AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.6.2023
COM(2023) 360 final
2023/0205(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le creat le haghaidh Rochtain ar Shonraí Airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 agus (AE) 2022/2554
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2023) 255 final} - {SWD(2023) 224 final} - {SWD(2023) 230 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Chun go n‑éireoidh leis an Eoraip i ngeilleagar sonraíbhunaithe a fhóireann do dhaoine agus do ghnólachtaí, ní mór don Eoraip cothromaíocht a bhaint amach idir sreabhadh agus úsáid fhorleathan sonraí agus ardchaighdeáin phríobháideachais, slándála, sábháilteachta agus eiticiúla a chaomhnú. Sa teachtaireacht maidir le straitéis Eorpach le haghaidh sonraí, leag an Coimisiún amach conas ba cheart don Aontas timpeallacht beartais tharraingteach a chruthú ionas go mbeidh a sciar den gheilleagar sonraí ag teacht, ar a laghad, lena ualach eacnamaíoch faoi 2030.
Maidir le hairgeadas, shainaithin an Coimisiún cur chun cinn an airgeadais shonraíbhunaithe mar cheann de na tosaíochtaí ina straitéis airgeadais dhigitigh 2020 agus d’fhógair sé go raibh rún aige togra reachtach a chur ar aghaidh maidir le creat le haghaidh rochtain ar shonraí airgeadais. I dTeachtaireacht 2021 maidir le hAontas na Margaí Caipitil, deimhníodh uaillmhian an Choimisiúin dlús a chur lena chuid oibre maidir le seirbhísí airgeadais sonraíbhunaithe a chur chun cinn. D’fhógair sé go mbunófaí an Sainghrúpa maidir leis an Spás Sonraí Airgeadais Eorpach chun ionchur a sholáthar maidir leis an gcéad tacar de chásanna úsáide. Le déanaí, dhearbhaigh Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen ina litir intinne maidir le Staid an Aontais 2022 go bhfuil rochtain ar shonraí i seirbhísí airgeadais ar cheann de na príomhthionscnaimh nua do 2023.
Faoi láthair, ní féidir le custaiméirí earnáil airgeadais an Aontais rialú éifeachtúil a dhéanamh ar rochtain agus comhroinnt a gcuid sonraí taobh amuigh de chuntais íocaíochta. Na húsáideoirí sonraí, i.e. gnólachtaí ar mian leo rochtain a fháil ar shonraí custaiméirí chun seirbhísí nuálacha a sholáthar, bíonn fadhbanna acu rochtain a fháil ar shonraí atá i seilbh sealbhóirí sonraí, i.e. institiúidí airgeadais a thiomsaíonn, a stórálann agus a phróiseálann na sonraí sin do chustaiméirí. Mar thoradh air sin, fiú amháin i gcás inar mian le custaiméirí amhlaidh, níl rochtain fhorleathan acu ar sheirbhísí airgeadais sonraíbhunaithe ná ar tháirgí airgeadais. Le sraith fadhbanna idirghaolmhara, mínítear an rochtain theoranta ar shonraí. Ar an gcéad dul síos, in éagmais rialacha agus uirlisí chun ceadanna comhroinnte sonraí a bhainistiú, níl muinín ag custaiméirí go dtugtar aghaidh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le sonraí a chomhroinnt. Dá bhrí sin, is minic a bhíonn drogall orthu a gcuid sonraí a roinnt. Ar an dara dul síos, fiú más mian leo sonraí a roinnt, tá na rialacha lena rialaítear comhroinnt den sórt sin ar iarraidh nó doiléir. Mar thoradh air sin, sealbhóirí sonraí mar atá institiúidí creidmheasa, árachóirí agus institiúidí airgeadais eile a bhfuil sonraí custaiméirí acu ní i gcónaí a bhíonn siad ag teastáil chun rochtain úsáideoirí sonraí a chumasú, mar shampla, cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais, i.e. cuideachtaí a úsáideann teicneolaíocht chun tacú le seirbhísí airgeadais nó iad a sholáthar, nó institiúidí airgeadais a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais agus a fhorbraíonn táirgí airgeadais ar bhonn comhroinnt sonraí dá gcuid sonraí. Ar an tríú dul síos, fágtar go bhfuil comhroinnt sonraí níos costasaí ós rud é nach bhfuil na sonraí féin ná an bonneagar teicniúil caighdeánaithe agus, dá bhrí sin, go bhfuil difríocht shuntasach eatarthu.
Is é is aidhm don togra seo aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin trí chur ar chumas tomhaltóirí agus gnólachtaí rialú níos fearr a dhéanamh ar rochtain ar a gcuid sonraí airgeadais. D’fhágfadh sé sin go bhféadfadh tomhaltóirí agus gnólachtaí tairbhe a bhaint as táirgí agus seirbhísí airgeadais atá saincheaptha dá riachtanais bunaithe ar na sonraí atá ábhartha dóibh, agus na rioscaí bunúsacha á seachaint san am céanna.
Is é cuspóir ginearálta an togra seo torthaí eacnamaíocha a fheabhsú do chustaiméirí seirbhísí airgeadais (tomhaltóirí agus gnólachtaí) agus do ghnólachtaí san earnáil airgeadais trí chlaochlú digiteach a chur chun cinn agus dlús a chur le glacadh samhlacha gnó sonraíbhunaithe in earnáil airgeadais an Aontais. A luaithe a bheadh sé sin bainte amach, na tomhaltóirí ar mian leo é sin a dhéanamh, bheidís in ann rochtain a fháil ar tháirgí agus ar sheirbhísí pearsantaithe sonraíbhunaithe a d’fhéadfadh a bheith níos oiriúnaí dá riachtanais shonracha. Bheadh rochtain níos leithne ag gnólachtaí, go háirithe FBManna, ar tháirgí agus ar sheirbhísí airgeadais. Bheadh institiúidí airgeadais in ann lántairbhe a bhaint as treochtaí an chlaochlaithe dhigitigh, agus bheadh deiseanna nua gnó sa nuálaíocht shonraíbhunaithe ag soláthraithe seirbhíse tríú páirtí. Tabharfar rochtain do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí ar a sonraí airgeadais ionas go mbeidh úsáideoirí sonraí in ann táirgí agus seirbhísí airgeadais saincheaptha a chur ar fáil a oireann níos fearr do riachtanais custaiméirí agus gnólachtaí.
Níl coigilteas ar chostais riaracháin i gceist leis an togra, mar is reachtaíocht nua é agus ní leasaítear rialacha an Aontais a bhí ann roimhe seo. Ar an gcúis chéanna, ní tionscnamh é seo a áirítear faoin gclár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) ón gCoimisiún arb é is aidhm leis a áirithiú go mbaineann dlíthe an Aontais a gcuspóirí amach ar an gcostas is ísle is féidir ar mhaithe le leas na saoránach agus na ngnólachtaí.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Cuireann an togra seo leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Íocaíochta (PSD2), lenar féidir sonraí faoi chuntais íocaíochtaí a roinnt (‘baincéireacht oscailte’). Leis an togra seo is féidir sraith níos leithne sonraí maidir le seirbhísí airgeadais a chomhroinnt agus leagtar síos ann na rialacha ar dá réir a bhainfear comhroinnt na sonraí amach. Leagtar amach ann freisin na rialacha is infheidhme maidir leis na rannpháirtithe sa mhargadh a ghlacfaidh páirt sa ghníomhaíocht sin.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Urramaítear leis an togra seo an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) lena leagtar síos na rialacha ginearálta maidir le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le duine is ábhar do na sonraí agus lena n‑áirithítear cosaint sonraí pearsanta chomh maith le saorghluaiseacht sonraí pearsanta.
Is bloc tógála earnála é an togra seo freisin a luíonn leis an straitéis Eorpach níos leithne maidir le sonraí agus lena gcumasaítear comhroinnt sonraí laistigh den earnáil airgeadais agus le hearnálacha eile. Tá sé bunaithe ar na príomhphrionsabail maidir le rochtain ar shonraí agus próiseáil sonraí atá leagtha amach i dtionscnaimh thrasearnálacha an Choimisiúin. Dírítear leis an nGníomh um Rialachas Sonraí ar mhuinín a mhéadú maidir le comhroinnt sonraí agus feabhas a chur ar idirnascadh réidh (‘idir-inoibritheacht’) idir spásanna sonraí agus ar chreat a chruthú do sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí. Sampla eile de thionscnamh trasearnála den sórt sin is ea an Ionstraim um Margaí Digiteacha lena mbunaítear roinnt oibleagáidí a bhaineann le sonraí chun dul i ngleic le cumhacht na n‑ardán geatóra agus iniomaíocht sna margaí digiteacha a áirithiú trí, mar shampla, ligean d’institiúidí airgeadais rochtain a fháil ar shonraí atá i seilbh geatóirí, ach sin thar ceann a gcustaiméirí nó nuair a úsáideann siad croísheirbhísí ardáin geatóra. Sampla eile fós is ea an togra le haghaidh Gníomh maidir le Sonraí lena mbunófaí cearta rochtana sonraí nua do shonraí Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT) — i.e. na sonraí a fhaigheann, a ghineann nó a thiomsaíonn táirgí maidir lena bhfeidhmíocht, a n‑úsáid nó a dtimpeallacht — d’úsáideoirí táirgí agus do sholáthraithe seirbhísí gaolmhara araon. Bunaítear leis freisin oibleagáidí is infheidhme go ginearálta do shealbhóirí sonraí, lena gceanglaítear orthu sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoirí sonraí faoi dhlí an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta arna glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais.
Comhlánaíonn an togra seo straitéis infheistíochta miondíola an Aontais freisin. Tacóidh sé lena chuspóir feabhas a chur ar fheidhmiú an chreata um chosaint infheisteoirí miondíola trí choimircí a sholáthar maidir le sonraí infheisteoirí miondíola a úsáid i seirbhísí airgeadais. Thairis sin, áirithítear leis go gcomhlíontar na rialacha maidir le cibearshlándáil agus athléimneacht oibríochtúil san earnáil airgeadais, mar a leagtar amach sa Ghníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil a tháinig i bhfeidhm an 16 Eanáir 2023.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tugtar an chumhacht do na hinstitiúidí Eorpacha rialacha a leagan síos maidir le comhfhogasú dlíthe na mBallstát arb é is cuspóir dóibh bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (Airteagal 114 CFAE). Áirítear leis sin an chumhacht chun reachtaíocht AE a achtú chun ceanglais a chomhfhogasú maidir le húsáid sonraí d’institiúidí airgeadais, rud atá ag éirí níos tábhachtaí, toisc go mbeadh ceanglais náisiúnta éagsúla ar institiúidí airgeadais atá gníomhach thar theorainneacha murach sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh gníomhaíocht trasteorann níos costasaí. Trí rialacha comhchoiteanna a chruthú maidir le comhroinnt sonraí san earnáil airgeadais, rannchuideofar le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Le rialacha comhchoiteanna, áiritheofar creat rialála comhchuibhithe maidir le rialachas sonraí airgeadais, i gcomhréir leis an straitéis Eorpach maidir le sonraí. Is trí Rialachán atá infheidhme go díreach sna Ballstáit a ghlacadh is fearr a bhainfear amach na torthaí sin.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Is dlúthchuid den mhargadh inmheánach é an geilleagar sonraí. Is cuid lárnach de ghníomhaíochtaí digiteacha iad sreafaí sonraí, agus is léiriú iad ar na slabhraí soláthair atá ann cheana agus ar an gcomhoibriú idir gnólachtaí agus tomhaltóirí. Aon tionscnamh arb é is aidhm dó sreafaí sonraí den sórt sin a eagrú, ní mór feidhm a bheith aige maidir leis an margadh inmheánach ina iomláine. Ós rud é gur institiúidí airgeadais iad sealbhóirí sonraí atá ceadúnaithe go ginearálta faoi réir sraith rialacha leathana agus mionsonraithe a leagtar amach den chuid is mó i rialacháin agus i socruithe maoirseachta atá infheidhme go díreach agus a ndéantar cóineasú ina leith a áirithiú ar leibhéal an Aontais, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun coinníollacha comhchoiteanna a leagan síos agus cothrom iomaíochta a chaomhnú i measc institiúidí airgeadais chun sláine an mhargaidh, cosaint tomhaltóirí agus cobhsaíocht airgeadais a choimirciú. Cúis eile le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais is ea an t‑ardleibhéal comhtháthaithe san earnáil airgeadais. Déanann institiúidí airgeadais gníomhaíocht shuntasach trasteorann freisin.
Na fadhbanna a bhfuil tuairisc orthu sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo, is fadhbanna coitianna iad do Bhallstáit uile an Aontais. Cumhacht atá comhroinnte idir an tAontas agus a chuid Ballstát is ea rialáil a dhéanamh ar sheirbhísí airgeadais. Ní féidir leis na Ballstáit na fadhbanna sin a réiteach agus iad ag gníomhú ina n‑aonar, ós rud é gur minic a oibríonn sealbhóirí agus úsáideoirí ionchasacha sonraí custaiméirí i réimse an airgeadais ar fud roinnt Ballstát. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sonraí a bheith i seilbh custaiméara i mBallstáit éagsúla. Chun muinín a fheabhsú agus chun úsáid chomhtháite na sonraí sin a cheadú, bheadh ar na hinstitiúidí airgeadais sin go léir a bheith faoi rialú ag an gcreat dlíthiúil céanna agus ag na caighdeáin theicniúla chéanna. Bheadh de thoradh ar rialacha náisiúnta aonair go mbeadh ceanglais fhorluiteacha agus costais chomhlíonta dhíréireacha arda ann do ghnólachtaí gan iad a dhul chun tairbhe go fírinneach do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí.
•Comhréireacht
Dá bhrí sin, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun a chuid cuspóirí a bhaint amach. Ní chumhdaítear leis ach na gnéithe ina bhfuil an t‑ualach riaracháin agus na costais comhréireach leis na cuspóirí atá le baint amach. Mar shampla, tá comhréireacht deartha go cúramach i dtéarmaí raon feidhme agus déine. Tá critéir mheasúnaithe cháilíochtúla agus chainníochtúla mar bhonn taca leis chun a áirithiú go mbeidh éifeacht leathan ag na rialacha nua. In Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an measúnú tionchair, mínítear conas a threoraigh an chomhréireacht roghnú na dtacar sonraí. In Iarscríbhinn 8 a ghabhann leis an measúnú tionchair, mínítear na bearta a rinneadh chun tionchar comhréireach ar FBManna a áirithiú.
•An rogha ionstraime
Ba cheart an togra seo a bheith i bhfoirm rialacháin, rialachán atá infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Is é is aidhm dó sin a áirithiú go mbeidh feidhm ag rialacha comhchoiteanna ar fud na mBallstát uile maidir leis na coinníollacha a bhaineann le rochtain ar shonraí custaiméirí seirbhísí airgeadais agus maidir le láimhseáil na sonraí sin.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Ní bhraitheann an togra nua seo ar aon reachtaíocht atá ann cheana. Cuireann sé leis an gcóras baincéireachta oscailte a bunaíodh le Treoir (AE) 2015/2366 ach cruthaítear ceart nua maidir le rochtain ar shonraí le haghaidh tacair sonraí nár cumhdaíodh roimhe sin le haon chreat reachtach eile de chuid an Aontais.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
An 10 Bealtaine 2022, sheol an Coimisiún Eorpach glao ar fhianaise maidir le rochtain ar shonraí airgeadais. Tháinig deireadh leis an nglao ar fhianaise an 2 Lúnasa 2022, inar bailíodh 79 bhfreagra. Chuir daoine a fhreagraíonn i gcáil aonair in iúl go raibh imní orthu faoi chomhroinnt sonraí in éagmais creata lena nglactar coimircí soiléire, amhail deais phríobháideachais, léiriú soiléir ar a raon feidhme agus cothrom iomaíochta i measc rannpháirtithe sa mhargadh. Bhí gnólachtaí sách dearfach fad a cuireadh coimircí cuí i bhfeidhm. Léiríodh sa ghlao ar fhianaise go bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag rochtain ar shonraí airgeadais dá ndearfaí i gceart iad.
An 10 Bealtaine 2022, sheol an Coimisiún Eorpach comhairliúchán poiblí comhpháirteach maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Íocaíochta (PSD2) agus rochtain ar shonraí airgeadais. Tháinig deireadh leis an gcomhairliúchán poiblí an 2 Lúnasa 2022. Na freagraí maidir le rochtain ar shonraí airgeadais, dheimhnigh siad na tuairimí a cuireadh in iúl sa ghlao ar fhianaise. An chuid is mó den phobal mór a thug freagra, cé go mbeidís ag iarraidh a gcuid sonraí a roinnt bunaithe ar thoiliú/comhaontú láidir tomhaltóirí, cuireadh roinnt ábhar imní in iúl maidir le sonraí airgeadais a chomhroinnt. Bhí na hábhair imní sin bunaithe ar easpa muiníne as saincheisteanna príobháideachais, cosanta sonraí agus slándála digití agus ar an tuiscint ghinearálta nach bhfuil smacht acu ar an gcaoi a n‑úsáidtear a gcuid sonraí.
Bhí geallsealbhóirí gairmiúla (úsáideoirí corparáideacha, gnólachtaí teicneolaíochta airgeadais, eagraíochtaí tomhaltóirí chomh maith le húdaráis phoiblí ábhartha agus rialtóirí náisiúnta) níos fabhraí do chomhroinnt sonraí agus luaigh siad na tairbhí a bhain leis an turas custaiméara i dtéarmaí iomaíochta agus nuálaíochta méadaithe do tháirgí agus do sheirbhísí airgeadais. Chuir mionlach suntasach de fhreagróirí gairmiúla in iúl freisin go raibh imní orthu faoi iomaíocht, slándáil agus mí-úsáid sonraí.
An 10 Bealtaine 2022, sheol an Coimisiún comhairliúchán spriocdhírithe freisin maidir le rochtain ar shonraí airgeadais agus comhroinnt sonraí san earnáil airgeadais. Dúnadh an comhairliúchán spriocdhírithe an 5 Iúil 2022, inar bailíodh 94 fhreagra ó pháirtithe leasmhara gairmiúla.
Ba é cuspóir an chomhairliúcháin spriocdhírithe a n‑ionchur saineolach i gcomhroinnt sonraí san airgeadas a bhailiú. I measc na bpáirtithe leasmhara gairmiúla ar díríodh orthu bhí institiúidí airgeadais, díoltóirí sonraí, teicneolaíocht airgeadais, úsáideoirí corparáideacha, comhlachais cosanta tomhaltóirí chomh maith le húdaráis phoiblí ábhartha agus rialtóirí náisiúnta). Ar an iomlán, chuir na freagraí i dtábhacht go bhfeiceann formhór na bhfreagróirí gairmiúla na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag creat dlíthiúil maidir le rochtain ar shonraí airgeadais agus, dá bhrí sin, go dtacaíonn siad le hidirghabháil rialála i réimsí áirithe. Mar sin féin, tugtar le fios sna freagraí ar an gcomhairliúchán spriocdhírithe go bhfuil difríochtaí móra idir tuairimí na bpáirtithe leasmhara agus tá tacaíocht ó thomhaltóirí agus ó shealbhóirí sonraí ag brath ar an gcaoi a ndéanfar na sonraí sin a rochtain agus a chomhroinnt.
•Bailiú agus úsáid saineolais
An 24 Deireadh Fómhair 2022, fuair an Coimisiún tuarascáil maidir le maoiniú oscailte ón Sainghrúpa maidir leis an Spás Sonraí Airgeadais Eorpach. Tugann an Sainghrúpa saineolaithe le chéile ón saol acadúil, ó thomhaltóirí agus ón tionscal (lena n‑áirítear baincéireacht, árachas, pinsin, infheistíocht, chomh maith le soláthraithe tríú páirtí agus gnólachtaí teicneolaíochta airgeadais). Déantar tuairisc sa tuarascáil ar na príomhghnéithe d’éiceachóras airgeadais oscailte atá le feiceáil ag an Sainghrúpa (inrochtaineacht sonraí, cosaint sonraí, caighdeánú sonraí, dliteanas, cothrom iomaíochta agus na príomhghníomhaithe) agus leagtar amach inti breithnithe maidir le gach eilimint, agus tuairimí éagsúla á gcur i láthair laistigh den ghrúpa san am céanna. Chun na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le maoiniú oscailte a léiriú, rinne an Sainghrúpa measúnú ar roinnt cásanna sonracha úsáide a shonraítear sa tuarascáil. Úsáideadh na cásanna úsáide agus torthaí na tuarascála chun an togra seo a fhorbairt, go háirithe chun na sonraí a chumhdaítear faoi raon feidhme an togra a chinneadh.
•Measúnú tionchair
Tá measúnú tionchair ag gabháil leis an togra, rud a cuireadh faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin an 3 Feabhra 2023 agus a formheasadh an 3 Márta 2023. Mhol an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála feabhsuithe i réimsí áirithe chun an bonn fianaise a neartú, béim bhreise a chur ar mhuinín custaiméirí agus cosaint tomhaltóirí leochaileacha, chomh maith le srianta agus neamhchinnteachtaí na hanailíse costais is tairbhe don togra seo a shainiú ar bhealach níos fearr. Leasaíodh an measúnú tionchair dá réir sin agus tugadh aghaidh ar bharúlacha níos mionsonraithe an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála.
Roghnaíodh roghanna beartais bunaithe ar Shainghrúpa an Choimisiúin maidir leis an Spás Sonraí Airgeadais Eorpach agus ar aiseolas ó pháirtithe leasmhara.
Roinnt roghanna a measadh a bhí dírithe ar mhuinín custaiméirí as comhroinnt sonraí a fheabhsú, an staid dhlíthiúil a shoiléiriú, caighdeánú a chur chun cinn agus dreasachtaí a chur ar fáil. A mhéid a bhaineann le muinín custaiméirí, áiríodh ar na roghanna a measadh úsáid éigeantach a bhaint as deais cheada rochtana ar shonraí airgeadais, rialacha a leagan síos maidir le cé atá in ann rochtain a fháil ar shonraí custaiméirí, agus na rialacha sin a chomhlánú le coimircí eile, lena n‑áirítear treoirlínte lena gcosnaítear an tomhaltóir ar chóir éagórach nó ar rioscaí eisiaimh.
Chun soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar, rinneadh breithniú ar rogha amháin a mhéid a d’fhéadfaí a cheangal ar shealbhóirí sonraí a gcuid sonraí custaiméara a roinnt le húsáideoirí sonraí. D’fhéadfaí é seo a dhéanamh ar bhonn éigeantach, faoi réir an iarraidh ó chustaiméirí. Cuireadh san áireamh freisin na cineálacha gnólachtaí a mbeadh sé d’oibleagáid orthu sonraí a chomhroinnt (institiúidí creidmheasa, soláthraithe seirbhíse íocaíochta agus cineálacha eile institiúidí airgeadais ar fud na hearnála airgeadais ar fad).
Breithníodh roinnt roghanna chun caighdeánú sonraí custaiméara agus comhéadain a chur chun cinn. Rogha amháin a bheadh ann do rannpháirtithe sa mhargadh comhchaighdeáin a fhorbairt go comhpháirteach le haghaidh sonraí agus comhéadain custaiméirí mar chuid de scéimeanna um chomhroinnt sonraí airgeadais. Cuireadh san áireamh ar cheart rannpháirtithe sa mhargadh a bheith ina gcuid de scéim den sórt sin ar bhonn deonach nó éigeantach chun rochtain a fháil ar shonraí. Rogha eile ab ea scéim den sórt sin a fhorbairt trí ghníomhartha tarmligthe nó trí ghníomhartha cur chun feidhme (reachtaíocht Leibhéal II, mar a thugtar uirthi, lena bhforlíontar nó lena leasaítear eilimintí neamhriachtanacha áirithe de bhunghníomhartha).
Breithníodh roinnt roghanna chun comhéadain ardcháilíochta a chur chun feidhme maidir le comhroinnt sonraí custaiméara. Rogha amháin a d’fhéadfadh a bheith ann chun ceangal a chur ar shealbhóirí sonraí comhéadain feidhmchláir (APInna) a chur i bhfeidhm lena gcuirfí chun feidhme na caighdeáin choiteanna maidir le sonraí agus comhéadain agus iad a chur ar fáil d’úsáideoirí sonraí gan conradh agus gan a bheith in ann aon chúiteamh a fháil ó úsáideoirí sonraí as na comhéadain sin a úsáid. Rogha eile ab ea cúiteamh réasúnta a cheadú chun na comhéadain a bhunú agus a úsáid agus chun teacht ar chomhaontú maidir le dliteanas conarthach.
Mheas an Coimisiún gurb é Rialachán ón Aontas an rogha thosaíochta, Rialachán lena mbunaítear creat le haghaidh rochtain ar shonraí airgeadais, lena n‑áirítear na saintréithe seo a leanas:
·ceangal a chur ar rannpháirtithe sa mhargadh deaiseanna ceada rochtana ar shonraí airgeadais a chur ar fáil do chustaiméirí, rialacha incháilitheachta a leagan síos maidir le rochtain ar shonraí custaiméirí agus cumhacht a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) treoirlínte a eisiúint chun tomhaltóirí a chosaint ar chóireáil éagórach nó ar rioscaí eisiaimh;
·sainordú a dhéanamh maidir le rochtain a thabhairt d’úsáideoirí sonraí ar thacair roghnaithe de shonraí custaiméara ar fud na hearnála airgeadais, faoi réir chead i gcónaí ó na custaiméirí lena mbaineann na sonraí;
·ceangal a chur ar rannpháirtithe sa mhargadh caighdeáin choiteanna a fhorbairt le haghaidh sonraí custaiméirí agus comhéadain a bhaineann le sonraí atá faoi réir rochtana éigeantaí, mar chuid de scéimeanna; agus
·a cheangal ar shealbhóirí sonraí APInna a chur i bhfeidhm in aghaidh cúitimh, na comhchaighdeáin maidir le sonraí custaiméirí agus comhéadain arna bhforbairt mar chuid de scéimeanna a chur chun feidhme agus ceangal a chur ar chomhaltaí na scéime teacht ar chomhaontú maidir le dliteanas conarthach.
Is é an tionchar eacnamaíoch foriomlán a bhfuiltear ag súil leis ón togra seo rochtain níos fearr ar sheirbhísí airgeadais ar chaighdeán níos fearr, rud a chuirfeadh feabhas ar an gcaidreamh foriomlán idir praghas agus cáilíocht. Bheadh seirbhísí níos dírithe ar an úsáideoir mar thoradh ar rochtain ar shonraí airgeadais: D’fhéadfadh seirbhísí pearsantaithe dul chun sochair do thomhaltóirí a bhfuil comhairle infheistíochta á lorg acu, agus d’fhéadfaí a bheith ag súil leis go gcuideoidh measúnú uathoibrithe ar acmhainneacht creidmheasa le rochtain ar mhaoiniú a éascú do FBManna. Meastar go mbeidh tionchar dearfach ann ar an ngeilleagar i gcoitinne mar gheall ar sholáthar seirbhísí níos éifeachtúla mar thoradh ar iomaíocht níos éifeachtaí. Ionas go dtiocfaidh na tionchair dhearfacha sin chun cinn, áfach, tá sé tábhachtach a áirithiú nach mbeidh iompraíocht agus claonpháirteachas frithiomaíoch mar thoradh ar athúsáid sonraí, go háirithe i bhfianaise an cheanglais maidir le cloí go héigeantach le scéimeanna conarthacha, agus nach ndéanfaidh sealbhóirí sonraí, go háirithe, iomaitheoirí a dhúnadh trí tháillí arda chun rochtain a fháil ar shonraí.
Is féidir a bheith ag súil leis go mbeidh tionchar sóisialta dearfach foriomlán ag an togra ar choinníoll go gcoinneofar na rioscaí gaolmhara faoi smacht. Dhéanfaí comhroinnt sonraí custaiméirí a rialú toisc go bhfuil sé faoi réir iarraidh ó chustaiméirí — ní spreagfaí rochtain éigeantach ach amháin a luaithe a iarrann an custaiméir a chuid sonraí a roinnt. D’fhéadfadh comhroinnt sonraí níos mionsonraithe rochtain ar mhaoiniú a oscailt d’úsáideoirí a bhí eisiata roimhe sin. D’fhéadfadh sé coigiltis agus pinsin spriocdhírithe a éascú trí fhorléargas cuimsitheach a éascú ar theidlíochtaí pinsin phríobháideacha agus cheirde chomh maith le coigilteas eile le haghaidh scoir. Ar an taobh eile, gan coimircí iomchuí, d’fhéadfadh sé, i gcásanna sonracha, go mbeadh riosca ann go mbeadh costas níos airde ann nó go ndéanfaí custaiméirí a eisiamh a thuilleadh, custaiméirí a bhfuil próifíl riosca neamhfhabhrach acu. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar sheirbhísí a bhfuil comhroinnt riosca i gceist leo, amhail an t‑árachas. Mhaolódh an rogha thosaíochta aon tionchar den sórt sin, áfach, ós rud é go ndéanfaí tacair sonraí atá ábhartha go díreach maidir le seirbhísí airgeadais riachtanacha do thomhaltóirí a eisiamh óna raon feidhme agus le treoirlínte ÚBE agus ÚEÁPC maidir leis na himlínte is infheidhme, bheadh cosaint bhreise ann maidir le húsáid sonraí pearsanta.
Ar an iomlán, i dtaca le rochtain ar shonraí airgeadais, is féidir a bheith ag súil leis go mbeidh tionchar neodrach indíreach dearfach aige ar an gcomhshaol, toisc gur dócha go dtacódh sé le glacadh seirbhísí infheistíochta nuálacha, lena n‑áirítear leo siúd a threoraíonn infheistíochtaí i dtreo gníomhaíochtaí níos inbhuanaithe. Cé go bhféadfadh roinnt impleachtaí diúltacha a bheith ann mar gheall ar úsáid níos déine a bhaint as lárionaid sonraí a rachadh in éineacht le hathúsáid níos leithne sonraí, is dócha go mbeidh raon feidhme teoranta acu ós rud é gurb ann cheana i bhfoirm dhigiteach don chuid is mó de na sonraí a chumhdaítear leis an togra seo. Is ó úsáideoirí sonraí a bhfuil rochtain acu ar na sonraí sin den chuid is mó a thiocfadh an méid próiseála breise.
I bhfianaise infhaighteacht theoranta na sonraí agus chineál an togra seo, tá sé thar a bheith deacair tuartha cainníochtúla a dhéanamh faoin gcaoi a rachadh sé chun sochair don gheilleagar ina iomláine. Ar an gcaoi chéanna, tá sé chomh dúshlánach céanna éifeachtaí gach birt beartais a scaradh ón tionchar comhiomlán a d’fhéadfadh a bheith ann. Cé go bhfuil sé dúshlánach costais gach rogha beartais a mheas cheana féin, tá sé níos deacra fós na sochair ar leith a bhaineann léi a thomhas. Rinneadh iarracht measúnú maicreacnamaíoch a chur ar fáil ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann bunaithe ar staidéar macra-leibhéil, nárbh é ab aidhm dó, áfach, sochair an togra seo a chainníochtú go sainráite. Dá bhrí sin, ba cheart glacadh leis an raon figiúirí thíos mar léiriú ar na tairbhí féideartha seachas meastachán tiomnaithe. De réir an mheasúnaithe mhaicreacnamaíocha sin, idir EUR 4.6 billiún agus EUR 12.4 billiún is ea an tionchar iomlán bliantúil ar gheilleagar an Aontais a thagann as rochtain fheabhsaithe ar shonraí agus comhroinnt sonraí in earnáil airgeadais an Aontais, lena n‑áirítear an tionchar díreach idir EUR 663 mhilliún agus EUR 2 bhilliún in aghaidh na bliana ar gheilleagar sonraí airgeadais an Aontais. D’fhéadfadh suas le EUR 2.2 billiún go EUR 2.4 billiún i gcostais aonuaire agus idir EUR 147 milliún agus EUR 465 milliún i gcostais athfhillteacha bhliantúla a bheith i gcostas foriomlán measta an togra.
Is iomaí gné den airgeadas digiteach a d’fhéadfadh feabhas a chur ar fheidhmiú na ngeilleagar agus a rachadh chun sochair don fhorbairt inbhuanaithe. Tá rochtain ar mhaoiniú ar cheann de na dúshláin mhóra a bhaineann leis an bhforbairt inbhuanaithe. Cé nach é aidhm dhíreach an togra é, cuideoidh sé go hindíreach le fás eacnamaíoch agus fostaíocht atá cuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn. Is féidir leis cabhrú le daoine aonair atá eisiata go sóisialta rochtain níos fearr a fháil ar mhaoiniú. Tá an togra seo i gcomhréir le bonneagar athléimneach, tionsclú inbhuanaithe agus nuálaíocht a thógáil. Is féidir leis na fórsaí eacnamaíocha iomaíocha a chuireann feabhas ar nascacht i réimse an airgeadais a scaoileadh. Cuideoidh an togra freisin le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide trí chomhairle infheistíochta spriocdhírithe, rud a chuideoidh le hinfheisteoirí cinntí níos eolaí a dhéanamh a chuideoidh le sreafaí caipitil a dhíriú i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Leis an togra seo, beidh sé níos éasca d’úsáideoirí sonraí rochtain a fháil ar shonraí airgeadais custaiméirí, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do chustaiméirí rochtain a fháil ar sheirbhísí airgeadais nuálacha. Tacóidh sé go háirithe le FBManna agus leis an rochtain atá acu ar mhaoiniú. Chun aon tionchar diúltach ar FBManna mar shealbhóirí sonraí a mhaolú, tá roinnt beart ann. Mar shampla, trí chúiteamh a thabhairt isteach as rochtain ar shonraí, cheadófaí do rannpháirtithe margaidh níos lú na costais a aisghabháil arna dtabhú leis an gceanglas comhéadain theicniúla a sholáthar le haghaidh rochtain ar shonraí (‘comhéadain feidhmchláir’). Thairis sin, d’fhéadfadh FBManna atá ag gníomhú mar shealbhóirí sonraí a gcostais cur chun feidhme a laghdú tuilleadh trí chomhéadain chomhpháirteacha a fhorbairt nó trí sholáthraithe seirbhíse seachtracha a úsáid. Ina theannta sin, beidh FBManna atá ag gníomhú mar úsáideoirí sonraí in ann rochtain a fháil ar shonraí custaiméirí in aghaidh cúiteamh laghdaithe, a mbeidh uasteorainn leis ar chostas, i gcomhréir le hAirteagal 9(2) den togra le haghaidh Gníomh Sonraí. Rogha a dhéanfaí a mheas agus a dhiúltú ná FBManna a eisiamh mar shealbhóirí sonraí ó raon feidhme na n‑oibleagáidí maidir le sonraí a chur ar fáil. Mar sin féin, bheadh roinnt míbhuntáistí ag baint leis an rogha sin. Laghdódh sé go mór tionchar dearfach an togra, ós rud é go mbraitheann cásanna úsáide áirithe ar shonraí ó gach institiúid airgeadais a fhreastalaíonn ar chustaiméir ar leith agus, dá bhrí sin, a bhfuil a gcuid sonraí á dtarraingt le chéile acu. Mar shampla, ní oibreodh comhairle infheistíochta go héifeachtúil ach amháin dá mbeadh na sonraí ábhartha uile maidir le sócmhainní agus infheistíochtaí custaiméara (bíodh siad á gcoinneáil gnólachtaí beaga nó níos mó nó ná bíodh) ar fáil go cuimsitheach le haghaidh rochtana. Thairis sin, ní bheadh sé comhsheasmhach lena áirithiú go gcloíonn gach rannpháirtí sa mhargadh le príomhrialacha chun cothrom iomaíochta a áirithiú. Ar bhonn níos leithne, is ualach riaracháin comhréireach agus measartha beag é na costais riaracháin a thugtar isteach do ghnólachtaí (EUR 18.5 milliún costais aon uaire).
•Cearta bunúsacha
Tá tionchar ag an togra seo ar chearta bunúsacha tomhaltóirí, go háirithe Airteagail 7 agus 8 maidir leis an gceart go n‑urramófaí an saol príobháideach agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (Cairt an Aontais). Bunaítear leis an togra cearta rochtana le haghaidh sonraí san earnáil airgeadais, rud a chuirfeadh le comhroinnt mhéadaithe sonraí, lena n‑áirítear sonraí pearsanta, arna iarraidh sin do chustaiméirí. Maolófar an tionchar ar chearta bunúsacha trína áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 38 de Chairt an Aontais Eorpaigh, go mbeidh ardleibhéal cosanta ann do thomhaltóirí agus go mbeidh comhroinnt sonraí faoi réir iarraidh an chustaiméara amháin. Chun seasamh le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8 de Chairt an Aontais Eorpaigh, le roinnt forálacha, go háirithe deais cheada rochtana ar shonraí airgeadais agus treoirlínte spriocdhírithe i réimsí ina bhfuil riosca níos airde maidir le heisiamh, cuirfear borradh faoi mhuinín custaiméirí agus soláthrófar creat maidir le rialú úsáideoirí lena gcomhroinnfear sonraí pearsanta. Neartóidh an deais rialú custaiméirí, go háirithe nuair a phróiseáiltear sonraí pearsanta don tseirbhís iarrtha, bunaithe ar thoiliú nó riachtanas chun conradh a chomhlíonadh. Ina theannta sin, tugtar isteach srian ar athúsáid sonraí sa bhreis ar an tseirbhís a iarradh. Dá dtabharfaí isteach an chatagóir nua ‘soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais’ d’áiritheofaí nach mbeadh ach soláthraithe iontaofa slána incháilithe chun rochtain a fháil ar shonraí custaiméirí san earnáil airgeadais agus iad a phróiseáil. Ina theannta sin, cosnófar tomhaltóirí le coimircí slándála láidre in aghaidh mí-úsáid sonraí agus sáruithe sonraí a d’fhéadfadh a bheith ann toisc go mbeidh sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí araon faoi cheangal rialacha an Ghnímh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil (DORA).
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheadh tionchar ag cur chun feidhme an togra seo ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Cé go mbeidh ar na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) roinnt cúraimí a dhéanamh ionas go gcuirfear an reachtaíocht chun feidhme i gceart, tagann siad faoi shainorduithe na ÚMEanna atá ann cheana, e.g. dréachtchaighdeáin rialála nó cur chun feidhme nó treoirlínte a ullmhú chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr. Ina theannta sin, cé go gceanglófaí ar an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) clár a chur ar bun ina mbeadh faisnéis faoi, mar shampla, soláthraithe seirbhíse faisnéise airgeadais, bheadh teorainn leis an gcostas a bhainfeadh le clár den sórt sin a bhunú agus ba cheart é a chumhdach le coigilteas costais mar thoradh ar na sineirgí agus na héifeachtúlachtaí a mheastar a bhainfidh comhlachtaí uile an Aontais amach. Os a choinne sin, ní chuirfeadh an reachtaíocht aon chúram nua maoirseachta nó faireacháin ar na ÚMEanna. Mar sin, ba cheart aon chostas a eascraíonn as cur chun feidhme na reachtaíochta atá beartaithe a chumhdach le buiséad reatha na ÚMEanna.
Tá impleachtaí teoranta i dtéarmaí costas agus ualach riaracháin d’údaráis inniúla náisiúnta (ÚINanna). Beidh a méid agus a ndáileadh ag brath ar an gceanglas a chuirtear ar sholáthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais iarratas a dhéanamh ar cheadúnas arna sholáthar ag ÚIN agus ar na cúraimí maoirseachta agus faireacháin gaolmhara. Dhéanfaí na costais sin ar ÚINanna a fhritháireamh i bpáirt leis na táillí maoirseachta a thoibheodh ÚINanna ar sholáthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais.
Ní dhéanfadh an córas ceadúnúcháin nua a bhunódh an togra seo difear d’institiúidí airgeadais rialáilte a bhfuil ceadúnas acu cheana féin, agus ní bheadh aon tuairisciú rialála, ceadúnú ná aon cheanglas eile ann. I gcás na ngnólachtaí a mbeadh orthu ceadúnas a lorg, meastar gur thart ar EUR 18.5 milliún na costais iomlána a bhaineann le ceadúnas a lorg, ag glacadh leis go ndéanfadh thart ar 350 gnólacht iarratas ar a bheith ina soláthraithe faisnéise seirbhísí airgeadais (FISPS) chun go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar shonraí custaiméirí. Bheadh ar na gnólachtaí sin ceanglais DORA a chomhlíonadh agus na caighdeáin chibearshlándála is gá a chur i bhfeidhm.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Is gá sásra faireacháin agus meastóireachta a chur ar fáil chun a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí rialála a dhéantar éifeachtach maidir lena gcuspóirí a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar an Rialacháin seo agus cuirfear de chúram air é a athbhreithniú (Airteagal 31 den togra).
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Is é is aidhm don togra seo creat a bhunú lena rialófar rochtain ar shonraí custaiméara agus úsáid na sonraí sin san airgeadas (rochtain ar shonraí airgeadais ‘FIDA’). Tagraíonn rochtain ar shonraí airgeadais do rochtain agus do phróiseáil sonraí ‘gnólacht le gnólacht’ agus ‘gnólacht le custaiméir’ (lena n‑áirítear tomhaltóirí) arna iarraidh sin do chustaiméirí thar réimse leathan seirbhísí airgeadais. Tá an togra roinnte ina naoi dTeideal.
Leagtar síos i dTeideal I an t‑ábhar, an raon feidhme agus na sainmhínithe. Leagtar amach in Airteagal 1 go mbunaítear leis an Rialachán na rialacha ar i gcomhréir leo is féidir catagóirí áirithe sonraí custaiméara a rochtain, a chomhroinnt agus a úsáid. Bunaítear leis freisin na ceanglais maidir le rochtain, comhroinnt agus úsáid sonraí i gcúrsaí airgeadais, cearta agus oibleagáidí úsáideoirí sonraí agus sealbhóirí sonraí faoi seach agus cearta agus oibleagáidí faoi seach na soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais i ndáil le seirbhísí faisnéise a sholáthar mar ghairm rialta nó mar ghníomhaíocht ghnó. Leagtar amach in Airteagal 2 raon feidhme an Rialacháin do thacair sonraí áirithe a bhfuil tuairisc uileghabhálach déanta orthu agus liostaítear na gnólachtaí a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo. Leagtar amach in Airteagal 3 na téarmaí agus na sainmhínithe a úsáidtear chun críocha an Rialacháin seo, lena n‑áirítear ‘sealbhóir sonraí’, ‘úsáideoir sonraí’, ‘soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais’ agus eile.
Le Teideal II tugtar isteach oibleagáid dhlíthiúil ar shealbhóirí sonraí agus rialaítear leis an gcaoi ar cheart an oibleagáid sin a fheidhmiú. Léirítear in Airteagal 4 nach mór don sealbhóir sonraí na sonraí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chur ar fáil do chustaiméirí bunaithe ar iarraidh. Le hAirteagal 5 tugtar de cheart don chustaiméir a iarraidh go roinnfidh an sealbhóir sonraí na sonraí sin le húsáideoir sonraí. I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta i gceist, ní mór don iarraidh bunús dlí bailí a chomhlíonadh dá dtagraítear sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) lena gceadaítear próiseáil sonraí pearsanta. Le hAirteagal 6 forchuirtear oibleagáidí áirithe ar úsáideoirí sonraí a fhaigheann sonraí arna iarraidh sin do chustaiméirí. Níor cheart rochtain a bheith ann ach ar shonraí custaiméirí arna gcur ar fáil faoi Airteagal 5 agus níor cheart na sonraí sin a úsáid ach amháin chun na gcríoch agus na gcoinníollacha a comhaontaíodh leis an gcustaiméir. Níor cheart rochtain a bheith ag páirtithe eile ar dhintiúir shlándála phearsantaithe an chustaiméara agus níor cheart na sonraí a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá.
Leagtar síos i dTeideal III na ceanglais chun úsáid fhreagrach sonraí agus slándáil sonraí a áirithiú. Tugtar treoir in Airteagal 7 maidir leis an gcaoi ar cheart do ghnólachtaí sonraí a úsáid le haghaidh tacair cásanna úsáide ar leith agus áirithítear leis nach ndéanfar aon idirdhealú ná srian ar an rochtain ar sheirbhísí mar thoradh ar úsáid na sonraí. Cinntíonn sé nach ndiúltófar rochtain ar tháirgí airgeadais do chustaiméirí a dhiúltaíonn cead a thabhairt tacair dá gcuid sonraí a úsáid toisc gur dhiúltaigh na custaiméirí sin cead a thabhairt. Bunaítear le hAirteagal 8 na deais cheada rochtana ar shonraí airgeadais chun a áirithiú gur féidir le custaiméirí faireachán a dhéanamh ar a gceadanna sonraí trí bheith in ann rochtain a fháil ar fhorléargas ar a gceadanna sonraí, cinn nua a dheonú agus ceadanna a tharraingt siar más gá.
Leagtar síos i dTeideal IV na ceanglais maidir le cruthú agus rialachas scéimeanna um chomhroinnt sonraí airgeadais arb é is aidhm dóibh sealbhóirí sonraí, úsáideoirí sonraí agus eagraíochtaí tomhaltóirí a thabhairt le chéile. Ba cheart do scéimeanna den sórt sin caighdeáin sonraí agus comhéadain a fhorbairt, na sásraí comhordúcháin a shocrú le haghaidh oibriú deaiseanna ceada rochtana ar shonraí airgeadais chomh maith le creat conarthach caighdeánaithe comhpháirteach lena rialaítear rochtain ar thacair sonraí sonracha, na rialacha maidir le rialachas na scéimeanna sin, ceanglais trédhearcachta, rialacha cúitimh, dliteanas, agus réiteach díospóidí. Foráiltear in Airteagal 9 nach mór na sonraí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chur ar fáil do chomhaltaí scéime um chomhroinnt sonraí airgeadais amháin, rud a fhágann go bhfuil scéimeanna den sórt sin ann agus go bhfuil ballraíocht díobh éigeantach. Leagtar amach in Airteagal 10 próisis rialachais scéime den sórt sin, lena n‑áirítear na rialacha maidir le dliteanas conarthach a chomhaltaí agus an sásra chun díospóidí a réiteach lasmuigh den chúirt. Foráiltear in Airteagal 10 freisin d’fhorbairtí ar chaighdeáin choiteanna le haghaidh sonraí a chomhroinnt agus comhéadain theicniúla a chruthú a bheidh le húsáid chun sonraí a chomhroinnt. Ní mór fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi scéimeanna um chomhroinnt sonraí den sórt sin, ní mór dóibh tairbhe a bhaint as pas le haghaidh oibríochtaí ar fud an Aontais agus chun críocha trédhearcachta, ní mór na scéimeanna a bheith ina gcuid de chlár atá le coimeád ag ÚBE. Ba cheart go luafaí sna socruithe íosta le haghaidh scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais freisin nach mór do shealbhóirí sonraí a bheith i dteideal cúiteamh a fháil as na sonraí a chur ar fáil d’úsáideoirí sonraí, de réir théarmaí na scéime ar cuid di iad araon. I gcás ar bith, ní mór cúiteamh a bheith réasúnta, bunaithe ar mhodheolaíocht shoiléir thrédhearcach a chomhaontaigh comhaltaí na scéime roimhe seo agus ba cheart é a bheith d’aidhm leis na costais arna dtabhú chun comhéadan teicniúil a chur ar fáil chun na sonraí arna n‑iarraidh a chomhroinnt a léiriú ar a laghad. Déantar foráil in Airteagal 11 maidir le cumhachtú ón gCoimisiún chun gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcás nach bhforbraítear scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais le haghaidh catagóir amháin nó níos mó de shonraí custaiméirí.
Leagtar amach i dTeideal V na forálacha maidir le húdarú agus coinníollacha oibriúcháin soláthraithe seirbhíse faisnéise airgeadais. Léiríonn na ceanglais sin an t‑ábhar is gá in iarratas (Airteagal 12), ceapadh ionadaí dlíthiúil (Airteagal 13), raon feidhme an údaraithe, lena n‑áirítear pas AE de sheirbhísí faisnéise airgeadais (Airteagal 14) agus an ceart a thugtar d’údaráis inniúla údarú a tharraingt siar. Foráiltear le hAirteagal 15 go mbunófar clár de sholáthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais agus scéimeanna um chomhroinnt sonraí a bheidh i seilbh ÚBE. Déantar foráil in Airteagal 16 maidir le ceanglais eagraíochtúla na soláthraithe seirbhíse faisnéise airgeadais.
Tugtar sonraí i dTeideal VI maidir le cumhachtaí na n‑údarás inniúil. Le hAirteagal 17 forchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú. Leagtar amach in Airteagal 18 forálacha mionsonraithe maidir le cumhachtaí na n‑údarás inniúil, déantar foráil in Airteagal 19 maidir leis an gcumhacht chun teacht ar chomhaontuithe um réiteach agus ar nósanna imeachta forfheidhmiúcháin brostaithe. Sonraítear in Airteagail 20 go 21 na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile, chomh maith leis na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, is féidir le húdaráis inniúla a fhorchur. Leagtar amach in Airteagal 22 na himthosca ba cheart a mheas nuair a chinneann údaráis inniúla pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile. Cumhdaítear le hAirteagal 23 rúndacht ghairmiúil le haghaidh malartuithe faisnéise idir údaráis inniúla. Áirítear i dTeideal VI rialacha maidir leis an gceart chun achomharc a dhéanamh (Airteagal 24), foilsiú smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin arna bhforchur (Airteagal 25), na rialacha maidir le malartú faisnéise idir údaráis inniúla (Airteagal 26) agus réiteach easaontuithe eatarthu (Airteagal 27).
Déantar foráil i dTeideal VII maidir leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt d’údaráis inniúla i gcás gnólachtaí a fheidhmíonn an ceart bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar (Airteagal 28), chomh maith le hoibleagáid faisnéise ó údaráis inniúla nuair a dhéanann siad bearta a bhaineann le srianta ar an tsaoirse bhunaíochta (Airteagal 29).
Áirítear i dTeideal VIII freisin feidhmiú an tarmligin d’fhonn gníomhartha tarmligthe ón gCoimisiún a ghlacadh (Airteagal 30), ós rud é go bhfuil cumhachtú sa togra féin don Choimisiún chun gníomh tarmligthe a ghlacadh faoi Airteagal 11. Áirítear sa Teideal seo freisin an oibleagáid atá ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den Rialachán (Airteagal 31). Áirítear in Airteagail 32 go 34 na leasuithe is gá ar na rialacháin lena mbunaítear na ÚMEanna chun an Rialachán seo a chur san áireamh agus soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais laistigh dá raon feidhme. Áirítear in Airteagal 35 leasú ar Rialachán an Ghnímh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil. Léirítear in Airteagal 36 go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm 24 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm, cé is moite de Theideal IV (maidir le scéimeanna) a thiocfaidh i bhfeidhm 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin.
2023/0205 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le creat le haghaidh Rochtain ar Shonraí Airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 agus (AE) 2022/2554
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Geilleagar sonraí freagrach, is dlúthchuid de mhargadh inmheánach an Aontais é, geilleagar atá á spreagadh ag giniúint agus úsáid sonraí, agus is féidir leis tairbhe a bhaint as a rachaidh chun sochair do shaoránaigh an Aontais agus don gheilleagar araon. Is iad teicneolaíochtaí digiteacha atá ag brath ar shonraí atá ag tiomáint athruithe sna margaí airgeadais ar bhonn méadaitheach trí shamhlacha, táirgí agus bealaí nua gnó a tháirgeadh do ghnólachtaí chun teagmháil fhónta a dhéanamh le custaiméirí.
(2)Ba cheart smacht éifeachtach a bheith ag custaiméirí institiúidí airgeadais, idir thomhaltóirí agus ghnólachtaí, ar a sonraí airgeadais agus ba cheart an deis a bheith acu tairbhe a bhaint as nuálaíocht sonraíbhunaithe atá oscailte, cothrom agus sábháilte san earnáil airgeadais. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag na custaiméirí sin cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi a n‑úsáidtear a sonraí airgeadais agus cé a úsáideann iad agus ba cheart é a bheith de rogha acu rochtain a thabhairt do ghnólachtaí ar a gcuid sonraí chun seirbhísí airgeadais agus faisnéise a fháil más áil leo féin é.
(3)Tá leas beartais sonraithe ag an Aontas maidir le rochtain a thabhairt do chustaiméirí institiúidí airgeadais ar a sonraí airgeadais. Dheimhnigh an Coimisiún ina theachtaireacht maidir le straitéis airgeadais dhigitigh agus Teachtaireacht maidir le haontas margaí caipitil a glacadh in 2021 go raibh rún aige creat a chur ar bun le haghaidh rochtain ar shonraí airgeadais chun tairbhe do chustaiméirí a bhaint as comhroinnt sonraí san earnáil airgeadais. Áirítear ar na tairbhí sin táirgí airgeadais sonraíbhunaithe agus seirbhísí airgeadais a fhorbairt agus a sholáthar, rud is féidir a dhéanamh a bhuí le comhroinnt sonraí custaiméara.
(4)Laistigh de sheirbhísí airgeadais, agus mar thoradh ar Threoir (AE) 2015/2366 athbhreithnithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, le comhroinnt sonraí cuntas íocaíochta san Aontas, bunaithe ar chead ó chustaiméirí, tá tús curtha le hathrú ó bhonn ar an gcaoi a n‑úsáideann tomhaltóirí agus gnólachtaí seirbhísí baincéireachta. Chun cur leis na bearta sa Treoir sin, ba cheart creat rialála a bhunú chun sonraí custaiméara a chomhroinnt ar fud na hearnála airgeadais sa bhreis ar shonraí cuntas íocaíochta. Ba cheart an méid sin a bheith ina bhloc tógála freisin chun an earnáil airgeadais a chomhtháthú go hiomlán i straitéis an Choimisiúin maidir le sonraí lena gcuirtear comhroinnt sonraí chun cinn ar fud earnálacha éagsúla.
(5)Tá sé ríthábhachtach smacht agus iontaoibh custaiméirí a áirithiú chun creat dea-fheidhmiúil éifeachtach um chomhroinnt sonraí a dhéanamh san earnáil airgeadais. Trí smacht éifeachtach custaiméirí ar chomhroinnt sonraí a áirithiú, cuirtear leis an nuálaíocht chomh maith le hiontaobh custaiméirí agus leis an muinín atá acu as comhroinnt sonraí. Mar thoradh air sin, le smacht éifeachtach, cuidíonn sé leis an drogall atá chustaiméirí a shárú chun a gcuid sonraí a chomhroinnt. Faoi chreat reatha an Aontais, an ceart chun iniomparthachta sonraí ábhair sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tá sé teoranta do shonraí pearsanta, agus ní féidir brath air ach amháin i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil na sonraí a iompar. Cé is moite de chuntais íocaíochta, ní dhéantar sonraí custaiméara ná comhéadain theicniúla san earnáil airgeadais a chaighdeánú, rud a fhágann go mbíonn comhroinnt sonraí níos costasaí. Ina theannta sin, níl oibleagáid dhlíthiúil ar na hinstitiúidí airgeadais ach sonraí íocaíochta a gcustaiméirí a chur ar fáil.
(6)Dá bhrí sin, tá geilleagar sonraí airgeadais an Aontais ilroinnte fós, arb é is príomhthréith ann comhroinnt sonraí mhíchothrom, bacainní, agus drogall mór na bpáirtithe leasmhara páirt a ghlacadh i gcomhroinnt sonraí lasmuigh de chuntais íocaíochtaí. Dá réir sin, ní bhaineann custaiméirí tairbhe as táirgí agus seirbhísí aonair sonraíbhunaithe a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach dá riachtanais shonracha. In éagmais táirgí airgeadais pearsantaithe, cuirtear teorainn leis an deis a bheith nuálach, trí rogha bhreise agus níos mó táirgí agus seirbhísí airgeadais a thairiscint do thomhaltóirí leasmhara a d’fhéadfadh leas a bhaint as uirlisí sonraíbhunaithe seachas sin a d’fhéadfadh tacú leo roghanna eolasacha a dhéanamh, comparáid a dhéanamh idir tairiscintí ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir, agus aistriú chuig táirgí níos buntáistí a bheadh ag teacht lena sainroghanna bunaithe ar a gcuid sonraí. Na bacainní atá ann faoi láthair ar chomhroinnt sonraí gnó, tá siad ag cur cosc ar ghnólachtaí, go háirithe FBManna, tairbhe a bhaint as seirbhísí airgeadais áisiúla uathoibrithe níos fearr.
(7)Tá sé ríthábhachtach sonraí a chur ar fáil trí chomhéadain feidhmchláir ardcháilíochta chun rochtain éifeachtach gan bac ar shonraí a éascú. Lasmuigh de réimse na gcuntas íocaíochta, áfach, ní léiríonn ach mionlach d’institiúidí airgeadais, atá ina sealbhóirí sonraí, go gcuireann siad sonraí ar fáil trí chomhéadain theicniúla ar nós comhéadain feidhmchláir. Ós rud é nach ann do dhreasachtaí chun seirbhísí nuálacha den sórt sin a fhorbairt, tá éileamh an mhargaidh ar rochtain ar shonraí teoranta i gcónaí.
(8)Dá bhrí sin, tá gá le creat tiomnaithe comhchuibhithe le haghaidh rochtain ar shonraí airgeadais ar leibhéal an Aontais chun freagairt do riachtanais an gheilleagair dhigitigh agus chun bacainní ar mhargadh inmheánach dea-fheidhmiúil le haghaidh sonraí a bhaint. Tá gá le rialacha sonracha chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin chun rochtain níos fearr ar shonraí custaiméara a chur chun cinn agus, dá bhrí sin, ionas go mbeidh tomhaltóirí agus gnólachtaí in ann na gnóthachain a eascraíonn as táirgí agus seirbhísí airgeadais níos fearr a bhaint amach. Le maoiniú sonraíbhunaithe, dhéanfaí aistriú an tionscail a éascú ó sholáthar traidisiúnta táirgí caighdeánaithe go táirgí saincheaptha atá níos oiriúnaí do riachtanais shonracha na gcustaiméirí, lena n‑áirítear comhéadain fheabhsaithe do chustaiméirí a bhfuil teagmháil dhíreach acu leo agus a chuireann feabhas ar iomaíocht, a fheabhsaíonn eispéireas an úsáideora agus a áirithíonn seirbhísí airgeadais atá dírithe ar an gcustaiméir mar úsáideoir deiridh.
(9)Ba cheart go léireodh na sonraí a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo breisluach ard do nuálaíocht airgeadais chomh maith le riosca íseal maidir le heisiaimh airgeadais do thomhaltóirí. Dá bhrí sin, níor cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo sonraí a bhaineann le hárachas breoiteachta agus sláinte tomhaltóra i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ná sonraí maidir le táirgí árachais saoil tomhaltóra i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE seachas conarthaí árachais saoil a chumhdaítear le táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe. Níor cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo sonraí a bhailítear mar chuid de mheasúnú acmhainneachta creidmheasa ar thomhaltóir ach oiread. Agus sonraí custaiméara á gcomhroinnt faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cosaint sonraí rúnda gnó agus rúin trádála a urramú.
(10)Ba cheart comhroinnt na sonraí custaiméara faoi raon feidhme an Rialacháin seo a bheith bunaithe ar chead an chustaiméara. Ba cheart an oibleagáid dhlíthiúil ar shealbhóirí sonraí na sonraí custaiméara a chomhroinnt a ghníomhachtú a luaithe a iarrfaidh an custaiméir a chuid sonraí a chomhroinnt le húsáideoir sonraí. Is féidir le húsáideoir sonraí atá ag gníomhú thar ceann an chustaiméara an t‑iarratas sin a chur isteach. I gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist, ba cheart bonn dlíthiúil bailí a bheith ag úsáideoir sonraí le haghaidh próiseála faoi Rialachán (AE) 2016/679. Is féidir sonraí na gcustaiméirí a phróiseáil chun na gcríoch comhaontaithe i gcomhthéacs na seirbhíse a chuirtear ar fáil. Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil, ní mór prionsabail na cosanta sonraí pearsanta a urramú, lena n‑áirítear dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht, teorannú de réir cuspóra agus íoslaghdú sonraí. Tá sé de cheart ag custaiméir an cead a tugadh d’úsáideoir sonraí a tharraingt siar. Nuair is gá sonraí a phróiseáil chun conradh a chomhlíonadh, ba cheart do chustaiméir a bheith in ann ceadanna a tharraingt siar de réir na n‑oibleagáidí conarthacha ar páirtí iontu an t‑ábhar sonraí. Nuair atá próiseáil sonraí pearsanta bunaithe ar thoiliú, tá sé de cheart ag ábhar sonraí a thoiliú nó a toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679.
(11)Trí chur ar a gcumas do chustaiméirí a gcuid sonraí a chomhroinnt maidir lena n‑infheistíochtaí reatha, is féidir nuálaíocht a spreagadh i soláthar seirbhísí infheistíochta miondíola. Tá dian‑achar ama ag custaiméir ar bhailiú sonraí príomhúla chun measúnú oiriúnachta agus cuibhis a dhéanamh ar infheisteoir miondíola agus is fachtóir costais suntasach é do chomhairleoirí agus do dháileoirí táirgí infheistíochta, pinsin agus táirgí infheistíochta atá árachas‑bhunaithe. Le comhroinnt sonraí custaiméara maidir le sealúchais coigiltis agus infheistíochtaí in ionstraimí airgeadais lena n‑áirítear táirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe agus sonraí arna mbailiú chun measúnú oiriúnachta agus cuibhis a dhéanamh, is féidir leis feabhas a chur ar chomhairle infheistíochta do thomhaltóirí agus tá acmhainneacht láidir nuálach aige, lena n‑áirítear i bhforbairt comhairle infheistíochta phearsantaithe agus uirlisí bainistithe infheistíochta a d’fhéadfadh comhairle infheistíochta miondíola a dhéanamh níos éifeachtúla. Tá uirlisí bainistíochta den sórt sin á bhforbairt cheana féin sa mhargadh agus is féidir leo forbairt níos éifeachtaí a dhéanamh sa chomhthéacs inar féidir le custaiméir a chuid sonraí a bhaineann le hinfheistíocht a chomhroinnt.
(12)Is féidir le sonraí custaiméara maidir le hiarmhéid, coinníollacha nó sonraí idirbhirt a bhaineann le morgáistí, iasachtaí agus coigiltis a chur ar a gcumas do chustaiméirí forléargas níos fearr a fháil ar a dtaiscí agus freastal níos fearr a dhéanamh ar a riachtanais choigiltis bunaithe ar shonraí creidmheasa. Ba cheart sonraí custaiméara sa bhreis ar chuntais íocaíochta a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2015/2366 a chumhdach leis an Rialachán seo. Na cuntais chreidmheasa a chumhdaítear le líne chreidmheasa nach féidir a úsáid chun idirbhearta íocaíochta a dhéanamh le tríú páirtithe, ba cheart iad a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart a thuiscint, dá bhrí sin, go gcumhdaítear leis an Rialachán seo an rochtain ar an iarmhéid, ar na coinníollacha nó ar shonraí na n‑idirbheart a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa morgáiste, iasachtaí, agus cuntais choigiltis chomh maith leis na cineálacha cuntas nach dtagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2015/2366.
(13)Ba cheart faisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht a áireamh sna sonraí custaiméara a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo, ar faisnéis í lenar cheart a chur ar a gcumas do chustaiméirí rochtain níos éasca a fháil ar sheirbhísí airgeadais atá ailínithe lena sainroghanna inbhuanaitheachta agus lena riachtanais airgeadais inbhuanaithe, i gcomhréir le straitéis an Choimisiúin chun an t‑aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a mhaoiniú. Le rochtain ar shonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht a d’fhéadfadh a bheith i mionsonraí iarmhéid nó idirbhirt a bhaineann le cuntas morgáiste, creidmheasa, iasachta agus coigiltis, chomh maith le rochtain ar shonraí custaiméara a bhaineann le hinbhuanaitheacht atá i seilbh gnólachtaí infheistíochta, is féidir léi rannchuidiú le rochtain a éascú ar shonraí a bhfuil gá leo chun rochtain a fháil ar mhaoiniú inbhuanaithe nó infheistíochtaí a dhéanamh san aistriú glas. Thairis sin, ba cheart a áireamh i sonraí custaiméara faoi raon feidhme an Rialacháin seo sonraí atá ina gcuid de mheasúnú acmhainneachta creidmheasa a bhaineann le gnólachtaí, lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus lenar féidir léargas níos fearr a thabhairt ar chuspóirí inbhuanaitheachta gnólachtaí beaga. Trí shonraí a úsáidtear don mheasúnú ar acmhainneacht creidmheasa a bhaineann le gnólachtaí a áireamh, ba cheart feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú agus an t‑iarratas ar iasachtaí a chuíchóiriú. Ba cheart na sonraí sin a theorannú do shonraí maidir le gnólachtaí agus níor cheart go sáróidís cearta maoine intleachtúla.
(14)Tá sonraí custaiméara a bhaineann le hárachas neamhshaoil a sholáthar fíor-riachtanach chun táirgí agus seirbhísí árachais atá tábhachtach do riachtanais an chustaiméara a chumasú, mar atá tithe, feithiclí agus maoin eile a chosaint. San am céanna, is minic a bhíonn ualach agus costas ag baint le bailiú sonraí den sórt sin agus is féidir leis gníomhú mar dhíspreagadh in aghaidh cumhdach árachais níos fearr a lorg ag custaiméirí. Chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin, is gá, dá bhrí sin, seirbhísí airgeadais den sórt sin a áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart go n‑áireofaí i sonraí custaiméara maidir le táirgí árachais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo faisnéis faoin táirge árachais mar atá mionsonraí maidir le cumhdach árachais agus sonraí a bhaineann go sonrach le sócmhainní árachaithe na dtomhaltóirí a bhailítear chun críoch tástála éileamh agus riachtanas. Le comhroinnt sonraí den sórt sin, ba cheart go bhféadfaí uirlisí pearsantaithe a fhorbairt do chustaiméirí, amhail deaiseanna árachais a d’fhéadfadh cabhrú le tomhaltóirí a rioscaí a bhainistiú ar bhealach níos fearr. D’fhéadfadh sé cuidiú freisin le custaiméirí táirgí a fháil atá dírithe níos fearr ar a n‑éilimh agus ar a riachtanais, lena n‑áirítear trí chomhairle níos luachmhaire. Is féidir leis sin cur le cumhdach árachais níos fearr do chustaiméirí agus cuimsiú airgeadais breise na dtomhaltóirí nach ndéantar freastal ceart orthu murach sin, trí chumhdach nua nó cumhdach méadaithe a thairiscint. Thairis sin, d’fhéadfadh comhroinnt sonraí árachais a bheith tairbhiúil chun árachas a sholáthar ar bhealach níos éifeachtúla, lena n‑áirítear, go háirithe, ag an gcéim ag a ndéantar an táirge a dhearadh, an frithghealladh, an forghníomhú conartha, lena n‑áirítear bainistiú éileamh, agus maolú riosca.
(15)Tá ionchas mór nuálach ag baint le comhroinnt sonraí maidir le coigilteas pinsin ceirde agus pearsanta do thomhaltóirí. Is minic nach mbíonn dóthain eolais ag coigilteoirí pinsin faoina gcearta pinsin, rud a bhaineann leis an bhfíric gur minic a scaiptear sonraí faoi chearta den sórt sin ar shealbhóirí sonraí éagsúla. Trí shonraí a bhaineann le coigilteas pinsin ceirde agus pearsanta a chomhroinnt, ba cheart rannchuidiú le forbairt uirlisí rianaithe pinsean lena dtugtar forléargas cuimsitheach do choigilteoirí ar a dteidlíochtaí agus ar a n‑ioncam scoir laistigh de Bhallstáit shonracha agus ar bhonn trasteorann san Aontas araon. Baineann sonraí maidir le cearta pinsin go háirithe le teidlíochtaí fabhraithe pinsin, leibhéil réamh-mheasta sochar scoir, rioscaí agus ráthaíochtaí comhaltaí agus tairbhithe scéimeanna pinsin ceirde. Tá rochtain ar shonraí a bhaineann le pinsin cheirde gan dochar don dlí náisiúnta sóisialta agus saothair maidir le córais pinsean a eagrú, lena n‑áirítear ballraíocht i scéimeanna agus torthaí comhaontuithe cómhargála.
(16)Maidir le sonraí atá ina gcuid de mheasúnú acmhainneachta creidmheasa ar ghnólacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart go gcuimseoidís faisnéis a sholáthraíonn gnólacht d’institiúidí agus do chreidiúnaithe mar chuid den phróiseas iarratais ar iasacht nó mar chuid d’iarraidh ar rátáil chreidmheasa. Áirítear leis sin iarratais ar iasacht a dhéanann micrifhiontair, fiontair bheaga, fiontair mheánmhéide agus fiontair mhóra. Féadfar a áireamh ann sonraí arna mbailiú ag institiúidí agus ag creidiúnaithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II de Threoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir le tionscnamh agus faireachán iasachtaí. Ar na sonraí sin, féadfar a áireamh ráitis airgeadais agus réamh-mheastacháin, faisnéis faoi dhliteanais airgeadais agus riaráistí íocaíochta, fianaise ar úinéireacht na comhthaobhachta, fianaise ar árachas na comhthaobhachta agus faisnéis faoi ráthaíochtaí. Féadfaidh sonraí breise a bheith ábhartha má bhaineann cuspóir an iarratais ar iasacht le heastát réadach tráchtála nó forbairt eastáit réadaigh a cheannach.
(17)Ós rud é go bhfuil sé beartaithe leis an Rialachán seo oibleagáid a chur ar institiúidí airgeadais rochtain a sholáthar ar chatagóirí sainithe sonraí arna iarraidh sin don chustaiméir agus é ag gníomhú mar shealbhóir sonraí, agus comhroinnt sonraí bunaithe ar chead custaiméara a cheadú nuair a ghníomhaíonn institiúidí airgeadais mar úsáideoirí sonraí, ba cheart dó liosta de na hinstitiúidí airgeadais a fhéadfaidh gníomhú mar shealbhóir sonraí, mar úsáideoir sonraí nó an dá cheann díobh sin a sholáthar. Ba cheart a thuiscint, dá bhrí sin, go gciallaíonn institiúidí airgeadais na heintitis sin a sholáthraíonn táirgí airgeadais agus seirbhísí airgeadais nó a thairgeann seirbhísí faisnéise ábhartha do chustaiméirí san earnáil airgeadais.
(18)Na cleachtais a úsáideann úsáideoirí sonraí chun foinsí sonraí custaiméara nua agus traidisiúnta a chomhcheangal faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ní mór iad a bheith comhréireach lena áirithiú nach mbeidh rioscaí maidir le heisiamh airgeadais ann do thomhaltóirí. Leis na cleachtais as a n‑eascraíonn anailís níos sofaisticiúla nó níos cuimsithí ar dheighleoga leochaileacha áirithe tomhaltóirí, mar atá daoine ar ioncam íseal, d’fhéadfadh an baol a bheith ann go dtiocfaidh méadú ar dhálaí éagóracha nó cleachtais phraghsála difreálacha, mar atá préimheanna difreálacha a ghearradh. Méadaítear an acmhainneacht maidir le heisiamh i dtaca le soláthar táirgí agus seirbhísí a ndéantar praghsáil orthu de réir phróifíl an tomhaltóra, go háirithe i scóráil chreidmheasa agus sa mheasúnú ar acmhainneacht creidmheasa daoine nádúrtha agus maidir le táirgí agus seirbhísí a bhaineann le measúnú riosca agus praghsáil le haghaidh daoine nádúrtha i gcás árachas saoil agus árachas sláinte. I bhfianaise na rioscaí, ba cheart úsáid sonraí le haghaidh na dtáirgí agus na seirbhísí sin a bheith faoi réir ceanglais shonracha chun tomhaltóirí agus a gcearta bunúsacha a chosaint.
(19)Maidir leis an imlíne úsáide sonraí arna bunú ar an gcaoi sin sa Rialachán seo agus sna treoirlínte a ghabhann leis (‘na treoirlínte’) atá le forbairt ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus ag an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC), ba cheart creat comhréireach a sholáthar maidir leis an gcaoi ar cheart sonraí pearsanta a bhaineann le tomhaltóir a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a úsáid. Leis an imlíne úsáide sonraí, áirithítear comhsheasmhacht idir raon feidhme an Rialacháin seo, lena n‑eisiatar sonraí atá ina gcuid de mheasúnú acmhainneachta creidmheasa ar thomhaltóir chomh maith le sonraí a bhaineann le hárachas saoil, sláinte agus breoiteachta tomhaltóra, agus raon feidhme na dtreoirlínte, lena leagtar síos moltaí maidir leis an gcaoi ar féidir cineálacha sonraí a thagann ó réimsí eile den earnáil airgeadais atá faoi raon feidhme an Rialacháin seo a úsáid chun na táirgí agus na seirbhísí sin a sholáthar. Ba cheart a leagan amach sna treoirlínte arna bhforbairt ag ÚBE an chaoi ar féidir cineálacha eile sonraí atá faoi raon feidhme an Rialacháin seo a úsáid chun scór creidmheasa tomhaltóra a mheasúnú. Ba cheart a leagan amach sna treoirlínte arna bhforbairt ag ÚEÁPC an chaoi ar féidir sonraí faoi raon feidhme an Rialacháin seo a úsáid i dtáirgí agus i seirbhísí a bhaineann le measúnú riosca agus praghsáil i gcás táirgí árachais saoil, sláinte agus breoiteachta. Ba cheart na treoirlínte a fhorbairt ar bhealach atá ailínithe le riachtanais an tomhaltóra agus atá comhréireach le soláthar na dtáirgí agus na seirbhísí sin.
(20)Ba cheart do ÚBE agus ÚEÁPC comhoibriú go dlúth leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí agus na treoirlínte á ndréachtú acu, treoirlínte inar cheart tógáil ar na moltaí atá ann cheana maidir le faisnéis do thomhaltóirí a úsáid i réimse an chreidmheasa tomhaltóirí agus creidmheasa morgáiste, go háirithe na rialacha maidir le measúnú acmhainneachta creidmheasa a úsáid faoi Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle, Treoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir le tionscnamh agus faireachán iasachtaí, agus treoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir le measúnú acmhainneachta creidmheasa a forbraíodh faoi Threoir 2014/17/AE, chomh maith le treoirlínte arna soláthar ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil.
(21)Ní mór smacht éifeachtach a bheith ag custaiméirí ar a gcuid sonraí agus ní mór dóibh muinín a bheith acu as bainistiú ceadanna a dheonaigh siad i gcomhréir leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart ceangal a bheith ar shealbhóirí sonraí deaiseanna coiteanna agus comhsheasmhacha ceada um rochtain ar shonraí airgeadais a chur ar fáil do chustaiméirí. An deais cheada, ba cheart di cumhacht a thabhairt don chustaiméir a cheadanna a bhainistiú ar bhealach eolasach agus neamhchlaonta agus tomhas láidir smachta a thabhairt do chustaiméirí ar an gcaoi a n‑úsáidtear a gcuid sonraí pearsanta agus neamhphearsanta. Níor cheart í a dhearadh ar bhealach a spreagfadh nó a d’imreodh tionchar míchuí ar an gcustaiméir ceadanna a dheonú nó a tharraingt siar. Ba cheart a chur san áireamh sa deais cheada, i gcás inarb iomchuí, na ceanglais inrochtaineachta faoi Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Agus deais cheada á soláthar acu, d’fhéadfadh sealbhóirí sonraí úsáid a bhaint as ríomh-shainaitheantas agus seirbhís iontaoibhe ar tugadh fógra ina leith, amhail Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí arna eisiúint ag Ballstát mar a tugadh isteach leis an togra lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh Céannacht Dhigiteach Eorpach. Féadfaidh sealbhóirí sonraí a bheith ag brath freisin ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála sonraí faoi Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun deaiseanna ceada a sholáthar a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo.
(22)Ba cheart don deais cheada na ceadanna a thug custaiméir a thaispeáint, lena n‑áirítear nuair a chomhroinntear sonraí pearsanta bunaithe ar thoiliú nó nuair atá siad riachtanach chun conradh a chomhlíonadh. Ba chóir don deais cheada rabhadh a thabhairt do chustaiméir ar bhealach caighdeánach ar an riosca a bhaineann le hiarmhairtí conarthacha a d’fhéadfadh a bheith ag tarraingt siar ceada, ach ba cheart go mbeadh an custaiméir fós freagrach as riosca den sórt sin a bhainistiú. Ba cheart an deais cheada a úsáid chun na ceadanna atá ann cheana a bhainistiú. Ba cheart do shealbhóirí sonraí úsáideoirí sonraí a chur ar an eolas i bhfíor-am faoi aon tarraingt siar ceada. Ba cheart taifead ar cheadanna a tarraingíodh siar nó atá imithe in éag ar feadh tréimhse suas le dhá bhliain a bheith san áireamh sa deais cheada chun ligean don chustaiméir súil a choinneáil ar a cheadanna ar bhealach eolasach agus neamhchlaonta. Ba cheart d’úsáideoirí sonraí sealbhóirí sonraí a chur ar an eolas i bhfíor-am faoi cheadanna nua agus athbhunaithe arna ndeonú ag custaiméirí, lena n‑áirítear fad bailíochta an cheada agus achoimre ghearr ar chuspóir an cheada. Tá an fhaisnéis a sholáthraítear ar an deais cheada gan dochar do na ceanglais faisnéise faoi Rialachán (AE) 2016/679.
(23)Chun comhréireacht a áirithiú, tá institiúidí airgeadais áirithe lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo ar chúiseanna a bhaineann lena méid nó leis na seirbhísí a sholáthraíonn siad, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé ródheacair an rialachán seo a chomhlíonadh. Orthu sin tá institiúidí um sholáthar pinsean ceirde a oibríonn scéimeanna pinsin nach bhfuil níos mó ná 15 chomhalta ar an iomlán iontu le chéile, chomh maith le hidirghabhálaithe árachais atá ina micrifhiontair nó ina bhfiontair bheaga nó mheánmhéide. Ina theannta sin, ba cheart cead a thabhairt d’fhiontair bheaga nó mheánmhéide atá ag gníomhú mar shealbhóirí sonraí agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo comhéadan feidhmchláir a bhunú go comhpháirteach, rud a laghdódh na costais do gach ceann acu. Is féidir leo freisin leas a bhaint as soláthraithe teicneolaíochta seachtracha a reáchtálann comhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir ar bhealach comhthiomsaithe d’institiúidí airgeadais agus ní fhéadfaidh siad ach táille íseal úsáide sheasta a ghearradh orthu agus obair ar bhonn ‘íoc in aghaidh an ghlao’ den chuid is mó.
(24)Leis an Rialachán seo, tugtar isteach oibleagáid dhlíthiúil nua ar institiúidí airgeadais a ghníomhaíonn mar shealbhóirí sonraí chun catagóirí sainithe sonraí a chomhroinnt arna iarraidh sin don chustaiméir. An oibleagáid atá ar shealbhóirí sonraí chun na sonraí sin a chomhroinnt arna iarraidh sin don chustaiméir, ba cheart í a shonrú trí chaighdeáin a aithnítear go ginearálta a chur ar fáil chun a áirithiú freisin go bhfuil an chomhroinnt sonraí ar chaighdeán sách ard. Ba cheart don sealbhóir sonraí sonraí custaiméara a chur ar fáil go leanúnach chun na gcríoch agus faoi na coinníollacha a bhfuil cead tugtha ag an gcustaiméir d’úsáideoir sonraí ina leith. D’fhéadfadh iliomad iarrataí a bheith i gceist le rochtain leanúnach chun sonraí custaiméara a chur ar fáil chun an tseirbhís a comhaontaíodh leis an gcustaiméir a chomhlíonadh. D’fhéadfadh rochtain aon uaire ar shonraí custaiméara a bheith i gceist freisin. Cé go bhfuil sealbhóir na sonraí freagrach as an gcomhéadan a bheith ar fáil agus as cáilíocht leordhóthanach a bheith sa chomhéadan, féadfaidh an sealbhóir sonraí, chomh maith le hinstitiúid airgeadais eile, soláthraí seachtrach TF, comhlachas tionscail nó grúpa institiúidí airgeadais, nó comhlacht poiblí i mBallstát, an comhéadan a sholáthar. I gcás institiúidí um sholáthar pinsean ceirde, is féidir an comhéadan a chomhtháthú i ndeaiseanna pinsin a chumhdaíonn raon faisnéise níos leithne, ar choinníoll go gcomhlíonann sé ceanglais an Rialacháin seo.
(25)Chun an idirghníomhaíocht chonarthach agus theicniúil is gá a chumasú chun rochtain ar shonraí a chur chun feidhme idir institiúidí airgeadais éagsúla, ba cheart ceangal a bheith ar shealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí a bheith ina gcuid de scéimeanna um chomhroinnt sonraí airgeadais. Ba cheart go bhforbródh na scéimeanna sin caighdeáin sonraí agus comhéadain, creataí conarthacha caighdeánaithe comhpháirteacha lena rialaítear rochtain ar thacair sonraí sonracha, agus rialacha rialachais a bhaineann le comhroinnt sonraí. Chun a áirithiú go bhfeidhmíonn scéimeanna go héifeachtach, is gá prionsabail ghinearálta a bhunú le haghaidh rialachas na scéimeanna sin, lena n‑áirítear rialacha maidir le rialachas cuimsitheach agus rannpháirtíocht sealbhóirí sonraí, úsáideoirí sonraí agus custaiméirí (chun ionadaíocht chothrom i scéimeanna a áirithiú), ceanglais trédhearcachta, agus nós imeachta achomhairc agus athbhreithnithe dea-fheidhmiúil (go háirithe maidir le cinnteoireacht scéimeanna). Ní mór do scéimeanna um chomhroinnt sonraí airgeadais rialacha an Aontais a chomhlíonadh maidir le cosaint tomhaltóirí agus cosaint sonraí, príobháideachas agus iomaíocht. Déantar na rannpháirtithe i scéimeanna den sórt sin a spreagadh freisin chun cóid iompair a tharraingt suas atá cosúil leis na cóid iompair a ullmhaíonn rialaitheoirí agus próiseálaithe faoi Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2016/679. Cé go bhféadfadh scéimeanna den sórt sin cur le tionscnaimh mhargaidh atá ann cheana, ba cheart na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith sonrach do scéimeanna um chomhroinnt sonraí airgeadais nó do chodanna díobh a úsáideann rannpháirtithe sa mhargadh chun a n‑oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh tar éis na sonraí faoi chur i bhfeidhm na n‑oibleagáidí sin.
(26)Ba cheart gurb é a bheadh i scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais comhaontú conarthach comhchoiteann idir sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí arb é is cuspóir dó éifeachtúlacht agus nuálaíocht theicniúil a chur chun cinn i gcomhroinnt sonraí airgeadais chun leasa custaiméirí. I gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le hiomaíocht, níor cheart do scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais a fhorchur ar a comhaltaí ach na srianta sin atá riachtanach chun a cuspóirí a bhaint amach agus atá comhréireach leis na cuspóirí sin. Níor cheart di deis a thabhairt dá comhaltaí iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh i ndáil le cuid shubstaintiúil den mhargadh ábhartha.
(27)Chun éifeachtacht an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le módúlachtaí agus saintréithe scéime um chomhroinnt sonraí airgeadais a shonrú i gcás nach ndéanfaidh sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí scéim a fhorbairt. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(28)Ba cheart cead a thabhairt do shealbhóirí sonraí agus d’úsáideoirí sonraí na caighdeáin mhargaidh atá ann cheana a úsáid agus caighdeáin choiteanna á bhforbairt acu maidir le comhroinnt éigeantach sonraí.
(29)Chun a áirithiú go bhfuil sé de leas ag sealbhóirí sonraí comhéadain ardcháilíochta a sholáthar chun sonraí a chur ar fáil d’úsáideoirí sonraí, ba cheart do shealbhóirí sonraí a bheith in ann cúiteamh réasúnta a iarraidh ar úsáideoirí sonraí as comhéadain feidhmchláir a chur i bhfeidhm. Dá n‑éascófaí rochtain ar shonraí in aghaidh cúitimh, d’áiritheofaí dáileadh cothrom na gcostas gaolmhar idir sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí i slabhra luacha na sonraí. I gcásanna inar FBM an t‑úsáideoir sonraí, ba cheart comhréireacht do rannpháirtithe níos lú sa mhargadh a áirithiú trí chúiteamh a theorannú go docht do na costais a thabhaítear chun rochtain ar shonraí a éascú. An tsamhail chun leibhéal an chúitimh a chinneadh, ba cheart í a shainiú mar chuid de na scéimeanna um chomhroinnt sonraí airgeadais dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
(30)Ba cheart go mbeadh a fhios ag custaiméirí cad iad na cearta atá acu i gcás ina dtagann fadhbanna chun cinn nuair a chomhroinntear sonraí agus cé na daoine ar cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leo le cúiteamh a lorg. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar chomhaltaí na scéime um chomhroinnt sonraí airgeadais, lena n‑áirítear sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí, teacht ar chomhaontú maidir leis an dliteanas conarthach i leith sáruithe sonraí chomh maith le conas díospóidí maidir le dliteanas a d’fhéadfadh a bheith ann idir sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí a réiteach. Ba cheart na ceanglais sin a bheith dírithe ar rialacha dliteanais a bhunú, mar chuid d’aon chonradh, chomh maith le hoibleagáidí agus cearta soiléire chun dliteanas a chinneadh idir an sealbhóir sonraí agus úsáideoir na sonraí. Ba cheart saincheisteanna dliteanais a bhaineann leis na tomhaltóirí mar ábhair sonraí a bheith bunaithe ar Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe an ceart chun cúitimh agus dliteanais faoi Airteagal 82 den Rialachán sin.
(31)Chun cosaint tomhaltóirí a chur chun cinn, muinín custaiméirí a fheabhsú agus cothrom iomaíochta a áirithiú, is gá rialacha a leagan síos maidir le cé atá incháilithe chun rochtain a fháil ar shonraí custaiméara. Ba cheart a áirithiú leis na rialacha sin go ndéanfaidh na húdaráis inniúla gach úsáideoir sonraí a údarú agus a mhaoirsiú. D’áiritheofaí leis sin nach mbeadh rochtain ar shonraí ach ag institiúidí airgeadais rialáilte nó ag gnólachtaí atá faoi réir údarú tiomnaithe mar sholáthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais (‘SSFAnna’) atá faoi réir an Rialacháin seo. Tá gá le rialacha incháilitheachta maidir le SSFAnna chun cobhsaíocht airgeadais, sláine an mhargaidh agus cosaint tomhaltóirí a choimirciú, toisc go soláthródh SSFAnna táirgí agus seirbhísí airgeadais do chustaiméirí san Aontas agus go mbeadh rochtain acu ar shonraí atá i seilbh institiúidí airgeadais agus a bhfuil a sláine fíor-riachtanach chun cumas na n‑institiúidí airgeadais leanúint de sheirbhísí airgeadais a sholáthar ar bhealach sábháilte agus fónta a chaomhnú. Tá gá leis na rialacha sin freisin chun maoirseacht chuí na n‑údarás inniúil ar SSFAnna a ráthú i gcomhréir lena sainordú cobhsaíocht agus sláine airgeadais san Aontas a choimirciú, rud a chuirfeadh ar a gccumas do SSFAnna na seirbhísí a bhfuil siad údaraithe lena soláthar a sholathar ar fud an Aontais.
(32)Ba cheart d’úsáideoirí sonraí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a bheith faoi réir cheanglais Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus, dá bhrí sin, ba cheart é a bheith d’oibleagáid orthu caighdeáin láidre chibear-athléimneachta a bheith i bhfeidhm acu chun a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh. Áirítear air sin cumais chuimsitheacha a bheith acu lena gcumasaítear bainistíocht riosca TFC láidir agus éifeachtach, chomh maith le sásraí agus beartais shonracha le haghaidh na teagmhais uile a bhaineann le TFC a láimhseáil agus na teagmhais mhóra a bhaineann le TFC a thuairisciú. Na húsáideoirí sonraí a údaraítear agus a ndéantar faireachán orthu mar sholáthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais faoin Rialachán seo, ba cheart dóibh an cur chuige céanna agus na rialacha céanna atá bunaithe ar phrionsabail a leanúint agus iad ag tabhairt aghaidh ar rioscaí TFC agus aird á tabhairt ar mhéid agus próifíl riosca fhoriomlán na n‑eintiteas, agus ar chineál, scála agus castacht a seirbhísí, a ngníomhaíochtaí agus a n‑oibríochtaí. Dá bhrí sin, ba cheart soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais a áireamh i raon feidhme Rialachán (AE) 2022/2554.
(33)Chun maoirseacht éifeachtach a chumasú agus chun deireadh a chur leis an bhféidearthacht chun maoirseacht a sheachaint nó teacht timpeall uirthi, ní mór soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais a ionchorprú go dlíthiúil san Aontas nó i gcás ina bhfuil siad ionchorpraithe i dtríú tír ní mór ionadaí dlíthiúil a cheapadh san Aontas. Is gá do na húdaráis inniúla maoirseacht éifeachtach a dhéanamh chun ceanglais faoin Rialachán seo a fhorfheidhmiú chun sláine agus cobhsaíocht an chórais airgeadais a áirithiú agus chun tomhaltóirí a chosaint. An ceanglas maidir le soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais a ionchorprú go dlíthiúil san Aontas nó ionadaí dlíthiúil a cheapadh san Aontas, ní logánú sonraí é ós rud é nach bhfuil aon cheanglas breise maidir le próiseáil sonraí i gceist leis an Rialachán seo, lena n‑áirítear stóráil atá le déanamh san Aontas.
(34)Ba cheart soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais a údarú i ndlínse an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht lonnaithe, is é sin, áit a bhfuil ceannoifig nó oifig chláraithe an tsoláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais ina ndéantar na príomhfheidhmeanna agus an rialú oibríochtúil a fheidhmiú. Maidir le soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas ach a bhfuil rochtain ar shonraí san Aontas de dhíth orthu agus a thagann, dá bhrí sin, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart dlínse a bheith ag an mBallstát ina bhfuil a n‑ionadaí dlíthiúil ceaptha ag na soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais sin, i bhfianaise fheidhm na n‑ionadaithe dlíthiúla faoin Rialachán seo.
(35)Chun trédhearcacht maidir le rochtain ar shonraí agus soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais a éascú, ba cheart do ÚBE clár a bhunú de sholáthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais a údaraítear faoin Rialachán seo, chomh maith le scéimeanna um chomhroinnt sonraí airgeadais arna gcomhaontú idir sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí.
(36)Ba cheart na cumhachtaí is gá a thabhairt d’údaráis inniúla chun maoirseacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfeidhmíonn rannpháirtithe sa mhargadh comhlíonadh na hoibleagáide atá ar shealbhóirí sonraí rochtain a sholáthar ar shonraí custaiméara a bhunaítear leis an Rialachán seo, agus chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais. Is cumhachtaí tábhachtacha agus riachtanacha iad rochtain a fháil ar thaifid de thrácht sonraí ábhartha atá i seilbh oibreora teileachumarsáide chomh maith leis an gcumas doiciméid ábhartha a urghabháil in áitreabh chun sáruithe faoin Rialachán seo a bhrath agus a chruthú. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag údaráis inniúla taifid den sórt sin a éileamh i gcás ina bhfuil siad ábhartha d’imscrúdú, a mhéid a cheadaítear sin faoin dlí náisiúnta. Ba cheart do na húdaráis inniúla comhoibriú freisin leis na húdaráis mhaoirseachta arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2016/679 i gcomhlíonadh a gcúraimí agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí i gcomhréir leis an Rialachán sin.
(37)Ós rud é gur féidir institiúidí airgeadais agus soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais a bhunú i mBallstáit éagsúla agus gur féidir údaráis inniúla éagsúla maoirseacht a dhéanamh orthu, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú trí dhlúthchomhar idir na húdaráis inniúla ábhartha, trí mhalartú frithpháirteach faisnéise agus trí chúnamh a sholáthar i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí maoirseachta ábhartha.
(38)Chun cothrom iomaíochta a áirithiú i réimse na gcumhachtaí smachtbhannaí, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí riaracháin atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, lena n‑áirítear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, agus bearta riaracháin i gcás sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo. Ba cheart na smachtbhannaí riaracháin sin, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus na bearta riaracháin sin íoscheanglais áirithe a chomhlíonadh, lena n‑áirítear na híoschumhachtaí ba cheart a thabhairt d’údaráis inniúla chun go mbeidís in ann iad a fhorchur, na critéir ba cheart do na húdaráis inniúla a bhreithniú agus iad á bhforchur, agus an oibleagáid maidir le foilsiú agus tuairisciú. Ba cheart do na Ballstáit rialacha sonracha agus sásraí éifeachtacha a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla.
(39)Sa bhreis ar smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin, ba cheart an chumhacht a thabhairt d’údaráis inniúla íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais agus ar na comhaltaí sin dá gcomhlacht bainistíochta a shainaithnítear a bheith freagrach as sárú leanúnach nó a gceanglaítear orthu ordú ó údarás inniúil imscrúdaithe a chomhlíonadh. Ós rud é gurb é cuspóir na n‑íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla iallach a chur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha ordú ón údarás inniúil chun gníomhú a chomhlíonadh, mar shampla glacadh le bheith curtha faoi agallamh nó faisnéis a sholáthar, nó deireadh a chur le sárú leanúnach, níor cheart go gcuirfeadh cur i bhfeidhm íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla cosc ar údaráis inniúla smachtbhannaí riaracháin a fhorchur ina dhiaidh sin i leith an tsáraithe chéanna. Mura bhforálann na Ballstáit dá mhalairt, ba cheart íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ríomh ar bhonn laethúil.
(40)Gan beann ar a n‑ainmníocht faoin dlí náisiúnta, tá foirmeacha nós imeachta maidir le forfheidhmiú brostaithe nó comhaontuithe socraíochta le fáil i gcuid mhór Ballstát agus úsáidtear iad mar mhalairt ar imeachtaí foirmiúla as a dtiocfaidh smachtbhannaí a fhorchur. De ghnáth, cuirtear tús le nós imeachta maidir le forfheidhmiú brostaithe tar éis d’imscrúdú a bheith tugtha i gcrích agus tar éis don chinneadh a bheith glactha tús a chur le himeachtaí as a n‑eascraíonn smachtbhannaí a fhorchur. Saintréith de nós imeachta maidir le forfheidhmiú brostaithe is ea é a bheith níos giorra ná nós imeachta foirmiúil, mar gheall ar chéimeanna simplithe nós imeachta. De ghnáth, faoi chomhaontú socraíochta, tagann na páirtithe atá faoi réir imscrúdaithe ag údarás inniúil ar chomhaontú deireadh a chur leis an imscrúdú sin go luath, i bhformhór na gcásanna trí dhliteanas as éagóiritheoireacht a ghlacadh.
(41)Cé nach ndealraíonn sé a bheith iomchuí féachaint leis na nósanna imeachta sin maidir le forfheidhmiú brostaithe, a thug a lán Ballstát isteach, a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, mar gheall ar na cineálacha éagsúla cur chuige dlí a glacadh ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart a aithint go gceadaítear leis na modhanna sin d’údaráis inniúla ar féidir leo iad a chur i bhfeidhm, cásanna sáraithe a láimhseáil ar bhealach níos tapa, níos saoire agus níos éifeachtúla ar an iomlán faoi imthosca áirithe, agus ba cheart iad a spreagadh dá bhrí sin. Níor cheart, áfach, go mbeadh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit modhanna forfheidhmiúcháin den sórt sin a thabhairt isteach ina gcreat dlíthiúil ná níor cheart iallach a chur ar údaráis inniúla iad a úsáid mura measann siad gurb iomchuí sin. I gcás ina roghnaíonn na Ballstáit cumhacht a thabhairt dá n‑údaráis inniúla modhanna forfheidhmiúcháin den sórt sin a úsáid, ba cheart dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún faoin gcinneadh sin agus faoi na bearta ábhartha lena rialaítear na cumhachtaí sin.
(42)Ba cheart do na Ballstáit an chumhacht a thabhairt d’údaráis inniúla náisiúnta smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin den sórt sin a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais agus ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile i gcás inarb ábhartha chun an cás a leigheas i gcás sáraithe. Ba cheart raon na smachtbhannaí agus na mbeart a bheith leathan go leor chun go mbeidh na Ballstáit agus na húdaráis inniúla in ann na difríochtaí idir soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais a chur san áireamh, a mhéid a bhaineann lena méid, lena saintréithe agus le cineál a ngnó.
(43)Is féidir éifeacht láidir athchomhairleach a bheith ag foilsiú smachtbhanna nó birt riaracháin i leith sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo in aghaidh athdhéanamh an tsáraithe sin. Cuireann an foilsiú eintitis eile ar an eolas freisin faoi na rioscaí a bhaineann leis an soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais faoi smachtbhannaí sula dtéann sé i mbun caidreamh gnó agus tugann sé cúnamh d’údaráis inniúla i mBallstáit eile i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais nuair a oibríonn sé ina mBallstáit ar bhonn trasteorann. Ar na cúiseanna sin, ba cheart foilsiú cinntí maidir le pionóis riaracháin agus bearta riaracháin a cheadú fad a bhaineann sé le daoine dlítheanacha. Agus cinneadh á dhéanamh ar cheart pionós riaracháin nó beart riaracháin a fhoilsiú, ba cheart d’údarais inniúla tromchúis an tsáraithe agus an éifeacht athchomhairleach is dócha a dhéanfaidh an foilsiú a chur san áireamh. Mar sin féin, aon fhoilseachán den sórt sin a dhéanann tagairt do dhaoine nádúrtha, féadfaidh sé cur isteach ar bhealach díréireach ar a gcearta a eascraíonn as an gCairt um Chearta Bunúsacha agus as reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le cosaint sonraí. Ba cheart foilsiú a dhéanamh ar bhealach anaithnid mura rud é go measann an t‑údarás inniúil gur gá cinntí ina bhfuil sonraí pearsanta a fhoilsiú chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go héifeachtach, lena n‑áirítear i gcás ráitis phoiblí nó toirmisc shealadacha. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don údarás inniúil údar cuí a thabhairt lena chinneadh.
(44)Tá an malartú faisnéise agus soláthar cúnaimh idir údaráis inniúla na mBallstát fíor-riachtanach chun críocha an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, níor cheart comhar idir údaráis a bheith faoi réir coinníollacha sriantacha míréasúnta.
(45)Ba cheart rochtain trasteorann ar shonraí ag soláthraithe seirbhísí faisnéise a cheadú de bhun na saoirse chun seirbhísí a sholáthar nó de bhun na saoirse bunaíochta. Ba cheart do sholáthraí seirbhísí faisnéise airgeadais ar mian leis rochtain a bheith aige ar shonraí atá i seilbh sealbhóra sonraí i mBallstát eile, fógra a thabhairt dá údarás inniúil maidir lena rún, agus faisnéis á soláthar aige faoin gcineál sonraí is mian leis a rochtain, faoin scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais ar comhalta di é agus faoi na Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe aige rochtain a fháil ar na sonraí.
(46)Maidir le cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin smacht éifeachtach ar shonraí a thabhairt don chustaiméir agus aghaidh a thabhairt ar an easpa ceart rochtana ar shonraí custaiméara atá i seilbh sealbhóirí sonraí, ní féidir leis na Ballstáit iad a bhaint amach go leordhóthanach i bhfianaise a gcineáil trasteorann ach gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, trí chreat a chruthú trína bhféadfaí margadh trasteorann níos mó a bhfuil rochtain ar shonraí aige a fhorbairt. Féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(47)Bunaítear leis an togra le haghaidh Gníomh um Shonraí [Rialachán (AE) XX] creat cothrománach le haghaidh rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí ar fud an Aontais. Comhlánaíonn an Rialachán seo agus sonraítear leis an Rialachán seo na rialacha a leagtar síos sa togra le haghaidh Gníomh um Shonraí [Rialachán (AE) XX]. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le comhroinnt sonraí a rialaítear leis an Rialachán seo. Áirítear leis sin forálacha maidir leis na coinníollacha faoina ndéanann sealbhóirí sonraí na sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoirí sonraí, maidir le cúiteamh, comhlachtaí um réiteach díospóidí chun comhaontuithe a éascú idir páirtithe comhroinnte sonraí, bearta cosanta teicniúla, rochtain idirnáisiúnta agus aistriú sonraí agus maidir le húsáid údaraithe nó nochtadh sonraí.
(48)Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 nuair a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil. Déantar foráil ann maidir le cearta ábhair sonraí, lena n‑áirítear an ceart rochtana agus an ceart sonraí pearsanta a iompar. Tá an Rialachán seo gan dochar do chearta ábhair sonraí dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2016/679, lena n‑áirítear an ceart rochtana agus an ceart chun iniomparthachta sonraí. Leis an Rialachán seo, cruthaítear oibleagáid dhlíthiúil sonraí pearsanta agus neamhphearsanta custaiméara a chomhroinnt arna iarraidh sin don chustaiméir agus tugtar sainordú leis an bhféidearthacht theicniúil maidir le rochtain agus comhroinnt le haghaidh gach cineál sonraí faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Tá deonú ceada ag custaiméir gan dochar d’oibleagáidí úsáideoirí sonraí faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679. Níor cheart sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil d’úsáideoir sonraí agus a chomhroinntear leis a phróiseáil ach amháin le haghaidh seirbhísí arna soláthar ag úsáideoir sonraí i gcás ina bhfuil bunús dlí bailí ann faoi Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus, i gcás inarb infheidhme, i gcás ina gcomhlíontar ceanglais Airteagal 9 den Rialachán sin maidir le catagóirí speisialta sonraí a phróiseáil.
(49)Cuireann an Rialachán seo leis na forálacha maidir le ‘baincéireacht oscailte’ faoi Threoir (AE) 2015/2366 agus comhlánaíonn sé iad agus tá sé go hiomlán comhsheasmhach le Rialachán (AE).../202.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí íocaíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Treoir (AE).../202.. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí íocaíochta agus seirbhísí ríomh-airgid lena leasaítear Treoir 2013/36/AE agus Treoir 98/26/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2015/2355/AE agus Treoir 2009/110/CE. Comhlánaíonn an tionscnamh na forálacha maidir le ‘baincéireacht oscailte’ atá ann cheana faoi Threoir (AE) 2015/2366 lena rialaítear rochtain ar shonraí cuntas íocaíochta atá i seilbh soláthraithe seirbhísí íocaíochta is riarthóir cuntas. Cuireann sé leis na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le ‘baincéireacht oscailte’ mar a sainaithníodh san athbhreithniú ar Threoir 2015/2366/AE. Áirithítear leis an Rialachán seo comhleanúnachas idir rochtain ar shonraí airgeadais agus baincéireacht oscailte i gcás ina bhfuil gá le bearta breise, lena n‑áirítear bearta maidir le deaiseanna ceada, na hoibleagáidí dlíthiúla chun rochtain dhíreach a thabhairt ar shonraí custaiméara, agus an ceanglas ar shealbhóirí sonraí comhéadain a chur i bhfeidhm.
(50)Ní dhéanann an Rialachán seo difear do na forálacha a bhaineann le rochtain ar shonraí agus comhroinnt sonraí i reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais, is é sin an méid seo a leanas: (i) na forálacha maidir le rochtain ar thagarmharcanna agus an córas rochtana do dhíorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán idir ionaid trádála agus Contrapháirtithe Lárnacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; (ii) na rialacha maidir le rochtain creidiúnaithe ar bhunachar sonraí faoi Threoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; (iii) na rialacha maidir le rochtain ar stórtha urrúsúcháin faoi Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; (iv) na rialacha maidir leis an gceart ráiteas faoi stair na n‑éileamh a iarraidh ar an árachóir agus maidir le rochtain ar stórtha lárnacha ar na sonraí bunúsacha is gá chun éilimh a shocrú faoi Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; (v) an ceart chun rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta uile is gá agus iad a aistriú chuig soláthraí nua Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpaigh faoi Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; agus (vi) na forálacha maidir le seachfhoinsiú agus spleáchas faoi Threoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ina theannta sin, ní dhéanann an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta an Aontais ná rialacha iomaíochta náisiúnta an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ná aon ghnímh thánaistigh de chuid an Aontais. Tá an Rialachán seo gan dochar freisin do shonraí a rochtain, a chomhroinnt agus a úsáid gan úsáid a bhaint as na hoibleagáidí maidir le rochtain ar shonraí a bhunaítear leis an Rialachán seo ar bhonn conarthach amháin.
(51)Ós rud é go rialaítear comhroinnt sonraí a bhaineann le cuntais íocaíochta faoi chóras éagsúil a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/2366, meastar gurb iomchuí clásal athbhreithnithe a leagan síos sa Rialachán seo chun go bhféadfaidh an Coimisiún scrúdú a dhéanamh féachaint an ndéanfaidh tabhairt isteach na rialacha faoin Rialachán seo tionchar a imirt ar an gcaoi a ndéanann soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntas rochtain ar shonraí agus an mbeadh sé iomchuí na rialacha lena rialaítear comhroinnt sonraí is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntas a chuíchóiriú.
(52)Ós rud é gur cheart sainordú a thabhairt do ÚBE, ÚEÁPC agus ESMA úsáid a bhaint as a gcumhachtaí i ndáil le soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais, is gá a áirithiú go mbeidh siad in ann a gcumhachtaí agus a gcúraimí uile a fheidhmiú chun a gcuspóirí a chomhlíonadh maidir le leas an phobail a chosaint trí rannchuidiú le cobhsaíocht agus éifeachtacht ghearrthéarmach, mheántéarmach agus fhadtéarmach an chórais airgeadais, do gheilleagar an Aontais, dá shaoránaigh agus dá ghnólachtaí agus chun a áirithiú go gcumhdaítear soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Dá bhrí sin, ba cheart na Rialacháin sin a leasú dá réir sin.
(53)Ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar XX mí ionas go mbeifear in ann na caighdeáin theicniúla rialála agus na gníomhartha tarmligthe is gá a ghlacadh chun eilimintí áirithe den Rialachán seo a shonrú.
(54)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug an Maoirseoir tuairim an [……….]
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
TEIDEAL I
Ábhar, Raon Feidhme agus Sainmhínithe
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha maidir le rochtain, comhroinnt agus úsáid catagóirí áirithe sonraí custaiméara i seirbhísí airgeadais.
Bunaítear leis an Rialachán seo freisin rialacha maidir le húdarú agus oibriú soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais.
Airteagal 2
Raon feidhme
1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na catagóirí sonraí custaiméara seo a leanas:
(a)comhaontuithe creidmheasa morgáiste, iasachtaí agus cuntais, cé is moite de chuntais íocaíochta mar a shainmhínítear iad sa Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta (AE) 2015/2366, lena n‑áirítear sonraí maidir le hiarmhéid, coinníollacha agus idirbhearta;
(b)coigilteas, infheistíochtaí in ionstraimí airgeadais, táirgí infheistíochta atá árachas‑bhunaithe, cripteashócmhainní, eastát réadach agus sócmhainní airgeadais gaolmhara eile chomh maith leis na sochair eacnamaíocha a dhíorthaítear ó na sócmhainní sin; lena n‑áirítear sonraí arna mbailiú chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht agus cuibheas i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(c)cearta pinsin i scéimeanna pinsin ceirde, i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE agus Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(d)cearta pinsin maidir le táirgí pinsin phearsanta uile-Eorpacha a sholáthar, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1238;
(e)táirgí árachais neamhshaoil i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE, cé is moite de tháirgí árachais breoiteachta agus sláinte; lena n‑áirítear sonraí arna mbailiú chun críocha measúnú ar éilimh agus ar riachtanais i gcomhréir le hAirteagal 20 de Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus sonraí arna mbailiú chun críoch measúnú ar oiriúnacht agus cuibheas i gcomhréir le hAirteagal 30 de Threoir (AE) 2016/97.
(f)sonraí atá ina gcuid de mheasúnú acmhainneachta creidmheasa ar ghnólacht a bhailítear mar chuid de phróiseas iarratais ar iasacht nó iarraidh ar rátáil chreidmheasa.
2.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na heintitis seo a leanas agus iad ag gníomhú mar shealbhóirí sonraí nó mar úsáideoirí sonraí:
(a)institiúidí creidmheasa;
(b)institiúidí íocaíochta, lena n‑áirítear soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntas agus institiúidí íocaíochta atá díolmhaithe de bhun Threoir (AE) 2015/2366;
(c)institiúidí ríomh-airgid, lena n‑áirítear institiúidí ríomh-airgid atá díolmhaithe de bhun Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(d)gnólachtaí infheistíochta;
(e)soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní;
(f)eisitheoirí comharthaí sócmhainn‑tagartha;
(g)bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha;
(h)cuideachtaí bainistíochta gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe;
(i)gnóthais árachais agus athárachais;
(j)idirghabhálaithe árachais agus idirghabhálaithe árachais coimhdeacha;
(k)institiúidí um sholáthar pinsean ceirde;
(l)gníomhaireachtaí rátála creidmheasa;
(m)soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin;
(n)Soláthraithe TPPUnna;
(o)Soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais
3.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2(3), pointí (a) go (e), de Rialachán (AE) 2022/2554.
4.Ní dhéanann an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le rochtain ar shonraí custaiméara agus comhroinnt na sonraí sin dá dtagraítear i mír 1, mura bhforáiltear go sonrach dó sin sa Rialachán seo.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘tomhaltóir’ duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch eile seachas a cheird nó a ceird, a ghnó nó a gnó, nó a ghairm nó a gairm;
(2)ciallaíonn ‘custaiméir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a bhaineann úsáid as táirgí agus seirbhísí airgeadais;
(3)ciallaíonn ‘sonraí custaiméara’ sonraí pearsanta agus neamhphearsanta a bhailíonn, a stórálann agus a phróiseálann institiúid airgeadais ar bhealach eile mar chuid dá ngnáthchúrsa gnó le custaiméirí lena gcumhdaítear sonraí arna soláthar ag custaiméir agus sonraí arna nginiúint mar thoradh ar idirghníomhaíocht custaiméara leis an institiúid airgeadais;
(4)ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t‑údarás arna ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 17 agus le haghaidh institiúidí airgeadais ciallaíonn sé aon cheann de na húdaráis inniúla a liostaítear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2022/2554;
(5)ciallaíonn ‘sealbhóir sonraí’ institiúid airgeadais seachas soláthraí seirbhísí faisnéise cuntas a bhailíonn, a stórálann agus a phróiseálann na sonraí a liostaítear in Airteagal 2(1) ar shlí eile;
(6)ciallaíonn ‘úsáideoir sonraí’ aon cheann de na heintitis a liostaítear in Airteagal 2(2) a bhfuil rochtain dhleathach aige, tar éis cead a fháil ó chustaiméir, ar shonraí custaiméara a liostaítear in Airteagal 2(1);
(7)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais’ úsáideoir sonraí atá údaraithe faoi Airteagal 14 chun rochtain a fháil ar shonraí custaiméara a liostaítear in Airteagal 2(1) chun seirbhísí faisnéise airgeadais a sholáthar;
(8)ciallaíonn ‘institiúid airgeadais’ na heintitis a liostaítear in Airteagal 2(2) pointí (a) go (n), ar sealbhóirí sonraí nó úsáideoirí sonraí iad nó ceachtar acu sin chun críocha an Rialacháin seo.
(9)ciallaíonn ‘cuntas infheistíochta’ aon chlár arna bhainistiú ag gnólacht infheistíochta, institiúid chreidmheasa nó bróicéir árachais faoi shealúchais reatha in ionstraimí airgeadais nó i dtáirgí infheistíochta árachas‑bhunaithe a gcliant, lena n‑áirítear idirbhearta roimhe seo agus pointí sonraí eile a bhaineann le teagmhais saolré na hionstraime sin
(10)ciallaíonn ‘sonraí neamhphearsanta’ sonraí seachas sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679;
(11)ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679;
(12)ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa’ institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(13)ciallaíonn ‘gnólacht infheistíochta’ gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE;
(14)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní’ soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (15), de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(15)ciallaíonn ‘eisitheoir comharthaí sócmhainn‑tagartha’ eisitheoir comharthaí sócmhainn‑tagartha a údaraítear faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2023/1114;
(16)ciallaíonn ‘institiúid íocaíochta’ institiúid íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(4), de Threoir (AE) 2015/2366;
(17)ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí faisnéise cuntas’ soláthraí seirbhísí faisnéise cuntas dá dtagraítear in Airteagal 33(1) de Threoir (AE) 2015/2366;
(18)ciallaíonn ‘institiúid ríomh-airgid’ institiúid ríomh-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), de Threoir 2009/110/CE;
(19)ciallaíonn ‘institiúid ríomh-airgid atá díolmhaithe de bhun Threoir 2009/110/CE’ institiúid ríomh-airgid a thairbhíonn de tharscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Threoir 2009/110/CE;
(20)ciallaíonn ‘bainisteoir cistí infheistíochta malartacha’ bainisteoir cistí infheistíochta malartacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(21)ciallaíonn ‘cuideachta bainistíocha gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe’ cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(22)ciallaíonn ‘gnóthas árachais’ gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13(1) de Threoir 2009/138/CE;
(23)ciallaíonn ‘gnóthas athárachais’ gnóthas athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13(4) de Threoir 2009/138/CE;
(24)ciallaíonn ‘idirghabhálaí árachais’ idirghabhálaí árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (3), de Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(25)ciallaíonn ‘idirghabhálaí árachais coimhdeach’ idirghabhálaí árachais coimhdeach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (4), de Threoir (AE) 2016/97;
(26)ciallaíonn ‘institiúid um sholáthar pinsean ceirde’ institiúid um sholáthar pinsean ceirde mar a shainmhínítear in Airteagal 6(1), de Threoir (AE) 2016/2341;
(27)ciallaíonn ‘gníomhaireacht rátála creidmheasa’ gníomhaireacht rátála creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(28)ciallaíonn ‘soláthraí TPPU’ soláthraí TPPU mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15) de Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(29)ciallaíonn ‘ionadaí dlíthiúil’ duine nádúrtha a bhfuil sainchónaí air san Aontas nó duine dlítheanach a bhfuil a oifig chláraithe san Aontas, agus atá ainmnithe go sainráite ag soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais atá bunaithe i dtríú tír, agus a ghníomhaíonn thar ceann an tsoláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais sin i leith na n‑údarás, na gcliant, na gcomhlachtaí agus na gcontrapháirtithe don soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais san Aontas maidir le hoibleagáidí an tsoláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais faoin Rialachán seo;
TEIDEAL II
Rochtain ar Shonraí
Airteagal 4
Oibleagáid chun sonraí a chur ar fáil don chustaiméir
Déanfaidh an sealbhóir sonraí, arna iarraidh sin do chustaiméir arna chur isteach trí mheán leictreonach, na sonraí a liostaítear in Airteagal 2(1) a chur ar fáil don chustaiméir gan moill mhíchuí, saor in aisce, go leanúnach agus i bhfíor-am.
Airteagal 5
Oibleagáidí ar shealbhóir sonraí chun sonraí custaiméara a chur ar fáil d’úsáideoir sonraí
1.Déanfaidh an sealbhóir sonraí, arna iarraidh sin do chustaiméir arna chur isteach trí mheán leictreonach, na sonraí custaiméara a liostaítear in Airteagal 2(1) a chur ar fáil d’úsáideoir sonraí chun na gcríoch sin ar thug an custaiméir cead don úsáideoir sonraí ina leith. Cuirfear na sonraí custaiméara ar fáil don úsáideoir sonraí gan moill mhíchuí, go leanúnach agus i bhfíor-am.
2.Ní fhéadfaidh sealbhóir sonraí cúiteamh a éileamh ó úsáideoir sonraí as sonraí custaiméara a chur ar fáil de bhun mhír 1 ach amháin má chuirtear na sonraí custaiméara ar fáil d’úsáideoir sonraí i gcomhréir le rialacha agus módúlachtaí scéime um chomhroinnt sonraí airgeadais, dá bhforáiltear in Airteagail 9 agus 10, nó má chuirtear ar fáil iad de bhun Airteagal 11.
3.Agus sonraí á gcur ar fáil de bhun mhír 1, déanfaidh an sealbhóir sonraí an méid seo a leanas:
(a)sonraí custaiméara a chur ar fáil don úsáideoir sonraí i bhformáid atá bunaithe ar chaighdeáin a aithnítear go ginearálta agus ar a laghad ar an gcáilíocht chéanna atá ar fáil don sealbhóir sonraí;
(b)cumarsáid a dhéanamh go slán leis an úsáideoir sonraí trí leibhéal iomchuí slándála a áirithiú le haghaidh sonraí custaiméara a phróiseáil agus a tharchur;
(c)iarraidh ar úsáideoirí sonraí a léiriú go bhfuil cead faighte acu ón gcustaiméir rochtain a fháil ar shonraí custaiméara atá i seilbh an tsealbhóra sonraí;
(d)deais cheada a sholáthar don chustaiméir chun faireachán a dhéanamh ar cheadanna agus iad a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 8.
(e)urramóidh sé rúndacht na rún trádála agus na gceart maoine intleachtúla nuair a bheidh rochtain ar shonraí custaiméara i gcomhréir le hAirteagal 5(1).
Airteagal 6
Oibleagáidí ar úsáideoir sonraí a fhaigheann sonraí custaiméara
1.Ní bheidh úsáideoir sonraí incháilithe chun rochtain a fháil ar shonraí custaiméara de bhun Airteagal 5(1) ach amháin má tá an t‑úsáideoir sonraí sin faoi réir údarú roimh ré ó údarás inniúil mar institiúid airgeadais nó más soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais é de bhun Airteagal 14.
2.Ní bheidh rochtain ag úsáideoir sonraí ach ar shonraí custaiméara arna gcur ar fáil faoi Airteagal 5(1) chun na gcríoch agus faoi na coinníollacha a bhfuil cead tugtha ag an gcustaiméir ina leith. Scriosfaidh úsáideoir sonraí sonraí custaiméara nuair nach mbeidh sé riachtanach a thuilleadh chun na gcríoch ar thug custaiméir an cead ina leith.
3.Féadfaidh custaiméir an cead a thug sé d’úsáideoir sonraí a tharraingt siar. Nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh chun conradh a chomhlíonadh, féadfaidh custaiméir an cead a thug sé chun sonraí custaiméara a chur ar fáil d’úsáideoir sonraí a tharraingt siar de réir na n‑oibleagáidí conarthacha a bhfuil sé faoina réir.
4.Chun bainistiú éifeachtach ar shonraí custaiméara a áirithiú, déanfaidh úsáideoir sonraí an méid seo a leanas:
(a)ní phróiseálfaidh sé aon sonra custaiméara ach ar mhaithe leis an tseirbhís a chomhlíonadh a iarrann an custaiméir go sainráite;
(b)urramóidh sé rúndacht na rún trádála agus na gceart maoine intleachtúla nuair a bheidh rochtain ar shonraí custaiméara i gcomhréir le hAirteagal 5(1);
(c)déanfaidh sé bearta teicniúla, dlíthiúla agus eagraíochtúla leormhaithe a chur i bhfeidhm chun aistriú sonraí custaiméara neamhphearsanta atá neamhdhleathach faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta Ballstáit, nó rochtain orthu, a chosc;
(d)na bearta is gá a dhéanamh chun leibhéal iomchuí slándála a áirithiú le haghaidh sonraí custaiméara neamhphearsanta a stóráil, a phróiseáil agus a tharchur;
(e)ní dhéanfaidh sé sonraí custaiméara a phróiseáil chun críoch fógraíochta, ach amháin i gcás margaíocht dhíreach i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta;
(f)i gcás inar cuid de ghrúpa cuideachtaí é an t‑úsáideoir sonraí, ní bheidh rochtain ná próiseáil ar shonraí custaiméara a liostaítear in Airteagal 2(1) ach ag eintiteas an ghrúpa a ghníomhaíonn mar úsáideoir sonraí.
TEIDEAL III
Úsáid fhreagrach Sonraí agus deaiseanna ceada
Airteagal 7
Imlíne úsáide sonraí
1.Maidir le próiseáil sonraí custaiméara dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo arb é atá ann próiseáil sonraí pearsanta, beidh sí teoranta don mhéid is gá i ndáil leis na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil.
2.I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, forbróidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) treoirlínte maidir le cur chun feidhme mhír 1 den Airteagal seo le haghaidh táirgí agus seirbhísí a bhaineann le scór creidmheasa an tomhaltóra.
3.I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, forbróidh an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) treoirlínte maidir le cur chun feidhme mhír 1 den Airteagal seo i gcás táirgí agus seirbhísí a bhaineann le measúnú riosca agus praghsáil an tomhaltóra i gcás táirgí árachais saoil, sláinte agus breoiteachta.
4.Agus na treoirlínte dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo á n‑ullmhú, comhoibreoidh ÚEÁPC agus ÚBE go dlúth leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679.
Airteagal 8
Deaiseanna Ceada um Rochtain ar Shonraí Airgeadais
1.Cuirfidh sealbhóir sonraí deais cheada ar fáil don chustaiméir chun faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar na ceadanna a thug custaiméir d’úsáideoirí sonraí.
2.Le deais cheada, déanfar an méid seo a leanas:
(a)forbhreathnú a thabhairt don chustaiméir ar gach cead leanúnach a thugtar d’úsáideoirí sonraí, lena n‑áirítear:
(i)ainm an úsáideora sonraí ar deonaíodh rochtain dó
(ii)an cuntas custaiméara, an táirge airgeadais nó an tseirbhís airgeadais dár deonaíodh rochtain;
(iii)cuspóir an cheada;
(iv)na catagóirí sonraí atá á gcomhroinnt;
(v)tréimhse bhailíochta an cheada;
(b)ligean don chustaiméir an cead a tugadh d’úsáideoir sonraí a tharraingt siar;
(c)ligean don chustaiméir aon chead a tarraingíodh siar a athbhunú;
(d)áireofar ann taifead ar cheadanna a tarraingíodh siar nó atá imithe in éag ar feadh tréimhse 2 bhliain.
3.Áiritheoidh an sealbhóir sonraí go mbeidh sé éasca an deais cheada a fháil ina chomhéadan úsáideora agus go mbeidh an fhaisnéis a thaispeántar ar an deais soiléir, cruinn agus sothuigthe don chustaiméir.
4.Comhoibreoidh an sealbhóir sonraí agus an t‑úsáideoir sonraí a bhfuil cead tugtha ag custaiméir ina leith chun faisnéis a chur ar fáil don chustaiméir tríd an deais i bhfíor-am. Chun na hoibleagáidí i bpointí (a), (b), (c) agus (d) de mhír 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh:
(a)Cuirfidh an sealbhóir sonraí an t‑úsáideoir sonraí ar an eolas faoi athruithe a rinneadh ar chead maidir leis an úsáideoir sonraí sin a rinne custaiméir tríd an deais.
(b)Cuirfidh úsáideoir sonraí an sealbhóir sonraí ar an eolas faoi chead nua arna dheonú ag custaiméir maidir le sonraí custaiméara atá i seilbh an tsealbhóra sonraí sin, lena n‑áirítear:
(i)cuspóir an cheada arna dheonú ag an gcustaiméir;
(ii)tréimhse bhailíochta an cheada
(iii)na catagóirí sonraí lena mbaineann.
TEIDEAL IV
Scéimeanna um Chomhroinnt Sonraí Airgeadais
Airteagal 9
Ballraíocht sa scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais
1.Laistigh de 18 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí ina gcomhaltaí de scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais lena rialaítear rochtain ar shonraí custaiméara i gcomhréir le hAirteagal 10.
2.D’fhéadfadh sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí a bheith ina gcomhaltaí de níos mó ná scéim amháin um chomhroinnt sonraí airgeadais.
Déanfar aon chomhroinnt sonraí i gcomhréir le rialacha agus módúlachtaí scéime um chomhroinnt sonraí airgeadais a bhfuil an t‑úsáideoir sonraí agus an sealbhóir sonraí araon ina gcomhaltaí di.
Airteagal 10
Rialachas agus inneachar na scéime um chomhroinnt sonraí airgeadais
1.Áireofar na heilimintí seo a leanas i scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais:
(a)áireofar na nithe seo a leanas ar chomhaltaí scéime um chomhroinnt sonraí airgeadais:
(i)sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí ar cion suntasach iad de mhargadh an táirge nó na seirbhíse lena mbaineann, agus ionadaíocht chothrom chomhionann ag gach taobh i bpróisis chinnteoireachta inmheánacha na scéime chomh maith leis an ualach céanna in aon nós imeachta vótála; i gcás inar sealbhóir sonraí agus úsáideoir sonraí araon é comhalta, áireofar a bhallraíocht go cothrom i leith an dá thaobh;
(ii)eagraíochtaí custaiméirí agus comhlachais tomhaltóirí.
(b)beidh feidhm chomhionann ag na rialacha is infheidhme maidir le comhaltaí na scéime um chomhroinnt sonraí airgeadais maidir leis na comhaltaí uile agus ní bheidh aon chóir fhabhrach nó dhifreáilte gan údar idir comhaltaí;
(c)áiritheofar le rialacha ballraíochta scéime um chomhroinnt sonraí airgeadais go mbeidh an scéim oscailte do rannpháirtíocht aon sealbhóra sonraí agus úsáideora sonraí bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus go gcaithfear le gach comhalta ar bhealach cothrom comhionann;
(d)ní fhorchuirfidh scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais aon rialú ná aon choinníoll breise maidir le comhroinnt sonraí seachas na cinn dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó faoi dhlí infheidhme eile de chuid an Aontais;
(e)áireofar i scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais sásra trínar féidir a rialacha a leasú, tar éis anailís tionchair a dhéanamh agus comhaontú a fháil ó thromlach gach pobail de shealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí faoi seach;
(f)áireofar i scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais rialacha maidir le trédhearcacht agus, i gcás inar gá, tuairisciú dá comhaltaí;
(g)áireofar i scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais na caighdeáin choiteanna le haghaidh na sonraí agus na gcomhéadan teicniúil chun gur féidir le custaiméirí comhroinnt sonraí a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 5(1). Na caighdeáin choiteanna le haghaidh na sonraí agus na gcomhéadan teicniúil a chomhaontaíonn comhaltaí na scéime a úsáid, féadfaidh comhaltaí scéime nó páirtithe nó comhlachtaí eile iad a fhorbairt;
(h)le scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais, bunófar samhail chun an cúiteamh uasta a chinneadh a bhfuil sealbhóir sonraí i dteideal a ghearradh as sonraí a chur ar fáil trí chomhéadan teicniúil iomchuí le haghaidh comhroinnt sonraí le húsáideoirí sonraí i gcomhréir leis na caighdeáin choiteanna arna bhforbairt faoi phointe (g). Beidh an tsamhail bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:
(i)ba cheart é a bheith teoranta do chúiteamh réasúnta a bhaineann go díreach leis na sonraí a chur ar fáil don úsáideoir sonraí agus atá inchurtha i leith na hiarrata;
(ii)ba cheart é a bheith bunaithe ar mhodheolaíocht oibiachtúil, thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach arna comhaontú ag comhaltaí na scéime;
(iii)ba cheart é a bheith bunaithe ar shonraí cuimsitheacha margaidh arna mbailiú ó úsáideoirí sonraí agus ó shealbhóirí sonraí maidir le gach ceann de na heilimintí costais atá le cur san áireamh, sonraí a shainaithneofar go soiléir i gcomhréir leis an tsamhail;
(iv)ba cheart athbhreithniú agus faireachán tréimhsiúil a dhéanamh air chun dul chun cinn teicneolaíoch a chur san áireamh;
(v)ba chearté a cheapadh chun cúiteamh a dhíriú ar na leibhéil is ísle atá ar an margadh; agus
(vi)ba cheart é a bheith teoranta do na hiarrataí ar shonraí custaiméara faoi Airteagal 2(1) nó i gcomhréir leis na tacair sonraí ghaolmhara i raon feidhme an Airteagail sin i gcás iarrataí ar shonraí comhcheangailte.
I gcás inar micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide é an t‑úsáideoir sonraí, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003, ní rachaidh aon chúiteamh a chomhaontófar thar na costais a bhaineann go díreach leis na sonraí a chur ar fáil don fhaighteoir sonraí agus atá inchurtha i leith na hiarrata.
(i)cinnfear le scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais dliteanas conarthach a comhaltaí, lena n‑áirítear i gcás ina mbeidh na sonraí míchruinn, nó ar cháilíocht neamhleor, nó ina gcuirfear slándáil sonraí i mbaol nó i gcás ina mbainfear mí-úsáid as na sonraí. I gcás sonraí pearsanta, beidh forálacha dliteanais na scéime um chomhroinnt sonraí airgeadais i gcomhréir leis na forálacha i Rialachán (AE) 2016/679;
(j)le scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais, forálfar do chóras réitigh díospóidí atá neamhspleách, neamhchlaonta, trédhearcach agus éifeachtach chun díospóidí i measc chomhaltaí na scéime agus saincheisteanna comhaltais a réiteach, i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta a leagtar síos le Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
2.Fanfaidh comhaltas i scéimeanna um chomhroinnt sonraí airgeadais ar oscailt do chomhaltaí nua ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna leis na téarmaí agus na coinníollacha do chomhaltaí atá ann cheana tráth ar bith.
3.Déanfaidh sealbhóir sonraí na scéimeanna um chomhroinnt sonraí airgeadais ar cuid díobh é a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe, laistigh de mhí amháin tar éis dó dul isteach i scéim.
4.Maidir le scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais arna bunú i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfear in iúl d’údarás inniúil bunaíochta na dtrí shealbhóir sonraí is mó atá ina gcomhaltaí den scéim sin tráth bunaithe na scéime. I gcás ina bhfuil na trí shealbhóir sonraí is mó bunaithe i mBallstáit éagsúla, nó i gcás ina bhfuil níos mó ná údarás inniúil amháin i mBallstát bunaíochta na dtrí shealbhóir sonraí is mó, cuirfear an scéim in iúl do na húdaráis sin uile agus tiocfaidh na trí údarás sin ar chomhaontú eatarthu féin i dtaca le cén t‑údarás a dhéanfaidh an measúnú dá dtagraítear i mír 6.
5.Tabharfar an fógra i gcomhréir le mír 4 laistigh d’aon mhí amháin tar éis an scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais a chur ar bun agus áireofar ann a módúlachtaí rialachais agus a saintréithe rialachais i gcomhréir le mír 1.
6.Laistigh d’aon mhí amháin ón bhfógra a fháil de bhun mhír 4, déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú i dtaobh an bhfuil módúlachtaí agus saintréithe rialachais na scéime um chomhroinnt sonraí airgeadais i gcomhréir le mír 1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh mhír 1 ag an scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais, féadfaidh an t‑údarás inniúil dul i gcomhairle le húdaráis inniúla eile.
Ar thabhairt i gcrích a mheasúnaithe don údarás inniúil, cuirfidh sé ÚBE ar an eolas faoi scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais ar tugadh fógra ina leith agus a chomhlíonann forálacha mhír 1. Déanfar scéim a dtugtar fógra ina leith do ÚBE i gcomhréir leis an mír seo a aithint sna Ballstáit uile chun rochtain a fháil ar shonraí de bhun Airteagal 5(1) agus ní bheidh gá le fógra breise ina leith in aon Bhallstát eile.
Airteagal 11
Cumhachtú le haghaidh Gníomh Tarmligthe i gcás nach ann do scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais
I gcás nach bhforbraítear scéim um chomhroinnt sonraí airgeadais le haghaidh ceann amháin nó níos mó de chatagóirí sonraí custaiméara a liostaítear in Airteagal 2(1) agus nach bhfuil aon ionchas réalaíoch ann go gcuirfear scéim den sórt sin ar bun laistigh de thréimhse réasúnta ama, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na módúlachtaí seo a leanas a shonrú faoina gcuirfidh sealbhóir sonraí sonraí custaiméara ar fáil de bhun Airteagal 5(1) don chatagóir sonraí sin:
(a)caighdeáin choiteanna le haghaidh na sonraí agus, i gcás inarb iomchuí, na gcomhéadan teicniúil chun ligean do chustaiméirí comhroinnt sonraí a iarraidh faoi Airteagal 5(1);
(b)samhail chun an cúiteamh uasta a chinneadh atá sealbhóir sonraí i dteideal a ghearradh as sonraí a chur ar fáil;
(c)dliteanas na n‑eintiteas a bhfuil baint acu leis na sonraí custaiméara a chur ar fáil.
TEIDEAL V
Incháilitheacht le haghaidh Rochtain ar Shonraí agus Eagrú
Airteagal 12
Iarratas ar údarú soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais
1.Beidh soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais incháilithe chun rochtain a fháil ar shonraí custaiméara faoi Airteagal 5(1) má tá sé údaraithe ag údarás inniúil Ballstáit.
2.Cuirfidh soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais iarratas ar údarú faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe bunaithe, mar aon leis an méid seo a leanas:
(a)clár oibríochtaí ina leagtar amach go háirithe an cineál rochtana ar shonraí a bheartaítear;
(b)plean gnó lena n‑áirítear réamh-mheastachán ar an mbuiséad do na chéad trí bliana airgeadais lena léirítear go bhfuil an t‑iarratasóir in ann leas a bhaint as na córais, na hacmhainní agus na nósanna imeachta is iomchuí agus is comhréireach chun feidhmiú go fónta;
(c)tuairisc ar shocruithe rialachais agus ar shásraí rialaithe inmheánaigh an iarratasóra, lena n‑áirítear nósanna imeachta riaracháin, bainistithe riosca agus cuntasaíochta, chomh maith le socruithe chun seirbhísí TFC a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena léirítear go bhfuil na socruithe rialachais, na sásraí rialála agus na nósanna imeachta sin comhréireach, iomchuí, fónta agus leormhaith;
(d)tuairisc ar an nós imeachta atá i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar theagmhas slándála agus gearáin ó chustaiméirí a bhaineann le cúrsaí slándála, agus chun iad a láimhseáil agus obair leantach a dhéanamh ina leith, lena n‑áirítear sásra tuairiscithe teagmhais lena gcuirtear san áireamh na hoibleagáidí maidir le fógra a thabhairt, a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2022/2554;
(e)tuairisc ar shocruithe leanúnachais gnó lena n‑áirítear sainaithint shoiléir na n‑oibríochtaí criticiúla, beartas agus pleananna leanúnachais gnó TFC éifeachtacha agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC, agus nós imeachta chun leormhaitheas agus éifeachtúlacht na bpleananna sin a thástáil agus a athbhreithniú go tráthrialta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554;
(f)doiciméad beartais slándála, lena n‑áirítear measúnú riosca mionsonraithe i ndáil lena oibríochtaí agus tuairisc ar bhearta rialaithe slándála agus bearta maolaithe arna ndéanamh chun a chustaiméirí a chosaint go leordhóthanach ar na rioscaí arna n‑aithint, lena n‑áirítear calaois;
(g)tuairisc ar eagrú struchtúrach an iarratasóra, chomh maith le tuairisc ar shocruithe seachfhoinsithe;
(h)céannacht na stiúrthóirí agus na ndaoine atá freagrach as bainistiú an iarratasóra agus, i gcás inarb ábhartha, céannacht na ndaoine atá freagrach as gníomhaíochtaí rochtana sonraí an iarratasóra a bhainistiú, chomh maith le fianaise go bhfuil dea-cháil orthu agus go bhfuil an t‑eolas agus an taithí iomchuí acu chun rochtain a fháil ar shonraí mar a chinntear sa Rialachán seo;
(i)stádas dlíthiúil agus airteagail chomhlachais an iarratasóra;
(j)seoladh cheannoifig an iarratasóra;
(k)i gcás inarb infheidhme, an comhaontú i scríbhinn idir an soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais agus an t‑ionadaí dlíthiúil lena bhfianaítear an ceapachán, méid an dliteanais agus na cúraimí atá le déanamh ag an ionadaí dlíthiúil i gcomhréir le hAirteagal 13.
chun críocha na chéad fhomhíre, pointí (c), (d) agus (g), soláthróidh an t‑iarratasóir tuairisc ar a shocruithe iniúchóireachta agus ar na socruithe eagrúcháin atá curtha ar bun aige d’fhonn gach beart réasúnach a dhéanamh chun leasanna a chuid custaiméirí a chosaint agus chun leanúnachas agus iontaofacht a áirithiú i dtaobh fheidhmiú a chuid gníomhaíochtaí.
Leis na bearta rialaithe slándála agus na bearta maolúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (f), léireofar conas a áiritheoidh an t‑iarratasóir ardleibhéal athléimneachta digití oibríochtúla i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) 2022/2554, go háirithe i ndáil le slándáil theicniúil agus cosaint sonraí, lena n‑áirítear i gcás na mbogearraí agus na gcóras TFC a úsáideann an t‑iarratasóir nó na gnóthais a ndéanann sé a chuid oibríochtaí a sheachfhoinsiú chucu, go hiomlán nó go páirteach.
3.Beidh árachas slánaíochta gairmiúla ag soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais a chumhdóidh na críocha ina bhfaigheann siad rochtain ar shonraí, nó ráthaíocht inchomparáide éigin eile, agus áiritheoidh siad an méid seo a leanas:
(a)go mbeidh ar a gcumas a ndliteanas a chumhdach a eascraíonn as rochtain neamhúdaraithe nó chalaoiseach ar shonraí nó as úsáid neamhúdaraithe nó chalaoiseach sonraí;
(b)go mbeidh ar a gcumas luach aon bharrachais, tairsí nó asbhaintigh a chumhdach as an árachas nó as an ráthaíocht inchomparáide;
(c)go ndéanfar faireachán ar chumhdach an árachais nó na ráthaíochta inchomparáide ar bhonn leanúnach.
Mar mhalairt ar árachas slánaíochta gairmiúla a shealbhú nó ráthaíocht inchomparáide eile mar a cheanglaítear sa chéad fhomhír, sealbhóidh an gnóthas dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo caipiteal tosaigh dar luach EUR 50 000, ar féidir árachas slánaíochta gairmiúla nó ráthaíocht inchomparáide eile a chur ina ionad tar éis dó tús a chur lena ghníomhaíocht mar sholáthraí seirbhísí faisnéise airgeadais, gan moill mhíchuí.
4.Déanfaidh ÚBE, i gcomhar le ESMA agus ÚEÁPC, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar an méid seo a leanas:
(a)an fhaisnéis atá le soláthar don údarás inniúil san iarratas ar údarú soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais, lena n‑áirítear na ceanglais a leagtar síos i mír 1, pointí (a) go (l);
(b)modheolaíocht mheasúnaithe choiteann chun údarú a dheonú mar sholáthraí seirbhísí faisnéise airgeadais, faoin Rialachán seo;
(c)cad is ráthaíocht inchomparáide ann, dá dtagraítear i mír 2, rud ba cheart a bheith inmhalartaithe le hárachas slánaíochta gairmiúla;
(d)na critéir i dtaobh conas a leagan síos cad é íosmhéid airgid an árachais slánaíochta gairmiúla nó na ráthaíochta inchomparáide eile dá dtagraítear i mír 2.
Agus na caighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt aige, cuirfidh ÚBE an méid seo a leanas san áireamh:
(a)próifíl riosca an ghnóthais;
(b)an soláthraíonn an gnóthas cineálacha eile seirbhísí nó an mbíonn sé ag gabháil do ghnó eile;
(c)méid na gníomhaíochta;
(d)saintréithe sonracha de chuid ráthaíochtaí inchomparáide agus na critéir lena gcur chun feidhme.
Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2015.
I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE 1093/2010, déanfaidh ÚBE na caighdeáin theicniúla rialála sin a athbhreithniú agus, más iomchuí, a thabhairt cothrom le dáta.
Airteagal 13
Ionadaithe dlíthiúla
1.Soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas ach a bhfuil rochtain ar shonraí airgeadais san Aontas ag teastáil uathu, déanfaidh siad duine dlítheanach nó nádúrtha a ainmniú, i scríbhinn, ina ionadaí dlíthiúil i gceann de na Ballstáit óna bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais rochtain a fháil ar shonraí airgeadais.
2.Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais sainordú gurb iad a n‑ionadaithe dlíthiúla i dteannta nó in ionad an tsoláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais ar cheart do na húdaráis inniúla déiléail leo maidir leis na saincheisteanna uile is gá chun an Rialachán seo a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá dá n‑ionadaí dlíthiúil chun a chur ar a gcumas dóibh comhoibriú leis na húdaráis inniúla agus comhlíonadh a gcinntí a áirithiú.
3.Féadfar an t‑ionadaí dlíthiúil ainmnithe a chur faoi dhliteanas mar gheall ar neamh-chomhlíonadh oibleagáidí faoin Rialachán seo, gan dochar don dliteanas agus do na gníomhartha dlíthiúla a d’fhéadfaí a thionscnamh in aghaidh an tsoláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais.
4.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin a n‑ionadaí dlíthiúil in iúl don údarás inniúil sa Bhallstát ina gcónaíonn an t‑ionadaí dlíthiúil sin nó ina bhfuil sé bunaithe. Áiritheoidh siad go bhfuil an fhaisnéis sin cothrom le dáta.
5.Ní hionann ionadaí dlíthiúil laistigh den Aontas a ainmniú de bhun mhír 1 agus bunaíocht san Aontas.
Airteagal 14
Údarú soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais a dheonú agus a tharraingt siar
1.Deonóidh an t‑údarás inniúil údarú má chomhlíonann an fhaisnéis agus an fhianaise a ghabhann leis an iarratas na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11(1) agus (2). Sula ndeonóidh an t‑údarás inniúil údarú, féadfaidh sé, i gcás inarb ábhartha, dul i gcomhairle le húdaráis phoiblí ábhartha eile.
2.Údaróidh an t‑údarás inniúil soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais tríú tír ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)gur chomhlíon soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais an tríú tír na coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagail 12 agus 16;
(b)go bhfuil ionadaí dlíthiúil ainmnithe ag an soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais tríú tír de bhun Airteagal 13;
(c)i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais an tríú tír faoi réir maoirseachta, féachfaidh an t‑údarás inniúil le socrú comhair iomchuí a chur i bhfeidhm le húdarás inniúil ábhartha an tríú tír ina bhfuil an soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais bunaithe, chun malartú éifeachtúil faisnéise a áirithiú;
(d)nach liostaítear an tríú tír ina bhfuil an soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais bunaithe mar dhlínse neamh-chomhoibríoch chun críoch cánach faoin mbeartas ábhartha de chuid an Aontais nó mar dhlínse tríú tír ardriosca a bhfuil easnaimh inti i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ón gCoimisiún.
3.Ní dheonóidh an t‑údarás inniúil údarú ach amháin, agus an gá atá le bainistíocht fhónta stuama soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais a áirithiú á chur san áireamh, má tá socruithe rialachais láidre ag an soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais dá ghnó seirbhíse faisnéise. Áirítear air sin struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí dea-shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha ann, nósanna imeachta éifeachtacha chun rioscaí a bhfuil sé neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, mar aon le sásraí rialaithe inmheánaigh leordhóthanacha, lena n‑áirítear nósanna imeachta fónta ó thaobh an riaracháin agus na cuntasaíochta de. Beidh na socruithe, na nósanna imeachta agus na sásraí sin cuimsitheach agus comhréireach le cineál, scála agus castacht na seirbhísí faisnéise arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais.
4.Ní dheonóidh an t‑údarás inniúil údarú ach amháin sa chás nach bhfágann na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin lena rialaítear duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil dlúthnaisc ag an soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais leis nó leo, nó deacrachtaí ó thaobh na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin sin a fhorfheidhmiú, go ndéanfar feidhmiú éifeachtach a fheidhmeanna maoirseachta a chosc.
5.Ní thabharfaidh an t‑údarás inniúil údarú ach amháin má tá sé sásta nach bhfágfaidh aon socrú seachfhoinsithe go mbeidh an soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais ina eintiteas bosca poist nó nach dtugtar fúthu mar mhodh chun dul timpeall ar fhorálacha an Rialacháin seo.
6.Laistigh de 3 mhí ó iarratas a fháil nó, má tá an t‑iarratas neamhiomlán, ón bhfaisnéis go léir a fháil a theastaíonn i leith an chinnidh, cuirfidh an t‑údarás inniúil an t‑iarratasóir ar an eolas faoi cibé acu atá an t‑údarú deonaithe nó diúltaithe. Tabharfaidh an t‑údarás inniúil cúiseanna i gcás ina ndiúltóidh sé údarú.
7.Ní fhéadfaidh an t‑údarás inniúil údarú a eisíodh chuig soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais a tharraingt siar ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)nár úsáid an soláthraí an t‑údarú faoi cheann 12 mhí, má thréig sé an t‑údarú go sainráite nó má scoir sé de bheith i mbun gnó le níos mó na 6 mhí anuas;
(b)go bhfuair an soláthraí an t‑údarú trí ráitis bhréagacha nó ar aon slí mhírialta eile;
(c)nach gcomhlíonfaidh an soláthraí a thuilleadh na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú nó nár chuir sé an t‑údarás inniúil ar an eolas faoi mhórfhorbairtí ina leith sin;
(d)gur riosca a bheadh sa soláthraí do chosaint tomhaltóirí agus do shlándáil sonraí.
Tabharfaidh an t‑údarás inniúil cúiseanna le haon údarú a tharraingt siar agus tabharfaidh sé fógra dá réir sin dóibh siúd lena mbaineann. Déanfaidh an t‑údarás inniúil tarraingt siar údaraithe a phoibliú, i leagan anaithnidithe.
Airteagal 15
Clár
1.Déanfaidh ÚBE clár lárnach leictreonach a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:
(a)na soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais údaraithe.
(b)na soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais a bhfuil fógra tugtha acu go bhfuil rún acu rochtain a fháil ar shonraí i mBallstát nach é a mBallstát baile.
(c)na scéimeanna um chomhroinnt sonraí airgeadais arna gcomhaontú idir sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí.
2.Ní bheidh sa chlár dá dtagraítear i mír 1 ach sonraí anaithnidithe.
3.Beidh an clár ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin ÚBE agus beifear in ann an fhaisnéis liostaithe a chuardach agus a rochtain go héasca.
4.Déanfaidh ÚBE aon tarraingt siar ar údarú soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais nó aon fhoirceannadh scéime um chomhroinnt sonraí airgeadais a iontráil sa chlár dá dtagraítear i mír 1.
5.Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis is gá in iúl do ÚBE gan mhoill chun a chúraimí a chomhlíonadh de bhun mhíreanna 1 agus 3. Beidh na húdaráis inniúla freagrach as cruinneas na faisnéise a shonraítear i míreanna 1 agus 3 agus as an bhfaisnéis sin a choimeád cothrom le dáta. Déanfaidh siad, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, an fhaisnéis sin a tharchur chuig ÚBE ar bhealach uathoibrithe.
Airteagal 16
Ceanglais eagraíochtúla do sholáthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais
Comhlíonfaidh soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais na ceanglais eagraíochtúla seo a leanas:
(a)cuirfidh sé beartais agus nósanna imeachta ar bun a bheidh leordhóthanach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh sé féin agus a chuid bainisteoirí agus fostaithe a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo;
(b)déanfaidh sé bearta réasúnacha chun leanúnachas agus rialtacht a áirithiú i bhfeidhmiú a ghníomhaíochtaí. Chuige sin, bainfidh an soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais úsáid as córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach chun leanúnachas a oibríochtaí criticiúla a áirithiú, beidh pleananna teagmhasacha agus nós imeachta i bhfeidhm aige chun leordhóthanacht agus éifeachtúlacht na bpleananna sin a thástáil agus a athbhreithniú go tráthrialta;
(c)nuair atá sé ag brath ar thríú páirtí chun feidhmeanna a chomhlíonadh atá ríthábhachtach chun seirbhís leanúnach shásúil a sholáthar do chustaiméirí agus chun gníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhonn leanúnach agus sásúil, go ndéanfaidh sé bearta réasúnacha chun riosca oibriúcháin breise míchuí a sheachaint. Ní fhéadfar tabhairt faoi sheachfhoinsiú feidhmeanna oibríochtúla tábhachtacha ar bhealach a dhéanfaidh dochar ábhartha do cháilíocht a rialaithe inmheánaigh agus do chumas an mhaoirseora faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an tsoláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais leis na hoibleagáidí uile;
(d)beidh aige nósanna imeachta fónta rialachais, riaracháin agus cuntasaíochta, sásraí rialaithe inmheánaigh, nósanna imeachta éifeachtacha maidir le measúnú riosca agus bainistiú riosca, agus socruithe éifeachtacha rialaithe agus coimircithe le haghaidh córais próiseála faisnéise;
(e)go bhfuil dea-cháil ar a stiúrthóirí agus ar na daoine atá freagrach as bainistiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí rochtana sonraí an tsoláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais agus go bhfuil an t‑eolas, na scileanna agus an taithí iomchuí acu, ar bhonn aonair agus i dteannta a chéile, chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh;
(f)déanfaidh sé nósanna imeachta éifeachtacha agus trédhearcacha a chur agus a choinneáil ar bun chun faireachán, láimhseáil agus obair leantach atá pras, cothrom agus comhsheasmhach a dhéanamh ar theagmhas slándála agus gearáin ó chustaiméirí a bhaineann le cúrsaí slándála, lena n‑áirítear sásra tuairiscithe lena gcuirtear san áireamh na hoibleagáidí maidir le fógra a thabhairt a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2022/2554;
TEIDEAL VI
Údaráis inniúla agus Creat Maoirseachta
Airteagal 17
Údaráis inniúla
1.Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla atá freagrach as na feidhmeanna agus na dualgais dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i gcrích. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na húdaráis inniúla sin.
2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí uile is gá ag na húdaráis inniúla arna n‑ainmniú faoi mhír 1 chun a ndualgais a chomhlíonadh.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní is gá ag na húdaráis inniúla sin, go háirithe i dtéarmaí foirne tiomnaithe, chun a gcúraimí a chomhlíonadh de réir na n‑oibleagáidí faoin Rialachán seo.
3.I gcás na mBallstát a bhfuil níos mó ná údarás inniúil amháin ceaptha acu ina ndlínse le haghaidh ábhair a gcumhdaítear leis an Rialachán seo, áiritheoidh siad go n‑oibreoidh na húdaráis sin i ndlúthchomhar le chéile ionas gur féidir leo a ndualgais faoi seach a chomhall go héifeachtach.
4.Maidir le hinstitiúidí airgeadais, áiritheoidh na húdaráis inniúla a shonraítear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2022/2554 go gcomhlíonfar an Rialachán seo i gcomhréir leis na cumhachtaí a dheonaítear leis na gníomhartha dlí faoi seach a liostaítear san Airteagal sin, agus leis an Rialachán seo.
Airteagal 18
Cumhachtaí na n‑údarás inniúil
1.Beidh na cumhachtaí imscrúdaithe uile is gá ag údaráis inniúla chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú. Áireofar sna cumhachtaí sin:
(a)an chumhacht chun a cheangal ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach an fhaisnéis ar fad is gá a sholáthar chun cúraimí na n‑údarás inniúil a dhéanamh, lena n‑áirítear faisnéis atá le soláthar ag eatraimh athfhillteacha agus i bhformáidí sonraithe chun críoch maoirseachta agus chun críoch gaolmhar staidrimh;
(b)an chumhacht chun na himscrúduithe ar fad is gá a dhéanamh ar aon duine dá dtagraítear i bpointe (a) atá bunaithe nó suite sa Bhallstát lena mbaineann i gcás inar gá chun cúraimí na n‑údarás inniúil a dhéanamh, lena n‑áirítear an chumhacht chun:
(i)a cheangal go gcuirfear doiciméid isteach;
(ii)na sonraí a scrúdú, is cuma cén fhoirm ina bhfuil siad, lena n‑áirítear leabhair agus taifid na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus cóipeanna a dhéanamh de na doiciméid sin nó sleachta a thógáil astu;
(iii)mínithe i scríbhinn nó ó bhéal a fháil ó aon duine dá dtagraítear i bpointe (a) nó óna n‑ionadaithe nó óna bhfoireann, agus, más gá, aon duine den sórt sin a thoghairm agus a cheistiú d’fhonn faisnéis a fháil;
(iv)agallamh a chur ar aon duine nádúrtha eile a chomhaontaíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar imscrúdaithe;
(v)faoi réir coinníollacha eile a leagtar amach i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, an chumhacht na cigireachtaí is gá a dhéanamh ag áitreabh na ndaoine dlítheanacha agus ag láithreáin seachas áit chónaithe phríobháideach daoine nádúrtha dá dtagraítear i bpointe (a), chomh maith le haon duine dlítheanach eile a áirítear i maoirseacht chomhdhlúite i gcás inarb é an t‑údarás inniúil an maoirseoir comhdhlúthaithe, faoi réir réamhfhógra a thabhairt do na húdaráis inniúla lena mbaineann.
(vi)dul isteach in áitreabh daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, chun doiciméid agus sonraí in aon fhoirm a urghabháil, i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann go bhféadfadh doiciméid nó sonraí a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a bheith riachtanach agus ábhartha chun cás maidir le sárú fhorálacha an Rialacháin seo a chruthú;
(vii)a mhéid a cheadaítear leis an dlí náisiúnta, taifid de thrácht sonraí atá ann cheana agus a shealbhaíonn oibreoir teileachumarsáide a éileamh, i gcás ina mbeidh amhras réasúnach ann go bhfuil sárú á dhéanamh ar an Rialachán seo agus i gcás ina bhféadfaidh na taifid sin a bheith ábhartha d’imscrúdú ar shárú ar an Rialachán seo;
(viii)reo sócmhainní nó seilbh a ghabháil ar shócmhainní, nó an dá rud, a iarraidh;
(ix)ábhair a tharchur le haghaidh imscrúdú coiriúil;
(c)in éagmais modhanna eile atá ar fáil chun a chur faoi deara go scoirfí d’aon sárú ar an Rialachán seo nó go gcoiscfí é agus chun an baol go ndéanfaí díobháil thromchúiseach do leasanna tomhaltóirí a sheachaint, beidh na húdaráis inniúla i dteideal aon cheann de na bearta seo a leanas a dhéanamh, lena n‑áirítear trí iarraidh ar thríú páirtí nó ar údarás poiblí eile iad a chur chun feidhme:
(i)ábhar a bhaint nó rochtain a shrianadh ar chomhéadan ar líne nó a ordú go gcuirfí rabhadh ar taispeáint go sainráite a bheadh le feiceáil ag custaiméirí agus iad ag rochtain comhéadain ar líne;
(ii)a ordú do sholáthraí seirbhísí óstála rochtain ar chomhéadan ar líne a bhaint, a chur as feidhm, nó a shrianadh;
(iii)a ordú do chlárlanna nó do chláraitheoirí fearainn ainm fearainn láncháilithe a scriosadh agus a cheadú don údarás inniúil lena mbaineann scriosadh den sórt sin a thaifeadadh.
Beidh cur chun feidhme na míre seo agus feidhmiú na gcumhachtaí a leagtar amach inti comhréireach agus comhlíonfaidh sé dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n‑áirítear coimircí nós imeachta infheidhme agus prionsabail Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Beidh na bearta imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo iomchuí do chineál agus do dhíobháil iarbhír nó fhéideartha an tsáraithe ar an iomlán.
2.Feidhmeoidh údaráis inniúla a gcumhachtaí chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar an Rialachán seo, agus forchuirfidh siad pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:
(a)go díreach;
(b)i gcomhar le húdaráis eile;
(c)trí chumhachtaí a tharmligean chuig údaráis nó comhlachtaí eile;
(d)trí dhul ar iontaoibh údarás breithiúnach inniúil Ballstáit.
I gcás ina bhfeidhmíonn údaráis inniúla a gcumhachtaí trí tharmligean chuig údaráis nó comhlachtaí eile i gcomhréir le pointe (c), trí tharmligean na cumhachta, sonrófar na cúraimí tarmligthe, na coinníollacha faoina ndéanfar iad agus na coinníollacha faoinar féidir na cumhachtaí tarmligthe a chúlghairm. Eagrófar na húdaráis nó na comhlachtaí a dtarmligtear na cumhachtaí chucu ar bhealach ina seachnófar coinbhleachtaí leasa. Déanfaidh údaráis inniúla maoirseacht ar ghníomhaíocht na n‑údarás nó na gcomhlachtaí a dtarmligtear na cumhachtaí chucu.
3.I bhfeidhmiú a gcumhachtaí imscrúdaithe agus smachtbhannaí, lena n‑áirítear i gcásanna trasteorann, oibreoidh údaráis inniúla go héifeachtach i gcomhar le chéile agus leis na húdaráis in aon earnáil lena mbaineann de réir mar is infheidhme maidir le gach cás agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais, chun malartú faisnéise agus an cúnamh frithpháirteach is gá chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin a fhorfheidhmiú go héifeachtach a áirithiú.
Airteagal 19
Comhaontuithe socraíochta agus nósanna imeachta maidir le forfheidhmiú brostaithe
1.Gan dochar d’Airteagal 20, féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena gcuirfear ar a gcumas dá n‑údaráis inniúla deireadh a chur le himscrúdú maidir le sárú líomhnaithe ar an Rialachán seo, tar éis comhaontú um réiteach chun deireadh a chur leis an sárú líomhnaithe agus lena iarmhairtí sula gcuirfear tús le himeachtaí foirmiúla smachtbhannaí.
2.Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena gcuirfear ar a gcumas dá n‑údaráis inniúla deireadh a chur le himscrúdú maidir le sárú a suíodh trí nós imeachta forfheidhmiúcháin brostaithe chun cinneadh a ghlacadh go tapa arb é is aidhm dó smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin a fhorchur.
Ní dhéanann cumhachtú na n‑údarás inniúil nósanna imeachta forfheidhmiúcháin brostaithe a shocrú nó a oscailt difear do na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit faoi Airteagal 20.
3.I gcás ina leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin ábhartha lena rialaítear feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear sa mhír sin agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear do na rialacha sin.
Airteagal 20
Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile
1.Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha na n‑údarás inniúil a liostaítear in Airteagal 18, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, foráil maidir le cumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla chun pionóis riaracháin iomchuí agus bearta riaracháin eile a dhéanamh maidir leis na sáruithe seo a leanas:
(a)sáruithe ar Airteagail 4, 5 agus 6;
(b)sáruithe ar Airteagail 7 agus 8;
(c)sáruithe ar Airteagail 9 agus 10;
(d)sáruithe ar Airteagail 13 agus 16;
(e)sáruithe ar Airteagal 28.
2.Féadfaidh na Ballstáit cinneadh gan rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo atá faoi réir smachtbhannaí faoin dlí náisiúnta coiriúil. I gcás den sórt sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi fhorálacha ábhartha an dlí choiriúil agus faoi aon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.
3.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla na pionóis riaracháin seo a leanas agus bearta riaracháin eile a fhorchur i ndáil leis na sáruithe dá dtagraítear i mír 1:
(a)ráiteas poiblí ina léireofar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach agus cineál an tsáraithe;
(b)ordú lena gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompar ar sárú é agus gan an t‑iompar sin a dhéanamh an athuair;
(c)aon bhrabús a gnóthaíodh nó aon chaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú a fhorghéilleadh a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(d)údarú soláthraí seirbhísí faisnéis airgeadais a chur ar fionraí go sealadach;
(e)fíneáil riaracháin uasta dar luach ar a laghad dhá oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás inar féidir iad sin a chinneadh, fiú más mó an fhíneáil sin ná na méideanna uasta a leagtar amach i bpointe (f) den mhír seo, a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha, nó i mír 4 maidir le daoine dlítheanacha;
(f)i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin uasta suas le EUR 25 000 in aghaidh an tsáraithe agus suas le EUR 250 000 san iomlán in aghaidh na bliana, nó, sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach in airgeadra oifigiúil an Bhallstáit sin an ... [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach, le do thoil, dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
(g)toirmeasc sealadach ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais;
(h)i gcás sárú leantach ar na hairteagail dá dtagraítear i mír 1, toirmeasc 10 mbliana ar a laghad ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais, nó ar aon duine nádúrtha eile a chinntear a bheith freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais.
4.Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla, i ndáil leis na sáruithe dá dtagraítear i mír 1 arna ndéanamh ag daoine dlítheanacha, fíneálacha riaracháin uasta a fhorchur dar luach seo a leanas:
(a)suas le EUR 50 000 in aghaidh an tsáraithe agus suas le EUR 500 000 san iomlán in aghaidh na bliana, nó, sna Ballstáit nach é an euro an t‑airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach in airgeadra oifigiúil an Bhallstáit sin an... [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach, le do thoil, dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];
(b)2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta;
I gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de mháthairghnóthas an duine dlítheanach dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhfuil sé de cheangal air ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an glanláimhdeachas nó an t‑ioncam atá le cinneadh i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta ábhartha, de réir ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh atá ar fáil do dháta is déanaí an chláir chomhardaithe, a bhfuil freagracht ina leith ar chomhaltaí chomhlacht riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais deiridh.
5.Féadfaidh na Ballstáit an chumhacht a thabhairt d’údaráis inniúla cineálacha eile pionós riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhorchur sa bhreis orthu sin dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le méideanna níos airde fíneálacha airgid riaracháin ná iad siúd a leagtar síos sna míreanna sin.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi leibhéal na bpionós níos airde sin, agus faoi aon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.
Airteagal 21
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1.Beidh údaráis inniúla i dteideal íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha i ngeall ar aon chinneadh, aon ordú, aon bheart eatramhach, aon iarraidh, aon oibleagáid nó aon bheart riaracháin eile arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo gan bheith á chomhlíonadh ar bhonn leanúnach.
Beidh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír éifeachtach agus comhréireach agus is é a bheidh inti méid laethúil a bheidh le híoc go dtí go gcomhlíonfar arís í. Déanfar iad a fhorchur ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena bhforchuirtear na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla.
Beidh údaráis inniúla i dteideal na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla seo a leanas a fhorchur, íocaíochtaí is féidir a choigeartú ag brath ar thromchúis an tsáraithe agus ar riachtanais na hearnála:
(a)3 % den mheánláimhdeachas laethúil i gcás duine dhlítheanaigh;
(b)EUR 30 000 i gcás duine nádúrtha.
2.Is éard a bheidh sa mheánláimhdeachas laethúil dá dtagraítear i mír 1, an tríú fomhír, pointe (a), an láimhdeachas bliantúil iomlán arna chomhroinnt ar 365.
3.Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le méideanna níos airde d’íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ná iad siúd a leagtar síos i mír 1, an tríú fomhír.
Airteagal 22
Cúinsí atá le cur san áireamh agus pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile á gcinneadh
1.Agus cineál agus leibhéal na bpionós riaracháin nó an bhirt riaracháin eile á gcinneadh ag údaráis inniúla, cuirfidh siad na himthosca ábhartha uile san áireamh chun a áirithiú go bhfuil na smachtbhannaí nó na bearta sin éifeachtach agus comhréireach. Áireofar ar na himthosca sin, i gcás inarb iomchuí:
(a)tromchúis agus fad an tsáraithe;
(b)leibhéal freagrachta an duine dhlítheanaigh nó nádúrtha atá freagrach as an sárú;
(c)láidreacht airgeadais an duine dhlítheanaigh nó nádúrtha atá freagrach as an sárú, mar a léirítear, i measc nithe eile, le láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh, nó le hioncam bliantúil an duine nádúrtha atá freagrach as an sárú;
(d)leibhéal na mbrabús a ghnóthaigh an duine dlítheanach nó nádúrtha atá freagrach as an sárú nó leibhéal na gcaillteanas a sheachain sé, más féidir na brabúis nó na caillteanais sin a chinneadh;
(e)caillteanais tríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, más féidir na caillteanais sin a chinneadh;
(f)an míbhuntáiste don duine dlítheanach nó nádúrtha atá freagrach as an sárú mar gheall ar dhúbláil imeachtaí agus pionós coiriúil agus riaracháin as an iompar céanna;
(g)tionchar an tsáraithe ar leasanna na gcustaiméirí;.
(h)aon iarmhairt dhiúltach shistéamach iarmhír nó fhéideartha a bhaineann leis an sárú;
(i)comhpháirteachas nó rannpháirtíocht eagraithe níos mó ná duine dlítheanach nó nádúrtha amháin sa sárú;
(j)sáruithe a rinne an duine dlítheanach nó nádúrtha atá freagrach as an sárú roimhe sin;
(k)leibhéal comhair an duine dhlítheanaigh nó nádúrtha, atá freagrach as an sárú, leis an údarás inniúil;
(l)aon ghníomhaíocht nó beart feabhais a dhéanann an duine dlítheanach nó nádúrtha atá freagrach as an sárú ionas nach dtarlóidh sé arís.
2.Na húdaráis inniúla a úsáideann comhaontuithe socraíochta nó nósanna imeachta forfheidhmiúcháin brostaithe de bhun Airteagal 19, déanfaidh siad na pionóis riaracháin ábhartha agus na bearta riaracháin eile dá bhforáiltear in Airteagal 20 a oiriúnú don chás lena mbaineann chun comhréireacht na bpionós agus na mbeart sin a áirithiú, go háirithe trí na himthosca a liostaítear i mír 1 a mheas.
Airteagal 23
Rúndacht ghairmiúil
1.Tá gach duine a oibríonn nó a d’oibrigh do na húdaráis inniúla, chomh maith le haon saineolaí a ghníomhaíonn thar ceann na n‑údarás inniúil, faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla.
2.Maidir leis an bhfaisnéis a mhalartaítear i gcomhréir le hAirteagal 26, beidh an t‑údarás a chomhroinnfidh an fhaisnéis agus an t‑údarás a gheobhaidh an fhaisnéis araon faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla ina leith chun cosaint ceart aonair agus ceart gnó a áirithiú.
Airteagal 24
Ceart achomhairc
1.Na cinntí arna nglacadh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo, féadfar iad a chonspóid os comhair na gcúirteanna.
2.Beidh feidhm ag mír 1 freisin i gcás easpa gníomhaithe.
Airteagal 25
Cinntí na n‑údarás inniúil a fhoilsiú
1.Foilseoidh na húdaráis inniúla ar a suíomh gréasáin gach cinneadh lena bhforchuirtear pionós riaracháin nó beart riaracháin ar dhaoine dlítheanacha agus nádúrtha, as sáruithe ar an Rialachán seo, agus i gcás inarb infheidhme, gach comhaontú socraíochta. Áireofar san fhoilsiú, tuairisc ghearr ar an sárú, an pionós riaracháin nó an beart riaracháin eile a forchuireadh, nó, i gcás inarb infheidhme, ráiteas faoin gcomhaontú socraíochta. Ní fhoilseofar céannacht an duine nádúrtha atá faoi réir an chinnidh lena bhforchuirtear pionós riaracháin nó beart riaracháin.
Foilseoidh na húdaráis inniúla an cinneadh agus an ráiteas dá dtagraítear i mír 1 díreach tar éis fógra a bheith tugtha don duine dlítheanach nó nádúrtha atá faoi réir an chinnidh faoin gcinneadh sin nó tar éis an comhaontú socraíochta a bheith sínithe.
2.De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina measfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta gur gá céannacht nó sonraí pearsanta eile an duine nádúrtha a fhoilsiú chun cobhsaíocht na margaí airgeadais a chosaint nó, chun forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, lena n‑áirítear i gcás ráitis phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 20(3) pointe (a), nó i gcás toirmisc shealadacha dá dtagraítear in Airteagal 20(3) pointe (g), féadfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta céannacht na ndaoine nó na sonraí pearsanta a fhoilsiú freisin, ar choinníoll go dtugann sé údar maith leis an gcinneadh sin agus go bhfuil an foilsiú teoranta do na sonraí pearsanta a bhfuil géarghá leo chun cobhsaíocht na margaí airgeadais a chosaint nó chun forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.
3.I gcás ina bhfuil an cinneadh lena bhforchuirtear pionós riaracháin nó beart riaracháin eile faoi réir achomhairc os comhair an údaráis bhreithiúnaigh ábhartha nó os comhair údarás ábhartha eile, déanfaidh údaráis inniúla faisnéis faoin achomharc agus aon fhaisnéis ina dhiaidh sin maidir leis an toradh ar an achomharc sin a mhéid a bhaineann sí le daoine dlítheanacha, a fhoilsiú freisin, gan mhoill, ar a suíomh gréasáin oifigiúil. I gcás ina mbaineann an cinneadh a ndearnadh achomharc ina aghaidh le daoine nádúrtha agus nach gcuirtear an maolú faoi mhír 2 i bhfeidhm, ní fhoilseoidh na húdaráis inniúla faisnéis maidir leis an achomharc ach amháin i leagan anaithnidithe.
4.Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfanfaidh aon fhoilseachán a dhéantar i gcomhréir leis an Airteagal seo ar a suíomh gréasáin oifigiúil ar feadh tréimhse nach giorra ná 5 bliana. Ní choinneofar sonraí pearsanta a bheidh san fhoilseachán ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil ach amháin má léiríonn athbhreithniú bliantúil go bhfuil gá leanúnach leis na sonraí sin a fhoilsiú chun cobhsaíocht na margaí airgeadais a chosaint nó chun forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, agus in aon chás ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana.
Airteagal 26
Comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla
1.Oibreoidh údaráis inniúla i gcomhar le chéile agus le húdaráis inniúla ábhartha eile arna n‑ainmniú faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais chun críocha an Rialacháin seo agus dualgais na n‑údarás inniúil á gcomhlíonadh acu.
2.Ceadófar malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus údaráis inniúla na mBallstát eile atá freagrach as soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais a údarú agus as maoirseacht a dhéanamh orthu chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.
3.Féadfaidh údaráis inniúla a bhfuil faisnéis á malartú acu le húdaráis inniúla eile faoin Rialachán seo a chur in iúl, tráth a ndéantar an chumarsáid seo, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a nochtadh gan comhaontú sainráite uathu, agus sa chás sin ní fhéadfar an fhaisnéis sin a mhalartú ach amháin chun na gcríoch ar thug na húdaráis sin a gcomhaontú.
4.Ní dhéanfaidh an t‑údarás inniúil faisnéis arna comhroinnt ag údaráis inniúla eile a tharchur chuig comhlachtaí eile nó chuig daoine nádúrtha nó dlítheanacha gan comhaontú sainráite na n‑údarás inniúil a nocht í agus chun na gcríoch lenar thug na húdaráis sin a gcomhaontú, agus chun na gcríoch sin amháin, ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo. Sa chás deireanach sin, cuirfidh an pointe teagmhála an pointe teagmhála a sheol an fhaisnéis ar an eolas láithreach.
5.I gcás ina mbaineann oibleagáidí faoin Rialachán seo le próiseáil sonraí pearsanta, oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta arna mbunú de bhun Rialachán (AE) 2016/679.
Airteagal 27
Réiteach díospóidí idir údaráis inniúla
1.I gcás ina measfaidh údarás inniúil Ballstáit, i gcás ar leith, nach gcomhlíonann an comhar trasteorann le húdaráis inniúla Ballstáit eile dá dtagraítear in Airteagail 28 nó 29 den Rialachán seo na coinníollacha ábhartha a leagtar amach sna forálacha sin, féadfaidh sé an cás a chur faoi bhráid ÚBE agus cúnamh a iarraidh air i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
2.I gcás inar iarradh ar ÚBE cúnamh a thabhairt de bhun mhír 1, déanfaidh sé cinneadh faoi Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 gan moill mhíchuí. Féadfaidh ÚBE freisin, ar a thionscnamh féin, cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Rialachán sin. I gceachtar den dá chás, cuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a gcinntí siar go dtí go réiteofar an díospóid de bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
TEIDEAL VII
Rochtain trasteorann ar shonraí
Airteagal 28
Rochtain trasteorann ar shonraí ag soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais
1.Beidh cead ag soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais agus ag institiúidí airgeadais rochtain a bheith acu ar na sonraí a liostaítear in Airteagal 2(1) de chuid chustaiméirí an Aontais atá i seilbh sealbhóirí sonraí atá bunaithe san Aontas, de bhun na saoirse chun seirbhísí a sholáthar nó na saoirse bunaíochta.
2.An soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais ar mian leis rochtain a bheith aige ar na sonraí atá liostaithe in Airteagal 2(1) den Rialachán seo den chéad uair i mBallstát seachas a Bhallstát baile, i bhfeidhmiú an chirt bunaíochta nó na saoirse chun seirbhísí a sholáthar, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl do na húdaráis inniúla ina Bhallstát baile:
(a)ainm, seoladh agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir údaraithe an tsoláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais;
(b)an Ballstát nó na Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe aige rochtain a bheith aige ar na sonraí atá liostaithe in Airteagal 2(1);
(c)na cineálacha sonraí ar mian leis rochtain a bheith aige orthu;
(d)Na scéimeanna um comhroinnt sonraí airgeadais ar comhalta díobh é.
I gcás ina mbeartóidh soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais feidhmeanna oibríochtúla na rochtana sonraí a sheachfhoinsiú chuig eintitis eile sa Bhallstát óstach, cuirfidh sé údaráis inniúla a Bhallstáit baile ar an eolas dá réir sin.
3.Laistigh d’aon mhí amháin ón uair a gheofar an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile í chuig údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh.
4.Cuirfidh an soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile gan moill mhíchuí, aon athrú ábhartha maidir leis an bhfaisnéis a chuirtear in iúl i gcomhréir le mír 1, lena n‑áirítear eintitis bhreise a ndéantar gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú chucu sna Ballstáit óstacha ina n‑oibríonn sé. Beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear faoi mhíreanna 2 agus 3.
Airteagal 29
Cúiseanna agus cumarsáid
Aon bheart a dhéanfaidh na húdaráis inniúla de bhun Airteagal 18 nó Airteagal 28 lena ngabhann pionóis nó srianta maidir le feidhmiú na saoirse chun seirbhísí a sholáthar nó maidir leis an tsaoirse bunaíochta, beidh údar cuí leis agus cuirfear in iúl é don soláthraí seirbhísí faisnéise airgeadais lena mbaineann.
TEIDEAL VIII
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 30
Tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun an gníomh tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse XX mí ón ... [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach: dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse XX mí, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, tabharfaidh sé fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 31
Meastóireacht ar an Rialachán seo agus tuairisciú ar rochtain ar shonraí airgeadais
1.Faoin…[Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta = 4 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus déanfaidh sé tuarascáil ar phríomhthorthaí na meastóireachta sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Sa mheastóireacht sin, déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:
(a)catagóirí nó tacair eile sonraí a mbeidh rochtain le fáil orthu;
(b)catagóirí áirithe sonraí agus eintiteas a eisiamh ón raon feidhme;
(c)athruithe ar chleachtais chonarthacha sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí agus oibriú scéimeanna um chomhroinnt sonraí airgeadais;
(d)cineálacha eile eintiteas a áireamh sna heintitis sin ar deonaíodh an ceart rochtana ar shonraí dóibh.
(e)tionchar an chúitimh ar chumas úsáideoirí sonraí páirt a ghlacadh i scéimeanna um chomhroinnt sonraí airgeadais agus rochtain a fháil ar shonraí ó shealbhóirí sonraí.
2.Faoin [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta = 4 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar na coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí airgeadais is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntas faoin Rialachán seo agus faoi Threoir (AE) 2015/2366. Is féidir le togra reachtach gabháil leis an tuarascáil, má mheastar é a bheith iomchuí.
Airteagal 32
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010
In Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi raon feidhme Threoir 2002/87/CE, Threoir 2008/48/CE*, Threoir 2009/110/CE, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013**, Threoir 2013/36/AE***, Threoir 2014/49/AE****, Threoir 2014/92/AE*****, Threoir (AE) 2015/2366****** agus Rialachán (AE) 2023/1114(*******), Rialachán (AE) 2024/.../AE (********) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus, a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais agus maidir leis na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/65/CE, lena n‑áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus d’aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás. Gníomhóidh an tÚdarás freisin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle*********.
*
Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).
**
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
***
Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
****
Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).
*****
Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le haistriú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).
******
Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
*******
Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).
******** Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le creat le haghaidh Rochtain ar Shonraí Airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) 1095/2010 agus (AE) 2022/2554 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L ..., ...., lch.).
*********
Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).’
Airteagal 33
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010
In Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 1094/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi réir raon feidhme Rialachán (AE) 2024/.../AE (*). Threoir 2009/138/CE cé is moite de Theideal IV di, Threoir 2002/87/CE, Threoir (AE) 2016/97 (** ), agus Threoir (AE) 2016/2341 (*** ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus, a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais, gnóthais árachais, gnóthais athárachais, institiúidí um sholáthar pinsean ceirde agus idirghabhálaithe árachais, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoir 2002/65/CE, lena n‑áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus d’aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás.’
* Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le creat le haghaidh Rochtain ar Shonraí Airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) 1094/2010 agus (AE) 2022/2554 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L ..., ...., lch.).
** Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).
*** Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí lum
sholáthar pinsean ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
Airteagal 34
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010
In Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Gníomhóidh an tÚdarás faoi réir na gcumhachtaí a thugtar leis an Rialachán seo agus faoi raon feidhme Threoracha 97/9/CE, 98/26/CE, 2001/34/CE, 2002/47/CE, 2004/109/CE, 2009/65/CE, Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***, Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle****, Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***** agus a mhéid a bhfuil feidhm ag na gníomhartha sin maidir le gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó maidir le gnóthais chomhinfheistíochta a dhéanann margaíocht ar a n‑aonaid nó ar a scaireanna, eisitheoirí nó táirgeoirí cripteashócmhainní, daoine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh acu nó soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais agus na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht orthu, faoi réir na gcodanna ábhartha de Threoracha 2002/87/CE agus 2002/65/CE, lena n‑áirítear gach treoir, gach rialachán agus gach cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus d’aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás.
___________
*
Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
**
Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
***
Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).
****
Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).’
*****Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le creat le haghaidh Rochtain ar Shonraí Airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) 1094/2010, (AE) 1095/2010 agus (EU) 2022/2554 agus Treoir (AE) 2019/1937 (IO L ..., ...., lch.).
Airteagal 35
Leasú ar Rialachán (AE) 2022/2554
Leasaítear Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554 mar a leanas:
(1)I bpointe (u), cuirtear ‘;’ in ionad an mhairc poncaíochta ‘.’
(2)cuirtear an pointe (v) seo a leanas isteach:
‘‘(v) soláthraithe seirbhísí faisnéise airgeadais.’’
Airteagal 36
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán