB).
–Suirbhéanna agus páipéir oibre, doiciméid inmheánacha oibre agus staitisticí de chuid BCE.
–Taighde ón gCoimisiún.
•Measúnú tionchair
Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra seo, rud a cuireadh faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála (RSB) den chéad uair an 14 Deireadh Fómhair 2022. D’eisigh an Bord tuairim dhiúltach ina leith an 18 Samhain 2022. Cuireadh an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird arís an 23 Márta 2023 agus rinneadh é a fhormheas an 25 Aibreán 2023. Agus aghaidh á tabhairt ar bharúlacha an Bhoird, soiléirítear sa mheasúnú tionchair an nasc idir an tionscnamh maidir leis an euro digiteach agus an tionscnamh maidir le dlíthairiscint airgid thirim, sonraítear ann na gnéithe sonracha den tionscnamh maidir le dlíthairiscint airgid thirim, agus go háirithe maidir le rochtain ar airgead tirim, agus léiríonn sé a thábhachtaí atá na costais do bhainc a bhaineann le bearta ionchasacha an Aontais amhail UMBanna a thabhairt isteach arís.
Tá dhá phríomhghné ag baint le dlíthairiscint airgid thirim: glacadh le hairgead tirim agus rochtain a fháil air. In éagmais gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais, leanfaidh a mhéid a ghlacfaidh fiontair le hairgead tirim agus cumas na saoránach agus na bhfiontar rochtain leordhóthanach a fháil ar airgead tirim de bheith fo‑optamach agus athraitheach ar fud an limistéir euro, mar gheall ar easpa comhchur i bhfeidhm agus léirmhíniú coiteann ar choincheap na dlíthairisceana.
Déileáiltear le hairgead tirim a ghlacadh i ndlí‑eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus déantar na gnéithe a bhaineann le glacadh airgid thirim a chumhdaítear i rialú CBAE a chódú agus a shoiléiriú sa togra seo. Is iad sin: glacadh éigeantach i bprionsabal, ar aghaidhluach iomlán, agus an chumhacht chun oibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh. Moltar sa mheasúnú tionchair freisin gur cheart soiléirithe níos mionsonraithe maidir le brí na dlíthairisceana a mheas don togra dlíthiúil chun breisluach agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, agus dlí‑eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á urramú san am céanna. Thairis sin, is é conclúid an mheasúnaithe tionchair ná gur cheart faireachán a dhéanamh ar leibhéil glactha airgid thirim, lena n‑áirítear leitheadúlacht eisiamh ex ante aontaobhach airgid thirim, agus gur cheart bearta a dhéanamh mura n‑áirithítear glacadh le hairgead tirim.
Toisc go mbaineann na hábhair seo le raon feidhme, le héifeachtaí agus le heisceachtaí na bpríomhghnéithe de choincheap na dlíthairisceana a chumhdaítear i ndlí‑eolaíocht na Cúirte, is ábhar soiléirithe agus códaithe den chuid is mó é reachtaíocht a dhéanamh ar na hábhair sin ar mhaithe le comhleanúnachas agus reachtóireacht níos fearr, gan mórán solúbthachta le haghaidh rogha beartais.
I ndáil le rochtain ar airgead tirim, tá raon feidhme ann le haghaidh rogha beartais i ndáil le cineál agus foirm na gníomhaíochta atá le déanamh, agus dá bhrí sin déantar anailís ar na gnéithe sin i mboscaí ar feadh an mheasúnaithe tionchair. Chun gur féidir airgead tirim a úsáid mar mhodh éifeachtach íocaíochta, ba cheart rochtain ar sheirbhísí éagsúla airgid thirim a áirithiú, go háirithe aistarraingtí airgid thirim agus taiscí in airgead tirim ar chuntais íocaíochta institiúidí creidmheasa. Cumasaíonn na seirbhísí sin airgead tirim a chur i gcúrsaíocht idir gníomhaithe éagsúla sa tsochaí.
Sainaithníodh sa mheasúnú tionchair sciar méadaitheach (idir 2016 agus 2019) de na saoránaigh a léirigh imní faoi rochtain ar UMBanna, agus staid ilchineálach a bhí achrannach uaireanta maidir le rochtain ar airgead tirim i measc na mBallstát. Dá réir sin, tá an baol ann nach mbeifear in ann a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach duine sa limistéar euro ar sheirbhísí bunúsacha airgid thirim ar choinníollacha réasúnacha, go háirithe praghas agus fad. D’fhéadfadh sé go n‑eiseofaí grúpaí leochaileacha atá spleách ar íocaíochtaí airgid thirim dá bharr sin, agus d’fhéadfadh go gcreimfí agus go gcaillfí de réir a chéile éifeachtacht stádas an airgid thirim mar dhlíthairiscint, ach freisin mar mhodh íocaíochta teagmhasach féideartha i gcásanna géarchéime. Thairis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbreathnaíonn roinnt mhaith daoine ar airgead tirim mar mhodh íocaíochta lena ngabhann sochair shóisialta, a sholáthraíonn forbhreathnú soiléir ar chostais, le leibhéil arda éascaíochta ó thaobh úsáide, tapúlachta, sábháilteachta agus anaithnideachta/príobháideachais i gcúrsaí airgeadais.
Sainaithníodh dhá rogha maidir le hábhair a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar an rochtain ar airgead tirim: 1) ionstraim dlí bhoig (e.g. Moladh ón gCoimisiún), nó 2) oibleagáid atá ceangailteach ó thaobh dlí ar na Ballstáit sa Rialachán atá beartaithe maidir le dlíthairiscint airgid thirim atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit. Ní cheadófaí léirmhíniú aonfhoirmeach ar phríomhphrionsabail na dlíthairisceana airgid thirim dá roghnófaí an chéad rogha. Ní thabharfadh sé sin aghaidh ach go páirteach ar an gcuspóir rochtain leordhóthanach ar airgead tirim a áirithiú agus dá nglacfaí le rochtain neamh‑leordhóthanach i gcodanna den limistéar euro, d’fhéadfaí éifeachtacht stádas dlíthairisceana an airgeadra aonair a chreimeadh. Tagtar ar an gconclúid sa mheasúnú tionchair gurb í an dara rogha an rogha thosaíochta maidir le rochtain ar airgead tirim, rud a d’áiritheodh comhleanúnachas sa láimhseáil rialála ar an dá fhoirm den euro. Ba cheart do na Ballstáit údarás náisiúnta inniúil amháin nó níos mó a ainmniú ag a mbeadh cumhachtaí formhaoirseachta agus rialála ar ghníomhaíochtaí margaidh thionscal an airgid thirim, agus ba cheart dóibh faireachán a dhéanamh ar rochtain ar airgead tirim agus ar sheirbhísí gaolmhara airgid thirim. Beidh freagracht ar na Ballstáit measúnú dian a dhéanamh ar cad a chiallaíonn rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ina gcomhthéacs tír‑shonrach (i.e. éileamh ar rochtain ar airgead tirim a chur san áireamh freisin), agus an méid gníomhaíochta is gá a dhéanamh chun é a ráthú. Bheadh an Coimisiún in ann anailís a dhéanamh ar cé acu a bhí nó nach raibh na bearta a glacadh i gcomhréir le cur chuige coiteann an rialacháin agus le measúnuithe na mBallstát ar na riachtanais ina gcríocha. Agus a anailís á déanamh aige, rachadh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach. Dá bhrí sin, d’áiritheofaí leis an rogha seo go ndéanfaí stádas dlíthairisceana an airgid thirim in euro a chosaint go héifeachtach agus go comhleanúnach ar fud an limistéir euro.
Ós rud é go mbeadh ar na Ballstáit na bearta a dhéanfaidís chun rochtain ar airgead tirim a áirithiú a shonrú a thuilleadh, na caighdeáin gheografacha leordhóthanacha a shainmhíniú le haghaidh ceanglais rochtana ar UMBanna a fhreagraíonn dá riachtanais daonra agus dá sainiúlachtaí ar leibhéal na seirbhíse, agus measúnú a dhéanamh ar na soláthraithe seirbhíse íocaíochta a thagann faoi réim na gceanglas rochtana agus na moltaí, chinnfí na himpleachtaí costais a d’fhéadfadh a bheith ann de réir na riachtanas ar an talamh agus chinntí comhfhreagracha na mBallstát. Má tá rochtain ar airgead tirim fós leordhóthanach i mBallstát, ní bheadh gá le bearta sa Bhallstát sin agus mar sin ní bheadh aon chostas breise ar na bainc. I mBallstáit ina bhfuil an rochtain ar airgead tirim dulta in olcas go suntasach cheana féin d’fhéadfadh costais a bheith ann do bhainc atá bainteach le leibhéal leordhóthanach rochtana ar airgead tirim a athbhunú, ach bheadh méid na gcostas sin ag brath ar chinntí na n‑údarás náisiúnta maidir le leibhéil leordhóthanacha agus éifeachtacha rochtana, agus freisin i gcás go nglacfadh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme. Ar an dóigh sin, ní chuirfeadh an Rialachán de chuid an Aontais costais go díreach ar bhainc ná ar mhiondíoltóirí.
Níl coinne leis go mbeidh aon tionchar ag an togra seo ar an gcomhshaol, agus tá sé i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach. Mar a leagtar amach thuas, tá coinne leis go mbeidh tionchar sóisialta dearfach ag an togra, trí fheabhas a chur ar chuimsiú sóisialta na ngrúpaí leochaileacha a bhíonn ag brath níos mó ar airgead tirim de ghnáth nó a bhíonn eisiata ó mhodhanna íocaíochta leictreonacha a úsáid.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní tionscnamh de chuid REFIT é an tionscnamh seo. Níl sé bunaithe ar mheastóireacht ar aon Rialachán atá ann cheana.
Beidh an tionscnamh seo neodrach den chuid is mó ó pheirspictíocht ceann‑istigh ceann‑amuigh. Níl aon reachtaíocht AE ann faoi láthair maidir le dlíthairiscint airgid thirim, mar sin níl aon chostas riaracháin ann a d’fhéadfaí a shábháil sa réimse seo.
Ní ghearrann an tionscnamh seo aon chostas riaracháin nua agus mór, i.e. ceanglais shonracha maidir le lipéadú, tuairisciú nó clárúcháin, arbh ghá iad a fhritháireamh le coigilteas costais in áiteanna eile.
•Cearta bunúsacha
Tá an tionscnamh i gcomhréir le cearta bunúsacha. Urramaíonn sé na cearta bunúsacha um shaoirse fiontraíochta (atá cumhdaithe in Airteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh) agus an ceart bunúsach um chosaint tomhaltóirí (Airteagal 38).
A mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha ábhartha eile, tá údar maith leis na teorainneacha a d’fhéadfadh leanúint as an Rialachán seo de dheasca cuspóirí leasa ghinearálta, agus urramaíonn na teorainneacha sin inneachar sár‑riachtanach na gceart agus comhlíonann siad prionsabal na comhréireachta.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon impleacht bhuiséadach ag an Rialachán seo.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Áirítear sa togra plean ginearálta chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin. Ceanglófar ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar oibriú agus ar éifeachtaí an Rialacháin seo agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis is gá a sholáthar don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Ábhar agus raon feidhme (Airteagail 1 agus 2)
Déantar foráil sa togra maidir le rialacha mionsonraithe maidir le raon feidhme agus éifeachtaí na dlíthairisceana airgid thirim agus maidir le rochtain ar nótaí bainc agus monaí euro. Rialaíonn na rialacha socraíocht fiachais airgid a mhéid ar féidir iad a shocrú in airgead tirim, i gcás ina bhfuil oibleagáid íocaíochta ann. Áirítear sa togra freisin rialacha maidir le díolúintí inghlactha, rialacha maidir le faireachán a dhéanamh ar ghlacadh airgid thirim agus go háirithe leitheadúlacht eisiamh ex ante aontaobhach airgid thirim sa limistéar euro, agus foráil chun rochtain éifeachtach ar airgead tirim a áirithiú.
Sainmhíniú ar dhlíthairiscint agus eisceachtaí (Airteagail 4, 5 agus 6)
Leagtar amach sa togra, den chéad uair sa reachtaíocht thánaisteach, sainmhíniú agus rialachán ar dhlíthairiscint ar airgead tirim. Go dtí an tráth seo ní shainmhínítear ‘dlíthairiscint’ ach amháin i Moladh an Choimisiúin ó 2010 agus i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais i gCásanna Uamtha C‑422/19 agus C‑423/19, a léirmhíníonn coincheap na dlíthairisceana atá in Airteagal 128(1) CFAE le haghaidh nótaí bainc euro. I gcomhréir leis an gcásdlí sin, sainmhínítear in Airteagal 4 dlíthairiscint airgid thirim mar choincheap ina mbíonn glacadh éigeantach, ar aghaidhluach iomlán, agus an chumhacht chun oibleagáid íocaíochta a chomhlíonadh i gceist. Ní dhiúltóidh íocaí d’airgead tirim in euro a thairgtear mar íocaíocht mura rud é go bhfuil modh íocaíochta eile comhaontaithe ag na páirtithe nó go bhfuil feidhm ag eisceacht.
