An Bhruiséil,20.6.2023

COM(2023) 338 final

2023/0200(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Saoráid na hÚcráine a bhunú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

An 24 Feabhra 2022 sheol an Rúis ionradh míleata iomlán ar an Úcráin, a raibh iarmhairtí tubaisteacha aige don Úcráin agus dá muintir. Tar éis níos mó ná 15 mhí de throdaíocht ghéar, ionsaithe le sliogáin airtléire agus aerionsaithe, tá líon ard taismigh shibhialtacha agus daoine ag fulaingt go mór mar thoradh. Mar gheall ar chogadh foghach na Rúise, rinneadh damáiste forleathan do bhonneagar agus do sheirbhísí ar fud na hÚcráine agus rinneadh scrios cuimsitheach ar chathracha agus bailte i gcodanna den tír. Mar thoradh ar an ngéarchéim dhaonnúil a d’eascair as sin, bhí na milliúin Úcránach easáitithe óna dtithe féin agus bhí bia, foscadh agus cúnamh ag teastáil go géar ó go leor acu. Leanann aerionsaithe na Rúise fós de ionsaí a dhéanamh ar spriocanna ar fud na tíre. Tógfaidh sé blianta, nó deacáidí fiú, chun tráma an chogaidh seo gan chiall a leigheas.

Léirigh an tAontas Eorpach, in éineacht lena Bhallstáit, aontacht gan fasach maidir le gníomhaíochtaí na Rúise a cháineadh agus maidir le tacaíocht a thabhairt don Úcráin. Thug an tAontas, a Bhallstáit agus Institiúidí Airgeadais na hEorpa tacaíocht fhorleathan le chéile don Úcráin agus dá muintir, ar fiú EUR 70 billiún é faoi Bhealtaine 2023. Áirítear leis sin EUR 38 billiún de chúnamh airgeadais, de thacaíocht bhuiséadach agus de chúnamh daonnúil 1 , EUR 15 billiún de thacaíocht mhíleata, lena náirítear tríd an tSaoráid Eorpach Síochána, agus EUR 17 billiún a chuir an tAontas agus na Ballstáit ar fáil chun freastal ar riachtanais na ndaoine atá ag teitheadh ón gcogadh. Ina theannta sin, faoi dheireadh mhí na Bealtaine 2023, bhí ioncam easpórtála EUR 31 bhilliún curtha ar fáil don Úcráin cheana ag Lánaí Dlúthpháirtíochta an Aontais, a bunaíodh i mí na Bealtaine 2022. Tá cosaint shealadach curtha ar fáil ag Ballstáit an Aontais do thart ar 4 mhilliún duine atá ag teitheadh ón tír ó thús an chogaidh. Is léiriú é sin ar an rún daingean atá ag an Aontas cuidiú leis an Úcráin fad is atá sé ag teastáil.

Ó thús an chogaidh, tá smachtbhannaí gan fasach forchurtha ag an Aontas ar an Rúis, rud a chuir leis na smachtbhannaí a d’fhorchuir an tAontas tar éis ionghabháil neamhdhleathach na Crimé i mí an Mhárta 2014. Tá obair fós ar siúl maidir leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as sócmhainní reoite chun tacú le téarnamh agus atógáil na hÚcráine.

I mí an Mhárta 2023, thíolaic an Banc Domhanda in éineacht le Rialtas na hÚcráine, an Coimisiún Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe an measúnú nuashonraithe ar dhamáistí lena gcumhdaítear bliain iomlán d’ionsaí gan chúis na Rúise i gcoinne na hÚcráine 2 . Fuarthas amach sa mheasúnú gur EUR 384 billiún a bheidh sa chostas ar riachtanais atógála fhoriomlána mheasta na hÚcráine sna 10 mbliana atá le teacht, agus EUR 142 billiún don tréimhse 2023-2027. Le haghaidh 2023 amháin, ba é EUR 13 billiún na riachtanais téarnaimh thapa a bhí ann le haghaidh tosaíochtaí a shainaithin Rialtas na hÚcráine, agus acmhainneacht ionsúcháin na tíre á cur san áireamh. Áirítear ar na tosaíochtaí sin fuinneamh agus bonneagar criticiúil agus sóisialta eile a athbhunú agus a dheisiú, tithíocht, dímhianú daonnúil, agus tacaíocht don earnáil phríobháideach.

I mí an Mhárta 2023, d’fhormheas Bord an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) socrú sínte nua lena gcumhdaítear an tréimhse 2023-2027 faoin tSaoráid Chiste Shínte ar fiú thart ar EUR 14,5 billiún é. Is é is aidhm do chlár CAI beartais a dhaingniú lena gcothófar cobhsaíocht fhioscach, sheachtrach, praghsanna agus airgeadais agus lena dtacófar leis an téarnamh eacnamaíoch, agus lena gcuirfear feabhas ag an am céanna ar rialachas agus lena neartófar institiúidí chun fás fadtéarmach a chur chun cinn i gcomhthéacs atógála iar-chogaidh agus i gcomhthéacs chonair na hÚcráine i dtreo aontachas don Aontas.

Tá gealltanas tugtha ag an Aontas ról tábhachtach a bheith aige in atógáil na hÚcráine, agus tacú leis na hinfheistíochtaí is gá chun an tír a atógáil agus le hathchóirithe lena gcothófar conair aontachais na hÚcráine don Aontas Eorpach 3 . Leis na hathchóirithe sin, déanfar reachtaíocht na hÚcráine a ailíniú de réir a chéile le acquis an Aontais agus cothófar a comhtháthú sa Mhargadh Aonair. Cuideoidh siad, dá réir sin, le hinfheistíochtaí a mhealladh san Úcráin trí chinnteacht rialála agus timpeallacht ghnó níos fearr a chur ar fáil. D’iarr an Chomhairle Eorpach 4 ar an gCoimisiún tograí a dhéanamh ar an mbonn sin 5 .

Ní féidir fanacht go dtí deireadh an chogaidh chun infheistíocht a dhéanamh i dtéarnamh agus in atógáil na hÚcráine. Níor scaip an comhrac gníomhach ó deisceart agus oirthear na tíre den chuid is mó, áit a ndearnadh an damáiste is mó freisin. Mar sin féin, tá tionchar forleathan eacnamaíoch agus sóisialta ag an gcogadh, rud a chuireann isteach ar an Úcráin ar fad. Chun tacú le téarnamh gheilleagar na hÚcráine, ní mór iarrachtaí comhbheartaithe a dhéanamh chun a áirithiú go leanfar den ghníomhaíocht eacnamaíoch, agus go ndéanfar an bonneagar bunúsach a dheisiú agus a choinneáil ar bun. Dá réir sin, áiritheofar go mbeidh dálaí ann chun go mbeidh an geilleagar in ann téarnamh, chun ioncam a ghiniúint do bhuiséad an Stáit, agus, ar an gcaoi sin, méid an chúnaimh idirnáisiúnta atá ag teastáil a laghdú de réir a chéile. Trí thacú le hatógáil na hÚcráine anois, ní mór deiseanna fostaíochta a choinneáil nó a chruthú d’Úcránaigh, lena n‑áirítear daoine atá easáitithe ina dtír féin agus dálaí a chruthú do dhídeanaithe filleadh ar an Úcráin.

Tá tacaíocht shuntasach airgeadais curtha ar fáil ag an Aontas cheana chun cuidiú leis an Úcráin freastal ar a riachtanais bhuiséadacha ghearrthéarmacha, agus le haghaidh théarnamh tapa na hÚcráine, trí iasachtaí ar ardleibhéal lamháltais a chuirtear ar fáil faoi seach tríd an gCúnamh Macra-Airgeadais Éigeandála (EUR 1,2 billiún in 2022), tríd an gCúnamh Macra-Airgeadais Eisceachtúil (EUR 6 bhilliún in 2022), agus tríd an gclár um Chúnamh Macra-Airgeadais Plus (MFA+) (EUR 18 mbilliún in 2023) agus trí phacáiste EUR 1 bhilliún ina gcomhcheanglaítear cistí faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (ICFCI) agus iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais.

Tá deireadh curtha ag an Aontas le taraifí custaim faoin Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (DCFTA) agus tá an Úcráin curtha san áireamh aige i gClár Mhargaidh Aonair an Aontais chun tacú lena fiontair bheaga agus mheánmhéide. Glacadh plean gníomhaíochta tosaíochta athbhreithnithe chun DCFTA idir an tAontas agus an Úcráin a chur chun feidhme in 2023-2024 chun dlús a chur le comhtháthú na hÚcráine sa Mhargadh Aonair.

Chuir an tAontas Eorpach an deis ar fáil don Úcráin tionscadail chomhpháirteacha a chur isteach le Ballstáit an Aontais chun pointí trasnaithe teorann a fhorbairt faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE). Glacadh bearta go pras chun rannpháirtíocht daoine easáitithe ón Úcráin a éascú i gclár Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga, rud a d’fhág go raibh an líon is mó tairbhithe ón Úcráin riamh ann in 2022.

Mar sin féin, i bhfianaise scála agus chastacht an dúshláin atá romhainn, tá gá le réiteach níos fadtéarmaí chun a áirithiú go ndéanfar an cistiú a chomhordú go maith agus go n‑úsáidfear go héifeachtúil é, agus go ndéanfar an téarnamh agus an atógáil a nascadh le conair aontachais na hÚcráine. Chuige sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún ionstraim nua a chruthú, Saoráid na hÚcráine (an ‘tSaoráid’), lena bhféadfar freastal ar riachtanais téarnaimh ghearrthéarmacha agus ar atógáil mheántéarmach agus ar nuachóiriú na hÚcráine araon. Tá an tSaoráid ceaptha mar ionstraim sholúbtha, atá curtha in oiriúint do na dúshláin gan fasach a bhaineann le tacú le tír le linn cogaidh, agus intuarthacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcistí á n‑áirithiú ag an am céanna. Léiríonn an togra seo an baol go mbeadh coinbhleacht fhada ann, agus an gá atá le cúnamh macra-airgeadais leanúnach.

Tá an tSaoráid bunaithe ar na trí cholún seo a leanas:

1.Le Colún I cumhdaítear tacaíocht airgeadais i bhfoirm tacaíocht neamh-inaisíoctha agus tacaíocht iasachta don Úcráin. Chun an tacaíocht sin a eisíoc, ullmhóidh Rialtas na hÚcráine Plean i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, agus formhuineoidh an tAontas an plean sin. Cuimseofar leis an bPlean seo fís na hÚcráine maidir le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na tíre agus maidir leis na hathchóirithe atá beartaithe aici a dhéanamh mar chuid dá próiseas aontachais don Aontas Eorpach. Cuirfear cistí ar fáil bunaithe ar chur chun feidhme an Phlean, a mbeidh sraith coinníollachtaí agus amlíne le haghaidh eisíocaíochtaí mar bhonn taca leis. Leagfar béim shuntasach ar athchóiriú an riaracháin phoiblí, ar an dea-rialachas, ar an smacht reachta, agus ar bhainistíocht fhónta airgeadais, lena náirítear córais bhainistithe agus rialaithe atá éifeachtúil agus éifeachtach a chothú agus béim láidir a leagan ar an bhfrithéilliú agus ar an bhfrithchalaois, ach freisin ar athchóirithe eile agus ar chomhfhogasú do acquis an Aontais a bheadh mar bhonn taca don phróiseas aontachais agus do nuachóiriú an gheilleagair. Eisíocfar na cistí bunaithe ar chomhlíonadh na gcoinníollachtaí sin.

2.Is Creat Infheistíochta maidir leis an Úcráin é Colún II, a ceapadh chun infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí a mhealladh i dtéarnamh agus in atógáil na hÚcráine, rud a thacaíonn le cur chun feidhme an Phlean. Comhlánóidh sé na hionstraimí airgeadais uile atá ann cheana don Úcráin (meascadh agus ráthaíochtaí), agus beidh an fhéidearthacht ann iad a mhéadú, nuair a cheadaíonn coinníollacha é sin.

3.Le Colún III cuirtear cúnamh teicniúil agus bearta tacaíochta eile ar fáil, lena náirítear saineolas a chur ar fáil maidir le hathchóirithe, deontais do bhardais, agus cineálacha eile tacaíochta déthaobhaí atá ar fáil de ghnáth do thíortha réamhaontachais faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) lena dtacaítear le cuspóirí an Phlean. D’fhéadfadh sé tacú freisin le bearta eile atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí an chogaidh, mar shampla maidir le damáistí cogaidh. Le Colún III cumhdófar freisin na fóirdheontais ráta úis le haghaidh na niasachtaí a chuirtear ar fáil don Úcráin faoi Cholún I.

Is é is aidhm don ionstraim atá beartaithe bunús dlí a thabhairt don Aontas a chuirfeadh ar a chumas dó a uaillmhian pholaitiúil a mheaitseáil lena ghiaráil airgeadais, i gcomhréir lena ghealltanas fadtéarmach. Le Plean arna mholadh agus arna chomhaontú ag an Úcráin mar chreat uileghabhálach le haghaidh athchóirithe agus infheistíochtaí, téann an ionstraim atá beartaithe thar a bhféadfaí a chur ar fáil leis na hionstraimí atá ann cheana, amhail cúnamh macra-airgeadais agus ICFCI.

Áireofar sa Phlean coinníollacha a bhaineann leis an méid seo a leanas:

·ceanglais fhíor-riachtanacha (cobhsaíocht mhacra-airgeadais, formhaoirseacht ar an mbuiséad, bainistíocht airgeadais phoiblí, etc.). Féadfar coinníollacha a shainiú chun dul chun cinn sásúil i dtreo chomhlíonadh na gceanglas sin a léiriú; agus

·athchóirithe earnála agus struchtúracha, agus infheistíochtaí. Déanfar na coinníollacha a mhiondealú i gcéimeanna idirmheánacha le hamlíne lena gcur i gcrích.

Déanfar íocaíochtaí de réir sceidil ráithiúil sheasta, bunaithe ar iarrataí ar íocaíocht arna gcur isteach ag an Úcráin agus tar éis don Choimisiún comhlíonadh na gcoinníollachtaí ábhartha a fhíorú. I gcás nach gcomhlíontar coinníollacht, asbhainfidh an Coimisiún méid comhfhreagrach ón íocaíocht. Féadfar na cistí comhfhreagracha a coinníodh siar a eisíoc le linn na gcéad fhuinneoga íocaíochta eile agus suas le bliain amháin tar éis an sprioc-ama bhunaidh a leagtar amach sa Phlean, ar choinníoll go bhfuil na coinníollachtaí comhlíonta. Le fuinneog íocaíochta gach ráithe, áiritheofar intuarthacht na tacaíochta don Úcráin agus idirphlé leanúnach beartais idir an Coimisiún agus an Úcráin araon.

Ní bhaineann téarnamh agus atógáil leis an méid a scriosadh a atógáil amháin. Baineann sé freisin le hÚcráin nua-aimseartha bhríomhar a thógáil, lena n‑áiritheofar go mbeidh an téarnamh, an atógáil agus an nuachóiriú inbhuanaithe agus athléimneach agus go seasfaidh siad an aimsir, bunaithe ar phrionsabal na neamhdhíobhála agus ar an bprionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’. Baineann sé le hinfheistíocht a dhéanamh in aistriú na hÚcráine i dtreo geilleagar glas, digiteach agus cuimsitheach atá ag teacht de réir a chéile le rialacha agus caighdeáin an Aontais. Ba cheart don Úcráin a cathracha a atógáil ar bhealach ardcháilíochta, inbhuanaithe agus cuimsitheach, arna spreagadh ag an Bauhaus Eorpach Nua.

Baineann an téarnamh agus an atógáil freisin leis an tír a athchruthú agus a nuachóiriú, agus é a chomhtháthú i Margadh Aonair an Aontais, agus ag an am céanna a áirithiú go mbeidh dlúthbhaint ag na húdaráis fhonáisiúnta, go háirithe bardais, leis an bpróiseas sin agus go rachfar i gcomhairle leo sa phróiseas sin, agus go mbeidh an t‑athchóiriú díláraithe i gcroílár an phróisis sin. Beidh an comhar idir piaraí idir an tAontas agus cathracha agus réigiúin na hÚcráine agus rochtain leanúnach ar na cláir um chomhar trasteorann ina cuid ríthábhachtach de théarnamh, d’atógáil agus de nuachóiriú na hÚcráine. Beidh rannpháirtíocht gníomhaithe príobháideacha, go háirithe gnólachtaí agus infheisteoirí, ina cuid ríthábhachtach den téarnamh agus den atógáil.

Leagtar amach córas láidir iniúchóireachta agus rialuithe sa togra i sásra ilsraitheach: ar an gcéad dul síos, beidh gá le hathchóiriú ar chórais iniúchóireachta agus rialaithe an Stáit mar chuid de na hathchóirithe faoin bPlean; ar an dara dul síos, beidh an Coimisiún in ann seiceálacha a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcistí a chaitear i ndáil leis an bPlean tráth ar bith le linn thimthriall an tionscadail; ar an tríú dul síos, tabharfaidh Bord Iniúchóireachta neamhspleách tuairisc don Choimisiún maidir le haon mhíbhainistiú féideartha cistí faoin tSaoráid ina hiomláine. Cé go mbeidh feidhm ag an sásra ilsrathach sin maidir leis an tSaoráid fhoriomlán, beidh sásraí rialaithe a bhaineann leis an gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin agus le cúnamh teicniúil bunaithe ar chórais, rialacha agus nósanna imeachta na nInstitiúidí Airgeadais Idirnáisiúnta agus na gcomhpháirtithe cur chun feidhme a bhfuil baint acu leis an gcur chun feidhme.

Ar deireadh, beidh comhordú deontóirí ríthábhachtach chun a áirithiú go gcaithfear na hacmhainní atá ar fáil ar an mbealach is éifeachtaí agus is spriocdhírithe chun freastal ar riachtanais na hÚcráine agus a muintire. Chuige sin, ba cheart lánúsáid a bhaint as Ardán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí G7 don Úcráin a seoladh i mí Eanáir 2023. An Plean atá le forbairt ag Rialtas na hÚcráine chun críoch na Saoráide seo, d’fhéadfaí é a úsáid freisin chun cláir chúnaimh deontóirí eile a threorú don Úcráin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Beidh an tacaíocht faoin tSaoráid seo comhsheasmhach agus comhlántach le foirmeacha eile tacaíochta déthaobhaí don Úcráin arna soláthar trí ionstraimí eile de chuid an Aontais, lena náirítear cabhair dhaonnúil 6 , agus cistiú réigiúnach agus trasteorann, cistiú téamach agus cistiú freagartha ar ghéarchéimeanna faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (ICFCI) 7 . Ní chumhdófar leis an tSaoráid cabhair dhaonnúil, cosaint ná tacaíocht do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh, agus leanfar dá maoiniú trí ionstraimí atá ann cheana. Cuirfear an tSaoráid in ionad na tacaíochta déthaobhaí atá ann cheana a cuireadh ar fáil don Úcráin (MFA+, leithdháileadh déthaobhach ICFCI). Tiocfaidh sé freisin in ionad na tacaíochta a gheobhadh an Úcráin faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Beidh cur chun feidhme an Rialacháin comhsheasmhach le réimsí eile den ghníomhaíocht sheachtrach (e.g. cúnamh daonnúil, comhar um fhorbairt). Le cur chuige comhtháite Phlean na hÚcráine, is féidir na riachtanais maidir le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine a chumhdach agus iad a cheangal le ceanglais aontachais an Aontais, chun comhsheasmhacht le beartais ábhartha uile an Aontais a áirithiú.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 212 agus Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Déanann an Coimisiún é a thíolacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá méid na ndamáistí a rinneadh don Úcráin mar gheall ar chogadh foghach na Rúise chomh mór sin go mbeidh tacaíocht chuimsitheach leanúnach ag teastáil ón Úcráin nach bhféadfadh aon Bhallstát a chur ar fáil ina n‑aonar. Tá cumas uathúil ag an Aontas Eorpach cúnamh seachtrach a thabhairt don Úcráin san fhadtéarma ar bhealach tráthúil comhordaithe intuartha. Is féidir leis an Aontas leas a bhaint as a chumas iasachtaíochta chun iasachtaí a thabhairt don Úcráin ar théarmaí buntáisteacha agus costais na rátaí úis a chumhdach, chomh maith le deontais agus ráthaíochtaí a chur ar fáil i bpeirspictíocht ilbhliantúil.

Agus an tAontas i láthair ar an talamh san Úcráin trína Toscaireacht, is féidir leis a áirithiú go mbeidh rochtain chuimsitheach ar fhaisnéis maidir le forbairtí a bhfuil tionchar acu ar an tír. Tá an tAontas ina pháirtí freisin sa chuid is mó de na próisis iltaobhacha arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair na hÚcráine. Cuireann sé sin ar a chumas don Aontas a bheith ar an eolas i gcónaí faoi riachtanais agus imthosca nua agus, dá bhrí sin, tacaíocht a chur in oiriúint de réir riachtanais atá ag teacht chun cinn, ag comhordú go dlúth le deontóirí náisiúnta nó idirnáisiúnta eile.

Is ar leibhéal an Aontais is fearr is féidir aghaidh a thabhairt ar an gcuspóir maidir le tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha a ullmhú do bhallraíocht san Aontas.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta sa mhéid nach dtéann sé thar an méid is lú is gá chun na cuspóirí atá sonraithe a bhaint amach ar leibhéal na hEorpa ná thar an méid is gá chuige sin.

Moltar an tSaoráid mar fhreagairt spriocdhírithe ar imthosca sonracha na hÚcráine mar gheall ar chogadh foghach na Rúise. Tá a struchtúr bunaithe ar leanúint den tacaíocht atá ann cheana (e.g. tacaíocht dhéthaobhach ICFCI), nó ar an samhail chéanna (e.g. ráthaíochtaí agus ionstraimí airgeadais), nó bunaithe ar ionstraimí atá ann cheana ach iad simplithe (ionstraimí feidhmíochtbhunaithe), arna dtabhairt le chéile faoi ionstraim amháin chun comhleanúnachas, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus breisluach AE a fheabhsú.

An rogha ionstraime

I gcomhréir le hAirteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena leagtar amach an gnáthnós imeachta reachtach le húsáid chun bearta a ghlacadh chun comhar a chur chun feidhme le tríú tíortha, tá an togra i bhfoirm Rialacháin, chun a áirithiú go bhfuil a chur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus go bhfuil sé ceangailteach go hiomlán agus go díreach.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Níorbh fhéidir comhairliúchán foirmiúil leis na páirtithe leasmhara a dhéanamh mar gheall ar an bpráinn a bhaineann leis an togra a ullmhú ionas gur féidir leis na comhreachtóirí é a ghlacadh go tráthúil chun é a chur i bhfeidhm ó thús 2024 ar aghaidh, nuair a bheidh gá le freastal ar riachtanais nua a bhaineann leis an gcogadh agus leis na damáistí gaolmhara, agus le haghaidh téarnaimh agus atógála.

Áiritheoidh an tAontas go mbeidh cumarsáid agus infheictheacht iomchuí ann maidir leis na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a dhéanfar laistigh de raon feidhme na Saoráide sin, san Úcráin, laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin.

Measúnú tionchair

Mar gheall ar a phráinní atá an togra, atá ceaptha chun cúnamh a chur ar fáil do thír atá i gcogadh ó thús 2024 ar aghaidh, ní fhéadfaí aon mheasúnú tionchair a dhéanamh. Sa mheasúnú ex ante ar na riachtanais a bheartaítear a chumhdach le Saoráid na hÚcráine, baintear leas as sonraí a fuarthas le déanaí ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus ón Mear-mheasúnú ar Dhamáiste agus ar Riachtanais na hÚcráine 8 , a d’ullmhaigh an Banc Domhanda in éineacht leis an gCoimisiún, leis na Náisiúin Aontaithe agus le Rialtas na hÚcráine. Ullmhófar doiciméad anailíseach i bhfoirm doiciméad inmheánach oibre ina léirítear an fhianaise atá taobh thiar den togra agus na meastacháin chostais laistigh de 3 mhí ó ghlacadh an tionscnaimh.

Cearta bunúsacha

Mar réamhchoinníoll i dtaca leis an tacaíocht a dheonú faoin ionstraim, ní mór don Úcráin leanúint de shásraí éifeachtacha daonlathacha agus a hinstitúidí a urramú, lena n‑áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, agus an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine a ráthú, lena n‑áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comharthaí dearfacha iad an tiomantas d’athchóirithe agus an toil láidir pholaitiúil a chuir údaráis na hÚcráine in iúl, go háirithe mar a léiríodh nuair a dheonaigh an Chomhairle Eorpach stádas mar iarrthóir don Úcráin i mí an Mheithimh 2022 agus nuair a cuireadh i gcrích go rathúil athnuachan na coinníollachta beartais struchtúraigh a ghabhann leis na hoibríochtaí cúnaimh mhacra-airgeadais (MFA) a tugadh don Úcráin le déanaí. Ó thosaigh fogha na Rúise, tá leibhéal suntasach athléimneachta léirithe ag údaráis na hÚcráine agus tá siad tiomanta fós do na hathchóirithe sin a shaothrú ar bhealach trédhearcach agus iad ag oibriú i dtreo chaighdeáin an Aontais agus i gcomhréir le conair na tíre i dtreo lánpháirtiú an Aontais.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is é EUR 50 billiún (i bpraghsanna reatha) na hacmhainní uasta le haghaidh chur chun feidhme na Saoráide do 2024-2027 le haghaidh gach cineál tacaíochta. Is leis na nithe seo a leanas a mhaoineofar an tSaoráid:

(a)iasachtaí a ráthaítear de bhreis ar uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI);

(b)ionstraim speisialta nua, de bhreis ar uasteorainneacha CAI, Cúlchiste na hÚcráine, mar chuid den leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle. Féadfaidh an Cúlchiste sin tacú le gach caiteachas seachas caiteachas i bhfoirm iasachtaí, lena náirítear tacaíocht neamh-inaisíoctha, deontais agus soláthar le haghaidh ráthaíochtaí.

Bunaítear leis an leasú ar Rialachán CAI 9 freisin go mbeidh sé d’aidhm ag Cúlchiste na hÚcráine EUR 2,5 billiún ar a laghad i bpraghsanna reatha a chur ar fáil mar mhéid táscach bliantúil.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Cúlchiste na hÚcráine a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh, dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE.

Féadfaidh na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais nó foinsí eile ranníocaíochtaí breise airgeadais a sholáthar don tSaoráid. Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna ranníocaíochtaí sin de réir bhrí pointí (a)(ii), (d) agus (e) d’Airteagal 21(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Méideanna breise a fhaightear mar ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 faoi ghníomhartha dlí ábhartha an Aontais i ndáil le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, cuirfear iad leis na hacmhainní le haghaidh na Saoráide.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Leagtar amach sa Rialachán forálacha mionsonraithe maidir le faireachán agus tuairisciú.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar chur chun feidhme na Saoráide. Go sonrach, ba cheart don Úcráin córas faireacháin a chur i bhfeidhm agus beidh coinne leis go gcuirfidh an Úcráin tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain maidir leis an gcuid sin de Phlean na hÚcráine a chumhdaítear leis an tSaoráid a chur chun feidhme. Áireofar leis sin tuairisciú ar chóras rialaithe inmheánaigh na hÚcráine agus ar aon mhéideanna a íocadh go míchuí nó a mí-úsáideadh, agus a d’aisghabh an tAontas ar deireadh. Ceanglófar ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistithe ón Aontas a chuirfear chun feidhme faoin dara colún agus faoin tríú colún den tSaoráid.

Cuirfidh an Coimisiún measúnú bliantúil ar chur chun feidhme na gcistí arna soláthar faoin tSaoráid ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 39 den Rialachán.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ex-post ar an Rialachán freisin.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Bunaítear leis an Rialachán seo Saoráid na hÚcráine.

I gCaibidil I (Forálacha ginearálta) cumhdaítear ábhar agus struchtúr na Saoráide i dtrí cholún (Airteagal 1), na sainmhínithe (Airteagal 2), cuspóirí ginearálta agus sonracha na Saoráide (Airteagal 3), na prionsabail ghinearálta (Airteagal 4) agus an réamhchoinníoll le haghaidh tacaíochta (Airteagal 5).

I gCaibidil II (Maoiniú agus cur chun feidhme) socraítear imchlúdach airgeadais na Saoráide i dtacaíocht airgeadais agus iasachtaí neamh-inaisíoctha (Airteagal 6), agus leagtar síos ann na nósanna imeachta maidir le ranníocaíochtaí breise féideartha ó na Ballstáit, ó thríú tíortha nó ó fhoinsí eile (Airteagal 7). Sonraítear in Airteagal 8 na foirmeacha cur chun feidhme do cholúin na Saoráide, i.e. bainistíocht dhíreach agus indíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Cumhdaítear le hAirteagail 9 agus 10 faoi seach an Creat-Chomhaontú atá le síniú idir an Coimisiún agus an Úcráin lena leagtar síos go háirithe na forálacha iniúchóireachta agus rialaithe, agus na comhaontuithe maoiniúcháin atá le síniú faoin gcéad cholún agus faoin tríú colún, lena n‑áirítear oibleagáidí agus coinníollacha maidir le híocaíochtaí a eisíoc. Cumhdaítear in Airteagal 11 agus in Airteagal 12, faoi seach, rialacha maidir le hincháilitheacht faighteoirí agus forálacha maidir le tabhairt anonn, tráthchodanna bliantúla, leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, barrachais ón ráthaíocht bhuiséadach, aisíocaíochtaí agus ioncam arna ghiniúint ag ionstraimí airgeadais. In Airteagal 13 déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht tacaíocht a chur ar fáil chun cobhsaíocht mhacra-airgeadais na hÚcráine a choinneáil i gcúinsí eisceachtúla, go háirithe cúinsí a bhaineann leis an gcogadh, agus faoi réir chomhlíonadh na réamhchoinníollacha faoi Airteagal 5. Chuirfí deireadh leis an maoiniú eisceachtúil sin a luaithe a bheidh sé indéanta coinníollacha a chomhlíonadh arís.

I gCaibidil III (Plean na hÚcráine), sonraítear feidhmiú chéad cholún na Saoráide, ag tosú le ról Phlean na hÚcráine (Airteagal 14) mar chreat uileghabhálach do na trí cholún agus chun cuspóirí na Saoráide agus na prionsabail ghinearálta maidir le maoiniú a bhaint amach, lena n‑áirítear na cineálacha coinníollacha le haghaidh eisíocaíochtaí (Airteagal 15). Cuirtear i láthair in Airteagail 16 agus 17 Plean na hÚcráine atá le cur isteach ag an Úcráin, an nós imeachta chun é sin a dhéanamh, agus na gnéithe ba cheart a bheith sa Phlean, lena n‑áirítear athchóirithe agus infheistíochtaí atá le maoiniú ag an tSaoráid, rannpháirtíocht na n‑údarás fonáisiúnta, agus na córais chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc agus a cheartú, agus úsáid á baint as na cistí arna soláthar faoin tSaoráid. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bPlean i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 18, agus déanfaidh sé togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle mar a dhéantar tuairisc air in Airteagal 19, ina leagfar síos, i measc nithe eile, an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha tháscach agus méid táscach na tacaíochta iasachta atá le híoc i gcoinne chomhlíonadh sásúil na gcoinníollacha, an teorainn ama don chomhlíonadh sin, agus an réamh-mhaoiniú a mbeidh an Úcráin incháilithe ina leith. Foráiltear le hAirteagal 20 go bhféadfaidh an Coimisiún nó an Úcráin togra a dhéanamh chun Plean na hÚcráine a leasú. Cumhdaítear in Airteagal 21 an comhaontú iasachta atá le síniú idir an Coimisiún agus an Úcráin, agus na rialacha lena rialaítear iasachtaí ón gCoimisiún ar na margaí. Déantar foráil in Airteagal 22 maidir leis an bhféidearthacht don Úcráin a iarraidh ar an gCoimisiún an fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta a íoc, a chumhdófar faoin tríú colún den tSaoráid. Leagtar amach in Airteagal 23 na rialacha maidir le réamh-mhaoiniú a íoc leis an Úcráin, faoi réir urramú an réamhchoinníll a bhfuil tuairisc air in Airteagal 5. Foráiltear in Airteagal 24 maidir leis na coinníollacha agus an nós imeachta chun maoiniú idirlinne eisceachtúil a eisíoc leis an Úcráin. Sonraítear in Airteagal 25 an nós imeachta maidir leis na heisíocaíochtaí faoin gcéad cholún, ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach sa Phlean. Déanfar na híocaíochtaí ar bhonn ráithiúil, tar éis don Úcráin iarraidh ar íocaíocht a chur isteach lena léireofar gur comhlíonadh go sásúil na coinníollacha ábhartha. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú diúltach, coinneofar siar cuid den mhéid a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha nár comhlíonadh. Ní eisíocfaí an íocaíocht a coinníodh siar ach amháin nuair a bheadh bunús cuí tugtha ag an Úcráin, mar chuid d’iarraidh ar íocaíocht ina dhiaidh sin, go bhfuil na bearta is gá déanta aici chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha lena mbaineann go sásúil. Déantar foráil in Airteagal 26 maidir leis an oibleagáid atá ar an Úcráin na sonraí a fhoilsiú maidir le daoine agus eintitis a fhaigheann méideanna cistithe ar mó iad ná EUR 500 000 le haghaidh cur chun feidhme na n‑athchóirithe agus na n‑infheistíochtaí a shonraítear i bPlean na hÚcráine, agus maidir leis na catagóirí sonraí atá le foilsiú.

I gCaibidil IV (an Creat Infheistíochta maidir leis an Úcráin) déantar cur síos ar an dara colún den tSaoráid, a bhfuil sé d’aidhm aige tacú le hinfheistíochtaí agus rochtain ar mhaoiniú a chur ar fáil atá fabhrach do chur chun feidhme Phlean na hÚcráine. Sainítear raon feidhme agus struchtúr an Chreata in Airteagal 27. Déantar foráil in Airteagal 28 maidir leis an bhféidearthacht ranníocaíochtaí breise a fháil ó na Ballstáit, ó thríú tíortha agus ó thríú páirtithe. Sonraítear sa Chaibidil freisin Ráthaíocht na hÚcráine (Airteagal 29 agus Airteagal 30) agus leagtar síos inti a ráta soláthair agus an nós imeachta chun í a athbhreithniú (Airteagal 31).

Le Caibidil V (cúnamh agus bearta tacaíochta aontachais an Aontais) cumhdaítear cur chun feidhme an tríú colún den tSaoráid, lena dtacófar le hailíniú forásach na hÚcráine le acquis an Aontais agus le comhtháthú forásach sa Mhargadh Aonair d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas amach anseo, chomh maith le hacmhainneachtaí na bpáirtithe leasmhara agus na n‑údarás áitiúil a neartú agus cistiú a chur ar fáil do thionscnaimh agus do chomhlachtaí a bhfuil baint acu le tacú leis an gceartas idirnáisiúnta san Úcráin agus é a fhorfheidhmiú (Airteagal 32).

Leagtar amach i gCaibidil VI (Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint) na forálacha atá le leanúint ag an gCoimisiún agus ag an Úcráin chun rialuithe éifeachtacha ar chur chun feidhme na Saoráide a áirithiú. Sonraítear in Airteagal 33 na hoibleagáidí atá le léiriú sa Chreat, Comhaontuithe Maoiniúcháin agus Iasachta, lena n‑áireofar bearta iomchuí chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc, a bhrath agus a cheartú, chun cistiú dúbailte a sheachaint agus chun caingean dlí a ghlacadh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil, sonraí leordhóthanacha a bhailiú maidir le faighteoirí cistí faoin tSaoráid agus na cearta atá le deonú don Choimisiún, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i gcás inarb infheidhme. Le hAirteagal 34 bunaítear Bord Iniúchóireachta a bheidh comhdhéanta de chomhaltaí neamhspleácha arna gceapadh ag an gCoimisiún, a chuideoidh leis an gCoimisiún leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus maidir lena áirithiú go ndéanfaidh an Úcráin bainistiú fónta ar chistiú an Aontais faoin tSaoráid.

Le Caibidil VII (Cláir oibre, faireachán, tuairisciú agus meastóireacht) cumhdaítear na cláir oibre trína gcuirfear cúnamh faoin tSaoráid chun feidhme (Airteagal 35), na forálacha maidir leis na táscairí agus na creataí torthaí a úsáidtear san fhaireachán agus sa mheastóireacht (Airteagal 36), agus an mheastóireacht ex-post ar an tSaoráid (Airteagal 37) a leagan amach.

Leagtar síos i gCaibidil VIII (Forálacha críochnaitheacha) feidhmiú tharmligean na gcumhachtaí i ndáil leis an ráta soláthair (Airteagal 38), an nós imeachta coiste (Airteagal 39), na forálacha maidir le faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht (Airteagal 40) agus maidir le teacht i bhfeidhm (Airteagal 41).

2023/0200 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Saoráid na hÚcráine a bhunú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 212 agus 212 agus Airteagal 322(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ó 2014 i leith, tá an Úcráin ag tabhairt faoi chonair athchóirithe uaillmhianach as a dtiocfaidh lánpháirtiú forásach leis an Aontas Eorpach, mar a tharla nuair a síníodh comhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin an 27 Meitheamh 2014, lena náirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017.

(2)Ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise gan chúis agus gan údar i gcoinne na hÚcráine an 24 Feabhra 2022, tá an tAontas, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais Eorpacha tar éis tacaíocht gan fasach a shlógadh d’athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na hÚcráine, lena gcomhcheanglaítear tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena náirítear an cúnamh eisceachtúil macra-airgeadais agus tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, arna ráthú go hiomlán nó i bpáirt ag buiséad an Aontais, chomh maith le tacaíocht airgeadais bhreise ó na Ballstáit.

(3)Chinn 10 Comhairle Eorpach an 23 Meitheamh 2022 stádas tír is iarrthóir a dheonú don Úcráin, rud a léirigh toil láidir an atógáil a nascadh le hathchóirithe ar a conair Eorpach. Tá tacaíocht láidir leanúnach don Úcráin ina príomhthosaíocht ag an Aontas agus is freagairt iomchuí í ar thiomantas láidir polaitiúil an Aontais tacú leis an Úcráin a fhad is gá.

(4)Maidir le cúnamh macra-airgeadais suas le EUR 18 mbilliún a bheith á sholáthar ag an Aontas le haghaidh 2023 faoi Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 , measadh gur freagairt iomchuí é ar bhearna maoiniúcháin na hÚcráine le haghaidh 2023 agus chuidigh sé le maoiniú suntasach a shlógadh ó dheontóirí eile agus ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta. Ba ghné thábhachtach é sin d’athléimneacht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais na hÚcráine ag tráth cinniúnach.

(5)Tá tacaíocht shuntasach airgeadais á cur ar fáil ag an Aontas freisin trí phacáiste breise lena gcomhcheanglaítear cistí faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda (ICFCI) a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 agus iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta.

(6)Ina theannta sin, i gCinneadh (CBES) 2021/509 13 na Comhairle, bheartaigh sí bearta cúnaimh seachbhuiséid chun tacú le fórsaí armtha na hÚcráine faoin tSaoráid Eorpach Síochána, ar bearta cúnaimh iad dar luach EUR 5,6 billiún, agus misean cúnaimh mhíleata chun tacú leis an Úcráin le EUR 0,1 billiún le haghaidh na gcostas coiteann. Chomh maith leis sin, thug an tAontas agus a Bhallstáit freagairt éigeandála chomhchineáil nach bhfacthas a leithéid riamh cheana tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE 14 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 , arb í an oibríocht éigeandála is mó a bhí ann ó bunaíodh an sásra sin.

(7)Ina theannta sin, chuidigh na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin a bunaíodh i mí na Bealtaine 2022 le luach measta onnmhairiúcháin EUR 31 bhilliún a ghiniúint do gheilleagar na hÚcráine go dtí deireadh mhí na Bealtaine 2023.

(8)Mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá damáiste os cionn EUR 270 billiún 16 déanta don Úcráin amhail ón 24 Feabhra 2023, agus meastar gurb é EUR 384 billiún na costais atógála, chomh maith le caillteanas rochtana ar mhargaí airgeadais agus laghdú suntasach ar ioncam poiblí, agus tá méadú suntasach tagtha ar chaiteachas poiblí chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil agus chun leanúnachas seirbhísí Stáit a choinneáil ar bun. Leis na meastacháin sin, chomh maith leis an bhfaisnéis anailíseach ó gach foinse eile is iomchuí agus ó fhoinsí ina dhiaidh sin, cuirtear bonn ábhartha ar fáil chun na riachtanais chistiúcháin le haghaidh na mblianta atá le teacht a shuíomh, lena náirítear breithnithe réigiúnacha agus earnálacha.

(9)An 30 Márta 2023, mheas an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) gur EUR 75.1 billiún an bhearna sa mhaoiniú Stáit suas go dtí 2027 agus chomhaontaigh sé clár ceithre bliana EUR 14.4 billiún leis an Úcráin chun beartais a dhaingniú lena gcothófar cobhsaíocht fhioscach, sheachtrach, praghsanna agus airgeadais agus lena dtacófar leis an téarnamh eacnamaíoch, agus, ag an am céanna, lena gcuirfear feabhas ar rialachas agus lena neartófar institiúidí chun fás fadtéarmach a chur chun cinn i gcomhthéacs na hatógála iarchogaidh agus chonair aontachais na hÚcráine leis an Aontas Eorpach.

(10)Ós rud é go bhfuil bearna iarmharach fós ann i riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine go dtí 2027 ar a laghad, ní mór leas a bhaint as tacaíocht sholúbtha do rialtas na hÚcráine chun a fheidhmeanna a choinneáil ar bun agus chun tacú le téarnamh, le hatógáil agus le nuachóiriú na tíre.

(11)I bhfianaise an damáiste a rinne cogadh foghach na Rúise do gheilleagar, sochaí agus bonneagar na hÚcráine, an tacaíocht don tír chun a feidhmeanna a choimeád ar bun, chomh maith le faoiseamh gearr, téarnamh tapa, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine, beidh gá le tacaíocht chuimsitheach chun an geilleagar a atógáil, chun bunsraith a chruthú do thír shaor agus rathúil, tír a bheidh fréamhaithe i luachanna na hEorpa agus a bheidh comhtháite go maith i ngeilleagar na hEorpa agus sa gheilleagar domhanda, agus a bheidh ag déanamh dul chun cinn maith ar a conair aontachais leis an Aontas Eorpach.

(12)Sa chomhthéacs sin, is gá ionstraim aonair mheántéarmach a bhunú lena dtabharfar le chéile an tacaíocht dhéthaobhach a chuireann an tAontas ar fáil don Úcráin, lena náiritheofar comhordú agus éifeachtúlacht. Chuige sin, is gá Saoráid na hÚcráine (‘an tSaoráid’) a bhunú, lena soláthrófar cothromaíocht idir solúbthacht agus in-ríomhchláraitheacht fhreagairt an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar bhearna maoiniúcháin na hÚcráine, ar riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe na hÚcráine, agus ag an am céanna tacú le hiarracht athchóirithe na hÚcráine mar chuid dá conair aontachais chuig an Aontas.

(13)Ba cheart plean comhleanúnach tosaíochta don atógáil (‘Plean na hÚcráine’), plean arna ullmhú ag Rialtas na hÚcráine, ba cheart é a bheith mar bhonn taca le Saoráid na hÚcráine, plean lena gcuirfear creat struchtúrtha intuartha ar fáil le haghaidh théarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine, agus plean a chuirfear in iúl go soiléir le ceanglais aontachais an Aontais.

(14)Ba cheart tacaíocht an Aontais don Úcráin ó 2024 go 2027 a sholáthar faoi Shaoráid na hÚcráine go bunúsach agus go príomha, lena náiritheofar cur chuige comhsheasmhach trí ionstraim aontaithe, trí ghníomhaíochtaí faoi na hionstraimí atá ann cheana a ionadú nó, i gcás inarb iomchuí, iad a chomhlánú.

(15)I ndáil leis an méid sin, ba cheart tacaíocht ón Aontas faoin tSaoráid a chur in ionad na tacaíochta déthaobhaí a sholáthraítear faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (ICFCI) a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Mar sin féin, tá sé tábhachtach a áirithiú gur féidir leis an Úcráin leanúint de thairbhe a bhaint as freagairt réigiúnach, théamach, mearfhreagartha, agus as cineálacha eile tacaíochta faoi ICFCI, lena náirítear cláir um chomhar trasteorann, agus ar bhonn níos ginearálta, go leanfaidh sí de chomhar réigiúnach, macrairéigiúnach agus trasteorann agus forbairt chríochach a chur chun cinn, lena náirítear trí straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais a chur chun feidhme.

(16)Ba cheart cabhair dhaonnúil, cosaint nó tacaíocht do na Ballstáit a thugann cosaint do dhídeanaithe ón Úcráin atá ag teitheadh ón gcogadh a chur ar fáil lasmuigh den tSaoráid. Ina theannta sin, féadfaidh an Úcráin leanúint de thairbhe a bhaint as cláir ábhartha de chuid an Aontais atá ann cheana.

(17)Ba cheart don tSaoráid rannchuidiú le bearna chistiúcháin na hÚcráine a dhúnadh go dtí 2027, trí dheontais agus faoiseamh airgeadais ar ardleibhéal lamháltais a sholáthar ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil. Ba cheart an cúnamh a chur ar fáil chun tacú le cobhsaíocht mhacrairgeadais san Úcráin, agus chun srianta na hÚcráine maidir le maoiniú seachtrach a éascú.

(18)Faoin tSaoráid nua, ba cheart tús a chur le hinfheistíocht i dtéarnamh, in atógáil agus i nuachóiriú na hÚcráine mar ábhar práinne chun dálaí maireachtála cuibhiúla a chur ar fáil do dhaonra na hÚcráine, chun fostaíocht agus ioncam a ghiniúint agus chun méid an chúnaimh idirnáisiúnta is gá a laghdú de réir a chéile.

(19)Ba cheart don tSaoráid an téarnamh, an atógáil agus an nuachóiriú a nascadh go dlúth le peirspictíocht an Aontais, trí thacaíocht airgeadais a nascadh le comhlíonadh na nathchóirithe agus na ninfheistíochtaí i bhfianaise an aontachais.

(20)Leis an bpeirspictíocht mheántéarmach a chuirtear ar fáil le Plean na hÚcráine trí ionstraim aonair, ba cheart an Úcráin a spreagadh chun infheistíochtaí agus athchóirithe a dhíriú i dtreo an aistrithe chuig geilleagar glas digiteach agus cuimsitheach, agus cuidiú le deontóirí atá ar aon intinn a shlógadh le haghaidh ranníocaíochtaí ilbhliantúla chun tacú leis an Úcráin.

(21)Ba cheart don iarracht téarnaimh, atógála agus nuachóirithe tógáil ar úinéireacht na hÚcráine, ar dhlúthchomhar agus ar chomhordú na hÚcráine le tíortha agus eagraíochtaí tacaíochta, agus ar chonair na hÚcráine i dtreo aontachas leis an Aontas. Tá coinne go mbeidh ról tábhachtach ag údaráis riaracháin réigiúnacha agus áitiúla freisin. Leis an gcomhar agus na cláir idir piaraí atá leabaithe i gcomhpháirtíochtaí idir cathracha agus réigiúin san Aontas agus cathracha agus réigiúin san Úcráin, ba cheart an próiseas téarnaimh, atógála agus nuachóirithe a shaibhriú agus a luathú.

(22)Ba cheart don Aontas dlúthchomhairliúchán agus dlúthchomhlachas a chothú le húdaráis áitiúla, arb údaráis iad ina gcuimsítear raon leathan leibhéal fonáisiúnta agus brainsí rialtais, lena náirítear réigiúin, bardais, dúichí agus ‘hromada’ agus a gcomhlachais, chomh maith lena rannpháirtíocht i dtéarnamh, in atógáil agus i nuachóiriú na hÚcráine, bunaithe ar fhorbairt inbhuanaithe agus trí chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar an leibhéal áitiúil. Ba cheart don Aontas aitheantas a thabhairt do na róil iomadúla atá na húdaráis áitiúla mar an dream a chuireann cur chuige críochach i leith na forbartha áitiúla chun cinn, lena náirítear próisis, rannpháirtíocht agus cuntasacht i leith an díláraithe, agus an tacaíocht a thugann sé d’fhothú acmhainneachta na núdarás áitiúil a fheabhsú a thuilleadh.

(23)Ba cheart don Aontas tacú leis an trasdul i dtreo an aontachais ar mhaithe le leas na hÚcráine, trí leas a bhaint as taithí na mBallstát. Le comhar den sórt sin, ba cheart díriú go háirithe ar an taithí a fuair na Ballstáit le linn a bpróiseas athchóirithe féin a roinnt.

(24)Ba cheart don tacaíocht faoin tSaoráid tógáil ar shineirgí le príomheagraíochtaí a thacaíonn le hathchóirithe agus atógáil na hÚcráine, amhail an Banc Eorpach Infheistíochta, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, an Banc Domhanda, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, agus ba cheart na sineirgí sin a uasmhéadú.

(25)I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann leis an gcogadh, is iomchuí go mbeadh an tSaoráid in ann tacaíocht a thabhairt don Úcráin i gcúinsí eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, go háirithe i gcás ina dtéann an cogadh in olcas go mór, agus chun a cobhsaíocht mhacra-airgeadais a choinneáil ar bun agus chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí na Saoráide. Níor cheart maoiniú eisceachtúil den sórt sin a chur ar fáil ach amháin trí chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle ar thogra ón gCoimisiún, má chinntear nach féidir leis an Úcráin na coinníollacha a ghabhann leis na cineálacha tacaíochta faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, nuair is í tairbhí na tacaíochta í, agus ba cheart deireadh a chur leis a luaithe is féidir na coinníollacha a chomhlíonadh arís. Níor cheart go ndéanfadh maoiniú den sórt sin difear do chistiú ó ionstraimí sonracha eile de chuid an Aontais ar cheart é a shlógadh i gcás tubaistí nádúrtha nó éigeandálaí daonnúla nó cosanta sibhialta eile.

(26)An creat beartais um méadú arna shainiú ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle, an comhaontú comhlachais, an comhaontú comhpháirtíochta agus comhair, na comhaontuithe déthaobhacha, a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu agus comhaontuithe eile lena mbunaítear caidreamh atá ceangailteach ó thaobh dlí leis an Úcráin, chomh maith le rúin ó Pharlaimint na hEorpa, teachtaireachtaí comhpháirteacha ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ba cheart iad uile a bheith sa chreat beartais foriomlán le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba don Choimisiún a áirithiú go mbeidh comhleanúnachas idir an cúnamh faoin Rialachán seo agus an creat beartais um méadú.

(27)Déantar foráil in Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go bhféadfaidh aon Stát Eorpach a urramaíonn luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine, lena náirítear na cearta atá ag daoine ar de mhionlaigh iad, agus a thugann gealltanas na luachanna sin a chur chun cinn, iarratas a dhéanamh ar bheith ina chomhalta den Aontas. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an tiolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.

(28)Ní féidir le Stát Eorpach a bhfuil iarratas déanta aige ar dhul isteach san Aontas a bheith ina chomhalta go dtí go mbeidh sé deimhnithe go gcomhlíonann sé na critéir bhallraíochta a bunaíodh ag an gComhairle Eorpach i gCóbanhávan i Meitheamh 1993 (“critéir Chóbanhávan”) agus ar choinníoll go bhfuil sé d’acmhainneacht ag an Aontas an comhalta nua a lánpháirtiú. Baineann critéir Chóbanhávan le cobhsaíocht na ninstitiúidí ina ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine, urraim do mhionlaigh agus a gcosaint, geilleagar margaidh atá feidhmiúil a bheith ann, chomh maith leis an acmhainneacht chun déileáil le brú iomaíoch agus fórsaí margaidh laistigh den Aontas, agus an cumas go nglacfaí ní hamháin na cearta faoi na Conarthaí, ach, freisin, na hoibleagáidí fúthu, lena náirítear aidhmeanna an aontais pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta a shaothrú.

(29)Is chun leasa choitinn an Aontais agus na hÚcráine iarrachtaí na hÚcráine a thabhairt chun cinn chun a gcórais pholaitiúla, dlí agus eacnamaíocha a athchóiriú d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas. An Úcráin a mheas mar iarrthóir ar aontachas, sin infheistíocht straitéiseach sa tsíocháin, sa tslándáil, sa chobhsaíocht, agus sa rathúnas san Eoraip, agus, leis sin, cuirtear ar chumas an Aontais a bheith níos ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Ina theannta sin, leis sin, cuirtear deiseanna breise eacnamaíocha agus trádála ar fáil chun comhleas an Aontais agus na hÚcráine, agus claochlú de réir a chéile na tíre á áirithiú san am céanna. Tá tionchar cumhachtach claochlaitheach ar stát nuair a thuigtear dó go mbainfear ballraíocht den Aontas amach, rud a chuireann athruithe dearfacha daonlathacha, polaitiúla, eacnamaíocha agus sochaíocha i bhfeidhm.

(30)Is rogha é glacadh agus cloí le bunluachanna na hEorpa, agus tá sé riachtanach do sprioc na hÚcráine ballraíocht a ghlacadh san Aontas. Ag teacht leis an méid sin, ba cheart don Úcráin úinéireacht iomlán a ghlacadh ar luachanna na hEorpa agus iad féin a thiomnú dóibh ina niomláine, mar aon le seasamh le hord domhanda atá bunaithe ar rialacha agus ar luachanna agus na hathchóirithe riachtanacha a shaothrú le fonn agus le fuinneamh ar mhaithe le leas a muintire.

(31)An atógáil ón damáiste a rinne cogadh foghach na Rúise, ní féidir í a bheith teoranta d’átógáil an mhéid a bhí ann roimh an gcogadh agus a scriosadh. Leis an atógáil, tá deis tacú leis an Úcráin ina próiseas comhtháthaithe sa Mhargadh Aonair agus dlús a chur lena haistriú glas agus lena haistriú digiteach i gcomhréir le beartais an Aontais. Ba cheart don tSaoráid atógáil a chur chun cinn ar bhealach lena ndéantar geilleagar agus sochaí na hÚcráine a nuachóiriú agus a fheabhsú, agus ba cheart tógáil ar rialacha agus ar chaighdeáin an Aontais, trí infheistíocht a dhéanamh in aistriú na hÚcráine i dtreo geilleagar glas digiteach agus cuimsitheach agus i dtéarnamh, in atógáil agus i nuachóiriú a bonneagair chriticiúil, a hacmhainneachta táirgiúla agus a caipitil dhaonna ar bhealach athléimneach.

(32)Ba cheart don tSaoráid rannchuidiú le cloí le Comhaontú Pháras agus le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac agus níor cheart di rannchuidiú le díghrádú comhshaoil ná díobháil a dhéanamh don chomhshaol ná don aeráid. Go háirithe, ba cheart an cistiú a leithdháilfear i gcomhthéacs na Saoráide a bheith comhleanúnach leis an sprioc fhadtéarmach an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1.5 °C. Ba cheart é a bheith comhleanúnach freisin leis an gcuspóir cur leis an gcumas oiriúnú d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide agus athléimneacht aeráide a chothú, agus le tacaíocht ó chaomhnú na bithéagsúlachta, ón ngeilleagar ciorclach agus ó thruailliú nialasach. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghníomhaíochtaí a chruthaíonn comhthairbhí agus a chomhlíonann cuspóirí iolracha, lena náirítear i ndáil leis an aeráid, leis an mbithéagsúlacht agus leis an gcomhshaol.

(3)Sa chomhthéacs sin, ba cheart bearta arna gcistiú faoin tSaoráid a bheith á dtreorú ag na prionsabail ‘na neamhdhíobhála’ agus ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’.

(34)Ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo a bheith bunaithe ar phrionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe, de réir mar a fhorléirítear iad i straitéisí Aontas an Chomhionannais. Ba cheart dó comhionannais inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a chur chun cinn, agus ba cheart féachaint le cearta na mban agus na gcailíní a chosaint agus a chur chun cinn i gcomhréir le Pleananna Gníomhaíochta AE maidir le hInscne agus le conclúidí ábhartha ón gComhairle agus le coinbhinsiúin idirnáisiúnta. Ba cheart cur chun feidhme na Saoráide a bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus ba cheart inrochtaineacht ina cuid infheistíochtaí agus cúnamh teicniúil a áirithiú.

(35)Neartú an smachta reachta, lena náirítear neamhspleáchas na mbreithiúna, an comhrac in aghaidh an éillithe, an sciúrtha airgid agus na coireachta eagraithe, chomh maith leis an trédhearcacht, an dea-rialachas ar gach leibhéal, na meáin shaora iolraíocha a choimirciú agus bréagaisnéis a chomhrac, agus athchóiriú an riaracháin phoiblí, lena náirítear i réimsí an tsoláthair phoiblí, na hiomaíochta agus na Státchabhrach, tá siad fós ina bpríomhdhúshláin agus tá siad bunriachtanach ionas go ndruidfeadh an Úcráin níos neasa don Aontas agus go nullmhódh sí leis na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht san Aontas ina niomláine a ghlacadh chucu féin. I bhfianaise chineál fadtéarmach na nathchóirithe arna ndéanamh sna réimsí sin agus i bhfianaise an ghá atá le cuntais teiste a fhorbairt, ba cheart, le cúnamh airgid faoi Shaoráid na hÚcráine, aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin a luaithe is féidir.

(36)I gcomhréir le prionsabal an daonlathais rannpháirtigh, ba cheart don Aontas neartú acmhainneachtaí parlaiminteacha, formhaoirseacht pharlaiminteach, nósanna imeachta daonlathacha agus ionadaíocht chothrom a spreagadh san Úcráin.

(37)Is ríthábhachtach go mbeidh comhar straitéiseach agus oibríochtúil ann idir an tAontas agus an Úcráin maidir leis an tslándáil chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, ar bhagairtí na slándála, na coireachta eagraithe agus na sceimhlitheoireachta.

(38)Ba cheart do ghníomhaíochtaí faoi Shaoráid na hÚcráine tacú freisin, i gcás inarb iomchuí, le bearta agus próisis forbartha muiníne lena gcuirtear chun cinn an ceartas, lorg na fírinne, cúiteamh agus ráthaíochtaí nach dtarlóidh siad arís chomh maith le bailiú fianaise ar choireanna arna ndéanamh le linn an chogaidh.

(39)Ba cheart an tacaíocht faoin tSaoráid a chur ar fáil faoin réamhchoinníoll go leanann an Úcráin de shásraí éifeachtacha daonlathacha agus institiúidí a urramú, lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, agus an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine a ráthú, lena náirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

(40)An tacaíocht faoi Shaoráid na hÚcráine, lena náirítear tacaíocht do chonair na hÚcráine i dtreo an aontachais, ba cheart í a chur ar fáil chun cuspóirí ginearálta agus sonracha a chomhlíonadh, bunaithe ar chritéir bhunaithe agus le coinníollachtaí soiléire.

(41)Ba cheart gurb iad cuspóirí ginearálta Shaoráid na hÚcráine cabhrú leis an Úcráin aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil an chogaidh, agus rannchuidiú leis an atógáil, lena náirítear téarnamh, agus nuachóiriú na tíre; athléimneacht shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil a chothú mar aon le comhtháthú forásach san Aontas agus sa gheilleagar agus sna margaí domhanda; agus an Úcráin a ullmhú le haghaidh ballraíochta san Aontas amach anseo trí thacú lena próiseas aontachais. Ba cheart cuspóirí den sórt sin a shaothrú ar bhealach comhlántach.

(42)I gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, ba cheart don tSaoráid tacú leis an dlúthpháirtíocht, leis an lánpháirtiú agus leis an gceartas sóisialta d’fhonn poist ardcháilíochta agus fás inbhuanaithe a chruthú agus a chothú, comhionannas deiseanna agus cosaint shóisialta agus rochtain orthu a áirithiú, grúpaí leochaileacha a chosaint agus caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú. Ba cheart go rannchuideodh an tSaoráid freisin leis an mbochtaineacht a chomhrac agus le dul i ngleic leis an dífhostaíocht agus ba cheart cruthú post ardcháilíochta, cuimsiú agus lánpháirtiú grúpaí faoi mhíbhuntáiste a bheith mar thoradh uirthi. Ba cheart foráil a dhéanamh leis an tSaoráid maidir le deiseanna infheistíochta i scileanna lena náirítear trí ghairmoideachas agus gairmoiliúint arb é is aidhm dóibh an lucht saothair a ullmhú le haghaidh an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais. Ba cheart di a chumasú freisin neartú an idirphlé shóisialta, an bhonneagair agus na seirbhísí.

(43)Ba cheart don tSaoráid comhsheasmhacht agus comhlántacht a áirithiú le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar síos in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena náirítear urraim do chearta bunúsacha agus do phrionsabail bhunúsacha chomh maith le cearta an duine, an daonlathas agus prionsabail bhunúsacha an smachta reachta a chosaint agus a chur chun cinn, lena náirítear maidir le frithéilliú, leis an mbreithiúnas, leis an riarachán poiblí agus leis an dea-rialachas.

(44)I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann le cogadh foghach na Rúise, ba cheart don tSaoráid a bheith ina hionstraim sholúbtha lena gcuirfí ar a chumas don Aontas aghaidh a thabhairt ar riachtanais na hÚcráine trí bhosca uirlisí éagsúlaithe lena gcuirfear maoiniú ar fáil do Stát na hÚcráine, tacaíocht do thosaíochtaí gearrthéarmacha téarnaimh agus atógála, tacaíocht d’infheistíochtaí agus rochtain ar mhaoiniú, chomh maith le cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta agus gníomhaíochtaí ábhartha eile.

(45)Ba cheart tacaíocht an Aontais a eagrú thart ar thrí cholún, eadhon (i) tacaíocht airgeadais do Stát na hÚcráine chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, chomh maith le cobhsaíocht mhacra-airgeadais na tíre a choinneáil ar bun, mar a leagtar amach i bPlean na hÚcráine; (ii) creat infheistíochta maidir leis an Úcráin chun infheistíochtaí a shlógadh agus rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú; (iii) cúnamh aontachais chun saineolas teicniúil agus forbairt acmhainneachta a shlógadh.

(46)Ós rud é gur suntasach iad na riachtanais maidir le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú, agus nach féidir iad a chumhdach le buiséad an Aontais amháin, ba cheart ról a bheith ag infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha araon. Leis an tSaoráid, ba cheart a bheith ábalta infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha araon a shlógadh agus ba cheart a bheith in ann tacaíocht d’infheistíochtaí san atógáil fhadtéarmach a uas-scálú nuair is féidir sin, agus acmhainneacht cur chun feidhme agus cumas ionsúcháin na hÚcráine á gcur san áireamh freisin.

(47)Ba cheart gurb é EUR 50 billiún i bpraghsanna reatha le haghaidh na tréimhse ó 2024 go 2027, le haghaidh gach cineáil tacaíochta, an tuasmhéid foriomlán le haghaidh thacaíocht an Aontais don tSaoráid. I bhfianaise na gcúinsí atá ag teacht chun cinn agus i bhfianaise chuspóirí na Saoráide féin, ní mór do thacaíocht an Aontais cothromaíocht a sholáthar idir solúbthacht agus in-ríomhchláraitheacht.

(48)Maidir le tacaíocht an Aontais, seachas i bhfoirm iasachtaí, ba cheart an Rialachán seo a mhaoiniú le Cúlchiste na hÚcráine agus i gcomhréir leis, mar a mholtar sa leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle 17 , suas le EUR 50 billiún le haghaidh na tréimhse 2024 go 2027. Ní hé an tuasmhéid sin an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an Nollaig 2020 maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena náirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(49)Ba cheart é a bheith d’aidhm ag slógadh Chúlchiste na hÚcráine méid táscach bliantúil ar a laghad a sholáthar le haghaidh tacaíochta, seachas i bhfoirm iasachtaí, i gcomhréir le hAirteagal 10b den leasú atá beartaithe ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle 18 .

(50)Faoi chuimsiú bhearta sriantacha an Aontais, arna nglacadh ar bhonn Airteagal 29 den Chonradh an Aontais Eorpaigh (CAE) agus 215(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ní fhéadfar aon chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine, d’eintitis nó do chomhlachtaí dlíthiúla ainmnithe nó chun a dtairbhe siúd. Dá bhrí sin, ní féidir tacaíocht ón tSaoráid a thabhairt do na heintitis ainmnithe sin ná d’eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu.

(51)Ba cheart na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe íocaíochta comhfhreagracha ó Chúlchiste na hÚcráine a shlógadh go bliantúil sa bhuiséad de bhreis ar uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil.

(52)Maidir leis an gcuid de Shaoráid na hÚcráine a chuirtear ar fáil i bhfoirm iasachtaí, is iomchuí síneadh a chur le ráthaíocht buiséid an Aontais chun an cúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil don Úcráin a chumhdach, cúnamh atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 220(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 . Dá thoradh sin, moltar sa leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle 20 na leithreasuithe is gá a shlógadh i mbuiséad an Aontais de bhreis ar uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin atá ar fáil go dtí deireadh 2027.

(53)Agus urraim á tabhairt don phrionsabal go socraítear buiséad an Aontais ar bhonn bliantúil, ba cheart a áirithiú go bhféadfaí na solúbthachtaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir le beartais eile, eadhon i gcás cistí a thabhairt anonn agus a athghealladh, chun úsáid éifeachtúil chistí an Aontais a áirithiú, agus ar an gcaoi sin cistí an Aontais atá ar fáil faoin tSaoráid a uasmhéadú.

(54)Ba cheart srianta incháilitheachta i nósanna imeachta um dhámhachtain faoin tSaoráid a cheadú mar gheall ar chineál sonrach na gníomhaíochta nó i gcás ina ndéanann an ghníomhaíocht difear don tslándáil nó don ord poiblí.

(55)Chun cur chun feidhme éifeachtúil na Saoráide a áirithiú, lena náirítear comhtháthú na hÚcráine i slabhraí luacha Eorpacha a éascú, ba cheart na soláthairtí agus na hábhair uile a mhaoinítear agus a sholáthraítear faoin tSaoráid seo a bheith de thionscnamh na mBallstát, na hÚcráine, páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, tíortha a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/947 agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus tíortha dár bhunaigh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach san Úcráin, mura rud é nach féidir na soláthairtí agus na hábhair a fháil ar choinníollacha réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin.

(56)Ba cheart go bhféachfadh an tAontas leis an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d'fhonn an tionchar is fearr is féidir a bheith ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Is trí chomhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht le hionstraimí an Aontais um maoiniú seachtrach ba cheart é sin a bhaint amach, agus trí bhíthin sineirgí le beartais agus cláir eile de chuid an Aontais. Chun an leas is mó is féidir a bhaint as tionchar na nidirghabhálacha comhcheangailte chun cuspóir coiteann a ghnóthú, ba cheart foráil a dhéanamh go mbeadh an tSaoráid in ann rannchuidiú le gníomhaíochtaí faoi chláir eile.

(57)Ba cheart don Aontas cur chuige iltaobhach atá bunaithe ar rialacha agus ar luachanna i leith earraí agus dúshláin dhomhanda a chur chun cinn, agus ba cheart dó oibriú i gcomhar leis na Ballstáit, le tíortha comhpháirtíochta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le deontóirí eile i ndáil leis sin.

(58)I bhfianaise an ghá atá ann tacaíocht idirnáisiúnta a chomhordú do théarnamh, d’atógáil agus do nuachóiriú na hÚcráine, ba cheart na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais nó foinsí eile a bheith ábalta rannchuidiú le cur chun feidhme na Saoráide. Ba cheart ranníocaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha agus na coinníollacha céanna agus ba cheart iad a bheith ina nioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(2)(a)(ii), (d) agus (e) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

(59)Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhlíonadh, comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht a gcúnaimh a áirithiú, go háirithe trí chomhairliúcháin rialta agus trí mhalartuithe minice faisnéise le linn chéimeanna éagsúla an timthrialla cúnaimh, lena náirítear ar an leibhéal áitiúil. I bhfianaise go bhfuil deontóirí idirnáisiúnta éagsúla ann, ba cheart na bearta is gá a dhéanamh chun comhordú agus comhlántacht níos fearr a áirithiú le deontóirí eile, lena náirítear trí chomhairliúcháin rialta. I ndáil leis an méid sin, ba cheart an tArdán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí a úsáid mar fhóram atá bunaithe cheana féin le haghaidh an mhalartaithe sin.

(60)Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais (AE, Euratrom) 2018/1046 agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais.

(61)Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí na Saoráide a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar ualaí riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Leis sin, ba cheart breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil baint aige le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán (AE, Euratrom) 2018/1046 a bheith san áireamh.

(62)Ba cheart Creat-chomhaontú a thabhairt i gcrích leis an Úcráin chun prionsabail an chomhair airgeadais idir an tAontas agus an Úcráin a chur ar bun, lena náirítear sásraí riachtanacha chun caiteachas a rialú agus a iniúchadh. Ba cheart comhaontuithe maoinithe agus iasachta a thabhairt i gcrích leis an Úcráin freisin, i gcás inarb iomchuí ag brath ar gach colún, chun coinníollacha a shainiú maidir le cistí a scaoileadh.

(63)De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ar an dara fomhír agus ar an gceathrú fomhír d’Airteagal 209(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is iomchuí gur ioncam sannta inmheánach don tSaoráid nó don chlár a thiocfaidh ina dhiaidh a bheadh in aisíocaíochtaí agus ioncaim arna nginiúint ag ionstraim airgeadais.

(64)De mhaolú ar Airteagal 213(4)(a) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is iomchuí gur cheart gur ioncam sannta inmheánach don tSaoráid nó don chlár a thiocfaidh ina dhiaidh a bheadh sa bharrachas ó na forálacha le haghaidh Ráthaíocht na hÚcráine.

(65)Faoi cholún I den tSaoráid, ba cheart maoiniú a chur ar fáil chun tacú le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine lena leagtar amach clár oibre athchóirithe agus infheistíochta na hÚcráine chun cuspóirí ginearálta agus sonracha na Saoráide a bhaint amach, ar cheart iad a chomhtháthú i gcreat beartais eacnamaíoch agus fioscach freisin. Ba cheart maoiniú faoin gcolún seo a chur ar fáil ar chomhlíonadh sásúil na gcoinníollacha a leagtar amach sa Phlean.

(66)Ba cheart don Úcráin an Plean a ullmhú mar fhreagairt chomhleanúnach, chuimsitheach agus chothromaithe go leormhaith chun an Úcráin a atógáil agus a nuachóiriú, agus tacú lena téarnamh eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil agus leis an dul chun cinn atá déanta i dtreo aontachas leis an Aontas. Dá réir sin, chuirfeadh Plean na hÚcráine bonn faoi dheontóirí eile chun na réimsí tosaíochta cistiúcháin a shainaithint chun an Úcráin a atógáil agus chun úinéireacht, comhleanúnachas agus ranníocaíochtaí breise a chothú chuige sin. Chun na críche sin, ba cheart don Úcráin a áirithiú go gcumhdófar leis an bPlean mar atá sé ullmhaithe a riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe ar bhealach comhtháite, lena sainaithneofar a mhéid a mheastar a mhaoineoidh an tAontas bearta an Phlean tríd an tSaoráid. Agus an Plean á ullmhú, ba cheart don Úcráin tacaíocht a sholáthraítear faoi chláir eile de chuid an Aontais a chur san áireamh. Ba cheart don Úcráin a Plean a fhorbairt agus a áirithiú go mbeidh deontóirí eile in ann rannchuidiú le tacú le bearta an Phlean, lena náirítear tríd an maoiniú atá ar fáil faoin tSaoráid a mhéadú.

(67)Cé gur cheart go mbeadh Plean na hÚcráine ina bhonn don tacaíocht a sholáthraítear faoin gcéad cholún den tSaoráid, ba cheart tagairt a sholáthar ann freisin don tacaíocht atá le soláthar faoin dara colún agus faoin tríú colún den tSaoráid. Ba cheart go dtacódh na bearta a mhaoinítear faoin dara colún agus faoin tríú colún le cuspóirí agus le cur chun feidhme an Phlean.

(68)Is éard ba cheart a bheith i bPlean na hÚcráine bearta athchóirithe agus infheistíochta, mar aon leis na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla a fhágann gur gá na bearta sin a chomhlíonadh go sásúil, agus amchlár táscach do chur chun feidhme na mbeart sin. Ba cheart do na bearta ar cuireadh tús leo ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh a bheith incháilithe.

(69)Ba cheart coinníollacha a leagan amach sa Phlean ina léirítear an dul chun cinn a bhfuil coinne lena dhéanamh i gcur chun feidhme na mbeart atá ann. Ba cheart na coinníollacha sin a bheith i bhfoirm céimeanna cáilíochtúla nó cainníochtúla. Ba cheart na céimeanna sin a phleanáil tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2027, cé go bhféadfadh cur i gcrích foriomlán na mbeart dá dtagraíonn na céimeanna sin dul thar 2027. I bhfianaise an ghá atá ann cobhsaíocht mhacra-airgeadais na hÚcráine a áirithiú agus, ag an am céanna, tacú lena hiarrachtaí téarnaimh, atógála agus nuachóirithe i bhfianaise an aontachais leis an Aontas, ba cheart a áireamh sa Phlean, go háirithe, coinníollacha a bhaineann le (i) ceanglais fhíor-riachtanacha, amhail cobhsaíocht mhacra-airgeadais, formhaoirseacht ar an mbuiséad, agus bainistíocht airgeadais phoiblí, a d’fhéadfaí a shainiú chun dul chun cinn sásúil i dtreo chomhlíonadh a léiriú; agus (ii) athchóirithe agus infheistíochtaí earnála agus struchtúracha a leagtar amach sa Phlean. Ba cheart na híocaíochtaí a struchtúrú dá réir sin timpeall ar na catagóirí coinníollacha sin, rud a léiríonn cuspóirí na Saoráide.

(70)Agus an Plean á ullmhú agus á chur chun feidhme ag an Úcráin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an staid i réigiúin agus i mbardais na hÚcráine, ag féachaint dá riachtanais shonracha maidir le téarnamh agus atógáil, athchóiriú, nuachóiriú agus dílárú, agus ba cheart é a dhéanamh i gcomhairle le húdaráis réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile, i gcomhréir le prionsabal an rialachais il-leibhéil agus cur chuige ón mbun aníos á chur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Phlean, go háirithe, feabhas a chur ar fhorbairt eacnamaíoch, shóisialta, chomhshaoil agus chríochach réigiúin agus bhardais na hÚcráine, tacú leis an athchóiriú ar an dílárú ar fud na hÚcráine agus cóineasú i dtreo chaighdeáin an Aontais; ba cheart go náiritheofaí leis freisin rannpháirtíocht na núdarás fonáisiúnta, go háirithe bardais, sa chinnteoireacht maidir le húsáid na tacaíochta sa phróiseas atógála ar an leibhéal áitiúil, agus gur cion suntasach leordhóthanach den tacaíocht iad na tionscadail atógála arna roghnú agus arna gcur chun feidhme ag na húdaráis fhonáisiúnta sin.

(71)Ba cheart a áireamh sa Phlean míniú ar chóras na hÚcráine chun neamhrialtachtaí, éilliú, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach agus úsáid á baint as na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid, agus na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón tSaoráid nó ó chláir eile an Aontais chomh maith le cistiú ó dheontóirí eile a sheachaint; Ba cheart go rannchuideodh bearta faoin bPlean, i gcás inarb iomchuí, le córas éifeachtúil bainistíochta agus rialaithe a áirithiú. Ba cheart don Úcráin na bearta sin a chur chun feidhme faoi dháta táscach a d’fhéadfaí a shocrú, de réir mar is iomchuí, ag brath ar gach beart, le linn shaolré na Saoráide.

(72)Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar Phlean na hÚcráine bunaithe ar liosta na gcritéar a leagtar amach sa Rialachán seo. I bhfianaise a thábhachtaí atá éifeachtaí airgeadais na tacaíochta do Phlean na hÚcráine, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle. I gcás ina ndéanfar measúnú dearfach ar an bPlean, ba cheart don Choimisiún togra a thíolacadh le go bhformheasfaidh an Chomhairle an Plean.

(73)I bhfianaise na héiginnteachta agus an ghá atá le solúbthacht i gcur chun feidhme na Saoráide, ba cheart go mbeadh an Úcráin in ann iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún togra a dhéanamh chun an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a leasú, i gcás nach féidir leis an Úcráin Plean na hÚcráine, lena náirítear céimeanna ábhartha cáilíochtúla agus cainníochtúla, a bhaint amach a thuilleadh, go páirteach nó go hiomlán, de bharr imthosca oibiachtúla. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhaontú leis an Úcráin, togra a dhéanamh freisin chun an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a leasú, go háirithe chun athrú ar na méideanna atá ar fáil a chur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart don Úcráin a bheith in ann iarraidh réasúnaithe a dhéanamh an Plean a leasú, lena náirítear trí aguisín a mholadh i gcás inarb ábhartha, chun cistiú breise atá ar fáil ó dheontóirí eile nó ó fhoinsí eile a chur san áireamh, amhail ioncam a ghintear ar shócmhainní reoite agus díluailithe de chuid na Rúise.

(74)Ba cheart go bhféadfaí tacaíocht airgeadais a thabhairt do Phlean na hÚcráine i bhfoirm iasachta. I gcomhthéacs riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin na hÚcráine, is iomchuí an cúnamh airgeadais a eagrú faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus a bhunú mar mhodh cistiúcháin aonair, rud a bhfuil coinne go bhfeabhsóidh sé leachtacht bhannaí an Aontais agus tarraingteacht agus costéifeachtúlacht eisiúint an Aontais.

(75)I bhfianaise staid na hÚcráine mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise agus chun tacú leis an Úcráin ar a conair fhadtéarmach cobhsaíochta, is iomchuí iasachtaí a chur ar fáil don Úcráin ar ardleibhéal lamháltais a mhairfidh 35 bliana ar a mhéad agus gan tús a chur le haisíoc an bhunairgid tráth nach luaithe ná 2034. Is iomchuí freisin maolú ar Airteagal 220(5), pointe (e), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus deis a thabhairt don Aontas, le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027, costais ráta úis (costas cistiúcháin agus costas bainistithe leachtachta) a chumhdach agus na costais riaracháin (costas seirbhíse d’fhorchostais riaracháin) a bheadh le híoc ag an Úcráin murach sin a tharscaoileadh. Ba cheart an fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta a dheonú mar ionstraim a mheastar a bheith iomchuí chun éifeachtacht na tacaíochta faoin tSaoráid a áirithiú de réir bhrí Airteagal 220(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

(76)Ba cheart é a bheith indéanta don Úcráin fóirdheontas an ráta úis agus tarscaoileadh na gcostas riaracháin a iarraidh gach bliain.

(77)Níor cheart tacú leis an dliteanas airgeadais ó iasachtaí faoin Rialachán seo leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, de mhaolú ar Airteagal 31(3), an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/947. Ba cheart gurb éard a bheadh sna hiasachtaí faoin Ionstraim cúnamh airgeadais de réir bhrí Airteagal 220 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Agus na rioscaí airgeadais agus an cumhdach buiséadach á gcur san áireamh, níor cheart aon soláthar a dhéanamh don chúnamh airgeadais i bhfoirm iasachtaí faoin tSaoráid, mar a bheartaítear a ráthú de bhreis ar na huasteorainneacha agus, de mhaolú ar Airteagal 211(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, níor cheart aon ráta soláthair a shocrú.

(78)Tá sé tábhachtach solúbthacht agus in-ríomhchláraitheacht a ráthú chomh maith le cobhsaíocht maidir le tacaíocht ón Aontas a chur ar fáil don Úcráin. Chun na críche sin, ba cheart íocaíochtaí faoin tSaoráid a dhéanamh de réir sceidil ráithiúil sheasta, faoi réir cistiú a bheith ar fáil, bunaithe ar iarraidh ar íocaíocht arna cur isteach ag an Úcráin agus tar éis don Choimisiún comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha ábhartha a fhíorú. I gcás nach gcomhlíontar coinníoll i gcomhréir leis an amlíne tháscach a leagtar síos sa chinneadh lena bhformheastar an Plean, ba cheart don Choimisiún méid a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha sin a bhaint den íocaíocht. D’fhéadfaí na cistí comhfhreagracha a coinníodh siar a eisíoc le linn na chéad fhuinneog íocaíochta eile agus suas le dhá mhí dhéag tar éis an sprioc-ama bhunaidh a leagtar amach san amlíne tháscach, ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha.

(79)Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an Úcráin ar mhaoiniú leordhóthanach chun freastal ar a riachtanais cobhsaíochta macra-airgeadais agus chun tús a chur le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na tíre, ba cheart rochtain a bheith ag an Úcráin ar suas le 7 % den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus den iasacht i bhfoirm réamh-mhaoinithe, faoi réir cistiú a bheith ar fáil agus faoi réir an réamhchoinníll don tacaíocht don Úcráin faoin tSaoráid a urramú.

(80)De mhaolú ar Airteagal 116(2) agus (5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is iomchuí an spriocdháta íocaíochta a shocrú ag tosú ón dáta a chuirtear an cinneadh lena núdaraítear an eisíocaíocht leis an Úcráin in iúl agus chun íocaíocht úis mainneachtana ón gCoimisiún leis an Úcráin a eisiamh.

(81)Is ceanglas tábhachtach maidir le tacaíocht ón Aontas í an trédhearcacht i gcur chun feidhme na Saoráide. Foilseoidh an Úcráin dhá uair sa bhliain sonraí maidir le daoine agus eintitis a fhaigheann méideanna cistithe ar mó iad ná coibhéis EUR 500 000 chun na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a shonraítear i bPlean na hÚcráine a chur chun feidhme. Níor cheart an fhaisnéis a fhoilsiú i gcás inar baol nochtadh na faisnéise sin do chearta agus do shaoirsí na ndaoine nó na neintiteas lena mbaineann nó i gcás go bhfuil an baol ann go ndéanfar dochar tromchúiseach do leasanna tráchtála na bhfaighteoirí. Ba cheart go náireofaí sa chreat-chomhaontú rialacha beachta agus amchlár maidir le bailiú sonraí ag an Úcráin agus rochtain don Choimisiún agus do OLAF, lena náirítear maidir le formáid na faisnéise.

(82)Faoi cholún II den tSaoráid, ba cheart creat infheistíochta a chur ar bun, arb é is aidhm dó tacú le hinfheistíochtaí téarnaimh agus atógála arna ndéanamh ag cuideachtaí san earnáil phríobháideach, bardais, cuideachtaí faoi úinéireacht stáit nó gníomhaithe eile. Leis an gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin ba cheart aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí a shainaithnítear i bPlean na hÚcráine, agus tacú lena chuspóirí agus lena chur chun feidhme. Ba cheart d’údaráis na hÚcráine a bheith rannpháirteach sa Chreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin ina rialachas.

(83)Ba cheart an creat infheistíochta a bheith ina phacáiste airgeadais comhtháite lena soláthraítear acmhainn mhaoinithe i bhfoirm ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus oibríochtaí measctha san Úcráin. Ba cheart tacaíocht faoin gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin a chur chun feidhme trí bhainistíocht indíreach, ag tarraingt go háirithe ar inniúlachtaí airgeadais agus teicniúla institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus institiúidí airgeadais forbartha Eorpacha, lena náirítear a rannpháirtíocht sa riosca a bhaineann le hinfheistíochtaí lena nacmhainní dílse. I bhfianaise scála na ninfheistíochtaí téarnaimh agus atógála san Úcráin a mbeidh comhroinnt riosca ag teastáil ina leith, is gá don Aontas acmhainneacht ráthaíochta thiomnaithe a bhunú, Ráthaíocht na hÚcráine. Cuirfear oibríochtaí a chumhdaítear le Ráthaíocht na hÚcráine chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 208(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin agus institiúidí airgeadais eile a chuireann tacaíocht éascaithe trádála ar fáil, féadfaidh siad gníomhú mar idirghabhálaithe airgeadais. Agus Ráthaíocht na hÚcráine á cur chun feidhme agus á bainistiú ag an gCoimisiún, ba cheart dó dlúthchomhar a áirithiú leis an tacaíocht a chuirtear chun feidhme faoi chuimsiú an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2021/947.

(84)Ba cheart solúbthacht na tacaíochta faoin tSaoráid a fheabhsú trí fhoráil a dhéanamh do chur chun feidhme solúbtha Ráthaíocht na hÚcráine, a d’fhéadfaí a dheonú de réir a chéile. Is iomchuí maolú ar Airteagal 211(2), an dara habairt, den dara fomhír de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 chun go bhféadfaidh comhdhéanamh an tsoláthair go dtí an 31 Nollaig 2027 a bheith comhionann le méid an tsoláthair a chomhfhreagraíonn don ráthaíocht a dheonaítear in ionad mhéid an tsoláthair iomláin. Mar chuid den mhaolú, ba cheart go bhféadfaí an soláthar a dhéanamh de réir a chéile chun an dul chun cinn maidir le roghnú agus cur chun feidhme na noibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a thacaíonn le cuspóirí na Saoráide a léiriú, in ionad an ráiteas airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 211(2), an dara habairt, den dara fomhír de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a léiriú.

(85)D’fhonn na cistí faoin gcolún seo a úsáid go héifeachtach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an ráta soláthair le haghaidh ráthaíocht na hÚcráine a leasú. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena náirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(86)Faoi cholún III den tSaoráid, ba cheart é a bheith d’aidhm ag an tacaíocht den chuid is mó ailíniú a dhéanamh de réir a chéile le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais (‘acquis’) d’fhonn ballraíocht a bhaint amach san Aontas amach anseo, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine. Ba cheart moltaí ábhartha ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, amhail Comhairle na hEorpa agus Coimisiún na Veinéise, a chur san áireamh sa phróiseas sin freisin. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis an tacaíocht freisin geallsealbhóirí a neartú, lena náirítear na comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus acmhainneachtaí na núdarás áitiúil.

(87)I gcomhréir leis an Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, Rialachán (AE, Euratom) 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE) 2017/1939 ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena náirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí, calaois, éilliú, coinbhleacht leasa, cistiú dúbailte a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, agus aisghabháil na gcistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart.

(88)Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin ( Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 833/2013, ba cheart an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) a bheith in ann imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

(89)I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ba cheart na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i gcás inarb infheidhme, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i gcás inarb ábhartha, lena náirítear ó thríú páirtithe a bhfuil baint acu le cur chun feidhme chistí an Aontais. Ba cheart don Úcráin neamhrialtachtaí maidir le húsáid na gcistí a thuairisciú don Choimisiún freisin.

(90)Is tosaíochtaí tábhachtacha athchóirithe don Úcráin iad treisiú na gcóras rialaithe inmheánaigh, an comhrac i gcoinne an éillithe, cur chun cinn na trédhearcachta, dea-riarachán agus bainistiú airgeadais phoiblí éifeachtúil, agus ba cheart don tSaoráid tacaíocht a thabhairt dóibh.

(91)Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach faoin tSaoráid. Chuige sin, ba cheart Bord Iniúchóireachta neamhspleách a bhunú chun faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún maidir le míbhainistiú cistí a d’fhéadfadh a bheith ann. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil do OLAF agus i gcás inarb iomchuí d’údaráis ábhartha na hÚcráine. Ba cheart an Coimisiún, le cúnamh ó thoscaireacht an Aontais, ba cheart é a bheith i dteideal seiceálacha a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann an Úcráin cistí chun feidhme feadh shaolré iomlán an tionscadail. Ba cheart don Bhord Iniúchóireachta idirphlé agus comhar rialta le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a áirithiú.

(92)Cé gurb í an Úcráin go príomha atá freagrach as a áirithiú go gcuirfear an tSaoráid chun feidhme i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme, agus prionsabal na comhréireachta agus na coinníollacha sonracha faoina bhfeidhmeoidh an tSaoráid á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann dearbhú leordhóthanach a fháil ón Úcráin i ndáil leis sin. Chuige sin, ba cheart don Úcráin gealltanas a thabhairt sa Phlean feabhas a chur ar an gcóras bainistithe agus rialaithe atá aici faoi láthair agus méideanna ar baineadh mí-úsáid astu a aisghabháil. Ba cheart don Úcráin córas faireacháin a bhunú a chuirfidh le tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn. Ba cheart don Úcráin sonraí agus faisnéis a bhailiú lenar féidir neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, i ndáil leis na bearta a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid. Leis an gcreat-chomhaontú agus leis na comhaontuithe maoiniúcháin agus iasachta, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáidí na hÚcráine chun a áirithiú go mbaileofar sonraí leordhóthanacha maidir le daoine agus eintitis a fhaigheann cistiú chun bearta Phlean na hÚcráine a chur chun feidhme agus go mbeidh rochtain ar na sonraí sin.

(93)Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint freisin nuair a chuirtear na cistí chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach trí dheontais agus soláthar agus bainistíocht indíreach le heintitis a ndéantar measúnú colúin orthu, go háirithe faoin dara colún agus faoin tríú colún den tSaoráid.

(94)Ba cheart cláir oibre a ghlacadh chun an cúnamh faoin tSaoráid a chur chun feidhme.

(95)Ba cheart acmhainneachtaí cumarsáide na hÚcráine a fheabhsú ionas go náiritheofar iolrachas láidir agus saor sna meáin agus tuiscint an phobail a áirithiú i ndáil le luachanna an Aontais agus na tairbhí agus na hoibleagáidí a bhaineann le ballaíocht ionchasach san Aontas, agus aghaidh á tabhairt ar an mbréagaisnéis ag an am céanna. Ba cheart infheictheacht an chistithe ón Aontas a áirithiú freisin.

(96)Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh sásraí faireacháin agus meastóireachta i bhfeidhm chun cuntasacht agus trédhearcacht éifeachtach a sholáthar agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme, agus chun measúnú éifeachtach a áirithiú ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

(97)Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh gach bliain ar chur chun feidhme na tacaíochta faoi Shaoráid na hÚcráine. Ba cheart a chur a chumas don Choiste arna bhunú leis an Rialachán seo faisnéis leordhóthanach a bheith aige chun cabhrú leis an gCoimisiún. Chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme, ba cheart don Úcráin tuarascáil a dhéanamh uair sa bhliain i dtuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn maidir leis an gcur chun feidhme. Ba cheart na tuarascálacha sin arna nullmhú ag an rialtas a léiriú go hiomchuí i bPlean na hÚcráine. Ba cheart ceanglais chomhréireacha tuairiscithe a fhorchur ar fhaighteoirí cistithe ón Aontas a chuirtear chun feidhme faoin dara colún agus faoin tríú colún den tSaoráid.

(98)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 .

(99)Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle agus ar ról SEGS i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe agus faireachán á dhéanamh aige ar chomhlíonadh an réamhchoinníll maidir le tacaíocht ón Aontas, ina mheasúnú ar phlean na hÚcráine agus ag an am céanna ag bailiú comhairle maidir le creat Infheistíochta maidir leis an Úcráin.

(100)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

(101)Chun leanúnachas a áirithiú dtaca le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1
Ábhar

1.Leis an Rialachán seo bunaítear Saoráid na hÚcráine (‘an tSaoráid’).

Leagtar síos leis cuspóirí na Saoráide, maoiniú na Saoráide, an buiséad don tréimhse 2024-2027, foirmeacha cistithe ón Aontas fúithi agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

2.Cuirfidh an tSaoráid cúnamh ar fáil don Úcráin faoi na trí cholún seo a leanas:

(a)Colún I: tacaíocht airgeadais atá le cur ar fáil don Úcráin chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur i gcrích chun Plean na hÚcráine a chur chun feidhme agus chun cobhsaíocht mhacra-airgeadais na tíre a choinneáil ar bun, mar a leagtar amach i gCaibidil III;

(b)Colún II: Creat Infheistíochta sonrach maidir leis an Úcráin chun tacú le hinfheistíochtaí agus chun rochtain ar mhaoiniú a chur ar fáil mar a leagtar amach i gCaibidil IV;

(c)Colún III: cúnamh teicniúil agus tacaíocht ghaolmhar don Úcráin chun athchóirithe a bhaineann le haontachas don Aontas a cheapadh agus a chur chun feidhme agus chun cumas riaracháin na hÚcráine a chothú, chomh maith le gníomhaíochtaí ábhartha eile, mar a leagtar amach i gCaibidil V.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.ciallaíonn ‘creat-chomhaontú’ socrú arna thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin lena leagtar síos prionsabail an chomhair airgeadais idir an Úcráin agus an Coimisiún faoin Rialachán seo.

2.ciallaíonn ‘bearta’ athchóirithe agus infheistíochtaí faoi Phlean na hÚcráine a leagtar amach i gCaibidil III.

3.ciallaíonn ‘coinníollacha’ céimeanna cáilíochtúla nó cainníochtúla a bhaineann lena áirithiú go gcoinneofar an chobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais ar bun nó a bhaineann le cur chun feidhme na nathchóirithe agus na ninfheistíochtaí a leagtar amach i bPlean na hÚcráine a leagtar amach i gCaibidil III.

4.ciallaíonn ‘oibríocht measctha’ oibríocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha tacaíochta neamh-inaisíoctha, foirmeacha tacaíochta inaisíoctha, nó an dá rud, ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha inaisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, nó ó institiúidí airgeadais tráchtála agus ó infheisteoirí.

Airteagal 3
Cuspóirí Shaoráid na hÚcráine

1.Is iad cuspóirí ginearálta na Saoráide tacú leis an Úcráin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil an chogaidh, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le téarnamh, le hatógáil agus le nuachóiriú na tíre;

(b)athléimneacht shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil a chothú mar aon le comhtháthú forásach san Aontas agus sa gheilleagar agus sna margaí domhanda;

(c)ailíniú de réir a chéile le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais (‘acquis’) an Aontais d’fhonn ballraíocht a bhaint amach san Aontas amach anseo, rud a chuirfidh leis an gcobhsaíocht fhrithpháirteach, leis an tslándáil, leis an tsíocháin, leis an rathúnas agus leis an inbhuanaitheacht.

2.Áireofar an méid seo a leanas ar chuspóirí sonracha na Saoráide:

(a)cuidiú le cobhsaíocht mhacra-airgeadais na tíre a choinneáil agus srianta seachtracha agus inmheánacha na hÚcráine maidir le maoiniú a mhaolú;

(b)bonneagar a ndearnadh damáiste dó de dheasca an chogaidh a atógáil agus a nuachóiriú, amhail bonneagar fuinnimh, córais uisce, gréasáin iompair inmheánacha agus trasteorann lena náirítear iarnróid, bóithre agus droichid agus pointí trasnaithe teorann, agus bonneagair nua-aimseartha, fheabhsaithe agus athléimneacha a chothú; acmhainní táirgthe bia a athbhunú; cuidiú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta a eascraíonn as an gcogadh, lena náirítear do ghrúpaí sonracha amhail iarshaighdiúirí cogaidh, Daoine Easáitithe ina dTír féin, tuismitheoirí aonair, daoine faoi mhíchumas, mionlaigh agus daoine leochaileacha eile; rannchuidiú leis an iarracht dímhianaithe;

(c)an taistriú chuig geilleagar inbhuanaithe cuimsitheach agus timpeallacht infheistíochta chobhsaí a chothú; tacú le comhtháthú na hÚcráine sa Mhargadh Aonair; bonneagar sóisialta a dheisiú, a atógáil agus a fheabhsú, amhail tithíocht, saoráidí cúraim sláinte, scoileanna agus institiúidí ardoideachais, agus bonneagar taighde; forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a neartú, agus aird ar leith á tabhairt ar mhná agus ar an óige, lena náirítear trí oideachas ardcháilíochta, oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú, agus beartais fostaíochta, lena náirítear do thaighdeoirí; tacú leis an gcultúr agus leis an oidhreacht chultúrtha; earnálacha eacnamaíocha straitéiseacha a neartú agus tacú le hinfheistíocht agus le forbairt na hearnála príobháidí, agus béim á leagan ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus ar nuálaíocht, agus freisin ar thalmhaíocht agus ar fhorbairt tuaithe, ar dhobharshaothrú agus ar iascach; margaí airgeadais na hÚcráine a athstruchtúrú, lena náirítear an earnáil baincéireachta agus margaí caipitil; slógadh ioncaim intíre a mhéadú; cumas trádála na hÚcráine a neartú;

(d)an smacht reachta, an daonlathas, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a neartú a thuilleadh, lena náirítear trí bhreithiúnacht neamhspleách agus slándáil atreisithe a chur chun cinn, chomh maith leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise, an éillithe, na coireachta eagraithe agus an sciúrtha airgid, na himghabhála cánach agus na calaoise cánach; comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta; saoirse na meán agus saoirse acadúil agus timpeallacht chumasúcháin don tsochaí shibhialta a neartú; idirphlé sóisialta a chothú; neamh-idirdhealú agus caoinfhulaingt a chur chun cinn, urraim do chearta na mionlach agus cur chun cinn an chomhionannais inscne a áirithiú agus a neartú; éifeachtacht an riaracháin phoiblí a threisiú agus tacú le trédhearcacht, le hathchóirithe struchtúracha agus le dea-rialachas ar gach leibhéal, lena náirítear i réimsí na bainistíochta airgeadais poiblí agus an tsoláthair phoiblí agus na Státchabhrach; tacú le tionscnaimh agus comhlachtaí a bhfuil baint acu le tacú leis an gceartas idirnáisiúnta san Úcráin agus leis an gceartas sin a fhorfheidhmiú;

(e)aistriú glas inbhuanaithe a fhorbairt agus a neartú i ngach earnáil eacnamaíoch, lena náirítear an taistriú i dtreo dícharbónú a gheilleagair; an claochlú digiteach a chur chun cinn mar chumasóir don fhorbairt inbhuanaithe agus don fhás cuimsitheach;

(f)tacú leis an dílárú agus leis an bhforbairt áitiúil.

Airteagal 4
Prionsabail ghinearálta

1.Beidh an comhar faoin tSaoráid bunaithe ar phrionsabail éifeachtacht na forbartha agus cuirfidh sé na prionsabail sin chun cinn, i gcás inarb infheidhme, ar fud na módúlachtaí uile, is iad sin úinéireacht na dtosaíochtaí forbartha ag an Úcráin, díriú ar thorthaí, comhpháirtíochtaí cuimsitheacha don fhorbairt, trédhearcacht agus cuntasacht fhrithpháirteach. Beidh an comhar bunaithe ar acmhainní a leithdháileadh agus a úsáid ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil.

2.Beidh tacaíocht ón tSaoráid sa bhreis ar thacaíocht arna cur ar fáil faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Féadfaidh gníomhaíochtaí atá incháilithe do chistiú faoin Rialachán seo tacaíocht a fháil ó chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin an costas céanna.

3.Chun comhlántacht agus éifeachtúlacht a ngníomhaíochta agus a dtionscnaimh a chur chun cinn, oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhair lena chéile agus féachfaidh siad le dúbailt a sheachaint maidir le cúnamh faoin Rialachán seo agus cúnamh eile a sholáthraíonn an tAontas, na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí agus eintitis iltaobhacha agus réigiúnacha, amhail eagraíochtaí idirnáisiúnta agus na hInstitiúidí Idirnáisiúnta Airgeadais, gníomhaireachtaí agus deontóirí nach den Aontas iad, i gcomhréir leis na prionsabail sheanbhunaithe chun comhordú oibríochtúil a neartú i réimse an chúnaimh sheachtraigh, lena náirítear trí chomhordú feabhsaithe leis na Ballstáit ar an leibhéal áitiúil agus trí bheartais agus nósanna imeachta a chomhchuibhiú, go háirithe na prionsabail idirnáisiúnta maidir le héifeachtacht na forbartha.

4.Le gníomhaíochtaí faoin tSaoráid, déanfar príomhshruthú maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, cosaint an chomhshaoil, cearta an duine, an daonlathas, comhionannas inscne agus, i gcás inarb ábhartha, laghdú rioscaí tubaiste, agus tacófar le dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, lena gcuirfear chun cinn gníomhaíochtaí comhtháite lenar féidir comhthairbhí a chruthú agus ilchuspóirí a chomhlíonadh ar bhealach comhleanúnach. Ba cheart go seachnófar sócmhainní tréigthe leo, agus beidh siad á dtreorú ag prionsabal na neamhdhíobhála agus ag an bprionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’, chomh maith leis an gcur chuige príomhshruthaithe inbhuanaitheachta atá mar bhonn taca leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

5.Ní thacóidh an tSaoráid le gníomhaíochtaí ná bearta atá ar neamhréir le Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na hÚcráine, má tá fáil air, le Rannchuidiú na hÚcráine arna chinneadh go Náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras, ná le gníomhaíochtaí ná bearta lena gcuirtear infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise chun cinn, nó lena gcruthaítear éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcomhshaol nó ar an aeráid, mura rud é go bhfuil fíorghá leis na gníomhaíochtaí nó leis na bearta sin chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach, agus an gá le bonneagar a ndearnadh damáiste dó le linn an chogaidh a atógáil agus a nuachóiriú ar bhealach athléimneach á chur san áireamh, agus beidh bearta iomchuí ag gabháil leo, i gcás inarb ábhartha, chun na héifeachtaí sin a sheachaint, a chosc nó a laghdú agus, más féidir, chun iad a fhritháireamh.

6.I gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta cuimsithí, i gcás inarb iomchuí, féachfaidh an Coimisiún lena áirithiú go rachfar i gcomhairle go cuí le páirtithe leasmhara ábhartha, lena náirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus go mbeidh rochtain thráthúil acu ar fhaisnéis ábhartha chun go mbeidh siad in ann ról fóinteach a bheith acu le linn cheapadh agus chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá incháilithe do chistiú faoin tSaoráid seo, agus sna próisis faireacháin ghaolmhara. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, rannpháirtíocht údarás réigiúnach, áitiúil, uirbeach agus údarás poiblí eile a chur chun cinn, i gcomhréir le prionsabal an rialachais il-leibhéil agus cur chuige ón mbun aníos á chur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún comhordú i measc na bpáirtithe leasmhara ábhartha a spreagadh.

7.Rannchuideoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an Úcráin, le cur chun feidhme gealltanas de chuid an Aontais maidir le trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe agus cúnamh á sholáthar, lena náirítear trí chur chun feidhme agus atreisiú na gcóras rialaithe inmheánaigh agus na mbeartas frithchalaoise a chur chun cinn, agus trí fhaisnéis a chur ar fáil maidir le méid agus leithdháileadh an chúnaimh trí bhunachair sonraí gréasánbhunaithe, agus áiritheoidh sé go mbeidh sonraí inchomparáide agus gur féidir rochtain a fháil orthu go héasca, gur féidir iad a chomhroinnt go héasca agus gur féidir iad a fhoilsiú go héasca.

Airteagal 5
Réamhchoinníoll maidir le tacaíocht ón Aontas

1.Mar réamhchoinníoll i dtaca leis an tacaíocht don Úcráin faoin tSaoráid, ní mór don Úcráin leanúint de sheasamh le sásraí éifeachtacha daonlathacha agus iad a urramú, lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, agus an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine a ráthú, lena náirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

2.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 sula ndéanfar eisíocaíochtaí leis an Úcráin faoin tSaoráid agus le linn thréimhse na tacaíochta arna soláthar faoin tSaoráid agus aird chuí á tabhairt ar thuarascáil rialta an Choimisiúin ar mhéadú. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena gcinntear nach bhfuil an réamhchoinníoll sin á chomhlíonadh, agus go háirithe, na híocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 25 a chur ar fionraí, gan beann ar chomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin an comhthéacs san Úcráin, agus iarmhairtí chur i bhfeidhm an dlí airm ansin.

CAIBIDIL II

Maoiniú agus cur chun feidhme

Airteagal 6
An Buiséad

1.Beidh na hacmhainní le haghaidh chur chun feidhme Shaoráid na hÚcráine ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 10b de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle, leis an dáileadh táscach seo a leanas:

(a)78 % i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha de bhun Chaibidil III den Rialachán seo;

(b)16 % don chaiteachas de bhun Chaibidil IV;

(c)5 % don chaiteachas de bhun Chaibidil V;

(d)suas le 1 % don chaiteachas de bhun mhír 5 den Airteagal seo.

2.An tacaíocht airgeadais de bhun Chaibidil III i bhfoirm iasachta, beidh sí ar fáil le haghaidh méid suas le EUR 50 000 000 000 don tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Cuirfear san áireamh i méid foriomlán eisíocaíochtaí na n‑iasachtaí na méideanna arna gcur ar fáil de bhun mhír 1 agus an méid dá dtagraítear i mír 3.

3.Ní rachaidh suim na nacmhainní a chuirfear ar fáil de bhun mhíreanna 1 agus 2 thar EUR 50 000 000 000 don tréimhse 2024 go 2027.

4.Féadfar ranníocaíochtaí breise chun an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a mhaoiniú a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 7.

5.Féadfar na hacmhainní dá dtagraítear i míreanna 1(d) agus 4 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an tSaoráid a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, a bhfuil gá leo chun an tSaoráid a bhainistiú agus a cuspóirí a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, comhairliúcháin le húdaráis na hÚcráine, comhdhálacha, comhairliúchán le páirtithe leasmhara, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena náirítear gníomhaíochtaí for-rochtana cuimsitheacha, agus cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo, speansais a bhaineann le líonraí TF a dhíríonn ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha, agus gach speansas eile maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin arna dtabhú ag an gCoimisiún le haghaidh bhainistiú agus chostais na Saoráide ag an gceanncheathrú agus i dtoscaireachtaí an Aontais. Féadfaidh na speansais gach costas a bhaineann le gníomhaíochtaí tacaíochta eile a chumhdach freisin, amhail costais a bhaineann le rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail ar an láthair agus costais a bhaineann le piarchomhairleoireacht agus le saineolaithe chun athchóirithe agus infheistíochtaí a mheasúnú agus a chur chun feidhme.

Airteagal 7
Acmhainní airgeadais breise le haghaidh na Saoráide

1.Féadfaidh na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais nó foinsí eile ranníocaíochtaí breise airgeadais a sholáthar don tSaoráid. Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna ranníocaíochtaí sin de réir bhrí pointí (a)(ii), (d) agus (e) d’Airteagal 21(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Méideanna breise a fhaightear mar ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 faoi ghníomhartha dlí ábhartha an Aontais i ndáil le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, cuirfear iad leis na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 6.

2.Déanfar na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha agus na coinníollacha céanna leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 6(1).

3.Déanfar na ranníocaíochtaí le Ráthaíocht na hÚcráine agus leis na hionstraimí airgeadais faoi Chaibidil IV i gcomhréir le hAirteagal 28.

Airteagal 8
Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.Cuirfear an tSaoráid chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach le haon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 62, an chéad fhomhír, pointe (c) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

2.Féadfar cistiú ón Aontas a sholáthar in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar, tacaíocht bhuiséadach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, oibríochtaí measctha agus cúnamh airgeadais.

3.Cuirfear ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus oibríochtaí measctha lena gcomhcheanglaítear tacaíocht ó ionstraimí airgeadais nó ráthaíochtaí buiséadacha faoin tSaoráid chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i dTeideal X, agus go háirithe Airteagal 208 agus Airteagal 209(1), (2) agus (4), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Ag brath ar an acmhainneacht oibríochtúil agus airgeadais is gá, féadfaidh an Banc Eorpach Infheistíochta nó an Ciste Eorpach Infheistíochta, institiúid Eorpach iltaobhach airgeadais, amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, nó institiúid Eorpach dhéthaobhach airgeadais, amhail bainc forbartha, a bheith ina gcontrapháirtí den ráthaíocht bhuiséadach, nó den eintiteas ar cuireadh cúram air chun na hionstraimí airgeadais a chur chun feidhme. Nuair is féidir, déanfar cur chun feidhme ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus oibríochtaí measctha faoin tSaoráid a chomhlánú le foirmeacha breise tacaíochta airgeadais, ó na Ballstáit nó ó thríú páirtithe.

Airteagal 9
Creat-chomhaontú

1.Tabharfaidh an Coimisiún creat-chomhaontú i gcrích leis an Úcráin maidir le cur chun feidhme na Saoráide ina leagfar amach socruithe sonracha maidir le bainistiú, rialú, maoirseacht, faireachán, meastóireacht, tuairisciú agus iniúchadh a dhéanamh ar chistí faoin tSaoráid, chomh maith le neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a imscrúdú agus a cheartú. Déanfar an creat-chomhaontú a chomhlánú le comhaontuithe maoiniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le comhaontuithe iasachta i gcomhréir le hAirteagal 21, lena leagtar amach forálacha sonracha maidir le cistiú faoin tSaoráid a bhainistiú agus a chur chun feidhme.

2.Cé is moite den mhaoiniú idirlinne dá dtagraítear in Airteagal 24, ní thabharfar cistiú don Úcráin ach amháin tar éis don chreat-chomhaontú agus do na comhaontuithe maoiniúcháin agus iasachta is infheidhme teacht i bhfeidhm.

3.Leis an gcreat-chomhaontú, leis na comhaontuithe maoiniúcháin agus leis an gcomhaontú iasachta arna dtabhairt i gcrích leis an Úcráin, má dhearctar orthu ina niomláine, agus leis na conarthaí agus na comhaontuithe arna síniú le duine nó eintitis a fhaigheann cistí ón Aontas, áiritheofar gur féidir na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a chomhlíonadh.

4.Leagfar síos sa chreat-chomhaontú, go háirithe, forálacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)tiomantas na hÚcráine dul chun cinn a dhéanamh i dtreo córais rialaithe níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, agus neartú a dhéanamh ar an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid, mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, na seachanta cánach, na calaoise cánach nó na himghabhála cánach;

(b)na gníomhaíochtaí a bhaineann le rialú, maoirseacht, faireachán, meastóireacht, tuairisciú agus iniúchadh a dhéanamh ar chistiú an Aontais faoin tSaoráid, chomh maith le himscrúduithe, bearta frithchalaoise agus comhar;

(c)ceanglais rialaithe maidir le cistiú a scaoileadh chuig an Úcráin;

(d)rialacha maidir le cánacha, dleachtanna agus muirir i gcomhréir le hAirteagal 27(9) agus (10) de Rialachán (AE) 2021/947;

(e)aitheantas a thabhairt do fhreagrachtaí an Bhoird Iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 34, agus módúlachtaí chomhar na hÚcráine leis;

(f)an oibleagáid atá ar dhaoine nó eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme faoin tSaoráid fógra a thabhairt gan mhoill don Bhord Iniúchóireachta, don Choimisiún agus do OLAF faoi chásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachta leasa amhrasta nó iarbhír agus faoi na bearta leantacha ina leith;

(g)an ceart atá ag an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faoin tSaoráid a rinne údaráis na hÚcráine, feadh thimthriall iomlán an tionscadail, lena náirítear inter alia nósanna imeachta roghnúcháin agus dámhachtana tionscadal lena náirítear le haghaidh soláthar poiblí, páirt a ghlacadh iontu sin mar bhreathnóirí, de réir mar is iomchuí, agus moltaí a dhéanamh maidir le feabhas a chur ar na gníomhaíochtaí sin agus ar an ngealltanas ó údaráis na hÚcráine a ndícheall a dhéanamh moltaí den sórt sin ón gCoimisiún a chur chun feidhme agus tuarascáil a thabhairt ar an gcur chun feidhme sin;

(h)na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 33(2), lena náirítear rialacha beachta agus tréimhse ama bheacht maidir le bailiú sonraí ag an Úcráin agus rochtain ar na sonraí sin ag an gCoimisiún agus OLAF;

(i)an oibleagáid atá ar an Úcráin na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 26 a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún;

(j)nós imeachta chun a áirithiú go dtiocfaidh iarrataí ar eisíocaíocht le haghaidh na tacaíochta iasachta faoi mhéid na hiasachta atá ar fáil, agus Airteagal 6(2) á chur san áireamh.

Airteagal 10
Comhaontuithe maoiniúcháin

1.Tabharfar comhaontuithe maoiniúcháin i gcrích le haghaidh Chaibidil III agus Chaibidil V. Leagfar amach iontu freagrachtaí agus oibleagáidí na hÚcráine maidir le cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme, lena náirítear na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Leagfar amach iontu freisin na coinníollacha maidir leis an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a íoc, lena náirítear i ndáil leis na córais rialaithe inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointí (a) agus (c). Leagfar amach cearta agus oibleagáidí an Aontais sna comhaontuithe maoiniúcháin freisin.

2.Áireofar sna comhaontuithe maoiniúcháin rialacha maidir le tuairisc a thabhairt don Choimisiún i dtaobh conas a dhéantar gníomhaíochtaí, agus i dtaobh an gcomhlíontar na coinníollacha a luaitear in Airteagal 15(2).

Airteagal 11
Rialacha maidir le hincháilitheacht daoine agus eintiteas, tionscnamh an tsoláthair agus ábhair agus srian faoin tSaoráid

1.Beidh an deis a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta maidir le soláthar, deonú agus dámhachtain deontas le haghaidh gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin tSaoráid seo ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus ag na daoine nádúrtha ar fad ar náisiúnaigh iad sna háiteanna seo a leanas agus ag daoine dlítheanacha atá bunaithe go héifeachtach sna háiteanna seo a leanas:

(a)na Ballstáit, an Úcráin, páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus tíortha a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/947 agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 ;

(b)tíortha a mbunóidh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach san Úcráin ina leith.

2.Féadfar an rochtain chómhalartach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a dheonú le haghaidh tréimhse theoranta 1 bhliain ar a laghad, nuair a dhéanfaidh tír incháilitheacht a dheonú ar choinníollacha comhionanna le heintitis ón Aontas agus ó thíortha atá incháilithe faoin tSaoráid.

Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an rochtain chómhalartach tar éis dó dul i gcomhairle leis an Úcráin.

3.Beidh na soláthairtí agus na hábhair go léir arna maoiniú agus arna soláthar faoin tSaoráid seo de thionscnamh aon tíre dá dtagraítear i mír 1(a) agus (b), mura rud é nach féidir na soláthairtí agus na hábhair a fháil ar choinníollacha réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin. Ina theannta sin, tá feidhm ag na rialacha maidir le srianta i mír 7.

4.Ní bheidh feidhm ag na rialacha incháilitheachta faoin Airteagal seo maidir le daoine nádúrtha atá fostaithe nó atá ar conradh go dleathach ar bhealach eile ag conraitheoir incháilithe nó, i gcás inarb infheidhme, ag fochonraitheoir incháilithe, ná ní chruthófar leo srianta náisiúntachta do dhaoine nádúrtha, ach amháin i gcás ina bhfuil na srianta náisiúntachta bunaithe ar na rialacha dá bhforáiltear i mír 7.

5.I gcás gníomhaíochtaí arna gcómhaoiniú go comhpháirteach ag eintiteas nó arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach dá dtagraítear in Airteagal 62(1), pointe (c) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 nó i gcás gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag eintitis na hÚcráine faoi Chaibidil III den Rialachán seo, beidh feidhm ag rialacha incháilitheachta na neintiteas sin nó na hÚcráine i dteannta na rialacha a bhunaítear faoin Airteagal seo, lena náirítear, i gcás inarb infheidhme, na srianta dá bhforáiltear faoi mhír 7 den Airteagal seo agus a léirítear go cuí sna comhaontuithe maoiniúcháin agus sna doiciméid chonarthacha arna síniú leis na heintitis sin.

6.I gcás ina ndéantar ranníocaíochtaí breise a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 7 trí ioncam sannta seachtrach, beidh feidhm ag na rialacha incháilitheachta sa chomhaontú leis an duine a sholáthraíonn an ranníocaíocht bhreise leis na rialacha maidir le srianta dá bhforáiltear faoi mhír 7 den Airteagal seo.

7.Na rialacha incháilitheachta agus tionscnamh na soláthairtí agus na nábhar i mír 1 agus i mír 3 agus náisiúntacht na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear i mír 4 féadfar iad a shrianadh i dtaca le náisiúntacht, suíomh geografach nó cineál na neintiteas dlítheanach atá rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair agus i dtaca le tionscnamh geografach na soláthairtí agus na nábhar, sna cásanna seo a leanas:

(a)i gcás ina gceanglaítear srianta den sórt sin mar gheall ar chineál sonrach agus/nó cuspóirí sonracha na gníomhaíochta nó an nós imeachta sonrach dámhachtana agus/nó i gcás ina bhfuil gá leis na srianta sin chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme go héifeachtach;

(b)i gcás ina ndéanfaidh an ghníomhaíocht nó na nósanna imeachta dámhachtana sonracha difear don tslándáil nó don ord poiblí, go háirithe maidir le sócmhainní straitéiseacha agus leasanna an Aontais, a Bhallstát, nó na hÚcráine, lena náirítear cosaint shláine an bhonneagair dhigitigh, na gcóras cumarsáide agus faisnéise, agus na slabhraí soláthair gaolmhara.

8.Féadfar glacadh le hiarratasóirí ar thairiscintí agus le hiarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe i gcás práinne nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar fáil i margaí na dtíortha nó na gcríoch lena mbaineann, nó i gcásanna eile cuí-réasúnaithe ina mbeadh fíorú gníomhaíochta dodhéanta nó thar a bheith deacair mar gheall ar chur i bhfeidhm na rialacha incháilitheachta.

Airteagal 12
Tabhairt anonn, tráthchodanna bliantúla, leithreasaí faoi chomhair gealltanas, barrachais ón ráthaíocht bhuiséadach, aisíocaíochtaí agus ioncam arna ghiniúint ag ionstraimí airgeadais

1.De mhaolú ar Airteagal 12(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, déanfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí nár úsáideadh faoin tSaoráid a thabhairt anonn go huathoibríoch agus féadfar iad a ghealladh agus a úsáid, faoi seach, go dtí 31 Nollaig na bliana airgeadais ina dhiaidh sin. Is é an tsuim a tugadh anonn is túisce a úsáidfear sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

2.Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a tugadh anonn i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

3.De mhaolú ar Airteagal 15 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 i dtaca le leithreasuithe a chur ar fáil arís, cuirfear leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do mhéid na gealltanais shaortha a rinneadh de bharr neamh-chur chun feidhme iomláin nó pháirtigh gníomhaíochta faoin tSaoráid, cuirfear ar fáil iad arís le leas na líne buiséid tionscnamh.

4.De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ar an dara fomhír agus ar an gceathrú fomhír d’Airteagal 209(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is éard a bheidh in aon ioncam agus aisíocaíocht ó ionstraimí airgeadais a bhunaítear faoin Rialachán seo ioncam sannta inmheánach de réir bhrí Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, don tSaoráid nó don chlár a thiocfaidh ina diaidh.

5.De mhaolú ar Airteagal 213(4), pointe (a), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is éard a bheidh in aon bharrachas sna forálacha le haghaidh Ráthaíocht na hÚcráine ioncam sannta inmheánach de réir bhrí Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 don tSaoráid nó don chlár a thiocfaidh ina diaidh.

6.Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide iad ná 1 bhliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta i gcomhréir le hAirteagal 112(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Ní bheidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 114(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Airteagal 13
Maoiniú eisceachtúil

1.I gcúinsí eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, go háirithe i gcás ina dtéann an cogadh in olcas go mór agus nach féidir leis an Úcráin na coinníollacha a ghabhann leis na cineálacha tacaíochta faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an tSaoráid maoiniú eisceachtúil a chur ar fáil don Úcráin chun a cobhsaíocht mhacra-airgeadais a choinneáil agus chun gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a chothú. Cuirfear deireadh leis an maoiniú eisceachtúil sin a luaithe a bheidh sé indéanta na coinníollacha a chomhlíonadh arís.

2.Chun críche mhír 1, i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach féidir leis an Úcráin na coinníollacha a ghabhann leis na cineálacha tacaíochta faoin Rialachán seo a chomhlíonadh de bharr imthosca eisceachtúla den sórt sin a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh sé togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme lena gcuirfear maoiniú eisceachtúil ar fáil don Úcráin faoin tSaoráid a chur faoi bhráid na Comhairle.

3.In aon chás, beidh an maoiniú eisceachtúil faoi réir an réamhchoinníll dá dtagraítear in Airteagal 5 agus maoineofar é laistigh de na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (a), agus in Airteagal 6(2).

CAIBIDIL III

Colún I: Plean na hÚcráine

Airteagal 14
An gaol idir Plean na hÚcráine agus Colún na Saoráide

1.Déanfar foráil i bPlean na hÚcráine (an ‘Plean’) maidir le creat uileghabhálach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

2.Beidh Plean na hÚcráine ina bhonn don tacaíocht a sholáthraítear faoi Cholún I den tSaoráid mar a leagtar amach in Airteagal 1(2)(a) agus dá dtagraítear sa Chaibidil seo. Feidhmeoidh sé freisin mar thagairt chun an tacaíocht atá le soláthar faoi Cholún II agus faoi Cholún III den tSaoráid dá dtagraítear i gCaibidlí IV agus V a threorú.

Airteagal 15
Prionsabail maidir le maoiniú faoi Phlean na hÚcráine

1.Leagfar amach i bPlean na hÚcráine clár oibre athchóirithe agus infheistíochta na hÚcráine, a bheidh comhtháite i gcreat beartais eacnamaíoch agus fhioscaigh, chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a luaitear in Airteagal 3 a bhaint amach. Is éard a bheidh sa Phlean bearta chun athchóirithe agus infheistíocht phoiblí a chur chun feidhme trí phacáiste cuimsitheach comhleanúnach, a bhféadfadh scéimeanna poiblí a bhfuil sé mar aidhm leo dreasú a chur ar fáil maidir le hinfheistíochtaí príobháideacha a bheith san áireamh ann freisin.

2.Cuirfidh an tSaoráid maoiniú ar fáil faoin gCaibidil seo ar choinníollacha a eascraíonn as an bPlean a chomhlíonadh go sásúil, i bhfoirm céimeanna cáilíochtúla nó cainníochtúla. Léireofar sna coinníollacha sin cuspóirí éagsúla na Saoráide, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, agus áireofar iontu coinníollacha a bhaineann le ceanglais fhíor-riachtanacha, amhail cobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a choinneáil ar bun, chomh maithe le formhaoirseacht bhuiséadach agus bainistíocht airgeadais phoiblí, agus coinníollacha a bhaineann le cur chun feidhme na nathchóirithe agus na ninfheistíochtaí a leagtar amach sa Phlean.

3.Léireofar leis na coinníollacha a luaitear i mír 2 na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a) agus (2) agus na ranníocaíochtaí ábhartha faoi mhír 4 den Airteagal sin.

4.Beidh bearta ar cuireadh tús leo ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh incháilithe ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.

5.Beidh Plean na hÚcráine comhsheasmhach leis na tosaíochtaí athchóirithe a sainaithníodh i gcomhthéacs chonair aontachais na hÚcráine, mar a leagtar amach sa Tuairim ón gCoimisiún agus sa Tuarascáil Anailíseach, agus sa Chomhaontú Comhlachais lena náirítear Comhaontú Domhain Cuimsitheach Saorthrádála. Beidh sé comhsheasmhach freisin le Rannchuidiú na hÚcráine arna Chinneadh go Náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras agus, má tá sé ar fáil, leis an bPlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide.

6.Le Plean na hÚcráine, urramófar na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 4.

Airteagal 16
Ábhar Phlean na hÚcráine

1.Chun tacaíocht a fháil faoin tSaoráid, cuirfidh an Úcráin Plean na hÚcráine faoi bhráid an Choimisiúin.

2.Leagfar amach i bPlean na hÚcráine go háirithe na gnéithe seo a leanas, a mbeidh réasúnú agus bunús cuí ag dul leo:

(a)bearta ar freagairt chomhleanúnach, chuimsitheach agus chothromaithe go leormhaith iad ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, lena náirítear athchóirithe struchtúracha agus bearta chun an cóineasú leis an Aontas a chur chun cinn chomh maith leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 15(2), ionas go méadóidh an Plean ina iomláine ráta fáis gheilleagar na hÚcráine;

(b)míniú ar an gcaoi a bhfuil an Plean comhsheasmhach leis na prionsabail, na pleananna agus na cláir dá dtagraítear in Airteagal 15(5);

(c)i gcás na nathchóirithe agus na ninfheistíochtaí, tráthchlár táscach, agus na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla atá beartaithe a bheidh le cur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2027;

(d)na socruithe chun faireachán, tuairisciú agus meastóireacht éifeachtach a dhéanamh ar Phlean na hÚcráine ag an Úcráin, lena náirítear na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla atá beartaithe, agus na táscairí gaolmhara;

(e)míniú ar an gcaoi a gcomhfhreagraíonn an Plean do riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe a eascraíonn as an gcogadh i réigiúin agus i mbardais na hÚcráine, agus ar an gcaoi a fheabhsaíonn sé dá bhrí sin a bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chríochach, agus a thacaíonn sé le hathchóiriú an díláraithe ar fud na hÚcráine agus le cóineasú i dtreo chaighdeáin an Aontais; míniú ar an modheolaíocht agus ar na próisis a úsáidtear chun tionscadail a roghnú agus a chur chun feidhme, agus ar na sásraí chun páirt a thabhairt d’údaráis fhonáisiúnta, go háirithe bardais, sa chinnteoireacht maidir le húsáid na tacaíochta sa phróiseas atógála ar an leibhéal áitiúil; an mhodheolaíocht a úsáideadh chun caiteachas gaolmhar a rianú; agus míniú ar an gcaoi a náirithítear leis an bPlean gur sciar suntasach leordhóthanach den tacaíocht iad na tionscadail atógála arna roghnú agus arna gcur chun feidhme ag na húdaráis fhonáisiúnta sin;

(f)chun Plean na hÚcráine a ullmhú agus, i gcás ina mbeidh fáil air, chun an Plean a chur chun feidhme, achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin, a rinneadh i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta, le páirtithe leasmhara ábhartha, lena náirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus an chaoi a léirítear ionchur na bpáirtithe leasmhara i bPlean na hÚcráine;

(g)míniú ar a mhéid a mheastar go rannchuideoidh na bearta faoin bPlean le cuspóirí aeráide agus comhshaoil;

(h)míniú ar chóras na hÚcráine chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach agus úsáid á baint as na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid, agus na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón tSaoráid nó ó chláir eile an Aontais agus ó dheontóirí eile a sheachaint;

(i)aon fhaisnéis ábhartha eile.

3.Beidh Plean na hÚcráine bunaithe ar thorthaí agus áireofar ann táscairí chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn arna dhéanamh maidir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

Airteagal 17
Plean na hÚcráine a ullmhú agus a chur isteach

1.Is í an Úcráin a ullmhóidh Plean na hÚcráine. Féachfaidh an Úcráin leis an bPlean a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 2 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfaidh an Úcráin dréachtphlean a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

2.Agus an Plean á ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 16, tabharfaidh an Úcráin aird ar leith ar an staid i limistéir réigiúnacha, áitiúla agus uirbeacha na hÚcráine, agus a riachtanais shonracha maidir le téarnamh agus atógáil, athchóiriú, nuachóiriú agus dílárú á gcur san áireamh.

3.Déanfar Plean na hÚcráine a ullmhú agus a chur chun feidhme i gcomhairle le húdaráis réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile, i gcomhréir le prionsabal an rialachais il-leibhéil agus cur chuige ón mbun aníos á chur san áireamh.

Airteagal 18
Measúnú ón gCoimisiún ar Phlean na hÚcráine

1.Déanfaidh an Coimisiún measúnú gan moill mhíchuí ar ábharthacht, cuimsitheacht agus oiriúnacht Phlean na hÚcráine nó, i gcás inarb infheidhme, an leasaithe ar an bPlean sin dá dtagraítear in Airteagal 20, agus déanfaidh sé togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 19(1). Agus an measúnú sin á dhéanamh aige, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an Úcráin, agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt nó faisnéis bhreise a lorg.

2.Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar Phlean na hÚcráine, agus an méid atá le leithdháileadh ar an Úcráin á chinneadh, cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis anailíseach ábhartha atá ar fáil maidir leis an Úcráin, an bonn cirt agus na gnéithe a chuir an Úcráin ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 16(2), chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile amhail, go háirithe, an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 15(5).

3.Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)an freagairt chomhleanúnach, chuimsitheach agus chothromaithe go leormhaith é an Plean ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, lena náirítear athchóirithe struchtúracha agus bearta chun an cóineasú leis an Aontas a chur chun cinn, ionas go méadóidh an Plean ina iomláine ráta fáis gheilleagar na hÚcráine;

(b)an gcomhfhreagraíonn an Plean do riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe a eascraíonn as an gcogadh i réigiúin agus i mbardais na hÚcráine, agus an bhfeabhsaíonn sé dá bhrí sin a bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chríochach, agus an dtacaíonn sé le hathchóiriú an díláraithe ar fud na hÚcráine agus le cóineasú i dtreo chaighdeáin an Aontais; an iomchuí an mhodheolaíocht agus na próisis a úsáidtear chun tionscadail a roghnú agus a chur chun feidhme, agus ar na sásraí chun páirt a thabhairt d’údaráis fhonáisiúnta, go háirithe bardais, sa chinnteoireacht maidir le húsáid na tacaíochta sa phróiseas atógála ar an leibhéal áitiúil; an iomchuí an mhodheolaíocht a úsáidtear chun caiteachas gaolmhar a rianú le haghaidh na dtionscadal atógála arna roghnú agus arna cur chun feidhme ag na húdaráis fhonáisiúnta sin agus an sciar leordhóthanach den tacaíocht iad tionscadail den sórt sin;

(c)cibé acu a mheastar nó nach meastar go náiritheofar leis na socruithe atá beartaithe ag an Úcráin faireachán, tuairisciú agus cur chun feidhme éifeachtach ar Phlean na hÚcráine, lena náirítear an tráthchlár atá beartaithe, na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla atá beartaithe, agus na táscairí gaolmhara;

(d)an bhfuil coinne leis go ndéanfaidh na socruithe atá beartaithe ag an Úcráin neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach, agus úsáid á baint as na cistí arna soláthar faoin tSaoráid, agus an bhfuil coinne leis go bhféadfar cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir eile de chuid an Aontais chomh maith le deontóirí eile a sheachaint.

4.Chun críche an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine arna chur isteach ag an Úcráin, féadfaidh saineolaithe cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

Airteagal 19
Cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle

1.I gcás measúnú dearfach, ar thogra ón gCoimisiún, formheasfaidh an Chomhairle trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, an measúnú ar Phlean na hÚcráine arna chur isteach ag an Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 17(1) nó, i gcás inarb infheidhme, ar an leasú ar an bplean arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 20(1) nó 20(2).

2.Leagfar amach sa togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, maidir leis an gcuid a bheidh le cistiú ag an tSaoráid, na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá le cur chun feidhme ag an Úcráin, na coinníollacha a eascraíonn as an bPlean mar a dhéantar tuairisc orthu in Airteagal 15(2), lena náirítear an tráthchlár táscach, agus na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 6(1) pointe (a) agus (2) agus ranníocaíochtaí ábhartha faoi mhír 4 den Airteagal sin.

3.Chomh maith leis sin, leagfar síos leis an togra ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2 na nithe seo a leanas freisin:

(a)an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha tháscach agus méid táscach na tacaíochta iasachta atá le híoc i dtráthchodanna, arna struchtúrú i gcomhréir le hAirteagal 15(2), a luaithe a bheidh na céimeanna ábhartha cáilíochtúla agus cainníochtúla arna sainaithint i ndáil le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine bainte amach go sásúil ag an Úcráin;

(b)an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus méid na tacaíochta iasachta atá le híoc i bhfoirm réamh-mhaoinithe i gcomhréir le hAirteagal 23;

(c)an teorann ama, nach cóir dó a bheith níos déanaí ná an 31 Nollaig 2027, faoinar gá céimeanna deiridh cáilíochtúla agus cainníochtúla le haghaidh tionscadail infheistíochta agus athchóirithe a bheith curtha i gcrích;

(d)na socruithe agus an tráthchlár i ndáil le faireachán a dhéanamh ar Phlean na hÚcráine agus i ndáil le Plean na Úcráine a chur chun feidhme, lena náirítear, i gcás inarb ábhartha, na bearta is gá chun Airteagal 33 a chomhlíonadh;

(e)na táscairí chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo bhaint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a luaitear in Airteagal 3;

(f)na socruithe chun rochtain iomlán ar na bunsonraí ábhartha a sholáthar don Choimisiún.

Airteagal 20
Leasuithe ar Phlean na hÚcráine

1.I gcás nach féidir leis an Úcráin Plean na hÚcráine, lena náirítear na céimeanna ábhartha cáilíochtúla agus cainníochtúla, a bhaint amach a thuilleadh, go páirteach nó go hiomlán, mar gheall ar imthosca oibiachtúla, féadfaidh an Úcráin Plean leasaithe na hÚcráine a mholadh. Sa chás sin, féadfaidh an Úcráin iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún togra a dhéanamh chun an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 19(1) a leasú ina iomláine nó i bpáirt.

2.Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhaontú leis an Úcráin, togra a dhéanamh chun an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 19(1) a leasú, go háirithe chun athrú ar na méideanna atá ar fáil a chur san áireamh, go háirithe mar gheall ar ranníocaíochtaí breise ó na Ballstáit nó ó fhoinsí eile dá dtagraítear in Airteagal 6(4).

3.I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil údar maith le leasú a dhéanamh ar Phlean na hÚcráine de bharr na gcúiseanna arna gcur in iúl ag an Úcráin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar Phlean leasaithe na hÚcráine i gcomhréir le hAirteagal 18 agus déanfaidh sé togra le haghaidh leasú ar an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 19(1) gan moill mhíchuí.

Airteagal 21
Comhaontú iasachta, oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí

1.Chun an tacaíocht faoin tSaoráid i bhfoirm iasachtaí a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

2.Ar ghlacadh an chinnidh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 19(1), déanfaidh an Coimisiún comhaontú iasachta leis an Úcráin i ndáil leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 6(2). Leagfar síos sa chomhaontú iasachta tréimhse infhaighteachta agus téarmaí mionsonraithe na tacaíochta faoin tSaoráid i bhfoirm iasachtaí, lena náirítear i ndáil leis na córais rialaithe inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointí (a) agus (c). Is é 35 bliana an uastréimhse a bheidh ag na hiasachtaí. Sa bhreis ar na heilimintí a leagtar síos in Airteagal 220(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, beidh méid an réamh-mhaoinithe agus na rialacha maidir le himréiteach an réamh-mhaoinithe sa chomhaontú iasachta.

3.De mhaolú ar Airteagal 31(3), an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/947, ní thacóidh an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha leis an gcúnamh airgeadais a thugtar don Úcráin i bhfoirm iasachtaí faoin tSaoráid.

4.Ní bhunófar aon fhoráil maidir leis na hiasachtaí faoin Rialachán seo agus, de mhaolú ar Airteagal 211(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ní shocrófar aon ráta soláthair mar chéatadán den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo.

Airteagal 22
Fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta

1.De mhaolú ar Airteagal 220(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, féadfaidh an tAontas costas an chistithe, costas bainistithe leachtachta, agus costas seirbhíse a íoc le haghaidh forchostais riaracháin a bhaineann leis an iasachtaíocht agus leis an iasachtú (‘fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta’), cé is moite de chostais a bhaineann le haisíoc luath na hiasachta. Le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027, cumhdófar an fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta faoi Chaibidil V.

2.Féadfaidh an Úcráin an fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh gach bliain. Féadfaidh an Coimisiún an fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta a dhámhachtain le haghaidh méid nach mó ná teorainneacha na leithreasuithe arna gcur ar fáil sa bhuiséad bliantúil.

Airteagal 23
Réamh-mhaoiniú

1.Féadfaidh an Úcráin, in éineacht le cur isteach Phlean na hÚcráine, íocaíocht réamh-mhaoinithe a iarraidh ar méid suas le 7 % den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus den iasacht atá le soláthar faoi Chaibidil III.

2.Maidir le tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha, féadfaidh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú a íoc tar éis ghlacadh an phlean dá dtagraítear in Airteagal 19 agus tar éis theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10, faoi réir na gcistí a bheidh ar fáil agus faoi réir chomhlíonadh an réamhchoinníll dá dtagraítear in Airteagal 5.

3.Maidir leis an tacaíocht iasachta, féadfaidh an Coimisiún íocaíocht an réamh-mhaoinithe a dhéanamh tar éis fhormheas an Phlean dá dtagraítear in Airteagal 19 agus tar éis theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe iasachta dá dtagraítear in Airteagal 21. Cuirfear na híocaíochtaí faoi réir an chistithe atá ar fáil ar na margaí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 21(1) agus faoi réir urramú an réamhchoinníll a leagtar amach in Airteagal 5.

4.Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an tréimhse ama le haghaidh eisíocaíocht an réamh-mhaoinithe, a fhéadfar a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.

Airteagal 24
Maoiniú eisceachtúil idirlinne

1.Gan dochar d’Airteagal 23, mura sínítear an Creat-Chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 9 nó mura nglacfar Plean na hÚcráine dá dtagraítear i gCaibidil III faoin 31 Nollaig 2023, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh tacaíocht eisceachtúil theoranta a chur ar fáil don Úcráin ar feadh uastréimhse 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó ar an 1 Eanáir 2024, cibé acu is déanaí, ar choinníoll go bhfuil dul chun cinn sásúil déanta maidir le plean na hÚcráine a ullmhú, chun tacú le cobhsaíocht mhacra-airgeadais na hÚcráine, faoi réir coinníollacha a chomhaontófar i Meabhrán Tuisceana idir an Coimisiún agus an Úcráin, faoi réir chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach in Airteagal 5, comhlíonadh Airteagal 6 agus faoi réir na gcistí atá ar fáil.

2.Ní rachaidh méid na tacaíochta sin thar EUR 1 500 000 000 ar bhonn míosúil. Déanfaidh an Coimisiún comhaontú maoiniúcháin nó iasachta leis an Úcráin, lena gcomhlíonfar, de réir mar is iomchuí, Airteagal 10 agus Airteagal 21, faoi seach.

Airteagal 25
Rialacha maidir le tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus iasachtaí a íoc, a choinneáil siar agus a laghdú

1.Déanfar íocaíochtaí na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus na hiasachta leis an Úcráin faoin Airteagal seo i gcomhréir leis na leithreasuithe buiséid agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Déanfar na híocaíochtaí i dtráthchodanna. Féadfar tráthchuid a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.

2.Gach ráithe, cuirfidh an Úcráin isteach iarraidh chuí-réasúnaithe ar íocaíocht na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus na hiasachta, agus íocfaidh an Coimisiún an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus an iasacht ábhartha, ar bhonn an mheasúnaithe a ndéantar tuairisc air i mír 3.

3.Déanfaidh an Coimisiún measúnú gan moill mhíchuí ar cibé ar chuir nó nár chuir an Úcráin i gcrích go sásúil na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 19(1). Le cur i gcrích sásúil na gcéimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla, glacfar leis nár aisiompaigh an Úcráin na bearta a bhaineann leis na céimeanna a raibh comhlíonadh sásúil bainte amach ag an Úcráin ina leith. Féadfaidh saineolaithe cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

4.I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú dearfach ar chur i gcrích sásúil na gcéimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla, glacfaidh sé cinneadh gan moill mhíchuí lena núdarófar eisíocaíocht na coda sin den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus den iasacht a chomhfhreagraíonn do na céimeanna sin.

5.I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú diúltach ar chur i gcrích na gcéimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla de réir an tráthchláir tháscaigh, coinneofar siar íocaíocht na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus íocaíocht na hiasachta a chomhfhreagraíonn do na céimeanna sin. Ní eisíocfar an íocaíocht a coinníodh siar ach amháin nuair a bheidh bunús cuí tugtha ag an Úcráin, mar chuid d’iarraidh ar íocaíocht ina dhiaidh sin, go bhfuil na bearta is gá déanta aici chun a áirithiú go bhfuil na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla curtha i gcrích go sásúil.

6.I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach ndearna an Úcráin na bearta is gá laistigh de thréimhse 12 mhí ón measúnú diúltach tosaigh dá dtagraítear i mír 5, laghdóidh an Coimisiún méid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus méid na hiasachta i gcomhréir leis an gcuid a chomhfhreagraíonn do na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla ábhartha. Féadfaidh an Úcráin a barúlacha a chur isteach laistigh de 2 mhí tar éis don Choimisiún a chonclúidí a chur in iúl.

7.Féadfaidh an Coimisiún laghdú a dhéanamh ar mhéid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha, lena náirítear trí fhritháireamh i gcomhréir le hAirteagal 102 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, nó ar an iasacht don Úcráin dá dtagraítear i mír 4, i gcás cásanna sainaitheanta nó imní thromchúiseach maidir le neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an Úcráin, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as comhaontuithe den sórt sin, lena náirítear ar bhonn tuarascálacha ón mBord Iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 34 nó ar bhonn faisnéise arna soláthar ag OLAF. 

8.De mhaolú ar Airteagal 116(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, cuirfear tús leis an sprioc-am íocaíochta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 d’Airteagal 116, de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ón dáta a chuirfear an cinneadh lena núdaraítear an eisíocaíocht leis an Úcráin in iúl de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

9.Ní bheidh feidhm ag Airteagal 116(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir le híocaíochtaí a dhéanfar de bhun an Airteagail seo agus de bhun Airteagal 23 den Rialachán seo.

Airteagal 26
Trédhearcacht maidir le daoine agus eintitis a fhaigheann cistiú chun an Plean a chur chun feidhme

1.Foilseoidh an Úcráin sonraí maidir le daoine agus eintitis a fhaigheann méideanna cistithe ar mó iad ná coibhéis EUR 500 000 chun na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a shonraítear i bPlean na hÚcráine dá dtagraítear sa Chaibidil seo a chur chun feidhme. Tabharfaidh an Úcráin na sonraí sin cothrom le dáta faoi dhó sa bhliain, i mí an Mheithimh agus i mí na Nollag.

2.I gcás daoine agus eintitis dá dtagraítear i mír 1 agus ag féachaint go hiomchuí do na ceanglais a bhaineann le rúndacht agus le slándáil, agus do chosaint sonraí pearsanta go háirithe, foilseofar an fhaisnéis seo a leanas:

(a)i gcás duine dlítheanach, ainm dlíthiúil iomlán agus uimhir aitheantais CBL nó uimhir aitheantais cánach an fhaighteora, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, nó aitheantóir eile uathúil arna shuíomh ar an leibhéal náisiúnta;

(b)i gcás duine nádúrtha, ainmneacha agus sloinnte an fhaighteora;

(c)an méid a fuair an faighteoir, chomh maith le hathchóirithe agus infheistíochtaí faoi Phlean na hÚcráine a chuireann an méid seo lena gcur chun feidhme.

3.Ní fhoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 i gcás inar baol nochtadh na faisnéise sin do chearta agus do shaoirsí na ndaoine nó na neintiteas lena mbaineann nó i gcás go bhfuil an baol ann go ndéanfar dochar tromchúiseach do leasanna tráchtála na bhfaighteoirí.

4.Déanfaidh an Úcráin na sonraí maidir leis na daoine agus na heintitis dá dtagraítear i mír 1, cé is moite de na sonraí dá dtagraítear i mír 3, a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún uair sa bhliain ar a laghad, i bhformáid atá le sainiú sa Chreat-chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointe (i).

CAIBIDIL IV

Colún II: Creat Infheistíochta maidir leis an Úcráin

Airteagal 27
Raon feidhme agus struchtúr

1.Faoin gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin, cuirfidh an Coimisiún tacaíocht ón Aontas ar fáil don Úcráin i bhfoirm ráthaíocht bhuiséadach, ionstraimí airgeadais nó oibríochtaí measctha.

2.Tacóidh bord oibríochtúil leis an gCoimisiún i gcur chun feidhme an Chreata Infheistíochta maidir leis an Úcráin. Molfaidh an Coimisiún na rialacha nós imeachta don bhord oibríochtúil.

3.Ar bhord oibríochtúil an Chreata Infheistíochta maidir leis an Úcráin, beidh ionadaithe ón gCoimisiún, ó gach Ballstát, agus ionadaithe ón Úcráin. Féadfar stádas breathnóra a thabhairt do chontrapháirtithe a chuireann Ráthaíocht na hÚcráine agus ionstraimí airgeadais a fhaigheann tacaíocht ón gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin chun feidhme. Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an mbord oibríochtúil.

4.Cuirfidh an bord oibríochtúil comhairle ar fáil don Choimisiún maidir le rogha na módúlachtaí tacaíochta, ceapadh na dtáirgí airgeadais a bheidh le húsáid, agus maidir le hearnálacha neamh-incháilithe. Forbróidh sé tuairimí maidir le húsáid thacaíocht an Aontais trí Ráthaíocht na hÚcráine, trí ionstraimí airgeadais agus trí oibríochtaí measctha.

5.Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an tacaíocht a chuirtear ar fáil ón Aontas faoi gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin comhsheasmhach le Plean na hÚcráine agus go rannchuideoidh sí lena chur chun feidhme, agus go gcomhlánóidh sí tacaíocht ón Aontas don Úcráin arna comhaontú faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais.

6.Chun críche Airteagal 209(2), pointí (d) agus (h), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, comhlíonfar an ceanglas maidir le meastóireachtaí ex ante ar ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha le measúnuithe dearfacha ar Phlean na hÚcráine arna ndéanamh ag an gCoimisiún, dá dtagraítear in Airteagal 19(2) den Rialachán seo.

7.Rannchuideoidh tacaíocht faoin gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin go háirithe le cur chun feidhme phlean na hÚcráine dá dtagraítear i gCaibidil III, agus na foinsí maoinithe a leagtar amach sa Rialachán seo á gcomhlánú ag an am céanna.

8.Tuairisceoidh an Coimisiún maidir le cur chun feidhme na tacaíochta faoin gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 41(4) agus (5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Chun na críche sin, soláthróidh gach contrapháirtí de Ráthaíocht na hÚcráine agus gach eintiteas ar cuireadh cúram air, ar bhonn bliantúil, an fhaisnéis is gá chun go mbeidh an Coimisiún in ann a oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh.

Airteagal 28
Ranníocaíochtaí breise le Ráthaíocht na hÚcráine agus leis na hionstraimí airgeadais

1.Féadfaidh na Ballstáit, tríú tíortha agus tríú páirtithe rannchuidiú le Ráthaíocht na hÚcráine, agus leis na hionstraimí airgeadais arna mbunú faoin gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin. Déanfar ranníocaíochtaí le ráthaíocht na hÚcráine i gcomhréir le hAirteagal 218(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

2.Leis na ranníocaíochtaí le Ráthaíocht na hÚcráine, méadófar méid Ráthaíocht na hÚcráine gan dliteanais theagmhasacha bhreise don Aontas a bheith mar thoradh orthu.

3.Maidir leis na ranníocaíochtaí uile dá dtagraítear i mír 1, tabharfar comhaontú ranníocaíochta i gcrích idir an Coimisiún, thar ceann an Aontais, agus an ranníocóir. Leagtar síos ann, go háirithe, forálacha maidir le coinníollacha íocaíochta.

Airteagal 29
Cur chun feidhme Ráthaíocht na hÚcráine agus na
nionstraimí airgeadais

1.Déanfar Ráthaíocht na hÚcráine agus ionstraimí airgeadais a fhaigheann tacaíocht faoin gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

2.Is iad na contrapháirtithe incháilithe chun críocha Ráthaíocht na hÚcráine agus na heintitis incháilithe ar cuireadh cúram orthu chun críoch ionstraimí airgeadais na contrapháirtithe incháilithe sin a shainaithnítear in Airteagal 208(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, lena náirítear contrapháirtithe ó thríú tíortha a ranníocann le Ráthaíocht na hÚcráine i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo. Ina theannta sin, de mhaolú ar Airteagal 62(1), pointe (c), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, nó tríú tír a ranníoc le Ráthaíocht na hÚcráine i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo, agus a thugann dearbhú leordhóthanach maidir lena nacmhainneacht airgeadais agus oibríochtúil, beidh siad incháilithe chun críoch Ráthaíocht na hÚcráine.

3.Áiritheoidh an Coimisiún úsáid éifeachtach, éifeachtúil agus chóir na nacmhainní atá ar fáil i measc contrapháirtithe incháilithe agus, i gcás inarb ábhartha, na neintiteas incháilithe ar cuireadh cúram orthu, mar chuid de chur chuige cuimsitheach, agus comhar eatarthu á chur chun cinn ag an am céanna agus aird chuí á tabhairt ar a nacmhainneachtaí, a mbreisluach, a dtaithí agus a nacmhainneacht rioscaí a ghlacadh.

4.Áiritheoidh an Coimisiún cóir chothrom do na contrapháirtithe incháilithe uile agus na heintitis incháilithe uile ar cuireadh cúram orthu agus áiritheoidh sé go seachnófar coinbhleachtaí leasa le linn thréimhse cur chun feidhme an Chreata Infheistíochta maidir leis an Úcráin. Chun comhlántacht a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis ábhartha faoina noibríochtaí nach dtacaíonn an tAontas leo a iarraidh ó chontrapháirtithe incháilithe chun críoch ráthaíocht na hÚcráine nó ó eintitis incháilithe ar cuireadh cúram orthu chun críoch ionstraimí airgeadais.

Airteagal 30
Ráthaíocht na hÚcráine

1.Bunófar Ráthaíocht na hÚcráine ar fiú EUR 8 914 000 000 í i bpraghsanna reatha chun oibríochtaí a thacaíonn le cuspóirí na Saoráide a ráthú. Beidh Ráthaíocht na hÚcráine féinrialaitheach agus neamhspleách ar an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha arna bunú le Rialachán (AE) 2021/947 agus deonófar í mar ráthaíocht neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar fáil ar éileamh i gcomhréir le hAirteagal 219(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

2.Úsáidfear Ráthaíocht na hÚcráine chun rioscaí a chumhdach i gcás na gcineálacha oibríochtaí seo a leanas:

(a)iasachtaí, lena náirítear iasachtaí san airgeadra áitiúil;

(b)ráthaíochtaí;

(c)frithráthaíochtaí;

(d)ionstraimí margaidh caipitil;

(e)aon chineál eile cistithe nó feabhsaithe creidmheasa, árachais, agus ranníocaíochtaí cothromais nó cuasachothromais.

3.Thar ceann an Aontais, tabharfaidh an Coimisiún comhaontuithe Ráthaíochta na hÚcráine i gcrích le contrapháirtithe incháilithe go dtí an 31 Nollaig 2027. Féadfar ráthaíocht na hÚcráine a dheonú de réir a chéile.

Soláthróidh an Coimisiún faisnéis maidir le síniú gach comhaontú maidir le Ráthaíocht na hÚcráine sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 27(8). Cuirfear na comhaontuithe sin ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, arna iarraidh sin dóibh, agus cosaint faisnéise atá rúnda agus íogair ó thaobh na tráchtála de á cur san áireamh.

4.Ina gcuid de chomhaontuithe maidir le Ráthaíocht na hÚcráine beidh, go háirithe:

(a)rialacha mionsonraithe maidir le cumhdach, infheistíochtaí bliantúla measta, ceanglais, incháilitheacht agus nósanna imeachta;

(b)rialacha mionsonraithe maidir le Ráthaíocht na hÚcráine a sholáthar, lena náirítear socruithe na Ráthaíochta maidir le cumhdach agus cumhdach sainithe na Ráthaíochta i dtaca le punanna agus le tionscadail de chineálacha sonracha ionstraimí, chomh maith le hanailís rioscaí a dhéanamh ar thionscadail agus ar phunanna tionscadail, lena náirítear ar leibhéil earnálacha, réigiúnacha agus náisiúnta;

(c)tagairt do chuspóirí agus d’aidhm na Saoráide, measúnú ar na riachtanais agus léiriú ar na torthaí a mheastar a bheidh ann;

(d)íocaíocht Ráthaíocht na hÚcráine, a shocrófar ar théarmaí lamháltais lena léireofar staid shonrach na hÚcráine, a ndearnadh damáiste di mar gheall ar an gcogadh, agus próifílí riosca faoi seach na gclár infheistíochta á gcur san áireamh chun cothrom iomaíochta a áirithiú;

(e)ceanglais maidir le Ráthaíocht na hÚcráine a úsáid, lena náirítear coinníollacha íocaíochta, amhail tréimhsí ama sonracha, an tús a íocfar ar mhéideanna atá dlite, speansais agus costais aisghabhála agus socruithe leachtacha a bhféadfadh gá a bheith leo;

(f)nósanna imeachta maidir le héilimh, lena náirítear eachtraí gníomachtúcháin agus tréimhsí feithimh ach ina mbeidh nithe eile chomh maith, agus nósanna imeachta maidir le héilimh a aisghabháil;

(g)oibleagáidí faireacháin, tuairiscithe, trédhearcachta agus meastóireachta;

(h)nósanna imeachta gearáin soiléire agus inrochtana do thríú páirtithe a bhféadfadh tionchar a bheith ag cur chun feidhme tionscadal a fhaigheann tacaíocht ó Ráthaíocht na hÚcráine orthu.

5.Féadfaidh an Coimisiún suas le 30 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a úsáid chun méideanna na ráthaíochta a sholáthraítear trí chomhaontuithe maidir leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2021/947 a mhéadú faoi réir an mhéid seo a leanas:

(a)chun críoch na míre seo, cuirfear Ráthaíocht na hÚcráine chun feidhme trí leasú ar chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2021/947, nó trí aguisín a chur leo, leis na contrapháirtithe incháilithe arna roghnú de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/947 lena méadaítear méid na ráthaíochta faoi na comhaontuithe sin, atá le síniú laistigh de 4 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)ní úsáidfidh na contrapháirtithe incháilithe Ráthaíocht na hÚcráine faoin mír seo ach amháin chun tacú le cur chun feidhme na noibríochtaí san Úcráin agus ní bheidh ach glaonna ráthaíochta ó oibríochtaí san Úcráin incháilithe do chumhdach ó Ráthaíocht na hÚcráine faoin mír seo;

(c)de mhaolú ar an dara fomhír d’Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2021/947 beidh na hoibríochtaí a chumhdaítear le Ráthaíocht na hÚcráine faoin mír seo ina bpunann ar leithligh de Ráthaíocht na hÚcráine agus ní chuirfear san áireamh iad chun an cumhdach de 65 % dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2021/947 a ríomh;

(d)leis an gcomhroinnt riosca i bpunann ar leithligh de Ráthaíocht na hÚcráine, áiritheofar ailíniú leasa idir an Coimisiún agus an contrapháirtí incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 209(2)(e) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus rannchuideoidh an contrapháirtí leis an bpunann sin lena nacmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 219(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046;

(e)bunóidh na contrapháirtithe cuntasaíocht agus tuairisciú ar leithligh le haghaidh chur chun feidhme Ráthaíocht na hÚcráine faoin mír seo;

(f)Beidh feidhm ag Airteagal 31 maidir le soláthar Ráthaíocht na hÚcráine faoin mír seo. Úsáidfear an soláthar go heisiach chun caillteanais faoi Ráthaíocht na hÚcráine a chumhdach. Ní úsáidfear an soláthar a bhunaítear faoi Airteagal 31(5) de Rialachán (AE) 2021/947 le haghaidh chumhdach na noibríochtaí faoi Ráthaíocht na hÚcráine.

6.Formheasfaidh an contrapháirtí incháilithe oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta i gcomhréir lena rialacha agus a nósanna imeachta féin agus i gcomhréir leis an gcomhaontú maidir le Ráthaíocht na hÚcráine.

7.Is é 3 bliana tar éis thabhairt i gcrích an chomhaontaithe ábhartha maidir le Ráthaíocht na hÚcráine an uastréimhse a cheadófar do chontrapháirtithe incháilithe chun conarthaí a shíniú le hidirghabhálaithe airgeadais nó le faighteoirí deiridh, agus féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin i gcás go ndeonófar méid breise ráthaíochta agus i gcás go leasófar an comhaontú ráthaíochta.

8.Féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach le Ráthaíocht na hÚcráine:

(a)i gcás ionstraimí fiachais, an phríomhshuim agus an tús agus na méideanna uile atá dlite don chontrapháirtí incháilithe arna roghnú, ach nach bhfuarthas i gcomhréir le téarmaí na noibríochtaí maoiniúcháin tar éis mainneachtain a bheith ann;

(b)i gcás infheistíochtaí cothromais, na méideanna arna ninfheistiú agus na costais chistiúcháin a bhaineann leo;

(c)i gcás oibríochtaí eile maoiniúcháin agus infheistíochta dá dtagraítear i mír 2, na méideanna arna núsáid agus na costais chistiúcháin a bhaineann leo;

(d)gach speansas agus gach costas aisghabhála ábhartha a bhaineann le mainneachtain, ach amháin i gcás inar asbhaineadh na speansais agus na costais sin as fáltais aisghabhála.

9.Chun críocha chuntasaíocht an Choimisiúin agus a thuairiscithe ar na rioscaí a chumhdaítear le Ráthaíocht na hÚcráine agus i gcomhréir le hAirteagal 209(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 cuirfidh na contrapháirtithe incháilithe lenar tugadh i gcrích comhaontú maidir le Ráthaíocht na hÚcráine tuarascálacha airgeadais faoi bhráid an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí gach bliain maidir leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo arna niniúchadh ag iniúchóir seachtrach neamhspleách agus ina mbeidh faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, inter alia:

(a)an measúnú riosca ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta na gcontrapháirtithe incháilithe, lena náirítear faisnéis faoi dhliteanais an Aontais arna dtomhas i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 80 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus i gCaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí;

(b)an oibleagáid airgeadais atá gan íoc ag an Aontas a eascraíonn as Ráthaíocht na hÚcráine arna soláthar le haghaidh na gcontrapháirtithe incháilithe agus a noibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta, arna miondealú de réir oibríochtaí aonair.

10.Beidh feidhm ag an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 219(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir le ranníocaíochtaí le hacmhainní dílse maidir le gach contrapháirtí incháilithe a leithdháiltear ráthaíocht bhuiséadach air faoin gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin ar bhonn punainne.

10.Beidh feidhm ag an gcreat bainistithe riosca faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus+ dá dtagraítear in Airteagail 33(7) agus (8) de Rialachán (AE) 2021/947 maidir le Ráthaíocht na hÚcráine. Féadfaidh próifíl riosca fhoriomlán na noibríochtaí a chumhdaítear le Ráthaíocht na hÚcráine a bheith éagsúil le próifíl riosca fhoriomlán na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Áiritheoidh an Coimisiún nach sáróidh an riosca a bhaineann leis na hoibríochtaí ráthaithe acmhainn bhuiséad an Aontais chun na rioscaí sin a sheasamh mar a chinntear leis na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil agus leis an ráta soláthair dá dtagraítear in Airteagal 31(1) den Rialachán seo.

Airteagal 31
Soláthar

1.70 % a bheidh sa ráta soláthair le haghaidh Ráthaíocht na hÚcráine ar dtús.

De mhaolú ar Airteagal 211(2), an dara habairt den dara fomhír de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, socrófar an soláthar go dtí an 31 Nollaig 2027 agus beidh sé cothrom le méid an tsoláthair a chomhfhreagraíonn do ráthaíocht na hÚcráine arna deonú agus féadfar é a shocrú de réir a chéile chun an dul chun cinn maidir le roghnú agus cur chun feidhme na n‑oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a thacaíonn le cuspóirí na Saoráide a léiriú.

2.Déanfar an ráta soláthair a athbhreithniú gach bliain ar a laghad tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 chun an ráta soláthair a leasú agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 211(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 á gcur i bhfeidhm ag an am céanna, agus, i gcás inarb ábhartha, chun uasmhéid na ráthaíochta dá dtagraítear in Airteagal 30(1) den Rialachán seo a mhéadú nó a laghdú suas le 30 %. Ní fhéadfaidh an Coimisiún uasmhéid na ráthaíochta a mhéadú ach amháin má laghdaítear an ráta soláthair. Gan dochar d’Airteagal 30(3), féadfaidh an Coimisiún foráil a dhéanamh go mbeidh méid méadaithe na ráthaíochta ar fáil chun comhaontuithe ráthaíochta a shíniú de réir a chéile thar 3 bliana.

4.De mhaolú ar Airteagal 213 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ní bheidh feidhm ag an ráta soláthair iarbhír maidir leis an soláthar a chuirtear ar leataobh sa chiste don soláthar coiteann i ndáil le Ráthaíocht na hÚcráine.

CAIBIDIL V

Colún III: Bearta cúnaimh agus tacaíochta maidir le haontachas don Aontas

Airteagal 32
Bearta cúnaimh agus tacaíochta maidir le haontachas don Aontas

1.Leis an gcúnamh faoin gCaibidil seo, tacófar leis an Úcráin na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. Go háirithe, beidh sé d’aidhm ag an gcúnamh dá bhforáiltear faoin gCaibidil seo tacú le hailíniú forásach na hÚcráine le ‘acquis’ an Aontais d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas amach anseo, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú leis an gcobhsaíocht fhrithpháirteach, leis an tslándáil, leis an tsíocháin agus leis an rathúnas. Áireofar ar an tacaíocht sin an smacht reachta, an daonlathas, urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a neartú, éifeachtacht an riaracháin phoiblí a threisiú agus tacú le trédhearcacht, le hathchóirithe struchtúracha agus le dea-rialachas ar gach leibhéal. Ba cheart go rannchuideodh an tacaíocht sin freisin le cur chun feidhme an Phlean.

2.Cuirfear cúnamh ar fáil faoin gCaibidil seo freisin chun a áirithiú go neartófar acmhainneachtaí na bpáirtithe leasmhara, lena náirítear comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla.

3.Tacóidh cúnamh faoin gCaibidil seo freisin le bearta agus próisis cothaithe muiníne lena gcuirtear chun cinn an ceartas, lorg na fírinne, cúiteamh chomh maith le bailiú fianaise ar choireanna arna ndéanamh le linn an chogaidh. Cistiú do thionscnaimh agus do chomhlachtaí a bhfuil baint acu le tacú leis an gceartas idirnáisiúnta san Úcráin agus leis an gceartas sin a fhorfheidhmiú, féadfar é a sholáthar faoin gCaibidil seo.

4.Leis an gcúnamh faoin gCaibidil seo, tacófar le cruthú agus neartú údarás na hÚcráine a bheidh freagrach as a áirithiú go mbainfear úsáid iomchuí as cistí agus go ndéanfar comhrac éifeachtach i gcoinne míbhainistiú an chistithe phoiblí, go háirithe calaois, éilliú, coinbhleacht leasa agus neamhrialtachtaí arna dtabhú i ndáil le haon mhéid a chaitear chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach.

5.Déanfar feidhmiú an Bhoird Iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 34 a chistiú faoin gCaibidil seo.

6.Déanfar an fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta dá dtagraítear in Airteagal 22 a chistiú faoin gCaibidil seo.

CAIBIDIL VI

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

Airteagal 33
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.Agus an tSaoráid á cur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún agus an Úcráin na bearta iomchuí uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus prionsabal na comhréireachta agus na coinníollacha sonracha faoina bhfeidhmeoidh an tSaoráid, an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus na coinníollacha a leagtar amach sa chreat-chomhaontú agus i gcomhaontuithe sonracha maoiniúcháin nó iasachta á gcur san áireamh, go háirithe maidir le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú. Geallfaidh an Úcráin go ndéanfaidh sí dul chun cinn i dtreo córas bainistithe agus rialaithe atá éifeachtach agus éifeachtúil agus áiritheoidh sí gur féidir méideanna a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil.

2.Leis na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 9, 10 agus 21, forálfar d’oibleagáidí na hÚcráine chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)a sheiceáil go rialta gur úsáideadh an maoiniú arna chur ar fáil i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, go háirithe maidir le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(b)bearta iomchuí a dhéanamh chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc, a bhrath agus a cheartú, cistiú dúbailte a sheachaint agus caingne dlí a ghlacadh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil, lena náirítear i ndáil le haon bheart chun athchóirithe agus tionscadail infheistíochta a chur chun feidhme faoi Phlean na hÚcráine;

(c)dearbhú a chur le hiarraidh ar íocaíocht mar a leagtar amach i gCaibidil III gur úsáideadh na cistí i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus chun na críche a beartaíodh dóibh agus go mbainistíodh iad go hiomchuí go háirithe i gcomhréir le rialacha na hÚcráine arna gcomhlánú le caighdeáin idirnáisiúnta, maidir le neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(d)chun críoch mhír 1 den Airteagal seo, go háirithe maidir le seiceálacha ar úsáid cistí i ndáil le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí Phlean na hÚcráine, a áirithiú go mbaileofar sonraí leormhaithe maidir le daoine agus eintitis a fhaigheann cistiú chun bearta Phlean na hÚcráine faoi Chaibidil III den tSaoráid a chur chun feidhme agus go mbeidh rochtain ar na sonraí sin;

(e)údarú sainráite a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE, chun a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear in Airteagal 129(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, agus prionsabal na comhréireachta á chur i bhfeidhm.

3.Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall córas comhtháite idir-inoibritheach faisnéise agus faireacháin a chur ar fáil don Úcráin, lena náirítear uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca amháin chun rochtain a fháil agus anailís a dhéanamh ar na sonraí ábhartha, lena náirítear na sonraí a liostaítear i mír 2(d). I gcás ina mbeidh córas den sórt sin ar fáil, úsáidfidh agus iontrálfaidh an Úcráin na sonraí ábhartha sa chóras, lena náirítear leis an tacaíocht dá dtagraítear faoi Chaibidil V.

4.Déanfar foráil freisin sna comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 9, 10 agus 21 do cheart an Choimisiúin an tacaíocht a sholáthraítear faoin tSaoráid a laghdú go comhréireach agus aon suim a caitheadh chun cuspóirí na Saoráide a ghnóthú nó aisíocaíocht luath na hiasachta a iarraidh, i gcásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an Úcráin, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascróidh as na comhaontuithe sin. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na haisghabhála agus an laghdaithe nó leis an méid a bheidh le haisíoc go luath, déanfaidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú agus cuirfidh sé san áireamh a thromchúisí atá an neamhrialtacht, an chalaois, an téilliú nó na coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nó do shárú ar oibleagáid. Tabharfar an deis don Úcráin a barúlacha a thíolacadh sula ndéanfar an laghdú nó sula niarrfar aisíocaíocht luath.

5.Na daoine agus na heintitis a chuireann cistí chun feidhme faoin tSaoráid, tuairisceoidh siad gan mhoill aon chás amhrasta nó iarbhír calaoise, éillithe, coinbhleachta leasa agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais don Bhord Iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 34, don Choimisiún agus do OLAF.

Airteagal 34
An Bord Iniúchóireachta

1.Bunóidh an Coimisiún Bord Iniúchóireachta sula gcuirfidh an Úcráin an chéad iarraidh ar íocaíocht isteach.

2.Is iad comhaltaí neamhspleácha arna gceapadh ag an gCoimisiún a bheidh ar an mBord Iniúchóireachta. Féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó na Ballstáit agus ó dheontóirí eile páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an Bhoird Iniúchóireachta.

3.Feidhmeoidh an Bord Iniúchóireachta a fheidhmeanna ar bhealach iomlán oibiachtúil agus gníomhóidh sé i gcomhréir le dea-chleachtais agus caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha. Gníomhóidh sé gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, cumhachtaí OLAF, cumhachtaí na Cúirte Iniúchóirí agus, i gcás inarb infheidhme, cumhachtaí OIPE.

4.Áiritheoidh an Bord Iniúchóireachta go mbeidh idirphlé agus comhar rialta ann le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

5.Agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, ní iarrfaidh an Bord Iniúchóireachta, a chomhaltaí ná a fhoireann treoir ná ní ghlacfaidh siad treoir ó rialtas na hÚcráine ná ó aon institiúid, comhlacht, oifig ná gníomhaireacht. Beidh ráthaíochtaí láidre neamhspleáchais i bhfeidhm maidir le roghnú a fhoirne, maidir lena bhainistíocht agus lena bhuiséad.

6.Tabharfaidh an Bord Iniúchóireachta cúnamh don Choimisiún míbhainistiú chistiú an Aontais faoin tSaoráid a chomhrac, go háirithe, calaois, éilliú, coinbhleacht leasa agus neamhrialtachtaí arna dtabhú i ndáil le haon mhéid a chaitear chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach.

7.Chun na críche sin, tuairisceoidh an Bord Iniúchóireachta go tráthrialta don Choimisiún, agus tarchuirfidh sé chuig an gCoimisiún gan mhoill aon fhaisnéis a fhaigheann sé nó a chuirtear in iúl dó maidir le haon chás sainaitheanta nó imní thromchúiseach maidir le míbhainistiú cistithe phoiblí arna thabhú i ndáil le haon mhéid a chaitear chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach.

Ina theannta sin, glacfaidh an Bord Iniúchóireachta moltaí don Úcráin maidir le gach cás nach ndearna údaráis inniúla na hÚcráine, dar leis, na bearta is gá chun na nithe seo a leanas a chosc, a bhrath agus a cheartú: calaois, éilliú, coinbhleacht leasa agus neamhrialtachtaí a rinne difear do bhainistiú fónta airgeadais an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid, nó a bhfuil baol mór ann go ndéanfaí difear dó, agus maidir le gach cás ina sainaithníonn sé laigí i gceapadh agus i bhfeidhmiú an chórais rialaithe a chuir údaráis na hÚcráine i bhfeidhm. Cuirfidh an Úcráin na moltaí sin chun feidhme, nó tabharfaidh sí bonn cirt maidir leis an bhfáth nach ndearna sí amhlaidh.

Seolfar tuarascálacha an Bhoird Iniúchóireachta agus faisnéis ón mBord Iniúchóireachta chuig OLAF freisin agus féadfar iad a roinnt le húdaráis ábhartha na hÚcráine, go háirithe i gcás inar gá dóibh bearta a dhéanamh chun calaois, éilliú, coinbhleacht leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú.

8.Beidh rochtain ag an mBord Iniúchóireachta ar an bhfaisnéis, ar na bunachair sonraí agus ar na clárlanna is gá chun a chúraimí a chur i gcrích. Sa chreat-chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 9, saineofar rialacha agus mionsonraí maidir leis an rochtain a bheidh ag an mBord Iniúchóireachta ar fhaisnéis ábhartha agus maidir le soláthar faisnéise ábhartha ag an Úcráin don Bhord Iniúchóireachta.

9.Féadfaidh an Bord Iniúchóireachta cúnamh a thabhairt don Choimisiún chun tacú leis an Úcráin trí ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta i réimse an chomhraic i gcoinne míbhainistiú cistithe phoiblí.

10.Déanfar feidhmiú an Bhoird Iniúchóireachta a chistiú faoi Chaibidil V.

CAIBIDIL VII

Cláir oibre, faireachán, tuairisciú agus meastóireacht

Airteagal 35
Cláir Oibre

1.Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a chuirfear an cúnamh faoin tSaoráid chun feidhme. Na gníomhartha cur chun feidhme lena nglacfar cláir oibre, déanfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39.

2.Is féidir cúnamh faoi Chaibidil V den tSaoráid a chur chun feidhme freisin le cláir oibre shonracha nuair nach gá comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 a thabhairt i gcrích chun an cúnamh sin a chur chun feidhme.

Airteagal 36
Faireachán agus tuairisciú

1.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Saoráide agus déanfaidh sé gnóthú na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a mheas. Beidh an faireachán ar chur chun feidhme spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin tSaoráid.

2.Leagfar amach sna comhaontuithe maoiniúcháin agus sa chomhaontú iasachta dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 21 rialacha agus módúlachtaí don Úcráin maidir le tuairisciú don Choimisiún chun críoch mhír 1 den Airteagal seo.

3.Déanfar tacaíocht an Aontais arna soláthar faoin gCreat Infheistíochta maidir leis an Úcráin a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 27(8).

4.Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le baint amach chuspóirí an Rialacháin seo.

5.Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 a chur ar fáil don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 39.

Airteagal 37
Meastóireacht ar an tSaoráid

1.Tar éis an 31 Nollaig 2027, ach faoin 31 Nollaig 2031 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ex post ar an Rialachán. Déanfar measúnú sa mheastóireacht ex post sin ar rannchuidiú an Aontais le baint amach chuspóirí an Rialacháin seo.

2.Sa mheastóireacht ex post sin úsáidfear sna meastóireachtaí prionsabail dea-chleachtais Choiste Cúnaimh Forbartha ECFE, lena bhféachfar ar baineadh amach na cuspóirí agus le moltaí a cheapadh d’fhonn gníomhaíochtaí a fheabhsú sa todhchaí.

Cuirfidh an Coimisiún torthaí agus conclúidí na meastóireachta ex post sin chomh maith lena thuairimí agus lena bhearta leantacha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig na Ballstáit. Féadfar an meastóireacht ex post sin a phlé arna iarraidh sin do na Ballstáit. Cuirfear torthaí na meastóireachtaí sin san áireamh nuair a bheidh cláir agus gníomhaíochtaí á n‑ullmhú agus acmhainní á leithdháileadh. Cuirfear na meastóireachtaí agus na bearta leantacha sin ar fáil go poiblí.

Déanfaidh an Coimisiún na páirtithe leasmhara ábhartha uile a chomhlachú a oiread is iomchuí, lena n‑áirítear tairbhithe, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla, i bpróiseas meastóireachta an chistiúcháin ón Aontas a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo, agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, féachaint le meastóireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh i gcomhar leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe eile i ndlúthpháirt leis an Úcráin.

CAIBIDIL VIII

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 38
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 31 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó 7 lá tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 31 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 31 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 1 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 1 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 39
Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 40
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.Féadfaidh an Coimisiún dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide chun infheictheacht an chistithe ón Aontas don tacaíocht airgeadais atá beartaithe i bPlean na hÚcráine a áirithiú, lena náirítear trí ghníomhaíochtaí cumarsáide comhpháirteacha leis an Úcráin. Féadfaidh an Coimisiún a áirithiú, de réir mar is iomchuí, go ndéanfar tacaíocht faoin tSaoráid a chur in iúl agus a aithint trí ráiteas cistiúcháin.

2.Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe, lena náirítear, i gcás inarb infheidhme, trí fheathal an Aontais a léiriú agus ráiteas cistithe iomchuí ar a mbeidh na focail ‘arna chistiú ag an Aontas Eorpach – Saoráid na hÚcráine’, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

3.Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann leis an tSaoráid, agus le gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun na Saoráide agus leis na torthaí a baineadh amach. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an tSaoráid ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorporáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 41
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An taschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid na hÚcráine

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

An caidreamh idir an tAontas agus an chuid eile den domhan

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

 beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 23  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Is é cuspóir straitéiseach Shaoráid na hÚcráine freagairt bheartais chomhtháite mheántéarmach a chur ar fáil do riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe na hÚcráine, agus tacú freisin le conair aontachais na hÚcráine.

Tá an tSaoráid ceaptha mar ionstraim sholúbtha, atá curtha in oiriúint don éiginnteacht agus an dúshlán gan fasach a bhaineann le tacú le tír le linn cogaidh, agus intuarthacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcistí á n‑áirithiú ag an am céanna.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Tacóidh an tSaoráid le hiarrachtaí na hÚcráine téarnamh ó thionchar an chogaidh, an tír a atógáil agus a nuachóiriú agus príomh-athchóirithe á gcur chun feidhme aici ar a conair aontachais don Aontas, agus é d’aidhm aici tacú le haistriú na hÚcráine i dtreo geilleagar glas, digiteach agus cuimsitheach atá ailínithe de réir a chéile le rialacha agus caighdeáin an Aontais.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Tá coinne leis go gcuirfidh tacaíocht faoin tSaoráid ar a cumas don Úcráin na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí is gá a chur chun feidhme chun í a athshlánú, a atógáil agus a nuachóiriú, ráta fáis gheilleagar na hÚcráine a ardú agus cuidiú leis an tír teacht amach as an gcogadh agus í níos láidre. Meastar freisin go gcuirfidh sí cóineasú na hÚcráine leis an Aontas chun cinn.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Táscairí aschuir:

Glacadh Phlean na hÚcráine ag an gComhairle;

Ranníocaíocht fhoriomlán arna leithdháileadh ar na pleananna;

Táscairí toraidh:

Cur chun feidhme Phlean na hÚcráine;

Táscairí tionchair:

Na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, go háirithe maidir le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú, chomh maith le hailíniú na hÚcráine le acquis an Aontais, agus na cuspóirí a leagtar amach i bPlean na hÚcráine, tá siad á mbaint amach mar gheall, inter alia, ar an tacaíocht airgeadais a fuarthas.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Tá cogadh foghach na Rúise ina chúis le damáiste forleathan do bhonneagar agus do sheirbhísí ar fud na hÚcráine. Mar thoradh ar an ngéarchéim dhaonnúil a d’eascair as sin, bhí na milliúin Úcránach easáitithe óna dtithe féin agus bhí bia, foscadh agus cúnamh ag teastáil go géar ó go leor acu.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun atógáil thapa agus láidir na hÚcráine a bhaint amach, agus chun tacú leis na hinfheistíochtaí is gá chun an tír a atógáil agus le hathchóirithe lena gcothófar conair aontachais na hÚcráine don Aontas Eorpach. Tá méid na ndamáistí a rinneadh don Úcráin mar gheall ar chogadh foghach na Rúise chomh mór sin go mbeidh tacaíocht chuimsitheach leanúnach sheachtrach ag teastáil ón Úcráin nach bhféadfadh aon Bhallstát, ná aon deontóir aonair, a chur ar fáil ina n‑aonar. Tá cumas uathúil ag an Aontas Eorpach chun cúnamh seachtrach ilbhliantúil a chur ar fáil don Úcráin ar bhealach tráthúil comhordaithe intuartha. Is féidir leis an Aontas leas a bhaint as a chumas iasachtaíochta chun iasachtaí a thabhairt don Úcráin ar théarmaí buntáisteacha agus costais na rátaí úis a chumhdach, chomh maith le deontais agus ráthaíochtaí a chur ar fáil i bpeirspictíocht ilbhliantúil.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Cé gur ionstraim gan fasach í an tSaoráid den chuid is mó a ceapadh chun freagairt do chás sonrach atá os comhair tíre le linn cogaidh, ar tír chomharsanachta de chuid an Aontais í chomh maith le bheith ina hiarrthóir ar bhallraíocht san Aontas, cuireann an togra maidir leis an Saoráid leis an taithí ón am a chuaigh thart agus leis an tacaíocht a thugtar faoi láthair don Úcráin agus do thríú tíortha eile, chomh maith leis na ceachtanna a foghlaimíodh ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a bunaíodh in 2020, agus na imthosca sonracha na hÚcráine mar thír i gcogadh á gcur san áireamh.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Is é is aidhm don tSaoráid atá beartaithe ionstraim dlí a thabhairt don Aontas lena gcuirfear ar a chumas dó cur chuige comhtháite comhsheasmhach a áirithiú maidir le tacú leis an Úcráin. Cuimseofar leis an ionstraim chomhtháite aonair sin an tacaíocht dhéthaobhach atá ann cheana agus a chuirtear ar fáil don Úcráin trí ionstraimí ar leith (Cúnamh Macra-airgeadais+, ICFCI) agus, cuirfear ina n‑ionad í mar sin, agus ag an am céanna, cuirfear tacaíocht ar fáil don Úcráin, mar thír is iarrthóir, faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais. Cuirfidh sé sin feabhas ar chomhleanúnachas, ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar bhreisluach AE maidir le tacaíocht an Aontais don Úcráin. Rannchuideoidh sé le húsáid chistí an Aontais a ghiaráil agus le dúbláil a sheachaint.

Ag gabháil leis an togra reachtach nua seo le haghaidh Shaoráid na hÚcráine tá togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle COM(2023) 337, lena leasaítear Rialachán 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do na blianta 2021 go 2027 (féach ranna 1.5.5 agus 3.2.4).

Méid foriomlán na Saoráide atá beartaithe i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarma ar CAI, tá sé le soláthar trí iasachtaí, trí thacaíocht neamh-inaisíoctha, agus trí sholáthar le haghaidh ráthaíochtaí buiséadacha. Cinnfidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa mar chuid den nós imeachta buiséadach bliantúil an méid seachas méideanna i bhfoirm iasachtaí. Cuirfear san áireamh i méid foriomlán eisíocaíochtaí na n‑iasachtaí na méideanna a chuirfear ar fáil le haghaidh gach cineál tacaíochta eile agus uasmhéid foriomlán EUR 50 billiún do 2024-2027.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena náirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Thug buiséad an Aontais tacaíocht ollmhór trí sholúbthachtaí agus trí aththosaíochtaí, ach níor ceapadh CAI 2021-2027 chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí cogaidh san Eoraip. Is ard i gcónaí riachtanais leachtachta na hÚcráine maidir le cobhsaíocht mhacra-airgeadais, agus ní féidir le hinfheistíocht i dtéarnamh agus in atógáil tapa na hÚcráine fanacht go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an gcogadh. Ba cheart don Aontas a bheith in ann tacaíocht a chur ar fáil do riachtanais atá ag teacht chun cinn, agus a bheith in ann foirmeacha tacaíochta a choigeartú agus a mhéadú thar am. Dá ndéanfaí gníomhaíocht eacnamaíoch a chothú agus bonneagar bunúsach a athbhunú, chruthófaí fostaíocht agus ioncam, thabharfaí deis do dhídeanaithe filleadh abhaile, thiomsófaí ioncam do bhuiséad an stáit, mheallfaí infheistíocht ón earnáil phríobháideach agus, i ndeireadh na dála, laghdófaí an méid cúnaimh idirnáisiúnta is gá.

Chun freastal ar théarnamh gearrthéarmach na hÚcráine agus ar atógáil fhadtéarmach, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Saoráid na hÚcráine a bhunú. Cuirfear tacaíocht ar fáil i bhfoirm tacaíochta inaisíoctha (iasachtaí) agus tacaíochta neamh-inaisíoctha agus soláthair le haghaidh ráthaíochtaí buiséadacha.

Déanfar an tSaoráid a chistiú le hiasachtaí a ráthófar de bhreis ar uasteorainneacha CAI chomh maith le hionstraim speisialta nua de bhreis ar uasteorainneacha CAI, Cúlchiste na hÚcráine, mar chuid den leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle 24 . Féadfaidh Cúlchiste na hÚcráine tacú le gach caiteachas seachas caiteachas i bhfoirm iasachtaí, lena náirítear tacaíocht neamh-inaisíoctha, deontais agus soláthar le haghaidh ráthaíochtaí. Bunaítear leis an leasú ar Rialachán CAI freisin go mbeidh sé d’aidhm ag Cúlchiste na hÚcráine EUR 2,5 billiún ar a laghad i bpraghsanna reatha a chur ar fáil mar mhéid táscach bliantúil.

Féadfaidh na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí airgeadais idirnáisiúnta nó foinsí eile ranníocaíochtaí airgeadais breise a sholáthar don tSaoráid, arb éard a bheidh iontu ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(2), pointí (a)(ii), (d) agus (e) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Méideanna breise a fhaightear mar ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 faoi ghníomhartha dlí ábhartha an Aontais i ndáil le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, cuirfear iad leis na hacmhainní le haghaidh na Saoráide.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó 2024 go 2027 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2024 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 25   

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí poiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

comhlachtaí nó daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Sonraítear in Airteagal 8 na foirmeacha cur chun feidhme do cholúin na Saoráide, i.e. bainistíocht dhíreach agus indíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.


2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Saineofar táscairí sonracha i bPlean na hÚcráine, ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a ghabhann leis an tacaíocht faoi Cholún I. Faoi Cholún I den tSaoráid, tíolacfaidh an Úcráin de réir sceidil ráithiúil sheasta iarraidh chuí-réasúnaithe ar íocaíocht na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus na hiasachta, ina leagfar amach conas a baineadh amach comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha sin, bunaithe ar tháscairí a sainaithníodh sa Chinneadh lena bhformheastar an Plean.

Faoi Cholún II den tSaoráid, tuairisceoidh an Coimisiún ar chur chun feidhme na tacaíochta arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 41(4) agus (5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Chun na críche sin, soláthróidh gach contrapháirtí de Ráthaíocht na hÚcráine agus gach eintiteas ar cuireadh cúram air, ar bhonn bliantúil, an fhaisnéis is gá chun go mbeidh an Coimisiún in ann a oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh.

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 39 maidir le cur chun feidhme na gcistí a sholáthraítear faoin tSaoráid.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ex-post ar an Rialachán freisin.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Cuirfear an tSaoráid chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach. Cé go ndéanfar colún II a chur chun feidhme den chuid is mó faoi bhainistíocht indíreach (trí chomhaontuithe ráthaíochta arna dtabhairt i gcrích le hinstitiúidí airgeadais a ndearnadh measúnú colún orthu), agus colún III trí mheascán de bhainistíocht dhíreach (e.g. deontas, lena n‑áirítear nascadh agus soláthar) agus bainistíocht indíreach (trí chomhar le heintitis a ndearnadh measúnú colún orthu), is é an príomhmhodh bainistíochta le haghaidh cholún I bainistíocht dhíreach le haistriú díreach cistí go Buiséad Stáit na hÚcráine.

Cuirfear an straitéis rialaithe in oiriúint don chur chun feidhme faoi gach ceann de na colúin sin le húsáid faireacháin, meastóireachta agus iniúchtaí.

Tabharfar aird ar leith ar chur chun feidhme na gcistí a chuirtear ar fáil faoi Cholún I ag an Úcráin. Déanfar íocaíochtaí de réir sceidil ráithiúil sheasta, bunaithe ar iarrataí ar íocaíocht arna gcur isteach ag an Úcráin agus tar éis don Choimisiún comhlíonadh na gcoinníollachtaí ábhartha a fhíorú. Le fuinneog íocaíochta gach ráithe, áiritheofar intuarthacht na tacaíochta don Úcráin agus idirphlé leanúnach beartais idir an Coimisiún agus an Úcráin araon.

Le struchtúr ilsrathach na sásraí rialaithe atá i bhfeidhm (féach roinn 2.3 freisin) soláthraítear creat comhtháite chun a áirithiú go bhfuil na bearta iomchuí uile i bhfeidhm chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Ráthófar leis go gcuirfear prionsabal na comhréireachta san áireamh agus na coinníollacha sonracha faoina bhfeidhmeoidh an tSaoráid.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Baineann an príomhriosca a sainaithníodh i ndáil leis an maoiniú le neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha a bhaineann le heisíocaíocht cistithe.

Is iad seo a leanas na bearta a chuirfear i bhfeidhm chun an riosca sin a mhaolú:

measúnú ag an gCoimisiún ar chomhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha roimh eisíocaíocht cistí, agus an fhéidearthacht ann na cistí a choinneáil siar;

laghdú ar an tacaíocht a chuirtear ar fáil, nó aisghabháil aon mhéid a caitheadh chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach, i gcásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais nach bhfuil ceartaithe ag an Úcráin, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascróidh as na comhaontuithe a tugadh i gcrích leis an Úcráin

cistiú a chur ar fionraí i gcás nach gcomhlíonann an Úcráin an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 5.

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Déanfar ranníocaíocht a sholáthar don Úcráin i bhfoirm mhaoinithe nach bhfuil nasctha leis an gcostas dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Tá forálacha sonracha sa togra maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Beidh córas láidir iniúchóireachta agus rialuithe sa tSaoráid a leagfar amach i sásra ilsraitheach: ar an gcéad dul síos, beidh gá le hathchóiriú ar chórais iniúchóireachta agus rialaithe Stáit na hÚcráine mar chuid de na hathchóirithe faoi Phlean na hÚcráine; ar an dara dul síos, beidh an Coimisiún in ann seiceálacha a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcistí a chaitear i ndáil leis an bPlean tráth ar bith le linn thimthriall an tionscadail; ar an tríú dul síos, tabharfaidh Bord Iniúchóireachta neamhspleách tuairisc don Choimisiún maidir le haon mhíbhainistiú féideartha cistí faoin tSaoráid ina hiomláine.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Creat airgeadais ilbhliantúil - na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

De bhreis ar uasteorainneacha CAI

Líne bhuiséid

Saghas 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN.

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

O

16.0106- Caiteachas tacaíochta do Shaoráid na hÚcráine

LN

p.m.

O

16.06- Saoráid na hÚcráine

LD

p.m.

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:



Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2024

Bliain
2025

Bliain
2026

Bliain
2027

IOMLÁN

AS: NEAR

□ Acmhainní daonna

2,453

2,453

2,453

2,453

9,811

□ Caiteachas riaracháin eile

0,238

0,238

0,238

0,238

0,952

IOMLÁN AS NEAR

Leithreasuithe

2,691

2,691

2,691

2,691

10,763

IOMLÁN leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

2,691

2,691

2,691

2,691

10,763

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2024
  26

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

2,453

2,453

2,453

2,453

9,811

Caiteachas riaracháin eile

0,238

0,238

0,238

0,238

0,952

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

2,691

2,691

2,691

2,691

10,763

Lasmuigh de CHEANNTEIDIL 17 27  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

16,224

16,224

16,224

16,224

64,896

Caiteachas eile  
de chineál riaracháin

26,970

26,970

26,970

26,970

107,880

Fo-iomlán  
lasmuigh de CHEANNTEIDIL 1-7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

43,194

43,194

43,194

43,194

172,776

IOMLÁN

45,885

45,885

45,885

45,885

183,538

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 2026

Bliain 2027

□Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

11

11

11

11

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

2

2

2

2

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 28

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

 16.0106- Caiteachas tacaíochta do Shaoráid na hÚcráine 29

- sa Cheanncheathrú

68

68

68

68

- i dToscaireachtaí

54

54

54

54

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

135

135

135

135

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Oibreoidh na FTEnna atá á lorg ar fhorbairt beartais, saincheisteanna dlí, agus béim ar leith á leagan ar chúrsaí soláthair, bainistíocht airgeadais, bainistíocht conarthaí, iniúchadh agus meastóireacht.

Pearsanra seachtrach

Oibreoidh na FTEnna atá á lorg ar fhorbairt beartais, saincheisteanna dlí, agus béim ar leith á leagan ar chúrsaí soláthair, bainistíocht airgeadais, bainistíocht conarthaí, iniúchadh agus meastóireacht.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

   féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla excel ar fáil i gcás athchlárú mór.

   is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

    is gá athbhreithniú ar CAI.

Ag gabháil leis an togra reachtach nua seo le haghaidh Shaoráid na hÚcráine tá togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle COM(2023) 337, lena leasaítear Rialachán 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do na blianta 2021 go 2027. Is gá an Rialachán sin a leasú chun a) Cúlchiste na hÚcráine le haghaidh 2024-2027 a bhunú chun maoiniú a chur ar fáil don tSaoráid seo mar thacaíocht i bhfoirmeacha eile seachas iasachtaí agus freisin b) chun ráthaíocht ó bhuiséad an Aontais a chur ar fáil don tacaíocht i bhfoirm iasachtaí. Cuirtear an dá chineál tacaíochta san áireamh de bhreis ar uasteorainneacha CAI.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam..

Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam eile

má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin        

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 30

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

p.m.

(1)    Áirítear san fhigiúr sin thart ar EUR 7,8 billiún den chúnamh a chuir na Ballstáit ar fáil (gan tacaíocht mhíleata a áireamh) de réir an nuashonraithe is déanaí ag deireadh mhí Eanáir 2023.
(2)    Mear-mheasúnú ar Dhamáiste agus ar Riachtanais (RDNA 2).
(3)    COM(2022) 233 final
(4)    EUCO 21/22
(5)    EUCO 24/22
(6)    Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil
(7)    Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(8)    Mear-mheasúnú ar Dhamáiste agus ar Riachtanais na hÚcráine: Feabhra 2022 - Feabhra 2023 (Béarla). Washington, D.C.: Grúpa an Bhainc Dhomhanda. http://documents.worldbank.org/curated/en/099184503212328877/P1801740d1177f03c0ab180057556615497
(9)    COM(2023) 337 final
(10)    Conclúidí ón gComhairle Eorpach, 23-24 Meitheamh 2022 EUCO 24/22.
(11)    Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +) (IO L 322, 16.12.2022, lch. 1–14).
(12)    Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).
(13)    Cinneadh (CBES) 2021/509 an 22 Márta 2021 ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena naisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).
(14)    Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(15)    Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 185, 26.5.2021, lch. 1).
(16)    ‘Rapid Damage and Needs Assessment’ [Mearmheasúnú ar Dhamáiste agus ar Riachtanais], arna ullmhú ag an mBanc Domhanda, ag an gCoimisiún Eorpach agus ag na Náisiúin Aontaithe. Féach Doiciméad an Bhainc Dhomhanda .
(17)    COM(2023)337 final.
(18)    Ibidem.
(19)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(20)    COM(2023) 337 final
(21)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(22)    Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (IO L 330, 20.9.2021, lch. 1).
(23)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(24)    COM(2023) 337 final
(25)    Tá mionsonraí maidir le modhanna trína gcuirfear an buiséad chun feidhme le fáil ar an suíomh gréasáin BUDGpedia, chomh maith le tagairtí don Rialachán Airgeadais: https://myintracomm.ec.europa.eu/corp/budget/financial-rules/budget-implementation/Pages/implementation-methods.aspx
(26)    Is í bliain 2024 an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(27)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(28)    AC = Ball foirne ar conradh; AL= Ball foirne áitiúil; END= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(29)    Fo-uasteorainn d’fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí Saoráid na hÚcráine (na seanlínte ‘BA’).
(30)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.