Leagtar amach in Airteagal 5 na coinníollacha faoina bhféadfaí diúltú go dlíthiúil d’airgead tirim a ghlacadh in euro; ní mór diúltú den sórt sin a dhéanamh de mheon macánta agus ní mór dó a bheith bunaithe ar fhorais dhlisteanacha agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta i bhfianaise na n‑imthosca coincréiteacha ina bhfuil íocaíocht le déanamh. Is ar an íocaí atá an dualgas cruthúnais go bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh maidir le heisceachtaí imthoisceacha de mheon macánta den sórt sin. Leagtar amach in Airteagal 5 dhá fhoras dhlisteanacha ar a bhféadfar airgead tirim in euro a dhiúltú ar an mbonn sin i liosta neamh‑uileghabhálach, is é sin nótaí bainc a thairiscint ar follasach go bhfuil a luach díréireach le luach an mhéid atá le socrú, agus i gcásanna eisceachtúla i gcás, an tráth iomchuí, nach bhfuil aon sóinseáil ar fáil ag an bhfiontar nó mura mbeadh a dhóthain sóinseála ar fáil ag an bhfiontar de thoradh na híocaíochta sin chun a ghnáth‑idirbhearta a dhéanamh.
Le hAirteagal 6 cumhachtaítear an Coimisiún eisceachtaí breise de chineál an dlí airgeadaíochta a ghlacadh ón bprionsabal maidir le glacadh éigeantach trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Ba cheart údar maith a bheith leis na heisceachtaí sin agus ba cheart iad a bheith comhréireach, níor cheart dóibh dochar a dhéanamh d’éifeachtúlacht stádas dlíthairisceana airgid thirim in euro, agus níor cheart iad a cheadú ach amháin ar choinníoll go bhfuil bealaí eile ar fáil chun fiachais airgeadaíochta a íoc.
Glacadh le híocaíochtaí in airgead tirim (Airteagal 7)
Tá sé d’aidhm ag Airteagal 7 a áirithiú nach ndéantar dochar do phrionsabal bunúsach dlíthairisceana an ghlactha éigeantaigh mar gheall ar leibhéil fhorleathana neamh‑ghlactha airgid thirim trí bhíthin eisiamh aontaobhach agus ex ante airgid thirim ag fiontair.
Bheadh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar leibhéal na n‑eisiamh ex ante aontaobhach ar íocaíochtaí in airgead tirim agus a áirithiú go nglacfaí le hairgead tirim, rud a chomhlíonfadh an prionsabal maidir le glacadh éigeantach le hairgead tirim mar a leagtar amach in Airteagal 4. Bheadh ar na Ballstáit a measúnú a thuairisciú don Choimisiún agus don Bhanc Ceannais Eorpach gach bliain. Má mheastar go ndéanann leibhéil neamh‑ghlactha airgid thirim dochar don ghlacadh éigeantach le nótaí bainc agus monaí euro, bheadh ar na Ballstáit bearta feabhais a ghlacadh.
Rochtain ar airgead tirim (Airteagal 8)
Le hAirteagal 8 bunaítear an oibleagáid atá ar na Ballstáit rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim a áirithiú ar fud a gcríoch, ina réigiúin uile, lena n‑áirítear limistéir uirbeacha agus neamhuirbeacha. Éilítear é sin chun éifeachtacht na dlíthairisceana airgid thirim in euro a chosaint sa chleachtas.
Bheadh oibleagáid ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar an rochtain ar airgead tirim. Bheadh orthu freisin measúnú bliantúil a dhéanamh ar an staid ina gcríoch agus a measúnú a thuairisciú don Choimisiún agus don Bhanc Ceannais Eorpach. Mura n‑áirithítear rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim, bheadh ar na Ballstáit bearta feabhais a ghlacadh.
Gnéithe nós imeachta (Airteagal 9)
Tá sé d’aidhm ag an airteagal seo na gnéithe nós imeachta a leagan amach chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 a chur chun feidhme go héifeachtach. I ndáil leis sin, tá sé de cheangal ar na Ballstáit uile údarás náisiúnta inniúil amháin nó níos mó a ainmniú, ag a mbeadh na cumhachtaí riaracháin agus rialála is gá a mhéid a bhaineann le glacadh le híocaíochtaí in airgead tirim agus le rochtain ar airgead tirim.
Bheadh na húdaráis náisiúnta inniúla ainmnithe i dteideal measúnú a dhéanamh más rud é nach ndéantar dochar don phrionsabal maidir le glacadh éigeantach le hairgead tirim de bharr leibhéil fhorleathana neamh‑ghlactha airgid thirim trí eisiamh aontaobhach agus ex ante airgid thirim ag fiontair, agus más rud é go bhfuil rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim i gcríocha na mBallstát. Beidh an measúnú bunaithe ar thacar comhtháscairí arna nglacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Dhéanfaí an measúnú sin a thuairisciú don Choimisiún mar a fhoráiltear in Airteagal 13. Dá ndéanfadh na Ballstáit bearta feabhais maidir lena n‑oibleagáidí, mar a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8, bheadh gá leis na bearta feabhais sin a chur in iúl sa tuarascáil bhliantúil. Ní cheanglófaí ar na Ballstáit bearta cur chun feidhme a ghlacadh má léiríonn a measúnú nach ndéantar dochar don phrionsabal maidir le glacadh éigeantach le hairgead tirim mar gheall ar leibhéil fhorleathana neamh‑ghlactha airgid thirim trí eisiamh aontaobhach agus ex ante airgid thirim ag fiontair, agus má áirithítear rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim ar a gcríoch.
I gcás inar dealraitheach, áfach, go bhfuil gníomhaíochtaí Ballstáit neamh‑leordhóthanach nó má mheasann an Coimisiún nach bhfuil glacadh íocaíochtaí airgid thirim agus/nó rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim i mBallstát i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 d’ainneoin thorthaí na tuarascála bliantúla, cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena bhforáiltear do bhearta leordhóthanacha agus comhréireacha ar cheart don Bhallstát lena mbaineann a ghlacadh.
Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme (Airteagail 10, 11)
Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. In Airteagal 10 soiléirítear an nós imeachta a bheidh le leanúint nuair a ghlacfar gníomhartha tarmligthe, mar a shonraítear in Airteagal 6.
Cuirtear in iúl in Airteagal 11 go dtabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún i ndáil leis an nós imeachta maidir le gníomh cur chun feidhme a shonraítear in Airteagal 9.
Pionóis (Airteagal 12)
Chun a áirithiú go ndéanfar forálacha an Rialacháin a fhorfheidhmiú, agus an tráth céanna leibhéal solúbthachta a cheadú do na Ballstáit maidir le cineál na bpionós is infheidhme, foráiltear le hAirteagal 12 go leagfaidh na Ballstáit rialacha síos i ndáil leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán.
Tuairisciú (Airteagal 13)
Foráiltear le hAirteagal 13 go ndéanfaidh gach Ballstát tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiún agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir leis na heisceachtaí ó ghlacadh éigeantach agus lena gcur i bhfeidhm, maidir le sonraí mionsonraithe agus anailís ar staid an Bhallstáit a mhéid a bhaineann le rochtain ar airgead tirim agus glacadh airgid thirim, agus na bearta feabhais atá le déanamh de bhun Airteagail 7 agus 8, agus maidir leis na pionóis a cuireadh chun feidhme.
Leigheasanna (Airteagal 14)
Le hAirteagal 14, ceanglaítear ar na Ballstáit daoine nádúrtha agus fiontair a chur ar an eolas faoi na bealaí agus na leigheasanna atá acu chun gearáin a thaisceadh leis na húdaráis inniúla faoi chásanna ina ndiúltaítear go neamhdhleathach airgead tirim a ghlacadh agus faoi rochtain neamh‑leordhóthanach ar airgead tirim.
Idirghníomhaíocht idir nótaí bainc agus monaí euro agus an euro digiteach (Airteagal 15)
Le hAirteagal 15, ceanglaítear go ndéanfar airgead tirim agus an euro digiteach a chomhshó ina chéile ar par, agus chun amhras a sheachaint tugtar an ceart don íocóir rogha a dhéanamh íoc in airgead tirim nó in euro digiteach i gcás ina mbeidh feidhm ag an nglacadh éigeantach leis an dá cheann i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n‑áirítear go háirithe na forálacha sin a dhéanann difear do ghlacadh éigeantach (i.e. Airteagail 4, 5, 6 agus 7), agus leis an Rialachán maidir leis an euro digiteach.
Athbhreithniú (Airteagal 16)
Foráiltear le hAirteagal 16 go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm agus go dtabharfaidh sé tuairisc don Pharlaimint agus don Chomhairle. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis is gá a sholáthar don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú.
Teacht i bhfeidhm (Airteagal 17)
Tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2023/0208 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le dlíthairiscint nótaí bainc agus monaí euro
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 133 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)De réir Airteagal 3(1), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá inniúlacht eisiach ag an Aontas a mhéid a bhaineann le beartas airgeadaíochta do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
(2)De bhun Airteagal 128(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle, is ag na nótaí bainc euro, agus ag na nótaí bainc sin amháin, a mbeidh stádas dlíthairisceana sna Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu. De bhun Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 974/98, is iad monaí euro na monaí amháin a bhfuil stádas dlíthairisceana acu sna Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
(3)Sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le raon feidhme agus éifeachtaí dlíthairisceana nótaí bainc agus monaí euro, déantar foráil maidir le sainmhíniú coiteann ar dhlíthairiscint nótaí bainc agus monaí euro.
(4)I mbreithiúnas an 26 Eanáir 2021, shoiléirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur coincheap de dhlí an Aontais é an coincheap ‘dlíthairisceana’ atá luaite in Airteagal 128(1) CFAE nach mór léirmhíniú féinrialaitheach agus aonfhoirmeach a thabhairt dó ar fud an Aontais. Ar an dara dul síos, chinn an Chúirt go gciallaíonn an coincheap ‘dlíthairisceana’ modh íocaíochta atá ainmnithe in aonad airgeadra ‘nach féidir an modh íocaíochta sin a dhiúltú go ginearálta chun fiachas atá ainmnithe san aonad airgeadra céanna a shocrú, ar a aghaidhluach iomlán, agus gan formhuirir don íocóir, leis an éifeacht an fiachas a urscaoileadh’. Ar an tríú dul síos, luaigh an Chúirt go bhféadfadh, i bprionsabal, oibleagáid maidir le nótaí bainc agus monaí euro a ghlacadh a bheith srianta, i bprionsabal, ag na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu ar mhaithe le leas an phobail agus de bhun a n‑inniúlachtaí lasmuigh de réimse an dlí agus bheartais airgeadaíochta agus inniúlachtaí eisiacha eile an Aontais, ar choinníoll go bhfuil údar maith leis na srianta sin mar gheall ar chuspóir leasa phoiblí agus go bhfuil siad comhréireach leis.
(5)Féadfar diúltú go heisceachtúil do ghlacadh le nótaí bainc agus le monaí euro arna dtairiscint mar mhodh íocaíochta má dhéantar an diúltú de mheon macánta, bunaithe ar fhorais dhlisteanacha agus imthosca coincréiteacha, nach bhfuil smacht ag an íocaí orthu, agus má tá an diúltú comhréireach. Mar shampla, is féidir údar maith a bheith leis an diúltú más rud é, chun fiachas airgeadaíochta a shocrú, go bhfuil an nóta bainc euro arna thairiscint díréireach i gcomparáid leis an méid atá dlite don íocaí, amhail nóta bainc 200 euro a thairiscint chun fiachas is lú ná 5 euro a shocrú. I gcomhréir le Rialachán 974/98 ón gComhairle, ach amháin i gcás an údaráis eisiúna agus na ndaoine sin atá ainmnithe go sonrach le reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit eisiúna, níor cheart go mbeadh oibleagáid ar aon pháirtí glacadh le níos mó ná 50 mona in aon íocaíocht aonair.
(6)Chun a áirithiú nach ndéantar dochar, go héifeachtach, don phrionsabal maidir le glacadh éigeantach le híocaíochtaí i nótaí bainc agus i monaí euro mar gheall ar dhiúltú forleathan struchtúrach íocaíochtaí airgid thirim, is gá do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar leibhéal na n‑eisiamh ex ante aontaobhach ar íocaíochtaí in airgead tirim nuair a dhéantar idirbhearta in áitribh fhisiceacha. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar leibhéal na n‑eisiamh ex ante aontaobhach íocaíochtaí in airgead tirim nuair a dhéantar íocaíochtaí in áitribh fhisiceacha ar fud a gcríoch, ina réigiúin éagsúla uile, lena n‑áirítear limistéir uirbeacha agus neamhuirbeacha, ar bhonn comhtháscairí a cheadaíonn comparáidí idir na Ballstáit. Más rud é, i bhfianaise a measúnaithe, go n‑áirithítear go nglacfar le híocaíochtaí in airgead tirim ar a gcríoch, ní bheadh ar na Ballstáit bearta sonracha a ghlacadh i ndáil lena n‑oibleagáid faoi seach. Bheadh orthu leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar an gcás, áfach. Má thagann Ballstát ar an gconclúid go ndéanann eisiamh ex ante aontaobhach airgid thirim dochar do ghlacadh éigeantach íocaíochtaí i nótaí bainc agus i monaí euro ina chríoch uile nó i gcuid di, ba cheart don Bhallstát sin bearta éifeachtacha agus comhréireacha a ghlacadh chun an staid a leigheas, amhail toirmeasc nó srianta ar eisiamh ex ante aontaobhach airgid thirim ina chríoch uile nó i gcodanna di, mar shampla i limistéir thuaithe, nó in earnálacha áirithe a mheastar a bheith fíor‑riachtanach amhail oifigí poist, ollmhargaí, cógaslanna nó cúram sláinte, nó ar chineálacha áirithe íocaíochtaí a mheastar a bheith fíor‑riachtanach.
(7)D’fhonn cur chun feidhme éifeachtach a dhéanamh ar a n‑oibleagáid chun rochtain atá leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar an leibhéal rochtana ar airgead tirim ar fud a gcríoch, ina réigiúin éagsúla uile, lena n‑áirítear limistéir uirbeacha agus neamhuirbeacha, ar bhonn comhtháscairí lena bhféadfaí comparáid a dhéanamh idir na Ballstáit. D’fhéadfaí a áireamh ar chomhtháscairí tosca a dhéanann difear don rochtain ar airgead tirim, amhail dlús pointí rochtana ar airgead tirim i ndáil le daonra, coinníollacha maidir le haistarraingt agus cur i dtaisce, lena n‑áirítear táillí, gur ann de líonraí éagsúla ag a bhfuil módúlachtaí rochtana éagsúla do chustaiméirí, éagsúlachtaí tuaithe‑uirbeacha agus socheacnamaíocha, agus deacrachtaí rochtana do ghrúpaí daonra áirithe. Más rud é, i bhfianaise a measúnaithe, go meastar go bhfuil an rochtain ar airgead tirim leordhóthanach agus éifeachtach ina gcríoch, ní bheadh ar na Ballstáit bearta sonracha a ghlacadh i ndáil lena n‑oibleagáid faoi seach. Bheadh orthu leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar an gcás, áfach. I gcás ina gcinnfidh Ballstát nach bhfuil an rochtain ar airgead tirim leordhóthanach ná éifeachtach ina chríoch iomlán nó i gcuid di, nó go bhfuil sé i mbaol dul in olcas in éagmais gníomhaíochta, ba cheart bearta feabhais iomchuí a dhéanamh chun an cás a leigheas, amhail ceanglais rochtana tíreolaíochta maidir le soláthraithe seirbhíse íocaíochta a sholáthraíonn seirbhísí aistarraingthe airgid thirim chun seirbhísí airgid thirim a choinneáil ag líon leordhóthanach dá n‑oifigí brainse ina ndéanann siad gnó, nó trí ghníomhaire ceaptha d’institiúidí creidmheasa ar líne amháin, nó dlús leordhóthanach d’uathmheaisíní bainc (UMBanna) ina ndéanann siad gnó ag cur san áireamh scaipeadh geografach leathan i ndáil le daonra, agus ag cur san áireamh an fhéidearthacht maidir le UMBanna a chomhthiomsú. D’fhéadfaí a áireamh ar bhearta feabhais eile moltaí a dhíríonn ar institiúidí neamhchreidmheasa, amhail oibreoirí UMB neamhspleácha, miondíoltóirí nó oifigí poist, a spreagadh chun cur le seirbhísí airgid thirim na mbanc.
(8)Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun glacadh le gníomhartha cur chun feidhme maidir le sraith de chomhtháscairí lena bhfuil feidhm ghinearálta san limistéar euro, lena gceadófaí do na Ballstáit faireachán agus measúnú a dhéanamh go héifeachtach ar ghlacadh le híocaíochtaí airgid agus ar an rochtain ar airgead tirim ar fud a gcríoch, ina réigiúin éagsúla uile, lena n‑áirítear limistéir uirbeacha agus neamhuirbeacha. I bhfianaise ullmhúchán gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.
(9)Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a dhíríonn ar Bhallstát sonrach i gcás ina ndealraítear go bhfuil na bearta atá molta ag an mBallstát sin neamh‑leordhóthanach, nó i gcásanna ina bhfuil, in ainneoin chinntí na tuarascála bliantúla a sheol an Ballstát sin, dochar á dhéanamh ag eisiaimh ex ante aontaobhacha airgid thirim don phrionsabal maidir le glacadh éigeantach le híocaíochtaí i nótaí bainc agus monaí euro agus/nó i gcás nach bhfuil an rochtain ar airgead tirim leordhóthanach ná éifeachtach. Chun gníomh cur chun feidhme den sórt sin a dhéanamh d’fhéadfaí go gceanglófaí ar an mBallstát lena mbaineann bearta a dhéanamh amhail na cinn a leagtar amach in aithrisí 7 agus 8, nó bearta a measadh a bheith éifeachtach i mBallstáit eile chun a áirithiú nach ndéantar dochar don phrionsabal maidir le glacadh éigeantach le híocaíochtaí in airgead tirim ná don phrionsabal maidir le rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim.
(10)I gcomhréir le prionsabal an chomhair dháiríre, ba cheart don Choimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus na húdaráis náisiúnta inniúla ainmnithe ag a bhfuil na cumhachtaí a éilítear a mhéid a bhaineann le glacadh le híocaíochtaí in airgead tirim agus rochtain ar airgead tirim, agus na cumhachtaí ar ghníomhaíochtaí margaidh a bhaineann le hairgead tirim de thionscal an airgid thirim, dul i gcomhar go dlúth le chéile maidir le saincheisteanna a bhaineann le glacadh le híocaíochtaí in airgead tirim agus rochtain ar airgead tirim. Ba cheart idirphlé tráthrialta idir na hinstitiúidí agus na húdaráis seo, bunaithe go háirithe ar na tuarascálacha bliantúla a chuir na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, a bheith dírithe ar chásanna forleathana d’eisiaimh ex ante aontaobhacha airgid thirim agus rochtain neamh‑leordhóthanach ar airgead tirim a shainaithint i gcríocha náisiúnta nó réigiúin shonracha. Bheadh sé d’aidhm aige freisin bearta feabhais a dhearadh agus a ghlacadh ar cheart do na Ballstáit iad a ghlacadh chun a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le glacadh le hairgead tirim agus rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim a áirithiú.
(11) Chun a áirithiú go bhféadfaí eisceachtaí breise ón nglacadh éigeantach le hairgead tirim in euro a thabhairt isteach ag céim níos déanaí má éilítear orthu, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eisceachtaí breise a thabhairt isteach i ndáil leis an bprionsabal maidir le glacadh éigeantach le híocaíochtaí don limistéar euro ina iomláine. Ní fhéadfaidh an Coimisiún eisceachtaí breise den sórt sin a ghlacadh ach amháin má tá gá leo, más rud é go bhfuil siad i gcomhréir lena aidhm, agus má dhéanann siad éifeachtacht stádas dlíthairisceana an airgid thirim in euro a chosaint. Ba cheart an chumhacht a thugtar don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le heisceachtaí breise ón nglacadh éigeantach le hairgead tirim in euro a thabhairt isteach a bheith gan dochar don fhéidearthacht do na Ballstáit, de bhun a gcumhachtaí féin i réimsí ina bhfuil inniúlacht arna roinnt, chun glacadh le reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar isteach eisceachtaí do ghlacadh éigeantach a eascraíonn as an dlíthairiscint i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa bhreithiúnas i gCásanna Uamtha C‑422/19 agus C‑423/19. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(12)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis na forálacha i ndáil le glacadh le híocaíochtaí in airgead tirim agus rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid maidir le glacadh na ngníomhartha cur chun feidhme i ndáil le glacadh le hairgead tirim agus rochtain a fháil air toisc go mbaineann siad le bearta ag a bhfuil ísealtionchar, is é sin táscairí chun faireachán a dhéanamh ar ghlacadh le hairgead tirim agus rochtain a fháil air, nó gníomhartha a dhíríonn ar na Ballstáit aonair a bhféadfadh go mbeadh orthu bearta iomchuí a ghlacadh, in imthosca áirithe, a bheadh i gcomhréir le sainiúlachtaí a gcríoch náisiúnta, a réigiún agus a limistéar uirbeach, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(13)Áirithítear leis an Rialachán seo urramú iomlán don cheart bunúsach um shaoirse fiontraíochta agus an ceart bunúsach um chosaint tomhaltóirí a dhaingnítear in Airteagail 16 agus 38 faoi seach de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Baineann an Rialachán seo leis an modh íocaíochta is mó a roghnaítear san airgeadra ag a bhfuil dlíthairiscint, a fhéadfaidh saoránaigh a roghnú go dlisteanach chun fiachas orthu a ghlanadh. Dá bhrí sin, ní bhaineann na bearta sa Rialachán seo ach leis an mbealach a fhaigheann fiontair íocaíochtaí. Dá bhrí sin, tá an bac ar chearta bunúsacha indíreach agus an‑teoranta. Tá údar leis mar gheall ar an gcuspóir leasa ghinearálta maidir le héifeachtacht na dlíthairisceana a áirithiú, agus tá sé comhréireach leis an gcuspóir sin.
(14)Tá cion na n‑íocaíochtaí in airgead tirim níos airde i gcomparáid le cion na n‑íocaíochtaí leictreonacha le haghaidh grúpaí leochaileacha áirithe lena n‑áirítear aoisghrúpaí níos sine, daoine faoi míchumas, agus daoine ag a bhfuil scileanna digiteacha teoranta agus leibhéil ioncaim níos ísle. Tá an togra seo i gcomhréir leis an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht, lena gcumhdaítear uathmheaisíní bainc (UMBanna). Thairis sin, daoine atá eisiata ó thaobh airgeadais de, amhail daoine gan bhainc, iarrthóirí tearmainn agus imircigh, nach bhféadfaidh a bheith in ann nó toilteanach modhanna íocaíochta arna soláthar ag an earnáil phríobháideach a úsáid, bíonn siadsan ag brath ar airgead tirim mar mhodh íocaíochta. Meastar go soláthraítear le hairgead tirim forbhreathnú soiléir ar chostais, le leibhéil arda éascaíochta ó thaobh úsáide, tapúlachta, sábháilteachta agus príobháideachais. Tá na grúpaí leochaileacha sin i mbaol níos mó maidir lena rochtain ar mhodh íocaíochta a chailliúint má théann a rochtain ar airgead tirim in olcas. Dá bhrí sin, bheadh sé d’aidhm ag an Rialachán seo cuimsiú airgeadais a chaomhnú le haghaidh grúpaí leochaileacha atá ag brath ar íocaíochtaí in airgead tirim trína áirithiú go mbeadh gach duine sa limistéar euro saor chun a rogha modha íocaíochta a roghnú agus go mbeadh rochtain acu ar sheirbhísí bunúsacha airgid thirim, agus an tráth céanna tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun leanúint ar aghaidh lena n‑iarrachtaí beartais chun cuimsiú airgeadais dhigitigh a chur chun cinn, mar shampla trí bhearta a dhíríonn ar inniúlacht airgeadais a mhéadú, inniúlacht airgeadais dhigitigh i gcórais oideachais agus oiliúna go sonrach, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar bhearnaí sa bhonneagar digiteach, lena n‑áirítear i limistéir thuaithe.
(15)I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí go leagfar síos rialacha chun an bunchuspóir maidir le glacadh le hairgead tirim agus rochtain ar airgead tirim a áirithiú a ghnóthú. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha mionsonraithe maidir le raon feidhme agus éifeachtaí na dlíthairisceana, agus rochtain ar nótaí bainc agus monaí euro, dá ndéantar foráil, faoi seach, in Airteagal 128(1) CFAE agus Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 974/98, chun a úsáid éifeachtach mar airgeadra aonair a áirithiú.
Airteagal 2
Raon feidhme
1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le fiachas airgid a ghlanadh a mhéid a bhfuil sé le híoc in airgead tirim, i bpáirt nó ina iomláine, i gcás ina bhfuil oibleagáid íocaíochta ann cheana i gcomhréir leis an dlí is infheidhme nó le cleachtais dhlíthiúla sheanbhunaithe. Chun éifeachtacht na dlíthairisceana airgid thirim a áirithiú, tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le heisiaimh ex ante aontaobhacha airgid thirim agus maidir le rochtain ar airgead tirim.
2.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí ná seirbhísí a cheannaítear go cianda, lena n‑áirítear ar líne.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.ciallaíonn ‘airgead tirim’ nótaí bainc agus monaí euro;
2.ciallaíonn ‘tionscal an airgid thirim’ institiúidí creidmheasa a thairgeann cuntais íocaíochta do chustaiméirí agus do sholáthraithe seirbhíse airgid thirim a bhfuil baint acu le dáileadh agus scaipeadh nótaí bainc agus monaí euro;
3.ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa’ institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
4.ciallaíonn ‘eisiamh ex ante aontaobhacha airgid thirim’ cás ina n‑eisiann miondíoltóir nó soláthraí seirbhíse go haontaobhach airgead tirim mar mhodh íocaíochta mar shampla trí fhógra a chrochadh a bhfuil ‘ní ghlactar le hairgead tirim anseo’ scríofa air. Sa chás sin ní aontaíonn an t‑íocóir agus an t‑íocaí ar mhodh íocaíochta maidir le ceannach;
5.ciallaíonn ‘íocóir’ aon duine a dhéanann íocaíocht in airgead tirim euro;
6.ciallaíonn ‘íocaí’ aon duine a bheartaítear mar fhaighteoir cistí lenar bhain idirbheart íocaíochta in airgead tirim euro;
7.ciallaíonn ‘aghaidhluach’ an ainmníocht in euro de nóta bainc nó mona euro, mar atá priontáilte ar an nóta bainc sin nó mar atá buailte ar an mona sin;
8.ciallaíonn ‘fiontar’ duine atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma faoi fhoirm dhlíthiúil na gníomhaíochta sin, lena n‑áirítear comhpháirtíochtaí nó comhlachais a bhíonn ag gabháil go rialta do ghníomhaíocht eacnamaíoch.
Airteagal 4
Dlíthairiscint
1.Is éard a bheidh i gceist le stádas dlíthairisceana nótaí bainc agus monaí euro a nglacadh éigeantach i bprionsabal, ar aghaidhluach iomlán, agus an chumhacht chun oibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh.
2.I gcomhréir leis an nglacadh éigeantach le hairgead tirim, ní dhiúltóidh an t‑íocaí do nótaí bainc agus/nó monaí euro a thairgtear mar íocaíocht chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh.
3.I gcomhréir le glacadh le haghaidhluach iomlán an airgid thirim, beidh luach airgeadúil nótaí bainc agus/nó monaí a thairgtear mar íocaíocht ar fhiachas comhionann leis an tsuim in euro a léirítear ar na nótaí bainc agus/nó monaí. Beidh toirmeasc ar fhormhuirir ar ghlanadh fiachais a dhéanamh i nótaí bainc agus monaí euro.
4.I gcomhréir leis an gcumhacht chun oibleagáid íocaíochta a chomhlíonadh, beidh íocóir in ann oibleagáid íocaíochta a chomhlíonadh trí nótaí bainc agus monaí euro a thairiscint don íocaí.
Airteagal 5
Eisceachtaí ón bprionsabal maidir le glacadh éigeantach le nótaí bainc agus monaí euro
1.De mhaolú ar Airteagal 4(2), beidh íocaí i dteideal nótaí bainc agus monaí euro a dhiúltú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a)i gcás ina ndéantar diúltú de mheon macánta agus i gcás ina bhfuil an diúltú sin bunaithe ar fhorais dhlisteanacha shealadacha i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta i bhfianaise imthosca nithiúla nach bhfuil neart ag an íocaí orthu;
(b)i gcás, roimh an íocaíocht, inar chomhaontaigh an t‑íocaí agus an t‑íocóir maidir le modh íocaíochta éagsúil.
Chun críocha phointe (a), beidh an dualgas cruthúnais ar an íocaí a bhunú go raibh forais dhlisteanacha shealadacha den sórt sin ann cheana maidir le cás ar leith agus go raibh an diúltú comhréireach.
2.Chun críocha mhír 1 a chur i bhfeidhm, féadfar foras dlisteanach den sórt seo a leanas a chur san áireamh:
i.Maidir le nótaí bainc d’ainmníocht ard, má tá luach an nóta bainc a thairgtear díréireach go follasach i gcomparáid le luach an mhéid atá le glanadh.
ii.I gcásanna eisceachtúla, mura bhfuil sóinseáil ar fáil don fhiontar tráth atá an t‑airgead tirim á thairiscint mar íocaíocht, nó mura mbeadh sóinseáil leordhóthanach ar fáil don fhiontar chun a ghnáth‑idirbhearta gnó laethúil a dhéanamh de thoradh na híocaíochta sin.
Airteagal 6
Eisceachtaí breise ón bprionsabal maidir le glacadh éigeantach le nótaí bainc agus monaí euro de chineál an dlí airgeadaíochta
Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 10, trí eisceachtaí breise de chineál an dlí airgeadaíochta ón bprionsabal maidir le glacadh éigeantach a shainaithint. Beidh údar maith leis na heisceachtaí sin ó chuspóir leasa phoiblí agus beidh siad comhréireach leis an aidhm sin, ní dhéanfaidh siad dochar d’éifeachtúlacht stádas dlíthairisceana airgid thirim in euro, agus níor cheart iad a cheadú ach amháin ar choinníoll go bhfuil bealaí eile ar fáil chun fiachas airgeadaíochta a íoc. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á n‑ullmhú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.
Airteagal 7
Glacadh le híocaíochtaí in airgead tirim
1.Chun glacadh le hairgead tirim a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 4(2), déanfaidh na Ballstáit faireachán ar ghlacadh le híocaíochtaí in airgead tirim agus ar leibhéal na n‑eisiamh ex ante aontaobhach íocaíochtaí airgid thirim ar fud a gcríoch, ina réigiúin éagsúla uile, lena n‑áirítear limistéir uirbeacha agus neamhuirbeacha, ar bhonn comhtháscairí a ghlac an Coimisiún agus déanfaidh siad measúnú ar an gcás.
2.Tabharfaidh na Ballstáit fógra maidir le torthaí ar an bhfaireachán agus an measúnú a dhéanann siad ar an gcás a mhéid a bhaineann leis an leibhéal a ghlactar le híocaíochtaí in airgead tirim i gcomhréir le hAirteagal 9(3).
3.Má mheasann Ballstát go bhfuil dochar á dhéanamh ag an leibhéal a ghlactar le híocaíochtaí in airgead tirim ina chríoch, nó i gcodanna difriúla di, don ghlacadh éigeantach le nótaí bainc agus monaí euro, leagfaidh sé amach na bearta feabhais a gheallann sé a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9(4).
Airteagal 8
Rochtain ar airgead tirim
1.Áiritheoidh na Ballstáit rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim ar fud a gcríoch, ina réigiúin éagsúla uile, lena n‑áirítear limistéir uirbeacha agus neamhuirbeacha. Chun rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim a áirithiú, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar an rochtain ar airgead tirim ar fud a gcríoch, ina réigiúin éagsúla uile, lena n‑áirítear limistéir uirbeacha agus neamhuirbeacha, ar bhonn comhtháscairí a ghlac an Coimisiún agus déanfaidh siad measúnú ar an gcás.
2.Tabharfaidh na Ballstáit fógra maidir le torthaí ar an bhfaireachán agus measúnú a dhéanann siad ar an gcás a mhéid a bhaineann le rochtain ar airgead tirim i gcomhréir le hAirteagal 9(3).
3.Má mheasann Ballstát nach n‑áirithítear rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim, leagfaidh sé amach na bearta feabhais a gheallann sé a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 9(4).
Airteagal 9
Gnéithe nós imeachta
1.D’fhonn na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 a chur chun feidhme, ainmneoidh na Ballstáit na cumhachtaí a éilítear d’údarás náisiúnta inniúil amháin nó níos mó a mhéid a bhaineann le glacadh le híocaíochtaí in airgead tirim agus rochtain ar airgead tirim, agus na cumhachtaí ar ghníomhaíochtaí margaidh a bhaineann le hairgead tirim de thionscal an airgid thirim.
2.Chun críocha Airteagail 7 agus 8, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhfuil feidhm ghinearálta leo maidir le sraith de chomhtháscairí a úsáidfidh na Ballstáit chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar ghlacadh le híocaíochtaí in airgead tirim agus ar an rochtain ar airgead tirim ar a gcríoch, ina réigiúin éagsúla uile, lena n‑áirítear limistéir uirbeacha agus neamhuirbeacha. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin [laistigh de X mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 11. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á n‑ullmhú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.
3.Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla atá ainmnithe fógra faoi thorthaí a monatóireachta agus measúnaithe maidir leis an gcás a mhéid a bhaineann leis na leibhéil a ghlactar le híocaíochtaí in airgead tirim agus rochtain ar airgead tirim, ag tabhairt foras agus sonraí dá measúnuithe, i dtuarascáil bhliantúil a cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 13.
4.Má mheasann Ballstát go bhfuil an leibhéal a ghlactar le híocaíochtaí in airgead tirim ar leibhéal a dhéanann dochar don ghlacadh éigeantach le nótaí bainc agus monaí euro nó nach bhfuil rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim á áirithiú, léireoidh sé ina thuarascáil bhliantúil na bearta feabhais a gheallann sé a dhéanamh chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8. Tiocfaidh na bearta feabhais i bhfeidhm gan moill mhíchuí.
5.Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar na tuarascálacha bliantúla i ndlúthchomhar leis an mBanc Ceannais Eorpach. Má dhealraíonn gur neamh‑leordhóthanach iad na bearta feabhais a mhol Ballstát de bhun mhír 4, nó má mheasann an Coimisiún nach bhfuil an glacadh le hairgead tirim nó rochtain leordhóthanach agus éifeachtach ar airgead tirim i mBallstát i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 d’ainneoin thorthaí na tuarascála bliantúla, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena bhforáiltear do bhearta leordhóthanacha agus comhréireacha a ghlacfaidh an Ballstát lena mbaineann laistigh den sprioc‑am a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme faoi seach. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 11.
Airteagal 10
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 1 mhí amháin tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 1 mhí amháin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 11
Nós imeachta coiste
1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 12
Pionóis
‑Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis [lena náirítear pionóis airgeadais agus fíneálacha neamhchoiriúla] is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit, laistigh de 1 bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
Airteagal 13
Tuarascálacha bliantúla
1.Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh ar bhonn bliantúil lena n‑áirítear faisnéis maidir leis na gnéithe seo a leanas:
(a)na heisceachtaí bunaithe ón bprionsabal maidir le glacadh éigeantach agus a gcur i bhfeidhm;
(b)sonraí mionsonraithe agus measúnú maidir leis an gcás sa Bhallstát a mhéid a bhaineann le glacadh le híocaíochtaí in airgead tirim agus rochtain ar airgead tirim, agus na bearta feabhais atá le déanamh de bhun Airteagail 7 agus 8;
(c)na pionóis a chuirtear chun feidhme lena n‑áirítear pionóis airgeadais agus fíneálacha neamhchoiriúla.
2.Cuirfear an chéad tuarascáil bhliantúil isteach 1 bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfear tuarascálacha bliantúla ina dhiaidh sin isteach gach bliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3.Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar na tuarascálacha bliantúla i ndlúthchomhar leis an mBanc Ceannais Eorpach.
Airteagal 14
Dualgas na mBallstát chun eolas a thabhairt maidir le leigheasanna
Tabharfaidh na Ballstáit faisnéis shoiléir do dhaoine nádúrtha agus fiontair maidir leis na bealaí agus na leigheasanna atá ar fáil dóibh chun gearáin a thaisceadh le húdaráis náisiúnta inniúla faoi chásanna ina ndiúltaítear go neamhdhleathach glacadh le hairgead tirim agus faoi rochtain neamh‑leordhóthanach agus neamhéifeachtach ar airgead tirim.
Airteagal 15
Idirghníomhaíocht idir nótaí bainc agus monaí euro agus an euro digiteach
1.Beidh nótaí bainc agus monaí euro agus an euro digiteach in‑chomhshóite ina chéile ar par.
2.Glacfaidh íocaithe fiachais airgeadaíochta a ainmnítear in euro le híocaíochtaí i nótaí bainc agus monaí euro de réir fhorálacha an Rialacháin seo, gan beann ar cé acu a ghlacann nó nach nglacann siad le híocaíochtaí in euro digiteach i gcomhréir leis an Rialachán [XXX maidir le bunú an euro dhigitigh]. I gcás ina bhfuil glacadh le nótaí bainc agus monaí euro agus an euro digiteach éigeantach i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus Rialachán (XXX maidir le bunú an Euro Dhigitigh),tá an t‑íocóir i dteideal an modh íocaíochta a roghnú
Airteagal 16
Athbhreithniú
Faoin [dáta – 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar oibriú agus éifeachtaí an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú.
Airteagal 17
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
An tUachtarán
An tUachtarán
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán